AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.10.2023
COM(2023) 643 final
2023/0370(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais tuairiscithe áirithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘hIomaíochas fadtéarmach an Aontais Eorpaigh: ag breathnú romhainn tar éis 2030’ (), leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le córas rialála lena n‑áirithítear go mbaintear cuspóirí amach ar an gcostas is ísle. Dá bhrí sin, tá gealltanas tugtha aige iarracht nua a dhéanamh chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus é ina aidhm dheiridh ualaí den sórt sin a laghdú 25 %, gan dochar a dhéanamh do na cuspóirí beartais gaolmhara.
Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun forfheidhmiú ceart na reachtaíochta agus faireachán cuí ar an reachtaíocht a áirithiú. Ar an iomlán, déantar a gcostais a fhritháireamh tríd an tairbhe a bhaineann leo, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bpríomhbheart beartais agus comhlíonadh na bpríomhbheart sin a áirithiú. Mar sin féin, is féidir le ceanglais tuairiscithe ualaí díréireacha a chur ar pháirtithe leasmhara, rud a dhéanann difear go háirithe do FBManna agus do mhicreachuideachtaí, agus i bhfianaise forbairtí eagraíochtúla agus teicneolaíocha a éilíonn go ndéanfaí ceanglais tuairiscithe bhunaidh a choigeartú. Is féidir le carnadh na gceanglas sin le himeacht ama a bheith ina chúis le hoibleagáidí iomarcacha, oibleagáidí dúblála nó oibleagáidí atá imithe i léig, minicíocht agus uainiú neamhéifeachtúil, nó modhanna bailiúcháin neamhleora.
Dá bhrí sin, is tosaíocht é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú. Sa chomhthéacs sin, tá sé d'aidhm ag an togra seo simpliú a dhéanamh ar thionscnaimh a áirítear sa phríomhuaillmhian "Comhaontú Glas don Eoraip" i réimse beartais chomheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus a dhéanann difear do thionscal na hiascaireachta. Déanfaidh sé freisin oibleagáidí tuairiscithe áirithe a shimpliú agus a dhíothú i réimse an fhormheasa agus an fhaireachais margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta agus ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair.
Leis an togra, déanfar na hoibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú trí dheireadh a chur le tuarascálacha nach bhfuil ag cur le luach a thuilleadh chun na cuspóirí beartais a bhaint amach (féach tuilleadh sonraí thíos).
Baineann na ceanglais tuairiscithe le: údaráis phoiblí.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra ina chuid den chéad phacáiste beart chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Is céim é seo i bpróiseas ina mbreathnaítear go cuimsitheach ar na riachtanais tuairiscithe atá ann cheana, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑ábharthacht leanúnach agus iad a dhéanamh níos éifeachtúla.
Ní dhéanfaidh an cuíchóiriú a thugtar isteach leis na bearta sin difear do bhaint amach cuspóirí sa réimse beartais, ar na cúiseanna seo a leanas:
–An ceanglas tuairiscithe a bheartaítear a bhaint i réimse beartais chomheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, níor cruthaíodh gur breisluach a thuilleadh é don Aontas agus ní rannchuidíonn sé le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013(). Tugadh isteach an oibleagáid tuairiscithe i Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 () ón gComhairle i ndáil le cosc a chur ar éisc a mhargú faoi bhun úire áirithe lena gcaitheamh ag an duine agus gráid úire agus méide a úsáidtear ar an gcéad díol a chaighdeánú chun leibhéil praghsanna a bhunú le haghaidh idirghabhálacha margaidh roimh Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013. Cuireadh deireadh leis na bearta idirghabhála sin in 2013 ach d'fhan na caighdeáin mhargaíochta i bhfeidhm. Ós rud é go ráthaítear sábháilteacht bia anois trí dhlí ginearálta an bhia (), is lú i bhfad an ábharthacht a bhaineann leis an oibleagáid tuairiscithe ghaolmhar anois.
–Na ceanglais tuairiscithe a bheartaítear a bhaint i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013(), níor cruthaíodh gur breisluach a thuilleadh iad don Aontas agus ní rannchuidíonn siad lena chuspóirí. Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 na rialacha maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta. Ceanglaítear le hAirteagal 74 agus le hAirteagal 75 den Rialachán sin ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na gceaduithe aonair feithiclí faoi seach, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ós rud é go ndearna an Coimisiún staidéar () ar na ceisteanna atá faoi réir na n‑oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin in 2022, agus gur cinneadh sa staidéar go bhfuil na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na nósanna imeachta ceaduithe feithiclí aonair sásúil, níor cheart feidhm a bheith aige sin a thuilleadh.
–Na ceanglais tuairiscithe a bheartaítear a bhaint i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013(), níor cruthaíodh gur breisluach a thuilleadh iad don Aontas agus ní rannchuidíonn siad lena chuspóirí. Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 na rialacha maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair. Ceanglaítear le hAirteagal 78 agus le hAirteagal 80 den Rialachán sin ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na gceaduithe aonair feithiclí faoi seach, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ós rud é go ndearna an Coimisiún staidéar () ar na ceisteanna atá faoi réir na n‑oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin in 2022, agus gur cinneadh sa staidéar go bhfuil na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na nósanna imeachta ceaduithe feithiclí aonair sásúil, níor cheart feidhm a bheith aige sin a thuilleadh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), áirithíonn an Coimisiún go bhfuil a reachtaíocht oiriúnach dá feidhm, go bhfuil sí dírithe ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara agus go n‑íoslaghdaíonn sí ualaí agus a cuspóirí á mbaint amach an tráth céanna. Dá bhrí sin, tá an togra seo mar chuid de chlár REFIT, rud a laghdaíonn castacht na n‑ualaí tuairiscithe a eascraíonn as timpeallacht dhlíthiúil an Aontais.
Cé go bhfuil ceanglais tuairiscithe áirithe fíor-riachtanach, ní mór dóibh a bheith chomh héifeachtúil agus is féidir, forluí a sheachaint, ualaí neamhriachtanacha a bhaint agus réitigh dhigiteacha agus idir-inoibritheacha a úsáid a mhéid is féidir.
Leis an togra seo, déantar na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú, rud a fhágann go mbeidh baint amach chuspóirí na reachtaíochta níos éifeachtúla agus go mbeidh ualach níos lú ar údaráis phoiblí.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 43(2) agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arb iad bunús dlí na ngníomhartha iad a leasaíonn sé.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Déantar na ceanglais tuairiscithe lena mbaineann a fhorchur le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir iad a chuíchóiriú. Áiritheofar leis sin cothrom iomaíochta do riaracháin phoiblí ar fud an Aontais, riaracháin a thairbheoidh de chuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe a eascraíonn as na tograí sin.
•Coimhdeacht
Le cuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe, déantar an creat dlíthiúil a shimpliú trí na hathruithe is lú a thabhairt isteach ar na ceanglais atá ann cheana nach ndéanann difear do bhunús an chuspóra beartais níos leithne. Dá bhrí sin, tá an togra teoranta do na hathruithe sin a bhfuil gá leo chun tuairisciú éifeachtúil a áirithiú gan aon cheann de na gnéithe substaintiúla den reachtaíocht lena mbaineann a athrú.
•An rogha ionstraime
Ós rud é gurb é is aidhm don leasú spriocdhírithe forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 a mhodhnú, is i bhfoirm Rialacháin lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 atá an togra seo.
Ós rud é gurb é is aidhm don leasú spriocdhírithe forálacha Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 a mhodhnú, is i bhfoirm Rialacháin lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 atá an togra seo.
Ós rud é gurb é is aidhm don leasú spriocdhírithe forálacha Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a mhodhnú, is i bhfoirm Rialacháin lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 atá an togra seo.
Ní bhaineann na leasuithe spriocdhírithe ach le ceanglais tuairiscithe agus, dá bhrí sin, tá siad oiriúnach lena gcur san áireamh in aon togra amháin.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
Sainaithníodh an togra seo tar éis próiseas grinnscrúdaithe inmheánaigh ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana agus bunaithe ar an taithí a fuarthas ón reachtaíocht ghaolmhar a chur chun feidhme. Ós rud é gur céim é seo i bpróiseas an mheasúnaithe leanúnaigh ar cheanglais tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais, leanfar den ghrinnscrúdú ar ualaí den sórt sin agus ar a dtionchar ar pháirtithe leasmhara.
•Measúnuithe tionchair
Baineann an togra le leasú teoranta agus spriocdhírithe ar an reachtaíocht d’fhonn na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Tá an t‑athrú atá beartaithe bunaithe ar thaithí a fuarthas ó chur chun feidhme na reachtaíochta. Níl tionchar mór ag an leasú ar an mbeartas, ach ní áirithíonn sé ach cur chun feidhme níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Mar gheall ar a chineál spriocdhírithe agus ar easpa roghanna beartais ábhartha, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Is togra REFIT é seo arb é is aidhm dó reachtaíocht a shimpliú agus ualaí ar pháirtithe leasmhara a laghdú.
Cé nach ndéanann an togra maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe difear díreach do ghnólachtaí aonair, cuirfidh sé deireadh le hoibleagáid tuairiscithe agus leis an gcostas / ualach gaolmhar d'údaráis phoiblí trí dheireadh a chur leis an ngá liostaí de shaineolaithe ainmnithe agus de chomhlachais trádála a choinneáil ar bun chun táirgí iascaigh a ghrádú.
I réimse an fhormheasa agus an fhaireachais margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta agus ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair, cuirfear deireadh leis an togra leis na hoibleagáidí tuairiscithe agus leis an ualach gaolmhar ar údaráis phoiblí tríd an ngá atá ann do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar ais ar fhaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún cheana féin le staidéar ar leithligh a scriosadh.
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, foráiltear go leanfaidh rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 2406/96 ón gComhairle d'fheidhm a bheith acu. Ceanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle ar gach Ballstát liosta a sholáthar do na Ballstáit eile agus don Choimisiún d'ainmneacha agus de sheoltaí na saineolaithe agus na n‑eagraíochtaí trádála arna gceapadh chun na táirgí iascaigh a ghrádú le haghaidh úire agus méide agus aon nuashonruithe ar an liosta a chur ar an eolas. Tugadh isteach an oibleagáid tuairiscithe i ndáil le cosc a chur ar éisc a mhargú faoi bhun úire áirithe lena gcaitheamh ag an duine agus gráid úire agus méide a úsáidtear ar an gcéad díol a chaighdeánú chun leibhéil praghsanna a bhunú le haghaidh idirghabhálacha margaidh roimh Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013. Cuireadh deireadh leis na bearta idirghabhála sin in 2013 ach d'fhan na caighdeáin mhargaíochta i bhfeidhm. Ós rud é go ráthaítear sábháilteacht bia anois trí dhlí ginearálta an bhia (), is lú i bhfad an ábharthacht a bhaineann leis an oibleagáid tuairiscithe ghaolmhar anois. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid tuairiscithe a thuilleadh.
Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 na rialacha maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta. Le hAirteagal 74 agus le hAirteagal 75 den Rialachán sin ceanglaítear ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na gceaduithe aonair feithiclí faoi seach, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ós rud é go ndearna an Coimisiún staidéar () ar na ceisteanna atá faoi réir na n‑oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin in 2022, agus gur cinneadh sa staidéar go bhfuil na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na nósanna imeachta ceaduithe feithiclí aonair sásúil, níor cheart feidhm a bheith aige sin a thuilleadh.
Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 na rialacha maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair. Ceanglaítear le hAirteagal 78 agus le hAirteagal 80 den Rialachán sin ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na gceaduithe aonair feithiclí faoi seach, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ós rud é go ndearna an Coimisiún staidéar () ar na ceisteanna atá faoi réir na n‑oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin in 2022, agus gur cinneadh sa staidéar go bhfuil na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na nósanna imeachta ceaduithe feithiclí aonair sásúil, níor cheart feidhm a bheith aige sin a thuilleadh.
2023/0370 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais tuairiscithe áirithe
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2) agus 114 de,
Ag féachaint do thogra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Tá sé tábhachtach, áfach, na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t‑ualach riaracháin a theorannú.
(2)Dá bhrí sin, is tosaíocht é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú. I Rialacháin (AE) Uimh. 1379/2013, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tá roinnt ceanglas tuairiscithe i réimsí na gcaighdeán margaíochta agus an fhaireachais margaidh ar cheart iad a shimpliú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le "hIomaíochas fadtéarmach an Aontais Eorpaigh: ag breathnú romhainn tar éis 2030”.
(3)Leis an Rialachán seo, déantar ceanglais tuairiscithe a dhíchur agus a shimpliú nach meastar a bheith riachtanach a thuilleadh i réimse chomheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus a dhéanann difear do thionscal na hiascaireachta agus i réimse an chineálcheadaithe agus an fhaireachais margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta, ar fheithiclí dhá agus trí roth agus ar chuadrothair.
(4)Le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, foráiltear go leanfaidh rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta, go háirithe na rialacha sin a leagtar síos, inter alia, i Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle d'fheidhm a bheith acu,
(5)Ceanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle ar gach Ballstát liosta a sholáthar do na Ballstáit eile agus don Choimisiún d'ainmneacha agus de sheoltaí na saineolaithe agus na n‑eagraíochtaí trádála arna gceapadh chun na táirgí iascaigh a ghrádú le haghaidh úire agus méide roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus aon nuashonruithe ar an liosta a chur ar an eolas.
(6)Ós rud é go bhfuil an ceanglas sin as dáta agus nach bhfuil sé riachtanach a thuilleadh chun cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 a ghnóthú, níor cheart feidhm a bheith aige a thuilleadh.
(7)Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 na rialacha maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta.
(8)Ceanglaítear le hAirteagal 74 agus le hAirteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na gceaduithe aonair feithiclí faoi seach, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ós rud é go ndearna an Coimisiún staidéar ar na ceisteanna atá faoi réir na n‑oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin in 2022, agus gur cinneadh sa staidéar go bhfuil na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na nósanna imeachta ceaduithe feithiclí aonair sásúil, níor cheart feidhm a bheith aige a thuilleadh.
(9)Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 na rialacha maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair.
(10)Ceanglaítear le hAirteagal 78 agus le hAirteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na gceaduithe aonair feithiclí faoi seach, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ós rud é go ndearna an Coimisiún staidéar ar na ceisteanna atá faoi réir na n‑oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin in 2022, agus gur cinneadh sa staidéar go bhfuil na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na nósanna imeachta ceaduithe feithiclí aonair sásúil, níor cheart feidhm a bheith aige a thuilleadh.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a leasú dá réir.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
(1)Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 mar a leanas:
In Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:
"Gan dochar do mhír 2, leanfaidh rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta, go háirithe na rialacha sin a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle, i Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle
agus i Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle d'fheidhm a bheith acu cé is moite d'Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 2406/96. Maidir le rialacha eile a glacadh chun comhchaighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm, amhail na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 3703/85 ón gCoimisiún, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu.”
(2)Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 mar a leanas:
(a)Scriostar Airteagal 74.
(b)Scriostar Airteagal 75.
(3)Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 mar a leanas:
(a)Scriostar Airteagal 78.
(b)Scriostar Airteagal 80.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ceathrachadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán