EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0236

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh mar chuid den Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh i ndáil le leasuithe ar an gCinneadh maidir le dealú agus ar an Moladh maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Imchuach Farraige Evlanov (NACES MPA)

COM/2023/236 final

An Bhruiséil,10.5.2023

COM(2023) 236 final

2023/0139(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh mar chuid den Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh i ndáil le leasuithe ar an gCinneadh maidir le dealú agus ar an Moladh maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Imchuach Farraige Evlanov (NACES MPA)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún chun Muirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh a Chosaint i ndáil le Cinneadh a bheartaítear a ghlacadh lena leasaítear Cinneadh 2021/01 maidir le bunú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Imchuach Farraige Evlanov (NACES MPA) chun a raon feidhme caomhnaithe a leathnú agus i ndáil le Moladh lena leasaítear Moladh 2021/01 maidir le bainistiú an Choinbhinsiúin maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘Coinbhinsiún OSPAR’).

2.Comhthéacs an togra

2.1.Coinbhinsiún OSPAR

Tá sé d’aidhm ag Coinbhinsiún OSPAR limistéar muirí an Atlantaigh Thoir Thuaidh a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha atá ag gníomhaíochtaí an duine chun sláinte an duine a chosaint, agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú agus, nuair is indéanta, limistéir mhuirí a ndearnadh dochar dóibh a athbhunú. Tá 16 Pháirtí Chonarthacha ann: an tAontas Eorpach 1 , an Bheilg, an Danmhairg, an Eilvéis, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iorua, an Íoslainn, an Ísiltír, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Spáinn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe. Bhí an Coinbhinsiún ar oscailt lena shíniú ag Cruinniú Aireachta Choimisiúin Osló agus Pháras i bPáras an 22 Meán Fómhair 1992, agus tháinig sé i bhfeidhm an 25 Márta 1998.

2.2.Coimisiún OSPAR

Tá Coimisiún OSPAR, arna bhunú de réir Airteagal 10 den Choinbhinsiún, comhdhéanta d’ionadaithe de chuid gach ceann de na Páirtithe Conarthacha; tagann sé le chéile go tráthrialta agus ag aon am a éilítear sin de bharr imthosca speisialta. Áirítear leis na dualgais atá air maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus athbhreithniú a dhéanamh ar bhail an limistéir muirí, ar éifeachtacht na mbeart atá á nglacadh, ar na tosaíochtaí agus ar an ngá atá le haon bheart breise nó difriúil.

De réir Airteagal 20 den Choinbhinsiún, tá vóta amháin sa Choimisiún ag gach Páirtí Conarthach. Tá an tAontas i dteideal líon vótaí atá cothrom leis an líon dá Bhallstáit is Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún. Ní fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála nuair a fheidhmeoidh a Bhallstáit a gceart vótála féin, ná ní fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála nuair a fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála féin.

De réir Airteagal 15(3) den Choinbhinsiún, glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an gCoinbhinsiún de réir vóta d’aon toil ag na Páirtithe Conarthacha.

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ó Choimisiún OSPAR

An 1 Deireadh Fómhair 2021, le linn na míre aireachta den 24ú cruinniú bliantúil a bhí ag Coimisiún OSPAR, ghlac sé Cinneadh 2021/01 ó OSPAR maidir le bunú Limistéar Muirí faoi Chosaint (MPA) Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Imchuach Farraige Evlanov agus ghlac sé Moladh 2021/01 maidir lena bhainistiú. An tráth céanna, cinneadh freisin go mbeadh gá athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme caomhnaithe an MPA uaidh sin amach, d’fhonn é a leathnú. Ar bhonn an phróisis athbhreithnithe a seoladh in OSPAR in 2022, tá sé beartaithe anois raon feidhme caomhnaithe an MPA a leathnú chun cosaint an MPA a fheabhsú trí speicis agus gnáthóga breise, grinneall na farraige, grinneall an aigéin agus fo‑ithir díobh a chur san áireamh.

Tá Cinneadh lena leasaítear Cinneadh 2021/01 (‘an Cinneadh atá beartaithe’) agus Moladh lena leasaítear Moladh 2021/01 (‘an Moladh atá beartaithe’) á dtabhairt i gcrích ag OSPAR (dá ngairtear le chéile ‘na gníomhartha atá beartaithe’).

Is é an t‑aon leasú substaintiúil atá sna gníomhartha atá beartaithe leathnú raon feidhme agus chuspóirí caomhnaithe an MPA thar chosaint éanlaith mhara agus éiceachórais na n‑uiscí atá os cionn ghrinneall na farraige (a chumhdaítear cheana féin leis an gCinneadh ó OSPAR agus an Moladh ó OSPAR atá ann faoi láthair). Baineann an leathnú ní hamháin le pobail éanlaithe mara, ach ar bhonn níos leithne, le bithéagsúlacht mhuirí agus sláine na n‑éiceachóras éagsúil chomh maith lena bhfeidhmeanna agus lena bpróisis laistigh den MPA, is é sin gurb é is aidhm don leathnú an méid sin a choinneáil ar bun, agus i gcás inarb iomchuí, é a athbhunú.

Leis an gCinneadh, leathnaítear raon feidhme caomhnaithe NACES MPA atá ann faoi láthair agus léirítear comhordanáidí geografacha (domhanleithead/domhanfhad) a theorainneacha. Is é is aidhm don Mholadh lena leasaítear Moladh 2021/01 maidir le Bainistiú NACES MPA treoir a thabhairt do Pháirtithe Conarthacha OSPAR i nglacadh beart chun pobail éanlaithe mara, bithéagsúlacht mhuirí agus sláine na n‑éiceachóras éagsúil chomh maith lena bhfeidhmeanna agus lena bpróisis laistigh den MPA a choinneáil ar bun, agus i gcás inarb iomchuí, an méid sin a athbhunú, i gcomhréir leis na cuspóirí caomhnaithe ginearálta agus sonracha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo.

Cuirtear na hanailísí eolaíocha tacaíochta i láthair i ndoiciméad cuimsitheach a foilsíodh ar shuíomh gréasáin OSPAR 2 . Is é NACES MPA an MPA is mó i líonra OSPAR agus cumhdaítear ann beagnach 600 000 km2 (achar atá ar mhéid na Fraince). Is é an tochtú MPA arna ainmniú i dteannta a chéile sa limistéar lasmuigh den dlínse náisiúnta laistigh de limistéar muirí OSPAR.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Aithníodh arís agus arís eile an gá atá le bithéagsúlacht agus éiceachórais na mara a chosaint, lena n‑áirítear i limistéir mhuirí lasmuigh de dhlínse náisiúnta. Sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020, is díol sásaimh é an cuspóir 30 % ar a laghad d’fharraigí an Aontais a chosaint, a bhfuil aon trian díobh faoi dhianchosaint. Cuireann siad i bhfios go láidir freisin gur cuspóir é sin atá le baint amach ag na Ballstáit le chéile agus aithníonn siad an géarghá atá le dlús a chur leis na hiarrachtaí chun bainistiú éifeachtach na limistéar uile atá faoi chosaint a áirithiú, chun cuspóirí agus bearta soiléire caomhnaithe a shainiú, a neartú agus chun faireachán iomchuí a dhéanamh orthu. Thairis sin, cuirtear i dtábhacht iontu a thábhachtaí atá sé sineirgí agus comhthairbhí a lorg le Comhaontuithe Comhshaoil Iltaobhacha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, amhail OSPAR, agus a thábhachtaí atá sé breithnithe agus cuspóirí bithéagsúlachta a chomhtháthú i bpróisis ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha. Sa chomhthéacs sin, deimhníodh sna Conclúidí go dtacaíonn an tAontas le comhaontú idirnáisiúnta uaillmhianach atá ceangailteach ó thaobh dlí a thabhairt i gcrích maidir le bithéagsúlacht mhuirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (BBNJ) faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige in 2021.

I mí na Nollag 2022, ghlac an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (CP‑CB) Creat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming Montréal lena n‑áirítear sprioc 3 chun ‘a áirithiú agus a chumasú go ndéanfar, faoi 2030, 30 % ar a laghad de limistéir talún, uisce intíre, agus de limistéir chósta agus mhuirí, go háirithe limistéir a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo ó thaobh na bithéagsúlachta agus feidhmeanna agus seirbhísí éiceachórais de, a chaomhnú agus a bhainistiú go héifeachtach trí chórais de limistéir faoi chosaint atá ionadaíoch ó thaobh na héiceolaíochta de, dea‑nasctha agus rialaithe go cothrom agus trí bhearta caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile...’ Tá an tAontas agus a Bhallstáit uile ina bPáirtithe in CP‑CB.

I bhfianaise an chruinnithe a bhí ag Coimisiún OSPAR ón 26 go dtí an 30 Meitheamh 2023, tá gá le seasamh ón Aontas toisc gur téacs ceangailteach ó thaobh dlí de é an Cinneadh atá beartaithe. Fiú mura mbeadh an Moladh atá beartaithe ceangailteach ó thaobh dlí de, moltar go gclúdódh seasamh an Aontais ‘an dá ghníomh atá beartaithe’ ós rud é go bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus go mbeartaítear iad a ghlacadh le chéile. Toisc go n‑éascóidh na gníomhartha atá beartaithe cur chun feidhme ghealltanais agus uaillmhianta idirnáisiúnta an Aontais agus go bhfeabhsóidh siad cosaint an chomhshaoil, tá sé beartaithe go dtacóidh an tAontas le glacadh an Chinnidh atá beartaithe agus an Mholta atá beartaithe.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go ‘[nglacfaidh] an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cinneadh [...] lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist.

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Comhlacht is ea Coimisiún OSPAR a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún OSPAR.

Is éard atá sa Chinneadh a iarrtar ar Choimisiún OSPAR a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis, toisc go bhfuil gach Cinneadh de chuid OSPAR ceangailteach ó thaobh dlí de ar na Páirtithe Conarthacha, de réir Choinbhinsiún OSPAR (Airteagal 13§2). Cé nach bhfuil Moltaí ceangailteach ó thaobh dlí de, sa chás seo, tá dlúthbhaint ag an Moladh ó OSPAR maidir le Bainistiú NACES MPA leis an gCinneadh ó OSPAR maidir le dealú agus, dá bhrí sin, is iomchuí iad a chumhdach leis an seasamh céanna lena mbunaítear seasamh an Aontais.

Leis na gníomhartha atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach Choinbhinsiún OSPAR.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar na ngníomhartha atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 192(1) ba cheart a bheith i mbunús dlí an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2023/0139 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh mar chuid den Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh i ndáil le leasuithe ar an gCinneadh maidir le dealú agus ar an Moladh maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Imchuach Farraige Evlanov (NACES MPA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh 3 (‘an Coinbhinsiún’), a bhfuil an tAontas ina Pháirtí Conarthach ann, i bhfeidhm an 25 Márta 1998.

(2)De bhun Airteagal 10(3) den Choinbhinsiún, féadfaidh an Coimisiún a bunaíodh le hAirteagal 10(1) den Choinbhinsiún (‘Coimisiún OSPAR’) Cinntí agus Moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún.

(3)Le linn na míre aireachta den 24ú cruinniú bliantúil a bhí ag Coimisiún OSPAR an 1 Deireadh Fómhair 2021, ghlac sé Cinneadh 2021/01 ó OSPAR maidir le bunú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Imchuach Farraige Evlanov agus ghlac sé Moladh 2021/01 maidir lena bhainistiú 4 . An tráth céanna, cinneadh freisin go mbeadh gá athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme caomhnaithe an MPA, d’fhonn é a leathnú.

(4)Rinneadh an tathbhreithniú sin agus ina thoradh air sin bhí an Cinneadh atá beartaithe ó Choimisiún OSPAR lena leasaítear Cinneadh 2021/01 ó OSPAR maidir leis an mbunú agus an Moladh atá beartaithe lena leasaítear Moladh 2021/01 ó OSPAR maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Imchuach Farraige Evlanov (‘NACES MPA’). Tá Coimisiún OSPAR leis an gCinneadh sin atá beartaithe agus an Moladh sin atá beartaithe a ghlacadh le linn an 26ú seisiún/cruinniú rialta a bheidh aige an 26 Meitheamh 2023.

(5)Leis an gCinneadh atá beartaithe ó Choimisiún OSPAR, leathnaítear raon feidhme caomhnaithe NACES MPA atá ann faoi láthair agus léirítear comhordanáidí geografacha (domhanleithead/domhanfhad) a theorainneacha.

(6)Is é is aidhm don Mholadh atá beartaithe ó Choimisiún OSPAR Páirtithe Conarthacha a threorú ina gcuid gníomhaíochtaí agus i nglacadh beart chun na cuspóirí caomhnaithe athbhreithnithe a bhaint amach, de réir raon feidhme caomhnaithe leathnaithe an Chinnidh atá beartaithe, cuspóirí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh.

(7)Tá dlúthnasc ann idir an dá ghníomh atá beartaithe ó Choimisiún OSPAR agus, dá bhrí sin, is iomchuí iad a chumhdach leis an seasamh céanna de chuid an Aontais.

(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoimisiún OSPAR a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh atá le déanamh ag Coimisiún OSPAR ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 26ú seisiún/cruinniú de Choimisiún OSPAR tacú le Cinneadh a ghlacadh lena leasaítear Cinneadh 2021/01 maidir le bunú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov trína raon feidhme caomhnaithe a leathnú, agus tacú le Moladh a ghlacadh lena leasaítear Moladh 2021/01 ó OSPAR maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Imchuach Farraige Evlanov trína chuspóirí caomhnaithe a leathnú.

Airteagal 2

I bhfianaise forbairtí ag an 26ú cruinniú de Choimisiún OSPAR, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, mionchoigeartú a chomhaontú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh 98/249/CE ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 1997 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (IO L 104, 3.4.1998, lch. 1)
(2)    Tá an leagan is déanaí le fáil anseo: 01_naces_rev_nomination_proforma_20221201_version_for_consultation.pdf (ospar.org)
(3)    IO L 104, 3.4.1998, lch. 2.
(4)

   Bhí seasamh an Aontais le fáil i gCinneadh (AE) 2021/1796 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún arna bhunú leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, a mhéid a bhaineann le cinnidh maidir leis an Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (NACES MPA) a bhunú agus le molta maidir le NACES MPA a bhainistiú (IO L 361, 12.10.2021, lch. 46).

Top