EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0189

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 1999/62/CE, Treoir 1999/37/CE ón gComhairle agus Treoir (AE) 2019/520 a mhéid a bhaineann le haicme astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair le leantóirí

COM/2023/189 final

An Bhruiséil,4.5.2023

COM(2023) 189 final

2023/0134(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 1999/62/CE, Treoir 1999/37/CE ón gComhairle agus Treoir (AE) 2019/520 a mhéid a bhaineann le haicme astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair le leantóirí


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Treoir (AE) 2022/362 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 lena leasaítear Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , tugadh aghaidh ar roinnt dúshláin shocheacnamaíocha agus chomhshaoil, lena náirítear an tathrú aeráide. Rinne sé amhlaidh trí dhifreáil bunaithe ar astaíochtaí CO2 a chumasú i ndáil le muirir bhóthair ar fheithiclí tromshaothair agus ar fheithiclí saothair éadroim chun oibreoirí a dhreasú chun feithiclí níos éifeachtúla a imscaradh. Tráth a ghlactha, ní raibh creat dlíthiúil ar fáil go fóill chun éifeacht leantóirí ar astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí earraí troma a dheimhniú. Dá bhrí sin, níor féadadh leantóirí a áireamh sa difreáil bunaithe ar astaíochtaí CO2 i ndáil le muirir bhóthair.

Mar thoradh air sin, iarradh in Aithris 31 de Threoir (AE) 2022/362 go gcuirfidh an Coimisiún éifeacht leantóirí agus leathleantóirí ar astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí earraí troma san áireamh agus an laghdú ar mhuirir bhóthair á chinneadh nuair a bheidh luachanna arna ndeimhniú go dlíthiúil le haghaidh éifeacht leantóirí agus leathleantóirí ar astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí earraí troma ar fáil. Comhlíonadh an coinníoll a leagtar síos san aithris trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún 3 a ghlacadh.

Tá acmhainneacht shuntasach ag leantóirí chun astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí earraí troma a laghdú agus is féidir le bearta atá dírithe ar éileamh lena laghdaítear costais oibríochtúla leantóirí atá níos tíosaí ar fhuinneamh imscaradh níos tapúla na leantóirí sin a dhreasú. Dá bhrí sin, is é cuspóir an togra seo na rialacha a leagan amach chun éifeacht leantóirí ar astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí earraí troma a chur san áireamh i scéimeanna muirearaithe bóthair lena ndéantar idirdhealú idir muirir bhóthair bunaithe ar astaíochtaí CO2 feithiclí.

Ina theannta sin, modhnaítear leis an togra seo forálacha reatha Threoir (AE) 2022/362 maidir le héagsúlacht na muirear bonneagair agus úsáideora ar fheithiclí tromshaothair de réir a nastaíochtaí CO2 chun struchtúr nua Rialachán (AE) 2019/1242 a eascraíonn as a athbhreithniú faoi thogra COM(2023) 88 final 4 a léiriú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánaíonn an tionscnamh seo dolaí bunaithe ar astaíochtaí CO2 a tugadh isteach le Treoir (AE) 2022/362, mar a leagtar amach in aithris 31 den Treoir sin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Comhlánaíonn an togra seo togra COM(2023) 88 final le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242, lena leathnaítear a raon feidhme chun ceanglais a leagan síos ar mhonaróirí leantóirí maidir lena bhflíteanna nua, agus dá bhrí sin tá feidhm aige maidir le taobh an tsoláthair den earnáil iompair lasta de bhóthar. Tá feidhm ag an togra seo maidir le taobh an éilimh san earnáil sin trí spreagadh a thabhairt d’oibreoirí iompair leantóirí níos éifeachtúla a cheannach. Léirítear sa togra seo freisin na leasuithe a rinneadh ar Rialachán (AE) 2019/1242 i bhforálacha Threoir (AE) 2022/362 ina ndéantar tagairt don Rialachán sin.

Cuireann an togra seo freisin le cuspóirí Phlean REPowerEU 5 trí choigilteas agus éifeachtúlachtaí fuinnimh in earnáil an iompair de bhóthar a fheabhsú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is bunús dlí do Threoir 1999/62/CE Airteagail 71 agus 93 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ar a dtugtar anois Airteagail 91 agus 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Forálacha na Treorach dá ndéanfar difear leis an togra seo, baineann siad le muirir bhóthair ar fheithiclí, ar réimse é a bhfuil feidhm ag Airteagal 91 CFAE maidir leis.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

De bhun Airteagal 4(2)(g) CFAE, is ag an Aontas Eorpach agus na Ballstáit araon atá an inniúlacht chun rialáil a dhéanamh i réimse an iompair. Dá ainneoin sin, ní féidir ach an tAontas Eorpach féin na rialacha atá ann cheana a oiriúnú. Tá bonn cirt le rialacha an Aontais a leathnú chuig leantóirí mar gheall ar an tionchar a bhíonn ag cónaisc feithiclí ar an athrú aeráide ós rud é go mbaineann na feithiclí sin úsáid as an mbonneagar bóthair céanna agus go gcuireann siad le hastaíochtaí CO2.

Comhréireacht

Ní rannchuidíonn na bearta atá beartaithe ach leis na cuspóirí a leagtar síos a bhaint amach, go háirithe cur i bhfeidhm comhsheasmhach an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus an phrionsabail ‘íoc mar a úsáidtear’, agus ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar bhealach costéifeachtach, agus cothroime agus sláine comhshaoil á n‑áirithiú ag an am céanna.

An rogha ionstraime

Ós rud é gur Treoir é an gníomh dlíthiúil a leasófar, ba cheart an gníomh leasaitheach a bheith san fhoirm chéanna.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Le Treoir (AE) 2022/362, tugadh aghaidh ar fhadhbanna éagsúla a bhaineann le muirearú bóthair ar fheithiclí earraí troma. Léirigh rannchuidiú na bpáirtithe leasmhara leis an meastóireacht as ar tháinig an Treoir sin gur gá astaíochtaí CO2 na hearnála bóithre a laghdú.

Le Treoir (AE) 2022/362 sainordaíodh muirir bhóthair dhifreáilte ar fheithiclí tromshaothair agus áiríodh inti an deis do na Ballstáit muirir bhóthair dhifreáilte a ghearradh ar fheithiclí saothair éadroim bunaithe ar astaíochtaí CO2. Toisc nárbh ann do chreat reachtach le haghaidh deimhniú ar éifeacht leantóirí ar astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí tráth a glactha, níor cuireadh san áireamh i dTreoir (AE) 2022/362 an éifeacht a bhí ag leantóirí sa difreáil ar mhuirir bhóthair ar fheithiclí tromshaothair. Ar mhaithe le comhsheasmhacht iomlán rialála, moltar leasú in aithris 31 den Treoir chun an bhearna sin a líonadh trí éifeacht leantóirí sa difreáil ar mhuirir bhóthair ar fheithiclí tromshaothair a chur san áireamh.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Baineadh úsáid as modhanna comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara agus speisialtóirí sonracha. Rinneadh naoi n‑agallamh le hionadaithe ó aireachtaí iompair na mBallstát, oibreoirí iompair, ionadaithe ó údaráis chomhlíontachta feithiclí, soláthraithe agus monaróirí seirbhísí dolaí, agus comhlachtaí um chaighdeánú.

·Achoimre ar an ionchur a fuarthas agus ar úsáid torthaí

Mheas páirtithe leasmhara go raibh sé indéanta go teicniúil leantóirí a áireamh sa difreáil ar mhuirir bhóthair bunaithe ar astaíochtaí CO2. An tráth céanna, tharraing páirtithe leasmhara aird ar chastachtaí féideartha a bhaineann le cur chun feidhme agus ar an scóip do shimpliú agus d’fheabhsú. Déantar cur síos thíos ar an gcaoi ar cuireadh an t‑ionchur a fuarthas san áireamh sa togra.

Is éard a bhí sa dréachttogra a pléadh leis na páirtithe leasmhara ríomh iomlán na nastaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí mar thoradh ar astaíochtaí CO2 na mótarfheithicle i ngraim in aghaidh an tonna-chiliméadair arna iolrú faoi chóimheas éifeachtúlachta an leantóra atá nasctha leis. Dhéanfaí aicme astaíochtaí CO2 an chónaisc feithicle a shainmhíniú ansin i gcomhréir le hAirteagal 7ga(2). Mar sin féin, shainaithin na Ballstáit agus soláthraithe seirbhísí dolaí araon fadhbanna leis an bpróiseas. Leag aireachtaí iompair na mBallstát béim ar neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2022/362. Go sonrach, chun an difreáil bunaithe ar astaíochtaí CO2 a chur chun feidhme sna Ballstáit sin, stórálann an trealamh ar bord 6 aicme astaíochtaí CO2 na mótarfheithicle agus ní cheanglaítear air na hastaíochtaí CO2 a stóráil i ngraim in aghaidh an tonna-chiliméadair. D’aithin soláthraithe seirbhíse dolaí go néileofar le ríomh den sórt sin stóráil an chóimheasa éifeachtúlachta ar an trealamh ar bord do gach leantóir a bhíonn nasctha de ghnáth leis an mótarfheithicil. Bheadh ar thiománaí na feithicle sin an leantóir a úsáidtear le linn turais ar leith a roghnú ó liosta de na leantóirí sin. D’fhéadfadh liosta den sórt sin a bheith anfhada ar fad do ghnóthais a bhfuil flít mór leantóirí acu. I bhfianaise an mhéid sin, chuir soláthraithe seirbhíse dolaí chun suntais go bhfuil sé tábhachtach comhéadan an trealaimh ar bord a choinneáil simplí chun an baol míthuisceana nó botúin ó chuid de na tiománaithe a laghdú. An tráth céanna, chuir soláthraithe seirbhísí dolaí in iúl gurb ann cheana do threalamh ar bord a bhfuil feidhmiúlachtaí comhchosúla aige, amhail an deis a bheith ag tiománaí líon na nacastóirí agus meáchan an chónaisc feithiclí a roghnú. Chuir oibreoirí iompair breathnóireacht den chineál céanna chun cinn maidir le tábhacht na simplíochta agus an riosca go mbeadh ualach breise ann.

Mar fhreagairt ar na pointí thuas, sainmhínítear sa togra seo in iarscríbhinn nua a ghabhann leis an Treoir trí aicme leantóra bunaithe ar thairseacha cóimheasa éifeachtúlachta. I gcás gach aicme leantóra, sainítear an chaoi a ndéantar difear d’éagsúlacht aicme astaíochtaí CO2 na mótarfheithicle, rud a mbíonn aicme astaíochtaí CO2 an chónaisc feithicle mar thoradh air. Fágann an t‑athrú sin go bhfuil an togra seo níos comhsheasmhaí le cur chun feidhme leanúnach na difreála ar mhuirir bhóthair atá bunaithe ar astaíochtaí CO2 a tugadh isteach le Treoir (AE) 2022/362. Go sonrach, níl gá le ríomh mar a áirítear sa dréacht‑togra a pléadh le páirtithe leasmhara, agus dá bhrí sin ní gá astaíochtaí CO2 na mótarfheithicle a stóráil i ngraim in aghaidh an tonna-chiliméadair ar an trealamh ar bord. Ar an gcaoi chéanna, ní cheanglaítear go stórálann trealamh ar bord de chuid mótarfheithicle cóimheas éifeachtúlachta gach leantóra a úsáidtear de ghnáth leis an mótarfheithicil sin. Dá réir sin, ní cheanglófaí ar thiománaí cónasc feithiclí luach a roghnú ó liosta leantóirí; ina ionad sin, bheadh sé riachtanach aicme an leantóra a roghnú, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí comhéadan an trealaimh ar bord agus an fheidhmiúlacht nua a shimpliú.

Chun an baol míthuisceana nó botúin ó chuid de na tiománaithe a laghdú, mhol soláthraithe seirbhíse dolaí freisin go gcuirfí paraiméadair na leantóirí in iúl go leictreonach do threalamh ar bord na mótarfheithicle trí threalamh ualaithe ar bord na leantóirí a úsáid. Ní dhéanann an togra seo tuilleadh mionsaothraithe ar an moladh sin ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, tá úsáid trealaimh ualaithe ar bord ar cheann de na roghanna a leagtar amach in Airteagal 10d de Threoir 96/53/CE ón gComhairle 7 agus níor bhain aon Bhallstát úsáid as an rogha sin go dtí seo, rud a léiríonn nach núsáidtear an trealamh ualaithe ar bord go forleathan. Ar an dara dul síos, na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú CEN agus ETSI, a ndeachaigh an Coimisiún i gcomhairle leo, chuir siad in iúl nach gcumhdaítear cumarsáid idir trealamh ar bord a bhaineann le dolaí agus trealamh ualaithe ar bord leis na caighdeáin atá ann faoi láthair agus nach dtacaíonn gach gaireas den sórt sin atá ar an margadh faoi láthair léi, cé go bhfuil sí indéanta go teicniúil.

Chuir aireachtaí iompair na mBallstát a n‑imní in iúl maidir le forfheidhmiú. I ndáil leis sin, leasaítear Airteagal 7j leis an togra chun ceangal a chur ar thiománaí nó, más iomchuí, ar an oibreoir iompair nó ar sholáthraí Sheirbhís Dola Leictreonaigh na hEorpa (SDLE) fianaise ar shaintréithe an leantóra a sholáthar d’oifigigh forfheidhmithe. Is é an deacracht a d’fhéadfadh a bheith ag baint le gairis aeraidinimiciúla ná gur féidir na gairis sin a bhaint go héasca ó leantóir. Chun a áirithiú gurb ionann éifeachtúlacht na leantóirí agus éifeachtúlacht na feithicle cineálcheadaithe agus nach bhfuil sí éagsúil mar gheall ar athruithe ar na gairis aeraidinimiciúla, déanfar leantóirí a fheistiú le lipéad ar a n‑aghaidh, lena n‑áirítear liosta de ghairis aeraidinimiciúla atá feistithe ar an leantóir sin, i gcomhréir le Pointí 1.8 agus 1.9 d’Fhoscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún.

Bailiú agus úsáid saineolais

Maidir leis an measúnú cainníochtúil ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil, chuir an Measúnú Tionchair dá dtagraítear thíos le hanailís ó shamhail PRIMES agus JRC DIONE chomh maith le hanailís a rinne conraitheoir seachtrach.

Foinsíodh sonraí faireacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus saintréithe eile an fhlít feithiclí tromshaothair nua ó na sonraí bliantúla faireacháin mar a thuairiscigh na Ballstáit agus monaróirí iad agus mar a bhailigh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil iad faoi Rialachán (AE) 2018/956.

Measúnú tionchair

Tacaítear leis an tionscnamh leis an Measúnú Tionchair a rinneadh le haghaidh an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 , a bhfuil tuairim dhearfach faighte aige, tar éis é a chur isteach an athuair, ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 6 Nollaig 2022. Baineadh de thátal as an Measúnú Tionchair go bhféadfaí feabhas suntasach a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh leantóirí agus go rannchuideoidh bearta den sórt sin go costéifeachtach le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair a laghdú. I dtéarmaí eacnamaíocha, tá an glanchoigilteas eacnamaíoch thar shaolré na feithicle ó thaobh na sochaí de idir beagnach EUR 11 500 i gcás leantóirí barra tarraingthe cuisniúcháin go dtí os cionn EUR 42 500 le haghaidh meánleathleantóir le cabhail bhosca.

Dá bhrí sin, leis an athbhreithniú sin, déanfar foráil maidir le sprioc éigeantach maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh don fhlít leantóirí nua, ar beart é atá dírithe ar an soláthar, agus é dírithe ar mhonaróirí. Ós amhlaidh atá i gcás mótarfheithiclí, thacódh beart comhlántach atá dírithe ar an éileamh go láidir leis an mbeart sin atá dírithe ar sholáthar. Tá tionchar ag an laghdú ar mhuirir bhóthair agus, dá bhrí sin, ar chostais oibríochtúla na gcónasc feithiclí ina n‑úsáidtear leantóirí atá níos tíosaí ar fhuinneamh, ar éileamh na bhfeithiclí sin sa mhéid go dtacaíonn sé le ceannach leantóirí atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus, dá bhrí sin, níos costasaí. Rinneadh an éifeacht sin a mheas freisin san anailís costais agus tairbhe a rinneadh ar an athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le caighdeáin CO2 d’fheithiclí tromshaothair.

Tá dlúthbhaint ag na leasuithe ar Threoir 1999/62/CE mar a mholtar leis an ngníomh seo leis an togra le haghaidh leasú ar Rialachán (AE) 2019/1242. Mar sin féin, ní féidir Treoir 1999/62/CE a leasú ach le Treoir eile, agus dá bhrí sin tá gá le dhá ghníomh ar leith.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl feidhm ag an difreáil idir muirir bhóthair a thugtar isteach sa togra seo ach amháin maidir le leantóirí níos éifeachtúla. Ciallaíonn sé sin nach gá d’oibreoirí bóthair, do sholáthraithe seirbhíse dolaí, ná do mhuirearóirí dolaí an fhaisnéis ábhartha faoi leantóirí eile a chlárú. Is é is aidhm do shainmhíniú na n‑aicmí leantóra cur chun feidhme a shimpliú do na gnóthais sin a bhfuil líon suntasach leantóirí acu.

Meastar go mbeidh tionchar dearfach beag ag an tionscnamh ar an iomaíocht i ngeall ar mhuirearú difreáilte, rud a bheidh ina chúis le húsáid beagán níos mó a bhaint as leantóirí níos éifeachtúla, rud a spreagfaidh an nuálaíocht.

Soiléirítear leis an tionscnamh seo na forálacha lena leagtar síos an oibleagáid muirir bhonneagair agus úsáideora a athrú de réir astaíochtaí CO2 mótarfheithiclí.

Cearta bunúsacha

Urramaítear leis an togra na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áirítear sa togra ceanglais shonracha tuairiscithe do na Ballstáit a bhaineann le héagsúlacht na muirear bonneagair nó úsáideora de réir fheidhmíocht chomhshaoil na bhfeithiclí.

Doiciméid mhíniúcháin

I bhfianaise raon feidhme an togra, dealraíonn sé nach bhfuil údar leis ná nach bhfuil sé comhréireach doiciméid mhíniúcháin a éileamh.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

(a)Tá na heilimintí seo a leanas sa togra chun Treoir 1999/62/CE a leasú:

Airteagal 1(1): Airteagal 2 – Sainmhínithe

I bpointe (a) den sainmhíniú ar ‘fheithicil astaíochtaí nialasacha’, leasaítear an tagairt don sainmhíniú ar fheithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha i Rialachán (AE) 2019/1242 chun tagairt eisiach a dhéanamh do mhótarfheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha sa sainmhíniú nua atá beartaithe, agus gan tagairt a dhéanamh do leantóirí. Áirithítear leis an leasú sin go gcaomhnófar brí an tsainmhínithe reatha agus go mbeidh aicmiú na gcónasc feithiclí tromshaothair d’aicme astaíochtaí CO2 5, i gcomhréir le hAirteagal 7ga(2), bunaithe go heisiach ar an mótarfheithicil.

Sa sainmhíniú ar ‘fheithicil astaíochtaí ísle’, leasaítear pointe (b) chun na grúpaí feithiclí lena mbaineann a shonrú trí thagairt a dhéanamh dóibh siúd a chumhdaítear le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7ga(7). Áirithítear leis an leasú sin go gcaomhnófar brí an tsainmhínithe reatha agus léiríonn sé an struchtúr nua atá beartaithe do Rialachán (AE) 2019/1242. Go deimhin, bunaithe ar an togra a thíolaic an Coimisiún i gcomhthráth, ní shaineoidh Airteagal 2(1) den Rialachán sin na foghrúpaí feithiclí a chumhdaítear leis an Rialachán a thuilleadh.

Leasaítear an sainmhíniú ar ‘chonair laghdaithe astaíochtaí’ chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

an téarmaíocht a chomhchuibhiú leis an téarmaíocht a úsáidtear i bpointe 5.1 nua atá beartaithe d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242;

a infheidhmeacht tar éis 2030 a áirithiú bunaithe ar na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a leagfar amach i Rialachán (AE) 2019/1242 (a luaithe a leasófar é i gcomhréir leis an togra comhthreomhar ón gCoimisiún);

a áirithiú go mbeidh feidhm ag an tagairt d’astaíochtaí tagartha CO2 ó fhoghrúpa mar a shainmhínítear i bpointe 38;

an roinn dheireanach a bhogadh, maidir le coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar luachanna tagartha CO2, go hAirteagal 7ga(1), chun an tam infheidhmeachta céanna a áirithiú maidir le gach aicme astaíochtaí CO2.

Áirithítear leis an leasú sin go gcaomhnófar brí an tsainmhínithe reatha chomh maith lena infheidhmeacht tar éis 2030.

Leasaítear an sainmhíniú ar ‘astaíochtaí tagartha CO2 ó ghrúpa feithiclí’ chun astaíochtaí tagartha CO2’ a shainmhíniú, lena dtagraítear d’fhoghrúpaí agus do ghrúpaí feithiclí araon, chun a shoiléiriú i bpointe (a) go bhfuil feithiclí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242 grúpáilte i bhfoghrúpaí, agus chun na grúpaí feithiclí lena mbaineann i bpointe (b) a shonrú trí thagairt a dhéanamh do na grúpaí sin a chumhdaítear le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7ga(7). Áirithítear leis an leasú sin go gcaomhnófar brí an tsainmhínithe reatha.

Cuirtear isteach na sainmhínithe ar ‘leantóir’ agus ar ‘leathleantóir’ chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar a mhéid a bhaineann leis na téarmaí sonracha sin agus chun raon feidhme na bhforálacha ábhartha a shonrú ar bhealach níos fearr.

Airteagal 1(2): Airteagal 7ga – Éagsúlacht muirear le haghaidh feithiclí tromshaothair

I mír 1 d’Airteagal 7ga, leasaítear an dara fomhír agus scriostar an ceathrú fomhír chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

tagairt a dhéanamh sa dara fomhír d’éagsúlacht na muirear bonneagair agus úsáideora do na haicmí astaíochtaí CO2 uile le haghaidh na bhfoghrúpaí feithiclí uile a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242, agus dá bhrí sin a áireamh san fhomhír sin an tagairt d’fhoghrúpaí a chumhdófar a luaithe a thiocfaidh na leasuithe atá beartaithe ar an Rialachán sin i bhfeidhm agus d’fhoghrúpaí dá dtagraítear faoi láthair sa cheathrú fomhír;

an ceathrú fomhír atá ann faoi láthair a chumasc leis an dara fomhír atá ann faoi láthair;

am infheidhmeachta na héagsúlachta le haghaidh foghrúpaí feithiclí a chumhdaítear faoi láthair le Rialachán (AE) 2019/1242 a chaomhnú trí thagairt shainráite a dhéanamh do na foghrúpaí feithiclí sin agus tríd an 13 Bealtaine 2023 a shonrú mar dheireadh na tréimhse dhá bhliain tar éis fhoilsiú na nastaíochtaí tagartha CO2 sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 11(1) den Rialachán sin, is é sin Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 ón gCoimisiún 9 ;

am infheidhmeachta na héagsúlachta le haghaidh foghrúpaí feithiclí a chumhdófar le Rialachán (AE) 2019/1242 a chaomhnú a luaithe a thiocfaidh na leasuithe ar an Rialachán sin i bhfeidhm, mar a leagtar amach sa cheathrú fomhír atá ann faoi láthair agus sa dara habairt den tríú fomhír atá ann faoi láthair;

a áirithiú gurb ionann am infheidhmeachta na gcoigeartuithe féideartha ar luachanna tagartha CO2 de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/1242 i gcás aicmí astaíochtaí CO2 2, 3 agus 4, mar a leagtar amach sa sainmhíniú atá ann faoi láthair ar ‘chonair laghdaithe astaíochtaí’, agus na hathruithe atá beartaithe ar Airteagal 11(2) á gcur san áireamh.

I mír 1, leasaítear an tríú fomhír chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

na grúpaí feithiclí lena mbaineann a shonrú trí thagairt a dhéanamh dóibh siúd a chumhdaítear le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7ga(7);

am infheidhmeachta astaíochtaí tagartha CO2 na bhfoghrúpaí feithiclí a chumhdófar le Rialachán (AE) 2019/1242 a chaomhnú a luaithe a thiocfaidh na leasuithe ar an Rialachán sin i bhfeidhm;

a shoiléiriú, tar éis raon feidhme Rialachán (AE) 2019/1242 a leathnú chuig feithiclí tromshaothair eile, go mbeidh feidhm ag an éagsúlacht sin maidir le gach aicme astaíochtaí CO2.

Leasaítear mír 7 chun na foghrúpaí feithiclí lena mbaineann a choinneáil ar bun trí thagairt shainráite a dhéanamh do na foghrúpaí feithiclí a chumhdaítear faoi láthair le Rialachán (AE) 2019/1242.

Airteagal 1(3): Airteagal 7gc – Éifeacht leantóirí ar laghdú ar mhuirir bhóthair a chinneadh

Sonraítear in Airteagal 7gc nua na módúlachtaí maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le héagsúlacht na muirear bóthair le haghaidh cónaisc feithiclí de réir éifeacht na leantóirí ar astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí earraí troma. Tá an difreáil bunaithe ar chóimheas éifeachtúlachta na leantóirí, mar a shonraítear in Iarscríbhinn VIII. Leis an bhforáil sin, ba cheart úsáid leantóirí níos éifeachtúla a spreagadh. Sainmhínítear san airteagal cumhachtú an Choimisiúin chun luachanna tairseacha a shainmhíniú le haghaidh éifeachtúlacht leantóirí agus modheolaíocht le haghaidh leantóirí níos sine, nach sanntar cóimheas éifeachtúlachta dóibh.

Airteagal 1(4): Airteagal 7j – Bailiúchán agus íocaíocht dolaí agus muirear úsáideoirí

Leasaítear mír 2a lena áirithiú go mbaileofar agus go n‑íocfar ar bhealach comhleanúnach na heilimintí uile a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le muirir.

Airteagal 1(5): Airteagal 9d – Cumhachtú an Choimisiúin chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

Leasaítear Airteagal 9d chun an Iarscríbhinn VIII nua a leasú chun na tairseacha cóimheasa éifeachtúlachta a chinneadh nó chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Airteagal 1(6): Airteagal 11 – Tuairisciú

Leasaítear pointe (c) de mhír 2 atá ann cheana chun faisnéis maidir le hAirteagal 7gc a chur san áireamh. 

Airteagal 1(7)

Tá an Iarscríbhinn VIII nua nasctha le hAirteagal 7gc atá beartaithe, maidir le héagsúlacht na muirear bóthair le haghaidh cónaisc feithiclí a chinneadh.

(b)Tá an eilimint seo a leanas sa togra chun Treoir (AE) 2019/520 10 a leasú:

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn I chun faisnéis a bhaineann le leantóirí a chur leis chun malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas a éascú.

(c)Tá an eilimint seo a leanas sa togra chun Treoir 1999/37/CE ón gComhairle 11 a leasú:

Airteagal 3

Leasaítear Iarscríbhinn I chun deis a thabhairt don Bhallstát cóimheas éifeachtúlachta na leantóirí agus a n‑aicme leantóra a chur leis an deimhniú clárúcháin feithicle.

2023/0134 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 1999/62/CE, Treoir 1999/37/CE ón gComhairle agus Treoir (AE) 2019/520 a mhéid a bhaineann le haicme astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair le leantóirí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 12 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 13 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le glacadh Threoir (AE) 2022/362 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 neartaíodh an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus an prionsabal ‘íoc mar a úsáidtear’ trí mhuirearú éigeantach a thabhairt isteach ar bhonn astaíochtaí CO2, trí na muirir bhonneagair agus úsáideora a éagsúlú de réir astaíochtaí CO2 feithiclí nó trí mhuirear costas seachtrach a chur i bhfeidhm ar astaíochtaí CO2. Faoi láthair, déantar na muirir bhóthair le haghaidh cónaisc feithiclí ina bhfuil mótarfheithicil agus leantóir a éagsúlú ar bhonn astaíochtaí CO2 na mótarfheithicle, beag beann ar shaintréithe an leantóra nasctha, go háirithe ar a héifeacht ar astaíochtaí CO2 an chónaisc feithiclí.

(2)Cé nach núsáideann leantóir fuinneamh é féin, tá fuinneamh ag teastáil ón mótarfheithicil tarraingthe chun an leantóir a bhogadh. Mar thoradh ar optamú éifeachtúlachta fuinnimh leantóirí, laghdaítear astaíochtaí CO2 ó ghnáthfheithiclí agus méadaítear neamhspleáchas feithiclí. Eascraíonn optamú leantóirí den sórt sin as feabhas a chur ar fheidhmíocht aeraidinimiciúil, ar fhriotaíocht rollta agus ar mheáchan leantóirí. Is é thart ar 7.5 % an acmhainneacht éifeachtúlachta fuinnimh i gcás leantóirí barra tarraingthe agus 15 % i gcás leathleantóirí i gcomparáid le leantóir tagartha na bliana 2020. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag leantóirí i ndícharbónú na hearnála iompair lasta de bhóthar. Mar sin féin, cuirtear bac ar ghlacadh leantóirí níos éifeachtúla sa mhargadh mar gheall ar a bpraghsanna níos airde agus toisc nach raibh ceannaitheoirí leantóirí in ann leantóirí éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile i dtéarmaí a néifeachtúlachta fuinnimh go dtí seo. Is é an toradh a bhíonn air sin infhaighteacht theoranta leantóirí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ar fáil ar an margadh. Tá gairis aeraidinimiciúla ar fáil cheana féin ar an margadh agus beidh siad ar fáil níos mó amach anseo, ach ní úsáidtear iad go coitianta i bhflít reatha an Aontais.

(3)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún 15 , leagtar amach luachanna atá deimhnithe ó thaobh an dlí de maidir le héifeacht leantóirí ar astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí earraí troma. Chun an costas oibríochtúil a bhaineann le leantóirí níos éifeachtúla a laghdú a thuilleadh, ba cheart na rialacha a leagan síos chun éifeacht leantóirí ar astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí earraí troma a áireamh i scéimeanna muirearaithe bóthair bunaithe ar dhifreáil CO2. Ós rud é gur féidir mótarfheithiclí a nascadh le leantóirí éagsúla, ba cheart áireamh na leantóirí i scéimeanna muirearaithe bóithre atá bunaithe ar dhifreáil CO2 a bheith bunaithe ar an leantóir a úsáidtear go hiarbhír.

(4)An leathnú muirearaithe ar bhonn astaíochtaí CO2 chuig leantóirí, ba cheart feidhm a bheith aige maidir le leantóirí a bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 maidir leo. D’fhéadfadh feidhmíocht leantóirí a bheith éagsúil ag brath ar a bparaiméadar teicniúil. Chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht leantóirí ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de, cuirtear feidhmíocht leantóra shonraigh i dtéarmaí acmhainneacht laghdaithe CO2 i gcomparáid le feidhmíocht leantóra tagartha, atá comhchosúil leis a mhéid a bhaineann le cumraíocht acastóirí, ualach uasta ceadaithe acastóirí agus cumraíocht fonnaidh. An cóimheas idir luach an leantóra shonraigh agus luach an leantóra tagartha, sainmhínítear é i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 mar chóimheas éifeachtúlachta. Tá luach cóimheasa éifeachtúlachta níos ísle ná 1 ag leantóirí níos éifeachtaí.

(5)Is féidir ríomh an chóimheasa éifeachtúlachta a bheith bunaithe ar chiliméadair, tonna-chiliméadair nó m3-chiliméadair. Maidir le gach leantóir seachas leantóirí toirtdírithe, ba cheart an cóimheas éifeachtúlachta bunaithe ar thonna-chiliméadair a úsáid. Is iad leantóirí toirtdírithe na leantóirí sin atá deartha go príomha chun earraí toirtiúla a iompar. Ní féidir an cóimheas éifeachtúlachta bunaithe ar thonna-chiliméadair a úsáid le haghaidh leantóirí toirtdírithe toisc go bhfuil friotaíocht rollta agus mais níos airde ag na leantóirí sin ná a macasamhla traidisiúnta. I gcás leantóirí toirtdírithe, ba cheart an cóimheas éifeachtúlachta bunaithe ar m3-chiliméadar a úsáid ina ionad.

(6)Ba cheart aicme astaíochtaí CO2 de chuid cónaisc feithiclí le leantóir níos éifeachtúla a bheith níos airde ná aicme astaíochtaí CO2 na mótarfheithicle léi féin, rud lena dtabharfaí, dá bhrí sin, rochtain ar laghdú níos mó ar mhuirir bhóthair. Ba cheart éifeacht na hacmhainneachta laghdaithe astaíochtaí CO2 atá ag leantóir ar aicme astaíochtaí CO2 de chuid cónaisc feithiclí a bheith bunaithe ar an gcomparáid idir cóimheas éifeachtúlachta an leantóra shonraigh agus tairseacha na gcóimheas éifeachtúlachta dá dtagraítear sa Treoir seo. Foráiltear do thairseacha éagsúla do leathleantóirí agus do leantóirí eile toisc gurb éagsúil an acmhainneacht atá acu astaíochtaí CO2 a laghdú ar bhealach costéifeachtach.

(7)I gcás ina náiríonn an Ballstát éifeacht leantóirí ar astaíochtaí CO2 ó chónaisc feithiclí earraí troma i scéimeanna muirearaithe bóthair ar a chríoch agus ina bhforchuireann sé muirir shonracha ar chónaisc feithiclí a imíonn ó na meáchain uasta agus/nó ó na toisí uasta a leagtar síos i dTreoir 96/53/CE ón gComhairle 16 , ba cheart cead a bheith ag an mBallstát sin laghdú na muirear bóthair a chur i bhfeidhm ar na cónaisc feithiclí sin a úsáideann leantóir amháin ar a laghad atá níos éifeachtúla.

(8)Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir 1999/62/CE a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun na tairseacha cóimheasa éifeachtúlachta a leagtar amach inti a shainmhíniú nó a choigeartú, agus chun modheolaíocht a shainmhíniú chun leantóirí ar a ndearnadh próiseas iarfheistithe a leithdháileadh ar aicmí leantóra, go háirithe na leantóirí sin nár sannadh cóimheas éifeachtúlachta dóibh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362. Ba cheart na tairseacha cóimheasa éifeachtúlachta a shainmhíniú a luaithe a bhaileofar sonraí maidir le héifeachtúlacht leantóirí ar feadh bliain amháin ar a laghad de bhun Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 . Ba cheart na tairseacha cóimheasa éifeachtúlachta a bheith bunaithe ar mheánéifeachtúlacht an fhlít leantóirí nuair a fhoilsítear astaíochtaí tagartha CO2 d’fheithiclí den sórt sin, agus ar an acmhainneacht atá ag leantóirí feabhsuithe éifeachtúlachta a ghiniúint. Ba cheart iad a choigeartú chun dul chun cinn teicniúil agus dul i bhfód méadaitheach teicneolaíochtaí nua a léiriú, amhail leantóirí a bhfuil acastóirí tiomána acu. Sa sainmhíniú ar mhodheolaíocht le haghaidh leantóirí iarfheistithe, ba cheart breithniú a dhéanamh ar shuiteáil trealaimh a fheabhsaíonn a bhfuinneamh, amhail gairis aeraidinimiciúla, is féidir a fhíorú le linn na tástála tréimhsiúla ródacmhainneachta agus ar cheart é a thuairisciú ar an deimhniú ródacmhainneachta, dá dtagraítear i dTreoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 .

(9)D’fhonn a áirithiú go ndearbhaíonn tiománaithe mar is ceart feidhmíocht an leantóra atá nasctha leis an mótarfheithicil agus iad ag baint úsáid as laghdú muirear bunaithe ar astaíochtaí CO2, is gá fianaise ar aicme astaíochtaí an chónaisc feithiclí a sholáthar d’oifigigh forfheidhmithe, arna iarraidh sin dóibh, lena náirítear fianaise lena bhfianaítear feidhmíocht an leantóra. Mura gcuirtear an fhianaise sin ar fáil, bheadh Ballstát i dteideal muirir a ghearradh ar bhonn aicme astaíochtaí na mótarfheithicle amháin.

(10)Chun a áirithiú go ndéanfar éagsúlú na muirear bóthair de réir astaíochtaí CO2 a chur i bhfeidhm go comhleanúnach, is gá Treoir 1999/37/CE ón gComhairle 19 a leasú chun a cheangal, i gcás ina mbeidh sé ar fáil ar a ndeimhniú comhréireachta nó ar an deimhniú ar cheadú feithicle aonair, go léireofar cóimheas éifeachtúlachta leantóirí ar a ndeimhniú clárúcháin. Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil sonraí a bhaineann le héifeachtúlacht leantóirí ar fáil chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit, mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 .

(11)Ina theannta sin, is iomchuí Treoir 1999/62/CE a leasú chun struchtúr nua Rialachán (AE) 2019/1242 a léiriú, arna leasú le [cuir isteach tagairt a luaithe is eol í]. Is é is aidhm do na hathruithe is gá brí reatha na sainmhínithe ar fheithicil astaíochtaí nialasacha, ar fheithicil astaíochtaí ísle, ar astaíochtaí tagartha CO2 agus ar chonair laghdaithe astaíochtaí a chaomhnú, agus ba cheart an ceann deireanach sin a thabhairt cothrom le dáta chun a infheidhmeacht a chomhchuibhiú leis an Rialachán thuasluaite tar éis 2030. Leis na hathruithe sin, ba cheart a chaomhnú freisin an oibleagáid maidir le muirir bhonneagair agus úsáideora a éagsúlú agus an tam óna mbeidh feidhm ag an oibleagáid sin. A mhéid a bhaineann le foghrúpaí feithiclí a chumhdaítear cheana leis an Rialachán, ba cheart a shoiléiriú leis na hathruithe sin, go háirithe, go mbeidh feidhm ag an oibleagáid sin ón 13 Bealtaine 2023, is é sin dhá bhliain tar éis dháta foilsithe Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 ón gCoimisiún 21 , lena sonraítear astaíochtaí tagartha CO2 do na foghrúpaí feithiclí sin. Chun a áirithiú go nglacfar na hathruithe sin go tráthúil i ndáil le dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1242, ba cheart spriocdháta bliana a bhunú chun iad a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta.

(12)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 1999/62/CE, 1999/37/CE agus (AE) 2019/520 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 1999/62/CE

Leasaítear Treoir 1999/62/CE mar a leanas:    

(1)Leasaítear Airteagal 2 (1) mar a leanas:

(a)I bpointe 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) mótarfheithicil tromshaothair dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 11, fophointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*); nó’

(b)I bpointe 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) feithicil tromshaothair ó ghrúpa feithiclí nach gcumhdaítear le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 7ga(7), a bhfuil astaíochtaí CO2 níos ísle ná 50 % d’astaíochtaí tagartha CO2 a grúpa feithiclí aici, nach feithicil astaíochtaí nialasacha í;’;

(c)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 37:

‘(37)    ciallaíonn ‘conair laghdaithe astaíochtaí’, i gcás foghrúpa feithiclí (sg) agus thréimhse tuairiscithe na bliana (Y), is é sin ETsg,Y, táirge an fhachtóra um laghdú astaíochtaí bliantúla CO2 (RETsg,Y) arna iolrú faoi astaíochtaí tagartha CO2 (rCO2sg) an fhoghrúpa (sg), is é sin ETsg,Y = RETsg,Y x rCO2sg; Cinntear RETsg,Y i gcomhréir le pointe 5.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242;’;

(d)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 38:

‘(38)    ciallaíonn ‘astaíochtaí tagartha CO2’:

(a) i gcás foghrúpaí feithiclí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242, an méid a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin;

(b) i gcás grúpa feithiclí a chumhdaítear le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 7ga(7), na hastaíochtaí tagartha CO2 a shonraítear ann, a chomhfhreagraíonn do mheánluach na nastaíochtaí CO2 uile ó fheithiclí sa ghrúpa feithiclí sin, arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (  6  ) don chéad tréimhse tuairiscithe, a thosóidh tar éis an dáta a mbeidh toirmeasc, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/2400, ar fheithiclí sa ghrúpa feithiclí sin a chlárú, a dhíol nó a chur i seirbhís, ar feithiclí iad nach gcomhlíonann na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400;’;

(e)cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(42)    ciallaíonn ‘leantóir’ leantóir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 17 de Rialachán (AE) 2018/858 agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún**;

(43)     ciallaíonn ‘leathleantóir’ leantóir a chomhlíonann an sainmhíniú ar leathleantóir in Airteagal 3, pointe 33 de Rialachán (AE) 2018/858 agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún.’

* Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) Uimh. 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).

** Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmíocht leantóirí tromshaothair maidir leis an tionchar atá acu ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 (IO L 205, 5.8.2022, lch. 145)’;

(2)leasaítear Airteagal 7ga mar a leanas:

(a)I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara, an tríú agus an cheathrú fomhír:

‘Cuirfidh na Ballstáit an t‑éagsúlú sin i bhfeidhm ar na foghrúpaí feithiclí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242 ar bhonn na n‑astaíochtaí tagartha CO2 arna bhfoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán sin. Mar sin féin, i gcás foghrúpaí feithiclí 4-UD, 4-RD, 4-LH, 5-RD, 5-LH, 9-RD, 9-LH, 10-RD, 10-LH, cuirfidh na Ballstáit an t‑éagsúlú sin i bhfeidhm an 13 Bealtaine 2023 ar a dhéanaí. I gcás ina ndéantar astaíochtaí tagartha CO2 a choigeartú de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/1242, beidh feidhm ag na hastaíochtaí tagartha CO2 sin ó thús na chéad tréimhse tuairiscithe eile ar aghaidh.

De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás aicmí astaíochtaí CO2 1, 4 agus 5, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an éagsúlú sin maidir le grúpaí feithiclí a chumhdaítear le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 7 dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme sin. Beidh an t‑éagsúlú bunaithe ar na hastaíochtaí tagartha CO2 a shonraítear ann agus beidh feidhm aige go dtí go bhfoilseofar astaíochtaí tagartha CO2 do na foghrúpaí feithiclí lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/1242. Ó foilsíodh na hastaíochtaí tagartha CO2 i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/1242, cuirfidh na Ballstáit na hastaíochtaí tagartha CO2 sin i bhfeidhm in ionad na n‑astaíochtaí a shonraítear de bhun mhír 7 agus cuirfear an t‑éagsúlú le haghaidh na bhfoghrúpaí feithiclí lena mbaineann i bhfeidhm maidir le gach aicme astaíochtaí.’;

(b)I mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun astaíochtaí tagartha CO2 a shonrú do ghrúpaí feithiclí seachas foghrúpaí 4-UD, 4-RD, 4-LH, 5-RD, 5-LH, 9-RD, 9-LH, 10-RD, 10-LH.’.

(3)cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

Airteagal 7gc

1. Go dtí an 30 Meitheamh 2030, féadfaidh na Ballstáit éifeacht leantóirí ar astaíochtaí CO2 a chónaisc le mótarfheithicil a chur san áireamh agus Airteagal 7ga á chur i bhfeidhm acu. Ón 1 Iúil 2030 ar aghaidh, cuirfidh siad an éifeacht sin san áireamh.

I gcás ina gcuireann Ballstát an chéad fhomhír i bhfeidhm, déanfaidh aicme leantóra an leantóra tarraingthe difear d’aicme astaíochtaí CO2 an chónaisc feithicle dá dtagraítear in Airteagal 7ga (2) i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII.

2. I gcás ina gcuirfidh Ballstát an chéad mhír i bhfeidhm agus, i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (a), ina bhforchuirfidh sé muirir shonracha ar chónaisc feithiclí a imíonn ó na meáchain agus/nó toisí uasta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/53/CE ón gComhairle*, i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Treoir sin, féadfaidh sé laghdú ar mhuirir bhóthair a chur i bhfeidhm ar na cónaisc feithiclí sin a úsáideann leantóir amháin ar a laghad dá sanntar aicme leantóra i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir seo.

Féadfaidh méid an laghdaithe ar an muirear bóthair comhfhreagairt don laghdú a dheonaítear do chónaisc feithiclí nach n‑imíonn ó na meáchain agus/nó toisí uasta.

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9d chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na tairseacha cóimheasa éifeachtúlachta a leagtar síos inti a chinneadh, nó chun iad a choigeartú chun an dul chun cinn teicniúil a léiriú. Beidh a gcéad chinneadh bunaithe ar mheánéifeachtúlacht an fhlít leantóirí nuair a fhoilseofar astaíochtaí tagartha CO2 do na feithiclí sin, agus ar an acmhainneacht atá ag leantóirí feabhsuithe éifeachtúlachta a ghiniúint, agus an acmhainneacht éagsúil idir leathleantóirí agus leantóirí eile á chur san áireamh.

Maidir le haicmí leantóra 1 agus 2 mar a shainaithnítear iad sa tábla in Iarscríbhinn VIII, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena gcinnfear na tairseacha cóimheasa éifeachtúlachta bliain amháin ar a dhéanaí tar éis fhoilsiú na n‑astaíochtaí tagartha CO2 le haghaidh leantóirí i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/1242.

Maidir le haicme leantóra 3 mar a shainaithnítear í sa tábla in Iarscríbhinn VIII, aicme leantóra is infheidhme maidir le leantóirí atá feistithe le gaireas a thacaíonn go gníomhach lena dtiomáint agus nach bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aige nó a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh a astaíonn níos lú ná 5 g CO2/kWh aige, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena gcinnfear na tairseacha cóimheasa éifeachtúlachta tar éis luachanna atá deimhnithe go dlíthiúil do na leantóirí sin a bheith curtha ar fáil.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9d chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun modheolaíocht a leagan síos chun leithdháileadh leantóirí ar aicme leantóra a chinneadh, ar leantóirí iad a iarfheistítear le trealamh lena bhfeabhsaítear a n‑éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe na leantóirí sin a cláraíodh, a díoladh nó a cuireadh i seirbhís roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362.

4. Chun an trealamh dá dtagraítear i mír 3, an ceathrú fomhír, a thaifeadadh, bainfidh na Ballstáit úsáid as mír 10 (faisnéis eile) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/45/AE**.

____________________

* Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59)

** Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51)’;

(4)In Airteagal 7j (2a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás nach mbeidh tiománaí nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑oibreoir iompair nó soláthraí Sheirbhís Dola Leictreonaigh na hEorpa (SDLE), in ann fianaise a sholáthar maidir le haicme astaíochtaí na feithicle chun críocha Airteagal 7g(2), Airteagal 7ga agus Airteagal 7gb, féadfaidh na Ballstáit dolaí nó muirir úsáideora a ghearradh suas go dtí an leibhéal inmhuirearaithe is airde. I gcás nach mbeidh tiománaí nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑oibreoir iompair nó soláthraí Sheirbhís Dola Leictreonaigh na hEorpa (SDLE), in ann fianaise a sholáthar maidir le haicme astaíochtaí an chónaisc feithiclí chun críocha Airteagal 7gc, féadfaidh na Ballstáit dolaí nó muirir úsáideora a ghearradh ar bhonn aicme astaíochtaí na mótarfheithicle.’;

(5)In Airteagal 9d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9e chun an Treoir seo a leasú i ndáil le hIarscríbhinn 0, na foirmlí i bpointí 4.1 agus 4.2 d’Iarscríbhinn IIIa, na méideanna a léirítear sna táblaí in Iarscríbhinní IIIb agus IIIc chun iad a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, agus na tairseacha cóimheasa éifeachtúlachta a léirítear sa tábla in Iarscríbhinn VIII chun iad a chinneadh nó chun iad a choigeartú chun an dul chun cinn teicniúil a léiriú.’;

(6)In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe c:

‘(c) an t‑éagsúlú ar mhuirir bhonneagair nó ar mhuirir úsáideora i gcomhréir le feidhmíocht chomhshaoil feithiclí, de bhun Airteagal 7g, 7ga, 7gb nó 7gc;’;

(7)déantar an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a chur léi mar Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 2

Leasú ar Threoir (AE) 2019/520

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/520, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid I:

‘Cuid I. Sonraí a bhaineann le feithiclí

Ítim

É/R(1) 

Nótaí

Uimhir chlárúcháin

É

 

Uimhir fonnaidh/Uimhir aitheantais feithicle (VIN)

É

 

Ballstát an chlárúcháin

É

 

Branda

É

(D.1(2)) e.g. Ford, Opel, Renault

Cineál tráchtála na feithicle

É

(D.3) e.g. Focus, Astra, Megane

Cód Catagóire AE

É

(J) e.g. móipéidí, gluaisrothair, gluaisteáin

Aicme astaíochtaí Euro

É

e.g. Euro 4, Euro 6

Aicme astaíochtaí CO2

R

is infheidhme maidir le feithiclí tromshaothair

Dáta athaicmithe

R

is infheidhme maidir le feithiclí tromshaothair

CO2 in g/tkm

R

is infheidhme maidir le feithiclí tromshaothair

Toirtdírithe: is ea/ní hea

R

is infheidhme maidir le leantóirí

Cóimheas éifeachtúlachta – bunaithe ar thonna‑chiliméadair (-)...

R

is infheidhme maidir le leantóirí

Cóimheas éifeachtúlachta – bunaithe ar m³‑chiliméadair (-)...

R

is infheidhme maidir le leantóirí

An uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil don fheithicil

É

 

(1)

É = éigeantach má tá sé ar fáil sa chlár náisiúnta, R = roghnach.

(2)

Cód comhchuibhithe an Aontais, féach Treoir 1999/37/CE.

Airteagal 3

Leasú ar Threoir 1999/37/CE

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 1999/37/CE, i bpointe (V) astaíochtaí sceite, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(V.11) Cóimheas éifeachtúlachta:

Maidir le leantóirí neamhthoirtdírithe, cóimheas éifeachtúlachta – tonna-chiliméadar i gcás ina léirítear sin in áit 49.11.2 den deimhniú comhréireachta a shainmhínítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683* ón gCoimisiún nó in áit 49.11.2 den deimhniú ar cheadú feithicle aonair a shainmhínítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

Maidir le leantóirí toirtdírithe, cóimheas éifeachtúlachta – bunaithe ar m3-chiliméadar i gcás ina léirítear sin in áit 49.11.3 den deimhniú comhréireachta a shainmhínítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún nó in áit 49.11.3 den deimhniú ar cheadú feithicle aonair a shainmhínítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

Léirítear an toirtdíriú in áit 49.10 den deimhniú comhréireachta i leith leantóirí tromshaothair a shainmhínítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún nó in áit 49.10 den deimhniú ar cheadú feithicle aonair a shainmhínítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin,

(V.12) Aicme leantóra a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 7gc de Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

___________________

* Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1)’.

Airteagal 4

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi [bliain amháin ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir (AE) 2022/362 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena leasaítear Treoracha 1999/62/CE, 1999/37/CE agus (AE) 2019/520, a mhéid a bhaineann le muirir a ghearradh ar fheithiclí as bonneagar áirithe a úsáid (IO L 69, 4.3.2022, lch. 1)
(2)    Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí as bonneagair bhóthair a úsáid (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42)
(3)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmíocht leantóirí tromshaothair maidir leis an tionchar atá acu ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 (IO L 205, 5.8.2022, lch. 145)
(4)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2018/956. Féach an roinn ‘Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais’ thíos.
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean REPowerEU (COM/2022/230 final)
(6)    Sainmhínítear trealamh ar bord i bpointe 11 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/520 mar seo a leanas: ‘ciallaíonn ‘trealamh ar bord (TAB)’ sraith iomlán na gcomhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí atá le húsáid mar chuid den tseirbhís dolaí atá suiteáilte nó a iompraítear ar bord feithicle chun sonraí a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a ghlacadh agus a tharchur ó chian, mar fhearas ar leithligh nó leabaithe san fheithicil;
(7)    Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59)
(8)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair, a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2018/956, SWD(2023) 88 final
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2021 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra agus meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas agus astaíochtaí tagartha CO2 de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2019 (IO L 167, 12.5.2021, lch. 47)
(10)    Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena néascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas (IO L 91, 29.3.2019, lch. 45).
(11)    Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le clárú doiciméad d’fheithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57)
(12)    IO C […], […], lch. […].
(13)    IO C […], […], lch. […].
(14)    Treoir (AE) 2022/362 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena leasaítear Treoracha 1999/62/CE, 1999/37/CE agus (AE) 2019/520, a mhéid a bhaineann le muirir a ghearradh ar fheithiclí as bonneagar áirithe a úsáid (IO L 69, 4.3.2022, lch. 1)
(15)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmíocht leantóirí tromshaothair maidir leis an tionchar atá acu ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 (IO L 205, 5.8.2022, lch. 145)
(16)    Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59)
(17)    Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin (IO L 173, 9.7.2018, lch. 1)
(18)    Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51)
(19)    Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le clárú doiciméad d’fheithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57)
(20)    Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena néascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas (IO L 91, 29.3.2019, lch. 45).
(21)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2021 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra agus meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas agus astaíochtaí tagartha CO2 de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2019 (IO L 167, 12.5.2021, lch. 47).
Top

An Bhruiséil,4.5.2023

COM(2023) 189 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 1999/37/CE ón gComhairle, agus Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haicme astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair le leantóirí


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN VIII

CRITÉIR AICMITHE UM LEANTÓIRÍ

Sonraítear san Iarscríbhinn seo na critéir athrúcháin ar dá réir a dhéanfar idirdhealú idir aicmí astaíochtaí CO2 de chónaisc feithiclí i gcomhréir le hAirteagal 7gc.

Cineál na feithicle tarraingthe

An cóimheas éifeachtúlachta

Aicme astaíochtaí CO2 na mótarfheithicle i gcomhréir le hAirteagal 7ga gan éifeacht an leantóra a chur san áireamh

An aicme astaíochtaí CO2 a shanntar do chónaisc feithiclí, agus éifeacht an leantóra á cur san áireamh

Aicme an leantóra

Níos lú ná

Nach lú ná

Leathleantóir

ST1

ST2

1

2

1

2

3

Leantóir, seachas leathleantóir

T1

T2

1

2

2

3

Leathleantóir

ST2

ST3

1 nó 2

3

2

Leantóir, seachas leathleantóir

T2

T3

Leathleantóir

ST3

ST4

1, nó 2, nó 3

4

3

Leantóir, seachas leathleantóir

T3

T4

1 Is é atá i gcóimheas éifeachtúlachta leantóra:

1) I gcás leantóirí neamh-thoirtdírithe, an cóimheas éifeachtúlachta – bunaithe ar thonna‑chiliméadair, i gcás ina léirítear sin in áit 49.11.2 den deimhniú comhréireachta mar a shainítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683*1 ón gCoimisiún nó in áit 49.11.2 den deimhniú ar cheadú feithicle aonair a shainítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

2) I gcás leantóirí toirtdírithe, an cóimheas éifeachtúlachta – bunaithe ar m3‑chiliméadair, i gcás ina léirítear sin in áit 49.11.3 den deimhniú comhréireachta feithiclí a shainítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún nó in áit 49.11.3 den deimhniú ar cheadú feithicle aonair a shainítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

Léirítear toirtdíriú na feithicle in áit 49.10 den deimhniú comhréireachta a shainítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún nó in áit 49.10 den deimhniú ar cheadú feithicle aonair a shainítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

*1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1)

Top