Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0499

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh tríchioglasóil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

COM/2023/499 final

An Bhruiséil,30.8.2023

COM(2023) 499 final

2023/0306(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh tríchioglasóil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, bunaítear go háirithe an gá atá le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus forálacha comhchuibhithe ón Aontas a bhaineann le huasleibhéil iarmhar (MRLanna) lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch, nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, a áirithiú. Aithnítear sa Rialachán sin, i gcás bia agus beatha arna dtáirgeadh lasmuigh den Aontas, go bhféadfar cleachtais talmhaíochta éagsúla maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí a chur i bhfeidhm go dleathach, rud a fhágann ó am go chéile go mbíonn iarmhair lotnaidicídí ann atá éagsúil leis na hiarmhair a thagann as úsáidí a chuirtear i bhfeidhm go dleathach san Aontas. Dá bhrí sin, déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar MRLanna a shocrú le haghaidh táirgí allmhairithe (i.e. lamháltais allmhairiúcháin) trí shainchomhad eolaíoch cuimsitheach a sholáthar ina gcuirfear na húsáidí sin agus na hiarmhair a thagann astu san áireamh, rud a ndéanann Ballstát agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) meastóireacht air. Féadfaidh an gCoimisiún an MRL a ndearnadh iarratas air a shocrú, ar choinníoll gur léiríodh go bhfuil sé sábháilte do Thomhaltóirí Eorpacha trí úsáid a bhaint as na critéir chéanna agus a úsáidtear i gcás táirgí baile.

I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, fuair an Iodáil iarratas maidir le lamháltas allmhairiúcháin a shocrú le haghaidh na substainte gníomhaí tríchioglasól i rís.

An 26 Aibreán 2018 sheol an Iodáil tuarascáil mar aon lena meastóireacht ar an iarratas sin chuig EFSA.

An 18 Eanáir 2023 ghlac EFSA Tuairim Réasúnaithe fhabhrach maidir leis an meastóireacht ar shábháilteacht an MRL mhodhnaithe atá beartaithe le haghaidh tríchioglasól i rís 1 . Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún dréacht-Rialachán do na Ballstáit sa Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha maidir leis an MRL ábhartha Aontais a mhodhnú dá réir sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an cur chuige a úsáideadh comhsheasmhach le forálacha Rialachán (CE) 396/2005.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

I gcomhréir leis an Tuairim Réasúnaithe fhabhrach a ghlac EFSA agus ar bhonn Airteagal 14(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, ullmhaíodh dréacht-Rialachán ón gCoimisiún agus cuireadh faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha é (féach caibidil 1). De réir Airteagal 45(4) den Rialachán sin, beidh feidhm ag an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú de réir Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468 ón gComhairle.

An rogha ionstraime

An dréacht-Rialachán thuasluaite ón gCoimisiún lena moltar modhnú ar an MRL le haghaidh tríchioglasóil i rís, cuireadh faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha é an 11 Bealtaine 2023, chun tuairim a fháil. Níor thug an Coiste tuairim uaidh maidir leis an dréacht-Rialachán ón gCoimisiún, ós rud é nár thángthas ar thromlach cáilithe i bhfabhar ná i gcoinne na mbeart atá beartaithe.

Dá bhrí sin agus de bhun Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, tá an Coimisiún ag cur dréacht-Rialachán ón gComhairle maidir leis na bearta atá le glacadh faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte. Gníomhóidh an Chomhairle i leith an bhirt atá beartaithe trí thromlach cáilithe laistigh de 2 mhí ón dáta ar cuireadh faoina bráid é. Má chuireann an Chomhairle i gcoinne an bhirt trí thromlach cáilithe, ní ghlacfar an beart. Má bheartaíonn an Chomhairle an beart a ghlacadh, cuirfidh sí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa é gan mhoill. In éagmais tuairim ón gComhairle, cuirtear an Rialachán ar ais chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa gan mhoill é le go ndéanfar grinnscrúdú air. Mura gcuireann an Pharlaimint i gcoinne an bhirt, glacfaidh an Coimisiún é. Má chuireann an Pharlaimint i gcoinne an bhirt, ní ghlacfaidh an Coimisiún é.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Níl aon mheastóireacht ex post, comhairliúchán le páirtithe leasmhara ná measúnú tionchair beartaithe don Rialachán seo i gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar buiséadach ag an Rialachán.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Déantar foráil leis Rialachán seo maidir le modhnú ar an MRL atá ann cheana le haghaidh tríchioglasóil i rís, ar modhnú é lena n‑ardaítear an MRL ón teorainn chinnidh arna bunú ag 0.01 mg/kg go leibhéal 0.09 mg/kg, ar bhonn na tuairime eolaíche ó EFSA. Agus an méid sin á dhéanamh, déanfar na MRLanna tríchioglasóil, atá leagtha síos faoi láthair in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, a aistriú go hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán céanna sin.

2023/0306 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh tríchioglasóil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle 2 , agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcás tríchioglasóil, socraíodh uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)Cuireadh isteach iarratas ar lamháltais allmhairiúcháin de bhun Airteagal 6(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le haghaidh tríchioglasól a úsáidtear sa Bhrasaíl ar rís. Deir an tiarratasóir go neascraíonn iarmhair a sháraíonn an MRL dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 as úsáid údaraithe na substainte sin ar bharr den sórt sin sa Bhrasaíl agus go bhfuil gá le MRL níos airde chun bacainní trádála ar allmhairiú an bhairr sin a sheachaint.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an iarratas sin agus cuireadh an tuarascáil mheastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(4)Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú ar an iarratas agus ar an tuarascáil mheastóireachta, agus rinne sé scrúdú faoi leith ar na rioscaí atá ann do thomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairim réasúnaithe faoin MRL atá beartaithe 3 . Chuir sé an tuairim sin ar aghaidh chuig an iarratasóir, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal í.

(5)Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, i ndáil leis an táirge lena mbaineann, gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le hiomláine na sonraí a cuireadh isteach agus go raibh an modhnú ar an MRL a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha i dtaca le sábháilteacht an tomhaltóra ar bhonn measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí i leith 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir an tÚdarás san áireamh an fhaisnéis is déanaí maidir le hairíonna tocsaineolaíocha na substainte, faisnéis nach raibh ar fáil roimhe sin, agus níor soláthraíodh í ach leis iarratas lena mbaineann. Le teagmháil ar feadh an tsaoil leis an tsubstaint sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh sí a bheith iontu, agus le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor de na táirgí lena mbaineann a chaitheamh, léiríodh nach bhfuil baol ann go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha nó an ghéardháileog thagartha.

(6)Ar bhonn na tuairime réasúnaithe ón Údarás, agus na tosca a liostaítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, is iomchuí a mheas go gcomhlíonann an modhnú atá beartaithe ar an MRL ceanglais an Airteagail sin.

(7)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin.

(8)Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Da bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

(1)    EFSA 2023. Reasoned Opinion on the setting of import tolerance for tricyclazole in rice [Tuairim Réasúnaithe maidir le lamháltas allmhairiúcháin a shocrú le haghaidh tríchioglasóil i rís]. EFSA Journal [Iris EPSA], 2023;21(1):7757. https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/full/10.2903/j.efsa.2023.7757  
(2)    IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(3)    Reasoned opinion on the setting of import tolerance for tricyclazole in rice [Tuairim Réasúnaithe maidir le lamháltas allmhairiúcháin a shocrú le haghaidh tríchioglasóil i rís]. EFSA Journal [Iris EPSA], 2023;21(1):7757.
Top

An Bhruiséil,30.8.2023

COM(2023) 499 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh tríchioglasóil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:

(1)In Iarscríbhinn II, cuirtear isteach an colún le haghaidh tríchioglasóil:

Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Códuimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair 
a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo (a)

Tríchioglasól

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

0,01*

0110000

Torthaí citris

 

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

 

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

 

0130010

Úlla

 

0130020

Piorraí

 

0130030

Cainchí

 

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

 

0130050

Locuatanna

 

0130990

Eile (2)

 

0140000

Torthaí cloiche

 

0140010

Aibreoga

 

0140020

Silíní (iad milis)

 

0140030

Péitseoga

 

0140040

Plumaí

 

0140990

Eile (2)

 

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a) fíonchaora

 

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b) sútha talún

 

0153000

(c) torthaí cána

 

0153010

Sméara dubha

 

0153020

Eithreoga

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

0153990

Eile (2)

 

0154000

(d) torthaí beaga eile agus caora eile

 

0154010

Fraocháin

 

0154020

Mónóga

 

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

 

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

 

0154050

Mogóirí róis

 

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

 

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

 

0154080

Caora troim

 

0154990

Eile (2)

 

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0161000

(a) craiceann inite

 

0161010

Dátaí

 

0161020

Figí

 

0161030

Ológa boird

 

0161040

Cumcuait

 

0161050

Torthaí réaltúla

 

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

 

0161070

Plumaí láva

 

0161990

Eile (2)

 

0162000

(b) craiceann do-ite, é beag

 

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c) craiceann do-ite, é mór

 

0163010

Abhacáid

 

0163020

Bananaí

 

0163030

Mangónna

 

0163040

Papánna

 

0163050

Pomagránaití

 

0163060

Céiriomoighe

 

0163070

Guábhaí

 

0163080

Anainn

 

0163090

Torthaí aráin

 

0163100

Duraígh

 

0163110

Úlla deilgneacha

 

0163990

Eile (2)

 

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

0,01*

0211000

(a) prátaí

 

0212000

(b) glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

 

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c) glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

0213010

Meacain bhiatais

 

0213020

Meacain dhearga

 

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

 

0213040

Meacain ragaim

 

0213050

Bliosáin ghréine

 

0213060

Meacain bhána

 

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

 

0213080

Raidisí

 

0213090

Salsabh

 

0213100

Svaeideanna

 

0213110

Tornapaí

 

0213990

Eile (2)

 

0220000

Glasraí bleibíní

0,01*

0220010

Gairleog

 

0220020

Oinniúin

 

0220030

Seallóidí

 

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

 

0220990

Eile (2)

 

0230000

Glasraí a thugann torthaí

0,01*

0231000

(a) Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

 

0231020

Piobair

 

0231030

Ubhthorthaí

 

0231040

Ocra

 

0231990

Eile (2)

 

0232000

(b) guird a bhfuil craiceann inite acu

 

0232010

Cúcamair

 

0232020

Gircíní

 

0232030

Cúirséid

 

0232990

Eile (2)

 

0233000

(c) guird a bhfuil craiceann do-ite acu

 

0233010

Mealbhacáin

 

0233020

Puimcíní

 

0233030

Mealbhacáin uisce

 

0233990

Eile (2)

 

0234000

(d) arbhar milis

 

0239000

(e) glasraí eile a thugann torthaí

 

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

0,01*

0241000

(a) praiseach bhlátha

 

0241010

Brocailí

 

0241020

Cóilis

 

0241990

Eile (2)

 

0242000

(b) praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

 

0242020

Cabáistí cinn

 

0242990

Eile (2)

 

0243000

(c) praiseach dhuilleach

 

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d) cálráibí

 

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

 

0251000

(a) leitísí agus plandaí sailéid

0,01*

0251010

Ceathrúna uain

 

0251020

Leitísí

 

0251030

Searbháin muc

 

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

 

0251050

Biolair thalún

 

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

 

0251070

Mustard dearg

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n‑áirítear speicis phraisí)

 

0251990

Eile (2)

 

0252000

(b) spionáistí agus duilleoga comhchosúla

0,01*

0252010

Spionáistí

 

0252020

Puirsleáin

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

0252990

Eile (2)

 

0253000

(c) duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

0,01*

0254000

(d) biolair uisce

0,01*

0255000

(e) sreabháin na Beilge

0,01*

0256000

(f) luibheanna agus bláthanna inite

0,02*

0256010

Costóg

 

0256020

Síobhas

 

0256030

Duilleoga soilire

 

0256040

Peirsil

 

0256050

Sáiste

 

0256060

Marós

 

0256070

Tím

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

0256090

Duilleog labhrais

 

0256100

Dragan

 

0256990

Eile (2)

 

0260000

Léagúim

0,01*

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

 

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

 

0260050

Lintilí

 

0260990

Eile (2)

 

0270000

Glasraí gais

0,01*

0270010

Lus súgach

 

0270020

Cardúin

 

0270030

Soilirí

 

0270040

Finéal Fhlórans

 

0270050

Bliosáin chruinne

 

0270060

Cainneanna

 

0270070

Biabhóg

 

0270080

Péacáin bhambú

 

0270090

Croíthe pailme

 

0270990

Eile (2)

 

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,01*

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,01*

0300000

PISEÁNAIGH

0,01*

0300010

Pónairí

 

0300020

Lintilí

 

0300030

Piseanna

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

0300990

Eile (2)

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

0,01*

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

 

0401020

Piseanna talún

 

0401030

Síolta poipín

 

0401040

Síolta seasamain

 

0401050

Síolta lus na gréine

 

0401060

Síolta ráibe

 

0401070

Pónairí soighe

 

0401080

Síolta mustaird

 

0401090

Síolta cadáis

 

0401100

Síolta puimcín

 

0401110

Síolta cróch bréige

 

0401120

Síolta borráiste

 

0401130

Caimilín

 

0401140

Síolta cnáibe

 

0401150

Pónairí ricne

 

0401990

Eile (2)

 

0402000

Olathorthaí

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

 

0402020

Eithní pailme ola

 

0402030

Torthaí pailme ola

 

0402040

Capac

 

0402990

Eile (2)

 

0500000

GRÁNAIGH

 

0500010

Eorna

0,01*

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

0,01*

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

0,01*

0500040

Muiléad coiteann

0,01*

0500050

Coirce

0,01*

0500060

Rís

0,09

0500070

Seagal

0,01*

0500080

Sorgam

0,01*

0500090

Cruithneacht

0,01*

0500990

Eile (2)

0,01*

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

0,05*

0610000

Taenna

 

0620000

Pónairí caife

 

0630000

Insiltí luibhe ó

 

0631000

(a) bláthanna

 

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b) duilleoga agus luibheanna

 

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c) fréamhacha

 

0633010

Caorthann corraigh

 

0633020

Ginsing

 

0633990

Eile (2)

 

0639000

(d) aon chuid eile den phlanda

 

0640000

Pónairí cócó

 

0650000

Carúib

 

0700000

LEANNLUSANNA

0,05*

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,05*

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,05*

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

0820020

Piobar Szechuan

 

0820030

Cearbhas

 

0820040

Cardamam

 

0820050

Caor aitil

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

0820070

Fanaile

 

0820080

Tamarain

 

0820990

Eile (2)

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,05*

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

0,05*

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,05*

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,05*

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,05*

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,05*

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,05*

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

0,01*

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

 

0900020

Cánaí siúcra

 

0900030

Fréamhacha siocaire

 

0900990

Eile (2)

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó

0,01*

1011000

(a) mucra

 

1011010

Matán

 

1011020

Saill

 

1011030

An t‑ae

 

1011040

An duán

 

1011050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

 

1011990

Eile (2)

 

1012000

(b) bó-ainmhí

 

1012010

Matán

 

1012020

Saill

 

1012030

An t‑ae

 

1012040

An duán

 

1012050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

 

1012990

Eile (2)

 

1013000

(c) caoraigh

 

1013010

Matán

 

1013020

Saill

 

1013030

An t‑ae

 

1013040

An duán

 

1013050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

 

1013990

Eile (2)

 

1014000

d) gabhar

 

1014010

Matán

 

1014020

Saill

 

1014030

An t‑ae

 

1014040

An duán

 

1014050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

 

1014990

Eile (2)

 

1015000

(e) eachaí

 

1015010

Matán

 

1015020

Saill

 

1015030

An t‑ae

 

1015040

An duán

 

1015050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

 

1015990

Eile (2)

 

1016000

(f) éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

 

1016020

Saill

 

1016030

An t‑ae

 

1016040

An duán

 

1016050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

 

1016990

Eile (2)

 

1017000

(g) ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matán

 

1017020

Saill

 

1017030

An t‑ae

 

1017040

An duán

 

1017050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

 

1017990

Eile (2)

 

1020000

Bainne

0,01*

1020010

Eallach

 

1020020

Caoirigh

 

1020030

Gabhar

 

1020040

Capall

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

0,01*

1030010

An chearc

 

1030020

Lacha

 

1030030

Géanna

 

1030040

Gearg

 

1030990

Eile (2)

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

0,05*

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,01*

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,01*

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,01*

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 

Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh

(a) Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I

(2)In Iarscríbhinn V, scriostar an colún le haghaidh tríchioglasóil.

Top