Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0202

    Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2023/000 TA 2023 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

    COM/2023/202 final

    An Bhruiséil,20.4.2023

    COM(2023) 202 final

    2023/0106(BUD)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2023/000 TA 2023 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    Na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED), is rialacha iad a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 1 (dá ngairtear an Rialachán maidir le CED anseo feasta).

    ACHOIMRE AR AN IARRATAS

    Na príomhshonraí:

    Uimhir thagartha CED    CED/2023/000

    An Coimisiún Eorpach    Cúnamh teicniúil

    Caiteachas riaracháin: buiséad in EUR    190 000

    % caiteachas riaracháin (uasteorainn: 0,5 %)    0,09 %

    I gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED, féadfar uasmhéid 0,5 % den uasmhéid bliantúil a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

    Cúnamh teicniúil atá le cistiú agus miondealú na gcostas a mheastar a bheidh air

    1.Úsáidfear an ranníocaíocht le haghaidh caiteachas a luaitear in Airteagal 11(1) agus (4) agus in Airteagal 12(2), (3), (4) den Rialachán maidir le CED, mar a shonraítear thíos. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach í a bhainistiú faoi bhainistíocht dhíreach.

    Tuairisc

    Caiteachas iomlán 
    (in EUR)

    Caiteachas riaracháin

    90 000

    Caiteachas teicniúil

    100 000

    Caiteachas measta iomlán

    190 000

    2.Caiteachas riaracháin:

    ·Beidh cruinnithe rialta á dtionól ag Sainghrúpa Daoine Teagmhála CED, agus beidh dhá chomhalta i láthair ó gach Ballstát. Ar bhonn na taithí a fuarthas ó chruinnithe fíorúla, agus i gcomhréir le huaillmhianta an Choimisiúin lorg a chuid gníomhaíochtaí a laghdú, leanfaimid de chruinniú fíorúil amháin agus cruinniú amháin ar an láthair a bheith againn in 2023.

    ·Chun líonrú a chur chun cinn i measc na mBallstát, eagróidh an Coimisiún seimineár amháin le rannpháirtíocht comhlachtaí cur chun feidhme CED agus a chuid comhpháirtithe sóisialta. In 2023, déanfar an seimineár a sceidealú an lá roimh chruinniú den Sainghrúpa agus is dócha gur cruinniú fisiciúil a bheidh ann.

    ·Gníomhaíochtaí faisnéise: láithreacht ar líne CED 2 , a bhunaigh an Coimisiún sa réimse Fostaíochta, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsithe, agus atá á cothabháil aige mar a cheanglaítear faoi Airteagal 12(2) den Rialachán maidir le CED, déanfar í a nuashonrú agus a leathnú go rialta, agus aistreofar gach eilimint nua isteach i dteangacha uile an Aontais. Déanfar an fheasacht ghinearálta faoi CED a mhéadú agus cuirfear a infheictheacht chun cinn. Cumhdófar CED i bhfoilseacháin éagsúla de chuid an Choimisiúin agus i ngníomhaíochtaí closamhairc dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED.

    3.Caiteachas teicniúil:

    ·Córas um malartú sonraí leictreonacha a chothabháil agus a nuashonrú. Tá an Coimisiún ag leanúint dá chuid oibre ar nósanna imeachta caighdeánaithe maidir le hiarratais ar CED agus bainistíocht CED, agus úsáid á baint aige as feidhmiúlachtaí an Chomhchórais um Bainistíocht Cistí Comhroinnte (SFC). A bhuí leis sin, táthar in ann iarratais faoin Rialachán maidir le CED a shimpliú, an phróiseáil a bhaineann leo a luathú agus tuarascálacha éagsúla a bhaint astu ar bhonn níos fusa. Tá comhéadan SFC ina chúnamh chun oibríochtaí airgeadais CED a éascú freisin. Leis an méid seo áirítear go háirithe:

    Cothabháil iarratas SFC 2014 agus modúil na tuarascála críochnaithí chun cásanna a dhúnadh do CED 2014-2020.

    Forbairt agus cothabháil chomhéadan CED 2021-2027 in iarratas SFC2021, go háirithe feidhmiúlachtaí nua, amhail modúl na tuarascála críochnaithí, agus coigeartuithe nua chun SFC2021 a ailíniú le ceanglais an Rialacháin maidir le CED 2021-2027.

    ·Faireachán agus bailiú sonraí: déanfaidh an Coimisiún sonraí a bhailiú maidir le hiarratais a fuarthas, a íocadh agus a fhoirceannadh, agus maidir le bearta atá beartaithe agus curtha chun feidhme. Cuirfear na sonraí sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh agus tiomsófar iad i bhfoirm iomchuí le haghaidh tuarascálacha débhliantúla a bheidh ann amach anseo.

    Maoiniú

    4.Is é EUR 186 mhilliún an tuasbhuiséad bliantúil le haghaidh CED in 2023 de réir phraghsanna 2018 (EUR 205 359 029 de réir phraghsanna 2023), mar a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 3 .

    5.Luaitear go sonrach in Airteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED gur féidir 0,5 % den mhéid sin a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. Faoi láthair, tá an méid iomlán le haghaidh 2023 ar fáil go fóill; ní dhearnadh aon chuid de a shannadh don chúnamh teicniúil. Tá an méid atá beartaithe cothrom le 0,09 % den uasbhuiséad bliantúil atá ar fáil le haghaidh CED in 2023.

    6.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, den Rialachán maidir le CED agus i bpointe 9 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 4 .

    Gníomhartha gaolmhara

    7.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 190 000 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.

    Foinse leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

    8.Úsáidfear leithreasuithe as líne bhuiséadach CED chun an méid is gá a chumhdach le haghaidh cúnamh teicniúil, is é sin EUR 190 000.

    2023/0106 (BUD)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2023/000 TA 2023 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 5 , agus go hairithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,

    Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 6 , agus go háirithe pointe 9 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe iomarcacha agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, agus trí chúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar obair chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

    (2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 7 .

    (3)Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/691 go bhféadfar uasmhéid 0,5 % d’uasmhéid bliantúil CED a úsáid gach bliain le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

    (4)Tá gá leis an gcúnamh sin chun oibleagáidí maidir le cur chun feidhme CED a chomhlíonadh mar a fhorchuirtear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/691, go háirithe maidir le faireachán agus bailiú sonraí chomh maith le gníomhaíochtaí cumarsáide agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar infheictheacht CED.

    (5)Ba cheart CED a shlógadh, dá bhrí sin, chun an tsuim EUR 190 000 a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2023, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun an méid EUR 190 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
    (2)     http://ec.europa.eu/egf  
    (3)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
    (4)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 29.
    (5)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
    (6)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 29
    (7)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
    Top