Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0593

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2021/523 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí na seirbhísí airgeadais agus na tacaíochta infheistíochta

    COM/2023/593 final

    An Bhruiséil,17.10.2023

    COM(2023) 593 final

    2023/0363(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2021/523 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí na seirbhísí airgeadais agus na tacaíochta infheistíochta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Sa teachtaireacht ón gCoimisiún Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030 1 , leag an Coimisiún béim ar an tábhacht a bhaineann le córas rialála lena náirithítear go mbaintear cuspóirí amach ar an gcostas is ísle. Dá bhrí sin, tá sé ag tabhairt spreagadh athnuaite do chuíchóiriú agus simpliú na gceanglas tuairiscithe, agus é is aidhm dheiridh dó ualaí den sórt sin a laghdú gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais gaolmhara.

    Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun forfheidhmiú ceart na reachtaíochta agus faireachán cuí ar an reachtaíocht a áirithiú. Go ginearálta, déantar a gcostais a fhritháireamh den chuid is mó trí na tairbhí a bhaineann leo, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bpríomhbheart beartais agus comhlíonadh na bpríomhbheart sin a áirithiú. Mar sin féin, is féidir le ceanglais tuairiscithe ualaí díréireacha a fhorchur ar pháirtithe leasmhara, go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar mhicreachuideachtaí. Le himeacht ama, is féidir le carnadh na gceanglas sin a fhágáil go ndéanfar oibleagáidí tuairiscithe a dhúbláil nó go mbeidh siad imithe i léig, go mbeidh a minicíocht agus uainiú neamhéifeachtúil, nó go mbeidh modhanna bailiúcháin neamhleora ann.

    Dá bhrí sin, is tosaíocht é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an togra seo cabhrú le ceanglais tuairiscithe sa phríomhuaillmhian ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’ a chuíchóiriú, in dhá réimse beartais.

    Ar an gcéad dul síos, i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus go háirithe earnáil na seirbhísí airgeadais, éascóidh an togra malartú faisnéise idir údaráis a dhéanann maoirseacht ar an earnáil airgeadais agus comhdhlúthú an tuairiscithe a dhéantar faoi láthair faoi cheanglais éagsúla. Baineann na ceanglais tuairiscithe le hinstitiúidí airgeadais agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais. 

    Tá comhroinnt sonraí fheabhsaithe idir na húdaráis ar cheann de chuspóirí na Straitéise maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais 2 . Is é is aidhm don straitéis sin tuairisciú maoirseachta an Aontais a nuachóiriú agus córas a chur i bhfeidhm lena soláthrófar sonraí cruinne comhsheasmhacha tráthúla do na húdaráis mhaoirseachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus an tualach tuairiscithe comhiomlán ar na páirtithe ábhartha uile a íoslaghdú san am céanna. Is é is aidhm don togra le haghaidh malartú faisnéise idir údaráis a dhéanann maoirseacht ar an earnáil airgeadais iarrataí dúblacha ar thuairisciú a sheachaint i gcás ina bhfuil sé de chumhacht ag comhroinnt údarás sonraí áirithe a bhailiú ó institiúidí airgeadais nó ó rannpháirtithe eile sa mhargadh (cibé acu a bhailíonn na húdaráis na sonraí sin cheana féin nó nach mbailíonn) ach nach bhfuil bunús dlí sainráite acu chun iad a chomhroinnt eatarthu féin. Comhlánaítear an togra le sainordú do na húdaráis athbhreithniú rialta a dhéanamh ar cheanglais tuairiscithe agus iad a bhaint, ar ceanglais iad atá iomarcach nó atá imithe i léig, mar shampla, mar gheall ar mhalartú faisnéise feabhsaithe. Seachnófar leis sin go mbeidh ar ghnólachtaí an fhaisnéis chéanna a thuairisciú faoi dhó. Tá sé d’aidhm aige freisin rochtain ar leaganacha glana nó próiseáilte de shonraí den sórt sin a éascú (seachas cás inar gá do gach údarás na sonraí a ghlanadh agus a phróiseáil ar leithligh) 3 . 

    Ina theannta sin, chun a áirithiú go ndéanfar fóntas na faisnéise arna tuairisciú ag cuideachtaí a uasmhéadú, cuirfidh an togra le cumas an Choimisiúin sonraí a fháil chun beartais a ullmhú agus measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí a dhéanamh. Tacóidh sé sin le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise i gcomhréir le clár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr, agus san am céanna seachnófar na costais (don Choimisiún agus do na heintitis a sholáthraíonn an fhaisnéis) a thabhófaí murach sin agus an fhaisnéis á bailiú ar bhealaí eile. Bheadh an rochtain teoranta do shonraí nach bhféadfaí eintitis aonair a shainaithint dá mbarr.

    Chun feabhas breise a chur ar fhóntas na sonraí tuairiscithe, tá sé d’aidhm ag an togra freisin tacú le húsáid faisnéise chun críche taighde agus nuálaíochta i seirbhísí airgeadais, trí chomhroinnt faisnéise atá i seilbh údarás le hinstitiúidí airgeadais, taighdeoirí agus eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu a cheadú, faoi choinníollacha dochta. Ar an gcaoi sin, comhlánaíonn an togra seo Rialachán (AE) 2022/868 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) trí fhoráil earnáilsonrach a chruthú i ndlí an Aontais lena gceadaítear athúsáid sonraí arna mbailiú ag údaráis le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta. Ceadóidh an togra do na húdaráis faisnéis ábhartha a fuarthas mar chuid dá ndualgais a chomhroinnt, faoi réir na gcoimircí maidir le sonraí pearsanta, cearta maoine intleachtúla agus rúndacht ghnó.

