EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0262

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL a bhaineann le daoine inchánach a éascaíonn ciandíolacháin earraí allmhairithe agus cur i bhfeidhm na scéime speisialta le haghaidh ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha agus socruithe speisialta maidir le CBL ar allmhairí a dhearbhú agus a íoc

COM/2023/262 final

An Bhruiséil,17.5.2023

COM(2023) 262 final

2023/0158(CNS)

Athchóiriú custaim

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL a bhaineann le daoine inchánach a éascaíonn ciandíolacháin earraí allmhairithe agus cur i bhfeidhm na scéime speisialta le haghaidh ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha agus socruithe speisialta maidir le CBL ar allmhairí a dhearbhú agus a íoc


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é an tionscnamh seo, in éineacht leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais, Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 952/2013 (‘athbhreithniú CCA’), agus an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail faoiseamh ó dhleachtanna custaim agus Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim, cuid d’athchóiriú leathan cuimsitheach ar an Aontas Custaim.

Is foinse mhór ioncaim rialtais í an cháin bhreisluacha (CBL) i mBallstáit uile an Aontais 1 . In 2020, bhí a ranníocaíocht i leith iomlán na bhfáltas cánach idir 20 % agus 50 % ar fud na mBallstát, méid a bhí thart ar 26 % d’fháltais chánach bhliantúla iomlána an rialtais ghinearálta in AE27. Tá sí ina príomhfhoinse maoinithe freisin ag buiséad an Aontais toisc go n‑aistrítear 0.3 % den CBL a bhailítear ar an leibhéal náisiúnta chuig an Aontas mar acmhainní dílse, arb é atá ann 12 % de bhuiséad iomlán an Aontais.

Léiríonn an caillteanas ioncaim, ar a dtugtar an ‘bhearna CBL’, na saincheisteanna a cruthaíodh de bharr bailiú agus rialú fo‑optamach CBL. Meastar gur EUR 93 bhilliún san iomlán a bhí sa chaillteanas sin le haghaidh 2020, agus cuid shuntasach den chaillteanas sin ann i ngeall ar chalaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh. Áirítear leis an mbearna CBL freisin ioncaim arna gcailleadh i ngeall ar chalaois agus imghabháil CBL, seachaint CBL, féimheacht agus dócmhainneacht airgeadais, chomh maith le mí‑áirimh agus earráidí riaracháin. Ní hamháin go bhfuil an córas CBL tugtha do chalaois, ach tá sé éirithe níos casta do ghnólachtaí freisin agus é ag cur ualaí móra orthu.

Mar fhreagairt ar an bhfás pléascach ar ghníomhaíocht ríomhthráchtála agus ar chreat rialála ilroinnte chun CBL a bhailiú ar sholáthairtí ríomhthráchtála, an 1 Iúil 2021, tugadh isteach leis an bpacáiste ríomhthráchtála CBL roinnt athchóirithe CBL agus athchóirithe a bhaineann le custaim chun bailiú cánach ar idirbhearta ríomhthráchtála a nuachóiriú agus a shimpliú. Tá an-rath ar chur chun feidhme an phacáiste ríomhthráchtála mar a léiríodh i dtorthaí meastóireachta a rinneadh i ndáil leis na chéad 6 mhí den chur i bhfeidhm. Dhearbhaigh na Ballstáit an méid sin i gConclúidí ón gComhairle 2 mhí an Mhárta 2022 maidi le ECOFIN.

Ar thaobh na n‑allmhairí, ar cheann de phríomhchuspóirí an phacáiste ríomhthráchtála CBL bhí cothrom iomaíochta a thabhairt do sholáthróirí a bhí bunaithe san Aontas trí aghaidh a thabhairt ar rialacha saobhacha as ar eascair saincheisteanna iomaíochta sa mhargadh ríomhthráchtála. Cuireadh deireadh leis an díolúine CBL ar allmhairiú coinsíneachtaí lena ngabhann luach beag nach mó ná EUR 22. Mar thoradh air sin, tá CBL dlite anois ar gach earra tráchtála a allmhairítear isteach san Eoraip ó thríú tír nó ó thríú críoch, gan beann ar a luach.

Agus deireadh curtha leis an tairseach EUR 22, leis an bpacáiste ríomhthráchtála tugadh isteach roinnt simplithe chun an t‑ualach comhlíontachta a laghdú le haghaidh trádálaithe a dhéanann ciandíolacháin earraí a allmhairítear isteach san Aontas. Dá ainneoin sin, bhí raon feidhme na simplithe sin teoranta d’allmhairí nach mó ná EUR 150 an luach intreach atá orthu.

I measc na simplithe sin tá an scéim allmhairiúcháin (an tIonad Ilfhreastail Allmhairithe, IOSS), nach bhfuil ar fáil ach le haghaidh ciandíolacháin earraí allmhairithe nach mó ná EUR 150 an luach intreach atá orthu (ós rud é nár baineadh an tairseach díolúine ó dhleacht chustaim EUR 150 leis an bpacáiste ríomhthráchtála CBL). Trádálaithe a roghnaíonn IOSS a úsáid, ní gá dóibh clárú i gcomhair CBL i ngach Ballstát ina dtarlaíonn a gcuid soláthairtí incháilithe earraí do thomhaltóirí. Nuair a úsáidtear IOSS, bailítear an CBL atá dlite ar na soláthairtí sin roimh ré tráth an tsoláthair, rud a chiallaíonn nach gá CBL a bhailiú tráth an allmhairithe. Tá an córas difriúil, áfach, i gcás earraí ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu, toisc go bhfuil ciandíolacháin earraí allmhairithe dá leithéid faoi dhliteanas CBL allmhairiúcháin tráth an allmhairithe (ní bhailítear CBL roimh ré).

Leis an togra chun an creat custaim a athchóiriú 3 , cruthaítear réasúnaíocht shoiléir chun an tairseach EUR 150 a scriosadh, rud a chuireann teorainn faoi láthair le cur i bhfeidhm IOSS ar chiandíolacháin earraí allmhairithe nach mó ná EUR 150 an luach a ghabhann leo. Tugtar isteach leis an togra sin coincheap an ‘allmhaireora mheasta’, arb é atá ann aon duine a bhfuil baint aige le ciandíolacháin earraí atá le hallmhairiú ó thríú críocha nó ó thríú tíortha agus atá údaraithe IOSS a úsáid. Tabhóidh na daoine sin fiach custaim nuair a ghlacfar leis an íocaíocht don chiandíolachán agus beidh siad in ann ‘cóir taraife shimplithe le haghaidh ciandíolachán’ a chur i bhfeidhm agus an luach custaim iomchuí á chinneadh acu.

Faoin gcóir taraife shimplithe, is féidir leis an allmhaireoir measta ceann de na taraifí ‘buicéid’ a chur i bhfeidhm ar an luach custaim. Dá bhrí sin, beidh an fhaisnéis uile is gá ag an allmhaireoir measta, lena n‑áirítear na dleachtanna atá dlite mar gheall ar allmhairiú, chun an méid incháinithe ar a gcaithfear CBL a chur i bhfeidhm a ríomh i gceart. Dá bhrí sin, is tráthúil Treoir 2006/112/CE ón gComhairle a leasú tríd an tairseach EUR 150 a bhfuil feidhm aici maidir le IOSS a scriosadh.

Baint na tairsí EUR 150 IOSS, tá údar leis sin as a cheart féin toisc go gcuideoidh sé le tacú leis an gcuspóir maidir le clárú aonair CBL san Aontas trí chead a thabhairt do thrádálaithe cláraithe IOSS an CBL atá dlite ar a soláthairtí incháilithe uile d’earraí IOSS a dhearbhú agus a loghadh, gan beann ar a luach. Cé nach bhfuil baint na tairsí IOSS ag brath ar chur chun feidhme na n‑athchóirithe custaim, tacóidh sé, mar sin féin, leis an athchóiriú ar an gcreat custaim toisc go mbainfidh sé an leas is mó is féidir as na tairbhí lena gcruthófar na simplithe atá dírithe ar chustaim chun CBL ar chiandíolacháin earraí allmhairithe a ríomh. Mar an t‑allmhaireoir measta, beidh an fhaisnéis uile is gá ag trádálaí cláraithe IOSS chun an méid ceart CBL is iníoctha ar a gciandíolacháin incháilithe uile d’earraí allmhairithe a ríomh. Dá bhrí sin, cuideoidh an beart seo freisin le cosc a chur ar thearcluacháil i ndáil le ciandíolacháin earraí allmhairithe toisc go mbaileofar an méid ceart CBL tráth an tsoláthair, is é sin nuair a ghlacfar leis an íocaíocht as an idirbheart ríomhthráchtála.

Thairis sin, is é is aidhm don togra seo an t‑ualach comhlíontachta atá ar thrádálaithe a dhéanann ciandíolacháin earraí allmhairithe, an t‑ualach sin a laghdú tuilleadh tríd an simpliú ar a dtugtar na ‘socruithe speisialta’ a leathnú freisin.

Nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe, ceadaítear leis na socruithe speisialta d’oibreoirí poist, meariompróirí, gníomhairí custaim agus oibreoirí eile a chomhlíonann na dearbhuithe allmhairiúcháin custaim thar ceann an chustaiméara an CBL a bhailítear ar na hallmhairí sin, ceadaítear dóibh a dhearbhú agus a loghadh ar bhonn míosúil. Is simpliú roghnach iad na socruithe speisialta agus tá feidhm acu, faoi réir coinníollacha, maidir le hallmhairiú earraí nach mó ná EUR 150 an luach intreach atá orthu, gan earraí máil a áireamh. Faoin togra seo, cuirfear deireadh leis an tairseach EUR 150, a bhfuil feidhm aici faoi láthair maidir leis na socruithe speisialta. Leis an tionscnamh sin, laghdófar a thuilleadh an t‑ualach comhlíontachta agus na costais a bhaineann le hallmhairiú earraí ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu.

Sa bhreis ar shimpliú IOSS agus ar na socruithe speisialta, rinneadh foráil sa phacáiste ríomhthráchtála freisin do dhliteanas measta ar mhargaí agus ar ardán, áit a n‑éascaíonn siad ciandíolacháin earraí a allmhairítear isteach san Aontas nach mó ná EUR 150 an luach intreach atá orthu. Is athchóiriú tábhachtach é an córas ‘soláthróir measta’ atá ceaptha chun an riosca nach n‑íocfaí CBL a mhaolú. I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcóras seo, ní gá do dhíoltóirí aonair ar mhargaí clárú le haghaidh CBL i ndáil le soláthairtí a chumhdaítear le riail an tsoláthróra mheasta. Leis an mbeart áirithe seo, baintear an t‑ualach comhlíontachta de dhíoltóirí a oibríonn trí mhargaí. Neartaíonn sé an comhlíonadh chomh maith, toisc go ndéanann sé oibleagáidí CBL na mílte díoltóirí bunúsacha a chuíchóiriú trína mheas gurb é atá sa mhargadh an duine atá faoi dhliteanas an CBL atá dlite ar na soláthairtí sin a dhearbhú agus a íoc. Leis an tionscnamh seo, moladh an tairseach EUR 150 a bhaint chun raon feidhme an chórais maidir le soláthróir measta a leathnú a thuilleadh chun ciandíolacháin uile earraí allmhairithe isteach san Aontas a chumhdach, gan beann ar a luach. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an togra seo freisin an t‑ualach comhlíontachta a laghdú do dhaoine inchánach a dhéanann ciandíolacháin earraí allmhairithe isteach san Aontas trí mhargaí, rud atá i gcomhréir le príomhchuspóirí an togra CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA).

Agus é ag tógáil ar thráth na nathchóirithe ríomhthráchtála CBL, ghlac an Coimisiún an togra CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA) i mí na Nollag 2022, mar a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta 2020 le haghaidh cánachas cothrom simplí lena dtacaítear leis an téarnamh 4 .

Leis an togra seo, féachtar le creat CBL an Aontais a oiriúnú tuilleadh trí raon na soláthairtí a chumhdaítear le IOSS, Socruithe Speisialta agus an córas maidir le soláthróir measta a leathnú. Faoin togra seo, d’fhéadfaí IOSS a úsáid chun an CBL atá dlite ar chiandíolacháin uile earraí allmhairithe isteach san Aontas a dhearbhú agus a loghadh, gan beann ar a luach, ach gan táirgí atá faoi réir dleachtanna máil a áireamh, ar táirgí iad atá eisiata fós ón scéim. Ar an gcaoi chéanna, leathnófar na socruithe speisialta agus an córas maidir le soláthróir measta trí dheireadh a chur leis an tairseach EUR 150, rud a chuireann teorainn lena n‑ainmniúchán agus lena n‑éifeachtacht faoi láthair. Neartóidh an tionscnamh seo an coincheap maidir le clárú aonair CBL san Aontas. Dá bhrí sin, tá an togra seo comhleanúnach le togra ViDA agus leis an gcuspóir atá aige an t‑ualach comhlíontachta do dhaoine inchánach a laghdú, toisc go gcuirfear deireadh leis na hoibleagáidí clárúcháin iolracha a d’fhéadfadh a bheith ar dhaoine a dhéanann ciandíolacháin earraí allmhairithe ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu murach sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach le togra ViDA 5 , togra a ghlac an Coimisiún an 8 Nollaig 2022 agus atá á phlé faoi láthair sa Chomhairle. Is é is aidhm do thogra ViDA córas CBL an Aontais a nuachóiriú agus a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Go deimhin, is pacáiste fairsing ilghnéitheach athchóirithe é togra ViDA a bhfuil trí phríomhaidhm phríomha aige, agus is é ceann de na príomhaidhmeanna sin feabhas a chur ar an gcoincheap maidir le clárú aonair CBL (SVR) san Aontas.

Ceann de phríomhchuspóirí thogra ViDA is ea teorainn a chur leis an ngá atá le hilchlárúcháin CBL san Aontas. Féachann togra ViDA leis an aidhm sin a bhaint amach trí raon feidhme na nuirlisí simpliúcháin a úsáidtear chun an CBL atá dlite ar chiandíolacháin earraí a dhearbhú agus a loghadh 6 . Le hathchóirithe ViDA, cuirfear chun cinn an choincheap maidir le Clárú Aonair CBL (SVR) san Aontas trí raon na soláthairtí a chumhdaítear le simpliú Ionad Ilfhreastail an Aontais (OSS an Aontais), atá mar chuid de shimplithe na sraithe d’Ionad Ilfhreastail (OSS), a leathnú. Is é is aidhm don togra seo na cásanna ina gcaithfidh duine inchánach a dhéanann ciandíolacháin earraí allmhairithe clárú le haghaidh CBL i níos mó ná Ballstát amháin a laghdú tuilleadh trí riail an tsoláthróra mheasta a leathnú agus trí IOSS agus na socruithe speisialta a leathnú chun earraí allmhairithe ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu a chumhdach. Dá bhrí sin, cabhraíonn an tionscnamh seo agus togra ViDA araon le tacú leis an aidhm clárú aonair CBL a bhaint amach san Aontas.

D’fhorchuir togra ViDA úsáid éigeantach IOSS le haghaidh ardán chomh maith. Faoi thogra ViDA, beidh IOSS éigeantach i gcás margaí a ghníomhaíonn mar sholáthróir measta le haghaidh ciandíolacháin áirithe earraí allmhairithe. Faoin togra seo, margaí lena n‑éascaítear ciandíolacháin earraí allmhairithe ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu, is iad na margaí sin an soláthraí measta anois i ndáil leis na soláthairtí sin agus, mar thoradh air sin, beidh sé d’oibleagáid orthu an CBL atá dlite ar na soláthairtí sin a dhearbhú agus a loghadh trí IOSS. Leis an athchóiriú sin, cosnaítear córas CBL an Aontais a thuilleadh agus neartaítear an comhrac i gcoinne calaois CBL ós rud é go mbeidh an iarracht chomhlíontachta dírithe anois ar líon margaí atá níos lú fós (daoine inchánach) atá an-eolach i réimse na comhlíontachta CBL agus a bheidh, ó thaobh cúrsaí custaim de, ina n‑allmhaireoirí measta freisin do gach soláthar earraí allmhairithe a éascaíonn siad trína n‑ardán. Ina dhiaidh sin, laghdóidh an beart seo an baol go ndéanfar tearcluacháil i ndáil le ciandíolacháin earraí allmhairithe. In cháil mar an t‑allmhaireoir measta, beidh na comhábhair uile ar fáil don mhargadh, ar comhábhair iad a bhfuil gá leo chun an méid ceart CBL is iníoctha ar sholáthairtí den sórt sin a ríomh. Ní bheidh an tearcluacháil indéanta a thuilleadh toisc go ngearrfaidh an margadh CBL roimh ré ar phraghas díola liostaithe na n‑earraí. Agus an tsuim incháinithe ar a ngearrtar CBL á chinneadh, áireoidh an margadh IOSS-chláraithe, margadh atá ag feidhmiú mar sholáthróir measta agus mar allmhaireoir measta araon, gach fachtóir amhail na cánacha, na dleachtanna agus na tobhaigh atá dlite mar gheall ar allmhairiú, mar aon le costais theagmhasacha eile, costais iompair agus árachais den sórt sin, a bhfuil gá leo chun an tsuim inchánach a ríomh i gceart chun críocha CBL. Dá bhrí sin, déanfar an méid ceart CBL a mhuirearú agus a loghadh chuig na húdaráis chánach ábhartha. Ós rud é go mbailítear CBL roimh ré nuair a dhíoltar earraí IOSS, laghdófar an próiseas allmhairiúcháin freisin toisc go bhfuil allmhairiú earraí IOSS ina dhiaidh sin díolmhaithe ó CBL ar allmhairí.

Tacaíonn an tionscnamh le straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais 7 ina dtagraítear do bhailiú cánach níos fearr, laghdú ar chalaois, seachaint agus imghabháil cánach agus don laghdú ar chostais chomhlíontachta do ghnó, do dhaoine aonair, agus do riaracháin chánach. Cuid de chlár oibre inbhuanaitheachta iomaíoch an Aontais freisin is ea córais chánach a fheabhsú ionas go mbeidh gníomhaíocht eacnamaíoch níos inbhuanaithe agus níos cothroime.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an tionscnamh sin i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Custaim 8 . Tá bainistíocht ríomhthráchtála ar cheann de na ceithre phríomhréimse gníomhaíochta sa Phlean Gníomhaíochta Custaim. Is faoi chuimsiú an athchóirithe custaim a dhéantar an togra seo maidir le síneadh a chur leis an scéim IOSS tríd an tairseach EUR 150 a bhaint.

I dtuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa 9 éilíonn saoránaigh ‘Comhchuibhiú agus comhordú beartas cánach laistigh de Bhallstáit an Aontais chun imghabháil agus seachaint cánach a chosc’, agus ‘An comhar a chur chun cinn idir Ballstáit an Aontais chun a áirithiú go n‑íocann gach cuideachta san Aontas sciar chothrom den cháin’. Tá an togra seo comhsheasmhach leis na spriocanna sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leasaítear an Treoir CBL leis an Treoir sin ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Foráiltear leis an Airteagal sin gur féidir leis an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, forálacha a ghlacadh chun rialacha na mBallstát i réimse an chánachais indírigh a chomhchuibhiú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá an tionscnamh sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Ag glacadh leis an ngá atá ann an Treoir CBL a mhodhnú, ní féidir leis na Ballstáit amháin cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, is gá don Choimisiún, atá freagrach as feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a áirithiú agus as leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn, gníomhaíochtaí a mholadh chun feabhas a chur ar an gcás.

Ina theannta sin, is é is aidhm don togra seo feabhas a chur ar fheidhmiú IOSS, ar uirlis simpliúcháin í chun CBL a dhearbhú agus a íoc, ar uirlis í atá i gcoiteann ag na Ballstáit uile. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí náisiúnta neamhchomhordaithe agus ilroinnte an trádáil a shaobhadh. Sa chomhairliúchán spriocdhírithe 10 , luaigh gnólachtaí a dtosaíocht féin rialacha CBL a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, seachas iallach a bheith orthu oibleagáidí difriúla tuairiscithe nó clárúcháin a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta. Ó thaobh CBL a bhailiú agus a rialú, léirítear go soiléir le méid na bearna CBL agus lena marthanacht an chaoi nach leor ionstraimí náisiúnta chun calaois CBL a chomhrac.

Comhréireacht

Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a chomhlíonadh, go háirithe feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair.

Áirithítear comhréireacht toisc go gcuireann an tionscnamh seo prionsabal níos éifeachtaí agus níos láidre chun cinn maidir le clárú aonair CBL, rud nach gcuireann isteach ar phróisis chlárúcháin náisiúnta CBL. Ina ionad sin, dírítear ann ar an scéim IOSS a leathnú agus ar an gcóras soláthraithe measta chun teorainn bhreise a chur leis na cásanna ina gceanglaítear ar thrádálaí atá i mbun ciandíolacháin earraí allmhairithe trí mhargadh, nó ina gcáil féin, ina gceanglaítear air clárú le haghaidh CBL i mBallstáit eile nach bhfuil siad bunaithe iontu agus soláthairtí earraí allmhairithe den sórt sin a dhéanamh.

Tá creat ar fud an Aontais chun clárú CBL a láimhseáil comhréireach toisc go bhfágfaidh sé go mbeidh feidhmiú an mhargaidh aonair níos inbhuanaithe. Ní fhéadfar deireadh a chur leis an ngá le clárúcháin iomadúla laistigh den Aontas, de bharr a chineáil, ach amháin le togra chun an Treoir CBL a leasú.

An rogha ionstraime

Ceanglaítear leis an togra leasú a dhéanamh ar Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras coiteann cánach breisluacha (an ‘Treoir CBL’).

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tháinig an pacáiste ríomhthráchtála CBL i bhfeidhm an 1 Iúil 2021 agus tugadh roinnt leasuithe isteach leis ar na rialacha CBL lena rialaítear an cháin a ghearrtar ar ghníomhaíocht ríomhthráchtála thrasteorann gnó le tomhaltóir (B2C) san Aontas.

Rinne an Coimisiún meastóireacht ex‑post ar na chéad 6 mhí de chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL. Tá na torthaí tosaigh an‑dearfach agus is léir leo go bhfuil ag éirí go maith leis na bearta nua. Ó thaobh na n‑allmhairí de, léirítear sna chéad torthaí gur bailíodh thart ar EUR 2 bhilliún de CBL sna chéad 6 mhí go sonrach i ndáil le hallmhairí de choinsíneachtaí ar luach íseal nach mó ná EUR 150 an luach intreach a bhí orthu, arb é a bhí ann thart ar EUR 4 bhilliún ar bhonn bliantúil. As an CBL EUR 2 bhilliún a bailíodh i ndáil le hallmhairí d’earraí ar luach íseal sna chéad 6 mhí, bailíodh beagnach EUR 1,1 billiún trí IOSS. Léiríonn na figiúirí sin an chaoi ar bhunaigh IOSS é féin mar an phríomhuirlis simpliúcháin chun CBL a dhearbhú agus a íoc ar chiandíolacháin earraí allmhairithe.

Cuidíodh freisin le calaois CBL a chomhrac nuair a cuireadh an pacáiste chun feidhme. Léirítear in anailís ar shonraí custaim gur tháinig thart ar 91 % de na hidirbhearta uile a dearbhaíodh le haghaidh allmhairithe isteach san Aontas trí IOSS ó na 8 dtrádálaí is mó a bhí cláraithe le IOSS. Is staitisticí an-spreagúil iad seo mar go léirítear leo an tionchar a bhí ag an bhforáil ‘measa’ nua le haghaidh margaí i dtaca le comhlíonadh, sa mhéid gur leordhóthanach an obair leantach agus an t‑iniúchadh a rinneadh ar an líon an-teoranta sin daoine inchánach chun a áirithiú go mbaileofar CBL ar an gcineál sin idirbhirt.

Cuireann an togra seo leis an rath a bhí ar an bpacáiste ríomhthráchtála CBL agus le huaillmhian thogra ViDA, ós rud é go bhfuil sé beartaithe córas an tsoláthróra mheasta a leathnú tuilleadh chun ciandíolacháin uile earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha a chumhdach, gan beann ar a luach. Mar thoradh air sin, beidh an iarracht chomhlíonta dírithe níos mó fós ar líon i bhfad níos lú gníomhaithe móra sa mhargadh, arb é atá iontu formhór na gciandíolachán earraí allmhairithe isteach san Aontas.

Tacaíonn an tionscnamh seo freisin leis an bprionsabal maidir le clárú aonair CBL san Aontas toisc go gcuirfidh sé teorainn bhreise leis na cásanna ina mbeidh ar dhuine inchánach clárú le haghaidh CBL. Le síneadh an tsimplithe IOSS chun ciandíolacháin uile earraí allmhairithe a chumhdach, gan beann ar a luach, mar aon leis an síneadh a cuireadh leis na socruithe speisialta chun allmhairí áirithe earraí i gcoinsíneachtaí ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu a chumhdach, laghdófar a thuilleadh an gá atá ann do dhaoine inchánach clárú le haghaidh CBL i níos mó ná Ballstát amháin. Chomh maith leis sin, mar thoradh ar an síneadh breise ar an gcóras maidir le soláthróir measta, daoine inchánach a dhéanann ciandíolacháin earraí allmhairithe isteach san Aontas trí mhargaí, ní bheidh orthu clárú le haghaidh CBL a thuilleadh i ndáil leis na soláthairtí sin i gcás inar mó ná EUR 150 luach intreach na coinsíneachta. Ina ionad sin, déanfaidh an margadh, ag gníomhú dó mar sholáthraí measta, an CBL atá dlite ar na soláthairtí sin a dhearbhú agus a loghadh tríd an scéim leathnaithe IOSS, rud a bheidh éigeantach anois do mhargaí faoi thogra ViDA.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí oscailte an 22 Eanáir 2022, a fágadh ar oscailt go dtí an 5 Bealtaine 2022. Seoladh an comhairliúchán poiblí seo in éineacht le Glao ar Fhianaise. Rinneadh an Comhairliúchán Poiblí a struchtúrú trí úsáid a bhaint as ceistneoir tiomnaithe ina raibh 71 cheist. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, iarradh ar an bpobal i gcoitinne agus ar na príomhpháirtithe leasmhara uile, lena n‑áirítear gnólachtaí, a dtuairimí a chur isteach maidir leis na trí phríomhréimse ar tugadh aghaidh orthu le tionscnamh ViDA, mar atá, (i) Ceanglais maidir le Tuairisciú Digiteach agus ríomhshonrascadh; (ii) cóireáil CBL an gheilleagair ardáin; agus (iii) clárú CBL aonair a úsáid. Fuarthas 193 fhreagra san iomlán ó 22 Bhallstát agus ó 5 thír nach tíortha den Aontas iad. Ceadaíodh do na freagróirí freisin páipéir sheasaimh a uaslódáil.

Chuir roinnt freagróirí sa chomhairliúchán poiblí in iúl gur cheart raon feidhme IOSS a leathnú freisin trí dheireadh a chur leis an tairseach EUR 150 chun cabhrú le simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas chun CBL ar chiandíolacháin earraí allmhairithe os cionn an méid sin a dhearbhú agus a loghadh. Dá réir sin, má bhaintear an tairseach EUR 150, laghdófar an gá atá le clárú i mBallstáit éagsúla, rud a chuideoidh go mór le gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) déileáil ar bhealach níos éasca lena n‑oibleagáidí CBL agus a ngnó a leathnú agus a fhás ar fud an Aontais.

Mheas breis agus 80 % de fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte go gcuireann comhlíonadh deacair na gceanglas clárúcháin CBL le leibhéil arda calaoise agus neamhchomhlíonta, agus nach dtugann cáiníocóirí faoi mhargaí nó idirbhearta áirithe toisc gurbh fhearr leo clárú CBL a sheachaint san iliomad Ballstát.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuir an Coimisiún leis an anailís a rinne conraitheoir seachtrach don staidéar ‘CBL sa Ré Dhigiteach’ 11 .

Bhí sé d’aidhm ag an staidéar meastóireacht a dhéanamh ar dtús ar an staid reatha i dtaca leis na ceanglais maidir le tuairisciú digiteach, cóir CBL an gheilleagair ardáin, agus clárú aonair CBL agus IOSS. Ar an dara dul síos, measúnú a dhéanamh ar thionchair roinnt tionscnamh beartas féideartha sna réimsí sin. Rinneadh scrúdú sonrach sa staidéar sin ar an rogha deireadh a chur leis an tairseach EUR 150 a bhfuil feidhm aici maidir le IOSS. Tugadh faoi deara sa staidéar gur idirbhearta atá forleathan sa ríomhthráchtáil iad ciandíolacháin earraí allmhairithe ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu agus ciandíolacháin earraí atá faoi réir dleachtanna máil. Ciandíolacháin earraí ar luach is mó ná EUR 150 iad ó thríú tíortha/críocha earraí agus earraí atá faoi réir dleachtanna máil a allmhairítear ó thríú tíortha/críocha, is leis na ciandíolacháin sin a bhaineann thart ar 10-20 % de luach iomlán na gciandíolacháin ríomhthráchtála isteach san Aontas, mar a mholtar sa chomhairliúchán spriocdhírithe.

Thairis sin, bhain an Coimisiún úsáid as an anailís a rinne conraitheoir seachtrach eile faoi chuimsiú an staidéir ar ‘Athchóiriú comhtháite agus nuálach ar rialacha an Aontais lena rialaítear idirbhearta ríomhthráchtála ó thríú tíortha ó thaobh custaim agus cánachais de’ 12 . Leanann an staidéar gníomhaíocht 9 den Phlean Gníomhaíochta Custaim inar fhéach an Coimisiún le scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí na ríomhthráchtála ar bhailiú dleachtanna custaim agus ar chothrom iomaíochta d’oibreoirí an Aontais, lena náirítear socruithe a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bailiú dleachtanna custaim atá ag teacht leis an gcur chuige nua bailithe CBL faoi IOSS. Rinneadh measúnú sa staidéar ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann dá nathrófaí an tairseach faoisimh dleachta EUR 150 agus thángthas ar an gconclúid go mbeadh an méadú ioncaim is mó ann dá mbainfí an tairseach sin, agus go mbeadh cothrom iomaíochta ann a mhéid is féidir idir díoltóirí eachtracha agus an margadh intíre. Chuirfeadh sé deireadh freisin le calaois nó imghabháil íocaíochta dleachta custaim mar thoradh ar dheighilt na gcoinsíneachtaí agus laghdófaí an dreasacht chun tearcluacháil a dhéanamh.

Measúnú tionchair

Arna scrúdú ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 22 Meitheamh 2022, fuair an measúnú tionchair le haghaidh thogra ViDA tuairim dhearfach. Mhol an Bord go gcuirfí tuilleadh sonraí leis, chun tuairisc níos fearr a thabhairt ar na modheolaíochtaí a úsáideadh i gcomhair samhaltú agus chun soiléiriú breise a thabhairt ar na roghanna. Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir sin chun peirspictíochtaí na mBallstát agus na hearnála a áireamh maidir leis an ngeilleagar ardáin, rinneadh tuairisciú cuimsitheach ar an anailís/teicnící eacnaiméadracha a úsáideadh i gcomhair samhaltú agus mionsonraíodh struchtúr na CTDanna atá nasctha leis na roghanna.

Rinneadh anailís ar roinnt roghanna beartais sa mheasúnú tionchair a ghabhann le togra ViDA. Maidir le clárú CBL, scrúdaíodh trí rogha beartais ar leith sa mheasúnú tionchair, lena n‑áirítear foroghanna, go sonrach maidir le húsáid agus raon feidhme IOSS. Bhí na trí rogha beartais a bhaineann le IOSS dírithe ar an ‘status quo’ a choinneáil, rud a fhágann go bhfuil IOSS éigeantach do sholáthraithe éagsúla (agus teorainn áirithe ann nó gan a bheith ann) agus deireadh a chur leis an tairseach EUR 150 chun IOSS a úsáid. Rinneadh na trí rogha sin a bhaineann le IOSS a ghrúpáil i gcur chuige beartais níos leithne, mar aon le roghanna beartais eile atá dírithe ar Cheanglais tuairiscithe dhigitigh (DRR), ar an ngeilleagar ardáin agus ar thionscnaimh eile chun clárúcháin CBL a íoslaghdú faoi scáthchuspóir clárú aonair CBL san Aontas. San iomlán, bhí cúig chur chuige beartais níos leithne san áireamh sa mheasúnú tionchair, lena n‑áirítear athruithe ar IOSS, eadhon, an ‘cur chuige feabhsaithe’ agus an ‘cur chuige uasta’. Áiríodh leis an gcur chuige feabhsaithe an rogha IOSS a dhéanamh éigeantach, agus áiríodh leis an gcur chuige uasta an rogha IOSS a dhéanamh éigeantach, mar aon leis an rogha deireadh a chur leis an tairseach EUR 150 le haghaidh úsáid IOSS.

Leagadh béim sa mheasúnú tionchair ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an gcreat CBL maidir le CBL ar chiandíolacháin earraí allmhairithe a riar agus a bhailiú. Go deimhin, in 2020, ar fud AE-27, measadh gurbh é EUR 29 mbilliún an costas a bhí ar chiandíolacháin earraí allmhairithe. Ina theannta sin, thug páirtithe leasmhara le fios gur sháraigh sciar suntasach de chiandíolachán earraí allmhairithe — thart ar 10-20 % go táscach — EUR 150 agus, dá bhrí sin, tá siad neamh-incháilithe faoi láthair don IOSS. Leis an rogha an tairseach EUR 150 a bhaint, d’fhéadfaí IOSS a úsáid le haghaidh earraí ar luach níos airde, rud a d’fhéadfadh a bheith níos úsáidí do dhíoltóirí cianearraí allmhairithe a bhfuil ar a laghad cuid dá gciandíolachán earraí allmhairithe á luacháil ag luach níos airde ná an tairseach atá ann faoi láthair. Aithnítear sa mheasúnú tionchair go mbeadh laghdú ar an ualach riaracháin agus ar na costais atá nasctha le clárú CBL do ghnólachtaí de bharr bhaint na tairsí EUR 150, toisc nach mbeadh ar roinnt gnólachtaí clárú a thuilleadh sa Bhallstát cinn scríbe, rud a laghdódh a n‑ualaí.

Measadh go raibh cumhdach leathan ag na cineálacha cur chuige uasta agus feabhsaithe araon agus, dá bhrí, is acu sin a bheadh na buntáistí is mó. Mar shampla, sa réimse cláraithe CBL ina ndírítear níos mó ar cheist na gcostas ard riaracháin agus comhlíontachta, tá difríocht mhór idir na foroghanna maidir le OSS agus IOSS go príomha i dtéarmaí raon feidhme na gcásanna a spreagann ilchláruithe CBL faoi láthair a dtabharfaí aghaidh orthu.

I ndeireadh na dála, léiríodh san anailís a rinneadh sa mheasúnú tionchair go mbainfí amach an chothromaíocht is fearr maidir leis na roghanna beartais ó thaobh éifeachtachta, comhréireachta agus coimhdeachta de tríd an ‘gcur chuige feabhsaithe’ a chur chun feidhme. Leis an gcur chuige feabhsaithe sin, measctar thabhairt isteach na CTDanna a chónascadh ar leibhéal an Aontais, foráil maidir le ‘soláthróir measta’ do na hearnálacha cóiríochta cíosa gearrthéarmaí agus iompair paisinéirí agus teaglaim de shíneadh níos leithne ar IOSS, aistriú táillí agus IOSS éigeantach d’ardáin.

Leis an ‘gcur chuige uasta’ moladh deireadh a chur leis an tairseach EUR 150, áfach, mar gheall ar na naisc láidre atá aige le ríomh na dleachta custaim, níor measadh gurb é an rogha is éifeachtaí i gcomhthéacs thogra ViDA é. Aithnítear sa mheasúnú tionchair gur feabhas atá i leathnú IOSS maidir le ciandíolacháin earraí allmhairithe os cionn EUR 150 a chur san áireamh, agus go dtacaíonn gnólachtaí leis. Dá bhrí sin, tugtar aghaidh ar bhaint na tairsí EUR 150 sa togra seo in éineacht leis an athbhreithniú cuimsitheach ar na rialacha custaim faoi seach.

Idir 2023 agus 2032 táthar ag súil go mbainfear amach EUR 8.7 billiún i gcoigilteas ó na hoibleagáidí maidir le clárú CBL a bhaint. Tá coinne freisin le tairbhí comhshaoil, sóisialta agus uathoibrithe gnó, chomh maith le tairbhí a bhaineann le feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh (cothrom iomaíochta níos fearr) agus le héifeachtúlacht rialaithe cánach.

Tá an measúnú tionchair agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, an achoimre feidhmiúcháin agus tuairim an Bhoird ar an measúnú tionchair ar fáil ar leathanach an chomhairliúcháin ar an tairseach ‘Cloisimis uait!’: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13186-VAT-in-the-digital-age_en .

Sainaithníodh freisin sa tuarascáil ar an measúnú tionchair maidir le hathchóiriú an Aontais Custaim gur saincheist í an tearcluacháil. Nuair a dhéantar tearcluacháil orthu, dearbhaítear earraí faoi bhun a luacha custaim ceart agus, dá bhrí sin, is ísle an bonn ar a gcuirtear dleachtanna custaim agus CBL i bhfeidhm. Meastar go bhfuil tearcluacháil níos ábhartha i gcatagóirí na nearraí ina bhfuil feidhm ag dleachtanna. Mar sin féin, measadh i staidéar a rinne ‘Copenhagen Economics’ in 2016 go ndéantar tearcluacháil ar thart ar 65 % de na coinsíneachtaí ríomhthráchtála chun críocha CBL, gan beann ar an díolúine ó dhleacht 13 . Bhí cásanna ann freisin inar tharla tearcluacháil chórasach ar chatagóirí áirithe earraí, rud a d’fhág caillteanais thábhachtacha ioncaim i ndleachtanna custaim 14

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an togra seo, cuirtear le togra ViDA, ar tionscnamh REFIT é chun na rialacha atá ann faoi láthair maidir le CBL a nuachóiriú agus chun na deiseanna a chuirtear ar fáil le teicneolaíochtaí digiteacha a chur san áireamh 15 . Tá coinne leis go bhfeabhsóidh an togra an margadh aonair agus go gcabhróidh sé le bailiú cánach ar chiandíolacháin earraí allmhairithe a fheabhsú. Dá bhrí sin, áiritheofar leis an togra seo ioncam inbhuanaithe le linn an téarnaimh ó phaindéim COVID-19.

Tá coinne leis go bhfeicfidh cuideachtaí atá i mbun ciandiolacháin earraí allmhairithe glansochar de bharr thabhairt isteach an togra. Ar an iomlán, cuirfidh an togra seo tuilleadh feabhais ar an gcoincheap maidir le clárú aonair CBL (SVR), lena dtacófar leis an bprionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ nó fiú dul níos faide ná ‘ceann amháin isteach, cúpla ceann amach’, agus na hoibleagáidí clárúcháin iolracha a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le ciandíolacháin earraí allmhairithe ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu á gcur san áireamh.

Cuireann an togra seo leis an bprionsabal maidir le clárú aonair CBL san Aontas agus táthar ag súil go laghdóidh sé a thuilleadh an gá atá le hilchlárúcháin i mBallstáit eile. Dá bhrí sin, cuideoidh sé leis an ualach riaracháin agus na costais ghaolmhara a laghdú do ghnólachtaí a bhfuil baint acu le ciandíolacháin earraí allmhairithe ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu.

Leis an Ardán Réidh don Todhchaí cuimsíodh an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach ina chlár oibre bliantúil do 2022, agus aithníodh an acmhainn atá ann an t‑ualach riaracháin sa réimse beartais a laghdú 16 . Cuireann an togra seo freisin le príomhchuspóirí ViDA trí laghdú breise a dhéanamh ar na hualaí neamhdhleathacha agus ar na costais a bhaineann le comhlíonadh CBL.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá coinne leis go méadóidh an togra seo ioncam CBL do na Ballstáit mar go bhfeabhsóidh sé bailiú CBL tríd an iarracht chomhlíontachta a dhíriú ar líon níos lú daoine inchánach a bhíonn comhlíontach den chuid is mó. Cuideoidh leathnú na scéime IOSS chun ciandíolacháin uile earraí allmhairithe a chumhdach, cé is moite de tháirgí atá faoi réir dleacht mháil, chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin agus na costais a bhaineann le clárúcháin CBL a eisiúint agus a rialú. Le leathnú riail an tsoláthróra mheasta, IOSS agus socruithe speisialta, ba cheart laghdú comhfhreagrach a theacht ar líon na n‑iarrataí ar chlárú arna ndéanamh ag daoine inchánach neamhbhunaithe. Dá bhrí sin, i gcás na mBallstát, laghdóidh an togra seo na costais riaracháin a bhaineann le trádálaithe a chlárú, ar trádálaithe iad a dhéanann ciandíolacháin earraí a allmhairítear isteach san Aontas agus ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu, toisc go mbeidh trádálaithe den sórt sin in ann CBL atá dlite i leith na soláthairtí sin a dhearbhú agus a loghadh anois tríd an scéim IOSS, rud lena gcuirtear ar neamhní an gá atá ann clárú le haghaidh CBL i ndáil leis na soláthairtí sin i roinnt Ballstát.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

An Coiste um CBL, ar coiste comhairleach é ar shaincheisteanna a bhaineann le CBL a bhfuil ionadaithe ar na Ballstáit uile rannpháirteach ann agus a bhfuil oifigigh an Choimisiúin ó Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim (AS an Chánachais agus an Aontais Chustaim) ina gcathaoirleach air, déanfaidh sé saincheisteanna léirmhínithe a d’fhéadfadh a bheith ann idir na Ballstáit maidir leis an reachtaíocht nua a phlé agus a shoiléiriú.

Déileálfaidh an Buanchoiste um Chomhar Riaracháin (BCR) le saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhar riaracháin idir na Ballstáit a leanann as na forálacha nua a chumhdaítear leis an togra seo.

Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar cé acu atá nó nach bhfuil an tionscnamh seo ag feidhmiú mar is ceart ó thaobh a chuspóirí a bhaint amach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá trí phríomhghné sa togra seo. Ar an gcéad dul síos, tá sé beartaithe síneadh a chur le cur i bhfeidhm riail an tsoláthróra mheasta, riail atá teoranta faoi láthair do chiandíolacháin earraí allmhairithe nach mó ná EUR 150 an luach a ghabhann leo, chun gach ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críoch nó ó thríú tír a chumhdach. Baintear amach an síneadh sin ar riail an tsoláthróra mheasta tríd an tagairt don tairseach EUR 150 i mír 1 d’Airteagal 14ú de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle a bhaint. Dá bhrí sin, faoina raon feidhme leathnaithe, bheadh feidhm ag riail an tsoláthróra mheasta maidir le gach ciandíolachán earraí allmhairithe isteach san Aontas a éascaítear le comhéadan leictreonach, gan beann ar luach intreach na coinsíneachta.

Ar an dara dul síos, tá sé beartaithe síneadh a chur le cur i bhfeidhm IOSS a mheastar a bheith ann, riail atá teoranta faoi láthair do chiandíolacháin earraí allmhairithe i gcoinsíneachtaí nach mó ná EUR 150 an luach intreach atá orthu, chun gach ciandíolachán earraí allmhairithe a chumhdach, gan beann ar a luach. Mar sin féin, d’eisiafaí táirgí atá faoi réir dleacht mháil ón scéim. Chuideodh síneadh IOSS le coincheap an chlárúcháin aonair CBL a chur chun cinn san Aontas trí na cásanna ina gceanglaítear ar dhuine inchánach clárú le haghaidh CBL i mBallstát eile a theorannú tuilleadh. Baintear amach an síneadh sin ar chur i bhfeidhm IOSS tríd an tagairt don tairseach EUR 150 sa chéad mhír d’Airteagal 369l de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle a bhaint.

Ar an tríú dul síos, leis an togra leathnófaí cur i bhfeidhm na socruithe speisialta a leagtar amach i gCaibidil 7 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle, cur i bhfeidhm atá teoranta faoi láthair d’earraí allmhairithe incháilithe nach mó ná EUR 150 an luach intreach atá orthu, chun gach earra incháilithe a chumhdach. D’eisiafaí táirgí atá faoi réir dleacht mháil ó na socruithe seo go fóill. Chuideodh síneadh na socruithe speisialta le coincheap an chlárúcháin aonair CBL a chur chun cinn san Aontas trí na cásanna ina gceanglaítear ar dhuine inchánach clárú le haghaidh CBL i mBallstát eile a theorannú tuilleadh. Dá bhrí sin, leasaítear Airteagal 369y de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle chun an tagairt don tairseach EUR 150 a bhaint.

2023/0158 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL a bhaineann le daoine inchánach a éascaíonn ciandíolacháin earraí allmhairithe agus cur i bhfeidhm na scéime speisialta le haghaidh ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha agus socruithe speisialta maidir le CBL ar allmhairí a dhearbhú agus a íoc

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 17 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 18 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear le hAirteagal 14a(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle 19 maidir le ‘córas an tsoláthróra mheasta’. De bhun an Airteagail sin, i gcás ina néascaíonn duine inchánach ciandíolacháin earraí allmhairithe ó thríú críocha nó ó thríú tíortha, trí chomhéadan leictreonach a úsáid, ní mór a mheas gurb é an duine sin soláthróir measta na nearraí sin.

(2)Tá cur i bhfeidhm chóras ‘an tsoláthróra mheasta’ teoranta faoi láthair do chiandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha i gcoinsíneachtaí nach mó ná EUR 150 an luach intreach atá orthu. Chun an tualach comhlíontachta a laghdú do thrádálaithe a dhíolann trí chomhéadain leictreonacha, amhail margaí, agus chun tacú le clárú cánach breisluacha (CBL) aonair san Aontas, ba cheart an teorainn EUR 150 a scriosadh. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach le córas an tsoláthróra mheasta ciandíolachán na nearraí uile a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha isteach san Aontas, gan beann ar a luach.

(3)Leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 4, de Threoir 2006/112/CE scéim speisialta le haghaidh ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha ar a dtugtar an tIonad Ilfhreastail Allmhairithe (IOSS). Na daoine inchánach a roghnaíonn clárúchán i gcomhair IOSS a dhéanamh, ní gá dóibh clárú i gcomhair CBL i ngach Ballstát ina dtarlaíonn a gcuid soláthairtí incháilithe do thomhaltóirí san Aontas. Ina ionad sin, féadfar an CBL atá dlite ar na soláthairtí sin a dhearbhú agus a íoc in aon Bhallstát amháin tríd an scéim IOSS. Mar sin féin, tá scéim speisialta IOSS teoranta do chiandíolacháin earraí allmhairithe i gcoinsíneachtaí nach mó ná EUR 150 an luach intreach atá orthu. Chun tacú le clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart an tairseach EUR 150 a scriosadh ionas nach mbeidh sé d’oibleagáid ar dhaoine inchánach a dhéanann ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha isteach san Aontas agus ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu clárú le haghaidh CBL ar allmhairí i ngach Ballstát arb é ceann scríbe na nearraí.

(4)Leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 7, de Threoir 2006/112/CE na socruithe speisialta maidir le CBL ar allmhairí a dhearbhú agus a íoc. Nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe, leis na socruithe speisialta ceadaítear d’oibreoirí poist, meariompróirí, gníomhairí custaim agus oibreoirí eile a chomhlíonann na dearbhuithe allmhairiúcháin custaim thar ceann an chustaiméara an CBL a bailíodh ar na hallmhairí áirithe sin a dhearbhú agus a loghadh ar bhonn míosúil. Tá na socruithe speisialta teoranta d’earraí allmhairithe i gcoinsíneachtaí nach mó a luach intreach ná EUR 150, gan táirgí atá faoi réir dleacht mháil san áireamh. Dá bhrí sin, chun an tualach comhlíontachta agus na costais a bhaineann le hearraí allmhairithe a laghdú i gcoinsíneachtaí ar mó ná EUR 150 an luach intreach atá orthu, ba cheart an tairseach EUR 150 a scriosadh.

(5)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 20 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(6)Is é atá i gCuspóir na Treorach seo an coincheap maidir le Clárú Aonair CBL a chur chun cinnagus, ós rud é nach féidir an cuspóir sin a ghnóthú ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(7)Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)in Airteagal14a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    I gcás ina n‑éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine inchánach sin a éascaíonn an soláthar na hearraí sin.’;

(2)in Airteagal 369l, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Chun críocha na Roinne seo, ní áireofar ar chiandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha táirgí atá faoi réir dleacht mháil.’;

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 369y:

‘Airteagal 369y

I gcás nach n‑úsáidtear an scéim speisialta i Roinn 4 de Chaibidil 6 chun earraí a allmhairiú, seachas táirgí atá faoi réir dleachtanna máil, maidir leis an duine a thíolacann na hearraí don lucht custaim thar ceann an duine a bhfuil na hearraí beartaithe dó laistigh de chríoch an Chomhphobail, ceadóidh an Ballstát don duine sin úsáid a bhaint as socruithe speisialta le haghaidh dearbhú agus íocaíocht CBL ar allmhairí i ndáil le hearraí a gcríochnaíonn an seoladh nó an t‑iompar ina leith sa Bhallstát sin.’.

Airteagal 2

Trasuí

1.Na dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2027 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Márta 2028.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     Staidreamh ar ioncam cánach — Míniú ar an Staidreamh (europa.eu) , Eurostat.
(2)    Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an phacáiste ríomhthráchtála CBL, ST 7104/22 an 15 Márta 2022.
(3)     Athbhreithniú ar Chód Custaim an Aontais (europa.eu)
(4)     CBL sa Ré Dhigiteach (europa.eu) .
(5)    Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach (COM/2022/701 final). Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL is gá don ré dhigiteach (COM/2022/703). Togra le haghaidh RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise le haghaidh scéimeanna áirithe CBL (COM/2022/704 final.)
(6)     https://ec.europa.eu/taxation_customs/business/vat/vat-e-commerce_en
(7)    Samhlaítear tacar leathan athchóirithe le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát arb é is aidhm dóibh an timpeallacht ghnó a fheabhsú agus díriú ar theicneolaíochtaí digiteacha agus glasa a ghlacadh. Comhlánaítear na hathchóirithe sin le hiarrachtaí tábhachtacha chun riaracháin chánach a dhigitiú mar earnáil straitéiseach den riarachán poiblí. (An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2022 (COM(2021) 740 final.
(8)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council and the European Economic and Social Committee Taking the Customs Union to the Next Level: a Plan for Action [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An tAontas Custaim á Thabhairt chuig an gCéad Leibhéal eile; Plean Pníomhaíochta] An Bhruiséil, COM/2020/581 final.
(9)    An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Tuarascáil maidir leis an Toradh Deiridh, Mí na Bealtaine 2022, Togra 16 (1)-(3). Tionóladh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa idir Mí Aibreáin 2021 agus Mí na Bealtaine 2022. Ba chleachtadh sainiúil é faoi stiúir na saoránach ina ndearnadh machnamh ar an daonlathas ar an leibhéal uile‑Eorpach, lena raibh baint ag na mílte saoránach Eorpach chomh maith le gníomhairí polaitiúla, comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus príomhpháirtithe leasmhara.
(10)    CBL sa Ré Dhigiteach. Tuarascáil Chríochnaitheach (iml. IV Gníomhaíochtaí Comhairliúcháin). Conradh Sonrach Uimh. 07 lena gcuirtear chun feidhme Creatchonradh Uimh. TAXUD/2019/CC/150.
(11)    Tá an mheastóireacht ar an dara leagan den tuarascáil deiridh fós ar siúl tráth an togra.
(12)    Copenhagen Economics (2016), Allmhairí ríomhthráchtála chuig an Eoraip: Cóireáil CBL agus Custaim.
(13)    Bhain an ceann is mó d’imscrúduithe OLAF le hallmhairí tríd an Ríocht Aontaithe idir 2013 agus 2016. Féach Cás Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh C-213/19 An Coimisiún Eorpach v Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.
(14)    Clár Oibre 2022 an Choimisiúin, Iarscríbhinn II: Tionscnamh REFIT, foroinn ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’ (Uimh. 20).
(15)     2022_annual_work_programme_-_fit_for_future_platform_en.pdf (europa.eu)
(16)    IO C , , lch. .
(17)    IO C , , lch. .
(18)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(19)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
Top