AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.9.2023
COM(2023) 512 final
2023/0311(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2023) 305 final} - {SWD(2023) 289 final} - {SWD(2023) 290 final} - {SWD(2023) 291 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá an tAontas Eorpach (AE) fothaithe ar luachanna dhínit an duine, na saoirse, agus urramú chearta an duine agus tá sé tiomanta don idirdhealú a chomhrac, lena n‑áirítear ar fhorais mhíchumais, mar a leagtar amach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha (Cairt).
An ceart atá ag saoránaigh den Aontas Eorpach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas Eorpach, tá sé ar cheann de na rudaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach, agus is spreagadh tábhachtach dá gheilleagar é.
Tá an tAontas Eorpach agus na Ballstáit uile ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD). Is é is cuspóir do UNCRPD tairbhiú iomlán agus cothrom chearta uile an duine agus shaoirsí bunúsacha na ndaoine uile faoi mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus a áirithiú, agus meas ar a ndínit bhunúsach a chur chun cinn. Tá oibleagáidí in UNCRPD ar Stáit is Páirtithe aitheantas a thabhairt do chearta daoine faoi mhíchumas chun saoirse gluaiseachta ar bhonn comhionann le cearta daoine eile. Iarrtar ar Stáit is Páirtithe freisin bearta éifeachtacha a dhéanamh chun soghluaisteacht phearsanta lena mbaineann an neamhspleáchas is mó agus is féidir a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas, lena n‑áirítear trí shoghluaisteacht phearsanta daoine faoi mhíchumas a éascú ar a rogha bealach agus am féin, agus ar chostas inacmhainne.
Foráiltear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus an Coimisiún Eorpach in Göteborg an 17 Samhain 2017, go bhfuil ceart chun córa comhionainne agus chun deiseanna comhionanna ag gach duine, gan beann ar mhíchumas, a mhéid a bhaineann le fostaíocht, cosaint shóisialta, oideachas, agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí atá ar fáil don phobal (prionsabal 3). Ina theannta sin, aithnítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas chun seirbhísí lena gcuirtear ar a gcumas dóibh páirt a ghlacadh sa tsochaí (prionsabal 17). Tagraítear i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta do bhacainní suntasacha a bhíonn fós ar dhaoine faoi mhíchumas, agus pléitear a thuilleadh iad sa Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030.
Daoine faoi mhíchumas a ndéanann na húdaráis inniúla i mBallstát a stádas míchumais a mheasúnú agus a aithint, is minic a thugtar coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach dóibh maidir le rochtain ar sheirbhísí, ar ghníomhaíochtaí agus ar shaoráidí éagsúla, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad sin ar luach saothair sa Bhallstát sin, agus cé acu atá nó nach bhfuil siad á soláthar ag údaráis phoiblí nó ag oibreoirí príobháideacha, ar bhonn rialacha/oibleagáidí dlíthiúla náisiúnta nó áitiúla, agus is minic a sholáthraítear iad ar bhonn deonach (go háirithe oibreoirí príobháideacha).
Déantar na coinníollacha speisialta nó an chóir fhabhrach is coitianta a thairiscint nó déantar foráil dóibh maidir le hiompar poiblí agus príobháideach, spásanna páirceála, imeachtaí cultúrtha (e.g. músaeim), ionaid nó seirbhísí fóillíochta agus spóirt, páirceanna siamsaíochta, turasóireacht. D’fhéadfadh sé a bheith sé i gceist leo sin rochtain saor in aisce, taraifí laghdaithe, táillí nó muirir laghdaithe úsáideoirí ar dhola-bhóithre/droichid/tolláin, rochtain tosaíochta, cúnamh pearsanta, tacaíocht (amhail rochtain ar braille, treoracha fuaime), soláthar áiseanna, páirceáil shínte nó spásanna coinnithe (páirceála). Maidir le seirbhísí iompair do phaisinéirí, féadfaidh cúntóirí pearsanta nó daoine eile a bheidh in éineacht le daoine faoi mhíchumas nó a bheidh ag cuidiú leo taisteal saor in aisce nó suíochán a fháil, más féidir in aice leis an duine faoi mhíchumas nó in aice leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe. Cuirtear cóir fhabhrach agus coinníollacha speisialta ar fáil freisin agus rochtain á fáil ar ghníomhaíochtaí nó ar shaoráidí nach soláthraítear ar luach saothair.
Mar sin féin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag daoine a bhfuil stádas míchumais aitheanta acu ina mBallstát cónaithe agus iad ag taisteal go Ballstát eile maidir le rochtain a fháil ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach a chuirtear ar fáil sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt acu air nó dá bhforáiltear sa Bhallstát sin, mar gheall, go minic, ar easpa aitheantais ar a gcárta míchumais nó ar a ndeimhniú míchumais arna eisiúint ag a mBallstát cónaithe.
Mar aon le bacainní fisiceacha agus bacainní eile maidir le rochtain a fháil ar spásanna poiblí agus príobháideacha araon, príomhthoisc is ea na speansais arda taistil lena ndíspreagtar go leor daoine faoi mhíchumas ó dhul ag taisteal, toisc go bhfuil riachtanais shonracha acu freisin a fhágann go ngearrtar costais taistil níos airde orthu ná mar a ghearrtar i gcás daoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Deimhnítear i suirbhé Eurostat ar dhaoine nach nglacann páirt sa turasóireacht don phobal i gcoitinne go bhfuil cúiseanna airgeadais ina bpríomh-argóint nach dtaistealaíonn daoine, rud a léiríonn nár ghlac 44.83 % den daonra iomlán páirt sa turasóireacht ‘ar chúiseanna airgeadais’ in 2019. Baineann baol bochtaineachta níos mó le daoine faoi mhíchumas ná mar a bhaineann le daoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Ar leibhéal an Aontais, bhí baol bochtaineachta ag baint le thart ar 21.1 % de dhaoine faoi mhíchumas a bhí 16 bliana d’aois agus níos sine in 2021, i gcomparáid le 14.9 % de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Ba é 16.4 % an céatadán do na daoine uile os cionn 16 bliana d’aois.
Mar gheall go gcaithfear déileáil le héiginnteacht dhlíthiúil agus le costais bhreise fhéideartha, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do na deiseanna atá ann do dhaoine faoi mhíchumas a gcearta saorghluaiseachta a fheidhmiú go hiomlán agus go héifeachtach.
Ina theannta sin, i gcás roinnt mhaith daoine faoi mhíchumas, is é iompar príobháideach i gcarr an rogha is fearr nó an t‑aon rogha atá ann díobh chun dul ó áit go háit leo féin. Tá an deis gur féidir leo páirceáil chomh gar agus is féidir dá gceann scríbe agus infhaighteacht saoráidí páirceála coinnithe nó leathnaithe do dhaoine faoi mhíchumas ríthábhachtach chun tacú lena neamhspleáchas agus éascaítear leis sin feidhmiú na gceart saorghluaiseachta. Cruthaíodh an cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas trí bhíthin Moladh ón gComhairle lena mbunaítear samhail/formáid chaighdeánaithe choiteann de chuid an Aontais in 1998, agus tá sé ar cheann de na héachtaí is feiceálaí agus is tábhachtaí i mbeartas míchumais an Aontais. Tá sé á úsáid go forleathan na Ballstáit uile. D’ainneoin sin, áfach, bíonn deacrachtaí ag sealbhóirí cárta agus úsáid á baint acu as samhail chaighdeánaithe cárta páirceála an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas, amhail éiginnteachtaí faoi na cearta a dheonaítear agus aitheantas teoranta ar an gcárta agus iad ag taisteal chuig Ballstáit eile, chomh maith le fíneálacha a bheith á ngearradh fiú nuair a thaispeántar an cárta páirceála Eorpach nó nuair a bhíonn sé ar taispeáint. Ina theannta sin, le difríochtaí náisiúnta i bhformáid agus i ndearadh chomh maith le cur chun feidhme an chárta páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas, cuirtear bac ar a úsáid, méadaítear an éiginnteacht (dhlíthiúil), agus cruthaítear rioscaí brionnaithe nó gníomhaíochtaí calaoiseacha, chomh maith le saincheisteanna forfheidhmiúcháin.
Dá bhrí sin, bunaítear leis an tionscnamh seo an creat, na rialacha agus na coinníollacha coiteanna, lena n‑áirítear samhail choiteann chaighdeánaithe, le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach mar chruthúnas ar stádas míchumais aitheanta agus le haghaidh an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas, mar chruthúnas ar a gceart aitheanta chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas (‘cearta páirceála’). Is é is cuspóir don tionscnamh tacú le rochtain ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna i ngach Ballstát do shealbhóirí an Chárta Míchumais Eorpaigh nó an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach i ndáil le seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, agus coinníollacha agus saoráidí páirceála faoi seach.
Le haitheantas frithpháirteach don Chárta Míchumais Eorpach agus don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, ba cheart a éascú agus a ráthú gur féidir le daoine faoi mhíchumas, agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile, a gcearta chun coinníollacha speisialta agus/nó chun cóir fhabhrach a fheidhmiú agus leas a bhaint astu chun rochtain a fháil ar sheirbhísí, ar ghníomhaíochtaí agus ar shaoráidí, ar coinníollacha agus cóir iad a thairgeann oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, chomh maith le rochtain ar choinníollacha agus ar shaoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas, gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais náisiúntachta nó áit chónaithe, ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus coinníollacha dá bhforáiltear ar bhonn deimhnithe náisiúnta, cártaí míchumais nó doiciméid fhoirmiúla eile lena n‑aithnítear a stádas míchumais arna n‑eisiúint ag na húdaráis inniúla sa tír óstach.
Trí chreat rialacha agus coinníollacha coiteanna a bhunú don Chárta Míchumais Eorpach agus don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, beidh sé ina chuidiú lena áiritheofar rannpháirtíocht níos éifeachtaí agus níos cuimsithí na ndaoine faoi mhíchumas sa tsochaí.
Tá an togra chun Cárta Eorpach Míchumais a chruthú ar cheann de na tionscnaimh shuaitheanta sa Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030:
“Molfaidh an Coimisiún Cárta Míchumais Eorpach a chruthú faoi dheireadh 2023 ionas go n‑aithneofar é i ngach Ballstát. Tógfaidh sé ar thaithí threoirthionscadal leanúnach an Chárta Míchumais Eorpaigh in ocht mBallstát agus ar an gcárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas.”
Leagadh amach freisin an rún togra a chur síos maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh den fhís agus ar thagair an tUachtarán von der Leyen di i gcomhthéacs a haithisc ar Staid an Aontais 2022. Tá an tionscnamh ina chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin 2023 – Aontas daingean aontaithe.
D’iarr Parlaimint na hEorpa an Cárta i dtrí rún. Ina Rún an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an Straitéis Eorpach um Míchumas i ndiaidh 2020, d’iarr sé ar an gCoimisiún an treoirthionscadal atá ann cheana maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach a leathnú agus a áirithiú go n‑urramófar an cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas go hiomlán i ngach Ballstát. Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh an bplean tionscnamh a chur i láthair chun go n‑aithneofar an Cárta Míchumais Eorpach i ngach Ballstát, d’fhonn na treoirthionscadail don Chárta Míchumais Eorpach agus do shamhail cárta páirceála an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas a mhéadú ina Rún an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le daoine faoi mhíchumas a chosaint trí achainíocha. Thacaigh sé ina Rún an 13 Nollaig 2022 le cearta comhionanna do dhaoine faoi mhíchumas, le tionscnamh uaillmhianach atá ceangailteach ó thaobh dlí, lena gcumhdófar raon réimsí éagsúla lasmuigh den chultúr, den fóillíocht agus den spórt.
Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Tuairim thaiscéalaíoch thacúil freisin i ndáil leis an gCárta Míchumais Eorpach, ag aithint, i ndáil leis an gCárta Páirceála Eorpach, a thábhachtaí atá sé an reachtaíocht a thabhairt cothrom le dáta lena gcomhchuibhítear na saintréithe, lena n‑eisítear na nósanna imeachta agus lena bhfeidhmítear í.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Cuireann an tionscnamh seo le dhá ionstraim atá ann cheana.
Maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach, tógann an togra ar an treoirthionscadal gaolmhar lena leathnaítear a raon feidhme chuig na Ballstáit uile agus cumhdaítear leis raon níos leithne réimsí beartais éagsúla, ní hamháin seirbhísí, ach gníomhaíochtaí agus saoráidí freisin, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair. Rinneadh an treoirthionscadal ar bhonn deonach in ocht mBallstát (an Bheilg, an Chipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Iodáil, Málta, an Rómáin agus an tSlóivéin) in 2016-2018 agus bhí sé fós i bhfeidhm i ndiaidh dheireadh an tionscadail. Soláthraíodh leis an treoirthionscadal formáid choiteann le haghaidh cárta maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt ar bhonn deonach i measc na n‑ocht mBallstát rannpháirteacha ar an stádas míchumais (arna bhunú i gcomhréir lena gcritéir, rialacha, cleachtais agus nósanna imeachta incháilitheachta náisiúnta faoi seach), le haghaidh rochtain ar shochair agus ar sheirbhísí i réimsí an chultúir, na fóillíochta, an spóirt agus, i roinnt tíortha, réimse an iompair, agus iad ag taisteal chuig ceann de na tíortha rannpháirteacha. D’fhéadfadh soláthraithe seirbhíse náisiúnta sna hearnálacha sin cloí go deonach le scéim an Chárta. Bhí an pacáiste sochar a soláthraíodh i ngach Ballstát ag brath ar líon agus ar chineál na soláthraithe seirbhíse rannpháirteacha. Nuair a ghlac siad páirt i scéim an Chárta, bhí sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse na sochair chéanna a bhí siad ag soláthar do náisiúnaigh faoi mhíchumas a thairiscint freisin do shealbhóirí cárta ó Bhallstáit rannpháirteacha eile. Bhí ar na Ballstáit taifead a choinneáil de na seirbhísí a chloíonn leis an gcóras agus é a thabhairt cothrom le dáta go rialta.
Léiríodh go soiléir le Treoirthionscadal an Aontais na buntáistí do dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí i réimsí an chultúir, na fóillíochta, an spóirt, agus i gcásanna áirithe an iompair, agus maidir le tacú lena ngluaiseacht trasteorann san Aontas ar feadh tréimhse ghearr. Ina theannta sin, i Staidéar 2021 ina ndearnadh measúnú ar chur chun feidhme na gníomhaíochta píolótaí ar an gCárta Míchumais Eorpach agus ar na sochair ghaolmhara, deimhníodh breisluach an chárta san Aontas agus thángthas ar an gconclúid go raibh an acmhainneacht ann le haghaidh gníomhaíocht ar scála níos mó.
I gcomparáid leis an treoirthionscadal (inar liostaíodh na ceithre earnáil a chumhdaítear agus inar cuimsíodh (go náisiúnta) liostaí mionsonraithe de ‘sholáthraithe rannpháirteacha’ i mbunachar sonraí poiblí), tá réasúnaíocht/loighic bhunúsach an togra reachtaigh seo difriúil. Trí fhoráil a dhéanamh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt don Chárta Míchumais Eorpach i ngach Ballstát, is é is aidhm don togra reachtach sin rochtain a thabhairt do shealbhóirí cárta a bheidh ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile, ag a bhfuil rochtain, ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna, ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach atá ann cheana i ndáil le héagsúlacht mhór seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair. Leis an gcur chuige sin, ba cheart laghdú suntasach a dhéanamh ar an ualach riaracháin sa treoirthionscadal do na Ballstáit a bhaineann leis an ngá atá le bunachair sonraí soláthraithe seirbhíse a ghlacann leis an gCárta Míchumais Eorpach a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta.
Maidir leis an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, cuirfear an tionscnamh in ionad an chórais a cuireadh i bhfeidhm le Moladh 98/376/CE ón gComhairle lena ndearnadh foráil maidir le samhail dheonach Eorpach cárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas agus lenar éascaíodh aitheantas an chárta páirceála ar fud na mBallstát. Mar thoradh ar bhreiseanna nó ar dhiallais náisiúnta sonracha ón tsamhail mholta, tá leathadh cártaí éagsúla ann, rud a chuireann bac ar a n‑aitheantas trasteorann agus ar rochtain daoine faoi mhíchumas ar choinníollacha agus ar shaoráidí páirceála speisialta a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil cárta páirceála ‘áitiúil’ acu. Ina theannta sin, níor tugadh an Moladh ón gComhairle cothrom le dáta chun forbairtí sa teicneolaíocht agus sa digitiú a léiriú, nó chun cuidiú leis na Ballstáit a bhfuil fadhbanna acu maidir le calaois agus brionnú na gcártaí aghaidh a thabhairt orthu.
Soláthrófar leis an togra na rialacha agus na coinníollacha comhchoiteanna lena rialaítear eisiúint an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas agus a theimpléid choitinn atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit uile a chuirfear in ionad iliomad na gcártaí páirceála náisiúnta atá ann cheana.
Thairis sin, i bhfianaise cóir chomhionann le saoránaigh den Aontas a ráthú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomh dlí ar leith a chur ar aghaidh lena leathnaítear raon feidhme an togra seo chuig náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Ballstáit agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is é is aidhm don tionscnamh seo é a dhéanamh níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas, agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile, leas a bhaint as coinníollacha speisialta agus/nó as cóir fhabhrach atá ar fáil agus seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí á rochtain acu, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, faoi choinníollacha atá comhionann le cónaitheoirí faoi mhíchumas, agus ar an tslí sin feidhmiú a gceart saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú.
Maidir le seirbhísí a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair sa mhargadh inmheánach, comhlánaítear leis an togra seo Treoir 2006/123 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach. Comhlánaítear leis freisin an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht (Treoir 2019/882) agus an Treoir maidir le hinrochtaineacht Gréasáin (Treoir (AE) 2016/2102) arb é is aidhm dóibh deireadh a chur leis na bacainní a eascraíonn as ceanglais inrochtaineachta éagsúla sna Ballstáit agus cosc a chur orthu.
Comhlánaítear leis an togra cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir le cearta paisinéirí, a glacadh idir 2004 agus 2021 i ndáil le ceithre mhodh iompair: eitlíocht, iarnróid, iompar uisce-iompartha, agus busanna agus cóistí, agus d’fhéadfaí cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin a éascú leis. Ráthaítear leis an reachtaíocht sin do phaisinéirí faoi mhíchumas agus do phaisinéirí a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe an ceart chun neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar iompar agus chun cúnamh a fháil saor in aisce agus, más gá, go ndéanfaí seirbhísí iompair a oiriúnú dá riachtanais speisialta ionas go bhféadfaidh siad na ceithre mhodh iompair a úsáid mar a úsáideann aon saoránach eile iad.
Tá an tionscnamh i gcomhréir freisin le Treoir (AE) 2022/362 le déanaí, lena gcuirtear ar a gcumas do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le táillí nó muirir laghdaithe úsáideoirí ar dhola-bhóithre/droichid/tolláin chomh maith le díolúintí ón oibleagáid táillí nó muirir úsáideoirí den sórt sin a íoc le haghaidh aon fheithicil a úsáideann daoine faoi mhíchumas nó aon fheithicil faoina úinéireacht maidir le bóithre atá faoi réir muirir bhóthair.
Cuideoidh an togra freisin le tacú le rannpháirtíocht níos éifeachtaí agus níos cuimsithí daoine faoi mhíchumas sa tsochaí mar atá beartaithe le UNCRPD agus cuirfidh sé le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, mar go spreagtar le Sprioc 8 beartais lena gcuirtear turasóireacht inbhuanaithe agus cultúr áitiúil chun cinn; Is é is aidhm do Sprioc 10 neamhionannais a laghdú; agus is é is aidhm do Sprioc 11 rochtain a sholáthar ar chórais shábháilte, inacmhainne, inrochtana agus inbhuanaithe do chách.
Thairis sin, soláthraítear leis an togra bloc tógála eile do bhonneagar deimhnithe digiteacha Eorpach níos leithne, a thógann ar Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais agus a nascfar leis an Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí i ndiaidh ghlacadh an Rialacháin athbhreithnithe atá beartaithe.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá iliomad cuspóirí idirnasctha leis an togra seo a bhaineann le roinnt réimsí beartais, amhail seirbhísí, iompar, agus cearta chun saorghluaiseachta. Dá bhrí sin, is é an úsáid a bhaintear as bunúis dhlíthiúla éagsúla an rud is leordhóthanaí agus is iomchuí chun cuspóirí éagsúla an tionscnaimh seo a chumhdach.
Tá Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 CFAE (maidir le seirbhísí a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair sa mhargadh inmheánach) ábhartha, toisc go ndeonófar leis an togra an ceart do shealbhóirí cárta leas a bhaint as coinníollacha/cóir fhabhrach agus seirbhísí á rochtain acu ar bhonn comhionann le daoine faoi mhíchumas sa Bhallstát a mbeidh cuairt á tabhairt acu air.
Maidir le coinníollacha speisialta agus cóir fhabhrach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí i réimse an iompair, lena n‑áirítear saoráidí páirceála, soláthraítear le hAirteagal 91 CFAE an bunús dlí riachtanach. Ina theannta sin, tá an tAirteagal seo ábhartha freisin ós rud é gur éascaíodh leis an Moladh ón gComhairle a ghlacadh in 1998 lenar cruthaíodh scéim dheonach an chárta páirceála Eorpaigh atá ann cheana, agus cuirfear an tionscnamh reatha in ionad na scéime sin.
Chun na coinníollacha speisialta nó an chóir fhabhrach sin a sholáthraítear a chumhdach agus rochtain á fáil ar ghníomhaíochtaí agus ar shaoráidí nach dtagann faoi na catagóirí ‘seirbhísí’ a chumhdaítear leis na bunúis dlí eile dá dtagraítear thuas, go háirithe na gníomhaíochtaí agus na saoráidí sin nach soláthraítear ar luach saothair, foráiltear le hAirteagal 21(2) CFAE, mar bhunús dlí iarmharach, go bhféadfaidh an tAontas Eorpach gníomhú agus forálacha a ghlacadh chun ceart shaoránaigh an Aontais chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát a éascú. Thairis sin, baill teaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, de shaoránach den Aontas a fheidhmíonn a cheart nó a ceart chun saorghluaiseachta i gcomhréir le rialacha an Aontais, tá siad comhshamhlaithe le saoránaigh den Aontas.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Urramaítear prionsabal na coimhdeachta go hiomlán leis an togra seo. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí éagsúla idirnasctha an togra seo a ghnóthú go leordhóthanach leo féin agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, tá gá le beart ar leibhéal an Aontais.
Tá gné thrasteorann ag baint leis na fadhbanna a aithníodh nach féidir leis na Ballstáit iad a réiteach astu féin. Baineann an gá atá le gníomh ón Aontas go díreach le taisteal trasteorann agus le dúshláin ghaolmhara a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas san Aontas, agus ar an tslí sin an gá atá le cur chuige comhordaithe a áirithiú i measc na mBallstát le héascaíocht a dhéanamh ar a rochtain ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna le sealbhóirí cárta míchumais nó deimhniú míchumais arna eisiúint ag an tír a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi.
Mura ndéanfaí gníomh ar leibhéal an Aontais, is dócha go nglacfadh na Ballstáit córais éagsúla, rud a bheadh ina chúis le deacrachtaí leanúnacha maidir le haitheantas a thabhairt do chártaí míchumais agus do dheimhnithe míchumais, chomh maith leis an gcárta páirceála Eorpach, thar theorainneacha. Dá mba rud é nach ndéanfadh an tAontas idirghabháil, is dócha go dtiocfadh méadú freisin ar na difríochtaí reatha i gcártaí míchumais náisiúnta agus i ndeimhnithe míchumais náisiúnta, agus go leanfaí leis an gcóir dhifriúil do dhaoine faoi mhíchumas ar fud na mBallstát nó go dtiocfadh méadú breise uirthi, agus go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ar a rochtain ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach i ndáil le seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar fheidhmiú a gceart saorghluaiseachta.
Ní fhéachtar leis an tionscnamh leis na critéir incháilitheachta, na coinníollacha incháilitheachta ná na nósanna imeachta measúnaithe a chomhchuibhiú chun stádas míchumais a fháil i mBallstát, a bhfuil na Ballstáit fós inniúil ina leith. Dá bhrí sin, ní dhéantar difear leis an togra sin d’inniúlachtaí na mBallstát chun na coinníollacha agus na nósanna imeachta a chinneadh agus measúnú á dhéanamh ar stádas míchumais chun cárta páirceála Eorpach a dheonú agus chun aitheantas a thabhairt don cheart chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas agus chun deimhniú, cárta míchumais nó cárta páirceála a eisiúint do dhaoine faoi mhíchumas, nó aon doiciméad foirmiúil eile, bíodh sé ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta.
Ina theannta sin, ní chuirtear isteach leis an togra ar inniúlachtaí náisiúnta chun a chinneadh an ndeonófar nó nach ndeonófar tairbhí speisialta nó coinníollacha fabhracha, amhail saor-rochtain, taraifí laghdaithe, nó cóir fhabhrach do dhaoine faoi mhíchumas agus, i gcás inarb infheidhme, an duine nó na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo. Ní fhorchuirtear leis an togra oibleagáidí ar oibreoirí príobháideacha ná ar údaráis phoiblí maidir le coinníollacha fabhracha a dheonú. Ní áirithítear leis ach i gcás ina ndeonaítear coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach den sórt sin, gur cheart go mbeadh siad sin ar fáil ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna do gach duine faoi mhíchumas ar sealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh nó Cárta Páirceála Eorpaigh iad do dhaoine faoi mhíchumas, agus go gcuirfear an fhaisnéis ina leith sin ar fáil i bhformáidí inrochtana trí úsáid a bhaint as na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2019/882.
•Comhréireacht
Maidir le prionsabal na comhréireachta, ní théann foirm agus ábhar an togra thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun a chuspóirí éagsúla idirnasctha a bhaint amach.
Socraítear rialacha ginearálta, rialacha comhchoiteanna agus formáid/teimpléad comhchoiteann caighdeánaithe don dá chárta. Agus difríochtaí, imthosca agus cleachtais náisiúnta á gcur san áireamh, áfach, fágtar faoi na Ballstáit an measúnú ar an stádas míchumais féin a dhéanamh, na nósanna imeachta is gá a bhunú chun na cártaí a eisiúint agus na coinníollacha speisialta nó an chóir fhabhrach a chinneadh do dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain ar sheirbhísí, ar ghníomhaíochtaí agus ar shaoráidí, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais.
•An rogha ionstraime
I gcomhréir leis na bunúis dlí arna sainaithint, go háirithe Airteagail 53(1) agus 62, i gcomhar le hAirteagal 91 CFAE, agus Airteagal 21(2) CFAE, meastar go mbeidh Treoir ina hionstraim oiriúnach, chomhréireach agus éifeachtach chun cuspóirí éagsúla idirnasctha an tionscnaimh a bhaint amach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Bunaíodh grúpa stiúrtha idirsheirbhíse maidir leis an gCárta Eorpach Míchumais i mí Iúil 2022 agus bhí sé bainteach go gníomhach le hullmhú an tionscnaimh, lena n‑áirítear lena mheasúnú tionchair.
I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, chuathas i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara idirnáisiúnta agus náisiúnta agus páirtithe leasmhara de chuid an Aontais, mar atá (i) iad siúd a bhfuil leas acu san ábhar (e.g. údaráis náisiúnta phoiblí, soláthraithe seirbhíse, ENRanna; (ii) tairbhithe ionchasacha an Chárta Míchumais Eorpaigh nó an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas (e.g., daoine faoi mhíchumas, cúntóirí pearsanta); agus (iii) saineolaithe (e.g., taighdeoirí, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, eagraíochtaí idirnáisiúnta).
Áiríodh an méid seo a leanas sa chomhairliúchán le páirtithe leasmhara: (a) comhairliúchán poiblí, (b) agallaimh straitéiseacha agus (c) agallaimh spriocdhírithe, (d) suirbhéanna spriocdhírithe ar líne, (e) trí cheardlann ar líne, (f) sé fhócasghrúpa ar a raibh soláthraithe seirbhíse ó Bhallstáit roghnaithe agus (g) sé chás-staidéar. D’fhéadfadh páirtithe leasmhara barúlacha a sheoladh freisin maidir le glao (h) an Choimisiúin ar fhianaise.
D’eagraigh conraitheoir seachtrach formhór na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin mar chuid de staidéar a thacaíonn le hullmhú an mheasúnaithe tionchair. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin le húdaráis na mBallstát agus le hEagraíochtaí Sochaí Sibhialta a dhéanann ionadaíocht do dhaoine faoi mhíchumas, ar comhaltaí iad den Ardán Míchumais. Bhí an plé i gcruinnithe Ardáin agus a fhoghrúpa sonrach maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach ríthábhachtach chun aiseolas a fháil chun an togra a mhionchoigeartú.
•Measúnú tionchair
Tá tuarascáil ar mheasúnú tionchair ag gabháil leis an togra le haghaidh tionscnamh ón gCoimisiún lena leagtar amach an creat, na rialacha agus na coinníollacha maidir le heisiúint agus úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas, ar cuireadh dréacht di faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 21 Meitheamh 2023. D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach an 19 Iúil 2023. Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair i gcomhréir le torthaí agus moltaí an Bhoird. Tugadh aghaidh freisin ar na barúlacha teicniúla níos mionsonraithe ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála.
Tá dearadh roghanna agus an cinneadh roghanna áirithe a chaitheamh i leataobh bunaithe go láidir ar thaithí a fuarthas faoi threoirthionscadal an Chárta Míchumais Eorpaigh agus ar thaithí Mholadh 98/376/CE ón gComhairle an 4 Meitheamh 1998 maidir le cárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas, mar aon le haiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara agus ó na Ballstáit.
Breithníodh an rogha an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a chumasc in aon chárta amháin agus caitheadh i leataobh ansin é toisc nach raibh sé indéanta ón taobh praiticiúil ná teicniúil de. Tá critéir incháilitheachta éagsúla leis an dá chárta, nós(anna) imeachta eisiúna, raon feidhme agus úsáid. Ní bheadh Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas i seilbh gach duine ag a bhfuil Cárta Míchumais Eorpach. Chuir páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo in iúl go gcuirfeadh cumasc an dá chárta teorainn leis an bhféidearthacht go mbeadh daoine faoi mhíchumas ábalta an dá chárta a úsáid go comhuaineach. Sa chleachtas, fágfar agus taispeánfar an Cárta Páirceála Eorpach san fheithicil, agus ní mór an Cárta Míchumais Eorpach fanacht le sealbhóir an chárta. Dá bhrí sin, mheas na páirtithe leasmhara gur cheart iad a choinneáil mar dhá chárta ar leith.
Measadh sa mheasúnú roghanna beartais a bhí dírithe ar aitheantas frithpháirteach do stádas míchumais san Aontas a éascú i ndáil le rochtain ar sheirbhísí agus cuairt á tabhairt ar Bhallstát eile (A) agus úsáid agus deimhneacht dhlíthiúil maidir le húsáid an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a éascú (B), agus, le chéile, tugtar aghaidh ar na dúshláin a sainaithníodh.
Caitheadh roinnt roghanna eile i leataobh freisin amhail socruithe deonacha, lena gcumhdaítear rogha seirbhísí amháin, lena gcomhchuibhítear na sainmhínithe agus na critéir incháilitheachta maidir le stádas míchumais a mheasúnú nó lena gcomhchuibhítear na nósanna imeachta chun na cártaí ábhartha a eisiúint ar leibhéal an Aontais.
Is é an rogha ab fhearr meascán de rogha beartais A2 (samhail éigeantach an Chárta Míchumais Eorpaigh i ngach Ballstát maidir le taisteal lena gcumhdaítear gach earnáil seirbhíse) le rogha B2 (samhail éigeantach an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas).
Is é rogha beartais A2 an rogha is éifeachtaí maidir le haitheantas frithpháirteach do stádas míchumais a éascú i ndáil le rochtain ar sheirbhísí agus cuairt á tabhairt ar Bhallstát eile, toisc go ndéantar foráil inti maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach a chruthú, atá le húsáid go beacht chun na críche sin agus ar féidir é a aithint go héasca ar fud na mBallstát. Chuirfí deireadh leis an éiginnteacht leis an gCárta do sholáthraithe seirbhíse a bhfuil orthu stádas míchumais custaiméirí a sheiceáil faoi láthair agus do dhaoine faoi mhíchumas a thaistealaíonn nó a thugann cuairt ar Bhallstáit eile.
Is é rogha beartais B2 an rogha is éifeachtaí maidir le haitheantas don chárta páirceála Eorpach a éascú. Mar ionstraim reachtach cheangailteach, déantar éigeantach íoscheanglais shamhail choiteann an chárta páirceála Eorpaigh agus a formáide agus a gnéithe slándála. Le formáid aonchineálach aonfhoirmeach do chártaí páirceála náisiúnta, laghdófaí an éiginnteacht a bhaineann lena n‑aitheantas do dhaoine faoi mhíchumas, rud a dhéanfadh a saol níos éasca agus iad ag taisteal i gcarr san Aontas. Thabharfaí deis leis sin do shealbhóirí cárta taisteal i gcarr, gan éiginnteacht go bhféadfadh sé nach n‑aithneofaí a gcárta páirceála thar lear. Bheadh coigilteas costais i gceist freisin do na daoine lena mbaineann, toisc go mbeidís ábalta úsáid a bhaint as spásanna páirceála poiblí a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas.
Meastar go mbeidh tionchair shóisialta dhearfacha agus tionchair dhearfacha láidre ag an meascán roghanna beartais ab fhearr maidir le cearta bunúsacha a áirithiú laistigh den Aontas (go háirithe an ceart chun saorghluaiseachta, neamh-idirdhealaithe agus lánpháirtithe do dhaoine faoi mhíchumas). Is dócha go mbeidh tionchar comhshaoil na roghanna beartais le chéile beag agus neamhshuntasach ó thaobh méide de, agus go mbeadh tionchair dhearfacha theoranta dhigiteacha i gceist leis. Níltear ag súil go mbeidh aon tionchar suntasach ag na roghanna beartais tosaíochta ar iomaíochas ná ar FBManna agus beidh na costais riaracháin a bhfuiltear ag súil leo do ghnólachtaí imeallach.
•Cearta bunúsacha
Bheadh tionchar dearfach ag an togra ar roinnt ceart a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Tríd an éiginnteacht maidir le haitheantas do chártaí míchumais agus do chártaí páirceála ar fud an Aontais a laghdú, d’éascófaí feidhmiú éifeachtach daoine faoi mhíchumas maidir lena gcearta saorghluaiseachta agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu (Airteagal 45 den Chairt).
Trí rochtain, ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna, ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach a chuirtear ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar sheirbhísí, ar ghníomhaíochtaí agus ar shaoráidí, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, chomh maith le coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile, ba cheart é a bheith chun tairbhe dóibh, rud a áiritheoidh a neamhspleáchas, a lánpháirtiú sóisialta agus a rannpháirtíocht i saol an phobail (Airteagal 26 den Chairt).
Chuirfeadh an togra le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais maidir le rochtain ar sheirbhísí (Airteagal 21 den Chairt). Bheith ábalta tairbhe a bhaint as coinníollacha speisialta nó as cóir fhabhrach nó as coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas i ngach Ballstát ar bhonn comhionann le cónaitheoirí a bhfuil stádas míchumais acu a aithnítear sa tír sin, gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais náisiúntachta nó áit chónaithe, is tosca tábhachtacha iad sin lena gcinntear a rogha seirbhísí den sórt sin a úsáid.
Trí chreat rialacha agus coinníollacha coiteanna a bhunú don Chárta Míchumais Eorpach agus don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, beidh sé ina chuidiú freisin chun tairbhiú iomlán agus cothrom chearta uile an duine agus shaoirsí bunúsacha na ndaoine uile faoi mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus a áirithiú, agus chun meas ar a ndínit bhunúsach a chur chun cinn. Dá réir sin, áiritheofar rannpháirtíocht níos éifeachtaí agus níos cuimsithí daoine faoi mhíchumas sa tsochaí mar atá beartaithe le UNCRPD.
Tugtar próiseáil sonraí pearsanta le fios leis an togra seo, go háirithe na sonraí a bhaineann le stádas míchumais an tsealbhóra cárta. Próiseáil sonraí pearsanta daoine aonair, lena n‑áirítear bailiú, rochtain agus úsáid sonraí pearsanta, déanann an phróiseáil sin difear don cheart chun príobháideachais agus don cheart chun sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagail 7 agus 8 den Chairt. Is gá cur isteach ar na cearta bunúsacha sin agus comhlíonann sé i ndáiríre cuspóir an leasa ghinearálta a aithnítear le dlí an Aontais.
A mhéid a bhaineann leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint, is iad údaráis na mBallstát a eisíonn na cártaí a bheidh ina rialaitheoirí ar na sonraí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, go ndéantar foráil ina reachtaíocht náisiúnta maidir le coimircí iomchuí is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta, go háirithe sonraí pearsanta a bhaineann le stádas míchumais an tsealbhóra cárta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart do na Ballstáit slándáil, barántúlacht agus rúndacht na sonraí pearsanta a bhailítear agus a stóráiltear chun críche na Treorach seo a áirithiú freisin. Féadfar foráil a dhéanamh maidir le bearta slándála breise le haghaidh sonraí pearsanta trí ghníomh cur chun feidhme, nuair a bhunófar na gnéithe digiteacha agus an fhormáid dhigiteach. Chun críocha na Treorach atá beartaithe, ní gá sonraí pearsanta a sholáthar ach sa chárta fisiceach agus, a luaithe a bheidh a fhormáid agus a shonraíochtaí socraithe, ní gá iad a áireamh ach sa chárta digiteach a eiseofar.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Tá impleachtaí buiséadacha an-teoranta ag baint leis an togra do bhuiséad an Aontais. Baineann na haon chostais oibríochtúla le heagrú chruinnithe na gcoistí agus na ngrúpaí saineolaithe, chomh maith le tacaíocht do sheiceálacha ar bhearta náisiúnta trasuí, i.e. leithreasú oibríochtúil EUR 0.62 milliún faoin líne bhuiséid atá ann cheana, chomh maith le caiteachas riaracháin thart ar EUR 0.342 milliún in aghaidh na bliana. Is éard a bheidh i gceist leis an gcaiteachas sin ath-imlonnú inmheánach cistí gan aon mhéadú ar an méid.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
I gcás ina bhformheasfar an togra, beidh ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún, laistigh de 6 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm, maidir leis an gcomhlacht (nó na comhlachtaí) a ainmneofar chun an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan agus a tharraingt siar, chomh maith leis na coinníollacha chun cártaí den sórt sin a eisiúint nó a dhearbhú go bhfuil na cártaí sin neamhbhailí.
Beidh ar na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá chun go dtarraingeoidh an Coimisiún suas a thuarascáil rialta chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach a chur in iúl don Choimisiún.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Ní éilítear leis an togra aon doiciméid mhíniúcháin chun é a thrasuí sa dlí náisiúnta.
•Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
In Airteagal 1 tugtar tuairisc ar an ábhar.
Baineann Airteagal 2 maidir le raon feidhme leis an raon feidhme ábhartha agus tugtar tuairisc ann ar na seirbhísí, na gníomhaíochtaí agus na saoráidí a chumhdaítear, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair. Athdhearbhaítear leis go bhfuil na Ballstáit fós inniúil chun stádas míchumais a mheasúnú agus chun an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, chun na nósanna imeachta chun iad a eisiúint a chinneadh maidir leis na gnéithe coiteanna dá bhforáiltear in Airteagail 6 agus 7, agus chun a chinneadh an ndeonófar nó nach ndeonófar sochair speisialta nó coinníollacha sonracha speisialta nó cóir fhabhrach do dhaoine faoi mhíchumas agus, i gcás inarb infheidhme, don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo. Soiléirítear leis freisin an t‑ábhar trí shochair slándála sóisialta a eisiamh.
Cuimsítear príomhshainmhínithe in Airteagal 3.
Liostaítear na tairbhithe in Airteagal 4, agus déantar foráil in Airteagal 5 maidir le rochtain chomhionann ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach do shealbhóirí an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas agus don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear na daoine a aithnítear mar chúntóir nó mar chúntóirí pearsanta i gcomhréir leis an reachtaíocht nó leis na cleachtais náisiúnta.
Leagtar amach in Airteagail 6 agus 7 an fhormáid, na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riaracháin maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach agus leis an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas faoi seach. Baineann siad le tabhairt isteach agus bailíocht na gcártaí agus leagtar amach iontu na formáidí faoi seach a áirítear in Iarscríbhinní. Leis an dá airteagal cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun forálacha mionsonraithe a leagan amach maidir le digitiú na gCártaí.
Déantar foráil in Airteagal 8 maidir leis an bhféidearthacht sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna a ghlacadh chun formáid na gcártaí chomh maith le formáid na ngnéithe digiteacha a bheidh ann amach anseo a shonrú a thuilleadh.
Leagtar amach in Airteagal 9 na forálacha ábhartha maidir le faireachas, comhlíonadh agus faisnéis inrochtana i ndáil le húsáid an chárta, lena n‑áirítear i gcás riosca brionnaithe nó calaoise.
Ceanglaítear le hAirteagal 10 ar na Ballstáit na húdaráis inniúla a eiseoidh na cártaí a shainaithint.
Leagtar amach in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le tarmligean ag an gCoimisiún agus na gníomhartha cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8.
Baineann Airteagal 13 agus Airteagal 14 le forfheidhmiú agus le pionóis, lena gceadaítear d’eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine faoi mhíchumas agus do chomhlachtaí poiblí eile a bhfuil leasanna dlisteanacha acu gníomhaíocht a dhéanamh freisin chun comhlíonadh na Treorach a áirithiú. Ba cheart gníomh feabhais a bheith ag gabháil le pionóis, toisc go bhfuil sé tábhachtach fadhbanna a bhaineann le húsáid na gcártaí a leigheas agus bearta a ghlacadh le haghaidh feabhsúcháin amach anseo.
Tá bearta tionlacain in Airteagal 15 maidir le rochtain ar fhaisnéis agus múscailt feasachta, lena n‑áirítear inrochtaineacht na faisnéise.
Baineann Airteagal 16 le tuairisciú agus athbhreithniú agus oibleagáidí maidir leis an gcéad tuarascáil agus maidir le tuarascálacha ina dhiaidh sin i ndáil le cur i bhfeidhm na Treorach.
Sonraítear in Airteagal 17 go rachaidh an moladh reatha maidir leis an gcárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas as feidhm agus go scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige.
Déantar foráil le hAirteagail 18 agus 19 maidir le trasuí agus teacht i bhfeidhm.
In Iarscríbhinní I agus II, tugtar tuairisc ar an gCárta Míchumais Eorpach agus ar an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, agus leagtar amach a bhformáid agus a ndearadh.
2023/0311 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 53(1) agus 62, Airteagal 91, agus Airteagal 21(2) CFAE de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna dhínit an duine, na saoirse, agus urramú chearta an duine agus tá sé tiomanta don idirdhealú a chomhrac, lena n‑áirítear ar fhorais mhíchumais, mar a leagtar amach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’).
(2)Luaitear in Airteagal 26 den Chairt go n‑aithníonn agus go n‑urramaíonn an tAontas an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas chun leas a bhaint as bearta atá ceaptha chun a neamhspleáchas, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.
(3)Tá an ceart bunúsach ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh.
(4)De réir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá sé i gceist go mbeidh saoránacht an Aontais ina stádas bunúsach do náisiúnaigh na mBallstát agus an ceart chun gluaiseacht agus cónaí ar chríoch na mBallstát á fheidhmiú acu, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh siúd a mbíonn sa chás céanna leas a bhaint as an gcóir chéanna sa dlí , laistigh de raon feidhme ratione materiae CFAE, gan beann ar a náisiúntacht, faoi réir na n‑eisceachtaí dá bhforáiltear go sainráite.
(5)Tá an tAontas ina Pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD), agus tá sé faoi cheangal ag a fhorálacha ar cuid dhílis iad de dhlíchóras an Aontais go feadh a inniúlachtaí. Tá na Ballstáit uile ina bPáirtithe in UNCRPD agus tá siad faoi cheangal aige freisin go feadh a n‑inniúlachtaí.
(6)Is é is cuspóir do UNCRPD tairbhiú iomlán agus cothrom chearta uile an duine agus shaoirsí bunúsacha na ndaoine uile faoi mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus a áirithiú, agus meas ar a ndínit bhunúsach a chur chun cinn, agus ar an dóigh sin a rannpháirtíocht agus cuimsiú iomlán agus éifeachtach sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile a áirithiú. Aithnítear le UNCRPD freisin an tábhacht a bhaineann leis an ngá atá le bearta iomchuí a dhéanamh chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú.
(7)Foráiltear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus an Coimisiún Eorpach in Göteborg an 17 Samhain 2017, go bhfuil ceart chun córa comhionainne agus chun deiseanna comhionanna ag gach duine, inter alia, gan beann ar mhíchumas, a mhéid a bhaineann le fostaíocht, cosaint shóisialta, oideachas, agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí atá ar fáil don phobal (prionsabal 3). Ina theannta sin, aithnítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas chun seirbhísí lena gcuirtear ar a gcumas dóibh páirt a ghlacadh sa tsochaí (prionsabal 17).
(8)Is é is aidhm do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht’) feabhas a chur ar rochtain ar tháirgí agus ar sheirbhísí trí dheireadh a chur leis na bacainní a eascraíonn ó cheanglais inrochtaineachta éagsúla sna Ballstáit agus iad a chosc, agus ar an dóigh sin cuidiú le hinfhaighteacht táirgí agus seirbhísí inrochtana ar an margadh inmheánach a mhéadú, lena n‑áirítear rochtain ar shuíomhanna gréasáin agus ar sheirbhís atá bunaithe ar ghléasanna móibíleacha de chuid seirbhísí poiblí áirithe, agus feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise ábhartha. Ina theannta sin, ráthaítear le dlí an Aontais freisin an ceart chun neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar iompar agus cearta eile amhail an ceart chun cúnamh a fháil saor in aisce do phaisinéirí faoi mhíchumas agus do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheidh ag taisteal d’aer, d’iarnród, ar mhodhanna iompair uisce-iompartha, nó ar bhus agus ar chóiste. Le dlí an Aontais, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit freisin foráil a dhéanamh maidir le táillí nó muirir laghdaithe úsáideoirí ar dhola-bhóithre/droichid/tolláin chomh maith le díolúintí ón oibleagáid táillí nó muirir úsáideora den sórt sin a íoc le haghaidh daoine faoi mhíchumas nó le haghaidh aon fheithicil a úsáideann daoine faoi mhíchumas nó aon fheithicil faoina úinéireacht maidir leis na bóithre atá faoi réir muirir bhóthair.
(9)Féadfaidh daoine faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu chun go n‑aithneofar a stádas míchumais toisc gur ceist í sin atá faoina n‑inniúlacht. Tá nós imeachta um measúnú míchumais ag gach Ballstát agus ag a údaráis inniúla faoi seach atá éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. I gcás ina n‑aithníonn na húdaráis inniúla stádas míchumais iarratasóra, eisíonn siad deimhniú míchumais, cárta míchumais nó doiciméad foirmiúil eile lena n‑aithnítear stádas míchumais an iarratasóra.
(10)Mar gheall ar an easpa aitheantais maidir le stádas míchumais idir na Ballstáit, d’fhéadfadh deacrachtaí sonracha a bheith ag daoine faoi mhíchumas agus a gcearta bunúsacha chun saorghluaiseachta á bhfeidhmiú acu.
(11)Daoine faoi mhíchumas a bhogann ar feadh tréimhsí níos faide go Ballstáit eile chun críocha fostaíochta, staidéar a dhéanamh nó críocha eile, cé is moite den chás ina bhforáiltear a mhalairt le dlí nó i gcás ina ndearnadh comhaontú i measc na mBallstát, féadfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát eile a stádas míchumais a mheasúnú agus a aithint go foirmiúil agus féadfaidh siad deimhniú míchumais, cárta míchumais nó aon doiciméad foirmiúil eile lena n‑aithnítear a stádas míchumais a fháil i gcomhréir le rialacha infheidhme an Bhallstáit sin.
(12)Mar sin féin, daoine a bhfuil stádas míchumais aitheanta acu agus iad ag taisteal go Ballstát nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu ar feadh tréimhse ghairid, d’fhéadfadh deacrachtaí suntasacha a bheith acu mura n‑aithnítear a stádas míchumais sa Bhallstát a dtaistealaíonn siad chuige nó a thugann siad cuairt air agus mura bhfuil deimhniú, cárta míchumais nó aon doiciméad foirmiúil eile ina seilbh acu lena n‑aithnítear a stádas míchumais sa Bhallstát aíochta, chun leas a bhaint as coinníollacha speisialta agus/nó as cóir fhabhrach a chuirtear ar fáil ansin.
(13)Sa chás sin, cuirtear daoine faoi mhíchumas a thaistealaíonn chuig Ballstát eile nó a thugann cuairt ar Bhallstát eile faoi mhíbhuntáiste agus a gcearta saorghluaiseachta á bhfeidhmiú acu i gcomparáid le daoine faoi mhíchumas a bhfuil deimhniú míchumais, cárta míchumais nó aon doiciméad foirmiúil eile acu lena n‑aithnítear a stádas míchumais sa Bhallstát a bhfuil siad ag taisteal chuige nó a bhfuil siad ag tabhairt cuairt air.
(14)Ina theannta sin, murab eol an aithneofaí a stádas míchumais agus a ndoiciméid fhoirmiúla lena n‑aithnítear an stádas sin, agus má aithnítear, a mhéid a d’fhéadfaí é aithint agus iad ag taisteal go Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile, cruthaítear éiginnteacht dóibh. Ar deireadh, d’fhéadfaí daoine faoi mhíchumas a dhíspreagadh óna gcearta chun saorghluaiseachta a fheidhmiú.
