|
Achoimre feidhmiúcháin
|
|
Measúnú tionchair ar cheadúnú éigeantach le haghaidh bainistiú géarchéime.
|
|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?
|
|
I gcomhthéacs ghéarchéim COVID‑19 pléadh ról na gceart maoine intleachtúla chun rochtain a sholáthar ar tháirgí ríthábhachtacha. Cé gur cuireadh in iúl gur cheart cearta maoine intleachtúla a tharscaoileadh, mheas an tAontas go raibh réiteach eile ar fáil cheana féin, dá mba rud é go dteipfeadh ar chomhaontuithe deonacha.
Le Comhaontú TRIPS soláthraítear an fhéidearthacht chun ceadúnú éigeantach a eisiúint, in imthosca áirithe. Is éard is ceadúnas éigeantach paitinní ann údarú arna dheonú ag rialtas do pháirtí seachas sealbhóir na paitinne chun aireagán paitinnithe a úsáid gan toiliú shealbhóir na paitinne.
I bplean gníomhaíochta 2020 um maoin intleachtúil de chuid an Choimisiúin cuireadh i dtábhacht ‘an gá atá lena áirithiú go bhfuil córais éifeachtacha i bhfeidhm chun ceadúnais éigeantacha a eisiúint’. Sa rún dá cuid i mí na Samhna 2021, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún ‘anailís agus iniúchadh a dhéanamh ar roghanna féideartha chun éifeachtacht agus comhordú níos fearr ar cheadúnú éigeantach san Aontas a áirithiú‘.
Agus dheimhnigh an Chomhairle go raibh an tAontas réidh le plé a dhéanamh ar na solúbthachtaí a bhaineann le ceadúnú éigeantach chun críocha an mhargaidh baile agus onnmhairiúcháin. An tráth céanna, chuir an Coimisiún tograí síos chun athléimneacht an Aontais a áirithiú agus chun slabhraí soláthair dea‑fheidhmiúla a ráthú sa mhargadh aonair agus ar an gcoigríoch. I gcomhthéacs chur i gcrích méadaithe an mhargaidh aonair le haghaidh paitinní trí sheoladh na paitinne aonadaí atá le teacht, tá an tionscnamh ar a dtugtar tuairisc sa doiciméad seo suite ag an gcrosbhealach idir ionstraimí géarchéime éagsúla an Aontais agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta agus pléití ar chearta maoine intleachtúla agus ar cheadúnú éigeantach.
Maidir le rialacha an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le ceadúnú éigeantach, is iad cumhdach neamhleor na críche agus nósanna imeachta agus cinnteoireacht náisiúnta neamhchomhordaithe na saintréithe a bhaineann leo. Is mór an fhadhb a bhaineann leis sin go háirithe i bhfianaise na slabhraí luacha trasteorann atá ag teacht chun cinn go mór ar mhargadh aonair an Aontais.
Tagann sé sin ó na nithe seo a leanas:
(1) Scéimeanna náisiúnta éagsúla um cheadúnú éigeantach: ceadaítear ceadúnú éigeantach faoi nósanna imeachta agus coinníollacha éagsúla i mballstáit éagsúla den Aontas;
(2) Cumhdach neamhleor críche an cheadúnaithe éigeantaigh:d’ainneoin na solúbthachta atá ann ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá ceadúnú éigeantach san Aontas Eorpach ceaptha chun soláthar a chur ar fáil do chríocha náisiúnta go heisiach, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon mhargadh aonair ná aon saorghluaiseacht earraí ann faoi láthair le haghaidh táirgí a bhaineann le ceadúnas éigeantach;
(3) Níl aon fhóram tiomnaithe ann chun déileáil le ceadúnú éigeantach lena bhféadfaí athléimneacht an Aontais a dhaingniú tráth géarchéime: maidir leis an gcóras um cheadúnú éigeantach atá i bhfeidhm faoi láthair lena bhféadfaí cumas an Aontais dul i ngleic le géarchéimeanna a chomhlánú agus tacú leis, dealraíonn sé go bhfuil sé dínasctha ó ionstraimí géarchéime an Aontais.
Ina theannta sin, níl aon chomhordú ann ar leibhéal an Aontais, dá mba rud é gur mhian le roinnt Ballstát a mbearta le haghaidh ceadúnú éigeantach náisiúnta a chomhordú. Dá réir sin, bheadh sé deacair do Bhallstát a bhfuil inniúlachtaí monaraíochta aige earraí a tháirgeadh chun cuidiú le Ballstát eile nó chun ceadúnú éigeantach a eisiúint lena gcumhdófaí modh monaraíochta ar fud roinnt Ballstát.
|
|
Cad leis a bhfuil coinne ón tionscnamh seo?
|
|
Is é an cuspóir ginearálta é a chur ar a chumas don Aontas freagairt do chásanna géarchéime go tráthúil agus leas á bhaint as lánacmhainneacht an mhargaidh aonair, agus a áirithiú, tráth géarchéime, gur féidir táirgí agus comhpháirteanna criticiúla a chur ar fáil ar fud na mBallstát agus iad a sholáthar gan mhoill do shaoránaigh an Aontais agus do ghnólachtaí nó fiú do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad.
I dtaca leis na cuspóirí ginearálta agus leis na fadhbanna a sainaithníodh níos luaithe, rinneadh 3 chuspóir shonracha a shainiú:
(1) Feabhas a chur ar phríomhghnéithe an cheadúnaithe éigeantaigh, amhail an truicear, an raon feidhme agus na coinníollacha maidir le ceadúnú éigeantach, agus uirlis níos comhsheasmhaí a dhéanamh den cheadúnú éigeantach chun dul i ngleic le géarchéimeanna san Aontas.
(2) A áirithiú gur féidir, le cumhdach críche ceadúnais éigeantaigh, lena n‑áirítear chun críocha onnmhairiúcháin, freastal ar na slabhraí luacha trasteorann iarbhír a oibrítear sa mhargadh aonair.
(3) Tacú le hathléimneacht an Aontais trí fheabhas a chur ar chomhordú, cinnteoireacht a chuíchóiriú agus a cheadú go ndéanfaí gníomhaíocht an Aontais a chomhlánú ar bhonn níos fearr tráth géarchéimeanna le ceadúnais éigeantacha, lena n‑áirítear chun críocha onnmhairiúcháin chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Bheadh sé d’aidhm ag an gcuspóir sin freisin comhsheasmhacht oiriúnach a áirithiú idir scéimeanna (náisiúnta) um cheadúnú éigeantach agus ionstraimí géarchéime an Aontais.
|
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais?
|
|
Tá bunús maith le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair i gcásanna géarchéime a áirithiú.
Faoi láthair, ní féidir leis na Ballstáit gníomhú ach ar bhonn náisiúnta (i.e. ceadúnú éigeantach dá gcríoch féin). D’fhéadfadh sé gur leor an méid sin le haghaidh géarchéimeanna náisiúnta. Mar sin féin, ní hé an córas is fearr é nuair a bhíonn gné thrasteorann ag baint le géarchéim – agus tá sé sin thar a bheith dóchúil mar gheall ar leitheadúlacht slabhraí soláthair a théann trasna tíortha iomadúla sa mhargadh aonair.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?
|
|
·Rogha 0: Gan athrú ar an mbeartas.
·Rogha 1: Moladh maidir le ceadúnú éigeantach le haghaidh bainistiú géarchéime. Leis sin shainaithneofaí (i) dea‑chleachtais náisiúnta maidir le ceadúnú éigeantach mar chuid de bhainistiú géarchéime agus (ii) dea‑chleachtais chomhordaithe, d’fhonn a n‑úsáid a spreagadh i ngach Ballstát.
·Rogha 2: Comhchuibhiú dlíthe náisiúnta maidir le ceadúnú éigeantach le haghaidh bainistiú géarchéime. Leis an tionscnamh reachtach dhéanfaí dlíthe náisiúnta a ailíniú a mhéid a bhaineann leis na forais, an raon feidhme, an nós imeachta agus na coinníollacha chun ceadúnas éigeantach a dheonú le haghaidh bainistiú géarchéime. D’fhanfadh an ceadúnú éigeantach faoi shainchúram an Bhallstáit agus is éifeacht náisiúnta a bheadh aige go príomha.
·Rogha 3: Comhchuibhiú in éineacht le beart ceangailteach ar leibhéal an Aontais maidir le ceadúnú éigeantach le haghaidh bainistiú géarchéime. D’fhéadfaí ceadúnú éigeantach a spreagadh trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(i) trí chinneadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena ngníomhachtaítear modh géarchéime nó lena ndearbhaítear éigeandáil faoi ionstraim ghéarchéime de chuid an Aontais atá ann cheana (e.g. an modh éigeandála a ghníomhachtú faoin Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair)
(ii) ar iarraidh arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ó níos mó ná Ballstát amháin, i gcás géarchéime a dhéanann difear do thíortha iomadúla. Ghlacfadh an Coimisiún, agus cúnamh á fháil aige ón gcomhlacht comhairleach ábhartha, beart gníomhachtaithe lena gceanglófaí ar Bhallstát amháin nó níos mó ceadúnas éigeantach a eisiúint. Bheadh roinnt ceadúnas éigeantach náisiúnta ann mar thoradh ar an rogha sin, agus gach ceann acu infheidhme maidir le críoch roinnt Ballstát nó maidir leis an Aontas ina iomláine
·Rogha 4: Ceadúnú éigeantach ar leibhéal an Aontais chun ionstraimí géarchéime de chuid an Aontais atá ann cheana a chomhlánú: Bheadh na truicir mar an gcéanna leis na cinn faoi rogha 3. Mar sin féin, ghlacfadh an Coimisiún, agus cúnamh á fháil aige ón gcomhlacht comhairleach ábhartha, beart gníomhachtaithe lena ndeonófaí ceadúnú éigeantach. Mar thoradh ar an rogha sin, d’eiseodh an Coimisiún ceadúnas éigeantach aonair, agus a nós imeachta agus a choinníollacha dílse ann agus é infheidhme maidir le críoch roinnt Ballstát nó maidir leis an Aontas ina iomláine.
Dealraíonn sé gurbh í Rogha 4 an bealach ab éifeachtaí agus ab éifeachtúla chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach.
Leis an rogha sin chruthófaí nós imeachta aonair chun ceadúnas éigeantach ar leibhéal an Aontais a dheonú agus na gnéithe is gá ann chun dul i ngleic le géarchéim. D’áiritheofaí le beart gníomhachtaithe an Choimisiúin gurb ionann na coinníollacha ar fud an Aontais agus sheachnófaí neamhréireachtaí náisiúnta ar dóigh dóibh scéim um cheadúnú éigeantach éifeachtúil a mhoilliú nó a chosc ar dhul i ngleic le géarchéimeanna trasteorann.
Bheadh an ceadúnas éigeantach aonair sin infheidhme i ngach críoch ábhartha, agus dá bhrí sin chumhdófaí cásanna trasteorann leis. Bheadh sé sin amhlaidh le haghaidh mhargadh an Aontais agus chun críocha onnmhairiúcháin araon. D’áiritheofaí comhsheasmhacht le hionstraimí géarchéime an Aontais dá bhféadfaí iad a úsáid chun an nós imeachta um cheadúnais a thionscnamh agus faoi threoir na gcomhlachtaí (comhairleacha) a bunaíodh leis na hionstraimí sin chun ceadúnas éigeantach ar leibhéal an Aontais a phlé.
|
|
Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
|
Léiríodh i dtorthaí an chomhairliúcháin phoiblí go measann tromlach mór (82 %, N=61) na bhfreagróirí gur cheart d’údaráis phoiblí a bheith i dteideal táirgeadh earraí criticiúla a cheadú trí cheadúnas éigeantach.
Is gnách go mbíonn níos lú freagróirí i bhfabhar ról cinnteoireachta le haghaidh institiúidí Eorpacha (28 %, N= 21) i gcomparáid le ról comhordaithe (36 %, N=27). Is féidir é sin a mhíniú leis an bhfíoras gur chuir gnólachtaí agus ionadaithe tionscail tacaíocht íseal in iúl ina leith seo, cé go raibh siad ar an ngrúpa ba mhó freagróirí ar an gcomhairliúchán (54 % de na rannpháirtithe uile).
É sin ráite, measann páirtithe leasmhara go ginearálta go bhfuil an rogha a bhaineann le ceadúnas éigeantach a dheonú ar leibhéal an Aontais níos dearfaí a mhéid a bhaineann le cumas an Aontais dul i ngleic le géarchéimeanna (35 %, N=26) ná ceadúnais éigeantacha a dheonú ar an leibhéal náisiúnta (11 %, N=8 faoi seach).
Tá codarsnacht ghéar i measc na bpáirtithe leasmhara agus tacaíocht íseal arís ann don rogha i measc ionadaithe tionscail: measann tromlach (thart ar 50 %) de chuideachtaí agus de chomhlachais ghnó go mbeadh an tionchar diúltach. Os a choinne sin,, ní mheasann aon fhreagróir i gcatagóirí eile go mbeadh an tionchar diúltach. Measann tromlach mór (65 %, N=22) go mbeadh sé dearfach (ceapann 4 % go mbeadh an tionchar neodrach agus níor fhreagair an chuid eile).
|
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
|
Cad iad na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
|
Leis an rogha thosaíochta thabharfaí aghaidh ar na trí fhadhb agus chuspóir a sainaithníodh ina n‑iomláine. Mar atá:
(i) ceart a thabhairt don Choimisiún ceadúnas éigeantach a dheonú go díreach agus na coinníollacha faoina ndeonaítear an ceadúnas sin a shonrú. Bheadh na coinníollacha sin mar an gcéanna le haghaidh na gcríoch uile ina mbeadh feidhm ag an gceadúnas. D’áiritheofaí leis sin an tsoiléireacht agus an chomhsheasmhacht is fearr a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha le haghaidh an cheadúnais.
(ii) an réiteach is fearr a sholáthar a mhéid a bhaineann le cumhdach críche an cheadúnais. Chumhdófaí le ceadúnas éigeantach aonair amháin gach Ballstát dá ndéantar difear leis an ngéarchéim agus gach Ballstát a bhfuil na hacmhainní monaraíochta ábhartha acu.
(iii) ionstraimí géarchéime eile an Aontais a chomhlánú: má dhéantar modh géarchéime a ghníomhachtú le hionstraim ghéarchéime de chuid an Aontais, amhail an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair, is féidir go ndeonófar ceadúnas éigeantach dá bharr agus an modh géarchéime mar thruicear. Áirithítear freisin an chomhsheasmhacht is fearr le hionstraimí géarchéime an Aontais má bhraitear ar an gcomhlacht comhairleach atá ann cheana nuair a eascraíonn an truicear as ionstraim ghéarchéime de chuid an Aontais.
Faoin rogha thosaíochta, thairbheodh úinéirí paitinní de níos lú costas agus níos lú éiginnteachta dlíthiúla, toisc go mbeadh an chaibidlíocht teoranta do rannpháirtíocht i nós imeachta amháin ar leibhéal an Aontais.
Thairbheodh ceadúnaithe ionchasacha den nós imeachta láraithe agus de chumhdach críche leathan an cheadúnais, agus bheadh barainneachtaí scála ann dá bharr sin.
D’fhágfadh comhroinnt faisnéise ar bhonn níos fearr go laghdófaí costais do na Ballstáit freisin toisc go bhféadfaí cuidiú chun dea‑chleachtais a shainaithint léi.
Maidir le costais forfheidhmithe, thairbheodh na Ballstáit den nós imeachta láraithe, toisc gur ar leibhéal an Aontais amháin a thabhófaí costais a bhaineann leis an gcaibidlíocht le húinéirí paitinní agus le monaróirí.
Thairbheodh saoránaigh den Aontas go mór den rogha thosaíochta toisc go gcuirfí feabhas leis ar chumas an Aontais ceadúnas éigeantach éifeachtach agus éifeachtúil a eisiúint don Aontas ina iomláine, lena n‑áirítear i gcás bristeacha ar shlabhraí soláthair trasteorann.
Thairbheodh tíortha nach Ballstáit den Aontas iad freisin toisc go soláthrófaí leis an rogha an fhéidearthacht a bheith ag brath ar cheadúnas éigeantach lena gcumhdófaí slabhra soláthair trasteorann.
Tábla 1: Tionchair dhearfacha ar pháirtithe leasmhara i gcás géarchéime trasteorann - Rogha 4 i gcomparáid leis an mbonnlíne
|
Úinéirí paitinní
|
(+ +) Na costais níos ísle a bhaineann leis an gcaibidlíocht, mar gheall ar nós imeachta aonair ar leibhéal an Aontais in ionad nósanna imeachta iolracha i ngach Ballstát lena mbaineann.
(+ +) Tuilleadh deimhneachta dlíthiúla (e.g. soiléireacht ar an leibhéal íocaíochta a bhféadfadh coinne a bheith leis), mar gheall ar an nós imeachta aonair ar leibhéal an Aontais in ionad nósanna imeachta iolracha i ngach tír lena mbaineann.
|
|
Monaróirí – ceadúnaithe ionchasacha
|
(+ +) Na costais níos ísle a bhaineann leis an gcaibidlíocht, mar gheall ar an nós imeachta aonair ar leibhéal an Aontais.
(+) Na costais níos ísle a bhaineann le saoráidí monaraíochta a oiriúnú do tháirgeadh na míre nó na míreanna a chumhdaítear leis an gceadúnas, mar gheall ar bharainneachtaí scála, má bhíonn raon feidhme geografach níos leithne ann mar thoradh ar cheadúnú éigeantach ar leibhéal an Aontais.
|
|
Ballstáit den Aontas
|
(+ + +) Na costais i bhfad níos ísle a bhaineann leis an nós imeachta um cheadúnú éigeantach a rith (gan aon chaibidlíocht leis na sealbhóirí paitinní ná leis na monaróirí), toisc nach ndéanfaidh na Ballstáit ach cinneadh amháin arna dhéanamh ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme
(+) Malartú faisnéise níos fearr maidir le hinfhaighteacht táirge nó táirgí, i gcás ganntanas áitiúil nó bristeacha ar shlabhraí luacha trasteorann.
(+) Cinnteoireacht agus comhar níos fearr i gcomhthéacs an cheadúnaithe éigeantaigh le haghaidh onnmhairiúcháin chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.
|
|
An pobal i gcoitinne (saoránaigh den Aontas)
|
(+ + +) Riosca i bhfad níos ísle maidir le moilleanna ar tháirgí criticiúla nó gan fáil a bheith orthu le linn géarchéimeanna, ós rud é go bhfuil na rialacha comhsheasmhach ar fud na mBallstát uile.
|
|
Tíortha nach Ballstáit den Aontas iad
|
(+ + +) Deimhneacht dhlíthiúil agus coigilteas riaracháin méadaithe le linn rochtain a fháil ar earraí criticiúla i gcás slabhraí soláthair trasteorann, mar gheall ar chomhordú díreach ar leibhéal an Aontais.
|
|
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: (0) tionchar neodrach; (+) tionchar dearfach beag; (++) tionchar dearfach; (+++) tionchar dearfach nach beag; (-) tionchar diúltach beag; (- -) tionchar diúltach; (- - -) tionchar diúltach nach beag
|
|
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
D’fhéadfadh sé go gcaillfeadh úinéirí paitinní a smacht ar a gcearta paitinne ar bhonn incriminteach dá leathnófaí raon feidhme geografach an cheadúnais éigeantaigh le tionchar na rogha tosaíochta, i gcomparáid leis an staid faoi láthair agus an iliomad ceadúnas náisiúnta ann.
D’fhéadfaí an cumhdach críche sin ar bhonn níos mó a bhaint amach freisin trí shíneadh a chur le ceadúnú éigeantach le haghaidh onnmhairithe chuig tír nach Ballstát den Aontas í. Bheadh ar na Ballstáit costais choigeartaithe theoranta a iompar toisc go soláthrófaí ceadúnas éigeantach ar leibhéal an Aontais leis an rogha thosaíochta, trí rialachán, anuas ar an reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana.
Bheadh roinnt costas forfheidhmithe le hiompar acu freisin i gcás géarchéime, ar costais iad a bhaineann leis an oibleagáid trédhearcachta.
Tábla 2: Tionchair dhiúltacha ar pháirtithe leasmhara i gcás géarchéime trasteorann - Rogha 4 i gcomparáid leis an mbonnlíne
|
Úinéirí paitinní
|
(- -) I gcás raon feidhme geografach níos leithne le haghaidh an cheadúnais (= caillteanas níos leithne smachta ar chearta paitinne).
|
|
Ballstáit den Aontas
|
(-) An costas a bhaineann le bheith rannpháirteach ar an gcoiste comhairleach a thugann cúnamh don phointe teagmhála aonair.
(-) An costas a bhaineann le tuairisciú don Choimisiún Eorpach maidir leis an gceadúnas éigeantach a cuireadh chun feidhme.
|
|
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: (0) tionchar neodrach; (+) tionchar dearfach beag; (++) tionchar dearfach; (+++) tionchar dearfach nach beag; (-) tionchar diúltach beag; (- -) tionchar diúltach; (- - -) tionchar diúltach nach beag
|
|
|
Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?
|
|
Is le sealbhóirí paitinní go príomha a bhainfidh tionchair a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar an rogha thosaíochta, ach tá líon na bhfiontar beag/meánmhéide a bhfuil cearta maoine intleachtúla ina seilbh san Aontas sách íseal.
Thairis sin, seachas gur teagmhas é an ceadúnú éigeantach a bhfuil dóchúlacht thar a bheith íseal ag baint leis, is féidir glacadh leis gur mó seans go ndéanfaidh fiontair bheaga comhaontuithe deonacha ná gnólachtaí móra, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé nár ghá an ceadúnú éigeantach a úsáid ar chor ar bith.
Thairis sin, is ceadúnaithe, seachas ceadúnóirí, iad fiontair bheaga/mheánmhéide de ghnáth.
|
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Iompródh na Ballstáit costais choigeartaithe theoranta toisc go soláthrófaí ceadúnas éigeantach ar leibhéal an Aontais leis an rogha thosaíochta, trí rialachán, anuas ar an reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana.
Bheadh roinnt costas forfheidhmithe le hiompar acu i gcás géarchéime, ar costais iad a bhaineann leis an oibleagáid trédhearcachta. Mar sin féin, ba mhó na sochair a bhainfeadh le nós imeachta láraithe ar leibhéal an Aontais ná na costais sin.
|
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
|
Níl coinne le haon tionchar suntasach eile.
|
|
D. Bearta leantacha
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Ba cheart an chéad tuarascáil mheastóireachta a dhéanamh 5 bliana tar éis an chéad cheadúnas éigeantach ar leibhéal an Aontais a dheonú.
|