AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.4.2023
COM(2023) 185 final
2023/0093(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú
{SWD(2023) 77 final} - {SWD(2023) 78 final}
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023PC0185
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the transfer of proceedings in criminal matters
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú
COM/2023/185 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.4.2023
COM(2023) 185 final
2023/0093(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú
{SWD(2023) 77 final} - {SWD(2023) 78 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Leis an méadú ar an gcoireacht trasteorann, tá ceartas coiriúil an Aontais ag dul i ngleic níos minice le cásanna ina bhfuil dlínse ag roinnt Ballstát an cás céanna a ionchúiseamh. Mar shampla, is féidir coir a ullmhú i mBallstát amháin, agus is féidir an choir chéanna a dhéanamh i mBallstát eile; féadfar déantóirí coire a ghabháil i dtríú Ballstát agus sócmhainní na coire a aistriú chuig an gceathrú Ballstát. Tá an méid sin fíor go háirithe i gcás coireanna a dhéanann grúpaí coiriúla eagraithe, amhail gáinneáil drugaí, smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil ar airm, coireacht chomhshaoil, cibearchoireacht nó sciúradh airgid. Baineann dúshláin le hionchúisimh éagsúla na gcásanna céanna ní hamháin i dtéarmaí comhordú agus éifeachtacht ionchúiseamh coiriúil, ach féadfaidh siad dochar a dhéanamh freisin do chearta agus leasanna daoine aonair agus d’fhéadfadh dúbailt gníomhaíochtaí a bheith mar thoradh orthu. D’fhéadfadh go gcaithfí cosantóirí, íospartaigh agus finnéithe a thoghairm le haghaidh éisteachtaí i roinnt tíortha. Go háirithe, bíonn méadú ar shrianta ar a gcearta agus a leasanna, amhail saorghluaiseacht, i gceist le himeachtaí a thionscnaítear arís. Laistigh den limistéar Eorpach ceartais is iomchuí éifeachtaí díobhálacha den sórt sin a sheachaint, nuair is féidir, agus a áirithiú go seolfar imeachtaí coiriúla sa Bhallstát is oiriúnaí, mar shampla sa Stát inar tharla an mhórchuid den choir.
Tá gá, dá bhrí sin, le rialacha comhchoiteanna chun imeachtaí coiriúla a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile chun an choireacht trasteorann a chomhrac go héifeachtúil agus chun a áirithiú go ndéanfaidh an Ballstát is oiriúnaí imscrúduithe nó go ndéanfaidh sé cion coiriúil a ionchúiseamh. Leis an uirlis um chomhar trasteorann seo chuirfí breisluach ar fáil trí fheidhmiú cuí an limistéir Eorpaigh ceartais a fheabhsú. Chuirfeadh sé, dá bhrí sin, le riaradh éifeachtach agus cuí an cheartais choiriúil sna Ballstáit. D’fhéadfadh rialacha comhchoiteanna den sórt sin cuidiú le cosc a chur ar imeachtaí comhthreomhara neamhriachtanacha i mBallstáit éagsúla maidir leis na fíorais chéanna agus maidir leis an duine céanna, rud a d’fhéadfadh sárú ar bhunphrionsabal an dlí choiriúil, prionsabal atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a bheith mar thoradh air, is é sin nach bhféadfar duine a ionchúiseamh nó a phionósú faoi dhó i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (prionsabal ne bis in idem). Leis na rialacha sin, d’fhéadfadh laghdú teacht freisin ar líon na n‑imeachtaí éagsúla i leith na bhfíoras céanna nó i leith an duine chéanna arna seoladh i mBallstáit éagsúla. Is chun leas ceartas coiriúil éifeachtach freisin a áirithiú gur féidir aistriú imeachtaí coiriúla a dhéanamh nuair a chuirtear moill ar thabhairt suas duine le haghaidh ionchúiseamh coiriúil faoi Bharántas Gabhála Eorpach (‘BGE’) 1 nó go ndiúltaítear é ar chúiseanna amhail go bhfuil imeachtaí comhthreomhara maidir leis an gcion coiriúil céanna ar siúl sa Bhallstát eile. Is é an fáth atá leis seo ná go bhféadfadh aistriú imeachtaí coiriúla a chur ar a chumas don duine atá á ionchúiseamh pionós a sheachaint.
Cé go bhféadfadh gá a bheith le haistriú imeachtaí coiriúla i roinnt cásanna, ní rialaítear le bearta atá ann cheana ar leibhéal an Aontais an cineál comhair seo. Síníodh comhaontú idir Ballstáit an Aontais maidir le haistriú imeachtaí in ábhair choiriúla in 1990 2 , ach níor tháinig sé i bhfeidhm riamh toisc nár daingníodh é.
I mí Iúil 2009, thug Uachtaránacht na Sualainne tionscnamh isteach thar ceann 16 Bhallstát 3 le haghaidh Cinneadh Réime ón gComhairle maidir le haistriú imeachtaí in ábhair choiriúla 4 . Chinn na Ballstáit, áfach, scor den chaibidlíocht nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009 5 .
In éagmais gníomh dlíthiúil sonrach de chuid an Aontais, aistríonn na Ballstáit imeachtaí coiriúla eatarthu féin faoi láthair trí úsáid a bhaint as ionstraimí éagsúla dlí, gan creat dlíthiúil aonfhoirmeach a bheith ann ar fud an Aontais. Ní dhearna ach 13 Bhallstát an creat dlíthiúil idirnáisiúnta is cuimsithí maidir le haistriú imeachtaí coiriúla – an Coinbhinsiún Eorpach maidir le hImeachtaí in Ábhair Choiriúla a Aistriú an 15 Bealtaine 1972 – a dhaingniú agus a chur i bhfeidhm. Úsáideann formhór na mBallstát Airteagal 21 6 den Choinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla an 20 Aibreán 1959 7 mar shásra chun a iarraidh go ndéanfaí amhrastach i bpáirtí eile sa Choinbhinsiún a ionchúiseamh. Maidir leis an gcineál seo comhair, áfach, tá an nós imeachta aistrithe neamhrialaithe den chuid is mó. Áirítear ar bhunúis dlí eile comhair sa réimse seo dlíthe náisiúnta, comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó prionsabal na cómhalartachta.
Ina tuarascáil i mí Bealtaine 2019 ar an mbealach chun cinn i réimse an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha in ábhair choiriúla 8 , mhol Uachtaránacht na Rómáine go ndéanfaí tuilleadh iniúchta ar an ngá atá le togra reachtach maidir le haistriú imeachtaí coiriúla. I mí na Nollag 2020, d’iarr an Chomhairle, ina conclúidí maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach 9 , ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh ionstraim de chuid an Aontais maidir le haistriú imeachtaí coiriúla indéanta agus an mbeadh breisluach ag baint leis. D’ardaigh Eurojust agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach freisin 10 roinnt saincheisteanna dlí agus praiticiúla atá roimh na n‑údarás in éagmais rialacha coiteanna agus nósanna imeachta soiléire, agus d’iarr siad ionstraim de chuid an Aontais sa réimse seo.
In éagmais comhchreat dlí agus mar gheall ar dhifríochtaí i gcórais náisiúnta ceartais choiriúil na mBallstát, is é sin cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an inniúlacht ag údaráis ionchúisimh Ballstáit staonadh ó ionchúiseamh a thionscnamh nó cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé de dhualgas orthu gach coir a thagann faoina n‑inniúlacht a ionchúiseamh, tá go leor saincheisteanna dlí agus praiticiúla ag baint le haistrithe imeachtaí coiriúla. Is léir ó thaithí phraiticiúil go gcuirtear bac ar éifeachtúlacht an nós imeachta aistrithe, go háirithe, mar gheall ar mhoill mhíchuí agus easpa cumarsáide idir údaráis. Tugadh aird faoi leithar ionchúiseamh neamhéifeachtach mar fhadhb, toisc nach dtarlaíonn aistrithe imeachtaí coiriúla i gcónaí nuair a bheadh siad ar mhaithe leis an gceartas, mar shampla i gcásanna ina ndearnadh an cion coiriúil i mBallstát amháin, ach go bhfuil an t‑íospartach agus an t‑amhrastach beirt lonnaithe i mBallstát eile. Ina theannta sin, d’fhéadfadh nach mbeadh dlínse ag an Stát iarrtha cás a ionchúiseamh, mura bhféadfaí aon nascfhactóir maidir le dlínse a shuí. Go háirithe, i gcásanna ina gcuirtear moill ar thabhairt suas duine faoi BGE nó ina ndiúltaítear é, d’fhéadfadh sé fiú go mbeadh saoirse ó phionós ann mar thoradh ar an easpa dlínse chun an cás a ionchúiseamh sa Stát iarrtha. D’fhéadfadh moill a bheith ar imeachtaí coiriúla de bharr nósanna imeachta aistrithe fada, agus úsáid neamhéifeachtúil acmhainní daonna agus airgeadais a bheith mar thoradh ar na saincheisteanna atá luaite, amhail imeachtaí a bheidh ar siúl go comhthreomhar in dhá Bhallstát nó níos mó. Ina theannta sin, d’fhéadfadh éiginnteacht dhlíthiúil agus cosaint neamhleor ar chearta na ndaoine aonair lena mbaineann a bheith mar thoradh ar dhifríochtaí idir córais náisiúnta maidir le seasamh, cearta agus leasanna amhrastach, daoine cúisithe agus íospartach i gcásanna aistrithe.
Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, chinn an Coimisiún ionstraim nua a mholadh maidir le haistriú imeachtaí coiriúla. Tá an tionscnamh seo san áireamh i gclár oibre 2022 an Choimisiúin 11 . Tá ceithre chuspóir ag an togra, is iad sin:
(1)feabhas a chur ar riar éifeachtúil agus cuí an cheartais choiriúil san Aontas Eorpach;
(2)feabhas a chur ar urramú na gceart bunúsach sa phróiseas aistrithe imeachtaí coiriúla;
(3)feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus deimhneacht dhlíthiúil aistrithe imeachtaí coiriúla; agus
(4)aistrithe imeachtaí coiriúla a chumasú, i gcás inar ar mhaithe leis an gceartas iad, ach nach féidir iad a dhéanamh idir na Ballstáit faoi láthair, agus feiniméan na saoirse ó phionós a laghdú.
•Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana
Leagtar amach i gCinneadh Réime 2009/948/CGB 12 ón gComhairle nós imeachta maidir le malartú faisnéise agus maidir le comhairliúcháin dhíreacha idir údaráis inniúla chun réiteach éifeachtach a bhaint amach agus chun aon iarmhairtí díobhálacha a eascraíonn as imeachtaí comhthreomhara a sheachaint. Ar an gcaoi chéanna, i ndlíthe eile an Aontais a bhaineann le hábhair choiriúla, go háirithe dlíthe maidir le cineálacha sonracha coireachta, amhail an sceimhlitheoireacht a chomhrac (Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle) agus dlíthe maidir le coireacht eagraithe (Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle), leagtar amach na tosca atá le cur san áireamh chun imeachtaí a lárú i mBallstát amháin nuair is féidir le níos mó ná Ballstát amháin ionchúiseamh bailí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras céanna. Ní rialaítear leis na gníomhartha dlí seo áfach an nós imeachta maidir le haistriú imeachtaí coiriúla, rud a d’fhéadfadh a bheith ina réiteach riachtanach i gcásanna den sórt sin.
Tá príomhról ag Eurojust, go háirithe, maidir le réamhtheagmhálacha agus comhairliúcháin a éascú agus saincheisteanna dlínse a réiteach. Féadfaidh Eurojust iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann glacadh leis go bhféadfadh ceann amháin acu a bheith i riocht níos fearr chun tabhairt faoi imscrúdú nó cionta sonracha a ionchúiseamh. Tá sé d’oibleagáid ar na húdaráis náisiúnta inniúla freisin Eurojust a chur ar an eolas faoi chásanna inar tháinig coinbhleachtaí dlínse chun cinn nó inar dócha go dtiocfaidh siad chun cinn. Tá cuspóirí an togra seo comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2018/1727 maidir le Eurojust 13 . Ina theannta sin, tá treoirlínte foilsithe ag Eurojust maidir le ‘Cén dlínse ar cheart ionchúiseamh a dhéanamh? 14 . Trí thosca a mholadh atá le cur san áireamh i gcásanna ildhlínse, tá na treoirlínte seo ag cuidiú le húdaráis náisiúnta inniúla a chinneadh cén dlínse is fearr is féidir ionchúiseamh a dhéanamh i gcásanna trasteorann.
Cumhdaíonn ionstraimí de chuid an Aontais um chomhar breithiúnach trasteorann in ábhair choiriúla aithint breithiúnas agus cinntí breithiúnacha maidir leis na nithe seo a leanas: (i) pianbhreitheanna a fhorfheidhmiú 15 , (ii) daoine aonair a thabhairt suas faoi Bharántas Gabhála Eorpach; (iii) bailiú fianaise trí Ordú Imscrúdaithe Eorpach 16 ; chomh maith leis na nósanna imeachta maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, go háirithe, malartuithe faisnéise gan choinne 17 , agus imscrúduithe coiriúla a dhéanamh trí Fhoireann Chomhpháirteach Imscrúdaithe 18 . Dá nglacfaí le rialacha comhchoiteanna maidir le haistriú imeachtaí coiriúla, chomhlánófaí reachtaíocht an Aontais maidir le comhar breithiúnach trasteorann, go háirithe trí iarracht a dhéanamh an baol ó phionós a sheachaint dá ndéanfaí duine a iomardú faoi GBE a thabhairt suas chun ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh a dhiúltú. Féadfar iarrataí faoin Rialachán seo atá beartaithe a eisiúint maidir le haon chion coiriúil. Dá bhrí sin, féadfaidh aistriú imeachtaí coiriúla rogha eile úsáideach a sholáthar in ionad BGE a eisiúint, má bhíonn sé sin díréireach nó dodhéanta, mar shampla toisc nach gcomhlíontar na tairseacha pionóis. Más rud é, tar éis an creat dlí atá beartaithe a ghlacadh, go roghnóidh údaráis níos minice imeachtaí coiriúla a aistriú, d’fhéadfadh laghdú teacht ar úsáid nósanna imeachta GBE. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh laghdú ar úsáid an Ordaithe Maoirseachta Eorpaigh 19 a bheith mar thoradh air, ar ordú é lena gceadaítear d’amhrastaigh a bheith faoi réir beart maoirseachta ina mBallstát baile go dtí go dtarlaíonn an triail i mBallstát eile, in ionad iad a choimeád roimh a dtriail.
Tógann an togra ar rialacha íosta de chuid an Aontais atá ann cheana maidir le cearta do dhaoine aonair i nós imeachta coiriúil, ar cearta iad a glacadh chun iontaoibh na mBallstát as córais ceartais choiriúla a chéile a neartú agus ar an gcaoi sin aitheantas frithpháirteach do chinntí in ábhair choiriúla a éascú: na sé threoir maidir le cearta nós imeachta 2010/64/AE 20 , 2012/13/AE 21 , 2013/48/AE 22 , 2016/343 23 , 2016/800 24 agus 2016/1919 25 , agus Treoir 2012/29/AE Treoir maidir le Cearta Íospartach 26 .
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ceanglaítear ar na Ballstáit le Clár na Háige an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas san Aontas Eorpach a neartú 27 ionas go mbreithneoidh siad féidearthachtaí chun an t‑ionchúiseamh a dhíriú ar chásanna iltaobhacha trasteorann i mBallstát amháin, d'fhonn éifeachtúlacht na n‑ionchúiseamh a mhéadú agus riar cuí an cheartais á ráthú an tráth céanna.
Leis an gClár beart chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí in ábhair choiriúla a chur chun feidhme 28 , éilítear ionstraim lena bhféadfar imeachtaí coiriúla a aistriú chuig Ballstáit eile.
Sna conclúidí ón gComhairle i mí na Nollag 2020 maidir leis ‘An mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta eiseachadta – na dúshláin reatha agus an bealach chun cinn’ iarrtar ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar thogra reachtach a ullmhú.
Is cuid de straitéis 2021-2025 an Aontais é an togra chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe 29 .
Is uirlis riachtanach é gairmithe ceartais a chur faoi oiliúint i ndlí an Aontais chun a áirithiú go gcuirtear an dlí i bhfeidhm i gceart agus go héifeachtach. Chun gairmithe ceartais a ullmhú, iad a chur in oiriúint do dhúshláin an 21ú haois, agus iad a choinneáil cothrom le dáta maidir le forbairtí i ndlí an Aontais, ghlac an Coimisiún Straitéis Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach le haghaidh 2021-2024 30 . Is é is cuspóir don straitéis a áirithiú go bhfaigheann gairmithe ceartais oiliúint maidir le forbairtí i ndlí an Aontais. I gcomhréir leis an straitéis sin, bheadh gá oiliúint gach gairmí ceartais a eagrú go luath tar éis ghlacadh an togra seo, chun a áirithiú go gcuirfí uirlisí nua digiteacha i bhfeidhm go rianúil agus go ndéanfaí iad a úsáid i gceart.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 82(1)(b) agus (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí do gníomhaíocht an Aontais. Leagtar amach san Airteagal seo inniúlacht an Aontais bearta a bhunú, chun comhar idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha de chuid na mBallstát maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a éascú agus chun coinbhleachtaí dlínse idir na Ballstáit a chosc agus a réiteach.
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
I gcomhréir le hAirteagal 1 go 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na hÉireann, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, féadfaidh Éire fógra a thabhairt i scríbhinn d’Uachtarán na Comhairle gur mian léi a bheith rannpháirteach le linn aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, i gcás ina mbeidh sí i dteideal déanamh amhlaidh. Ní mór an fógra a chur faoina bhráid laistigh de 3 mhí tar éis an togra nó an tionscnamh a chur i láthair na Comhairle faoi Theideal V, Cuid 3, CFAE.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Faoi Airteagal 4(1)(j) den CFAE, roinntear an inniúlacht bearta a ghlacadh sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais idir an tAontas agus na Ballstáit. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit gníomhú leo féin chun aistriú imeachtaí coiriúla a rialáil.
Mar sin féin, ní féidir le Ballstáit, ag gníomhú ina n‑aonar dóibh, creat dlíthiúil maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a bhaint amach go leordhóthanach agus go barrmhaith ós rud é gur ábhar trasteorann é. Is léir é sin sa chreat dlíthiúil ilroinnte atá ann faoi láthair, a chruthaíonn dúshláin ó thaobh an dlí agus dúshláin phraiticiúla. Ní thabharfadh comhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit aghaidh ar na fadhbanna ach oiread, toisc go mbeadh gá le comhaontuithe den chineál seo ar deireadh idir na Ballstáit go léir.
Deimhnítear leis na freagraí ar na comhairliúcháin spriocdhírithe poiblí gur dócha go dtiocfaidh torthaí níos fearr ar ghníomhaíocht Aontais sa réimse seo ná ar ghníomhaíocht na mBallstát.
Tá sé aitheanta ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa araon go gceanglaítear leis na dúshláin seo gníomhaíocht thar an leibhéal náisiúnta. I gConclúidí na Comhairle i mí na Nollag 2020 31 iarradh ar an gCoimisiún togra nua a bhreithniú, agus i Rún ó Pharlaimint na hEorpa i mí na Nollag 2021 32 iarradh freisin ar an gCoimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh.
I bhfianaise ghné thrasteorann na bhfadhbanna atá leagtha amach thuas, is gá an togra a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun na cuspóirí a bhaint amach.
•Comhréireacht
Leagtar síos leis an togra rialacha faoina bhféadfaidh údarás inniúil san Aontas iarraidh imeachtaí coiriúla a ghlacadh chuige féin, más rud é go gcuirfeadh sé sin le riar éifeachtach agus cuí an cheartais agus ar choinníoll go n‑urramaítear leis critéir bhunaithe. Ar fud an téacs atá beartaithe, is iad na roghanna a roghnaítear ná na roghanna is lú cunórtas maidir le córais náisiúnta cheartais choiriúil na mBallstát, agus aird á tabhairt go háirithe go bhfuil ionchúiseamh éigeantach faoi chuid de na córais dlí (prionsabal na dlíthiúlachta) agus faoi chórais eile tá discréid ag an ionchúisitheoir gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcás nach bhfuil sé sin chun leas an phobail (prionsabal na ndeiseanna).
Tá an togra teoranta d’iarrataí a eisítear in imeachtaí coiriúla. Is féidir iarrataí a eisiúint maidir le haon chion coiriúil agus dá bhrí sin chomhlánódh aistriú imeachtaí coiriúla an córas um thabhairt suas daoine aonair faoi BGE agus d’fhéadfadh go mbeadh rogha eile úsáideach ann seachas GBE a eisiúint má bhíonn sé sin díréireach nó dodhéanta, mar shampla toisc nach gcomhlíontar na tairseacha pionóis. Tugann an togra rogha leordhóthanach freisin don údarás iarrtha iarratas a dhiúltú, go háirithe má mheasann sé nach bhfuil an t‑aistriú ar mhaithe le riar éifeachtach cuí an cheartais. Ina theannta sin, ní fhorchuirtear leis aon oibleagáid ar an údarás iarrtha cion coiriúil a ionchúiseamh.
Leagtar amach ann riail nach bhféadfar gan glacadh le fianaise in imeachtaí coiriúla sa Stát iarrthach, ar fianaise í a aistrítear ón Stát iarrthach ar an bhforas amháin gur bailíodh an fhianaise sin i mBallstát eile, ach ní dhéanann an Rialachán seo difear don chumhacht atá ag cúirt na trialach measúnú gan srian a dhéanamh ar an bhfianaise. Chuige sin, leanann an togra rialacha atá leagtha síos cheana i Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 33 .
Foráiltear leis an Rialachán seo do dhlínse i gcásanna sonracha chun a áirithiú gur féidir leis an Stát iarrtha dlínse a fheidhmiú i dtaca leis na cionta a bhfuil dlí an Stáit iarrthaigh infheidhme maidir le himeachtaí coiriúla atá le haistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ní féidir an dlínse a fheidhmiú ach amháin, ar iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla, nuair a cheanglaítear sin chun go mbeidh riar éifeachtúil cuí an cheartais ann.
Ní théann an togra, dá bhrí sin, thar an íosmhéid a cheanglaítear chun an cuspóir atá sonraithe a ghnóthú ar leibhéal an Aontais agus an méid is gá chun na críche sin.
•An rogha ionstraime
Toisc go mbaineann an togra le nósanna imeachta trasteorann, i gcás ina bhfuil gá le rialacha aonfhoirmeacha, molann an Coimisiún Rialachán mar an ionstraim dlí. Tá Rialachán infheidhme go díreach i ngach Ballstát agus ina cheangal go huile agus go hiomlán. Dá bhrí sin ráthaíonn sé sin go gcuirfidh na Ballstáit go léir na rialacha i bhfeidhm ar an mbealach céanna agus go dtiocfaidh na rialacha i bhfeidhm an tráth céanna. Áirithítear leis deimhneacht dhlíthiúil trí léirmhínithe éagsúla idir na Ballstáit a sheachaint, rud a sheachnaíonn ilroinnt dhlíthiúil agus saincheisteanna eile a dhéanann difear do d’aistriú imeachtaí coiriúla faoi láthair.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Agus an togra á ullmhú, rinne an Coimisiún comhairliúcháin fhairsinge in 2021 agus 2022. Díríodh na comhairliúcháin ar raon leathan páirtithe leasmhara ag feidhmiú mar ionadaithe do shaoránaigh, údaráis phoiblí, lucht acadúil agus leasghrúpaí ábhartha eile. Sna comhairliúcháin sin bhí (i) aiseolas poiblí maidir leis an ngairm ar fhianaise; (ii) comhairliúchán poiblí oscailte; (iii) comhairliúcháin spriocdhírithe le húdaráis na mBallstát, le Eurojust, leis an Líonra Breithiúnach Eorpach, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, le Europol, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha; (iv) cruinniú le saineolaithe d’údaráis na mBallstát agus (v) cruinniú le Grúpa Saineolaithe de chuid an Choimisiúin maidir leis an dlí coiriúil.
Tríd is tríd, táthar ar aon intinn, go ginearálta, gur cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ann faoi láthair maidir le haistrithe imeachtaí coiriúla trí ionstraim reachtach nua a ghlacadh. Tugadh le fios arís agus arís eile go bhfuil gá le nós imeachta trasteorann níos éifeachtúla agus go bhfuil roinnt saincheisteanna os comhair na n‑údarás sa staid ina bhfuil cúrsaí dlí faoi láthair a thagann as easpa maidir le nósanna imeachta coiteanna soiléire, amhail easpa cumarsáide, moill mhíchuí i dtaca le nósanna imeachta aistrithe, costais arda maidir le haistriúchán doiciméad agus iarrataí gan údar ar aistriú.
Leis an aiseolas a fuarthas múnlaíodh ullmhú an togra agus an doiciméid inmheánaigh oibre a ghabhann leis. Tá achoimre mhionsonraithe ar thoradh na gcomhairliúchán a rinne an Coimisiún curtha san áireamh leis an doiciméad inmheánach oibre.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Taobh amuigh de na comhairliúcháin thuasluaite a rinneadh le páirtithe leasmhara, bhailigh agus d’úsáid an Coimisiún saineolas ó fhoinsí eile.
Go háirithe, baineann an togra leas as tuarascálacha ó Eurojust agus ón Líonra Breithiúnach Eorpach 34 .
Cuirtear san áireamh freisin sa togra torthaí tionscadail taighde ar aistriú imeachtaí coiriúla san Aontas 35 le comhchistiú ón gCoimisiún Eorpach faoin gclár Ceartais.
• Doiciméad inmheánach oibre
Tá doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ag gabháil leis an togra 36 , doiciméad ina bhfuil tuairisc mhionsonraithe ar an bhfadhb agus ina leagtar amach cuspóirí an togra. Déantar anailís ann freisin ar an réiteach atá beartaithe i dtéarmaí a éifeachtachta agus éifeachtúlachta, cearta bunúsacha agus a chomhleanúnachais le hionstraimí eile um chomhar breithiúnach trasteorann de chuid an Aontais.
Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair don tionscnamh seo go príomha mar gheall ar easpa roghanna réalaíocha agus tionchair theoranta ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí 37 . Baintear de thátal foriomlán as sa doiciméad inmheánach oibre go bhfuil coinne leis go gcuirfidh an togra go suntasach le héifeachtacht aistrithe imeachtaí coiriúla ar bhealaí éagsúla, toisc go ndéanfaí na nithe seo a leanas leis: (i) an tslándáil a fheabhsú trí inniúlachtaí chun imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar choireanna agus pionóis a ghearradh ina leith; (ii) moill ar an nós imeachta aistrithe a laghdú; (ii) aistrithe imeachtaí coiriúla a chumasú i gcás nach ndéantar sin faoi láthair; agus (iv) cur leis an deimhneacht dhlíthiúil.
Trí nós imeachta iomlán a shuí maidir le cinneadh a iarraidh agus a ghlacadh i ndáil le haistriú imeachtaí coiriúla lena ngabhann liosta critéar comhchoiteann, liosta cuimsitheach foras le haghaidh diúltú agus oibleagáidí soiléire chun freagairt, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar líon na n‑imeachtaí coiriúla a aistreofar go rathúil de thoradh an togra. Sholáthrófaí le creat dlíthiúil cuimsitheach deimhneacht dhlíthiúil níos fearr le haghaidh na bpáirtithe leasmhara uile lena mbaineann agus laghdófaí leibhéal na hilroinnte.
Tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach aige ar shaoránaigh. I gcás ina mbeadh daoine ina bpáirtithe in imeachtaí coiriúla, bíodh sin mar dhaoine atá faoi dhrochamhras nó mar íospartaigh, chuideodh creat dlíthiúil comhchoiteann le cóngaracht na n‑imeachtaí a áirithiú, le go dtarlóidís i mBallstát a náisiúntachta/ina mBallstát cónaithe, dá mba bhféidir é. Cé nach mbeidh feidhm aige seo i ngach cás, ós rud é go mbeidh sé ag brath ar chomhthéacs gach cáis (e.g. roinnt daoine atá faoi dhrochamhras nó íospartaigh ó Bhallstáit éagsúla), tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach aige orthu ar an iomlán.
Maidir le bunú an chórais TF díláraithe, tá coinne leis go mbeidh cumarsáid níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí idir na húdaráis dá bharr. Tá sé beartaithe go sábhálfar am agus airgead do na húdaráis leis an uirlis leictreonach sin. Leis an gcóras TF díláraithe, d’fhéadfaí dlús a chur faoin sreabhadh faisnéise i measc a úsáideoirí, mhéadófaí slándáil na sonraí malartaithe agus chuirfí leis an trédhearcacht. Is féidir a bheith ag súil go mbeidh tionchar dearfach comhshaoil ag úsáid an chainéil dhigitigh, mar gheall ar níos lú páipéir agus poist a úsáid. Ina theannta sin, tá coinne le tionchair dhearfacha maidir le simpliú agus ualaí riaracháin.
•Cearta bunúsacha
Ní hamháin go bhfuil sé deacair imeachtaí comhthreomhara i leith na coireachta céanna, atá ar siúl an tráth céanna i mBallstáit éagsúla, a chomhordú agus a chúiseamh go héifeachtach, ach cruthaítear leo ualaí neamhréireacha le haghaidh na ndaoine lena mbaineann, a bhíonn faoi réir nósanna imeachta dúbailte agus srianta iomadúla ar a gcearta agus leasanna de bharr barántais ghabhála éagsúla, cuardaigh éagsúla agus ceistiúcháin éagsúla a dhéantar in dhá Bhallstát nó níos mó. Tá an baol ann leis sin freisin go mbrisfí bunphrionsabal an dlí choiriúil, nach féidir duine a chúiseamh agus pionós a ghearradh air faoi dhó as an gcion céanna. Trí aistrithe imeachtaí coiriúla idir na Ballstáit a éascú, is é is aidhm don togra sáruithe den sórt sin a chosc agus a áirithiú go gcomhchruinnítear le chéile nósanna imeachta sa Bhallstát is fearr chun ionchúiseamh a dhéanamh. Agus líon na réamhthagairtí do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag méadú le blianta beaga anuas, cruthaítear, trí shoiléirithe a lorg ar an léirmhíniú ar phrionsabal ne bis in idem faoi dhlí an Aontais, gur dócha go dtarlóidh imeachtaí comhthreomhara, as a bhféadfaidh sáruithe ar an bprionsabal teacht chun cinn, sa chleachtas agus is minic go mbíonn sé deacair iad a shainaithint agus a réiteach. Léirítear é sin freisin i gcásobair Eurojust 38 , ina dtugtar faoi deara go minic, i gcás ina dtugann údaráis náisiúnta faoi deara gur ann d’imeachtaí comhthreomhara a bhfuil na fíorais chéanna agus atá in aghaidh an duine chéanna i mBallstát eile, gurb é aistriú imeachtaí coiriúla an réiteach fíor‑riachtanach chun sáruithe ar an bprionsabal ne bis in idem a sheachaint agus chun Airteagal 50 den Chairt agus Airteagal 54 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme a chomhlíonadh.
Cuimsítear leis an togra roinnt deimhnithe chun urraim do chearta bunúsacha na ndaoine aonair a bhfuil baint acu leis an nós imeachta aistrithe a áirithiú. Áirithítear leis an idirghabháil ó údarás breithiúnach, i gcás ina ndéantar iarraidh ar aistriú sa Stát iarrthach agus sa Stát iarrtha, go ndearnadh dlíthiúlacht an bhirt a sheiceáil agus nach dtéann an t‑iarratas i bhfeidhm go míchuí ar chearta bunúsacha. Ceanglaítear ar an údarás iarrthach a áirithiú sa chás ar leith go gcomhlíontar na critéir maidir le himeachtaí coiriúla a aistriú. Thairis sin, ní mór dul i gcomhairle leis an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, chomh maith le híospartaigh a chónaíonn sa Stát iarrthach, maidir leis an aistriú atá beartaithe agus ní mór deis a thabhairt dóibh a dtuairim a chur in iúl i dteanga a thuigeann siad. Cuirtear daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine atá cúisithe, chomh maith le híospartaigh a chónaíonn sa Stát iarrthach, cuirtear ar an eolas iad maidir leis an gcinneadh, cé acu is ceart nó nach ceart dóibh glacadh le haistriú na n‑imeachtaí coiriúla, chomh maith leis na réitigh atá ar fáil chun agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh maidir le glacadh leis an aistriú. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag eisceachtaí maidir leis an oibleagáid chomhairliúcháin agus maidir leis an oibleagáid chun faisnéis a sholáthar faoin gcinneadh a glacadh i gcás ina bhféadfaidh sé sin dochar a dhéanamh do rúndacht an imscrúdaithe. Foráiltear go sonrach leis an togra an ceart maidir le leigheas éifeachtach le haghaidh daoine atá faoi dhrochamhras, daoine cúisithe agus íospartach in aghaidh an chinnidh maidir le glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla. Coimirce bhreise is ea an t‑athbhreithniú a dhéanfaidh údarás breithiúnach sa chás seo. Tá forais ann freisin le haghaidh diúltú bunaithe ar neamh‑urraim don phrionsabal ne bis in idem, chomh maith le neamh‑urraim do dhíolúintí agus pribhléidí. Thairis sin, mar bheart ginearálta coimirce, sonraítear go sainráite sa togra nár cheart a fhorálacha a léirmhíniú ar bhealach a mbeadh sé d’éifeacht acu an oibleagáid a mhodhnú maidir leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail dlí, mar a chumhdaítear in Airteagal 6 de CAE iad, a urramú.
