Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0417

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/859

COM/2023/417 final

An Bhruiséil,11.7.2023

COM(2023) 417 final

2023/0267(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/859


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le Cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe den Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) don tréimhse 2024-2028 i dtaca le glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe atá beartaithe.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún um chaomhnú agus bainistiú acmhainní iascaigh na mórmhara san Aigéan Ciúin Theas

Is é is aidhm don Choinbhinsiún um chaomhnú agus bainistiú acmhainní iascaigh na mórmhara san Aigéan Ciúin Theas (Coinbhinsiún SPRFMO), trí SPRFMO a bhunú, caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach acmhainní iascaigh a áirithiú sa limistéar a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 24 Lúnasa 2012.

Is páirtí i SPRFMO é an tAontas Eorpach, tar éis dó an Coinbhinsiún a dhaingniú faoi Chinneadh 2012/130/CE ón gComhairle 1 .

2.2.Coimisiún SPRFMO

Is comhlacht é an Coimisiún SPRFMO a bhunaítear le Coinbhinsiún SPRFMO chun a bheith freagrach as acmhainní iascaigh i limistéar an Choinbhinsiúin a bhainistiú nó a chaomhnú. Glactar leis bearta caomhnaithe agus bainistithe chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach na hacmhainní iascaigh faoina gcúram a áirithiú.

Mar chomhalta de Choimisiún SPRFMO, tá an tAontas i dteideal páirt a ghlacadh ina gcinntí agus vótáil ina leith. Is de chomhthoil a dhéanann Coimisiún SPRFMO a chinntí de ghnáth. Mar sin féin, féadfaidh sé cinntí a dhéanamh trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí, seachas i gcás ina bhforáiltear go sainráite i gCoinbhinsiún SPRFMO don chomhthoil.

2.3.Cinntí Choimisiún SPRFMO

Tá an t‑údarás ag Coimisiún SPRFMO bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlacadh maidir leis na hiascaigh atá faoina chúram agus tá na bearta sin ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.

I gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Choimisiún SPRFMO, tiocfaidh na bearta i bhfeidhm 90 lá tar éis an dáta a chuirfidh SPRFMO in iúl do na páirtithe conarthacha iad. Má dhéanann aon chomhalta de Choimisiún SPRFMO agóid i gcoinne cinnidh laistigh de 60 lá tar éis dóibh fógra a fháil ina leith, ní bheidh an cinneadh ina cheangal ar an gcomhalta sin an oiread agus a bhainfidh leis an agóid. Má chuirtear agóid i láthair, bunófar painéal athbhreithnithe laistigh de 30 lá roimh dheireadh na tréimhse agóide chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an agóid.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh

Leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais faoi láthair ag cruinnithe bliantúla na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) de réir cur chuige dhá shraith. Leagtar amach le Cinneadh ón gComhairle bunphrionsabail sheasamh an Aontais ar bhonn ilbhliantúil agus déantar an seasamh a choigeartú ina dhiaidh sin le haghaidh gach cruinnithe bhliantúil le páipéir leathoifigiúla ó sheirbhísí an Choimisiúin atá le formhuiniú ag an gComhairle.

Maidir le SPRFMO, cuirtear an cur chuige sin chun feidhme le Cinneadh (AE) 2019/859 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019, lena leagtar amach seasamh an Aontais in SPRFMO don tréimhse 2020-2024. Tá prionsabail ghinearálta agus treoshuíomhanna ginearálta sa Chinneadh ach cuirtear gnéithe sonracha SPRFMO san áireamh a mhéid is féidir freisin. Ina theannta sin, leagtar amach ann an próiseas caighdeánach chun seasamh an Aontais a leagan síos bliain i ndiaidh bliana, mar a d’iarr na Ballstáit.

Cuimsíodh le Cinneadh (AE) 2019/859 ón gComhairle prionsabail an chomhbheartais iascaigh nua (CBI), mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , agus cuireadh san áireamh leis freisin na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gné sheachtrach an Chomhbheartais Iascaigh 3 . Thairis sin, coigeartaíodh leis seasamh an Aontais maidir le Conradh Liospóin.

Ní dhéantar foráil le Cinneadh (AE) 2019/859 ón gComhairle maidir le measúnú, agus i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais laistigh de SPRFMO roimh an gcruinniú bliantúil in 2025. Mar sin féin, tá athbhreithniú le déanamh ar fhormhór na gCinntí ón gComhairle maidir le seasamh an Aontais sna hERBInna éagsúla ina bhfuil sé ina pháirtí conarthach roimh chruinnithe bliantúla 2024 na nERBInna sin. Dá bhrí sin, chun comhsheasmhacht a chur chun cinn maidir le seasamh an Aontais i ngach ERBI agus chun uainiú na nósanna imeachta um athbhreithniú a chur i gcomhthráth, is iomchuí an t‑athbhreithniú ar sheasamh an Aontais i SPRFMO don tréimhse 2024-2028 a thabhairt chun tosaigh, agus Cinneadh (AE) 2019/859 ón gComhairle a ionadú dá réir sin.

I dtaca le hiascaireacht, cuimsítear leis an togra atá ann faoi láthair an Comhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an Straitéis Bhithéagsúlachta 4 , an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide 5 agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ 6 . Cuirtear san áireamh ann freisin an Straitéis um Plaistigh 7 agus an Plean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú 8 . Thairis sin, cuirtear san áireamh ann freisin an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan 9 .

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist agus ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 10 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Coimisiún SPRFMO arna bhunú le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún SPRFMO.

Na gníomhartha a iarrtar ar Choimisiún SPRFMO a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Tá na gníomhartha atá beartaithe le bheith ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17 de Choinbhinsiún SPRFMO agus beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíochta an Aontais, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú 11 ;

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú 12 ; agus

Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha 13 .

Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach Choinbhinsiún SPRFMO a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh sin nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an iascach a bhaineann an príomhchuspóir agus ábhar na ngníomhartha atá beartaithe. Is é Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 an bunús dlí lena leagtar amach na prionsabail atá le léiriú leis an seasamh seo.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 43(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe. Leis an gCinneadh, déanfar Cinneadh (AE) 2019/859 ón gComhairle a ionadú.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 43(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gCinneadh atá beartaithe.

2023/0267 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/859

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh 2012/130/AE ón gComhairle 14 , thug an tAontas an Coinbhinsiún um chaomhnú agus bainistiú acmhainní iascaigh na mórmhara san Aigéan Ciúin Theas (‘Coinbhinsiún SPRFMO’) i gcrích, lenar bunaíodh Coimisiún SPRFMO.

(2)Glacann Coimisiún SPRFMO bearta caomhnaithe agus bainistithe chun cuspóirí Choinbhinsiún SPRFMO a bhaint amach. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15  , déantar foráil go bhfuil ar an Aontas a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuirfidh siad le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas leis an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.

(4)I gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta 16 , an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide 17 agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ 18 , tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na néiceachóras a aisiompú. Maidir leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus as caillteanas na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol a bheadh iontu d’infhaighteacht na nearraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.

(5)Déantar tagairt sa Straitéis um Plaistigh 19 do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú 20 laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.

(6)Faoin Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan 21 , príomhthosaíochtaí faoi ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais is ea cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí. Is é an tAontas Eorpach an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Dá bhrí sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.

(7)Faoi láthair, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe SPRFMO le Cinneadh (AE) 2019/859 ón gComhairle 22 . Is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua a bhunú don tréimhse 2024-2028.

(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoimisiún SPRFMO a bhunú don tréimhse 2024-2028, ós rud é go bhféadfaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe SPRFMO a bheith ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is iad sin Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle 23 ; Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 24 ; agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 .

(9)I bhfianaise chineál athraitheach na nacmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún SPRFMO agus an ghá ina dhiaidh sin le forbairtí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais, lena náirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh cruinnithe Choimisiún SPRFMO nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú le haghaidh na sonraíochta ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais don tréimhse 2024-2028. Ba cheart na seasaimh sin a bheith i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Choimisiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO).

Airteagal 2

I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar sonraíocht ó bhliain go bliain ar sheasaimh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe Choimisiún SPRFMO.

Airteagal 3

Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú bliantúil Choimisiún SPRFMO in 2029 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/859.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)

   Cinneadh 2012/130/AE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2011 maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Choinbhinsiúin um chaomhnú agus bainistiú acmhainní iascaigh na mórmhara san Aigéan Ciúin Theas (IO L 67, 6.3.2012, lch. 1).

(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3)    COM(2011) 424, 13.7.2011.
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais le haghaidh 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM/2020/380).
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM/2021/82 final).
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM/2020/381)
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] COM (2018) 28 final.
(8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] COM/2021/400 final
(9)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Setting the course for a sustainable blue planet [An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm] JOIN (2022) 28 final.
(10)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(11)    IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.
(12)    IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(13)    IO L 347, 28.12.2017, lch. 81.
(14)    Cinneadh 2012/130/AE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2011 maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Choinbhinsiúin um chaomhnú agus bainistiú acmhainní iascaigh na mórmhara san Aigéan Ciúin Theas (IO L 67, 6.3.2012, lch. 1).
(15)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais le haghaidh 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM/2020/380).
(17)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM/2021/82 final).
(18)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM/2020/381)
(19)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] COM (2018) 28 final.
(20)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] COM/2021/400 final.
(21)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Setting the course for a sustainable blue planet [An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm] JOIN (2022) 28 final.
(22)    Cinneadh (AE) 2019/859 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO), agus lena naisghairtear Cinneadh an 12 Meitheamh 2017 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, in SPRFMO (IO L 140, 28.5.2019, lch. 27).
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(25)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 34728.12.2017, lch. 81).
Top

An Bhruiséil,11.7.2023

COM(2023) 417 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíochta Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/859


IARSCRÍBHINN I

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)

1.PRIONSABAIL

Faoi chuimsiú SPRFMO, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go bhfuil na bearta a ghlactar laistigh de SPRFMO comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe le forálacha Choinbhinsiún 1982 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, le Comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach, le Comhaontú 1993 chun comhlíontacht bád iascaireachta ar an mórmhuir i dtaca le bearta idirnáisiúnta caomhantais agus bainistíochta a chur chun cinn, agus le Comhaontú 2009 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta ar Bhearta Stát an Chalafoirt;

(b)cuspóirí an Chomhaontaithe a chur chun cinn faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i dtaca le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (BBNJ) agus ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (COP 15), go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta muirí agus cosaint 30 % d’aigéin an domhain a threisiú trí limistéir mhuirí faoi chosaint;

(c)rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena náirítear an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide, go háirithe maidir le cosaint an dúlra, agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus le hEoraip níos láidre sa Domhan;

(d)cuspóirí na Straitéise um Plaistigh agus an Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú a shaothrú, go háirithe plaistigh agus truailliú muirí a laghdú;

(e)gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas laistigh den chomhbheartas iascaigh, go sonrach tríd an gcur chuige réamhchúraim agus na haidhmeanna a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun cur chun feidhme cur chuige i leith bainistiú iascaigh atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun cinn, chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú a mhéid is féidir agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha, agus chun tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú agus, chomh maith leis sin, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil do na daoine a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí á gcur san áireamh;

(f)a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh 1 ;

(g)a bheith i gcomhréir le cuspóirí na Teachtaireachta Comhpháirtí maidir le Clár Oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan 2 i ndáil le caomhnú na bithéagsúlachta muirí, chomh maith leis na conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach sin 3 ;

(h)oibriú ar son rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara le linn chéim ullmhúcháin bhearta SPRFMO agus a áirithiú go mbeidh na bearta a ghlacfar laistigh de SPRFMO i gcomhréir le cuspóirí Choinbhinsiún SPRFMO;

(i)seasaimh atá comhsheasmhach le dea-chleachtais eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) a chur chun cinn;

(j)comhsheasmhacht agus sineirge a lorg leis an mbeartas atá á shaothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha, agus comhleanúnachas lena bheartais eile a áirithiú, go háirithe i réimse an chaidrimh sheachtraigh, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, an taighde agus na nuálaíochta;

(k)díriú ar chothrom iomaíochta a chruthú do chabhlach an Aontais laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO, bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi Dhlí an Aontais, agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na bprionsabal agus na gcaighdeán sin a chur chun cinn;

(l)comhordú idir SPRFMO, ERBInna atá ann cheana agus coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha (RSCanna) agus comhar le heagraíochtaí domhanda, de réir mar is infheidhme, laistigh dá sainorduithe a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí;

(m)sásraí comhair a chur chun cinn i measc ERBInna neamhthuinnín ar nós an phróisis dá ngairtear ‘Kobe’ le haghaidh ERBInna tuinnín.

2.TREOSHUÍOMHANNA

I gcás inarb iomchuí, féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh na ngníomhaíochtaí seo a leanas ag SPRFMO:

(a)bearta chun caomhnú agus athbhunú iomlán na bithéagsúlachta, agus inbhuanaitheacht na stoc, a chur chun cinn, agus breithnithe i dtaca leis an athrú aeráide a chuimsiú sa phróiseas cinnteoireachta;

(b)bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún SPRFMO bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena náirítear Gabhálacha Iomlána Incheadaithe agus cuótaí nó rialáil ar an iarracht maidir le buaint beo-acmhainní bitheolaíocha na mara in iascaigh a rialaíonn SPRFMO, rud a bhainfeadh amach an uastáirgeacht inbhuanaithe I gcás inar gá, áireofar sna bearta caomhnaithe agus bainistithe sin bearta sonracha le haghaidh stoic atá thíos leis an ró-iascaireacht chun an iarracht iascaireachta a choinneáil ar leibhéil atá i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil;

(c)bearta chun bailiú sonraí, taighde eolaíoch agus cinntí bainistíochta atá bunaithe ar an eolaíocht a chur chun, a choiste um chomhlíonadh a neartú, cultúr comhlíonta a chur chun cinn agus athbhreithnithe feidhmíochta neamhspleácha tréimhsiúla a dhéanamh;

(d)bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i limistéar an Choinbhinsiúin a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena náirítear liostú soithí NNN agus trasliostú soithí NNN le ERBInna eile, agus bearta chun inrianaitheacht iasc agus táirgí iascaigh a chur chun cinn bunaithe ar na Treoirlínte Deonacha maidir le Scéimeanna Doiciméadaithe um Ghabháil;

(e)bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais i limistéar an Choinbhinsiúin chun éifeachtúlacht rialaithe agus comhlíonadh na mbeart arna nglacadh laistigh de SPRFMO a áirithiú, lena náirítear an rialú ar oibríochtaí trasloingsithe a neartú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trasloingsiú;

(f)bearta chun an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú, lena náirítear bearta cosanta le haghaidh éiceachórais leochaileacha mhuirí i limistéar Choinbhinsiún SPRFMO i gcomhréir le Coinbhinsiún SPRFMO agus le Treoirlínte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, go háirithe speicis leochaileacha mhuirí, agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha;

(g)bearta chun truailliú muirí a laghdú, sceitheadh plaisteach ar muir a chosc agus an tionchar a bhíonn ag plaistigh ar muir ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais a laghdú, lena náirítear bearta chun tionchar an trealaimh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile (ALDFG) san aigéan a laghdú agus chun sainaithint agus aisghabháil trealaimh den sórt sin a éascú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trealamh Iascaireachta a Mharcáil;

(h)bearta arb é is aidhm dóibh toirmeasc a chur ar an iascach a fheidhmíonn chun eití siorca a bhuain agus lena gceanglaítear go ndéanfar gach siorc a thabhairt i dtír agus na heití ar fad air ó nádúr;

(i)i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a cheadaítear faoi na doiciméid chomhábhartha, moltaí lena spreagtar cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair san Iascaireacht;

(j)cur chuige coiteann le ERBInna eile, i gcás inarb iomchuí, go háirithe le ERBInna a bhfuil baint acu le bainistiú iascaigh in aon réigiún leis;

(k)bearta teicniúla breise bunaithe ar chomhairle ó fhochuideachtaí agus ó mheithleacha de chuid SPRFMO.

IARSCRÍBHINN II

Sonraíocht ó bhliain go bliain ar sheasaimh an Aontais atá le glacadh

i gcruinnithe den Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas

Roimh gach cruinniú de SPRFMO, nuair a iarrfar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo ar an Aontas, déanfar na bearta is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile a chuirtear chuig an gCoimisiún á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún Eorpach chuig an gComhairle, nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin, in am trátha roimh gach cruinniú de Choimisiún SPRFMO, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe a phlé agus a fhormhuiniú maidir le seasamh an Aontais i dtaca le sonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais.

Más rud é, le linn cruinniú de Choimisiún SPRFMO, go bhfuil sé dodhéanta teacht ar chomhaontú, lena n‑áirítear comhaontú ar an toirt, déanfar an cheist a chur chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin ionas gur féidir eilimintí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais.

(1)    7087/12 REV 1 ADD 1 COR 1.
(2)    JOIN/2022/28 final an 24.6.2022.
(3)    15973/22 an 13.12.2022.
Top