(15)Mar aon le bacainní fisiceacha agus bacainní eile maidir le rochtain a fháil ar spásanna poiblí agus príobháideacha araon, príomhthoisc is ea na speansais arda lena ndíspreagtar go leor daoine faoi mhíchumas ó thaisteal, toisc go bhfuil riachtanais shonracha acu agus go bhféadfadh sé go mbeadh duine nó daoine de dhíth orthu chun dul in éineacht leo nó cuidiú leo, lena n‑áirítear na daoine a aithnítear mar chúntóir nó mar chúntóirí pearsanta i gcomhréir leis an reachtaíocht nó leis na cleachtais náisiúnta, rud a fhágann go mbeidh a gcostais taistil níos airde ná mar a ghearrtar i gcás daoine nach bhfuil faoi mhíchumas. D’fhéadfadh an easpa aitheantais maidir le stádas míchumais i mBallstáit eile teorainn a chur lena rochtain ar choinníollacha speisialta, amhail saor-rochtain nó taraifí laghdaithe, nó cóir fhabhrach agus d’fhéadfadh sé tionchar a imirt ar a gcostais taistil, ar a saol agus ar a roghanna.
(16)D’fhéadfadh cóir fhabhrach (amhail cúnamh pearsanta, rochtain tosaíochta, etc.) a chuirtear ar fáil le luach saothair nó gan luach saothair a bheith tábhachtach do dhaoine faoi mhíchumas le bheith ábalta rochtain a fháil ar sheirbhísí, ar ghníomhaíochtaí nó ar shaoráidí éagsúla agus eispéireas níos fearr a bheith acu leo. Mar gheall ar easpa aitheantas a stádais míchumais sa Bhallstát ar a dtugann siad cuairt nó a dtaistealaíonn siad chuige agus na ndoiciméad foirmiúil lena n‑aithnítear an stádas sin a eisítear i mBallstáit eile, áfach, d’fhéadfadh sé nach mbeadh daoine faoi mhíchumas ábalta leas a bhaint as na coinníollacha speisialta nó as an gcóir fhabhrach a thairgeann oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí sa Bhallstát sin do shealbhóirí deimhnithe míchumais, cárta míchumais nó aon doiciméad foirmiúil eile lena n‑aithnítear a stádas míchumais a eisítear ansin.
(17)Léiríodh leis an Treoirthionscadal maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach a seoladh in 2016 agus a rinneadh in ocht mBallstát, na tairbhí do dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí i réimsí an chultúir, na fóillíochta, an spóirt, agus i gcásanna áirithe an iompair, agus maidir le tacú lena ngluaiseacht trasteorann san Aontas ar feadh tréimhse ghearr. Ina theannta sin, áiríodh leis samplaí eile de sheirbhísí, de ghníomhaíochtaí agus de shaoráidí lena gcuirtear coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.
(18)Ar bhonn a stádais míchumais, féadfaidh daoine faoi mhíchumas iarratas a ar chárta páirceála a chur faoi bhráid údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu chun go n‑eiseofar cárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas lena n‑aithnítear an ceart chun coinníollacha agus saoráidí páirceála áirithe a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas. Tá nós imeachta iarratais i bhfeidhm ag gach Ballstát, bíodh sé ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, chun cárta páirceála a fháil don duine faoi mhíchumas (nó don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo lena n‑áirítear cúntóir nó cúntóirí pearsanta) agus critéir nach mór a chomhlíonadh le bheith incháilithe.
(19)Le Moladh 98/376/CE ón gComhairle, rinneadh foráil maidir le samhail Eorpach cárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas, a d’éascaigh aitheantas an chárta páirceála ar fud na mBallstát. Mar sin féin, mar thoradh ar chur chun feidhme agus ar bhreiseanna nó ar dhiallais shonracha náisiúnta ón tsamhail mholta, tá go leor cineálacha cártaí éagsúla ann. Cuirtear bac leis sin ar aitheantas trasteorann na gcártaí ar fud na mBallstát, rud a chuireann bac ar rochtain daoine faoi mhíchumas ar choinníollacha páirceála a chuirtear ar fáil agus ar shaoráidí a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas ar sealbhóirí cárta páirceála iad i mBallstáit eile. Ina theannta sin, níor tugadh an Moladh ón gComhairle cothrom le dáta chun forbairtí leanúnacha teicneolaíochta agus digitithe a léiriú. Bíonn fadhbanna ag na Ballstáit freisin maidir le calaois agus brionnú na gcártaí, toisc go bhfuil an fhormáid measartha simplí agus gur féidir í a bhrionnú go héasca agus go praiticiúil tá sé difriúil i ngach Ballstát, rud a fhágann go mbíonn sé deacair é a fhíorú.
(20)Chun rochtain daoine faoi mhíchumas ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach a bhaineann le seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí a éascú, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, i mBallstáit eile, ba cheart fáil réidh leis na bacainní agus na deacrachtaí atá ann fós maidir le taisteal chuig Ballstát eile nó cuairt a thabhairt ar Bhallstát eile mar gheall ar easpa aitheantas a stádais míchumais agus na ndoiciméad foirmiúil lena n‑aithnítear an stádas sin a eisítear i mBallstáit eile agus ar chearta páirceála.
(21)Dá bhrí sin, d’fhonn go mbeidh daoine faoi mhíchumas, agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile ar feadh tréimhse ghairid, ábalta na cearta chun rochtain a fháil ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach a thairgeann oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí gan idirdhealú ar fhorais náisiúntachta a fheidhmiú ar an mbonn céanna le daoine faoi mhíchumas sa Bhallstát sin, agus d’fhonn úsáid as iompar gus tairbhiú de choinníollacha agus de shaoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas ar an mbonn céanna leis an mBallstát sin a éascú, is gá an creat, na rialacha agus na coinníollacha coiteanna a bhunú, lena n‑áirítear samhail choiteann chaighdeánaithe, le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach mar chruthúnas ar stádas míchumais aitheanta agus le haghaidh Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, mar chruthúnas ar a gcearta aitheanta chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas.
(22)Le haitheantas frithpháirteach don Chárta Míchumais Eorpach agus don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, ba cheart a éascú agus a ráthú do dhaoine a bhfuil stádas míchumais aitheanta acu i mBallstát, rochtain ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach a thairgeann oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí i réimse seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, chomh maith le rochtain ar choinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas, ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus coinníollacha dá bhforáiltear ar bhonn deimhnithe náisiúnta, cártaí míchumais nó doiciméid fhoirmiúla eile lena n‑aithnítear stádas míchumais agus cártaí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas arna n‑eisiúint ag na húdaráis inniúla sa tír óstach.
(23)Seachas coinníollacha agus saoráidí páirceála, baineann na seirbhísí, na gníomhaíochtaí agus na saoráidí a chumhdaítear leis an Treoir seo le réimse leathan gníomhaíochtaí a bhíonn ag athrú de shíor, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí nach soláthraíonn údaráis phoiblí nó oibreoirí príobháideacha ar luach saothair iad, ar bhonn éigeantach (ar bhonn rialacha náisiúnta/áitiúla nó oibleagáidí dlíthiúla) ach ar bhonn deonach go minic freisin (go háirithe oibreoirí príobháideacha) i réimsí beartais éagsúla, amhail cultúr, fóillíocht, turasóireacht, spóirt, iompar poiblí agus príobháideach, oideachas.
(24)I measc na samplaí de choinníollacha speisialta nó de chóir fhabhrach tá rochtain saor in aisce, taraifí laghdaithe, táillí nó muirir laghdaithe úsáideoirí ar dhola-bhóithre/droichid/tolláin, rochtain tosaíochta, suíocháin ainmnithe i bpáirceanna agus i limistéir phoiblí eile, suíocháin inrochtana in imeachtaí cultúrtha nó poiblí, cúnamh pearsanta, ainmhithe cúnaimh, cúnamh ar an trá chun dul isteach san uisce, tacaíocht (amhail rochtain ar braille, treoracha fuaime, ateangaireacht teanga comharthaíochta), soláthairtí áiseanna nó cúnamh, iasacht as cathaoir rothaí, iasacht as cathaoir rothaí ar snámh, faisnéis turasóireachta a fháil i bhformáidí inrochtana, úsáid as scútar soghluaisteachta ar bhóithre nó as cathaoir rothaí i lánaí rothar gan fhíneáil, etc. Áirítear leis na coinníollacha agus na háiseanna páirceála páirceáil shínte nó spásanna páirceála coinnithe. Maidir le seirbhísí iompair do phaisinéirí, de bhreis ar na coinníollacha speisialta nó ar an gcóir fhabhrach a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas, i gcomhréir le reachtaíocht nó cleachtais náisiúnta, féadfaidh ainmhithe cúnaimh, cúntóirí pearsanta nó daoine eile a bheidh in éineacht le daoine faoi mhíchumas (a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe) nó a bheidh ag cuidiú leo taisteal saor in aisce nó suíochán a fháil, más féidir in aice leis an duine faoi mhíchumas.
(25)Tá eisiúint an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas i mBallstát le cinneadh leis an Treoir seo mar aon le nósanna imeachta infheidhme agus inniúlachtaí an Bhallstáit sin chun stádas míchumais agus cearta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a mheasúnú agus a aithint.
(26)De bhreis ar an bhformáid fhisiceach, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cárta digiteach nuair a bheidh formáid agus sonraíochtaí socraithe trí ghníomhartha tarmligthe agus trí ghníomhartha cur chun feidhme, i ndiaidh togra ón gCoimisiún. Le togra den sórt sin, ba cheart tógáil ar an taithí ar an obair a rinneadh roimhe seo agus ar obair atá ar siúl ar an leibhéal Eorpach maidir le digitiú deimhnithe agus doiciméad, amhail Deimhniú Digiteach COVID an Aontais arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/953, agus ba cheart úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh trí Thiachóga na Céannachta Digití ón Aontas a éascú. Ba cheart an rogha a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas an cárta digiteach nó an cárta fisiceach, nó an dá cheann, a úsáid.
(27)Is éard atá i gceist le heisiúint an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas próiseáil sonraí pearsanta, lena n‑áirítear go háirithe na sonraí a bhaineann le stádas míchumais an tsealbhóra cárta, ar ‘sonraí iad a bhaineann leis an tsláinte’ de réir bhrí Airteagal 4(15) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus ar catagóir speisialta sonraí pearsanta iad de réir bhrí Airteagal 9 den Rialachán sin. Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na Treorach seo a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht cosanta sonraí is infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679. Agus an Treoir seo á trasuí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n‑áirítear sa reachtaíocht náisiúnta coimircí iomchuí is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta, go háirithe catagóirí speisialta sonraí pearsanta. Ba cheart do na Ballstáit slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a bhailítear agus a stóráiltear chun críche na Treorach seo a áirithiú freisin
(28)Ba cheart gurb é an Ballstát atá freagrach as an gCárta Míchumais Eorpach nó as an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine de réir bhrí Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ina bhfuair sé nó sí an measúnú ar a stádas míchumais. Ba cheart sealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh nó Cárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a bheith ábalta na cártaí a úsáid le linn a bhfanachta in aon Bhallstát eile.
(29)Lena ráthú gur féidir le hoibrithe faoi mhíchumas a gcearta chun saorghluaiseachta a fheidhmiú go héifeachtúil agus leas a bhaint as seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí a thairgeann na Ballstáit, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, ba cheart an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a bheith ar fáil freisin d’oibrithe a thaistealaíonn chuig Ballstát eile nó a thugann cuairt ar Bhallstát eile chun críocha a bhaineann leis an obair.
(30)Ní thagann an creat atá beartaithe le haghaidh aitheantas frithpháirteach don Chárta Míchumais Eorpach agus don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas salach ar inniúlachtaí Ballstáit chun an stádas míchumais a mheasúnú agus a aithint agus chun coinníollacha speisialta a dheonú, amhail saor-rochtain, taraifí laghdaithe nó cóir fhabhrach do dhaoine faoi mhíchumas agus/nó don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo lena n‑áirítear cúntóir nó cúntóirí pearsanta. Ní chumhdaítear leis sochair slándála sóisialta, cosaint shóisialta ná cúnamh sóisialta a chumhdaítear le hAirteagal 24(2) de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(31)Chun feasacht a mhúscailt agus rochtain ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach a éascú, agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile, an fhaisnéis ábhartha go léir maidir leis na coinníollacha, na rialacha, na cleachtais agus na nósanna imeachta is infheidhme chun an Cárta Míchumais Eorpach agus/nó an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas agus a úsáid ina dhiaidh sin, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas maidir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882. Ba cheart d’oibreoirí príobháideacha nó d’údaráis phoiblí a dheonaíonn coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach do dhaoine faoi mhíchumas, an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas maidir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí arna mbunú le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.
(32)Ba cheart do na Ballstáit na bearta go léir is gá a dhéanamh chun aon riosca brionnaithe nó calaoise a sheachaint agus an Cárta Míchumais Eorpach nó an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas á eisiúint acu agus ba cheart dóibh úsáid chalaoiseach agus brionnú na gcártaí sin a chomhrac go gníomhach.