Ar deireadh, ós rud é go rialaítear aistriú imeachtaí coiriúla leis an togra, tá feidhm ag na coimircí nós imeachta uile um an dlí coiriúil maidir leis na himeachtaí coiriúla sin. Áirítear leis sin, go háirithe, an ceart chun trialach córa agus cearta cosanta, mar a chumhdaítear in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Airteagail 47 agus 48 den Chairt. Áirítear leis sin freisin an reachtaíocht ábhartha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le cearta nósanna imeachta do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, is é sin Treoracha 2010/64/AE, 2012/13/AE, 2013/48/AE, 2016/343, 2016/800 agus 2016/1919. Trí chaighdeáin íosta um chosaint in imeachtaí coiriúla a bhunú ar fud an Aontais, leanann muinín mhéadaithe i gcórais ceartais choiriúil na mBallstát uile na Treoracha seo, agus, dá réir sin, áirithítear comhar breithiúnach níos éifeachtúla i dtimpeallacht a bhfuil muinín fhrithpháirteach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Féadann Ballstáit costais aonuaire a thabhú chun dul in oiriúint do rialacha nua an Rialacháin, go sonrach na costais a eascraíonn as an ngá breithiúna, ionchúisitheoirí agus údaráis inniúla eile a chur faoi oiliúint maidir leis na rialacha nua. Tá coinne leis go mbainfidh na príomhchostais athfhillteacha le costais aistriúcháin na ndoiciméad cáschomhad. Tá coinne leis, áfach, gur mó, de bheagán, na gnóthachain éifeachtúlachta agus an coigilteas costais a thiocfadh de bharr an Rialacháin, ná na costais aistriúcháin sin.
Bheadh tionchar freisin ag forálacha an togra maidir le cumarsáid leictreonach tríd an gcóras TF díláraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) ../... [an Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] 39 ar bhuiséad an Aontais. Bheadh na costais seo beag, costais atá le cumhdach faoi bhuiséad an chláir um Cheartas, toisc nach mbeadh gá ann an córas TF díláraithe a fhorbairt as an nua, ach go bhforbrófaí é le haghaidh roinnt mhaith uirlisí, de chuid an Aontais, maidir leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla faoin [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach], gan gá ach le ceartúcháin bheaga a dhéanamh ar an nós imeachta a chuirtear chun cinn leis an togra seo.
Thabhódh Ballstáit roinnt costas freisin le pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a shuiteáil agus a choinneáil ar bun ar a gcríoch agus lena gcórais TF náisiúnta a choigeartú le go mbeidís idir‑inoibritheach leis na pointí rochtana. Mar a tugadh ar aird, áfach, bheadh an chuid ba mhó de na hinfheistíochtaí airgeadais sin déanta cheana féin i gcomhthéacs an chlaochlaithe dhigitigh ar ionstraimí eile an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla. Ina theannta sin, bheadh Ballstáit in ann iarratas a dhéanamh ar dheontais leis na costais sin a mhaoiniú de réir chlár airgeadais ábhartha an Aontais, go sonrach cistí an bheartais chomhtháthaithe agus an Clár um Cheartas.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá Rialachán infheidhme go díreach i ngach Ballstát, gan gá lena thrasuí isteach sa dlí náisiúnta ar dtús. Tá oibleagáidí iomchuí monatóireachta, meastóireachta agus tuairiscithe á mbeartú sa togra.
Eagróidh an Coimisiún cruinnithe saineolaithe na mBallstát chun plé a dhéanamh ar na fadhbanna a eascraíonn as aistriú imeachtaí coiriúla. Beidh ról tábhachtach ag Eurojust agus ag an nGréasán Breithiúnach Eorpach sa nós imeachta aistrithe. Is féidir úsáid a bhaint as na fóraim seo, chomh maith leis na líonraí gairmiúla eile, chun aiseolas a bhailiú ó chleachtóirí (údaráis phoiblí na mBallstát) faoi thaithí agus fadhbanna maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin.
Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 5 bliana tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme. Beidh an tuarascáil seo bunaithe ar an ionchur ó údaráis na mBallstát agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, i measc foinsí eile.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá cúig Chaibidil sa togra: (i) forálacha ginearálta; (ii) aistriú imeachtaí coiriúla; (iii) éifeachtaí maidir le haistriú imeachtaí coiriúla; (iv) modhanna cumarsáide; agus (iv) forálacha críochnaitheacha.
CAIBIDIL I: Forálacha ginearálta
Is in Airteagal 1 a leagtar amach ábhar an togra. Leagtar síos leis an togra na rialacha faoina bhféadfaidh Ballstát imeacht coiriúil a ghlacadh ar láimh arna iarraidh sin ag Ballstát eile. Tá feidhm ag an togra i ngach cás d’aistriú imeachtaí coiriúla san Aontas ón uair a shainaithnítear duine mar dhuine atá faoi dhrochamhras.
Le hAirteagal 2, tugtar sainmhíniú, chun críocha an togra, ar na téarmaí ‘Stát iarrthach’, ‘Stát iarrtha’, ‘údarás iarrthach’, ‘údarás iarrtha’, ‘córas TF díláraithe’ agus ‘íospartach’.
Ní mór an sainmhíniú ar údarás ‘iarrthach’ agus údarás ‘iarrtha’ a léamh le chéile in éineacht le hAirteagal 30 ina bhfuil sé de cheangal ar Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla iarrthacha agus iarrtha.
Soláthraítear le hAirteagal 3 dlínse i gcásanna sonracha. Ní fhéadfaidh an t‑údarás iarrtha glacadh le haistriú imeachta choiriúil ach amháin má tá dlínse aige chun an cion coiriúil a chúiseamh. Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an nós imeachta maidir le haistrithe, déantar foráil dá bhrí sin leis an bhforáil seo, i gcásanna a liostaítear san Airteagal sin, go mbronntar dlínse ar an Stát iarrtha i gcásanna nach mbeadh dlínse aige murach sin. Ba cheart dlínse a bheith ag an Stát iarrtha chun na cionta coiriúla dá n‑iarrtar aistriú a thriail, tráth ar bith a mheastar gurb é an Ballstát sin is fearr chun ionchúiseamh a dhéanamh. Ní féidir dlínse den sórt sin a fheidhmiú ach amháin i gcás ina n‑iarrtar aistriú imeachtaí coiriúla ó Bhallstát eile ag a bhfuil an bundlínse chun an cion coiriúil a ionchúiseamh.
Is é is aidhm d’Airteagal 4 bunús dlí a sholáthar do na húdaráis sa Stát iarrthach ag a bhfuil an bundlínse chun imeachtaí coiriúla a chur ar bun chun na himeachtaí coiriúla a tharscaoileadh, a chur ar fionraí nó a scor i bhfabhar Ballstáit a shainaithnítear mar Bhallstát atá i staid níos fearr chun ionchúiseamh a dhéanamh. Ceapadh an fhoráil le haghaidh Ballstát, a bhfuil a gcórais dlí bunaithe ar ionchúiseamh sainordaitheach, chun go mbeidís in ann leas a bhaint as na forálacha den Rialachán seo.
CAIBIDIL 2: AISTRIÚ IMEACHTAÍ COIRIÚLA
Déantar foráil leis an gCaibidil seo do na critéir agus don nós imeachta maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh agus don nós imeachta maidir le cinneadh a ghlacadh faoi aistriú imeachtaí coiriúla. Is é is aidhm do rialacha comhchoiteanna den sórt sin déanamh imeachtaí coiriúla comhthreomhara nach gá, a bhaineann leis na fíorais chéanna agus leis an duine céanna, in dhá Bhallstát nó níos mó, a chosc, chomh maith le líon na n‑imeachtaí iomadúla a laghdú agus chun saoirse ó phionós a sheachaint i gcás ina ndiúltaítear duine a raibh barántas gabhála Eorpach eisithe ina leith a thabhairt suas.
Leagtar amach in Airteagal 5 na critéir maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh.
Cumhdaítear gach cion coiriúil leis an Rialachán seo. Is éard a thuigtear le himeachtaí coiriúla go gcumhdaítear gach céim de na himeachtaí coiriúla, lena n‑áirítear an chéim réamhthrialach agus céim na trialach. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarrataí ar aistriú imeachtaí riaracháin.
Ní fhorchuirtear leis an Rialachán seo aon oibleagáid chun aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh. Má mheasann an t‑údarás iarrthach go bhfuil gá le himeacht coiriúil a aistriú agus go bhfuil sé iomchuí, go háirithe, agus go bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na critéir a liostaítear faoi Airteagal 5(2), féadfaidh sé a iarraidh ar an mBallstát eile, atá i staid níos fearr chun an cion coiriúil a ionchúiseamh, na himeachtaí coiriúla sin a ghlacadh. Tá an liosta critéar neamh‑uileghabhálach. Ní mór measúnú a dhéanamh go cúramach ar bhonn cás ar chás cé acu atá nó nach bhfuil údar le hiarraidh maidir le haistriú imeachtaí coiriúla chun an Ballstát is fearr chun an cion coiriúil i gceist a ionchúiseamh a shainaithint agus ba cheart aon iarraidh a bheith spreagtha go soiléir.
