AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.10.2023
COM(2023) 553 final
2023/0336(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2025, an méid bliantúil le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an togra:
–
Uasteorainn na ranníocaíochtaí le haghaidh 2025;
–
Méid bliantúil na ranníocaíochtaí le haghaidh 2024;
–
Méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2024;
–
Réamhaisnéis neamhcheangailteach le haghaidh méideanna bliantúla na ranníocaíochtaí a mheastar a bheidh ann le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027.
Bainistítear an 11ú CEF agus cistí eile CEF atá fós oscailte (is é sin an 9ú agus an 10ú CEF) faoin tacar rialacha seo a leanas:
(a)an Comhaontú Comhpháirtíochta atá ann faoi láthair idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (‘ACC’) de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (an ‘Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE’) arna leasú go deireanach;
(b)an Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis (‘Comhaontú Inmheánach’ an 11ú CEF);
(c)Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (‘Rialachán Airgeadais an 11ú CEF’).
(d)Cinneadh Uimh. 1/2022 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 21 Meitheamh 2022 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 30 Meitheamh 2023, nó go dtí go dtiocfaidh comhaontú nua i bhfeidhm, nó go ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta nua a chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Stáit ACC, cibé acu is túisce;
(e)Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta;
(f)Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle maidir le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Is éard atá sna doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chisteán CEF. Déantar foráil san 11ú Rialachán Airgeadais CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta a bheidh le déanamh ag na páirtithe le cisteán CEF i gcoinne gealltanais airgeadais réamhchinnte. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, agus cuirtear san áireamh sna Cinntí sin cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh cheana.
Dá bhrí sin, níl roinnt ceannteideal sa mheabhrán míniúcháin infheidhme maidir le glaonna ar ranníocaíochtaí tráthrialta amhail an ceann seo.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
I gcomhréir le hAirteagal 19(2) den 11ú Rialachán Airgeadais CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo faoin 15 Samhain 2023 ar a dhéanaí.
2023/0336 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2025, an méid bliantúil le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis, agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323, agus go háirithe Airteagal 19(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, maidir lena mheastacháin nuashonraithe i ndáil le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu, tá siad le seoladh ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) chuig an gCoimisiún.
(2)I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19(2) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2023 lena sonrófar uasteorainn na ranníocaíochta le haghaidh 2025, méid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027.
(3)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) a bhí ann roimhe sin. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.
(4)De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den chomhaontú um tharraingt siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin le hathúsáid.
(5)Le Cinneadh (AE) 2022/2242 ón gComhairle, socraítear uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochta a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2024 ag EUR 1 300 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 don Bhanc Eorpach Infheistíochta.
(6)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta le haghaidh 2025 ag EUR 809 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 800 000 000 don Choimisiún, agus EUR 9 000 000 do BEI.
Airteagal 2
Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta le haghaidh 2024 ag EUR 1 500 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 1 200 000 000 don Choimisiún, agus EUR 300 000 000 do BEI.
Airteagal 3
Socraítear leis seo ag EUR 650 000 000 méid bliantúil na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an chéad tráthchuid le haghaidh 2024. Déanfar é a roinnt ina EUR 550 000 000 don Choimisiún, agus EUR 100 000 000 do BEI.
Airteagal 4
Déanfar méid EUR 7 800 000 de chistí nár gealladh nó de chistí saortha ó thionscadail faoin Naoú CEF a aisíoc trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na híocaíochta i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2024, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 3.
Airteagal 5
Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2026, socraítear leis seo í ag EUR 600 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 0 do BEI. Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2027, socraítear leis seo í ag EUR 500 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 0 do BEI.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán