Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0598

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán EMSA)

COM/2023/598 final

An Bhruiséil,18.10.2023

COM(2023) 598 final

2023/0366(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Rialachán EMSA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh agus a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach do shaoránaigh agus d’oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud 30 Stát LEE, mar atá Ballstáit an Aontais, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Lena chois sin, cumhdaítear comhar i réimsí tábhachtacha eile le Comhaontú LEE amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig Comhaontú LEE i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí i gComhaontú LEE é an tAontas in éineacht lena Bhallstáit.

2.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéantar cinntí ón gComhchoiste agus tá na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ceisteanna a bhaineann le LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais. 

2.3.An gníomh ó Chomhchoiste LEE atá beartaithe

Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (Rialachán EMSA) 1 a ionchorprú i gcomhaontú LEE.

Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach maidir leis na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh ionas gurb é seasamh an Aontais a bheidh ann. Nuair a bheidh an seasamh glactha, ba cheart é a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.

Leis an Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, tugtar isteach cearta rannpháirtíochta do Stáit LEE CSTE sa Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a théann thar na nithe a bhféadfaí a mheas nach bhfuil iontu ach oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Is í an Chomhairle, dá bhrí sin, a bhunóidh seasamh an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 2 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin, Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú. Dá bhrí sin, is é an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle, braitheann sé go príomha ar bhunús dlí substainteach an ghnímh dlí de chuid an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE.

Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus gan an ceann eile ach mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Ós rud é go ndéantar leis an gCinneadh ón gComhchoiste Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 (IO L 39, 9.2.2013, lch. 30) a ionchorprú i gComhaontú LEE, is iomchuí an cinneadh seo ón gComhairle a bhunú ar an mbunús dlí substainteach céanna agus atá ag an ngníomh arna ionchorprú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme Chomhaontú LEE, a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE leis an ngníomh ó Chomhchoiste LEE, is iomchuí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0366 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Rialachán EMSA)


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 3 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 4 (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 5 , ba cheart é a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)Ba cheart Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, IO L 39, 9.2.2013, lch. 30.
(2)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 61 go mír 64.
(3)    IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(4)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, IO L 39, 9.2.2013, lch. 30.
Top

An Bhruiséil,18.10.2023

COM(2023) 598 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE






(Rialachán EMSA)


IARSCRÍBHINN

DRÉACHTCHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimhir […]

an […]

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí 1 , tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)Ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Pointe 56o (Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar é mar a leanas:

1.Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:

‘-32013 R 0100: Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013, (IO L 39, 9.2.2013, lch. 30).’

2.In oiriúnú (b), cuirfear isteach na focail ‘agus Airteagal 2a’ i ndiaidh na bhfocal ‘Airteagal 2’.

3.Cuirtear an méid a leanas in ionad théacs oiriúnú (c):

‘Leasófar Airteagal 3 mar a leanas:

(i)I mír 3, cuirfear an méid seo a leanas isteach: ‘Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh d’Údarás Faireacháin CSTE nó don Bhuanchoiste, de réir mar is gá, i gcomhlíonadh a gcúraimí a bhaineann le heagraíochtaí aitheanta agus le hoiliúint agus cáilíochtaí do mharaithe i dtríú tíortha i gcomhréir le Comhaontú LEE.’

(ii)I mír 4, cuirfear an méid seo a leanas isteach: ‘I gcás ina ndéantar an chuairt nó an tiniúchadh i Stát CSTE thar ceann Údarás Faireacháin CSTE, seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil chuig Údarás Faireacháin CSTE agus chuig an Stát CSTE lena mbaineann.’

(iii)I mír 5, cuirfear an méid seo a leanas isteach: ‘Ina theannta sin gheobhaidh Údarás Faireacháin CSTE anailís na Gníomhaireachta.’

4.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (e):

‘Cuirfear an mhír seo a leanas le hAirteagal 6:

‘4.De mhaolú ar Airteagal 12(2)(a) agus Airteagal 82(3)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, náisiúnaigh Stáit CSTE a bhfuil a gcearta iomlána acu mar shaoránaigh, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta iad a fhostú faoi chonradh.

De mhaolú ar Airteagal 12(2)(e), Airteagal 82(3)(e) agus Airteagal 85(3) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 129(1) de Chomhaontú LEE, déanfaidh an Ghníomhaireacht iad a mheas, i dtaca lena baill foirne, mar theangacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.’

5.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (f):

‘Cuirfear an mhír seo a leanas le hAirteagal 7:

‘Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Ghníomhaireacht agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leis na pribhléidí agus na díolúintí atá sa Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.’

6.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (g):

In Airteagal 10(2)(b), cuirfear na focail ‘, chuig Údarás Faireacháin CSTE,’ isteach tar éis na bhfocal ‘an gCoimisiún,’.’

7.Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (h):

‘Leasófar Airteagal 11 mar a leanas:

(i)Cuirfear an méid seo a leanas le mír 1:

‘Beidh aon ionadaí amháin ó Údarás Faireacháin CSTE ar an mBord Riaracháin, gan ceart vótála.’

(ii)Cuirfear an méid seo a leanas le mír 2:

‘Ceapfaidh Údarás Faireacháin CSTE comhalta ar an mBord Riaracháin agus ceapfaidh siad comhalta malartach a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé as láthair.’

(iii)Cuirfear an mhír seo a leanas isteach:

‘5.    Beidh Stáit CSTE iomlán rannpháirteach sa Bhord Riaracháin agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála.’

8.In oiriúnú (i), cuirtear an uimhir ‘12.’ in ionad na huimhreach ‘7.’.

9.Athuimhrítear oiriúnú (b) mar oiriúnú (c), athuimhrítear oiriúnuithe (c), (d), (e), (f), (g), (h), (i) agus (j) mar oiriúnuithe (f), (g), (h), (i), (j), (k), (l) agus (m) faoi seach.

10.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach:

‘(b)    In Airteagal 1(1) ní bheidh feidhm ag na focail ‘agus chun freagairt den leibhéal sin a áirithiú freisin ar thruailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola.’ maidir le Stáit CSTE, a mhéid nach dtagann na suiteálacha ola agus gáis faoi raon feidhme críochach Chomhaontú LEE.’

‘(d)    In Airteagail 2(3)(d) ní bheidh feidhm ag na focail ‘mar aon le truailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola ’ maidir le Stáit CSTE, a mhéid nach dtagann na suiteálacha ola agus gáis faoi raon feidhme críochach Chomhaontú LEE.’agus in Airteagal 2(5) ní bheidh feidhm ag na focail ‘chomh maith le truailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola ’ maidir le Stáit CSTE, a mhéid nach dtagann na suiteálacha ola agus gáis faoi raon feidhme críochach Chomhaontú LEE.’

‘(e)    Ní bheidh feidhm ag Airteagail 2(4)(g) agus 2a(2)(e) maidir le Stáit CSTE, a mhéid nach dtagann na suiteálacha ola agus gáis faoi raon feidhme críochach Chomhaontú LEE.’

‘(n)    In Airteagal 10(2)(c), cuirfear na focail ‘agus chuig Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘an gCoimisiún’.’

‘(o)    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Lichtinstéin. Dá bhrí sin, ní ghlacfaidh Lichtinstéin páirt sa Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí ná ní dhéanfaidh sí ranníocaíocht airgeadais lena hoibriú.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha 2*.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, [...].

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   […]

   Na Rúnaithe

   ar Chomhchoiste LEE

   […]


Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha

i gCinneadh Uimh. …/... lena n‑ionchorpraítear sa Chomhaontú Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Aithníonn na páirtithe go bhfuil ionchorprú an ghnímh seo gan dochar do chur i bhfeidhm díreach Phrótacal 7 i ndáil le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le náisiúnaigh de chuid Stáit CSTE ar chríoch gach Ballstáit den Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 11 den Phrótacal sin.

(1)    IO L 39, 9.2.2013, lch. 30.
(2)    *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
Top