EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0292

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023

COM/2023/292 final

An Bhruiséil,7.6.2023

COM(2023) 292 final

2023/0175(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra le dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir leis an dara tráthchuid de na ranníocaíochtaí airgeadais leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (‘CEF’) in 2023.

Is faoin tacar rialacha seo a leanas a bhainistítear an 11ú CEF agus cistí eile CEF atá fós oscailte (eadhon an 9ú agus an 10ú CEF):

(a)an Comhaontú Comhpháirtíochta atá ann faoi láthair idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (‘ACC’) de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (an ‘Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE’) arna leasú go deireanach 1 ;

(b)an Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis 2 (‘Comhaontú Inmheánach’ an 11ú CEF);

(c)Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 3 (‘Rialachán Airgeadais an 11ú CEF’).

(d)Cinneadh Uimh. 1/2022 4 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 21 Meitheamh 2022 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 5 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) den Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 30 Meitheamh 2023, nó go dtí go dtiocfaidh comhaontú nua i bhfeidhm, nó go dtí go ndéanfar an Comhaontú nua a chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Stáit ACC, cibé acu is túisce;

(e)Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 6 ;

(f)Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle 7 maidir le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Is éard atá sna doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chisteán CEF. Déantar foráil i Rialachán Airgeadais an 11ú CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta atá le déanamh ag na páirtithe le cisteán CEF in aghaidh gealltanais airgeadais réamhchinnte. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, agus cuirtear san áireamh sna Cinntí sin cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh cheana.

Dá bhrí sin, níl roinnt ceannteideal sa mheabhrán míniúcháin infheidhme maidir le glaonna ar ranníocaíochtaí tráthrialta amhail an ceann seo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán Airgeadais an 11ú CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo tráth nach déanaí ná 21 lá féilire tar éis don Choimisiún Eorpach, ag feidhmiú dó thar ceann an Aontais Eorpaigh, an togra seo a chur i láthair.    

2023/0175 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis 8 , agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle 9 an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 10 , agus go háirithe Airteagal 19(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus ar íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Coimisiún Eorpach le togra a chur i láthair faoin 15 Meitheamh 2023 lena sonrófar méid an dara tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2023.

(3)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear sna Cistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) a bhí ann roimh an gCiste is deireanaí. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877, le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.

(4)De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an “Ríocht Aontaithe”) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den chomhaontú um tharraingt siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin le hathúsáid.

(5)Le Cinneadh (AE) 2022/2242 ón gComhairle 11 , socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta atá le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2023 ag EUR 1 800 000 000 12 le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh agus ag EUR 300 000 000 le haghaidh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

(6)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socraítear leis seo ag EUR 750 000 000 méid bliantúil na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023. Déanfar é a roinnt ina EUR 650 000 000 don Choimisiún, agus EUR 100 000 000 do BEI.

Airteagal 2

Déanfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta a íoc leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.



Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 317, 15.12.2000, lch. 3
(2)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(3)    IO L 307, 3.12.2018, lgh. 1-21
(4)    IO L 176, 1.7.2022, lch. 88
(5)    IO L 1, 3.1.2020, lch. 3
(6)    IO L 437, 28.12.2020, lgh. 188-191
(7)    IO L 188, 15.7.2022, lch. 147
(8)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(9)    IO L 307, 3.12.2018, lch. 14
(10)    IO L 58, 3.3.2015, lgh. 17-38
(11)    CINNEADH (AE) 2022/2242 ÓN gCOMHAIRLE an 14 Samhain 2022 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2024, an méid bliantúil le haghaidh 2023, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2023 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2025 agus 2026
(12)    Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1), Airteagal 20(5): ‘I gcás ina gcuirtear ús diúltach i bhfeidhm maidir leis an gcuntas dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar a dhéanaí ar dháta íoctha gach tráthchoda dá dtagraítear in Airteagal 19, méid a chur chun sochair don chuntas, méid a chomhfhreagraíonn do mhéid an úis dhiúltaigh sin a cuireadh i bhfeidhm go dtí an chéad lá den mhí roimh íoc na tráthchoda.’
Top

An Bhruiséil,7.6.2023

COM(2023) 292 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023


IARSCRÍBHINN

An dara tráthchuid de Ranníocaíochtaí CEF le haghaidh 2023 (EUR)

NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE

Scála 11ú CEF %

2ú tráthchuid 2023 (EUR)

Iomlán

An Coimisiún

BEI

An 11ú CEF

An 11ú CEF

AN BHEILG

3,24927

21 120 255

3 249 270

24 369 525

AN BHULGÁIR

0,21853

1 420 445

218 530

1 638 975

AN tSEICIA

0,79745

5 183 425

797 450

5 980 875

AN DANMHAIRG

1,98045

12 872 925

1 980 450

14 853 375

AN GHEARMÁIN

20,57980

133 768 700

20 579 800

154 348 500

AN EASTÓIN

0,08635

561 275

86 350

647 625

ÉIRE

0,94006

6 110 390

940 060

7 050 450

AN GHRÉIG

1,50735

9 797 775

1 507 350

11 305 125

AN SPÁINN

7,93248

51 561 120

7 932 480

59 493 600

AN FHRAINC

17,81269

115 782 485

17 812 690

133 595 175

AN CHRÓIT

0,22518

1 463 670

225 180

1 688 850

AN IODÁIL

12,53009

81 445 585

12 530 090

93 975 675

AN CHIPIR

0,11162

725 530

111 620

837 150

AN LAITVIA

0,11612

754 780

116 120

870 900

AN LIOTUÁIN

0,18077

1 175 005

180 770

1 355 775

LUCSAMBURG

0,25509

1 658 085

255 090

1 913 175

AN UNGÁIR

0,61456

3 994 640

614 560

4 609 200

MÁLTA

0,03801

247 065

38 010

285 075

AN ÍSILTÍR

4,77678

31 049 070

4 776 780

35 825 850

AN OSTAIR

2,39757

15 584 205

2 397 570

17 981 775

AN PHOLAINN

2,00734

13 047 710

2 007 340

15 055 050

AN PHORTAINGÉIL

1,19679

7 779 135

1 196 790

8 975 925

AN RÓMÁIN

0,71815

4 667 975

718 150

5 386 125

AN tSLÓIVÉIN

0,22452

1 459 380

224 520

1 683 900

AN tSLÓVAIC

0,37616

2 445 040

376 160

2 821 200

AN FHIONLAINN

1,50909

9 809 085

1 509 090

11 318 175

AN tSUALAINN

2,93911

19 104 215

2 939 110

22 043 325

AN RÍOCHT AONTAITHE

14,67862

95 411 030*

14 678 620

110 089 650*

IOMLÁN – AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE

100,00

650 000 000

100 000 000

750 000 000

* Maidir le hAirteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, d’iarr an Ríocht Aontaithe go foirmiúil i mí an Mhárta 2023 go n-aisíocfadh an Coimisiún in 2023 sciar na Ríochta Aontaithe, atá gan íoc, de chúlchistí an 10ú agus an 11ú CEF trí shocrú glanáirimh in aghaidh ranníocaíocht gan íoc na Ríochta Aontaithe le haghaidh 2023 (an 2ú agus an 3ú tráthchuid, i.e. €154,12 milliún san iomlán). Cuirfear an socrú glanáirimh sin san áireamh sna treoracha íocaíochta faoi seach. 

Top