AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 407 final
2023/0268(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht um Chaomhnú Bradán san Atlantach Thuaidh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/864
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le Cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe Chomhairle na hEagraíochta um Chaomhnú Bradán san Atlantach Thuaidh (NASCO) don tréimhse 2024-2028 i dtaca le glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe atá beartaithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Coinbhinsiún um Chaomhnú Bradán san Aigéan san Atlantach Thuaidh
Tá sé d’aidhm ag an gCoinbhinsiún um Chaomhnú Bradán san Aigéan san Atlantach Thuaidh, trí NASCO a bhunú, bradán fiáin an Atlantaigh a chaomhnú, a athbhunú, a fheabhsú agus a bhainistiú go réasúnach. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 1983.
Is páirtí i gCoinbhinsiún NASCO é an tAontas Eorpach, tar éis dó é a fhormheas faoi Chinneadh 82/886/CE ón gComhairle.
2.2.Comhairle na hEagraíochta um Chaomhnú Bradán san Atlantach Thuaidh
Is é Comhairle NASCO, a fhaigheann tacaíocht ó na trí Choimisiún NASCO (Coimisiún Mheiriceá Thuaidh, Coimisiún an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus Coimisiún na Graonlainne Thiar), an comhlacht a bunaíodh le Coinbhinsiún NASCO chun bradán Atlantach a caomhnú, a athbhunú, a fheabhsú agus a bhainistiú go réasúnach trí chomhar idirnáisiúnta. Glacann sé bearta caomhnaithe agus bainistithe chun na hacmhainní iascaigh a bhfuil sé freagrach astu a bhainistiú.
Ós comhalta é an tAontas de Chomhairle NASCO agus dhá Choimisiún dá cuid (Coimisiún an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus Coimisiún na Graonlainne Thiar), tá an tAontas i dteideal páirt a ghlacadh ina cinntí agus vótáil ina leith. Is d’aon toil a dhéanann Comhairle NASCO a cinntí go hiondúil;
2.3.Cinntí ó Chomhairle NASCO
Tá an t‑údarás ag Comhairle NASCO bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlacadh maidir leis na hiascaigh atá faoina raon feidhme agus tá na bearta sin ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Choinbhinsiún NASCO, tagann na bearta i bhfeidhm 60 lá tar éis an dáta a chuirfidh NASCO in iúl do na páirtithe conarthacha iad, ach amháin má dhéanann páirtí conarthach agóid a thaisceadh laistigh de 60 lá tar éis an fógra faoin mbeart a fháil.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh
Leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais faoi láthair ag cruinnithe bliantúla na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) de réir cur chuige dhá shraith. Leagtar amach le Cinneadh ón gComhairle bunphrionsabail sheasamh an Aontais ar bhonn ilbhliantúil agus déantar an seasamh a choigeartú ina dhiaidh sin le haghaidh gach cruinnithe bhliantúil le páipéir leathoifigiúla ó sheirbhísí an Choimisiúin atá le formhuiniú ag an gComhairle.
Maidir le NASCO, cuirtear an cur chuige sin chun feidhme le Cinneadh (AE) 2019/864 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019, lena leagtar amach seasamh an Aontais in NASCO don tréimhse 2019-2023. Tá prionsabail ghinearálta sa Chinneadh ach cuirtear gnéithe sonracha NASCO san áireamh a mhéid is féidir. Ina theannta sin, leagtar amach ann an próiseas caighdeánach chun seasamh an Aontais a leagan síos bliain i ndiaidh bliana, mar a d’iarr na Ballstáit.
Cuimsíodh le Cinneadh (AE) 2019/864 ón gComhairle prionsabail an chomhbheartais iascaigh nua (CBI), mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus cuireadh san áireamh leis freisin na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh. Thairis sin, coigeartaíodh leis seasamh an Aontais maidir le Conradh Liospóin.
Déantar foráil le Cinneadh (AE) 2019/864 ón gComhairle maidir le measúnú, agus i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais roimh an gcruinniú bliantúil in 2024. Dá bhrí sin, leagtar amach sa togra seo seasamh an Aontais in NASCO don tréimhse 2024-2028 agus ar an gcaoi sin, cuirtear in ionad Chinneadh (AE) 2019/864 ón gComhairle é.
I dtaca le hiascaireacht, cuimsítear leis an athbhreithniú atá ann faoi láthair an Comhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Cuirtear san áireamh ann freisin an Straitéis um Plaistigh agus an Plean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú. Thairis sin, cuirtear san áireamh ann freisin an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist agus ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is é Comhairle NASCO, a fhaigheann tacaíocht óna Coimisiúin, an comhlacht a bunaíodh le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún NASCO.
Na gníomhartha a iarrtar ar Chomhairle NASCO a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Féadfaidh na gníomhartha atá beartaithe a bheith ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal IX de Choinbhinsiún NASCO agus beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíochta an Aontais, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
·Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;
·Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú; agus
·Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha.
Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach Choinbhinsiún NASCO a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh sin nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is leis an iascach a bhaineann an príomhchuspóir agus ábhar na ngníomhartha atá beartaithe. Is é Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 an bunús dlí lena leagtar amach na prionsabail atá le léiriú leis an seasamh seo.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 43(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe. Tiocfaidh an Cinneadh in ionad Chinneadh (AE) 2019/864 ón gComhairle, cinneadh a chumhdaíonn an tréimhse 2019-2023.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 43(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gCinneadh atá beartaithe.
2023/0268 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht um Chaomhnú Bradán san Atlantach Thuaidh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/864
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh (CE) Uimh. 886/82 ón gComhairle, rinne an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún um Chaomhnú Bradán san Aigéan Atlantach Thuaidh (‘Coinbhinsiún NASCO’) a thabhairt i gcrích, lenar bunaíodh an Eagraíocht um Chaomhnú Bradán san Atlantach Thuaidh (‘NASCO’).
(2)Glacann Comhairle NASCO bearta caomhnaithe agus bainistithe chun na hacmhainní iascaigh atá faoina raon feidhme a bhainistiú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.
(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, foráiltear go bhfuil an tAontas lena áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirfear le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas le cur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.
(4)I gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na n‑éiceachóras a aisiompú. Maidir leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol a bheadh iontu d’infhaighteacht na n‑earraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.
(5)Déantar tagairt sa Straitéis um Plaistigh do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.
(6)Faoin Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan, príomhthosaíochtaí faoi ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais is ea cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí. Is é an tAontas Eorpach an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Dá bhrí sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.
(7)Faoi láthair, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe NASCO le Cinneadh (AE) 2019/864 ón gComhairle. Is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua a bhunú don tréimhse 2024-2028.
(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Chomhairle NASCO a leagan síos, ós rud é go bhféadfaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NASCO a bheith ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is iad sin Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle; agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(9)I bhfianaise chineál athraitheach na n‑acmhainní iascaigh i Limistéar Choinbhinsiún NASCO agus an ghá ina dhiaidh sin le forbairtí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais, lena n‑áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh chruinnithe NASCO nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú le haghaidh na sonraíochta ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais don tréimhse 2024-2028. Ba cheart na seasaimh sin a bheith i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Chomhairle na hEagraíochta um Chaomhnú Bradán san Atlantach Thuaidh (NASCO).
Airteagal 2
I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar sonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasaimh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe Chomhairle NASCO.
Airteagal 3
Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú bliantúil Chomhairle NASCO in 2029 ar a dhéanaí.
Airteagal 4
Aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/864.
Airteagal 5
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán