EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0528

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

COM/2023/528 final

Strasbourg, 12.9.2023

COM(2023) 528 final

2023/0320(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

{SEC(2023) 308 final} - {SWD(2023) 301 final} - {SWD(2023) 302 final} - {SWD(2023) 303 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA 

Forais agus cuspóirí an togra 

Ina hAitheasc ar staid an Aontais Eorpaigh in 2022, luaigh Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, an tábhacht a bhaineann le tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun cúrsaí a dhéanamh níos éasca d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) gnó a dhéanamh ar an margadh inmheánach agus d’fhógair sí ‘Pacáiste Fóirithinte’ do FBManna. Leis an bPacáiste Fóirithinte do FBManna, a ghlac an Coimisiún inniu, soláthraítear tacaíocht, a bhfuil géarghá léi, do FBManna chun sreabhadh airgid a chinntiú, chun simpliú agus chun infheistiú agus fás a dhéanamh. Tá an tionscnamh seo ina chuid den phacáiste sin.

Tá roinnt mhaith castachta ann de bharr na gcóras cánachais gnó atá san Aontas faoi láthair. Mar gheall air sin bíonn costais chomhlíontachta arda ar ghnólachtaí, chomh maith le bacainní ar oibríochtaí trasteorann, rioscaí maidir le cánachas dúbailte agus/nó róchánachas as a dtagann éiginnteacht maidir le cáin agus díospóidí dlíthiúla minice fadálacha. Maidir leis na slánachair sin, is ualach ar FMBanna iad atá níos airde go comhréireach ná an t‑ualach ar ghrúpaí móra cuideachtaí. Caitheann FBManna thart ar 2,5 % dá gcuid láimhdeachais ar chomhlíonadh a n‑oibleagáidí cánach (e.g. CIT, CBL agus cánacha ioncaim) agus, an tráth céanna, caitheann fiontair mhóra 0,7 %, toisc gur féidir le fiontair mhóra leas a bhaint as barainneacht scála 1 . Más mian le FBManna a bheith ag oibriú ar bhonn trasteorann, bíonn siad inchánach i mbreis agus Ballstát amháin a luaithe a chruthaítear buanbhunaíocht (PE) lena gcuid gníomhaíochta ar an gcoigríoch. Baineann costais sheasta le comhlíonadh na n‑oibleagáidí sin, costais lena gcruthaítear bacainn lenar féidir cosc a chur ar FBManna a gcuid gnó trasteorann a fhorbairt. Is amhlaidh atá ag céim thionscanta an leathnaithe go háirithe, tráth a bheadh na gníomhaíochtaí a dhéantar ar an gcoigríoch ina ngníomhaíochtaí coimhdeacha i ndáil le príomh‑oibriú gnó sa stát tionscnaimh.

Tá sé tábhachtach, dá réir sin, gur féidir le FBManna, a fhéachann le bheith ag fás agus ag leathnú trasna na teorann, trí bhuanbhunaíochtaí, leanúint de na rialacha cánach, a bhfuil cur amach acu orthu, a chur i bhfeidhm chun toradh inchánach a mbuanbhunaíochtaí i mBallstáit eile a ríomh. Leis sin, tabharfar an deis do na FBManna sin an cinneadh gnó is oiriúnaí a dhéanamh, is é sin leanúint de thacair rialacha cánach éagsúla a chur i bhfeidhm ar a n‑oibriú gnó nó na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a roghnú, tar éis dóibh méid na gcostas comhlíontachta agus an chastacht riaracháin is féidir teacht as bheith ag plé le rialacha cánach sainiúla a chur san áireamh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

In 2005, ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht lenar leagadh amach réiteach féideartha ar na costais chomhlíontachta agus constaicí cánach eile a bhíonn roimh FBManna 2 . Cuireadh i láthair léi córas ‘Cánachas an Stáit Baile’ bunaithe ar nóisean an aitheantais fhrithpháirtigh dheonaigh agus cás ina nglacfadh Ballstáit an Aontais leis na rialacha cánach. Dearadh an córas chun go mbeadh sé deonach do na Ballstáit agus do na cuideachtaí agus go reáchtálfaí é i rith céim píolótach 5 bliana. Bhí a raon feidhme ní ba leithne. Cumhdaíodh leis buanbhunaíochtaí agus fochuideachtaí agus rinneadh foráil leis maidir le creat cánach ní ba chasta, amhail bonn cánach comhdhlúite agus leithdháileadh an bhoinn cánach bunaithe ar fhachtóirí oibiachtúla. Níor chuir na Ballstáit réitigh mholta an tionscadail phíolótaigh chun feidhme, áfach.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra go hiomlán comhsheasmhach le beartas an Choimisiúin chun tacaíocht a thabhairt do FBManna. In 2020, sheol an Coimisiún Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach 3 , lenar cuireadh chun cinn gníomhaíochtaí bunaithe ar thrí cholún: ·fothú acmhainneachta agus tacaíocht don chlaochlú chuig inbhuanaitheacht agus digitiú; an t‑ualach rialála a laghdú agus rochtain ar an margadh a fheabhsú; agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú.

I Meán Fómhair 2022, ina haitheasc ar Staid an Aontais, d’fhógair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, gníomhaíochtaí breise, amhail an Pacáiste Fóirithinte do FBManna 4 , a ghlac an Coimisiún inniu agus a bhfuil an tionscnamh seo ina chuid de. Ba cheart go soláthrófaí leis sin tacaíocht, lena bhfuil géarghá, do FBManna chun sreabhadh airgid a chinntiú, oibleagáidí rialála a chomhlíonadh agus infheistíocht agus fás a dhéanamh. Sa Teachtaireacht maidir leis an bPacáiste Fóirithinte do FBManna, tugtar aghaidh freisin ar rochtain FBManna ar mhaoiniú agus scileanna agus cumasú an chreata rialála. Ar deireadh, áirítear sa Phacáiste na rialacha athbhreithnithe maidir le híocaíochtaí déanacha 5 arb é is aidhm dóibh smacht íocaíochta a fheabhsú agus cuideachtaí a chosaint ar éifeachtaí diúltacha moilleanna íocaíochta in idirbhearta tráchtála.

Maidir leis an Treoir atá beartaithe, trína nósanna imeachta láraithe um chomhdú, measúnú agus bailiú cánach agus ionad ilfhreastail, tá sí go hiomlán i gcomhréir le cuspóir an Choimisiúin chun ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú do chuideachtaí agus údaráis fhioscacha, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais ó Mhárta 2023 (COM(2023) 168 final).

Ina theannta sin, slógann Aontas na Margaí Caipitil infheistíocht phríobháideach trasteorann i gcuideachtaí de gach méid, rud lena gcomhlánaítear tacaíocht phoiblí agus laghdaítear spleáchas FBManna ar fhoinsí aonair nó soláthraithe aonair cistiúcháin dá barr.

Ina dhiaidh sin uile, ionas go mbeidh gnólachtaí FBM in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, déantar foráil le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , lenar bunaíodh an Tairseach Aonair Dhigiteach, maidir le rialacha ginearálta i dtaca le soláthar faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chomh maith leis sin, ba cheart faisnéis faoi na forálacha cánach a leagtar amach sa Treoir seo a chur ar fáil d’úsáideoirí trasteorann trí Thairseach Aonair Dhigiteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724, faoi chatagóir L.5.

Dá réir sin, tá an Treoir atá beartaithe i gcomhréir leis an gcur chuige sin, toisc go spreagtar léi FBManna le leathnú thar theorainneacha agus is é is aidhm di a áirithiú nach gcuirtear bac ar FBManna, de bharr costais comhlíontachta cánach, leas iomlán a bhaint as an margadh inmheánach, agus faisnéis úsáideach a chur ar fáil go poiblí an tráth céanna.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT 

Bunús dlí

Tagann an togra seo faoi raon Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is é is aidhm do rialacha an togra dlíthe, rialacháin nó cleachtais riaracháin na mBallstát a neasú toisc go ndéanann siad sin difear díreach do bhunaíocht nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Glacfar é, dá bhrí sin, faoi nós imeachta reachtach speisialta i gcomhréir leis an airteagal seo agus i bhfoirm Treorach. Roinntear inniúlacht an Aontais i ndáil leis an réimse sin leis na Ballstáit.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá méadú ag teacht ar oibriú ghnólachtaí an Aontais thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach, ach tá 27 gcóras cánach corparáide éagsúla i gcreat cánach reatha an Aontais. Cuirtear bac ar ghníomhaíocht ghnó mar gheall ar an iliomad rialacha seo, as a n‑eascraíonn ilroinnt. Go deimhin, tá costais comhlíontachta cánach arda, sa mhargadh inmheánach, do ghnólachtaí trasteorann, toisc nach mór dóibh creataí dlíthiúla éagsúla a chomhlíonadh. Is amhlaidh atá do FBManna go háirithe, a bhfuil a gcuid costas níos airde ar bhonn comhréireach 7 . Thairis sin, cruthaítear leis na héagothromaíochtaí atá ann cheana idir na Ballstáit neamhréireanna as a bhféadfadh cánachas/neamhchánachas dúbailte teacht. 

Tá na fadhbanna sin ag na Ballstáit uile agus ní féidir aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach le gníomhaíochtaí náisiúnta aonair. Toisc gur ann do na fadhbanna sin de bharr córais chánach éagsúla atá i bhfeidhm ar an gcéad dul síos, leanfadh éifeachtaí neamh‑leordhóthanacha agus neamhchomhordaithe an ghníomhaíocht náisiúnta éagsúil. Ar an gcaoi chéanna, cé go bhféadfadh comhar níos fearr a bheith tairbheach, bhí an cur chuige sin déthaobhach den chuid is mó agus bíonn sé teoranta.

Sa chomhthéacs sin, ní fhéadfadh ach tionscnamh, ina gcuimsítear an tAontas ar fad, lena ndéantar foráil maidir le simpliú a bheith éifeachtach agus is é an t‑aon ionstraim dlí oiriúnach é. Laghdófaí an chastacht agus a hiarmhairtí go mór dá mbeadh creat simpliúcháin ann do FBManna lena ligfí dóibh tacar amháin rialacha cánach a chur i bhfeidhm dá mba mhian leo forbairt a dhéanamh ar an gcoigríoch.

Dá ndéanfaí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, bheadh breisluach soiléir ag baint leis. I gcás FBManna, chun cáin a ghearradh ar bhuanbhunaíochtaí, ar leathnú ar phearsantacht dhlítheanach na ceannoifige iad, ní féidir simpliú a bheith éifeachtach ach amháin, má aithnítear gur féidir na rialacha cánachais sa Bhallstát tionscnaimh (ceanncheathrú) a chur i bhfeidhm chun an bonn cánach sna Ballstáit ‘leathnúcháin’, i.e. an áit a bhfuil na buanbhunaíochtaí suite, a ríomh. Anuas air sin, in ionad comhdú i ngach Ballstát a bhfuil bunaíocht inchánach ag FBM ann de bharr buanbhunaíochta, bheadh FBManna in ann na ceanglais uile a chomhlíonadh tríd an gceannoifig agus i mBallstát na ceannoifige amháin (ionad ilfhreastail). Tá sé sin níos éifeachtúla do na húdaráis fhioscacha freisin, a dhéanann measúnú faoi láthair ar dhliteanais chánach na ngnólachtaí trasteorann céanna ar leithligh ach a gcuid acmhainní féin ag gach ceann acu.

Dá bhrí sin, tá an tionscnamh seo i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar síos in Airteagal 5(3) CFAE, toisc nach féidir na cuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach le gníomhaíocht náisiúnta aonair agus go mbainfeadh an seans ba mhó, i ndáil le baint amach na gcuspóirí atá beartaithe, le cur chuige coiteann do na Ballstáit uile.

Comhréireacht 

Ní théann na bearta atá beartaithe thar an íosmhéid a bhfuil gá leis chun gníomhaíochtaí trasteorann FBManna a éascú agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, dá réir sin. Dá bhrí sin, comhlíonann siad prionsabail na comhréireachta. Maidir le raon feidhme an bhirt atá beartaithe, baineann sé le ríomh an toraidh inchánach i gcásanna teoranta, gan na rialacha cánach sna Ballstáit a chomhchuibhiú, agus leis sin amháin. Níl pearsantacht dhlítheanach ar leithligh ag na buanbhunaíochtaí atá difriúil le pearsantacht dhlítheanach na Ceannoifige féin. Is láithreacht inchánach de chuid FBM i mBallstát eile iad, áfach, rud lena gcruthaítear cearta chun cánachais don Bhallstát ina bhfuil buanbhunaíocht den sórt sin suite. Maidir leis an togra, ní fhorordaítear ann comhchuibhiú na gcóras cánach corparáide ach leagtar amach ann féidearthacht do FBManna tacar aonair rialacha cánach a úsáid (i.e. rialacha Bhallstát na Ceannoifige) chun an toradh inchánach i leith gníomhaíochtaí a dhéantar trí bhuanbhunaíocht a ríomh. Braitheann an córas ar aitheantas frithpháirteach agus cás ina nglacfadh na Ballstáit rialacha cánachais a chéile le haghaidh FBManna agus buanbhunaíochtaí. Thairis sin, tá an simpliú sin roghnach do na FBManna uile is incháilithe.Fanfaidh an ráta cánach agus na beartais forfheidhmiúcháin faoi inniúlacht Bhallstáit na mbuanbhunaíochtaí. Dá dhroim sin, tá an tionscnamh seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(3) CFAE chomh maith, toisc nach dtéann a ábhar ná a fhoirm thar a bhfuil riachtanach agus tá sé ar cóimhéid leis na cuspóirí atá beartaithe.

An rogha ionstraime 

Is togra le haghaidh Treorach é an togra, arb í an t‑aon ionstraim dlí atá ar fáil faoin mbunús dlí (Airteagal 115 CFAE). 

3.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARASA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

Torthaí ó na comhairliúcháin le páirtithe leasmhara

I gcomhthéacs an phacáiste níos leithne dar teideal ‘Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachais Ioncaim (BEFIT)’, sheol ranna an Choimisiúin comhairliúchán poiblí lenar cumhdaíodh gnéithe a bhí ábhartha i ndáil le FBManna freisin. Rinneadh machnamh cuí ar na haighneachtaí uile a fuarthas, lena n‑áirítear i ndáil le FBManna.

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara FBManna, agus malartaíodh tuairimí maidir leis na roghanna atá beartaithe le haghaidh FBManna a oibríonn thar theorainneacha, go háirithe, le linn cruinniú le Líonra Toscairí na FBManna ar grúpa saineolaithe é a dtéann an Coimisiún i gcomhairle leis go tráthrialta.

Measúnú tionchair

Tá an tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo bunaithe ar an dréacht‑tuarascáil ar an measúnú tionchair, a ndearna an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála grinnscrúdú uirthi, agus pléadh í sa chruinniú ábhartha an 24 Bealtaine 2022. Sa tuairim dar dáta 26/05/2023, leag an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála na moltaí amach.

Fuarthas gur gá na tionscnaimh, a ndearnadh measúnú orthu sa tuarascáil, a bhfuarthas tuairim dhearfach ina leith le forchoimeádas ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála, a chur i láthair mar thograí ar leithligh. Mar gheall air sin, déantar measúnú ar thionchair an togra seo sa tuarascáil ar an measúnú tionchair, agus ar an tionchar sin amháin.

Is éard atá sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo léiriú dílis ar an anailís ar FBManna atá sa dréachtmheasúnú tionchair, a ndearnadh grinnscrúdú air, agus comhtháthaítear ann moltaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála ina leith sin.

Déantar scrúdú sa tuarascáil ar thionchar an togra ar bhonn na roghanna beartais iomadúla, a ndéantar measúnú ar thrí cinn acu:

Choinneofaí an creat beartais atá ann faoi láthair faoin gcás bunlíne (status quo) ar bun. Ciallaíonn sé sin go leanfadh an tAontas leis na 27 gcóras cánach corparáide éagsúla agus nach dtairgfí aon simpliú riaracháin do FBManna ag a mbeadh láithreacht inchánach i mBallstát amháin eile nó níos mó. Dá bharr sin bheadh bacainní leantacha ar dhea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, toisc go mbeadh costais chomhlíontachta a bheadh ní b’airde go díréireach ar FBManna fós agus ní bheadh cothroime iomaíochta ann. I gcomparáid leis na roghanna beartais, thuigfí leis sin go mbeadh caillteanas eacnamaíoch ann de bharr rannpháirtíocht íseal leantach FBManna sa mhargadh inmheánach.

Rogha 1: Córas Cánach Ceannoifige roghnach do FBManna ag a bhfuil buanbhunaíochtaí

An rogha gan ach FBManna ag a bhfuil buanbhunaíochtaí i mBallstáit eile a áireamh faoi raon feidhme an togra, agus gan FBManna ag a bhfuil fochuideachtaí a áireamh. Bheadh láithreacht inchánach ag na FBManna sin i mBallstát amháin, nó níos mó, trí bhuanbhunaíochtaí. Moltar leis an rogha seo go ríomhfaí torthaí inchánach gach buanbhunaíochta den FBM i gcomhréir le rialacha infheidhme stát na ceannoifige má roghnaíonn FBM a bheith páirteach sa chóras sin. Bheadh ar FBManna an rogha a dhéanamh a bheith páirteach. Chun imchéimniú a chosc, chuirfí na rialacha i gceangal leis an gceanglas go mbeadh ar FBM, a dhéanann an rogha a bheith páirteach, rialacha stát na ceannoifige a chur i bhfeidhm go ceann íostréimhse ama, 5 bliana mar shampla. Anuas air sin, beidh FBManna i dteideal a rogha a athnuachan gach 5 bliana gan teorainn fad is go leanfaidh siad de chomhlíonadh na gceanglas incháilitheachta. Tá na forálacha incháilitheachta, maille leis na forálacha foirceanta, ceaptha chun mí‑úsáid agus cleachtais pleanála cánach, a d’fhéadfadh a bheith ann, a dhíspreagadh, amhail aistriú na Ceannoifige chuig tír ísealchánach d’aon turas.

Rogha 2: Córas Cánach Ceannoifige roghnach do FBManna ag a bhfuil buanbhunaíochtaí agus fochuideachtaí

De rogha air sin, is ann don dara rogha chun a ligean do FBManna incháilithe an tacar céanna rialacha a chur i bhfeidhm maidir le ríomh thorthaí inchánach na mbuanbhunaíochtaí agus na bhfochuideachtaí araon. Ar an gcaoi chéanna, ríomhfaí é sin trí úsáid a bhaint as na rialacha is infheidhme i mBallstát a cheannoifige nó a cheanncheathrún. Leis sin, leathnófaí raon feidhme an togra chun grúpaí eintiteas a áireamh freisin. Tá an anailís ar na heilimintí teicniúla mar an gcéanna leis an anailís sa chéad rogha, ach tá na himpleachtaí difriúil, ag brath ar cé acu, fochuideachtaí nó buanbhunaíochtaí, a gcuirtear na rialacha comhchoiteanna i bhfeidhm maidir leo, toisc gur daoine dlítheanacha ar leithligh iad fochuideachtaí agus tá buanbhunaíochtaí mar chuid den eintiteas dlítheanach céanna leis an gceannoifig.

Tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair gurb í rogha 1 an rogha ab fhearr. Ní hamháin go mbeidh sí éifeachtach chun cuspóirí sonracha an tionscnaimh a bhaint amach, ach anuas air sin, léirítear éifeachtúlacht léi, toisc go bhfuil a raon feidhme teoranta ceaptha chun na FBManna sin a bhfuil buanbhunaíochtaí i mBallstát eile acu a áireamh, agus na FBManna sin amháin, ar FBManna iad atá ag céim thosaigh a leathnaithe go bunúsach.

I gcás FBManna a d’fhéadfadh a bheith ag pleanáil chun leathnú thar an teorainn agus arbh fhéidir go raibh bac orthu mar gheall ar na costais chomhlíontachta arda a d’fhéadfadh a bheith orthu, rachadh an simpliú i ngleic leis na cuspóirí sin ar an mórgóir. Tá na rialacha roghnach do FBManna i ndáil lena raon feidhme agus, dá bhrí sin, is féidir leo siúd a fhéadann tairbhe a bhaint astu iad a úsáid, agus ba cheart go mbeadh éifeachtacht ann do na FBManna sin dá bharr sin.

D’fhéadfadh coinne a bheith leis go ndéanfadh FBManna, ar mian leo leathnú thar theorainneacha, amhlaidh trí bhuanbhunaíocht ar an gcéad dul síos, in ionad eintiteas dlítheanach ar leithligh a chur ar bun faoi dhlíthe na gcuideachtaí sna Ballstáit eile. Bheadh costas comhlíontachta breise ag baint le bunú eintitis dhlítheanaigh freisin. Mar gheall air sin, bheadh an rogha sin éifeachtúil i ndáil le spreagadh an leathnaithe trasteorann agus, go sonrach, baint na mbacainní cánach a d’fhéadfadh cosc a chur ar FBManna a bheith go hiomlán rannpháirteach sa mhargadh inmheánach.

Áirítear sa mheasúnú tionchair measúnú costais agus tairbhe ar an tionscnamh, agus meastar go mbeidh sé dearfach. I measc na dtairbhí a bheadh ann do FBManna faoin rogha seo, d’fhéadfadh na simplithe a thabharfaí isteach leis an tionscnamh na costais comhlíontachta cánach atá ann faoi láthair a laghdú in aghaidh na gnólachta agus tá coinne leis go spreagfar leo infheistíocht agus fás trí thuilleadh gníomhaíochtaí trasteorann. Tá coinne leis go mbeidh tairbhí ann ar thaobh an údaráis fhioscaigh, agus aghaidh á tabhairt ar thuairisceáin chánach, measúnuithe cánach agus bailiú cánach trí ionad ilfhreastail ar an gcéad dul síos, agus ar an dara dul síos, trí rioscaí calaoise nó mí‑úsáide a laghdú le córas amháin. I láthair na huaire tá an fhéidearthacht a bhaineann le neamhrialtachtaí agus calaois, i gcás cáiníocóir ag a bhfuil buanbhunaíochtaí i mBallstáit iomadúla, níos airde ná an fhéidearthacht sin i gcás ina bpléifeadh an cáiníocóir sin le húdarás fioscach aonair amháin; bheadh na hiniúchtaí agus na rialuithe ní b’éasca agus ní ba dhoichte.

Ní féidir meastachán cruinn a dhéanamh maidir le costais an togra toisc nach bhfuil aon fhasach ann don togra agus níl aon sonraí tiomnaithe ann a d’fhéadfaí a úsáid go hiontaofa chun meastacháin bheachta a fháil. Mar sin féin, tugtar tuairisc sa tuarascáil ar na costais a d’fhéadfadh a bheith ann do FBManna agus údaráis fhioscacha agus tugtar roinnt meastachán inti. Meastar go mbeidh na costais beag i gcomparáid leis na tairbhí a mheastar a thiocfaidh as an simpliú. Is féidir na meastacháin sin a fháil in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is é is aidhm don togra ualaigh rialála a laghdú do na cáiníocóirí agus do na húdaráis fhioscacha. Dá réir sin, is ualach ar FBManna iad costais comhlíontachta cánach agus rachaidh a laghdú go mór chun tairbhe dóibh le linn chur chun feidhme an tionscnaimh. Tá an laghdú measta ar chostais chomhlíontachta sa tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Chun cuspóirí an tionscnaimh a chomhlíonadh ar bhealach comhréireach, is í rogha 1 an rogha ab fhearr. Beidh de rogha ag FBManna ag a bhfuil buanbhunaíochtaí i mBallstát amháin eile nó níos mó a rialacha cánach Ceannoifige a chur i bhfeidhm chun toradh inchánach a mbuanbhunaíochtaí a ríomh. Leis an gcumhacht lánroghnach sin atá ag an gcáiníocóir, ba cheart na hualaí rialála a laghdú go héifeachtach. Is dócha go roghnóidh FBManna a bheith páirteach nuair is féidir leo tairbhiú den simpliú a thugtar leis na rialacha. Mura roghnóidh, leanfaidh siad de chur i bhfeidhm na rialacha atá ann cheana. Ar an mbealach sin, áirithítear le raon feidhme an togra go gcoinnítear costais chomhlíontachta FBManna íseal. Ar deireadh, toisc gurb é is príomh‑aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar riachtanais gnólachtaí trasteorann a bhfuil láithreacht inchánach acu i mbreis agus Ballstát amháin, beidh roinnt mhaith micrifhiontar lasmuigh den raon feidhme, go bunúsach. 

Maidir leis na húdaráis fhioscacha, go háirithe údaráis fhioscacha na mBallstát óstach, ba cheart go dtairbheoidh siad den laghdú, a bhfuil coinne leis, ar an ualach oibre, toisc go mbeidh comhdú, measúnú agus bailiú cánach láraithe i mBallstát na ceannoifige. Déanfar an t‑ualach oibre breise sin a bheidh ar Bhallstát na ceannoifige a chúiteamh go pointe le líon laghdaithe díospóidí agus nósanna imeachta a eascraíonn, faoi láthair, as cur i bhfeidhm tacar éagsúil rialacha ar an ioncam céanna nó na hidirbhearta céanna.

Cearta bunúsacha

Níl coinne leis go mbeidh éifeacht shuntasach ag an togra seo ar chearta bunúsacha. Tá na bearta atá beartaithe comhoiriúnach do na cearta, saoirsí agus prionsabail i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.15 Áiritheofar go sonrach le hAirteagal 18 den togra go gcosnófar sonraí pearsanta. Trí chothroime iomaíochta a bhaint amach do chách, bacainní trasteorann a bhaint, agus níos mó deimhneacht chánach a sholáthar, cuirfidh an togra leis an iarracht chun cosc a chur ar aon idirdhealú nó srianta gan údar ar na saoirsí a bhaineann le gnó a dhéanamh.

4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Chun mionsonraí a fháil, féach an Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra. Tabhair do d’aire nach bhfuil coinne leis go dtabhófaí aon impleacht mhór bhuiséadach de thoradh an togra seo, toisc go bhfuil na himpleachtaí sin teoranta do mhalartú faisnéise idir an cheannoifig agus na Ballstáit óstacha.

5. EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe 

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcás sna Ballstáit 5 bliana tar éis chur i bhfeidhm rialacha na Treorach agus foilseoidh sé tuarascáil.

Chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach, is gá am leordhóthanach agus an cúnamh uile is gá a thabhairt do na Ballstáit, chun rialacha an Aontais a chur chun feidhme go cuí. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na Treorach 5 bliana tar éis di teacht i bhfeidhm agus tuairisceoidh sé don Chomhairle maidir lena hoibriú. D’fhéadfadh togra chun an Treoir a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí. Maidir le haon fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit agus a bhféadfadh gá a bheith léi chun críoch meastóireachta, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a sholáthar don Choimisiún.

Anuas ar mheastóireacht, déanfar faireachán tráthrialta leanúnach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an tionscnaimh trí úsáid a bhaint as na táscairí réamhshainithe seo a leanas: costais chomhlíontachta ar FBManna, i gcoibhneas lena láimhdeachas agus FBManna inchomparáide nach gcuireann an simpliú atá beartaithe i bhfeidhm; an líon FBManna a roghnaigh a bheith páirteach;an líon FBManna a leathnaigh thar theorainneacha trí bhunú buanbhunaíochta; an líon FBManna a fhágann an raon feidhme trí fhochuideachta a bhunú;láimhdeachas FBManna atá faoin raon feidhme, i gcoibhneas le FBManna nach gcuireann an simpliú atá beartaithe i bhfeidhm.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra 

Ábhar

Déantar foráil sa Treoir maidir le cur chuige simplithe i ndáil le FBManna neamhspleácha a oibríonn thar theorainneacha san Aontas a chur faoi chánachas i leith a (m)buanbhunaíochta(í) i mBallstáit eile. Tugtar ‘Cánachas Ceannoifige’ ar an gcur chuige simplithe sin (Airteagal 1). Tá an réiteach sin teoranta do na rialacha cánachais le haghaidh ríomh an toraidh inchánach do bhuanbhunaíochtaí agus ní chumhdaítear leis na rialacha slándála sóisialta a chuirtear i bhfeidhm i mBallstát na buanbhunaíochta, agus ní dhéantar difear leis do na coinbhinsiúin dhéthaobhacha atá ann cheana maidir le seachaint an chánachais dhúbailte.

Raon feidhme 

Tá raon feidhme na rialacha teoranta do FBManna neamhspleácha a oibríonn go heisiach trí bhuanbhunaíochtaí i mBallstát amháin, nó níos mó (Airteagal 2).

Ceanglais incháilitheachta, rogha agus eisiaimh

Beidh de rogha ag FBManna incháilithe toradh inchánach/torthaí inchánach a mbuanbhunaíochtaí a ríomh bunaithe ar rialacha cánachais Bhallstát a gceannoifige, agus na rialacha sin amháin, agus is éard a bheidh sa ráta cánach/sna rátaí cánach is infheidhme ráta(í) an Bhallstáit/na mBallstát ina bhfuil an bhuanbhunaíocht/na buanbhunaíochtaí suite. Tá an rogha, agus a hathnuachan, teorannaithe go daingean le ceanglais incháilitheachta, áfach, ceanglais arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar rioscaí féideartha maidir le himchéimniú na rialacha (Airteagail 3 agus 9). Beidh an rogha sin ar fáil go ceann 5 bliana (Airteagal 7), mura n‑athróidh an Cheannoifig a háit chónaithe idir an dá linn nó mura mbíonn láimhdeachas comhpháirteach na mbuanbhunaíochtaí trí oiread láimhdeachas na ceannoifige ar a laghad (Airteagal 8), ar cásanna iad siúd nach mbeidh feidhm ag rialacha HOT a thuilleadh.

Ag deireadh gach tréimhse 5 bliana, beidh FBManna i dteideal a rogha a athnuachan go ceann 5 bliana eile gan teorainn fad agus go leanfaidh siad de na ceanglais incháilitheachta a chomhlíonadh (Airteagal 9).

Tá na forálacha incháilitheachta agus na forálacha foirceanta ceaptha chun mí‑úsáid agus cleachtais pleanála cánach, a d’fhéadfadh a bheith ann, a dhíspreagadh, amhail an Cheannoifig a aistriú d’aon turas chuig Ballstát, a bhfuil gnéithe mealltacha ina chóras cánach lena n‑áirithítear cánachas íseal. Nuair a chinnfidh FBM neamhspleách fochuideachta a bhunú, nó nuair a bheidh láimhdeachas comhpháirteach a bhuanbhunaíochtaí dhá oiread láimhdeachas na ceannoifige, ar a laghad, nó nuair a scoirfidh sé de bheith incháilithe mar FBM, ní féidir leis na rialacha HOT a athnuachan nuair a rachaidh an tréimhse 5 bliana in éag (Airteagal 10).

Nósanna imeachta láraithe

Le hionad ilfhreastail, cuirfear ar a gcumas do FBManna, atá faoin raon feidhme, idirghníomhú a dhéanamh le húdarás fioscach Bhallstát a gceannoifige, agus leis an údarás sin amháin, i ndáil leis an nós imeachta a bhaineann leis an rogha a dhéanamh a bheith páirteach agus chun oibleagáidí a chomhdú agus cánacha a íoc (Airteagail 6, 9, 11 agus 14). Ceannoifig an FBM a bheidh san ‘eintiteas is comhdaitheoir’ le haghaidh na mbuanbhunaíochtaí uile. Dá réir sin, comhdóidh FBManna tuairisceán cánach aonair amháin le húdarás fioscach a gceannoifige (‘an t‑údarás comhdaithe’) (Airteagal 11). Aistreoidh an t‑údarás fioscach sin na hioncaim chánach a eascraíonn as sin chuig gach Ballstát ina bhfuil buanbhunaíocht ag an FBM (Airteagal 14). Le cur chuige den sórt sin, bainfear na castachtaí agus costais ghaolmhara a bhaineann le bheith ag plé le córais chánach agus údaráis fhioscacha iomadúla.

Cuirfidh Ballstát na ceannoifige i bhfeidhm na rátaí is infheidhme sa Bhallstát/sna Ballstáit ina bhfuil buanbhunaíochtaí ag an FBM agus, ina dhiaidh sin, cuirfidh sé na hioncaim chánach a eascraíonn as sin chuig an mBallstát/na Ballstáit ina bhfuil buanbhunaíochtaí ag an FBM (Airteagal 12).

Déantar foráil maidir le malartú tráthúil cuíchóirithe faisnéise idir na húdaráis chánach lena mbaineann (Airteagail 11 agus 14), go háirithe trí úsáid a bhaint as an gcreat atá ann cheana a bunaíodh leis an Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais 8 . Beidh an malartú sin saincheaptha ionas go bhfreagrófaí leis na riachtanais agus an cuspóir simpliúcháin is aidhm don Treoir sin.

Iniúchtaí, achomhairc agus díospóidí

Tá gach Ballstát fós inniúil i ndáil le hiniúchtaí a dhéanamh ar bhuanbhunaíochtaí ina dhlínse agus is féidir leis iniúchtaí comhpháirteacha a iarraidh, lena gcruthaítear oibleagáid a bheith rannpháirteach don Bhallstát is seolaí (Airteagal 13).

Ar deireadh, tuigtear, le cur i bhfeidhm roghnach na rialacha, go bhféadfaí rioscaí a chruthú i ndáil le saobhadh iomaíochta toisc go bhféadfadh gnólachtaí inchomparáide a bheith faoi réir rialacha cánachais éagsúla. Mar sin féin, is mó na tairbhí ná na rioscaí sin, agus cúitítear leis an gcóras na costais comhlíontachta cánach bhreise agus shuntasacha a bheadh tabhaithe ag na FBManna sin ag a bhfuil buanbhunaíocht murach sin.

2023/0320 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 9 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 10 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Níl aon chur chuige coiteann san Aontas faoi láthair maidir le ríomh an bhoinn cánach do ghnólachtaí. Tá gnólachtaí an Aontais faoi oibleagáid, dá bhrí sin, rialacha na gcóras cánach corparáide éagsúil a chomhlíonadh, ag brath ar an mBallstát ina n‑oibríonn siad.

(2)Mar gheall ar chómhaireachtáil agus idirghníomhú 27 gcóras cánach ioncaim corparáide éagsúla san Aontas, tá castacht ann maidir le comhlíonadh cánach agus ní bhíonn cothroime iomaíochta ann do na gnólachtaí. Tá tionchar níos airde aige sin ar FBManna ná cáiníocóirí móra agus tá sé ag éirí níos soiléire toisc go bhfuil an tuiscint ar theorainneacha agus samhaltacha gnó athraithe go mór ag an domhandú agus digitiú an gheilleagair. Freagairt ilroinnte ó na Ballstáit atá ann de thoradh na n‑iarrachtaí atá déanta ag rialtais chun oiriúnú don réaltacht nua seo, rud as a n‑eascraíonn tuilleadh saofa sa mhargadh inmheánach. Thairis sin, tá cleachtais éagsúla i measc na n‑údarás fioscach ar fud na mBallstát ann de bharr na gcreataí dlíthiúla éagsúla. Is gnách go mbíonn nósanna imeachta fadálacha ag baint leis sin agus is minic a bhíonn dothuarthacht agus neamhréir ann in éineacht le costais chomhlíontachta arda.

(3)Mar gheall ar an réimse bealaí atá ann chun gnó a dhéanamh sa mhargadh inmheánach, éilítear réitigh éagsúla le haghaidh gnólachtaí éagsúla a mhéid a bhaineann le dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair mar gheall ar a gcuid oibríochtaí trasteorann. Maidir le gnólachtaí beaga nach bhfuil ina gcuid de ghrúpa, bíonn sé níos deacra dóibhsean a bheith ag leathnú thar theorainneacha ná a bhíonn i gcás na ngnólachtaí móra. Bíonn go leor oibre i gceist do na gnólachtaí beaga sin, dá réir sin, nósanna imeachta casta agus costais chomhlíontachta arda a láimhseáil. Is léir, dá bhrí sin, go bhfuil réiteach ag teastáil ó mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar chéimeanna tosaigh an leathnaithe, amhail sásra simplithe le haghaidh ríomh a dtoraidh inchánach i gcás ina n‑oibríonn siad thar an teorainn trí bhíthin buanbhunaíochtaí go heisiach.

(4)Chun an éiginnteacht sin maidir le cáin a leigheas, chomh maith leis an deacracht a bhaineann le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le córas cánach anaithnid i gcás ina n‑oibrítear i mBallstát amháin eile nó níos mó (ar ceann de na príomhfhachtóirí é a chuireann bac ar FBManna a bheith ag leathnú ar an gcoigríoch), ba cheart toradh inchánach buanbhunaíochtaí a ríomh ar bhonn rialacha an Bhallstáit ina bhfuil an Cheannoifig (ceanncheathrú FBM) ina cónaí chun críoch cánach. Ciallaíonn sé sin freisin go mbeadh feidhm fós ag na prionsabail lena rialaítear sannadh ioncaim do bhuanbhunaíocht, a leagtar amach sa choinbhinsiún déthaobhach is infheidhme le haghaidh sheachaint an chánachais dhúbailte idir Ballstát na buanbhunaíochta agus Ballstát na Ceannoifige. Chun a áirithiú gur foinse simpliúcháin le haghaidh FBManna a bheidh in aon riail nua, ba cheart dá gcur i bhfeidhm a bheith roghnach, agus ba cheart é a fhágáil de rogha ag an gcáiníocóir.

(5)Chun cleachtais chánach mhí‑úsáideacha a chosc, tá rialacha sonracha in aghaidh mí‑úsáid cánach ceaptha, mar shampla, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí maidir le seachaint cánach atá bainteach le haistriú cónaí cánach FBM, agus chun cinneadh shuíomh na ceannoifige ar bhonn cuspóirí cánach a sheachaint. Dá réir sin, ba ghá faireachán a dhéanamh ar fhorás an láimhdeachais a shannfaí don bhuanbhunaíocht/do na buanbhunaíochtaí chun a gcuid oibríochtaí a choinneáil ar bun mar ghníomhaíochtaí nach bhfuil ar chomhleibhéal leis an bpríomhghníomhaíocht ba cheart don cheannoifig a dhéanamh. Ar an mbealach sin, ní ghabhfadh riosca maidir le mí‑úsáid na rialacha le bunú ceannoifigí folmha fad a dhéantar formhór na ngníomhaíochtaí gnó ar an gcoigríoch. Ar an dul céanna, ba cheart an incháilitheacht don chóras simpliúcháin cánach chomh maith le foirceannadh agus athnuachan na rogha a bheith faoi féir coinníollacha diana. Ba cheart na coinníollacha sin a chur in éineacht leis na ceanglais a bhaineann le láimhdeachas na ceannoifige i gcomparáid le láimhdeachas na buanbhunaíochta/na mbuanbhunaíochtaí. Is é is aidhm dó sin é a chur i dtábhacht a thuilleadh go bhféadfadh sé gur leathnú de phríomhghníomhaíocht na ceannoifige a bheidh sa ghnó a dhéanfar tríd an mbuanbhunaíocht/na buanbhunaíochtaí. Anuas air sin, a luaithe a dhéanfar an rogha chun an creat simpliúcháin cánach a chur i bhfeidhm, ba cheart fad éigeantach a bheith aige, chun cosc a chur ar chásanna ina n‑aistreofaí áit chónaithe na ceannoifige, chun leas a bhaint as cásanna tairbheacha cánach ócáideacha agus gearrthéarmacha.

(6)Is earnáil shonrach gníomhaíochta í an loingseoireacht idirnáisiúnta atá faoi réir córais chánach speisialta i mBallstáit iomadúla. Maidir leis na córais sin, baineann siad, den chuid is mó, le ríomh an bhoinn cánach ar bhonn thonnáiste (i.e. acmhainn iompair) na long oibríochta in ionad ar bhonn na mbrabús nó na gcaillteanas iarbhír arna dtabhú ag an gcuideachta. Ar an mbonn sin, ba cheart FBManna a fhaigheann ioncam ó ghníomhaíochtaí loingseoireachta a chumhdaítear le córas cánach tonnáiste a eisiamh ó bheith in ann a roghnú a bheith páirteach i rialacha simpliúcháin FBM i leith an ioncaim sin a shanntar do bhuanbhunaíocht. Leis an eisiamh sin, sheachnófaí castacht bhreise, a mbeadh coinne léi, a d’eascródh as an idirghníomhú idir creat simpliúcháin cánach FBM agus córais chánach tonnáiste. Anuas air sin, dhealródh sé go raibh castacht fhéideartha den sórt sin neamhréireach, toisc nach ann do chórais chánach speisialta den sórt sin i roinnt Ballstát. Ní eiseofar aon earnáil ghníomhaíochta eile ó raon feidhme na Treorach.

(7)Is é is aidhm don togra simpliú suntasach nós imeachta a sholáthar agus, dá réir sin, ba cheart ionad ilfhreastail a chur i bhfeidhm, ina bpléifear le comhdú cánach, measúnuithe cánach agus bailiú na cánach a bheadh dlite ag buanbhunaíocht(aí) trí údarás cánach amháin (‘údarás comhdaithe’), i.e. an t‑údarás cánach i mBallstát na ceannoifige. I ndáil le ceannasacht na mBallstát maidir le cúrsaí cánach, choinneofaí iniúchtaí, achomhairc agus nósanna imeachta um réiteach díospóidí laistigh den Bhallstát féin agus i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit féin. Chun tacú le feidhmiú ionaid ilfhreastail, bheadh sé criticiúil foráil a dhéanamh maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha, lena gcruthaítear oibleagáid do Bhallstát na ceannoifige dul i gcomhar le húdarás cánach na buanbhunaíochta má iarrann an t‑údarás sin iniúchadh lena gcumhdaítear ríomh thoradh inchánach a cháiníocóra.

(8)Chun ilroinnt an raoin feidhme a sheachaint, rud a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar shainiúlachtaí náisiúnta, is éard atá in FBManna faoin raon feidhme iad siúd a shainmhínítear faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 11 .

(9)Chun a áirithiú go mbeidh rochtain thráthúil ag na Ballstáit lena mbaineann ar an bhfaisnéis chánach ábhartha, ba cheart an fhaisnéis sin a mhalartú go huathoibríoch trí líonra cumarsáide coiteann (‘CCN’) arna fhorbairt ag an Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE ón gComhairle 12 a leasú dá réir sin.

(10)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an bhfaisnéis ábhartha a chur in iúl do Bhallstáit eile agus í a roinnt idir Ballstáit chun críoch cánach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bailiú agus aistriú cánacha, agus maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar conas a oibríonn an córas simpliúcháin cánach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 .

(11)Anuas air sin, ionas go mbeidh gnólachtaí FBM in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, ba cheart faisnéis faoi na forálacha cánach a leagtar amach sa Treoir seo a chur ar fáil tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach (‘SDG’) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 14 . Is éard atá in SDG ionad ilfhreastail d’úsáideoirí trasteorann le haghaidh soláthar faisnéise ar líne, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá bainteach le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(12)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Treoir seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinní I go IV a thabhairt cothrom le dáta maidir le foirmeacha dlíthiúla FBManna agus cánacha ar bhrabúis (a bhfuil na foirmeacha sin de FBManna faoina réir), de réir mar is iomchuí, chun foirmeacha dlíthiúla amach anseo nó cánacha ag a bhfuil gnéithe atá cosúil leo siúd a liostaítear in Iarscríbhinní I go IV a chomhtháthú. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 15 . Chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(13)Maidir le cur chun feidhme cuí na rialacha atá beartaithe i ngach Ballstát, ós rud é go bhfuil sé sin criticiúil chun bonn cánach na mBallstát eile a chosaint, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus ar an bhforfheidhmiú sin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis shonrach a chur in iúl don Choimisiún go tráthrialta, lena n‑áirítear staitisticí maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú beart náisiúnta ar a gcríoch féin a ghlactar de bhun na Treorach seo. Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na rialacha nua atá beartaithe, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit agus sonraí eile atá ar fáil agus, de réir mar is iomchuí, togra chun na rialacha a leasú ag gabháil léi. Ba cheart tuarascáil an Choimisiúin a fhoilsiú.

(14)Féadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo chun na ceanglais incháilitheachta a fhíorú nó chun dliteanas cánach buanbhunaíochtaí a chinneadh, agus chun na gcríoch sin amháin. Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar chun na críche sin Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh.

(15)Déantar foráil maidir le tréimhse choinneála chun gur féidir leis na Ballstáit formhór rialacha reacht na dtréimhsí a chomhlíonadh, lena gcloítear, dá réir sin, le rialacha intíre i ndáil lena túsphointe nó fionraí. Mar sin féin, níor cheart don tréimhse choinneála a bheith ní b’fhaide ná an méid is gá chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis chánach inniúla in ann na dliteanais chánach a chinneadh, lena mbaintear cothromaíocht amach idir cumas an údaráis cánach measúnú cuí agus bailiú cánach a áirithiú agus ceart an cháiníocóra chun deimhneachta dlíthiúla. 

(16)Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Treoir seo lena áirithiú go n‑urramófar go hiomlán an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint chomh maith leis an gceart chun saoirse fiontraíochta.

(17)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé a thuairim uaidh an […].

(18)Maidir le cuspóir na Treorach seo, is é sin simpliú na rialacha cánach le haghaidh FBManna áirithe a oibríonn sa mhargadh inmheánach trí bhuanbhunaíocht(aí), ós rud é nach féidir leis na Ballstáit é sin a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr na ndúshlán atá ann cheana a eascraíonn as idirghníomhú 27 gcóras cánach corparáide éagsúla, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú;

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le ríomh thoradh inchánach bhuanbhunaíochtaí FBManna a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(1) (rialacha maidir le ‘Cánachas Ceannoifige’).

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le FBManna a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)tá siad bunaithe faoi dhlí Ballstáit agus tá siad i gceann de na foirmeacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II;

(b)tá cónaí orthu, chun críoch cánach, i mBallstát i gcomhréir le dlíthe cánach an Bhallstáit sin, lena n‑áirítear a choinbhinsiúin dhéthaobhacha chun an cánachas dúbailte a sheachaint;

(c)tá siad, go díreach nó ar leibhéal a n‑úinéirí, faoi réir cáin bhrabúis a liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV, nó aon cháin eile ag a bhfuil saintréithe comhchosúla;

(d)tá siad incháilithe mar mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a shainmhínítear i dTreoir 2013/34/AE 16 ;

(e)oibríonn siad go heisiach i mBallstáit eile trí bhuanbhunaíocht amháin, nó níos mó;

(f)níl siad ina gcuid de ghrúpa comhdhlúite chun críoch cuntasaíochta airgeadais i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE agus is fiontar uathrialaitheach iad, a chomhlíonann ceann de na coinníollacha seo a leanas:

ní fiontar comhlachaithe é de réir bhrí Airteagal 2(13) de Treoir 2013/34/AE;

ní fiontar comhpháirtíochta é de réir bhrí Airteagal 3(3) de Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún.

2.Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinní I go IV, chun athruithe ar dhlíthe na mBallstát a chur san áireamh, athruithe a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)foirmeacha dlíthiúla eintiteas a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit (Iarscríbhinní I agus II);

(b)cánacha ar bhrabúis nó aon cháin eile ag a bhfuil saintréithe comhchosúla, a bhfuil eintitis den sórt faoina réir, go díreach nó ar leibhéal a n‑úinéirí (Iarscríbhinní III agus IV).

3.Ní dhéanfar aon difear leis an Treoir seo do cheart an Bhallstáit ina bhfuil buanbhunaíocht suite chun an ráta cánach is infheidhme a shocrú, ná d’infheidhmeacht coinbhinsiún déthaobhach maidir le cánachas dúbailte a sheachaint, ná na rialacha maidir le cosaint shóisialta na n‑oibrithe i mBallstát na buanbhunaíochta.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘buanbhunaíocht’ áit sheasta ghnó atá suite i mBallstát eile, mar a shainmhínítear faoin gcoinbhinsiún déthaobhach ábhartha maidir le cánachas dúbailte a sheachaint nó, ina éagmais sin, i ndlí náisiúnta;

(2)ciallaíonn ‘ceannoifig’ FBM, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), a oibríonn i mBallstát amháin eile nó níos mó go heisiach trí aon bhuanbhunaíocht amháin nó níos mó ná sin;

(3)ciallaíonn ‘Ballstát ceannoifige’ an Ballstát ina bhfuil an FBM dá dtagraítear in Airteagal 2(1) cláraithe chun críoch cánach;

(4)ciallaíonn ‘rialacha maidir le cánachas ceannoifige’ rialacha cánachais an Bhallstáit ceannoifige a úsáidtear chun toradh inchánach na ceannoifige agus a mbuanbhunaíochtaí a ríomh;

(5)ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát ina bhfuil buanbhunaíocht de FBM, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), suite;

(6)ciallaíonn ‘toradh inchánach na buanbhunaíochta’ an t‑ioncam nó an caillteanas inchánach a ríomhtar i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige;

(7)ciallaíonn ‘údarás comhdaithe’ an t‑údarás cánach inniúil sa Bhallstát Ceannoifige;

(8)Ciallaíonn ‘tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige’ an tuairisceán cánach arna gcomhdú ag FBM dá dtagraítear in Airteagal 2(1) lena gcumhdaítear torthaí inchánach na ceannoifige agus na buanbhunaíochta (na mbuanbhunaíochtaí), mar a ríomhadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige.

CAIBIDIL II
Cánachas Ceannoifige

Airteagal 4
Ceanglais incháilitheachta

1.Féadfaidh an cheannoifig a roghnú na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm i leith a buanbhunaíochta(í) i mBallstáit eile má chomhlíonann sí na ceanglais seo a leanas:

(a)ní raibh láimhdeachas comhpháirteach a buanbhunaíochtaí níos mó, i gcás an 2 bhliain fhioscacha dheireanacha, ná méid atá cothrom le dhá oiread an láimhdeachais arna ghiniúint ag an gceannoifig;

(b)bhí cónaí uirthi chun críoch cánach sa Bhallstát ceannoifige le linn an 2 bhliain fhioscacha dheireanacha;

(c)comhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2(1), pointe d) don 2 bhliain fhioscacha dheireanacha.

2.Má roghnaíonn an cheannoifig na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sí na rialacha sin i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíochtaí uile i mBallstáit eile. Má chruthaíonn sí buanbhunaíocht nua i mBallstát eile, cuirfidh sí na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i bhfeidhm maidir leis an mbuanbhunaíocht sin a luaithe a bhunófar í.

Airteagal 5
Eisiamh ó na rialacha maidir le cánachas ceannoifige

I gcás ina ndíorthaítear ioncam na ceannoifige ó ghníomhaíochtaí loingseoireachta agus i gcás ina bhfuil an t‑ioncam sin faoi réir córas cánach tonnáiste sa Bhallstát ceannoifige, eiseofar an cheannoifig sin ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i leith a buanbhunaíochta(í) i mBallstáit eile a mhéid a ndíorthaíonn siad sin ioncam ó ghníomhaíochtaí loingseoireachta.

Airteagal 6
Feidhmiú na rogha chun rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm

1.Tabharfaidh an cheannoifig, a roghnóidh na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíocht(aí), fógra faoina rogha don údarás comhdaithe, in éineacht le hainm an Bhallstáit óstaigh/na mBallstát óstach. Tabharfar an fógra 3 mhí ar a laghad roimh dheireadh na bliana fioscaí roimh an mbliain fhioscach inar mian leis an FBM sin tús a chur le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige.

2.Deimhneoidh an t‑údarás comhdaithe cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 4 agus cuirfidh sé an cheannoifig ar an eolas maidir lena thorthaí laistigh de 2 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1.

3.Má chomhlíontar na ceanglais incháilitheachta, cuirfidh an t‑údarás comhdaithe údaráis chánach na mBallstát óstach ar an eolas laistigh de 2 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 go ríomhfar toradh inchánach na mbuanbhunaíochtaí ábhartha i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige ón mbliain fhioscach dár gcionn, de réir mar a chuirtear i bhfeidhm iad sa Bhallstát ceannoifige. Cuirfidh údarás cánach an Bhallstáit óstaigh/na mBallstát óstach an ráta cánach is infheidhme in iúl don údarás comhdaithe.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl trí bhíthin malartú uathoibríoch faisnéise dá dtagraítear in Airteagal [8ae] de Threoir 2011/16/AE.

Féadfaidh an Ballstát óstach cur in aghaidh chinneadh an údaráis comhdaithe maidir le comhlíonadh na gceanglas incháilitheachta i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 13. D’ainneoin nósanna imeachta den sórt sin, féadfaidh FBManna tús a chur le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige.

Má thagann an t‑údarás comhdaithe ar an gconclúid nach gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta, cuirfidh sé an cheannoifig ar an eolas maidir leis sin laistigh de 2 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 agus féadfaidh an cheannoifig achomharc a dhéanamh ina aghaidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

4.I gcás ina dtagann Ballstát óstach ar an gconclúid go gcáilíonn láithreacht FBM ar a chríoch mar bhuanbhunaíocht, cuirfidh sé an t‑údarás comhdaithe ar an eolas. Nuair a gheofar an fhaisnéis sin, cuirfidh an t‑údarás comhdaithe údarás cánach inniúil an Bhallstáit óstaigh ar an eolas cé acu a chuireann nó nach gcuireann an cheannoifig na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i bhfeidhm i leith a buanbhunaíochta(í).

Airteagal 7
Fad na rogha chun na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm

1.Maidir leis an gceannoifig, a bhfuil sé roghnaithe aici na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíochtaí i mBallstát óstach amháin nó níos mó, cuirfidh sí na rialacha sin i bhfeidhm go ceann tréimhse 5 bliana fhioscacha.

2.Ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a thuilleadh maidir le buanbhunaíochtaí atá suite sna Ballstáit óstacha, mura dtugann an cheannoifig fógra don údarás comhdaithe faoina rogha chun cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a athnuachan, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9.

Airteagal 8
Foirceannadh na rogha chun na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm

1.Foirceannfar an rogha chun na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 7(1) ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)aistríonn an FBM dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a áit chónaithe chun críoch cánach lasmuigh den Bhallstát ceannoifige;

(b)bhí láimhdeachas comhpháirteach a buanbhunaíochtaí níos mó ná méid atá cothrom le trí oiread láimhdeachas na ceannoifige le 2 bhliain fhioscacha anuas.

2.In aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a thuilleadh ón mbliain fhioscach a leanfaidh an bhliain ina dtarlóidh na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1.

3.Cuirfidh an t‑údarás comhdaithe na Ballstáit óstacha ar an eolas faoin bhfoirceannadh dá dtagraítear i mír 1 roimh dheireadh na bliana fioscaí ina dtarlaíonn na cúiseanna leis an bhfoirceannadh sin.

4.Má aistríonn an FBM dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a áit chónaithe chun críoch cánach chuig Ballstát eile, féadfaidh sé a roghnú na rialacha maidir le cánachas ceannoifige de chuid a Bhallstáit nua cónaithe chun críoch cánach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7. Measfar gur rogha nua é sin.

Airteagal 9
Athnuachan na rogha chun na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm

1.Más mian leis an gceannoifig a rogha a athnuachan, tabharfaidh sí fógra don údarás comhdaithe faoi sin 6 mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus liostóidh sí ainmneacha na mBallstát óstach. Deimhneoidh an t‑údarás comhdaithe cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann FBM na ceanglais incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 4 fós.

2.Deimhneoidh an t‑údarás comhdaithe athnuachan na rogha laistigh de 2 mhí tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil tar éis dó a dheimhniú go gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 4. Cuirfidh sé a chinneadh in iúl don cheannoifig, in éineacht leis an bhfaisnéis nach bhfuil feidhm ag na forais le haghaidh eisiaimh a leagtar síos in Airteagal 10. Cuirfidh an t‑údarás comhdaithe údaráis chánach na mBallstát óstach ar an eolas faoin athnuachan laistigh de 4 mhí tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil freisin.

Airteagal 10
Eisiamh ón athnuachan chun na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm

An rogha na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm, ní bheidh an cheannoifig i dteideal an rogha sin a athnuachan má tharla aon cheann de na cásanna seo a leanas le linn na tréimhse 5 bliana ina raibh feidhm ag na rialacha maidir le cánachas ceannoifige ar dtús:

(a)bhí láimhdeachas comhpháirteach a buanbhunaíochtaí níos mó ná méid atá cothrom le dhá oiread láimhdeachas na Ceannoifige in aon cheann den 2 bhliain fhioscacha ar leithligh;

(b)bhunaigh FBM fochuideachta amháin nó níos mó laistigh den Aontas nó lasmuigh de;

(c)níor comhlíonadh an critéar a leagtar amach in Airteagal 2(1), pointe (d) ar feadh 2 bhliain fhioscacha as a chéile.

Airteagal 11
Comhdú an tuairisceáin cánach um chánachas ceannoifige, measúnú cánach agus comhordú idir údaráis

1.Comhdóidh an cheannoifig an tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige leis an údarás comhdaithe.

2.Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige:

(a)dliteanas cánach an FBM i ndáil lena thoradh inchánach sa Bhallstát ceannoifige;

(b)dliteanas cánach an FBM i ndáil le toradh inchánach gach buanbhunaíochta i mBallstáit eile. Ríomhfar an dliteanas cánach trí ráta cánach náisiúnta an Bhallstáit óstaigh faoi seach a chur i bhfeidhm maidir leis an toradh inchánach, mar a ríomhadh é i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige.

3.I gcás nach gceanglaítear ar bhuanbhunaíocht amháin nó níos mó de chuid FBM ráitis cuntasaíochta airgeadais ar leithligh a ullmhú faoi dhlí an Bhallstáit óstaigh, áireofar sa tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige an fhaisnéis seo a leanas:

(a)sócmhainní agus dliteanais a shanntar don bhuanbhunaíocht/do na buanbhunaíochtaí;

(b)brabúis is féidir a shannadh don bhuanbhunaíocht/do na buanbhunaíochtaí i mBallstáit eile. 

4.Eiseoidh an t‑údarás comhdaithe na fógraí seo a leanas:

(a)fógra faoi mheasúnú cánach don cheannoifig;

(b)fógra faoi dhréachtmheasúnú cánach le haghaidh gach buanbhunaíochta.

5.Cuirfidh an t‑údarás comhdaithe na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas in iúl d’údaráis chánach na mBallstát óstach, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 14:

(a)an tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige, in éineacht le cóipeanna de na ráitis cuntasaíochta airgeadais agus aon doiciméad ábhartha eile, mar a éilítear agus a ullmhaítear faoi dhlí an Bhallstáit ceannoifige;

(b)fógra faoi dhréachtmheasúnú cánach le haghaidh na buanbhunaíochta/na mbuanbhunaíochtaí ábhartha;

(c)i gcás inar gá, aon fhaisnéis eile chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar chánacha breise náisiúnta nó réigiúnacha neamhbhrabúsacha nó brabúsbhunaithe nó ar fhormhuirir nó ar ghnéithe idirghaolmhara eile de cháin ioncaim phearsanta, i gcomhréir le rialacha cánach an Bhallstáit óstaigh.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo in iúl trí bhíthin malartú uathoibríoch faisnéise dá dtagraítear in Airteagal [8ae] de Threoir 2011/16/AE.

6.Údarás cánach an Bhallstáit óstaigh, glacfaidh sé leis an bhfógra faoi dhréachtmheasúnú cánach, dá dtagraítear i mír 5, pointe (b), nó diúltóidh sé dó, laistigh de 2 mhí tar éis dó é a fháil agus cuirfidh sé an t‑údarás comhdaithe ar an eolas dá réir sin.

7.Má ghlacann údarás cánach an Bhallstáit óstaigh leis an bhfógra faoi dhréachtmheasúnú cánach nó mura dtugann sé aon fhreagra faoin sprioc‑am dá dtagraítear i mír 6, beidh an fógra faoi dhréachtmheasúnú cánach críochnaitheach agus féadfaidh an cheannoifig é a achomharc os comhair an údaráis comhdaithe agus i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit ceannoifige.

8.    Má dhiúltaíonn údarás cánach an Bhallstáit óstaigh don fhógra faoi dhréachtmheasúnú cánach, athbhreithneoidh sé an dréachtmheasúnú cánach sin i ndáil le sannadh brabús don bhuanbhunaíocht i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa choinbhinsiún déthaobhach is infheidhme chun cánachas dúbailte idir an Ballstát óstach agus an Ballstát ceannoifige a sheachaint. Tar éis don údarás cánach sannadh na mbrabús don bhuanbhunaíocht a athbhreithniú agus é a chur in iúl don údarás comhdaithe i gcomhréir le hAirteagal 8ae de Threoir 2011/16/AE, athríomhfaidh an t‑údarás comhdaithe an toradh inchánach i gcomhréir le rialacha cánachais an Bhallstáit ceannoifige, agus eiseoidh an Ballstát sin measúnú cánach athbhreithnithe. Beidh an cáiníocóir i dteideal achomharc a dhéanamh in aghaidh an mheasúnaithe cánach athbhreithnithe sin os comhair chúirteanna an Bhallstáit ceannoifige. Socrófar aon díospóid a bhaineann le méid na mbrabús is féidir a shannadh don bhuanbhunaíocht i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún déthaobhach is infheidhme chun cánachas dúbailte a sheachaint, nó i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 17 .

8.9.I gcás, faoi rialacha cánach an Bhallstáit óstaigh, ina bhfuil costais áirithe atá bainteach le fostaithe na buanbhunaíochta inasbhainte chun críoch cánach a mhéid a ghearrtar cáin ar na méideanna faoi leith ag leibhéal an fhostóra nó a mhéid atá siad faoi réir muirear slándála sóisialta, agus nach bhfuil aon chóireáil chánach chomhchosúil sa Bhallstát ceannoifige a fhágann gur féidir asbhaint den sórt sin a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát ceannoifige agus an Ballstát óstach na bearta iomchuí chun neamhréireanna féideartha a sheachaint.

Airteagal 12
Bailiú na cánach atá dlite ag an mbuanbhunaíocht/na buanbhunaíochtaí sa Bhallstát óstach/sna Ballstáit óstacha

1.Socróidh an cheannoifig, tríd an údarás comhdaithe, na dliteanais cánach ioncaim maidir lena thoradh inchánach agus toradh inchánach a buanbhunaíochta(í) sa Bhallstát óstach/sna Ballstáit óstacha.

2.Baileoidh an t‑údarás comhdaithe an cháin a chomhfhreagraíonn do dhliteanas cánach gach buanbhunaíochta den cheannoifig san Aontas, cuirfidh sé ráta cánach an Bhallstáit óstaigh faoi leith i bhfeidhm agus aistreoidh sé an méid ábhartha d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh faoi leith.

3.Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá chun a áirithiú go mbailítear agus go n‑aistrítear an cháin a chomhfhreagraíonn do dhliteanas cánach na buanbhunaíochta/na mbuanbhunaíochtaí ón mBallstát ceannoifige chuig an mBallstát óstach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15.

Airteagal 13
Iniúchtaí, leigheasanna dlí agus réiteach díospóidí

1.Mura sonraítear a mhalairt, ní dhéanfaidh rialacha na Treorach seo difear do rialacha náisiúnta na mBallstát lena rialaítear iniúchtaí cánach áitiúla, leigheasanna dlí agus imeachtaí, ná na sásraí réitigh díospóidí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais nó dá bhforáiltear sna coinbhinsiúin dhéthaobhacha is infheidhme maidir le seachaint an chánachais dhúbailte.

2.Féadfaidh údarás cánach an Bhallstáit óstaigh a iarraidh go ndéanfaí iniúchadh i gcomhpháirt leis an údarás comhdaithe, iniúchadh lena gcumhdófaí ríomh thoradh inchánach na buanbhunaíochta i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige, sannadh na mbrabús don bhuanbhunaíocht agus/nó an ráta cánach infheidhme. Déanfar iniúchtaí comhpháirteacha i gcomhréir le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle 18 . D’ainneoin na bhforálacha sa Treoir réamhluaite, glacfaidh an t‑údarás inniúil iarrtha le hiarraidh den sórt sin ó údaráis an Bhallstáit óstaigh.

Airteagal 14
Leasuithe ar Threoir 2011/16/AE 

1.Leasaítear Treoir 2011/16/AE an 15 Feabhra 2011 19 mar a leanas: 

(1)in Airteagal 3, leasaítear pointe (9) mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): ‘(a) chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a go 8ae, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe. Chun críocha Airteagal 8(1), baineann tagairt d’fhaisnéis atá ar fáil le faisnéis i gcomhaid chánach an Bhallstáit a bheidh ag cur na faisnéise in iúl, ar féidir teacht uirthi i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil sa Bhallstát sin.’; 

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): ‘(c) chun críocha fhorálacha na Treorach seo seachas Airteagal 8(1) agus (3a) agus Airteagail 8a go 8ae, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b).’; 

(2)Cuirtear isteach Airteagal 8ae seo a leanas:

‘Airteagal 8ae 

Raon feidhme agus coinníollacha maidir le malartú uathoibríoch éigeantach faisnéise faoin rogha tar éis an rogha a dhéanamh na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm, tuairisceáin chánach um chánachas ceannoifige agus dréachtmheasúnuithe cánach 

1.1.I gcás ceannoifig mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), den Treoir maidir le bunú rialacha maidir le cánachas ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide 20 , a roghnaíonn na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíocht(aí) i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin, má chomhlíonann an cheannoifig sin ceanglais incháilitheachta maidir le cur i bhfeidhm na rialacha sin, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige in iúl, trí bhíthin malartú uathoibríoch faisnéise, d’údarás inniúil Bhallstát na buanbhunaíochta go gcaithfear toradh inchánach na buanbhunaíochta ábhartha a ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige. Cuirfear é sin iúl laistigh de 2 mhí ón bhfógra ón gCeannoifig maidir lena rogha chun rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm.

1.2.Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na buanbhunaíochta in iúl d’údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige an ráta cánach is infheidhme chun dliteanas cánach na buanbhunaíochta/na mbuanbhunaíochtaí atá suite ar a chríoch a chinneadh, laistigh de 3 mhí ón bhfógra ó údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige faoina chinneadh maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige.

1.3.Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige an fhaisnéis a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo in iúl trí bhíthin malartú uathoibríoch faisnéise d’údarás inniúil/d’údaráis inniúla Bhallstát/Bhallstáit na buanbhunaíochta/na mbuanbhunaíochtaí i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla arna nglacadh de bhun Airteagal 21.

1.4.Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis a bheidh le cur in iúl ag údarás inniúil Ballstáit faoi mhír 1:

(i)an tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige;

(ii) cóipeanna de na ráitis cuntasaíochta airgeadais agus aon doiciméad ábhartha eile, mar a éilíodh agus a ullmhaíodh faoi dhlí an stáit ceannoifige; 

(iii)fógra faoi dhréachtmheasúnú cánach le haghaidh na buanbhunaíochta/na mbuanbhunaíochtaí ábhartha;

(iv)i gcás inar gá, aon fhaisnéis eile chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar chánacha nó ar fhormhuirir bhreise náisiúnta nó réigiúnacha neamhbhrabúsacha nó bhrabúsbhunaithe nó ar ghnéithe idirghaolmhara eile de cháin ioncaim phearsanta, i gcomhréir le rialacha cánach an Bhallstáit óstaigh. 

1.5.Déanfar an malartú faisnéise láithreach tar éis eisiúint an dréachtmheasúnaithe cánach, agus tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin tar éis na heisiúna sin.

1.6.I gcás ina n‑athbhreithníonn údarás cánach Bhallstát na buanbhunaíochta/na mbuanbhunaíochtaí fógra an dréachtmheasúnaithe cánach maidir le brabúis a shannadh don bhuanbhunaíocht i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa choinbhinsiún déthaobhach is infheidhme chun cánachas dúbailte idir na Ballstáit óstacha agus an Ballstát ceannoifige a sheachaint, tar éis dhiúltú an fhógra faoin dréachtmheasúnú cánach arna eisiúint ag an mBallstát ceannoifige, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na buanbhunaíochta/na mbuanbhunaíochtaí an fógra sin faoin dréachtmheasúnú cánach in iúl d’údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige laistigh de 1 mhí amháin óna eisiúint, chun toradh inchánach na buanbhunaíochta a athríomh, measúnú cánach athbhreithnithe a eisiúint agus an cháin a bhailiú.

1.7.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla a leagan síos, socruithe is gá chun ceanglais foirme, ábhair agus teanga na cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 8 a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

].

2.In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4. Déanfar an malartú faisnéise uathoibríoch de bhun Airteagail 8, 8ac agus 8ac tríd an bhformáid chaighdeánach ríomhairithe arb é is aidhm di malartú uathoibríoch den chineál sin a éascú, arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).’

CAIBIDIL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 21 .

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3.Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 2(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 17
Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le gníomhartha tarmligthe a bheith glactha, maidir le haon agóid ina leith, agus maidir le cúlghairm na gcumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle.

Airteagal 18
Cosaint Sonraí

1.Féadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo chun na ceanglais incháilitheachta a fhíorú nó chun an dliteanas cánach a chinneadh dá dtagraítear in Airteagail 4, 9 agus 11 den Treoir seo. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil, chun na ceanglais incháilitheachta a fhíorú nó chun an dliteanas cánach a chinneadh i gcomhréir leis an Treoir seo, measfar gur rialaitheoirí iad údaráis inniúla na mBallstát, de réir bhrí Airteagal 4, mír 7 de Rialachán (AE) 2016/679, faoi raon feidhme a ngníomhaíochtaí faoi seach faoin Treoir seo.

2.Ní choinneofar faisnéis, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo, ach chomh fada agus is gá chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, go háirithe fíorú na gceanglas incháilitheachta agus cinneadh dhliteanas cánach na gcáiníocóirí, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí, ach ní choinneofar i gcás ar bith níos faide ná 10 mbliana í.

Airteagal 19
Athbhreithniú ón gCoimisiún ar oibriú na Treorach seo

1.5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún scrúdú agus meastóireacht ar a feidhmiú agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chuige sin. I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun an Treoir seo a leasú.

2.Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir, i gcomhréir le mír 3, lena n‑áirítear sonraí comhiomlánaithe maidir leis an líon FBManna incháilithe i gcomparáid le FBManna a rinne rogha gan a bheith páirteach, a gcostais láimhdeachais agus chomhlíontachta i gcoibhneas le láimhdeachas; sonraí maidir leis an líon FBManna a leathnaigh trasteorann trí bhuanbhunaíocht a bhunú agus an líon FBManna a dícháilíodh toisc gur chruthaigh siad fochuideachta, nó na costais chomhlíontachta le haghaidh FBManna a chuireann an rogha i bhfeidhm.

3.Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit chun críoch meastóireachta, dá dtagraítear i mír 2, chomh maith leis an bhformáid agus na coinníollacha a bhaineann le cur in iúl na faisnéise sin.

4.Coinneoidh an Coimisiún faisnéis a chuirfear in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 2 faoi rún i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais agus Airteagal 18 den Treoir seo.

5.Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi mhí 2, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis sin, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha a chumhdach leis an oibleagáid rúndachta oifigiúla, mar a leagtar síos maidir le faisnéis chomhchosúil i ndlí náisiúnta an Bhallstáit/na mBallstát a fuair í.

Airteagal 20
Trasuí

1.Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2025. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.A luaithe a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas, in am trátha chun a bharúlacha a thíolacadh, faoi aon dréacht de na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá beartaithe acu a ghlacadh sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 21
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 22
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Treoir (AE) 2023/XXX an XX maidir le córas Cánach Ceannoifige a bhunú le haghaidh micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Beartas cánach.

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

X beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 22  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Tá sé d’aidhm ag an Togra creat cánach a shocrú a thacaíonn leis an margadh inmheánach, le haghaidh FBManna go háirithe. Níl aon chóras cánach corparáide comhchoiteann ann faoi láthair chun ioncam inchánach ghnólachtaí an Aontais a ríomh, ach 27 gcóras náisiúnta dhifriúla ina ionad, rud a fhágann go mbíonn sé deacair agus costasach do chuideachtaí gnó a dhéanamh ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Freastalaítear leis an Togra ar an ngá leis, agus soláthraítear leis deimhneacht chánach agus comhlíonadh cánach níos éasca do FBManna áirithe atá ag céim thosaigh a leathnaithe agus dá bhrí sin a bhfuil láithreacht inchánach acu i mBallstáit nach a mBallstáit tionscnamh iad (Ballstát Ceannoifige). Chuige sin, tógann an togra go suntasach ar chreat aitheantais fhrithpháirtigh, trína nglacann Ballstáit an leathnaithe (Ballstáit ina bhfuil an bhuanbhunaíocht suite) leis go bhfuil feidhm ag rialacha cánachais an Bhallstáit Ceannoifige agus torthaí inchánacha na buanbhunaíochta ar a gcríocha á ríomh.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach

1) An chéad chuspóir sonrach den togra is ea costais chomhlíontachta le haghaidh FBManna a laghdú. Ós rud é go soláthrófar leis an togra creat comhchoiteann do ghnólachtaí an Aontais lenar féidir aon tacar rialacha cánach amháin a chur i bhfeidhm i gcás ina oibríonn siad i mBallstát eile trí bhíthin buanbhunaíochta, i gcomparáid leis an timpeallacht atá ann faoi láthair, is dócha nach dteastófaí an méid acmhainní céanna ó ghnólachtaí don chomhlíonadh. 

2) Ar an dara dul síos, tá sé d’aidhm ag an togra leathnú trasteorann FBManna a spreagadh, go háirithe, ag céim thosaigh a leathnaithe. 

3) Ar an tríú dul síos, cuirfidh an togra le cothroime iomaíochta le haghaidh rannpháirtíocht FBManna sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ós rud é gur gnách le FBManna na costais a bhaineann le comhlíonadh cánach a chumhdach go díréireach agus, dá bhrí sin, bíonn tionchar nach beag ar a gcinneadh gnó i gcomparáid le hoibreoirí gnó níos mó.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tugtar isteach leis an Togra creat comhchoiteann rialacha cánach lena gceadaítear FBManna faoi raon feidhme rogha a dhéanamh leanúint de rialacha cánach a bhfuil cur amach acu orthu a chur i bhfeidhm (rialacha cánach a mBallstát tionscnaimh: Rialacha maidir le cánachas ceannoifige) fiú agus iad ag oibriú i mBallstát eile trí bhuanbhunaíocht. Beidh sé d’aidhm aige go príomha simpliú a thabhairt do cháiníocóirí agus fás agus infheistíocht sa mhargadh inmheánach a spreagadh agus cothroime iomaíochta a áirithiú le haghaidh gnólachtaí a oibríonn ansin an tráth céanna.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Cuspóirí Sonracha 

Táscairí 

Uirlisí Tomhais 

Costais comhlíontachta cánach do FBManna a laghdú

·Costais chomhlíontachta do FBManna, i gcoibhneas lena láimhdeachas agus le FBManna inchomparáide nach gcuireann an simpliú beartaithe i bhfeidhm

·Suirbhé ar shaincheisteanna atá bainteach le cáin do FBManna, a dhéanann AS TAXUD, a d’fhéadfadh a bheith le cúnamh seachtrach, i gcomhar le húdaráis chánach na mBallstát; 

·Leagan nuashonraithe den Staidéar maidir le Feidhmíocht FBManna a rinneadh le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh a úsáid chun ceisteanna lena soláthraítear sonraí maidir leis na táscairí sin a chur san áireamh 

·Suirbhé ar shonraí comhiomlánaithe a scaip AS TAXUD chuig údaráis chánach na mBallstát, lena mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil

· 

·Sonraí a fhaigheann AS TAXUD ó údaráis chánach na mBallstát 

·Acmhainní éagsúla an Aontais a úsáid chun aiseolas a fháil ó údaráis náisiúnta agus ionadaithe FBManna 

· 

Leathnú trasteorann FBManna a spreagadh

·An líon FBManna a roghnaigh a bheith páirteach

·An líon FBManna a leathnaigh thar theorainneacha trí bhuanbhunaíocht a bhunú 

·An líon FBManna a d’fhág an raon feidhme trí fhochuideachta a bhunú

·Aiseolas ó pháirtithe leasmhara maidir le húsáid phraiticiúil agus éifeachtaí na rialacha Cánach Ceannoifige

Cothroime iomaíochta a áirithiú le haghaidh rannpháirtíocht FBManna sa mhargadh inmheánach

·An líon FBManna a leathnaigh thar theorainneacha trí bhuanbhunaíocht a bhunú 

·Láimhdeachas FBManna atá faoin raon feidhme, i gcoibhneas le FBManna inchomparáide nach gcuireann an simpliú beartaithe i bhfeidhm

·Aiseolas ó pháirtithe leasmhara maidir le húsáid phraiticiúil agus éifeachtaí na rialacha Cánach Ceannoifige

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá an córas roghnach le haghaidh FBManna a bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann trí bhuanbhunaíocht/bhuanbhunaíochtaí acu. Dá bhrí sin tá sé deacair méid / líon na gcáiníocóirí a roghnóidh a bheith páirteach sa chóras a réamh‑mheas.

Tá an malartú faisnéise spriocdhírithe agus ní dhéantar é ach i measc na mBallstát lena mbaineann (Ballstát Ceannoifige agus Ballstáit óstacha).

I gcás ina gcomhlíonann an Cheannoifig na ceanglais agus roghnaíonn sí rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm, malartófar na doiciméid ábhartha, amhail tuairisceáin chánach, measúnuithe cánach, ráitis airgeadais, i measc na mBallstát lena mbaineann. Cumhdófar freisin le malartuithe teoranta ón mBallstát Óstach chuig an mBallstát Ceannoifige an ráta cánach is infheidhme.

Chun oibriú agus cumarsáid na n‑oifigeach i measc na mBallstát lena mbaineann a éascú, beidh ar an gCoimisiún na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh, lena n‑áirítear bearta chun cur in iúl na faisnéise idir na Ballstáit a chaighdeánú.

Chun críoch an mhalartaithe faisnéise uathoibríoch, beidh ar na Ballstáit Cheannoifige an fhaisnéis is gá le haghaidh an togra seo a mhalartú le Ballstáit óstacha eile, agus an bealach eile thart, trí líonra déthaobhach idir na Ballstáit lena mbaineann, trí mheán leictreonach agus líonra cumarsáide coiteann an Aontais (CCN) á úsáid, atá inrochtana do na Ballstáit uile. Forbróidh an Coimisiún an scéimre atá le húsáid ina dhiaidh sin. Beidh an cúram ag an gCoimisiún an t‑ardán le haghaidh an líonra cumarsáide choitinn um malartú faisnéise a sholáthar do na Ballstáit agus leanfaidh sé de bheith ina phróiseálaí sonraí ag a mbeidh rochtain theoranta. Go ginearálta, bainfear úsáid as na socruithe praiticiúla atá in úsáid faoi láthair faoi DAC le haghaidh an togra.

Maidir le huainiú chun an fhormáid a shocrú a bheidh le húsáid chun faisnéis a mhalartú, bheadh roinnt ama ag teastáil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún tar éis ghlacadh an togra chun go bhféadfaí na córais a chur i bhfeidhm chun gur féidir faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit. Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Ní sholáthrófaí le gníomhaíochtaí aonair ó na Ballstáit aon réiteach éifeachtúil agus éifeachtach chun creat cánach comhchoiteann indéanta a áirithiú le haghaidh FBManna a oibríonn ar bhonn trasteorann. In ionad acmhainní daonna a thiomnú ar leithligh ag gach Ballstát chun measúnú a dhéanamh ar dhliteanais chánach an cháiníocóra chéanna a oibríonn ar bhonn trasteorann, úsáidfear i gcomhpháirt na hacmhainní sin atá ar fáil ar bhealach níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe trí mhalartú faisnéise idir na húdaráis chánach lena mbaineann. Tá an chuma air go bhfuil cur chuige de chuid an Aontais níos fearr, toisc gur féidir leis oibriú agus cumarsáid an líonra sin a éascú agus féadfar leis comhleanúnachas níos mó a bheith ann agus laghdú ar ualach riaracháin le haghaidh cáiníocóirí agus údaráis chánach.

1.5.2.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is sásra nua é an tionscnamh. Is Ionad Ilfhreastail é an rogha beartais ab fhearr sa Mheasúnú Tionchair. Ciallaíonn an rogha sin go ndéileálfaí leis an tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige (HOT) go lárnach tríd an Údarás Comhdaithe, agus mar an gcéanna le haghaidh na measúnuithe cánach ar leithligh don Cheannoifig agus do na Buanbhunaíochtaí, ach dhéanfaí iniúchtaí, achomhairc agus réiteach díospóidí fós ar bhonn áitiúil go príomhúil i gcomhréir le ceannasacht chánach náisiúnta. Tugtar tús áite don tsimplíocht leis an rogha sin agus coinnítear an t‑ualach riaracháin le haghaidh údaráis fhioscacha réasúnach íseal agus cruthaítear leis an chothromaíocht is fearr is féidir a fháil idir simplíocht Ionaid Ilfhreastail agus an ról atá ag údaráis náisiúnta na mBallstát. Is dócha go laghdódh sé sin costais chomhlíontachta le haghaidh FBManna agus údaráis chánach, de réir a chéile ar a laghad, agus go gcothódh sé an margadh inmheánach mar thimpeallacht fáis agus infheistíochta.

Beidh ról tábhachtach ag an líonra déthaobhach idir an Ballstát Ceannoifige agus an Ballstát Óstach sa chothromaíocht sin. Beidh sé d’aidhm acu cumarsáid rianúil agus malartú faisnéise leordhóthanach agus tráthúil a áirithiú.

1.5.3.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

I dTeachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cánachas Gnó sa 21ú Céad, a deimhníodh a thuilleadh ina hAitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh 2022 ón Uachtarán Ursula von der Leyen, gheall an Coimisiún togra reachtach a chur síos lena leagfaí amach cánachas simplithe le haghaidh FBManna. A mhéid is féidir, bainfear úsáid sa Togra as na nósanna imeachta, na socruithe agus uirlisí TF atá bunaithe cheana nó atá á bhforbairt faoi chuimsiú Threoir an Chomhair Riaracháin (DAC).

1.5.4.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní mhaoineofar costais cur chun feidhme le haghaidh an tionscnaimh le buiséad an Aontais, ach amháin costais a bhaineann leis na comhpháirteanna lárnacha le haghaidh an chórais uathmhalartaithe faisnéise. Seachas sin, is faoi na Ballstáit a bheidh sé na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

X tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 23   

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Tógann an togra seo ar an gcreat agus na córais atá ann cheana le haghaidh an mhalartaithe faisnéise uathoibríoch agus CCN á úsáid. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, foirmeacha agus formáidí caighdeánaithe ríomhairithe a fhorbairt le haghaidh an mhalartaithe faisnéise trí bhearta cur chun feidhme. A mhéid a bhaineann le líonra CCN lena gceadófar an malartú faisnéise idir na Ballstáit, is é an Coimisiún atá freagrach as líonra den sórt sin a fhorbairt agus a oibriú agus gabhfaidh na Ballstáit orthu féin an bonneagar intíre iomchuí a chruthú lena mbeifear in ann faisnéis a mhalartú trí líonra CCN.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach, is gá am leordhóthanach agus an cúnamh uile is gá a thabhairt do na Ballstáit, chun rialacha an Aontais a chur chun feidhme go cuí.

Ba cheart do na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus ba cheart dóibh freisin aon fhaisnéis ábhartha atá acu a fhéadfaidh an Coimisiún a éileamh chun críoch meastóireachta a sholáthar. 

I dteannta meastóireachta, déanfar faireachán ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an tionscnaimh go tráthrialta agus roinnt táscairí réamhshainithe á n‑úsáid:

‑ Costais chomhlíontacha do FBManna, i gcoibhneas lena láimhdeachas agus le FBManna inchomparáide nach gcuireann an simpliú beartaithe i bhfeidhm;

- An líon FBManna a roghnaigh a bheith páirteach;

 - An líon FBManna a leathnaigh thar theorainneacha trí bhuanbhunaíocht a bhunú;

- An líon FBManna a d’fhág an raon feidhme trí fhochuideachta a bhunú; 

- Láimhdeachas FBManna atá faoin raon feidhme, i gcoibhneas le FBManna inchomparáide nach gcuireann an simpliú beartaithe i bhfeidhm.

Beidh ar na Ballstáit na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún chun críoch meastóireachta.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an staid sna Ballstáit tar éis 5 bliana agus foilseoidh sé tuarascáil.

Áireofar na torthaí sa tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a eiseofar faoin 31 Nollaig 2031, lena ngabhfaidh togra le haghaidh leasú i gcás inarb iomchuí.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh, is rud é sin a bheidh ag brath ar údaráis inniúla (údaráis fhioscacha) na mBallstát. Beidh siad freagrach as maoiniú a gcóras náisiúnta féin agus oiriúnuithe is gá chun na malartuithe a dhéanamh trí CCN chun críocha an togra.

Soláthróidh an Coimisiún an bonneagar lena bhféadfar malartuithe a dhéanamh idir údaráis chánach na mBallstát. Maoineoidh an Coimisiún na córais is gá chun go mbeifear in ann malartuithe a dhéanamh, lena n‑áirítear an tEolaire Lárnach, lena ndéanfar na príomheilimintí rialaithe, is iad sin an rialú le haghaidh conarthaí soláthair, fíorú teicniúil an tsoláthair, fíorú ex‑ante gealltanas agus fíorú ex‑ante íocaíochtaí.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Beidh an idirghabháil bheartaithe bunaithe ar chóras fógrach go bunúsach, toisc go mbraitheann an fhaisnéis chánach atá le malartú ar fhaisnéis a thuairiscíonn an cáiníocóir é féin sna tuairisceáin chánach agus sna ráitis airgeadais. Cuimsítear leis sin an riosca neamhdhearbhaithe nó mídhearbhaithe ag FBManna faoin raon feidhme is gá féinmheasúnú a dhéanamh in aghaidh na gcritéar substainte faoin Togra. Ina dhiaidh sin eiseoidh Ballstáit measúnuithe cánach, agus dá bhrí sin féadfaidh siad féinmheasúnuithe den sórt sin a iniúchadh. Nuair a dhéanfar iniúchtaí den sórt sin, beidh ar na Ballstáit staitisticí a roinnt leis an gCoimisiún ar bhonn bliantúil, lena n‑áirítear líon na n‑eintiteas a ndearnadh iniúchadh orthu agus smachtbhannaí le haghaidh neamhchomhlíontachta.

Chun aghaidh a thabhairt ar riosca neamhchomhlíontachta na n‑eintiteas agus socruithe, ní áirítear leis an Togra creat smachtbhanna, toisc go mbraitheann sé ar an gcreat smachtbhanna atá i bhfeidhm cheana féin i ngach Ballstát le haghaidh ábhair chánach. Tá sé faoi chúram na n‑údarás cánach náisiúnta cheana féin smachtbhannaí a fhorfheidhmiú agus comhlíontacht leis an togra a áirithiú go ginearálta. Socraítear smachtbhannaí ar bhonn intíre. Thairis sin, beidh na húdaráis fhioscacha náisiúnta in ann iniúchtaí a dhéanamh chun an neamhchomhlíontacht a bhrath agus a dhíspreagadh.

Conarthaí soláthair

Na nósanna imeachta rialaithe maidir le soláthar a shainítear sa Rialachán Airgeadais: déantar aon chonradh soláthair a bhunú de réir nós imeachta bunaithe an fhíorúcháin arna dhéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le híocaíocht, agus oibleagáidí conarthacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus bainistíocht ghinearálta á gcur san áireamh. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise (rialuithe, tuarascálacha, etc.) sna conarthaí go léir arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe. Déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus tá siad mar bhonn le gach conradh ar leith. Cloíonn an próiseas chun glacadh le hiarratais go dlúth le modheolaíocht TEMPO Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim: déantar athbhreithniú ar tháirgí insoláthartha, déantar leasú orthu más gá agus glactar leo (nó diúltaítear dóibh) go sainráite sa deireadh. Ní féidir aon sonrasc a íoc gan ‘litir inghlacthachta’.

Fíorú teicniúil soláthair

Déanann Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim rialuithe ar tháirgí insoláthartha agus déanann sé maoirseacht ar oibríochtaí agus ar sheirbhísí a dhéanann conraitheoirí. Déanann sé iniúchtaí cáilíochta agus slándála ar a gconraitheoirí go tráthrialta. Le hiniúchtaí cáilíochta, déantar comhlíonadh phróisis iarbhír na gconraitheoirí a fhíorú de réir na rialacha agus na nósanna imeachta a shainítear ina bpleananna cáilíochta. Dírítear sna hiniúchtaí slándála ar na próisis shonracha, ar na nósanna imeachta sonracha agus ar an mbunú sonrach.

I dteannta na rialuithe thuas, déanann Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim na rialuithe airgeadais traidisiúnta:

Fíorú ex‑ante gealltanas

Fíoraíonn Ceann an Aonaid um Airgeadais, Soláthar Poiblí agus Comhlíontacht na gealltanais uile in AS TAXUD. Dá thoradh sin, cumhdaítear 100 % de na méideanna geallta leis an bhfíorú ex‑ante. Leis an nós imeachta sin, tugtar ardleibhéal dearbhaithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart.

Fíorú ex‑ante íocaíochtaí

Déantar 100 % d’íocaíochtaí a fhíorú ex‑ante. Thairis sin, roghnaítear roinnt íocaíochtaí go randamach le haghaidh fíorú ex‑ante breise a dhéanann Ceann an Aonaid um Airgeadas, Soláthar Poiblí agus Comhlíontacht. Níl aon sprioc ann maidir leis an gcumhdach, toisc go bhfuil sé d’aidhm ag an bhfíorú sin íocaíochtaí a sheiceáil ‘go randamach’ chun a fhíorú gur ullmhaíodh na híocaíochtaí uile i gcomhréir leis na ceanglais. Déantar na híocaíochtaí eile a phróiseáil de réir na rialacha atá i bhfeidhm ar bhonn laethúil.

Dearbhuithe ó na hOifigigh Údarúcháin trí Fhotharmligean (AOSD)

Síníonn gach Oifigeach Údarúcháin trí Fhotharmligean dearbhuithe ina dtacaítear leis an Tuarascáil Gníomhaíochta Bhliantúil le haghaidh na bliana lena mbaineann. Leis na dearbhuithe sin, cumhdaítear na hoibríochtaí a thagann faoi chuimsiú an chláir. Dearbhaíonn na hOifigigh Údarúcháin trí Fhotharmligean go ndéantar na hoibríochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, go soláthraítear leis na córais bhainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm dearbhú sásúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart agus go ndéantar na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin a shainaithint agus a thuairisciú go cuí agus go gcuirtear gníomhaíochtaí maolaithe chun feidhme.

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Leis na rialuithe a bunaíodh, cuirtear ar a cumas d’Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim dearbhú leordhóthanach a bheith aici maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus an riosca neamhchomhlíontachta a laghdú. Leis na bearta thuas maidir le straitéis rialaithe, laghdaítear na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi bhun na sprice 2 % agus bíonn tionchar acu ar na tairbhithe uile. Dá ndéanfaí aon bheart breise chun rioscaí a laghdú a thuilleadh, is é a thiocfadh as costais arda a bheadh díréireach agus, dá bhrí sin, ní bheartaítear iad. Na costais fhoriomlána a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise rialaithe thuas – le haghaidh gach caiteachais faoi chlár Fiscalis 2027 – tá siad teoranta do 1,6 % d’iomlán na n‑íocaíochtaí a dhéantar. Meastar go bhfanfaidh sé ag an gcóimheas céanna le haghaidh an tionscnaimh seo. Le straitéis rialaithe an chláir, is beag nach dteorannaítear an riosca neamhchomhlíontachta go hiomlán agus leanann sí de bheith comhréireach leis na rioscaí bainteacha.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 25 ón gComhairle d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán sin.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir: 03 04 0100

LD/LN 26

ó thíortha de chuid CSTE 27

ó thíortha is iarrthóirí 28

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1 ‑ Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Digiteach

Feabhas a chur ar fheidhmiú cuí na gcóras cánachais

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir 

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Uimhir

1

An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

AS: TAXUD

Bliain 
N 29

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach na blianta ar fad a theastaíonn chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 30 03.04.01

Gealltanais

(1a)

0,200

0,400

0,200

0,100

0,090

0,990

Íocaíochtaí

(2a)

0,200

0,400

0,200

0,100

0,090

0,990

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 31  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe 
do AS TAXUD

Gealltanais

=1a+1b +3

0,200

0,400

0,200

0,100

0,090

0,990

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0,200

0,400

0,200

0,100

0,090

0,990







Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an roinn seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021‑2027

AS: TAXUD

□ Acmhainní daonna

0,170

0,170

0,080

0,080

0,040

0,540

□ Caiteachas riaracháin eile

0,004

0,004

0,002

0,002

0,001

0,013

FORIOMLÁN AS TAXUD

0,174

0,174

0,082

0,082

0,041

0,533

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0,174

0,174

0,082

0,082

0,041

0,533

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021 – 2027

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

0,374

0,574

0,282

0,182

0,131

1,543

Íocaíochtaí

0,174

0,374

0,482

0,282

0,141

1,453

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2023

2024

2025

2026

2027

2028

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 32

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 33

Sonraíochtaí

0,200

0,300

0,170

0,670

Forbairt

0,090

0,010

0,100

Cothabháil

0,050

0,050

0,050

0,150

Tacaíocht

0,010

0,030

0,030

0,030

0,100

Oiliúint

0,010

0,010

ITSM (Bonneagar, óstáil, ceadúnais, etc.),

0,010

0,010

0,010

0,010

0,010

0,050

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

0,200

0,400

0,200

0,090

0,090

0,090

1,070

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁN

0,200

0,400

0,200

0,090

0,90

0,090

1,070

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,170

0,170

0,080

0,080

0,040

0,540

Caiteachas riaracháin eile

0,004

0,004

0,002

0,002

0,001

0,013

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,174

0,174

0,082

0,082

0,041

0,553

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 34  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile 
de chineál riaracháin

Fo‑iomlán 
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,174

0,174

0,082

0,082

0,041

0,553

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

□ Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus baill foirne shealadacha)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

1

1

1

0,5

0,25

1

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 35

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 36

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

1

1

1

0,5

0,25

1

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

Cruinnithe agus comhfhreagras leis na Ballstáit a ullmhú; obair ar fhoirmeacha, ar fhormáidí TF agus ar an Eolaire Lárnach;

Conraitheoirí seachtracha a choimisiúnú chun obair a dhéanamh ar chóras TF.

Foireann sheachtrach

N/B

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás mór‑athshannadh.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 37

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach na blianta ar fad a theastaíonn chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

(a)    ar acmhainní dílse

(b)    ar ioncam eile

(c)má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 38

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach na blianta ar fad a theastaíonn chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)    An Coimisiún Eorpach. (2022). Tax compliance costs for SMEs. An update and a complement : final report [Costais comhlíontachta cánach ar FBManna. Nuashonrú agus faisnéis chomhlántach: tuarascáil chríochnaitheach] https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/70a486a9-b61d-11ec-b6f4-01aa75ed71a1  
(2)    COM (2005) 702: Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta - Dul i ngleic le constaicí cánach corparáide roimh fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa Mhargadh Inmheánach - clár réime ar scéim phíolótach fhéideartha um Chánachas an Stáit Baile […] {SEC(2005)1785
(3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal An SME Strategy for a sustainable and digital Europe [Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach] (COM/2020/103 final).
(4)    Cuirfear Rialachán in ionad na Treorach maidir le hÍocaíochtaí Déanacha, chun caighdeán Eorpach a sholáthar do FBManna i ndáil le hiompar gnó freagrach ar fud an Mhargaidh Inmheánaigh.
(5)    Cuirfear Rialachán in ionad na Treorach maidir le hÍocaíochtaí Déanacha, chun caighdeán Eorpach a sholáthar do FBManna i ndáil le hiompar gnó freagrach ar fud an Mhargaidh Inmheánaigh
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(7)    An Coimisiún Eorpach. (2022). Tax compliance costs for SMEs. An update and a complement : final report [Costais comhlíontachta cánach ar FBManna. Nuashonrú agus faisnéis chomhlántach: tuarascáil chríochnaitheach] https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/70a486a9-b61d-11ec-b6f4-01aa75ed71a1  
(8)

   Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena naisghairtear Treoir 77/799/CEE.

(9)    IO C , , lch. .
(10)    IO C , , lch. .
(11)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle
(12)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(15)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(16)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle
(17)

   Treoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 maidir le sásraí réitigh díospóidí cánach san Aontas Eorpach (IO L 265, 14.10.2017, lgh. 1–14).

(18)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1)
(19)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1)
(20)    Treoir…[IO: Cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin].
(21)

   Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(22)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(23)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.
(25)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile, IO L 292, lch. 2, 15.11.1996.
(26)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(27)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(28)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(29)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(30)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(31)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(32)    Is éard is aschuir ann táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(33)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóir(í) sonrach(a)...’
(34)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(35)    AC= Baill Foirne ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(36)    Fo‑uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(37)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(38)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

Strasbourg, 12.9.2023

COM(2023) 528 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Treoir ón gComhairle

lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide,

agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

{SEC(2023) 308 final} - {SWD(2023) 301 final} - {SWD(2023) 302 final} - {SWD(2023) 303 final}


IARSCRÍBHINN I:
Liosta eintiteas dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a), atá faoi réir cáin bhrabúis, go díreach, nó aon cháin eile lena ngabhann saintréithe comhchosúla

(a)cuideachtaí a corpraíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 maidir leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE) agus Treoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht um Chuideachta Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe agus comharchumann a chorpraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) agus Treoir 2003/72/CE ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena bhforlíontar an Reacht do Chomharchumann Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe;

(b)cuideachtaí faoi dhlí na Beilge ar a dtugtar ‘société anonyme’/‘naamloze vennootschap’, ‘société en commandite par actions’/‘commanditaire vennootschap op aandelen’, ‘société privée à responsabilité limitée’/‘besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid’, ‘société coopérative à responsabilité limitée’/‘coöperatieve vennootschap met beperkte aansprakelijkheid’, ‘société coopérative à responsabilité illimitée’/‘coöperatieve vennootschap met onbeperkte aansprakelijkheid’, ‘société en nom collectif’/‘vennootschap onder firma’, ‘société en commandite simple’/‘gewone commanditaire vennootschap’, gnóthais phoiblí a bhfuil ceann de na foirmeacha dlíthiúla thuasluaite orthu, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na Beilge faoi réir cháin chorparáide na Beilge;

(c)cuideachtaí faoi dhlí na Bulgáire ar a dtugtar: ‘събирателно дружество’, ‘командитно дружество’, ‘дружество с ограничена отговорност’, ‘акционерно дружество’, ‘командитно дружество с акции’, ‘неперсонифицирано дружество’, ‘кооперации’, ‘кооперативни съюзи’, ‘държавни предприятия’ arna mbunú faoi dhlí na Bulgáire agus atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí tráchtála;

(d)cuideachtaí faoi dhlí na Seice ar a dtugtar: ‘akciová společnost’, ‘společnost s ručením omezeným’;

(e)cuideachtaí faoi dhlí na Danmhairge ar a dtugtar: ‘aktieselskab’ agus ‘anpartsselskab’. Cuideachtaí eile atá faoi réir cánach faoin Acht Cánach Corparáide, sa mhéid go ndéantar a n‑ioncam inchánach a ríomh agus cáin a ghearradh air i gcomhréir leis na rialacha reachtaíochta cánach ginearálta is infheidhme maidir le ‘aktitiskonber’;

(f)cuideachtaí faoi dhlí na Gearmáine ar a dtugtar ‘Aktiengesellschaft’, ‘Kommanditgesellschaft auf Aktien’, ‘Gesellschaft mit beschränkter Haftung’, ‘Versicherungsverein auf Gegenseitigkeit’, ‘Erwerbs und Wirtschaftsgenossenschaft’, ‘Betriebe gewerblicher Art von juristischen Personen des öffentlichen Rechts’ agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na Gearmáine faoi réir cháin chorparáide na Gearmáine;

(g)cuideachtaí faoi dhlí na hEastóine ar a dtugtar: ‘täisühing’, ‘usaldusühing’, ‘osaühing’, ‘aktsiaselts’, ‘tulundusühistu’;

(h)cuideachtaí atá corpraithe nó atá ann cheana faoi dhlí na hÉireann, comhlachtaí atá cláraithe faoin Acht um Chumainn Tionscail agus Soláthair, cumainn foirgníochta atá corpraithe faoi Achtanna na gCumann Foirgníochta agus bainc taisce iontaobhais de réir bhrí an Achta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989;

(i)cuideachtaí faoi dhlí na Gréige ar a dtugtar ‘ανώνυμη εταιρεία’, ‘εταιρεία περιορισμένης ευθύνης (Ε.Π.Ε.)’·agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na Gréige faoi réir cháin chorparáide na Gréige;

(j)cuideachtaí faoi dhlí na Spáinne ar a dtugtar: ‘sociedad anónima’, ‘sociedad comanditaria por acciones’, ‘sociedad de responsabilidad limitada’, comhlachtaí dlí phoiblí a oibríonn faoin dlí príobháideach. Eintitis eile arna mbunú faoi dhlí na Spáinne faoi réir cháin corparáide na Spáinne (‘Impuesto sobre Sociedades’);

(k)cuideachtaí faoi dhlí na Fraince ar a dtugtar ‘société anonyme’, ‘société en commandite par actions’, ‘société à responsabilité limitée’, ‘sociétés par actions simplifiées’, ‘sociétés d’assurances mutuelles’, ‘caisses d’épargne et de prévoyance’, ‘sociétés civiles’ which are automatically subject to corporation tax, ‘coopératives’, ‘unions de coopératives’, bunaíochtaí agus gnóthais phoiblí thionsclaíocha agus tráchtála, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na Fraince faoi réir cháin chorparáide na Fraince;

(l)cuideachtaí faoi dhlí na hIodáile a dtugtar ‘società per azioni’, ‘società in accomandita per azioni’, ‘società a responsabilità limitata’, ‘società cooperative’, ‘società di mutua assicurazione’, agus eintitis phríobháideacha agus phoiblí ar gníomhaíocht tráchtála atá ar bun acu, go hiomlán nó go príomha;

(m)faoi dhlí na Cipire: ‘εταιρείες’ mar a shainítear sna dlíthe Cánach Ioncaim;

(n)cuideachtaí faoi dhlí na Laitvia ar a dtugtar: ‘akciju sabiedrība’, ‘sabiedrība ar ierobežotu atbildību’;

(o)cuideachtaí a chorpraítear faoi dhlí na Liotuáine;

(p)cuideachtaí faoi dhlí Lucsamburg ar a dtugtar ‘société anonyme’, ‘société en commandite par actions’, ‘société à responsabilité limitée’, ‘société coopérative’, ‘société coopérative organisée comme une société anonyme’, ‘association d’assurances mutuelles’, ‘association d’épargnepension’, ‘entreprise de nature commerciale, industrielle ou minière de l’Etat, des communes, des syndicats de communes, des établissements publics et des autres personnes morales de droit public’, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí Lucsamburg faoi réir cháin chorparáide Lucsamburg;

(q)cuideachtaí faoi dhlí na hUngáire ar a dtugtar: ‘közkereseti társaság’, ‘betéti társaság’, ‘közös vállalat’, ‘korlátolt felelősségű társaság’, ‘részvénytársaság’, ‘egyesülés’, ‘szövetkezet’;

(r)cuideachtaí faoi dhlí Mhálta ar a dtugtar: ‘Kumpaniji ta’ Responsabilita’ Limitata’, ‘Soċjetajiet en commandite li lkapital tagħhom maqsum f’azzjonijiet’;

(s)cuideachtaí faoi dhlí na hÍsiltíre ar a dtugtar ‘naamloze vennootschap’, ‘besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid’, ‘open commanditaire vennootschap’, ‘coöperatie’, ‘onderlinge waarborgmaatschappij’, ‘fonds voor gemene rekening’, ‘vereniging op coöperatieve grondslag’, ‘vereniging welke op onderlinge grondslag als verzekeraar of kredietinstelling optreedt’, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na hÍsiltíre faoi réir cháin chorparáide na hÍsiltíre;

(t)cuideachtaí faoi dhlí na hOstaire ar a dtugtar ‘Aktingesellschaft’, ‘Gesellschaft uirthi stäbeker Hänegesellschaft’, ‘Erwewas und Wirtschaftsgosseneten’, ‘Erwewbeeund Wirtschaftosseneten’, ‘Bewbewperbegen von Körperbetslien’, ‘Sparkasen’, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na hOstaire faoi réir cháin chorparáide na hOstaire;

(u)cuideachtaí faoi dhlí na Polainne ar a dtugtar: ‘spółka akcyjna’, ‘spółka z ograniczoną odpowiedzialnością’, spółka komandytowoakcyjna;

(v)cuideachtaí tráchtála nó cuideachtaí dlí shibhialta a bhfuil foirm tráchtála acu agus comharchumainn agus gnóthais phoiblí arna gcorprú i gcomhréir le dlí na Portaingéile;

(w)cuideachtaí faoi dhlí na Rómáine ar a dtugtar: ‘societăți pe acțiuni’, ‘societăți în comandită pe acțiuni’, ‘societăți cu răspundere limitată’, ‘societăți în nume colectiv’, ‘societăți în comandită simplă’;

(x)cuideachtaí faoi dhlí na Slóivéine ar a dtugtar: ‘delniška družba’, ‘komanditna družba’, ‘družba z omejeno odgovornostjo’;

(y)cuideachtaí faoi dhlí na Slóvaice ar a dtugtar: ‘akciová spoločnosť’, ‘spoločnosť s ručením obmedzeným’, ‘komanditná spoločnosť’;

(z)cuideachtaí faoi dhlí na Fionlainne ar a dtugtar ‘osakeyhtiö’/‘aktiebolag’, ‘osuuskunta’/‘andelslag’, ‘säästöpankki’/‘sparbank’ agus ‘vakuutusyhtiö’/‘försäkringsbolag’;

(aa)cuideachtaí faoi dhlí na Sualainne ar a dtugtar ‘aktiebolag’, ‘försäkringsaktiebolag’, ‘ekonomiska föreningar’, ‘sparbanker’, ‘ömsesidiga försäkringsbolag’, ‘försäkringsföreningar’;

(bb)cuideachtaí faoi dhlí na Cróite ar a dtugtar: ‘dioničko društvo’, ‘društvo s ograničenom odgovornošću’, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na Cróite faoi réir cháin bhrabúis na Cróite.

IARSCRÍBHINN II:
Liosta eintiteas dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a), faoi réir cáin bhrabúis ar leibhéal na n‑úinéirí, nó aon cháin eile lena ngabhann saintréithe comhchosúla

a)An Bheilg: la société en nom collectif/de vennootschap onder firma, la société en commandite simple/de gewone commanditaire vennootschap, la société coopérative à responsabilité illimitée/de coöperatieve vennootschap met onbeperkte aansprakelijkheid

b)An Bhulgáir: събирателно дружество, командитно дружество;

c)Poblacht na Seice: veřejná obchodní společnost, komanditní společnost;

d)An Danmhairg: interessentskaber, kommanditselskaber;

e)An Ghearmáin: die offene Handelsgesellschaft, die Kommanditgesellschaft;

f)An Eastóin: täisühing, usaldusühing;

g)Éire: comhpháirtíochtaí, comhpháirtíochtaí teoranta, cuideachtaí neamhtheoranta;

h)An Ghréig: η ομόρρυθμος εταιρία, η ετερόρρυθμος εταιρία;

i)An Spáinn: sociedad colectiva, sociedad en comandita simple;

j)An Fhrainc: la société en nom collectif, la société en commandite simple;

k)An Chróit: javno trgovačko društvo, komanditno društvo, gospodarsko interesno udruženje;

l)An Iodáil: la società in nome collettivo, la società in accomandita semplice;

m)An Chipir: Ομόρρυθμες και ετερόρρυθμες εταιρείες (συνεταιρισμοί);

n)An Laitvia: pilnsabiedrība, komandītsabiedrība;

o)An Liotuáin: tikrosios ūkinės bendrijos, komanditinės ūkinės bendrijos;

p)Lucsamburg: la société en nom collectif, la société en commandite simple;

q)An Ungáir: közkereseti társaság, betéti társaság, közös vállalat, egyesülés, egyéni cég;

r)Málta: soċjeta f’isem kollettiv jew soċjeta in akkomandita, bilkapital li mhux maqsum f’azzjonijiet meta ssoċji kollha li għandhom responsabbilita’ llimitata huma soċjetajiet in akkomandita bilkapital maqsum f’azzjonijiet — partnership en nom collectif nó partnership en commandite lena ngabhann caipiteal nach roinntear ina scaireanna, i gcás ina mbíonn na comhpháirtithe uile ag a bhfuil dliteanas neamhtheoranta faoin gcomhpháirtíocht theoranta agus an caipiteal roinnte ina scaireanna;

s)An Ísiltír: de vennootschap onder firma, de commanditaire vennootschap;

t)An Ostair: die offene Gesellschaft, die Kommanditgesellschaft;

u)An Pholainn: spółka jawna, spółka komandytowa;

v)An Phortaingéil: sociedade em nome colectivo, sociedade em comandita simples;

w)An Rómáin: societate în nume colectiv, societate în comandită simplă;

x)An tSlóivéin: družba z neomejeno odgovornostjo, komanditna družba;

y)An tSlóvaic: verejná obchodná spoločnosť, komanditná spoločnosť;

z)An Fhionlainn: avoin yhtiö/ öppet bolag, kommandiittiyhtiö/kommanditbolag;

aa)An tSualainn: handelsbolag, kommanditbolag.

IARSCRÍBHINN III:
Liosta cánacha brabúis, a ghearrtar go díreach nó ar leibhéal na n‑úinéirí, nó aon cháin eile lena ngabhann saintréithe comhchosúla dá dtagraítear in Airteagal 2 (1)(c):

(a)impôt des sociétés/vennootschapsbelasting sa Bheilg,

(b)корпоративен данък sa Bhulgáir,

(c)daň z příjmů právnických osob i bPoblacht na Seice,

(d)selskabsskat sa Danmhairg,

(e)Körperschaftsteuer sa Ghearmáin,

(f)tulumaks san Eastóin,

(g)cáin chorparáide in Éirinn,

(h)φόρος εισοδήματος νομικών προσώπων κερδοσκοπικού χαρακτήρα sa Ghréig,

(i)impuesto sobre sociedades sa Spáinn,

(j)impôt sur les sociétés sa Fhrainc,

(k)porez na dobit sa Chróit,

(l)imposta sul reddito delle società san Iodáil,

(m)φόρος εισοδήματος sa Chipir,

(n)uzņēmumu ienākuma nodoklis sa Laitvia,

(o)pelno mokestis sa Liotuáin,

(p)impôt sur le revenu des collectivités i Lucsamburg,

(q)tárgi adó, osztalékadó san Ungáir,

(r)taxxa fuq lincome i Málta,

(s)venuotschapsbelasting san Ísiltír,

(t)Körperschaftsteuer san Ostair,

(u)podatek dochodowy od osób prawnych sa Pholainn,

(v)imposto sobre o rendimento das pessoas colectivas sa Phortaingéil,

(w)impozit pe profitr sa Rómáin,

(x)davek od dobička pravnih oseb sa tSlóivéin,

(y)daň z príjmov právnických osôb sa tSlóvaic,

(z)yteisöjen tulovero/inkomstskatten för samfund san Fhionlainn,

(aa)statlig inkomstskatt sa tSualainn.

IARSCRÍBHINN IV:
I leith eintitis dhlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a),

cáin bhrabúis ar leibhéal na n‑úinéirí:

Cáin ioncaim phearsanta ar leibhéal úinéirí na n‑eintiteas a liostaítear faoi Iarscríbhinn II, nó aon cháin eile lena ngabhann saintréithe comhchosúla lena gcumhdaítear ioncam gnó.

Top