    Ar an dara dul síos, i réimsí beartais an iomaíochais, an fháis, na fostaíochta, na nuálaíochta, na hathléimneachta sóisialta, an chomhtháthaithe agus na n‑infheistíochtaí straitéiseacha, is é is aidhm don togra na ceanglais maidir le tuairisciú ar chur chun feidhme Chlár InvestEU a chuíchóiriú, dá bhforáiltear in Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2021/523 (Rialachán InvestEU). Cumhdaíonn na ceanglais na hearnálacha seo a leanas: rochtain ar mhaoiniú do FBManna agus tacaíocht infheistíochta do chuideachtaí i mbonneagar inbhuanaithe, taighde, nuálaíocht agus digitiú, agus infheistíocht shóisialta agus scileanna.

    Baineann na ceanglais tuairiscithe faoi Rialachán InvestEU le comhpháirtithe cur chun feidhme, idirghabhálaithe airgeadais, FBManna agus cuideachtaí eile. Athraíonn an togra minicíocht an tuairiscithe ó mhinicíocht leathbhliantúil go minicíocht bhliantúil, rud a laghdaíonn an t‑ualach oibre agus an t‑ualach riaracháin ar gach réimse InvestEU (i.e. Bonneagar inbhuanaithe, FBManna, Taighde, nuálaíocht agus digitiú, infheistíocht shóisialta agus scileanna), rud a bhfuil impleachtaí diomaibhseacha aige ar chur chun feidhme an chláir. 

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra mar chuid den chéad phacáiste beart chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Is céim amháin é sin i bpróiseas ina mbreathnaítear go cuimsitheach ar na riachtanais tuairiscithe atá ann cheana, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑ábharthacht leanúnach agus iad a dhéanamh níos éifeachtúla. Cuireann sé leis na rialacha atá ann cheana lena bhforáiltear cheana féin do mhalartú faisnéise idir údaráis in earnáil ar leith de chuid seirbhísí airgeadais, tríd an mbunús dlí do chomhroinnt sonraí idir údaráis a neartú, lena n‑áirítear comhroinnt sonraí thar earnálacha.

    Maidir leis na bearta atá beartaithe maidir le comhroinnt sonraí san earnáil airgeadais, cuirfidh siad éifeachtúlachtaí ar fáil gan difear a dhéanamh do bhaint amach na gcuspóirí sa réimse beartais sin. Is amhlaidh atá toisc nach laghdóidh an togra infhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise d’údaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar an earnáil airgeadais agus iad ag iarraidh cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí seirbhísí airgeadais a chothabháil. Ina ionad sin, beifear in ann an fhaisnéis a bhailiú agus a phróiseáil ar bhealach níos éifeachtúla de bharr na mbeart. 

    Tá sé d’aidhm ag an togra freisin é a dhéanamh níos éasca d’institiúidí airgeadais agus d’eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu rochtain a fháil ar fhaisnéis a fhaigheann údaráis le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta. Tá sé sin comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach sa Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas 4 chun tacú le claochlú digiteach na hearnála airgeadais. Tá sé comhsheasmhach freisin leis an nGníomh um Rialachas Sonraí, lena néascaítear comhroinnt dheonach sonraí atá cosanta faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta agus atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí sna Ballstáit. Ceadaíonn an togra do na húdaráis faisnéis a fuarthas mar chuid dá ndualgais a chomhroinnt, faoi réir na gcoimircí maidir le sonraí pearsanta, cearta maoine intleachtúla agus rúndacht ghnó.

    Maidir le Clár InvestEU, ní bheidh tionchar ag an aistriú ó thuairisciú leathbhliantúil go tuairisciú bliantúil ar bhreisluach agus ar inneachar foriomlán an tuairiscithe; cuireann na comhpháirtithe cur chun feidhme an méid sin ar fáil le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta uile InvestEU ar bhonn carnach. Dá bhrí sin, ní bheidh aon tionchar ag an simpliú atá beartaithe ar bhaint amach chuspóirí beartais an Chláir. Déantar faireachán ar bhaint amach chuspóirí an Chláir ar leibhéal na bpríomhtháscairí feidhmíochta agus faireacháin cheana féin ar bhonn bliantúil. Ina theannta sin, éilíonn an leagan amach conarthach le comhpháirtithe cur chun feidhme idirphlé beartais idir an Coimisiún agus comhpháirtithe cur chun feidhme chun plé rialta a dhéanamh maidir le cur chun feidhme. Le linn na bliana, déantar foráil ann freisin maidir le tuairisciú éadrom ar dhul chun cinn oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó InvestEU, tuairisciú a leanfar ar aghaidh leis chun críocha faireacháin. Leis an leasú atá beartaithe, déanfar na ceanglais tuairiscithe a áirítear i Rialachán InvestEU a chomhchuibhiú i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 (an ‘Rialachán Airgeadais’). Leis an simpliú, urramaítear go hiomlán cuntasacht do shaoránaigh an Aontais sa chiall go leanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán InvestEU, de bheith ag tuairisciú go bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Clár InvestEU, go háirithe i bhfoirm na dtuarascálacha dá bhforáiltear faoi Airteagail 41(5) agus 250 den Rialachán Airgeadais. 

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Faoin gclár um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (REFIT), áirithíonn an Coimisiún go bhfuil a reachtaíocht oiriúnach dá feidhm, go bhfuil sí dírithe ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara agus go n‑íoslaghdaíonn sí ualaí agus a cuspóirí á mbaint amach an tráth céanna. Dá bhrí sin, tá an togra seo mar chuid de chlár REFIT, toisc go laghdaíonn sé castacht na n‑ualaí tuairiscithe a eascraíonn as timpeallacht dhlíthiúil an Aontais. 

    Cé go bhfuil ceanglais tuairiscithe áirithe fíor-riachtanach, ní mór dóibh a bheith chomh héifeachtúil agus is féidir, forluí a sheachaint, ualaí neamhriachtanacha a bhaint agus réitigh dhigiteacha agus idir-inoibritheacha a úsáid a mhéid is féidir.

    Leis an togra, déantar na ceanglais maidir le tuairisciú a chuíchóiriú, agus mar gheall air sin beidh baint amach chuspóirí na reachtaíochta níos éifeachtúla agus beidh ualach níos lú ag baint leis.

    Is é is aidhm do na bearta atá beartaithe maidir leis an earnáil airgeadais comhroinnt sonraí idir údaráis a éascú agus iarrataí dúblacha agus iomarcacha ar thuairisciú chuig institiúidí airgeadais agus eintitis tuairiscithe eile a sheachaint, agus bheadh coigiltis chostais ghaolmhara ag gabháil leis sin. Tá sé d’aidhm acu freisin áisiúlacht na faisnéise a mhéadú, rud a chumasóidh a húsáid níos leithne faoi choinníollacha dochta, agus costais bhreise ar chuideachtaí agus ar údaráis a theorannú an tráth céanna.

    Leis an togra chun minicíocht an tuairiscithe ar chur chun feidhme an Chláir InvestEU a laghdú, beidh baint amach chuspóirí na reachtaíochta níos éifeachtúla agus beidh ualach níos lú ag baint leis do chomhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU agus, dá réir sin, do na micrifhiontair, do FBManna agus do chuideachtaí eile, agus d’idirghabhálaithe airgeadais nár mhór dóibh sonraí a sholáthar do na comhpháirtithe cur chun feidhme chun críocha tuairiscithe. 

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Leasaítear rialacháin atá ann cheana leis an togra seo. Dá bhrí sin, is ionann bunús dlí an togra agus bunús dlí na Rialachán leasaithe, is é sin Airteagal 114 CFAE do na bearta i réimse na seirbhísí airgeadais agus Airteagail 173 agus 175(3) CFAE do bheart InvestEU.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Forchuirtear na ceanglais tuairiscithe lena mbaineann le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, is fearr iad a chuíchóiriú ar leibhéal an Aontais chun deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht tuairiscithe a áirithiú. Áiritheofar leis sin cothrom iomaíochta do chuideachtaí agus d’údaráis ar fud an Aontais, agus bainfidh siad tairbhe as cuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe a eascraíonn as an togra seo.

    Comhréireacht

    Le cuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe, déantar an creat dlíthiúil a shimpliú trí na hathruithe is lú a thabhairt isteach ar na ceanglais atá ann cheana nach ndéanann difear do bhunús an chuspóra beartais níos leithne. Dá bhrí sin, tá an togra teoranta do na hathruithe sin a bhfuil gá leo chun tuairisciú atá níos éifeachtúla a áirithiú gan aon cheann de na gnéithe substaintiúla den reachtaíocht lena mbaineann a athrú.

    An rogha ionstraime

    Cumhdaíonn an togra reachtaíocht a bhfuil bunús dlí comhoiriúnach aici. Ní bhaineann na leasuithe spriocdhírithe ach le ceanglais tuairiscithe agus tá siad oiriúnach dá bhrí sin le cur san áireamh i dtogra aonair. 

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Maidir leis na bearta chun comhroinnt sonraí idir na húdaráis a éascú, in 2019 d’fhoilsigh an Coimisiún seiceáil oiriúnachta chuimsitheach ar cheanglais tuairiscithe maoirseachta an Aontais san earnáil airgeadais 6 . Leis sin, sainaithníodh comhroinnt sonraí mar cheann de na réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu. Mar thoradh air sin, ina straitéis 2021 maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais, gheall an Coimisiún go molfadh sé deireadh a chur le haon bhacainn dhlíthiúil mhíchuí ar chomhroinnt sonraí idir na húdaráis. Is é is aidhm dó sin an tualach ar chuideachtaí tuairiscithe a laghdú trí iarrataí dúblacha ar shonraí a sheachaint. Áirítear leis sin bearta chun comhroinnt sonraí a éascú i reachtaíocht earnálach, bearta a chomhlánaítear leis na bearta a chuimsíonn an earnáil airgeadais i gcoitinne sa togra seo.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair 2022, i gcomhthéacs chur chun feidhme na straitéise maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán spriocdhírithe leis na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar chóras airgeadais an Aontais chun bacainní ar chomhroinnt sonraí eatarthu a shainaithint. As na 58 bhfreagróir, thuairiscigh beagnach 70 % díobh go raibh bacainní dlíthiúla roimh chomhroinnt sonraí nuair a bhí siad ag iarraidh sonraí ó údaráis eile, agus thuairiscigh 40 % díobh go raibh bacainní dlíthiúla roimh chomhroinnt sonraí nuair a bhí siad ag iarraidh sonraí den sórt sin a chur ar fáil d’údaráis eile. Maidir le comhroinnt sonraí le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, d’fhreagair 43 % de na húdaráis go gcomhroinneann siad sonraí chun na críche sin faoi láthair, agus d’fhreagair 36 % díobh sin go raibh bacainní rompu agus iad ag déanamh amhlaidh, lena n‑áirítear easpa bunús dlí. 

    Cuireadh torthaí an chomhairliúcháin i láthair agus rinneadh anailís bhreise orthu i gceardlann, a reáchtáladh an 16 Feabhra 2023, le níos mó ná 130 ionadaí ó na húdaráis sin 7 . Tacaíodh go forleathan le tuilleadh comhroinnte sonraí idir údaráis in earnálacha na baincéireachta, an árachais agus na margaí airgeadais, agus ar fud na nearnálacha freisin, chun feabhas a chur ar úsáid na sonraí bailithe agus chun tuairisciú iomarcach a laghdú. Ag an gceardlann, bhí an chuid is mó de na húdaráis den tuairim go bhfuil sé tábhachtach an bunús dlí do chomhroinnt sonraí i reachtaíocht an Aontais a neartú agus a shoiléiriú. Mheas siad go mbeadh gá le hathruithe spriocdhírithe sa reachtaíocht earnálach agus le forálacha cumasúcháin cothrománacha araon chun toradh cuimsitheach, córasach agus slán i bhfad na haimsire a bhaint amach.

    Ina theannta sin, chuir an Coimisiún eilimintí féideartha den togra i láthair don Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas (Airgeadas Oscailte) an 30 Márta 2023. Cé nár pléadh na forálacha mionsonraithe, chuir saineolaithe in iúl go dtacaíonn siad le comhroinnt sonraí fheabhsaithe ar an leibhéal ginearálta, agus raon feidhme na n‑údarás á sainiú go soiléir an tráth céanna agus gan cur isteach ar na rannáin inniúlachtaí atá ann cheana.

    Maidir leis an gClár InvestEU, cuireadh san áireamh sa togra chun minicíocht an tuairiscithe a laghdú an t‑aiseolas ó chomhpháirtithe cur chun feidhme agus óna n‑idirghabhálaithe, a mheasann go bhfuil na ceanglais tuairiscithe anásta. 

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Sainaithníodh an togra tar éis próiseas grinnscrúdaithe inmheánaigh ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana agus tá sé bunaithe ar an taithí a fuarthas ón reachtaíocht ghaolmhar a chur chun feidhme. Ós rud é gur céim é seo i bpróiseas an mheasúnaithe leanúnaigh ar cheanglais tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais, leanfar den ghrinnscrúdú ar ualaí den sórt sin agus ar a dtionchar ar pháirtithe leasmhara. 

    Measúnú tionchair

    Baineann an togra le hathruithe teoranta agus spriocdhírithe ar an reachtaíocht d’fhonn na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Tá na príomhbhearta bunaithe ar thaithí a fuarthas ó reachtaíocht a chur chun feidhme. Ós rud é go n‑áirithítear leis na hathruithe spriocdhírithe atá beartaithe go gcuirfear na beartais atá ann cheana chun feidhme ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí agus go bhfuil easpa roghanna beartais ábhartha éagsúla ann, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh. 

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Is togra REFIT é seo arb é is aidhm dó reachtaíocht a shimpliú agus ualaí ar pháirtithe leasmhara a laghdú.

     

    Na forálacha maidir le malartú faisnéise idir údaráis san earnáil airgeadais, is iad an chéad chéim iad i dtreo córas nach ndéanann eintitis sonraí a thuairisciú ach aon uair amháin, agus ina ndéanann na húdaráis éagsúla a dhéanann maoirseacht ar an gcóras airgeadais san Aontas na sonraí a chomhroinnt agus a athúsáid de réir mar is gá. Dá bhrí sin, cuideoidh na forálacha le tuairisciú dúblach ag eintitis a sheachaint, agus comhar idir údaráis a chur chun cinn, rud a laghdóidh costais.

    Ní fhorchuirtear comhroinnt sonraí idir na húdaráis leis na forálacha atá beartaithe. Bheadh comhroinnt na sonraí fós faoi réir iarraidh dheonach ach bheadh sé níos éasca iad a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, cé go meastar go rannchuideoidh na forálacha leis an ualach riaracháin ar eintitis tuairiscithe agus ar údaráis tuairiscithe a laghdú, ní féidir an tionchar beacht a bheidh acu a mheas go hionchasach. Is amhlaidh a bhí freisin toisc chineál an togra a sheasfaidh an aimsir, rud a chuirfidh ar chumas na n‑údarás úsáid a bhaint as na forálacha cumasúcháin chun socruithe comhroinnte sonraí a athrú agus a oiriúnú chun freagairt dá riachtanais faisnéise a bhíonn ag síorathrú. 

    Trí chur chun feidhme na straitéise maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais, lena n‑áirítear an togra mar chuid de, beifear in ann teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, toisc go bhfeabhsóidh sé soiléireacht agus comhsheasmhacht na gceanglas tuairiscithe maoirseachta agus go méadófar caighdeánú sonraí. Trí úsáid a bhaint as réitigh den sórt sin, éascófar comhroinnt sonraí agus laghdófar an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí ar bhonn níos ginearálta. Ina theannta sin, méadóidh sé cruinneas agus tráthúlacht na sonraí a fhaigheann na húdaráis agus cuirfidh sé feabhas ar a gcumas anailís a dhéanamh orthu.

     

    Le rochtain ar fhaisnéis níos iomláine agus níos cruinne, cuirfear feabhas ar chumas an Choimisiúin meastachán a dhéanamh ar thionchair a thograí agus faireachán a dhéanamh orthu le himeacht ama, rud atá ina réamhriachtanas chun costais a choinneáil chomh híseal agus is féidir. 

    Trí fhoráil shonrach a chruthú i ndlí seirbhísí airgeadais an Aontais lena gceadaítear athúsáid sonraí arna mbailiú ag údaráis le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, cuirfear feabhas ar fhóntas na sonraí tuairiscithe d’institiúidí airgeadais, do thaighdeoirí agus d’eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu. Ar an gcaoi sin, is féidir leis rochtain a thabhairt go simplí ar fhaisnéis den sórt sin atá i seilbh na n‑údarás agus deiseanna breise a chumasú chun táirgí agus samhlacha gnó a thástáil.

    Má laghdaítear minicíocht an tuairiscithe ar chur chun feidhme Chlár InvestEU, laghdófar an t‑ualach tuairiscithe ar chomhpháirtithe cur chun feidhme agus ar na hidirghabhálaithe airgeadais, ar FBManna agus ar chuideachtaí eile a ndéanann na ceanglais difear dóibh. 

    Cearta bunúsacha

    Urramaítear na cearta bunúsacha maidir le cosaint sonraí, príobháideachas agus maoin (maidir le cearta dílseánaigh i sonraí áirithe, ar sonraí iad atá rúnda ó thaobh na tráchtála de nó atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla). Tá comhroinnt sonraí arna bhfáil ag údaráis faoi réir coimircí maidir le sonraí pearsanta, cearta maoine intleachtúla agus rúndacht ghnó, agus i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 17 agus 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh freisin. 

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo. Ní cheanglaítear leis na forálacha go roinnfear sonraí idir na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar an earnáil airgeadais. Ní leanann an chomhroinnt sin ach an iarraidh dheonach ó údarás amháin go húdarás eile, agus is féidir socruithe a dhéanamh chun costais agus sochair a chomhroinnt idir an údarás comhroinnte agus an údarás iarrthach. I gcás an údaráis iarrthaigh, tá coigilteas costais ann i gcomparáid le cás ina mbeadh orthu an fhaisnéis a fháil ar bhealaí eile, rud a d’fhorchuirfeadh costais freisin orthu siúd a mbeadh orthu an fhaisnéis sin a sholáthar. Is ar bhonn deonach atá an fhoráil maidir le sonraí atá i seilbh údaráis amháin a chomhroinnt le hinstitiúidí airgeadais, taighdeoirí agus eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu agus ní fhorchuirtear costais nua ná aon ualach riaracháin leis.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Neamhbhainteach. 

    Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Sna leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) 1092/2010, ar Rialachán (AE) 1093/2010, ar Rialachán (AE) 1094/2010 agus ar Rialachán (AE) 1095/2010, leagtar amach conas a fhéadfaidh údaráis a dhéanann maoirseacht ar earnáil airgeadais an Aontais faisnéis arna bhfáil acu agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu a chomhroinnt lena chéile. Is é an cuspóir atá ann iarrataí dúblacha ar institiúidí airgeadais agus ar eintitis tuairiscithe eile a sheachaint i gcás ina bhfuil sé de cheart ag dhá údarás nó níos mó an fhaisnéis chéanna a bhailiú. Ba cheart a urramú leis an gcomhroinnt sin na caighdeáin uile is infheidhme maidir le cosaint sonraí, maoin intleachtúil agus rúndacht ghairmiúil. Níor cheart di srian a chur leis an gcomhroinnt atá ag tarlú cheana féin idir na húdaráis ar chor ar bith; ina ionad sin, ba cheart di cainéal breise a chur ar fáil maidir le comhroinnt. Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe freisin a áirithiú go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis le haghaidh reachtóireacht atá bunaithe ar fhianaise; chun na gcríoch sin, ní gá don Choimisiún a bheith in ann eintitis aonair a shainaithint. Ós rud é go bhféadfadh an cineál céanna faisnéise a bheith úsáideach d’údaráis a dhéanann maoirseacht ar an earnáil airgeadais chun a gcúraimí a dhéanamh agus ar bhonn níos leithne, tugtar isteach leis na leasuithe atá beartaithe an deis chéanna dóibh chun an fhaisnéis sin a fháil. Leis na leasuithe atá beartaithe, cumasaítear nuálaíocht freisin trí chead a thabhairt d’údaráis inniúla, ar a dtionscnamh féin, faisnéis a fhaigheann siad ó oibleagáidí tuairiscithe an Aontais nó ó oibleagáidí tuairiscithe náisiúnta a chomhroinnt le hinstitiúidí airgeadais, le taighdeoirí agus le heintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha sonracha chun na sonraí sin a choimirciú.

    Leis na leasuithe atá beartaithe, tugtar sainordú do na húdaráis ceanglais tuairiscithe atá ann cheana a scanadh go córasach agus deireadh a chur le ceanglais atá iomarcach nó atá imithe i léig, costais tuairiscithe a laghdú agus machnamh a dhéanamh ar an tuairisciú atá ann cheana a athúsáid sula dtabharfar isteach ceanglais nua.

    Leis an leasú atá beartaithe ar mhír 4 d’Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/523, laghdaítear minicíocht an tuairiscithe ag comhpháirtithe cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme Chlár InvestEU ó mhinicíocht leathbhliantúil go minicíocht bhliantúil.

     

    2023/0363 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2021/523 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí na seirbhísí airgeadais agus na tacaíochta infheistíochta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, Airteagal 173 agus Airteagal 175, an tríú mír, de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 8 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 9 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Tá sé tábhachtach, áfach, na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir atá beartaithe dóibh agus chun an tualach riaracháin a theorannú. 

    (2)Dá bhrí sin, is tosaíocht é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú, lena náirítear a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe san earnáil airgeadais agus a mhéid a bhaineann le minicíocht an tuairiscithe a bhaineann le Clár InvestEU a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 .

    (3)I Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010 11 , (AE) Uimh. 1093/2010 12 , (AE) Uimh. 1094/2010 13 , (AE) Uimh. 1095/2010 14 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2021/523, tá roinnt ceanglas tuairiscithe ba cheart a shimpliú, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ 15 .

    (4)Ceanglaítear ar institiúidí airgeadais agus ar eintitis eile atá gníomhach sna margaí airgeadais raon leathan faisnéise a thuairisciú chun cur ar chumas an Aontais agus na núdarás náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar an gcóras airgeadais faireachán a dhéanamh ar rioscaí, cobhsaíocht airgeadais agus sláine an mhargaidh a áirithiú, agus infheisteoirí agus tomhaltóirí seirbhísí airgeadais san Aontas a chosaint. Ba cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe agus a mholadh, i gcás inarb iomchuí, ceanglais iomarcacha nó ceanglais atá imithe i léig a chuíchóiriú agus a bhaint. Ba cheart dóibh an obair sin a chomhordú trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach. Trí chomhroinnt agus athúsáid na faisnéise arna bailiú ag na húdaráis a éascú, agus cosaint sonraí, rúndacht ghairmiúil agus maoin intleachtúil á gcoimirciú, ba cheart go laghdófaí an tualach ar eintitis tuairiscithe agus ar údaráis trí iarrataí dúblacha a sheachaint, i gcomhréir leis an Straitéis maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais. Chomh maith leis sin, ba cheart go rannchuideoidh comhroinnt faisnéise le comhordú níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí maoirseachta agus ar chóineasú maoirseachta.

    (5)Chuige sin, i gcás ina bhfuil dhá údarás i dteideal faisnéis áirithe a bhailiú ó institiúidí airgeadais nó ó eintitis tuairiscithe eile, níor cheart dóibh a bheith in ann í a bhailiú ach aon uair amháin agus ba cheart dóibh a bheith in ann í a chomhroinnt le chéile, seachas iad araon a bheith ag bailiú na faisnéise céanna, lena náirítear i gcás ina bhfuil na húdaráis sin i dteideal an fhaisnéis a bhailiú ó eintitis tuairiscithe éagsúla nó ó údaráis tuairiscithe éagsúla. Agus an cuspóir céanna acu, is é sin feabhas a chur ar éifeachtúlacht i mbailiú, próiseáil agus úsáid faisnéise, ba cheart d’údaráis a fheabhsaíonn faisnéis tríd an bhfaisnéis a ghlanadh nó a shaibhriú a bheith in ann faisnéis fheabhsaithe den sórt sin a chomhroinnt freisin.

    (6)Ba cheart comhroinnt faisnéise den sórt sin a bheith comhlántach leis na deiseanna atá ann cheana maidir le faisnéis a mhalartú dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, agus níor cheart di srian a chur ar na deiseanna sin atá ann cheana in aon chás.

    (7)Teastaíonn faisnéis chruinn agus chuimsitheach ón gCoimisiún chun beartais a fhorbairt, chun meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann, lena náirítear le linn na caibidlíochta ar thograí reachtacha. Má dhéanann údaráis faisnéis a chomhroinnt leis an gCoimisiún, faisnéis atá tuairiscithe ag institiúidí airgeadais nó eintitis eile do na húdaráis sin de bhun a noibleagáidí faoi dhlí an Aontais, ba cheart go gcuideodh sin le bonn fianaise-bhunaithe a chur ar fáil chun beartais an Aontais a fhoirmliú agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Chun na críche sin, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith i bhfoirm nach féidir eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. Féadfaidh údaráis tairbhe a bhaint freisin as sonraí anaithnidithe agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a chomhroinnt eatarthu féin i gcás inar gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

    (8)Tá dlús á chur le timthriallta nuálaíochta san earnáil airgeadais agus tá siad ag éirí níos oscailte agus níos comhoibríche. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis a bheith in ann faisnéis a chomhroinnt le hinstitiúidí airgeadais, le taighdeoirí agus le heintitis eile chun críoch taighde agus nuálaíochta thar an gcuspóir tosaigh ar bailíodh an fhaisnéis ina leith. Ba cheart do chomhroinnt na faisnéise sin atá i seilbh na núdarás feabhas a chur ar a fhóntas tríd an bhfaisnéis atá ar fáil le haghaidh taighde san earnáil airgeadais a leathnú agus ba cheart di níos mó deiseanna a chur ar fáil chun táirgí agus samhlacha gnó a thástáil chomh maith le comhar níos fearr a chur ar fáil idir rannpháirtithe éagsúla sa mhargadh airgeadais, lena náirítear an teicneolaíocht airgeadais, gnólachtaí nuathionscanta agus institiúidí airgeadais reatha. Rialaítear athúsáid sonraí arna gcomhroinnt ag údarás inniúil leis an gcreat ginearálta le haghaidh athúsáid sonraí a leagtar amach i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 . Mar sin féin, i bhfianaise íogaireacht na sonraí arna bhfáil ag na húdaráis san earnáil airgeadais chun críocha maoirseachta, ba cheart coinníollacha éigeantacha sonracha a thabhairt isteach maidir le hathúsáid na sonraí sin, lena náirítear anaithnidiú sonraí pearsanta agus neamhphearsanta nach bhféadfaí institiúidí airgeadais aonair a shainaithint ná faisnéis rúnda a chosaint dá mbarr.

    (9)Ba cheart go laghdódh an tathrú ar mhinicíocht an tuairiscithe ar Chlár InvestEU ag comhpháirtithe cur chun feidhme ó mhinicíocht leathbhliantúil go minicíocht bhliantúil ualach oibre na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, na nidirghabhálaithe airgeadais, FBManna agus cuideachtaí eile gan aon cheann d'eilimintí substainteacha Rialachán (AE) 2021/523 a athrú. 

    (10)Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2021/523 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 mar a leanas:

    1.In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: 

    ‘3. Gan dochar d’Airteagail 15 agus 16 agus do chur i bhfeidhm an dlí choiriúil, ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda arna fáil ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 le linn a ndualgais a chomhlíonadh a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán atá de chineál a fhágann nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint.’;

    2.in Airteagal 15, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: 

    ‘8. Roinnfidh BERS, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis arna fáil aige ó údarás eile dá dtagraítear i mír 2 nó ó údarás eile is comhalta de chuid CEMA agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, arna iarraidh sin do cheann eile de na húdaráis sin, nó d’údarás inniúil eile mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, nó in Airteagal 4, pointe (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, nó do na húdaráis a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 , ar choinníoll go bhfuil sé de chumhacht ag an údarás iarrthach an fhaisnéis chéanna sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile de bhun dhlí an Aontais.

    9. Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 8 an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údarás eile dá dtagraítear sa mhír sin. Beidh an t‑údarás iarrthach agus BERS faoi réir na n‑oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus na bhforálacha cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 8 agus i reachtaíocht earnálach is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais nó údarás eile dá dtagraítear i mír 8 agus an t‑údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir údarás eile dá dtagraítear sa mhír sin agus BERS. Cuirfidh BERS gach údarás ábhartha ar an eolas faoin malartú faisnéise sin gan moill mhíchuí. 

    10. Beidh feidhm ag míreanna 8 agus 9 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag BERS ó údarás eile dá dtagraítear i mír 8 agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag BERS uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh BERS ar shlí eile. 

    11. Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 8, 9 agus 10, féadfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 8 meabhráin tuisceana a dhéanamh chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Féadfaidh siad socruithe a shonrú freisin maidir le comhroinnt acmhainní chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil. 

    12. Beidh míreanna 8, 9 agus 10 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 8 i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil mír 8, 9 nó 10 ar neamhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 8, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin. 

    13. Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le comhroinnt faisnéise, déanfaidh BERS, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi agus ar bhonn cás ar chás, faisnéis a chomhroinnt leis an gCoimisiún nó le ceann de na húdaráis dá dtagraítear i mír 8 ar faisnéis í a bheidh tuairiscithe ag údaráis eile dó de bhun a n‑oibleagáidí faoi dhlí an Aontais. Tarchuirfidh BERS an fhaisnéis sin i bhfoirm nach féidir eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. 

    14. Féadfaidh BERS rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n‑áiritheoidh BERS gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

    (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t‑ábhar sonraí nó an institiúid airgeadais a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;

    (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n‑áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla.

    Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach.’

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas: 

    1.in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d): 

    ‘(d) athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n‑eisiúint ag an Údarás, agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear leasuithe chun ceanglais tuairiscithe atá iomarcach nó atá imithe i léig a bhaint agus chun costais a íoslaghdú;’;

    2.in Airteagal 30(3), cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas: 

    ‘(e) éifeachtacht na gceanglas tuairiscithe náisiúnta agus méid an chóineasaithe idir na ceanglais sin agus na ceanglais a leagtar amach i ndlí an Aontais.’;

    3.in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: 

    ‘4.   Sula n‑iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag údaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 35a(1) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.’; 

    4.cuirtear an tAirteagal 35a seo a leanas isteach: 

    ‘Airteagal 35a

    Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

    1. Comhroinnfidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla le húdaráis eile, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis arna fáil acu ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, arna iarraidh sin do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile, do BERS nó d’údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), den Rialachán seo, in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó in Airteagal 4, pointe (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, nó do na húdaráis a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 , ar choinníoll go bhfuil an túdarás a iarrann an fhaisnéis i dteideal, de bhun dhlí an Aontais, an fhaisnéis chéanna sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ ‘institiúid airgeadais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. 

    2. Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Beidh an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis faoi réir na n‑oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 agus i reachtaíocht earnálach is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t‑údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis. Cuirfidh an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis gach institiúid airgeadais ábhartha nó gach údarás inniúil ábhartha ar an eolas faoin malartú faisnéise sin gan moill mhíchuí. 

    3. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ó institiúid airgeadais nó ó údarás eile dá dtagraítear i mír 1 agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ar shlí eile. 

    4. Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 meabhráin tuisceana a dhéanamh chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Féadfaidh siad socruithe a shonrú freisin maidir le comhroinnt acmhainní chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil. 

    5. Beidh míreanna 1 go 4 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil na forálacha san Airteagal seo ar neamhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin. 

    6. Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le comhroinnt faisnéise, déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi, faisnéis a chomhroinnt ar bhonn cás ar chás leis an gCoimisiún nó le ceann de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 ar faisnéis í a bheidh tuairiscithe ag institiúidí airgeadais dóibh de bhun a ndualgas faoi dhlí an Aontais. Tarchuirfidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin i bhfoirm nach féidir eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. 

    7. Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n‑áiritheoidh an tÚdarás gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

    (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t‑ábhar sonraí nó an institiúid airgeadais a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;

    (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n‑áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla.

    Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach.’;

    5.in Airteagal 54(2), cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas: 

    ‘ — ceanglais tuairiscithe agus bailiú na faisnéise ó institiúidí airgeadais.’;

    6.In Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: 

    ‘3. Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla, ÚMEnna eile, BERS agus na húdaráis a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… 19 – i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.’.

    Airteagal 3

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 mar a leanas: 

    1.in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d): 

    ‘(d) athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n‑eisiúint ag an Údarás, agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear leasuithe chun ceanglais tuairiscithe atá iomarcach nó atá imithe i léig a bhaint agus chun costais a íoslaghdú;’;

    2.in Airteagal 30(3), cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas: 

    ‘(e) éifeachtacht na gceanglas tuairiscithe náisiúnta agus méid an chóineasaithe idir na ceanglais sin agus na ceanglais a leagtar amach i ndlí an Aontais.’;

    3.in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: 

    ‘4.   Sula n‑iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag údaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 35a(1) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.’; 

    4.cuirtear an tAirteagal 35a seo a leanas isteach: 

    ‘Airteagal 35a

    Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

    1. Comhroinnfidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla le húdaráis eile, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis arna fáil acu ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, arna iarraidh sin do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile, do BERS nó d’údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), den Rialachán seo, in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó in Airteagal 4, pointe (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, nó do na húdaráis a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 , ar choinníoll go bhfuil an túdarás a iarrann an fhaisnéis i dteideal, de bhun dhlí an Aontais, an fhaisnéis chéanna sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ ‘institiúid airgeadais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. 

    2. Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Beidh an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis faoi réir na n‑oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 agus i reachtaíocht earnálach is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t‑údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis. Cuirfidh an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis gach institiúid airgeadais ábhartha nó gach údarás inniúil ábhartha ar an eolas faoin malartú faisnéise sin gan moill mhíchuí. 

    3. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ó institiúid airgeadais nó ó údarás eile dá dtagraítear i mír 1 agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ar shlí eile. 

    4. Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 meabhráin tuisceana a dhéanamh chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Féadfaidh siad socruithe a shonrú freisin maidir le comhroinnt acmhainní chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil. 

    5. Beidh míreanna 1 go 4 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil na forálacha san Airteagal seo ar neamhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin. 