(33)Chun cur i bhfeidhm cuí na Treorach seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an treoir a fhorlíonadh chun formáid dhigiteach an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a leagan síos, agus chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun gnéithe coiteanna na formáide caighdeánaithe a mhodhnú, chun an fhormáid a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla, chun brionnú agus calaois a chosc agus chun idir-inoibritheacht a áirithiú.
(34)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le sonraíochtaí teicniúla coiteanna a bhunú lena sonrófar a thuilleadh formáid an Chárta Míchumais Eorpaigh agus formáid an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas, a ngnéithe slándála agus digiteacha, chomh maith le hábhair idir-inoibritheachta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(35)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú agus ba cheart, dá bhrí sin, leigheasanna iomchuí a bhunú, lena n‑áirítear seiceálacha ar chomhlíonadh agus ar nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha, lena ráthú go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas, duine nó daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear cúntóir nó cúntóirí pearsanta, chomh maith le comhlachtaí poiblí nó comhlachais phríobháideacha, eagraíochtaí nó eintitis dhlíthiúla eile a bhfuil leas dlisteanach acu, gníomhaíocht a dhéanamh thar ceann duine faoi mhíchumas faoin dlí náisiúnta.
(36)Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh agus foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i gcás sáruithe ar an Treoir seo nó teip ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh agus a bhaineann leis na cearta atá laistigh dá raon feidhme. Is féidir a áireamh sna pionóis sin smachtbhannaí riaracháin agus airgeadais, amhail fíneálacha nó cúiteamh a íoc, mar aon le cineálacha eile pionós.
(37)Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Féachtar leis an Treoir seo, go háirithe, lena áirithiú go n‑urramófar ina n‑iomláine cearta daoine faoi mhíchumas leas a bhaint as bearta a cheaptar lena neamhspleáchas a áirithiú, mar aon le lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus rannpháirtíocht i saol an phobail agus cur i bhfeidhm Airteagal 26 den Chairt a chur chun cinn.
(38)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin feabhas a chur ar na deiseanna do dhaoine faoi mhíchumas taisteal chuig Ballstáit eile nó cuairt a thabhairt orthu, a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta lena mbunaítear creat lena ngabhann rialacha agus coinníollacha coiteanna, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos sa Treoir seo an méid seo a leanas:
(a)na rialacha lena rialaítear eisiúint an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas mar chruthúnas ar stádas míchumais nó ar cheart chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas, d’fhonn tréimhsí fanachta gairid daoine faoi mhíchumas i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu a éascú, trí rochtain a thabhairt dóibh ar aon choinníollacha speisialta nó ar aon chóir fhabhrach i ndáil le seirbhísí, gníomhaíochtaí nó saoráidí, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, nó coinníollacha agus saoráidí páirceála a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas nó don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo lena n‑áirítear a gcúntóir nó a gcúntóirí pearsanta;
(b)teimpléid choiteanna don Chárta Míchumais Eorpach agus don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas.
Airteagal 2
Raon feidhme
1.Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le coinníollacha agus saoráidí páirceála agus maidir le gach cás ina dtairgeann oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach do dhaoine faoi mhíchumas a mhéid a bhaineann le rochtain ar na seirbhísí, na gníomhaíochtaí agus na saoráidí seo a leanas:
–seirbhísí de réir bhrí Airteagal 57 CFAE,
–seirbhísí iompair do phaisinéirí,
–gníomhaíochtaí agus saoráidí eile, lena n‑áirítear i gcás nach soláthraítear ar luach saothair iad.
2.Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le:
(a)sochair i réimse na slándála sóisialta faoi Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009;
(b)sochair airgid thirim ranníocacha nó neamhranníocacha speisialta nó sochair chomhchineáil i réimse na slándála sóisialta, na cosanta sóisialta nó na fostaíochta;
(c)cúnamh sóisialta a chumhdaítear le hAirteagal 24(2) de Threoir 2004/38/CE.
3.Ní dhéantar difear leis an Treoir seo d’inniúlacht na mBallstát na coinníollacha a chinneadh maidir le stádas míchumais a mheasúnú agus a aithint, nó maidir leis an gceart chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas a dheonú. Ní dhéantar difear leis d’inniúlacht na mBallstát deimhniú, cárta míchumais nó aon doiciméad foirmiúil eile a eisiúint freisin ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil do dhaoine faoi mhíchumas.
4.Ní thagann an Treoir seo salach ar inniúlachtaí náisiúnta sochair speisialta nó coinníollacha sonracha fabhracha a dheonú nó a cheangal iad a dheonú, amhail saor-rochtain, taraifí laghdaithe, nó cóir fhabhrach do dhaoine faoi mhíchumas agus, i gcás ina bhforáiltear sin, don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo lena n‑áirítear a gcúntóir nó a gcúntóirí pearsanta.
5.Beidh an Treoir seo gan dochar do na cearta a fhéadfaidh daoine faoi mhíchumas nó an duine nó na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear a gcúntóir nó a gcúntóirí pearsanta, a fháil ó fhorálacha eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, lena n‑áirítear na cearta sin lena ndeonaítear sochair shonracha, coinníollacha speisialta, nó cóir fhabhrach.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn ‘saoránach den Aontas’ aon duine ag a bhfuil náisiúntacht Ballstáit;
(b)ciallaíonn ‘ball teaghlaigh de shaoránach den Aontas’ ball teaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, de shaoránach den Aontas a fheidhmíonn a cheart nó a ceart chun saorghluaiseachta i gcomhréir le rialacha an Aontais;
(c)ciallaíonn ‘daoine faoi mhíchumas’ daoine a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d’fhéadfadh bac a chur ar a rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach sa tsochaí ar bhonn comhionann;
(d)is éard is ‘cúntóir pearsanta’ ann duine a ghabhann le daoine faoi mhíchumas nó a chuidíonn leo agus a aithnítear de réir na reachtaíochta nó na gcleachtas náisiúnta sa cháil sin;
(e)ciallaíonn ‘coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach’ coinníollacha sonracha, lena n‑áirítear na coinníollacha sin a bhaineann le coinníollacha airgeadais, nó cóir dhifreáilte a bhaineann le cúnamh agus le tacaíocht amhail saor-rochtain, taraifí laghdaithe, rochtain tosaíochta, a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas agus/nó, nuair is infheidhme, don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear cúntóirí pearsanta nó ainmhithe cúnaimh a aithnítear i gcomhréir leis an reachtaíocht nó leis na cleachtais náisiúnta mar sin, is cuma má sholáthraítear iad ar bhonn deonach nó má fhorchuirtear iad le hoibleagáidí dlíthiúla;
(f)ciallaíonn ‘coinníollacha agus saoráidí páirceála’ aon spás páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas i gcoitinne chomh maith le tairbhí páirceála gaolmhara do dhaoine faoi mhíchumas, nó coinníollacha fabhracha a thugtar do dhaoine faoi mhíchumas, amhail páirceáil saor in aisce, taraifí laghdaithe, táillí laghdaithe nó muirir úsáideora ar dhola-bhóithre/droichid/tolláin nó spásanna páirceála leathnaithe is cuma má sholáthraítear iad ar bhonn deonach nó má fhorchuirtear iad le hoibleagáidí dlíthiúla.
Airteagal 4
Tairbhithe
Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)Saoránaigh den Aontas agus baill teaghlaigh de shaoránaigh den Aontas, a n‑aithníonn na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu a stádas míchumais trí dheimhniú, cárta nó aon doiciméad foirmiúil eile a eisítear i gcomhréir le hinniúlachtaí, cleachtais agus nósanna imeachta náisiúnta, chomh maith, nuair is infheidhme, leis an duine nó na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear cúntóir nó cúntóirí pearsanta,
(b)Saoránaigh den Aontas agus baill teaghlaigh de shaoránaigh den Aontas, a n‑aithnítear a gcearta chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas ina mBallstát cónaithe trí chárta páirceála nó trí dhoiciméad eile a eisítear i gcomhréir le hinniúlachtaí, cleachtais agus nósanna imeachta náisiúnta chomh maith, nuair is infheidhme, leis an duine nó na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear cúntóir nó cúntóirí pearsanta.
Airteagal 5
Rochtain chomhionann ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach agus ar choinníollacha agus ar shaoráidí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas
1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go dtabharfar rochtain do shealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh, agus iad ag taisteal chuig Ballstát nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu, ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus na coinníollacha a sholáthraítear do dhaoine faoi mhíchumas ar sealbhóirí deimhnithe míchumais, cárta míchumais nó ar aon doiciméad foirmiúil eile iad, lena n‑aithnítear a stádas míchumais sa Bhallstát sin, ar aon choinníoll speisialta nó ar aon chóir fhabhrach a thairgtear i ndáil leis na seirbhísí, na gníomhaíochtaí agus na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 2(1).
2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go dtabharfar rochtain do shealbhóirí Cárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal chuig Ballstát nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu, ar choinníollacha agus ar shaoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Bhallstát sin dá shealbhóirí cártaí páirceála a eisítear sa Bhallstát sin.
3.Mura sonraítear a mhalairt i bhforálacha ábhartha na Treorach seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)nuair a áirítear ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo coinníollacha fabhracha don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear cúntóir nó cúntóirí pearsanta nó coinníollacha sonracha d’ainmhithe cúnaimh, deonófar na coinníollacha fabhracha nó sonracha sin ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear cúntóir(í) pearsanta nó ainmhithe cuidithe de chuid shealbhóir an Chárta Míchumais Eorpaigh;
(b)nuair a áirítear ar choinníollacha agus ar shaoráidí páirceála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo coinníollacha fabhracha don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear cúntóir nó cúntóirí pearsanta, deonófar na coinníollacha fabhracha sin ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna don duine nó do na daoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear cúntóir nó cúntóirí pearsanta de chuid shealbhóir an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas.
CAIBIDIL II
CÁRTA MÍCHUMAIS EORPACH AGUS CÁRTA PÁIRCEÁLA EORPACH DO DHAOINE FAOI MHÍCHUMAS
Airteagal 6
Formáid, aitheantas frithpháirteach, eisiúint agus bailíocht an Chárta Míchumais Eorpaigh
1.Tabharfaidh gach Ballstát an Cárta Míchumais Eorpach isteach de réir na formáide caighdeánaithe coitinne a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Tabharfaidh na Ballstáit gnéithe digiteacha i gcártaí fisiceacha isteach trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha lena dtugtar aghaidh ar chosc calaoise mar chuid den Chárta Míchumais Eorpach, a luaithe a leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais maidir leis na gnéithe digiteacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 8. Ní bheidh níos mó sonraí pearsanta sa mhodh stórála digití ná na sonraí a sholáthraítear don Chárta Míchumais Eorpach in Iarscríbhinn I.
2.Déanfar Cártaí Míchumais Eorpacha a eiseoidh Ballstáit a aithint go frithpháirteach sna Ballstáit uile.
3.Déanfaidh údaráis inniúla sna Ballstáit an Cárta Míchumais Eorpach a eisiúint, a athnuachan nó a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha, lena nósanna imeachta agus lena gcleachtais náisiúnta. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a bhailítear agus a stóráiltear chun críche na Treorach seo. Measfar gurb é an t‑údarás inniúil atá freagrach as an gCárta Míchumais Eorpach a eisiúint an rialaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 agus beidh sé freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil. Ní eisiafar leis an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha aon dliteanas ar thaobh Ballstáit a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith sáruithe ar oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta.
4.Déanfaidh an Ballstát cónaithe an Cárta Míchumais Eorpach a eisiúint nó a athnuachan go díreach nó ar iarratas ón duine faoi mhíchumas. Déanfar é a eisiúint agus a athnuachan laistigh den tréimhse chéanna a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme chun deimhnithe míchumais, cártaí míchumais nó aon doiciméad foirmiúil eile lena n‑aithnítear stádas míchumais duine faoi mhíchumas a eisiúint.
5.Déanfar an Cárta Míchumais Eorpach a eisiúint mar chárta fisiceach agus déanfar é a chomhlánú le formáid dhigiteach nuair a ghlacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 7. Tabharfar an rogha do dhaoine faoi mhíchumas an cárta digiteach nó an cárta fisiceach, nó an dá cheann, a úsáid.
6.Is ar feadh na tréimhse céanna ar a laghad a bheidh bailíocht an Chárta Míchumais Eorpaigh arna eisiúint ag Ballstát agus a bheidh ag an deimhniú míchumais, ag an gcárta míchumais nó ag aon doiciméad foirmiúil eile is faide a mhairfidh, lena n‑aithnítear a stádas míchumais arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit ina chríoch don duine lena mbaineann.
7.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun formáid dhigiteach an Chárta Míchumais Eorpaigh a leagan síos agus chun idir-inoibritheacht a áirithiú, agus chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I chun gnéithe coiteanna na formáide caighdeánaithe a mhodhnú, chun an fhormáid a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla, chun gnéithe digiteacha a thabhairt isteach chun brionnú agus calaois a chosc, chun aghaidh a thabhairt ar dhroch-úsáid nó ar mhí-úsáid agus chun idir-inoibritheacht a áirithiú.
Airteagal 7
Formáid, aitheantas frithpháirteach, eisiúint agus bailíocht an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas
1.Tabharfaidh gach Ballstát an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas isteach de réir na formáide caighdeánaithe coitinne a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Tabharfaidh na Ballstáit gnéithe digiteacha i gcártaí fisiceacha isteach trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha lena dtugtar aghaidh ar chosc calaoise mar chuid den Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, a luaithe a leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais maidir leis na gnéithe digiteacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn II sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 8. Ní bheidh níos mó sonraí pearsanta sa mhodh stórála digití ná na sonraí a sholáthraítear don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas in Iarscríbhinn II.
2.Déanfar Cártaí Páirceála Eorpacha do dhaoine faoi mhíchumas a eiseoidh Ballstáit a aithint go frithpháirteach sna Ballstáit uile.
3.Déanfaidh údaráis inniúla sna Ballstáit an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan nó a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha, lena nósanna imeachta agus lena gcleachtais náisiúnta. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit slándáil, barántúlacht agus rúndacht na sonraí pearsanta a bhailítear agus a stóráiltear chun críche na Treorach seo. Measfar gurb é an t‑údarás inniúil atá freagrach as an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint an rialaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 agus beidh sé freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil. Ní eisiafar leis an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha aon dliteanas ar thaobh Ballstáit a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith sáruithe ar oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta.
4.Déanfaidh an Ballstát cónaithe an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint nó a athnuachan ar iarratas ón duine faoi mhíchumas. Déanfar é a eisiúint nó a athnuachan laistigh de thréimhse réasúnach ó dháta an iarratais nach faide ná 60 lá.
5.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas in ionad na gcártaí páirceála bailí uile atá ann cheana, arna n‑eisiúint i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le cártaí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ar a dhéanaí faoin ll/mm/bb [dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo].
6.Déanfar an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint nó a athnuachan mar chárta fisiceach agus déanfar é a chomhlánú le formáid dhigiteach nuair a ghlacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 7. Tabharfar an rogha do dhaoine faoi mhíchumas an cárta digiteach nó an cárta fisiceach, nó an dá cheann, a úsáid.
7.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an Treoir a fhorlíonadh chun formáid dhigiteach an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a leagan síos agus chun idir-inoibritheacht a áirithiú, lena n‑áirítear trí uirlisí digiteacha a fhorbairt agus a úsáid, agus chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II chun gnéithe coiteanna na formáide caighdeánaithe a mhodhnú, chun an fhormáid a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla, chun brionnú agus calaois a chosc, chun aghaidh a thabhairt ar dhroch-úsáid nó ar mhí-úsáid agus chun idir-inoibritheacht a áirithiú, lena n‑áirítear trí fhorbairt agus úsáid uirlisí digiteacha.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 8
Sonraíochtaí teicniúla coiteanna
1.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear sonraíochtaí teicniúla coiteanna chun formáid an Chárta Míchumais Eorpaigh agus formáid an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas, a ngnéithe digiteacha slándála agus úrscothacha a shonrú a thuilleadh, lena n‑áirítear a bhformáid shonrach agus, na sonraí atá iontu, lena n‑áirítear na bearta slándála iomchuí le haghaidh na sonraí pearsanta, chomh maith le hábhair idir-inoibritheachta, amhail feidhmchláir choiteanna an Aontais chun na sonraí atá sna gnéithe digiteacha sna cártaí fisiceacha a léamh trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha lena dtugtar aghaidh ar chalaois a úsáid, chomh maith le sonraíochtaí teicniúla mhodh stórála an chárta dhigitigh a shainiú, maidir le hábhair amhail bailíocht na gcártaí agus a n‑uimhir a fhíorú, chun a mbarántúlacht a rialú, chun brionnú agus calaois a chosc, léamh an chárta nó na gcártaí idir na Ballstáit chomh maith le hinrochtaineacht a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas ar aon sonraí sna cártaí.
2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).
Airteagal 9
Faireachas, comhlíonadh, inrochtaineacht faisnéise agus múscailt feasachta
1.Cuirfidh na Ballstáit na coinníollacha agus na rialacha, na cleachtais agus na nósanna imeachta chun Cárta Míchumais Eorpach agus Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan nó a tharraingt siar ar fáil go poiblí i bhformáidí inrochtana, lena n‑áirítear i bhformáidí digiteacha, agus arna iarraidh sin i bhformáidí cúnta arna n‑iarraidh sin do dhaoine faoi mhíchumas.
2.Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail agus chun daoine faoi mhíchumas a chur ar an eolas, lena n‑áirítear ar bhealaí inrochtana, go bhfuil an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas ann agus faoi na coinníollacha maidir leis na cártaí sin a fháil, a úsáid nó a athnuachan.
3.Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun an riosca brionnaithe nó calaoise a sheachaint agus déanfaidh siad úsáid chalaoiseach agus brionnú an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a chomhrac go gníomhach.
4.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go dtabharfaidh sealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh nó Cárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a gcártaí ar ais don údarás inniúil a luaithe nach gcomhlíonfar na coinníollacha faoinar eisíodh iad a thuilleadh.
5.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina dtagann siad ar chásanna dhroch-úsáid úsáide nó mhí-úsáide na gcártaí arna n‑eisiúint ag Ballstát eile ar a gcríoch, go gcuirfear na húdaráis inniúla sa Bhallstát a d’eisigh an Cárta Míchumais Eorpach nó an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas ar an eolas. Áiritheoidh an Ballstát eisiúna go ndéanfar obair leantach iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.
6.Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a thagann ón gCárta Míchumais Eorpach nó ón gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas agus ar chomhlíonadh chearta comhfhreagracha na ndaoine faoi mhíchumas ag a bhfuil na cártaí sin agus an duine nó na ndaoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n‑áirítear a gcúntóir nó a gcúntóirí pearsanta.
7.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo a chur ar fáil saor in aisce ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus ar bhealach atá inrochtana go héasca, lena n‑áirítear trí shuíomh gréasáin oifigiúil na n‑oibreoirí príobháideacha nó na n‑údarás poiblí i gcás ina mbeidh sé ar fáil, nó ar bhealaí oiriúnacha eile, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.
Airteagal 10
Údaráis inniúla
Faoin ll/mm/bb [laistigh de 6 mhí i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla arna n‑ainmniú chun an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan agus a tharraingt siar.
CAIBIDIL IV
CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú
1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(7) agus Airteagal 7(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(7) agus Airteagal 7(7) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(7) agus Airteagal 7(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí ar an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 12
An nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.
2.I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 13
Forfheidhmiú
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh modhanna leormhaithe éifeachtacha ar fáil chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo.
2.Áireofar ar na bealaí dá dtagraítear i mír 1:
(a)forálacha trína bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas caingean a thionscnamh faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na gcomhlachtaí inniúla riaracháin i gcás sáruithe ar a gcearta faoin Treoir seo agus i bhforálacha náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme;
(b)forálacha trína bhféadfaidh comhlachtaí poiblí nó comhlachais phríobháideacha, eagraíochtaí príobháideacha nó eintitis dhlíthiúla eile ag a bhfuil leas dlisteanach i gcomhlíonadh fhorálacha na Treorach seo a áirithiú gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na nósanna imeachta náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na gcomhlachtaí inniúla riaracháin thar ceann duine faoi mhíchumas nó chun tacú leis nó léi, lena chead nó lena cead, in aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin arna soláthar chun oibleagáidí faoin Treoir seo a fhorfheidhmiú.
Airteagal 14
Pionóis
1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.
2.Ní mór na pionóis dá bhforálfar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ní mór gníomhaíocht feabhais éifeachtach a bheith ag gabháil leo.
3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin tráth nach déanaí ná ll/mm/bb [dáta an trasuite] agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar orthu dá éis sin.
Airteagal 15
Rochtain ar fhaisnéis
1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí faisnéis faoi aon choinníoll speisialta nó aon chóir fhabhrach de bhun Airteagal 5 ar fáil don phobal i bhformáidí inrochtana.
2.Spreagfaidh na Ballstáit oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí chun coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a sholáthar go deonach do dhaoine faoi mhíchumas.
3.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil saor in aisce ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus ar bhealach atá inrochtana go héasca, lena n‑áirítear trí shuíomh gréasáin oifigiúil na n‑oibreoirí príobháideacha nó na n‑údarás poiblí i gcás ina mbeidh sé ar fáil, nó ar bhealaí oiriúnacha eile, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.
Airteagal 16
Tuairisciú agus athbhreithniú
1.Faoin ll/mm/bb [3 bliana i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.
2.Tabharfar aghaidh sa tuarascáil, inter alia, i bhfianaise forbairtí sóisialta, ar úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an Treoir seo a athbhreithniú.
3.Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá in iúl don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus in am trátha, chun go bhféadfaidh an Coimisiún tuarascáil den sórt sin a tharraingt suas.
4.Cuirfear san áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún dearcthaí daoine atá faoi mhíchumas, páirtithe leasmhara eacnamaíocha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha, lena n‑áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Airteagal 17
Dífheidhmeacht Mholadh 98/376/CE ón gComhairle
Rachaidh Moladh 98/376/CE ón gComhairle as feidhm le héifeacht ón ll/mm/bb [[dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo] agus scoirfear dá chur i bhfeidhm ón dáta sin.
Airteagal 18
Trasuí
1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin ll/mm/bb [laistigh de 18 mí i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
2.Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón ll/mm/bb [30 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
3.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
Airteagal 19
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 20
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
Ábhar
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
•Comhréireacht
•An rogha ionstraime
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Measúnú tionchair
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
1.4.2.Cuspóirí sonracha
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe sin, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
1.7.An modh/na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas/córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoiniúcháin, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid a ndéanfar difear dóibh
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Cearta daoine faoi mhíchumas
Rochtain ar sheirbhísí, ar sheirbhísí iompair paisinéirí, ar ghníomhaíochtaí agus ar shaoráidí daoine faoi mhíchumas
Saorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻ síneadh ar bheart atá ann cheana
⌧ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Is é is cuspóir ginearálta don togra saorghluaiseacht sealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh agus/nó Cárta Páirceála Eorpaigh a éascú agus cuairt á tabhairt acu ar Bhallstát eile nó iad ag taisteal chuig Ballstát eile trína stádas míchumais a aithint go frithpháirteach agus rochtain a dheonú ar sheirbhísí, ar ghníomhaíochtaí agus ar shaoráidí nó ar choinníollacha agus ar shaoráidí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas san Aontas ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus na coinníollacha a sholáthraítear do dhaoine faoi mhíchumas sa Bhallstát sin.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir Sonrach 1: Is é is aidhm don togra rochtain a thabhairt do shealbhóirí an Chárta Míchumais Eorpaigh ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna sa Bhallstát a mbeidh siad ag tabhairt cuairt air nó ag taisteal chuige ar aon choinníoll fabhrach speisialta nó aon chóir fhabhrach speisialta i ndáil le seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas.
Cuspóir Sonrach 2: Is é is aidhm don togra rochtain a thabhairt do shealbhóirí an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna sa Bhallstát a mbeidh siad ag tabhairt cuairt air nó ag taisteal chuige ar aon choinníoll agus saoráid páirceála a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas nó a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Líon méadaithe daoine faoi mhíchumas a thairbhíonn de choinníollacha speisialta agus/nó de chóir fhabhrach a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas i ndáil le seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí agus iad ag tabhairt cuairt ar Bhallstáit eile nó ag taisteal chuig Ballstáit eile;
Líon méadaithe daoine faoi mhíchumas a thairbhíonn d’aon choinníoll agus saoráid páirceála a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas nó a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag tabhairt cuairt ar Bhallstáit eile nó ag taisteal chuig Ballstáit eile;
Líon méadaithe daoine faoi mhíchumas a thaistealaíonn chuig Ballstáit eile nó a thugann cuairt ar Bhallstáit eile.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
An líon Ballstát a bhfuil an Treoir trasuite acu go dtí seo
An líon Cártaí Míchumais Eorpacha arna n‑eisiúint ag na Ballstáit
An líon Cártaí Páirceála Eorpacha do dhaoine faoi mhíchumas arna n‑eisiúint ag Ballstáit
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Is é an príomhcheanglas atá le comhlíonadh sa ghearrthéarma teacht ar chomhaontú maidir leis an togra reachtach ó na comhreachtóirí, le linn 2024. Tá [spriocdháta 18 mí] leis an togra maidir leis an ngníomh dlí arna ghlacadh ag na Ballstáit a thrasuí.
Beartaítear leis an togra freisin go nglacfar gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe sin, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Tá gá le gníomh ón Aontais agus tá údar leis chun saorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas a éascú chun rochtain a fháil ar choinníollacha speisialta agus/nó ar chóir fhabhrach maidir le seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí chomh maith le coinníollacha agus saoráidí páirceála ar fud na mBallstát uile ar bhonn comhionann le cónaitheoirí na tíre a bhfuil siad ag tabhairt cuairt uirthi, agus, tríd an méid sin a dhéanamh, feabhas a chur ar feidhmiú an mhargaidh aonair le haghaidh seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí ar leibhéal an Aontais.
Tá gné thrasteorann ag baint leis an bhfadhb a sainaithníodh nach féidir leis na Ballstáit iad a réiteach astu féin. Ó tugadh isteach an cárta páirceála Eorpach in 1998, tá breiseanna nó diallais shonracha náisiúnta ó shamhail cárta páirceála an Aontais curtha san áireamh ag na Ballstáit, agus mar gheall air sin tá go leor cineálacha éagsúla cártaí fud na mBallstát. Ina theannta sin, tá fadhbanna ag na Ballstáit maidir le calaois agus brionnú na gcártaí. Ina theannta sin, níor tugadh an Moladh ón gComhairle cothrom le dáta chun forbairtí leanúnacha teicneolaíochta agus digitithe a léiriú.
Cé gur oibrigh treoirthionscadal an Chárta Míchumais Eorpaigh i measc na 8 mBallstát rannpháirteacha, ní raibh gné uile-Aontais níos leithne ag baint leis, agus mar gheall air sin cruthaíodh éiginnteacht shuntasach agus cóir mhíchothrom do dhaoine faoi mhíchumas a thaistealaíonn agus a thugann cuairt ar Bhallstáit éagsúla. Ós rud é go bhfuil cárta an treoirthionscadail agus a shamhail deonach, is dócha go bhforbródh na fadhbanna éagsúlaithe céanna leis an gcárta páirceála le himeacht ama.
Baineann an gá atá le gníomh ón Aontas go díreach le cineál trasteorann an taistil agus le dúshláin ghaolmhara a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal san Aontas, agus mar sin, an gá atá le cur chuige comhordaithe leordhóthanach a áirithiú i measc na mBallstát maidir le héascaíocht a dhéanamh ar rochtain ar choinníollacha fabhracha arna dtairiscint ag seirbhísí ar bhonn comhionann le cónaitheoirí ina dtír féin. Dá réir sin, dá mba rud é nach ndéanfadh an tAontas idirghabháil, thiocfadh méadú ar na difríochtaí reatha i gcártaí míchumais náisiúnta, agus dá bhrí sin leanfaí leis an gcóir dhifriúil do dhaoine faoi mhíchumas ar fud na mBallstát agus leis an éiginnteacht bhunúsach (lena n‑áirítear éiginnteacht dhlíthiúil), agus bheadh éifeachtaí díobhálacha ar fheidhmiú a gceart saorghluaiseachta.
Le gníomh ón Aontas cuirtear luach leis trí ionstraim a aithnítear go frithpháirteach (an Cárta Míchumais Eorpach) a thabhairt isteach, trí shaorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas san Aontas a éascú agus trí chóir chomhionann a thabhairt dóibh agus seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí á rochtain acu i gcomparáid le cónaitheoirí faoi mhíchumas ar fud na mBallstát. Léiríodh sa staidéar meastóireachta ar threoirthionscadal an Chárta Míchumais Eorpaigh gur éascaíodh leis an ngníomh ón Aontas, sna hocht mBallstát atá rannpháirteach sa tionscadal, aitheantas frithpháirteach do stádas míchumais nach mbeadh bainte amach ag na Ballstáit agus iad ag gníomhú leo féin. Ina fhianaise sin, chuir idirghabháil an Choimisiúin Eorpaigh le cur chun feidhme na Straitéise Eorpaí um Míchumas 2010-2020.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Tógann an Cárta Míchumais Eorpach ar dhá ionstraim atá i bhfeidhm cheana: an cárta páirceála Eorpach agus treoirthionscadal an Chárta Míchumais Eorpaigh. Cruthaíodh an cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas le moladh 98/376/CE ón gComhairle agus leasaíodh é in 2008. Déantar foráil leis maidir le samhail chaighdeánaithe de chárta páirceála Eorpach d’fhonn a aitheantas frithpháirteach a áirithiú ar fud na mBallstát, agus dá bhrí sin saorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas i gcarr a éascú. D’ainneoin a róil dhearfaigh, tá deacrachtaí ag úsáideoirí maidir le húsáid an chárta páirceála Eorpaigh. Ó 2018 go 2022, cuireadh isteach thart ar 260 fiosrú faoin gcárta páirceála Eorpach ar ardán SOLVIT. Bhain na gearáin sin go príomha le héiginnteachtaí maidir leis na cearta a dheonaítear leis an gcárta do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal chuig Ballstáit eile (thart ar 30 % de chásanna), aitheantas frithpháirteach ar chártaí páirceála náisiúnta, a eisíodh bunaithe ar shamhail an Aontais (thart ar 25 % de chásanna), chomh maith leis an údar le fíneálacha a fuarthas fiú nuair a taispeánadh an cárta páirceála Eorpach (thart ar 12 % de chásanna).
Rinneadh treoirthionscadal an Chárta Míchumais Eorpaigh, a ndearnadh tástáil air i ndiaidh Thuarascáil Saoránachta an Aontais Eorpaigh 2013, in ocht mBallstát (an Bheilg, an Chipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Iodáil, Málta, an Rómáin agus an tSlóivéin) in 2016-2018 agus bhí sé i fós bhfeidhm i ndiaidh dheireadh an tionscadail. Soláthraítear leis an treoirthionscadal formáid choiteann le haghaidh cárta le haghaidh aitheantas frithpháirteach deonach i measc na mBallstát rannpháirteach maidir leis an stádas míchumais, arna bhunú i gcomhréir le critéir nó rialacha incháilitheachta náisiúnta, le haghaidh rochtain ar thairbhí agus ar sheirbhísí i réimsí an chultúir, na fóillíochta, an spóirt agus, i roinnt tíortha, réimse an iompair. I gcás nach ndéanfar aon ghníomh, beidh aitheantas a gcártaí míchumais náisiúnta agus a ndeimhnithe míchumais náisiúnta fós deonach agus teoranta i gcás coinníollacha fabhracha agus seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí á rochtain acu.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an togra comhoiriúnach do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, don Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas agus do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Tá sé comhoiriúnach don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Chun an togra reachtach sin a chur chun feidhme, is gá cruinnithe a eagrú leis na Ballstáit maidir lena thrasuí, chomh maith le cruinnithe leis na Ballstáit maidir le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh. Cumhdaítear an caiteachas is gá chun na cruinnithe a eagrú, i.e. costais taistil na dtoscairí, faoi shraith Chiste Sóisialta na hEorpa Plus – snáithe EaSI (bainistíocht dhíreach).
1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
◻ tréimhse theoranta
–◻
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
X tréimhse neamhtheoranta
–Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh ó 2023 go 2027,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.An modh/na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
X tréimhse neamhtheoranta a dhéanann an Coimisiún
–X ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
a dhéanann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur de chúram orthu seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú leis an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;
–◻ comhlachtaí arna rialú le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Barúlacha’ le do thoil.
Barúlacha
Tá tionchar buiséadach an togra teoranta agus is féidir é a chumhdach ina iomláine leis na hacmhainní atá ar fáil cheana sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, don fhoireann agus do chreidmheasanna araon, toisc gur sainaithníodh deiseanna ath-imlonnaithe.
I ndiaidh 2027, táthar ag súil le tionchar an-teoranta freisin, rud a chuirfí san áireamh agus an Creat Airgeadais Ilbhliantúil i ndiaidh 2027 á mhionléiriú.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Laistigh de [3 bliana i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na Treorach], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar a cur i bhfeidhm faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.
2.2.Córas/córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoiniúcháin, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Is í an bhainistíocht dhíreach, de réir airteagal 62.1(a) den Rialachán Airgeadais, an modh is fearr toisc gurb é an Coimisiún Eorpach a chuirfidh na bearta chun feidhme, go háirithe AS EMPL, rud a áiritheoidh an comhar leis na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara éagsúla.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Cuid de chóras rialaithe inmheánaigh AS EMPL is ea na rialuithe. Cumhdófar na gníomhaíochtaí nua sin leis an gcur chuige céanna chun rioscaí a shainaithint agus a mhaolú.
2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Cuid de chóras rialaithe inmheánaigh AS EMPL is ea na rialuithe. Ginfear costais bhreise neamhshuntasacha ó thaobh an rialaithe de ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta mar gheall ar na gníomhaíochtaí nua sin.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Nuair a chuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí maoinithe, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí na suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil agus, sa chás go mbraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm. Údaraítear don Choimisiún seiceálacha agus fíoruithe a dhéanamh in situ faoin gCinneadh seo, i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar an gcalaois agus neamhrialtachtaí eile. Más gá, déanfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúduithe agus beidh na himscrúduithe faoi rialú Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid a ndéanfar difear dóibh
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir 2b
|
Difreáilte/Neamhdhifreáilte.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
ó thríú tíortha eile
|
ioncam eile atá sannta
|
|
|
07 02 04 00 – snáithe ESF+ EaSI
|
Difreáilte
|
TÁ/
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–X
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
Uimhir
|
2b
|
|
AS: EMPL
|
|
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid 07 02 04 00
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
0,560
|
0,060
|
|
|
|
|
0,620
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
0,060
|
0,310
|
0,250
|
|
|
|
0,620
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
i gcomhair AS EMPL
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
|
|
0,560
|
0,060
|
|
|
|
|
0,620
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
|
|
0,060
|
0,310
|
0,250
|
|
|
|
0,620
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
1744faoi CHEANNTEIDEAL 2b
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
0,560
|
0,060
|
|
|
|
|
0,620
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
0,060
|
0,310
|
0,250
|
|
|
|
0,620
|
Má dhéanann an togra / tionscnamh difear do níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís:
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
0,560
|
0,060
|
|
|
|
|
0,620
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
0,060
|
0,310
|
0,250
|
|
|
|
0,620
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach
(Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais), agus a uaslódáiltear ar gcóras DECIDE chun críocha comhairliúchán idirsheirbhíse.
EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)
|
|
|
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN
|
|
AS: EMPL
|
|
• Acmhainní daonna
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
|
|
1,710
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN AS EMPL
|
Leithreasuithe
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
|
|
1,710
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
|
|
1,710
|
EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)
|
|
|
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0,342
|
0,342
|
0,902
|
0,402
|
0,342
|
|
|
|
2,330
|
|
|
Íocaíochtaí
|
0,342
|
0,342
|
0,402
|
0,652
|
0,592
|
|
|
|
2,330
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an trí ionad de dheachúlacha)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIRÍ SONRACHA Uimh 1 agus 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
Cruinnithe leis na Ballstáit
|
|
|
|
|
|
4
|
0,060
|
4
|
0,060
|
|
|
|
|
|
|
|
|
8
|
0,120
|
|
- Aschur
|
Seiceáil ar bhearta náisiúnta trasuite
|
|
|
|
|
|
|
|
1
|
0,250
|
1
|
0,250
|
|
|
|
|
|
|
2
|
0,500
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
4
|
0,060
|
5
|
0,310
|
1
|
0,250
|
|
|
|
|
|
|
10
|
0,620
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–X
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
|
|
1,710
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
|
|
1,710
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
IOMLÁN
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
0,342
|
|
|
1,710
|
Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-úsáid laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–X
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Tá an meastachán le sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
|
•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
2
|
2
|
2
|
2
|
2
|
|
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
|
20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
- sa Cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (AC, END, INT – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
2
|
2
|
2
|
2
|
2
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ath-úsáideadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus foireann shealadach
|
Tacóidh 2 AD leis an idirbheartaíocht sa phróiseas glactha, eagróidh sé na cruinnithe leis na Ballstáit agus cuirfidh sé gníomhartha reachtacha cur chun feidhme agus tarmligthe ar fáil de réir mar is gá.
|
|
Foireann sheachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–X
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athlonnú laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Is féidir na leithreasuithe riachtanacha a chlárú faoi shnáithe bainistíochta dírí CSE+ do 2025-2027.
–◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir leis an CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
–◻
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–◻
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–X
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Iomlán
|
|
Tíortha LEE
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
|
|
|
p.m.
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
|
|
|
p.m.
|
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–X
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam eile
–má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh é sin ◻
EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)
|
Líne bhuiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Teideal an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam sannta, sonraigh na línte buiséid a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).