    6. Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le comhroinnt faisnéise, déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil, faisnéis a chomhroinnt ar bhonn cás ar chás leis an gCoimisiún nó le ceann de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 ar faisnéis í a bheidh tuairiscithe ag institiúidí airgeadais dóibh de bhun a ndualgas faoi dhlí an Aontais. Tarchuirfidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin i bhfoirm nach féidir eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. 

    7. Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n‑áiritheoidh an tÚdarás gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

    (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t‑ábhar sonraí nó an institiúid airgeadais a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;

    (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n‑áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla.

    Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach. ’;

    5.in Airteagal 54(2), cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas: 

    ‘ — ceanglais tuairiscithe agus bailiú na faisnéise ó institiúidí airgeadais.’;

    6.in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: 

    ‘3. Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla, ÚMEnna eile, BERS agus na húdaráis a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… 21 i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.’.

    Airteagal 4

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas: 

    1.in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d): 

    ‘(d) athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n‑eisiúint ag an Údarás, agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear leasuithe chun ceanglais tuairiscithe atá iomarcach nó atá imithe i léig a bhaint agus chun costais a íoslaghdú;’;

    2.in Airteagal 30(3), cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas: 

    ‘(e) éifeachtacht na gceanglas tuairiscithe náisiúnta agus méid an chóineasaithe idir na ceanglais sin agus na ceanglais a leagtar amach i ndlí an Aontais.’;

    3.in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: 

    ‘4.   Sula n‑iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag údaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 35a(1) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.’;

    4.cuirtear an tAirteagal 35a seo a leanas isteach: 

    ‘Airteagal 35a

    Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile  

    1. Comhroinnfidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla le húdaráis eile, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis arna fáil acu ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, arna iarraidh sin do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile, do BERS nó d’údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), den Rialachán seo, in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó in Airteagal 4, pointe (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, nó do na húdaráis a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 , ar choinníoll go bhfuil an túdarás a iarrann an fhaisnéis i dteideal, de bhun dhlí an Aontais, an fhaisnéis chéanna sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ ‘institiúid airgeadais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. 

    2. Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Beidh an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis faoi réir na n‑oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 agus i reachtaíocht earnálach is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t‑údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis. Cuirfidh an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis gach institiúid airgeadais ábhartha nó gach údarás inniúil ábhartha ar an eolas faoin malartú faisnéise sin gan moill mhíchuí. 

    3. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ó institiúid airgeadais nó ó údarás eile dá dtagraítear i mír 1 agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an t‑údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ar shlí eile. 

    4. Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 meabhráin tuisceana a dhéanamh chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Féadfaidh siad socruithe a shonrú freisin maidir le comhroinnt acmhainní chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil. 

    5. Beidh míreanna 1 go 4 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil na forálacha san Airteagal seo ar neamhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin. 

    6. Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le comhroinnt faisnéise, déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil, faisnéis a chomhroinnt ar bhonn cás ar chás leis an gCoimisiún nó le ceann de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 ar faisnéis í a bheidh tuairiscithe ag institiúidí airgeadais dóibh de bhun a ndualgas faoi dhlí an Aontais. Tarchuirfidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin i bhfoirm nach féidir eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. 

    7. Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n‑áiritheoidh an tÚdarás gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

    (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t‑ábhar sonraí nó an institiúid airgeadais a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;

    (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n‑áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla.

    Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach.’;

    5.in Airteagal 54(2), cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas: 

    ‘ — ceanglais tuairiscithe agus bailiú na faisnéise ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.’;

    6.in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: 

    ‘3. Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla, ÚMEnna eile, BERS agus na húdaráis a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… 23 i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.’ 

    Airteagal 5

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/523

    In Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/523, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:  

    ‘4. Uair amháin sa bhliain, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus í miondealaithe de réir urrann AE agus urrann an Bhallstáit, de réir mar is iomchuí. Sa bhreis air sin, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme faisnéis maidir le hurrann an Bhallstáit a chur faoi bhráid Bhallstát na hurrainne a chuirfidh sé chun feidhme. Beidh sa tuarascáil measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid na ráthaíochta AE agus ar chomhlíonadh na bpríomhtháscairí feidhmíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh sonraí oibríochtúla, staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta sa tuarascáil freisin maidir le gach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta agus meastachán ar na sreafaí airgid ionchasacha, ar leibhéal na hurrainne, ar leibhéal na réimse beartais agus ar leibhéal Chiste InvestEU. Áireofar faisnéis freisin sa tuarascáil ó Ghrúpa BEI agus, i gcás inarb iomchuí, ó chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, ar faisnéis í a bhaineann le bacainní ar infheistíocht ar thángthas orthu agus oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna gcumhdach leis an Rialachán seo á ndéanamh. Beidh an fhaisnéis nach mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme a sholáthar faoi phointe (a) d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais sna tuarascálacha.’ 

    Airteagal 6

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    COM(2023) 168.
    (2)    COM(2021) 798 final.
    (3)    Bhí tuairisciú dúblach ar cheann de na hábhair imní a chuir páirtithe leasmhara tionscail in iúl i seiceáil oiriúnachta an Choimisiúin ar cheanglais tuairiscithe maoirseachta an Aontais san earnáil airgeadais (SWD (2019) 402 final).
    (4)    COM(2020) 591 final.
    (5)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
    (6)    SWD (2019) 402 final.
    (7)    https://finance.ec.europa.eu/events/data-sharing-between-authorities-eu-financial-services-2023-02-16_en
    (8)    IO C […], […], lch. […]
    (9)    IO C […], […], lch. […].
    (10)    Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
    (11)    Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).
    (12)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
    (13)    Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
    (14)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
    (15)    COM(2023)168.
    (16)    Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).
    (17)    Oifig na bhFoilseachán : cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad (2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid – COM/2021/423 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
    (18)    Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad (2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
    (19)    Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad (2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final).
    (20)    Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad (2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
    (21)    Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad (2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final).
    (22)    Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad (2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
    (23)    Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad (2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final).
    Top