Leis an Rialachán seo tugtar don duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, nó don íospartach, an fhéidearthacht chun a iarraidh ar na húdaráis inniúla den Stát iarrthach nó den Stát iarrtha nós imeachta maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a thionscnamh. Ní chruthaítear le hiarrataí den sórt sin, áfach, oibleagáid ar an Stát iarrthach nó an Stát iarrtha chun imeachtaí coiriúla a iarraidh ná a aistriú chuig an Stát iarrtha.
Leagtar amach le hAirteagal 6 na rialacha maidir le cearta agus leasanna an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur san áireamh nuair atá cinneadh le déanamh maidir le himeachtaí coiriúla a aistriú. Go háirithe, tá sé d’oibleagáid ar an údarás iarrthach an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur ar an eolas maidir le haistriú imeachtaí coiriúla atá beartaithe agus chun an deis a thabhairt dó a thuairim a nochtadh, ar choinníoll nach ndéanfadh sé sin dochar don ghá maidir le rúndacht an imscrúdaithe a áirithiú agus mura bhféadfaí an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a aimsiú d’ainneoin iarrachtaí réasúnta ón údarás iarrthach. Ba cheart don údarás iarrthach aird chuí a thabhairt ar an tuairim seo agus é ag déanamh cinneadh maidir leis an aistriú.
Leagtar amach le hAirteagal 7 na rialacha maidir le cearta agus leasanna an íospartaigh a chur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir le himeachtaí coiriúla a aistriú. Go háirithe, i gcás ina bhfuil cónaí ar an íospartach sa Stát iarrthach, tá sé d’oibleagáid ar an údarás iarrthach an t‑íospartach a chur ar an eolas maidir leis an aistriú imeachtaí coiriúla atá beartaithe agus chun an deis a thabhairt dó a thuairim a nochtadh, ar choinníoll nach ndéanfadh sé sin dochar don ghá maidir le rúndacht an imscrúdaithe a áirithiú. Ba cheart don údarás iarrthach aird chuí a thabhairt ar an tuairim seo agus é ag déanamh cinneadh maidir leis an aistriú.
Sonraítear in Airteagal 8 gur cheart leigheas dlí a ráthú sa Stát iarrtha in aghaidh an chinnidh chun glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla.
Leagtar síos le hAirteagal 9 an nós imeachta maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh. Ní mór an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a dhéanamh trí dheimhniú caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra a líonadh isteach. Leagtar síos san Airteagal seo freisin na ceanglais aistriúcháin maidir leis an iarraidh agus aon fhaisnéis eile i scríbhinn a ghabhann leis an iarraidh. Déantar foráil leis an togra maidir le hiarraidh a tharchur go díreach idir an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha ach foráiltear leis chomh maith go bhféadfaí cúnamh a fháil ó na húdaráis lárnacha.
Ceanglaítear ar an údarás iarrthach, le hAirteagal 10, an t‑údarás iarrtha a chur ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon ghníomh nó beart nós imeachta a bhfuil tionchar acu ar na himeachtaí coiriúla a rinneadh sa Stát iarrthach tar éis tharchur na hiarrata.
Foráiltear le hAirteagal 11 an fhéidearthacht don údarás iarrthach a iarraidh ar aistriú imeachta choiriúil a tharraingt siar tráth ar bith sula bhfaighidh sé cinneadh an údaráis iarrtha glacadh leis an aistriú.
Sonraítear le hAirteagal 12 nach mór don údarás iarrtha cinneadh a dhéanamh maidir le glacadh le haistriú imeachta choiriúil agus nach mór dó na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, i gcás ina gcinneann sé glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla. Tá an t‑údarás iarrtha fós in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis na céimeanna a ghlacfaidh sé i leith an chiona choiriúil is bonn leis an iarraidh. Níor cheart aon ní sa Rialachán seo a léirmhíniú mar ní a chuireann isteach ar aon discréid bhreithiúnach dá ndéantar foráil sa dlí náisiúnta agus níl aon oibleagáid ann chun cás a aistríodh a ionchúiseamh. Ceanglaítear ar an údarás iarrthach freisin leis an Rialachán seo na doiciméid is gá a chur ar aghaidh ón gcáschomhad chuig an údarás iarrtha a luaithe a ghlacann an t‑údarás iarrtha leis an aistriú imeachtaí coiriúla, ach fágtar faoin údarás iarrthach agus faoin údarás iarrtha é dul i gcomhairle le chéile agus teacht ar chomhaontú eatarthu féin maidir leis na doiciméid is ceart a sheoladh agus a aistriú.
Soláthraítear le hAirteagal 13 liosta uileghabhálach de na forais le haghaidh diúltú d’aistriú imeachta choiriúil, idir éigeantach agus neamh‑éigeantach. Tagraíonn forais éigeantacha le haghaidh diúltú do chásanna nach mbeadh ionchúiseamh na bhfíoras is bonn leis na himeachtaí coiriúla atá faoi réir an aistrithe indéanta sa Stát iarrtha, amhail i gcás nach meastar an t‑iompar lena n‑iarrtar an t‑aistriú a bheith ina chion coiriúil sa Stát iarrtha. Cumhdaítear le forais neamh‑éigeantacha le haghaidh diúltú cásanna eile a d’fhéadfadh bac a chruthú maidir le seilbh a ghlacadh ar imeacht coiriúil. Go háirithe, tugtar leo sin an fhéidearthacht don údarás iarrtha diúltú d’aistriú imeachta choiriúil nach measann siad a bheith chun leasa riar cuí éifeachtúil an cheartais.
Chun nósanna imeachta trasteorann éifeachtúla a áirithiú, leagtar síos le hAirteagal 14 teorainn ama chun cinneadh a dhéanamh maidir le glacadh leis an aistriú. Déantar foráil leis freisin maidir le cur isteach ar an teorainn ama i gcás inar gá tarscaoileadh pribhléide nó díolúine a iarraidh.
Le hAirteagal 15, spreagtar an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha dul i gcomhairle le chéile gan mhoill chun cur i bhfeidhm éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú.
Leagtar amach in Airteagal 16 go bhféadfaidh an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha cúnamh a iarraidh ar Eurojust nó ar an nGréasán Breithiúnach Eorpach ag céim ar bith den nós imeachta.
Sonraítear le hAirteagal 17 go seasfaidh gach Ballstát a chostais féin maidir le haistriú imeachtaí coiriúla, ach i gcásanna áirithe áfach go bhféadfadh an t‑údarás iarrthach togra maidir leis an gcostas a roinnt a chur faoi bhráid an údaráis iarrtha.
Le hAirteagal 18, tugtar an deis chun údaráis lárnacha a ainmniú chun críoch an chúnaimh riaracháin. I gcás inar mian le Ballstát úsáid a bhaint as an bhféidearthacht seo, ceanglaítear air fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an údarás lárnach ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 30.
CAIBIDIL 3: ÉIFEACHTAÍ MAIDIR LE hAISTRIÚ IMEACHTAÍ COIRIÚLA
Leagtar síos sa Chaibidil seo na héifeachtaí a bhaineann le haistriú imeachtaí coiriúla.
Sonraítear le hAirteagal 19, nach mór, sa Stát iarrthach, na himeachtaí coiriúla a aistríodh a chur ar fionraí nó scor díobh ar fhaisnéis a fháil a dheimhníonn go bhfuil an t‑údarás iarrtha ag glacadh seilbh ar an imeacht coiriúil. Ní fhéadfaidh an t‑údarás iarrthach leanúint leis an imeacht coiriúil nó é a athoscailt ach amháin má dhéanann an t‑údarás iarrtha cinneadh chun scor de, ar choinníoll nach sáraíonn cinneadh den sórt sin an prionsabal ne bis in idem. An fhéidearthacht don íospartach an t‑imeacht coiriúil a thionscnamh nó a iarraidh go n‑athosclófaí an t‑imeacht coiriúil sa Stát iarrthach i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit sin, ní dhéantar aon difear dó chomh fada agus nach sáraíonn sé an prionsabal ne bis in idem.
Sonraítear le hAirteagal 20 go bhfuil feidhm ag dlí náisiúnta agus nósanna imeachta an Stáit iarrtha maidir leis an imeacht coiriúil a luaithe agus a aistrítear í. Ba cheart an bhailíocht chéanna a bheith ag aon ghníomh, aon bheart imscrúdaitheach nó aon fhianaise a bailíodh sa Stát iarrthach chun críoch an imeachta choiriúil i gceist amhail is dá mba rud é go ndearna a údaráis féin é go bailí, ach amháin i gcás ina mbeadh sé sin contrátha do phrionsabail bhunúsacha dhlí an Stáit iarrtha. I gcás inar aistríodh imeacht coiriúil, ba cheart don Stát iarrtha a dhlí náisiúnta a chur i bhfeidhm chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an bpianbhreith don chion coiriúil i gceist. Má rinneadh an cion coiriúil i gcríoch an Stáit iarrthaigh, le linn cinneadh a dhéanamh maidir leis an bpianbhreith, féadfaidh na húdaráis iarrthacha an pionós uasta a bheartaítear i ndlí an stáit iarrtha a chur san áireamh, a fhad agus atá sé chun tairbhe an duine atá cúisithe agus i gcomhréir le dlí an Stáit iarrtha. Is é is aidhm don fhoráil cásanna a sheachaint ina bhfágfadh aistriú imeachtaí coiriúla don Stát iarrtha pianbhreith níos mó a chur i bhfeidhm ná an pionós uasta a bheartaítear don chion céanna sa Stát iarrthach. Déantar é sin chun comhlíontacht a áirithiú leis an bprionsabal a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht an dlí is infheidhme do na daoine atá faoi dhrochamhras nó na daoine atá cúisithe lena mbaineann.
Ceanglaítear le hAirteagal 21 ar an údarás iarrtha an t‑údarás iarrthach a chur ar an eolas maidir le haon chinneadh a rinneadh ag deireadh na n‑imeachtaí coiriúla.
CAIBIDIL 4: MODHANNA CUMARSÁIDE
Sa Chaibidil seo, tá forálacha maidir le modh cumarsáide leictreonaí idir an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha, agus leis na húdaráis lárnacha agus le Eurojust chomh maith, trí chóras TF díláraithe.
CAIBIDIL 5: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Sa Chaibidil seo, tá forálacha ann maidir le staitisticí, tuairisciú, glacadh na ngníomhartha tarmligthe i gcás ina mbeadh gá le leasú a dhéanamh ar an deimhniú atá i gceangal leis an togra seo, fógraí a dhéanann Ballstáit, gaolmhaireacht an togra le comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta chomh maith le forálacha idirthréimhseacha maidir leis na modhanna cumarsáide idir na húdaráis sula mbeidh feidhm ag an oibleagáid chun an córas TF díláraithe a úsáid.
2023/0093 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1)(b) agus (d) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 40 ,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt.
(2)Ceanglaítear ar na Ballstáit le Clár na Háige an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas san Aontas Eorpach a neartú 41 ionas go mbreithneoidh siad féidearthachtaí chun an t‑ionchúiseamh a dhíriú ar chásanna iltaobhacha trasteorann i mBallstát amháin, d'fhonn éifeachtúlacht na n‑ionchúiseamh a mhéadú agus riar cuí an cheartais á ráthú an tráth céanna.
(3)Leis an gClár beart chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí in ábhair choiriúla a chur chun feidhme 42 , éilítear ionstraim lena bhféadfar imeachtaí coiriúla a aistriú chuig Ballstáit eile.
(4)Tá gá le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhar breithiúnach idir na Ballstáit chun riar éifeachtach agus cuí an cheartais choiriúil a fheabhsú laistigh den limistéar coiteann saoirse, slándála agus ceartais agus chun a áirithiú go ndéanfaidh an Ballstát is oiriúnaí imscrúduithe nó go ndéanfaidh sé cion coiriúil a ionchúiseamh. Go háirithe, d’fhéadfadh rialacha comhchoiteanna do na Ballstáit maidir le haistriú imeachtaí coiriúla cuidiú le cosc a chur ar imeachtaí coiriúla comhthreomhara neamhriachtanacha i mBallstáit éagsúla maidir leis na fíorais chéanna agus maidir leis an duine céanna, rud a bhféadfadh sárú ar an bprionsabal ne bis in idem leanúint as. Leis na rialacha sin, d’fhéadfadh laghdú teacht freisin ar líon na n‑imeachtaí coiriúla éagsúla, i leith na bhfíoras céanna nó i leith an duine chéanna, a dhéantar i mBallstáit éagsúla. Chomh maith leis sin, tá sé de chuspóir ag na rialacha sin a áirithiú gur féidir imeachtaí coiriúla a aistriú nuair a bhíonn moill ar thabhairt suas duine le haghaidh ionchúiseamh coiriúil faoi Bharántas Gabhála Eorpach 43 nó nuair a dhiúltaítear é ar chúiseanna amhail go bhfuil imeachtaí coiriúla comhthreomhara maidir leis an gcion coiriúil céanna ar siúl sa Bhallstát eile, chun saoirse ó phionós don duine atá á ionchúiseamh a sheachaint.
(5)Tá rialacha comhchoiteanna maidir le haistriú imeachtaí coiriúla fíor‑riachtanach freisin chun an choireacht trasteorann a chomhrac go héifeachtúil. Tá an méid sin tábhachtach go háirithe i gcás coireanna a dhéanann grúpaí coiriúla eagraithe, amhail gáinneáil ar dhrugaí, smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil ar airm, coireacht chomhshaoil, cibearchoireacht nó sciúradh airgid. Is féidir le hionchúiseamh a dhéantar ar ghrúpaí coiriúla eagraithe atá gníomhach i mBallstáit éagsúla deacrachtaí móra a chruthú do na húdaráis lena mbaineann. Is uirlis thábhachtach é aistriú imeachtaí coiriúla, lena bhféadfaí an comhrac a neartú in aghaidh grúpaí coiriúla eagraithe atá gníomhach i mBallstáit ar fud an Aontais.
(6)Chun an comhar éifeachtach idir na húdaráis iarrthacha agus na húdaráis iarrtha a áirithiú i ndáil le haistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart rialacha den sórt sin a bhunú trí ghníomh an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus is infheidhme go díreach.
(7)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach iarraidh arna n‑eisiúint faoi chuimsiú imeachtaí coiriúla. Is coincheap uathrialach de dhlí an Aontais iad imeachtaí coiriúla arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, d’ainneoin cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, a thosaíonn ón tráth a chuireann údaráis inniúla Ballstáit duine ar an eolas go bhfuil drochamhras faoi go ndearna sé cion coiriúil nó tráth a chuirtear cion coiriúil ina leith go dtí go dtugtar na himeachtaí sin i gcrích, atá le tuiscint mar an cinneadh deiridh cinntitheach maidir leis an gceist, cé acu a rinne nó nach ndearna an duine sin an cion coiriúil, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, an phianbhreith a ghearradh agus aon achomharc a réiteach.
(8)Is é is cuspóir do Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle 44 cásanna ina bhfuil an duine céanna faoi réir imeachtaí coiriúla comhthreomhara i mBallstáit éagsúla i leith na bhfíoras céanna a chosc, a d’fhéadfadh réiteach críochnaitheach na n‑imeachtaí sin leanúint as in dhá Bhallstát nó níos mó. Bunaítear leis dá bhrí sin nós imeachta maidir le comhairliúcháin dhíreacha idir údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus é d’aidhm acu comhdhearcadh a bhaint amach maidir le haon réiteach éifeachtach dírithe ar iarmhairtí díobhálacha a eascraíonn as imeachtaí comhthreomhara den sórt sin a sheachaint chomh maith le haon chur amú ama agus acmhainní de chuid na n‑údarás inniúil lena mbaineann. I gcás ina gcinneann údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, tar éis comhairliúcháin i gcomhréir leis an gCinneadh Réime sin, chun imeachtaí a chomhchruinniú i mBallstát amháin trí na himeachtaí coiriúla a aistriú, ba cheart an Rialachán seo a úsáid le haghaidh aistriú den sórt sin.
(9)Áirítear in ionstraimí dlí eile sa réimse maidir le hábhair choiriúla, go háirithe na cinn a bhaineann le cineálacha sonracha coireachta, amhail Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 , Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle 46 agus Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle 47 , forálacha lena dtagraítear do na tosca atá le cur san áireamh d’fhonn imeachtaí a lárú i mBallstát amháin i gcás inar féidir le níos mó ná Ballstát amháin ionchúiseamh bailí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras céanna. I gcás ina gcinneann údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, tar éis comhair i gcomhréir leis na gníomhartha dlí sin, chun imeachtaí a lárú i mBallstát amháin trí aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart an Rialachán seo a úsáid le haghaidh aistriú den sórt sin.
(10)Glacadh roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla i dtaca le pianbhreitheanna a fhorfheidhmiú i mBallstáit eile, go háirithe Cinntí Réime 2005/214/CGB 48 , 2008/909/CGB 49 agus 2008/947/CGB 50 ón gComhairle. Ba cheart don Rialachán seo forálacha na gCinntí Réime sin a fhorlíonadh agus ba cheart iad a léirmhíniú mar chinntí nach ndéanann difear dá gcur i bhfeidhm.
(11)Ní dhéanann an Rialachán seo difear do mhalartuithe faisnéise gan choinne a rialaítear le gníomhartha eile de dhlí an Aontais.
(12)Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cinntí chun cásanna a ath‑leithdháileadh, a chumasc nó a roinnt ina bhfuil inniúlacht Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh feidhmithe aige i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 51 .
(13)Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla a ainmniú ar bhealach a chuireann prionsabal na teagmhála dírí idir na húdaráis sin chun cinn.
(14)D’fhonn iarrataí ar aistriú imeachtaí coiriúla a ghlacadh agus a tharchur ó thaobh riaracháin de, chomh maith le comhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le hiarrataí den sórt sin, d’fhéadfadh Ballstáit údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú i gcás inar gá i ngeall ar struchtúr a gcóras dlí inmheánach. Féadfaidh na húdaráis lárnacha sin tacaíocht riaracháin a sholáthar freisin, agus féadfaidh róil um chomhordú agus cúnamh a bheith acu, lena n‑éascaítear agus lena gcuirtear chun cinn glacadh le hiarrataí ar aistrithe imeachtaí coiriúla.
(15)Ceanglaítear cheana féin ar Bhallstáit, le roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais, bearta is gá a dhéanamh chun dlínse a bhunú maidir le himeachtaí coiriúla sonracha, amhail na cinn a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta 52 nó maidir le góchumadh an euro 53 i gcásanna ina ndiúltaítear duine a thabhairt suas.
(16)Foráiltear leis an Rialachán seo dlínse i gcásanna sonracha, chun a áirithiú gur féidir leis an Stát iarrtha dlínse a fheidhmiú i dtaca leis na cionta coiriúla a bhfuil dlí an Stáit iarrthaigh infheidhme maidir leo, i gcás imeachtaí coiriúla atá le haistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh ar mhaithe le riar cuí éifeachtúil an cheartais. Ba cheart dlínse a bheith ag an Stát iarrtha chun na cionta coiriúla dá n‑iarrtar aistriú a thriail, tráth ar bith a mheastar gurb é sin an Ballstát is fearr chun ionchúiseamh a dhéanamh.
(17)Ba cheart dlínse den sórt sin a bhunú i gcásanna ina ndiúltaíonn an Stát iarrtha duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ina leith a thabhairt suas agus atá i láthair sa Stát iarrtha agus ar náisiúnach den Stát sin é nó a bhfuil cónaí air sa Stát sin, i gcás ina bhfuil diúltú den sórt sin bunaithe ar fhorais shonracha a luaitear sa Rialachán seo. Ba cheart dlínse a bheith ag an Stát iarrtha freisin i gcás ina dtarlaíonn éifeachtaí an chiona choiriúil nó an damáiste a bhaineann leis go príomha sa Stát iarrtha. Ba cheart damáiste a chur san áireamh tráth ar bith a mbíonn sé ar cheann de na comhghnéithe den chion coiriúil, i gcomhréir le dlí an Stáit iarrtha. Ba cheart dlínse a bheith ag an Stát iarrtha freisin i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl cheana féin sa Stát sin in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe i leith fíorais eile ionas go bhfeadfaí breithiúnas a dhéanamh ar choiriúlacht an duine sin in aon imeacht coiriúil amháin, nó i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát sin in aghaidh daoine eile i leith na bhfíoras céanna nó fíorais ghaolmhara, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha go háirithe chun an t‑imscrúdú agus an t‑ionchúiseamh ar eagraíocht choiriúil a chomhchruinniú in aon Bhallstát amháin. Sa dá chás, ba cheart an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe sna himeachtaí coiriúla atá á n‑aistriú a bheith ina náisiúnach den Stát iarrtha nó cónaí a bheith air sa Stát iarrtha.
(18)Chun aidhm an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus chun coinbhleachtaí dlínse a chosc, ag féachaint go sonrach do na Ballstáit a bhfuil a gcórais dlí – nó an t‑ionchúiseamh ar imeachtaí coiriúla áirithe – bunaithe ar ionchúiseamh sainordaitheach, ní mór don Stát iarrthach agus iarraidh á déanamh aige ar aistriú imeachtaí coiriúla, a dhlínse a tharscaoileadh in ionchúiseamh an duine lena mbaineann as an gcion coiriúil dá bhfuil an t‑aistriú á lorg. Ar an mbonn sin, ba cheart d’údaráis inniúla an Stáit iarrthaigh a bheith in ann scor de na himeachtaí coiriúla a thabharfar os a gcomhair i bhfabhar an Bhallstáit a mheastar a bheith i staid níos fearr chun ionchúiseamh a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, fiú i gcás ina mbeadh dualgas orthu ionchúiseamh a dhéanamh. Ba cheart tarscaoileadh dlínse den sórt sin a bheith gan dochar do na forálacha ar éifeachtaí an aistrithe imeachtaí coiriúla sa Stát iarrthach a leagtar síos sa Rialachán seo.
(19)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha mar aon leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) agus sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.
(20)Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chearta nósanna imeachta mar a chumhdaítear iad i ndlí an Aontais, amhail an Chairt, agus Treoracha 2010/64/AE 54 , 2012/13/AE 55 , 2013/48/AE 56 , (AE) 2016/343 57 , (AE) 2016/800 58 agus (AE) 2016/1919 59 um chearta nósanna imeachta.
(21)Ba cheart do na Ballstáit, le linn dóibh an Rialachán seo a chur chun feidhme, a áirithiú go gcuirtear riachtanais daoine leochaileacha san áireamh. De réir Mholadh (2013/C 378/02) ón gCoimisiún 60 , gur cheart a thuiscint go gciallaíonn daoine leochaileacha atá faoi dhrochamhras nó daoine leochaileacha atá cúisithe na daoine leochaileacha uile atá faoi dhrochamhras nó na daoine leochaileacha uile atá cúisithe nach bhfuil in ann imeachtaí coiriúla a thuiscint mar gheall ar a n‑aois, a mbail choirp nó mheabhrach nó aon mhíchumas a d’fhéadfadh a bheith orthu nó a bheith rannpháirteach go héifeachtach sna himeachtaí sin.
(22)Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu, a áirithiú go gcuirtear san áireamh cearta nósanna imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe atá faoi réir coinneáil réamhthrialach i gcomhréir le Moladh C(2022) 8987 final ón gCoimisiún 61 .
(23)Leis an Rialachán seo, níor cheart aon oibleagáid a fhorchur maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu is ceart nó nach ceart iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint, ba cheart don údarás iarrthach scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le haistriú den sórt sin agus cé acu atá nó nach bhfuil sé iomchuí. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar bhonn cás ar chás chun go sainaithneofar an Ballstát is fearr chun an cion coiriúil atá i gceist a ionchúiseamh.
(24)Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil údar le hiarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart don údarás iarrthach aird a thabhairt ar roinnt critéar, ar cheart tosaíocht agus ualú na gcritéar sin a bheith bunaithe ar fhíorais agus fiúntas gach cáis ar leith. Ba cheart na tosca ábhartha uile a chur san áireamh chun leas an cheartais. Mar shampla, i gcás ina ndearnadh cion coiriúil go hiomlán nó go páirteach i gcríoch an Stáit iarrtha, nó i gcás inar tharla an chuid is mó de na héifeachtaí nó den damáiste, arbh é an cion coiriúil ba chúis leis, i gcríoch an Stáit iarrtha, féadfar a mheas gurb é an Stát sin an Stát is fearr chun ionchúiseamh a dhéanamh, toisc go bhfuil an fhianaise atá le bailiú, amhail fianaise ó fhinnéithe, agus íospartaigh, nó tuairimí saineolaithe, sa Stát iarrtha agus toisc gur féidir iad a chruinniú ar bhonn níos éasca, dá réir sin, dá n‑aistreofaí na himeachtaí coiriúla. Anuas air sin, d’éascófaí tionscnamh imeachtaí ar dhamáistí sa Stát iarrtha ina dhiaidh sin dá ndéanfaí na himeachtaí foluiteacha lena mbunaítear an fhreagracht choiriúil sa Bhallstát céanna freisin. Ar an gcaoi chéanna, má tá an chuid is mó den fhianaise lonnaithe sa Stát iarrtha, d’fhéadfadh aistriú imeachta choiriúil bailiúchán agus inghlacthacht na fianaise dá éis sin, a bhailítear i gcomhréir le dlí an Stáit iarrtha a éascú.
(25)I gcás inar náisiúnach den Stát iarrtha é an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, nó i gcás ina bhfuil cónaí ar an duine sin sa Stát sin, d’fhéadfadh údar a bheith le haistriú imeachtaí coiriúla chun ceart an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a bheith i láthair ag an triail a áirithiú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/343. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina bhfuil formhór na n‑íospartach ina náisiúnaigh den Stát iarrtha, nó i gcás ina bhfuil cónaí orthu sa Stát sin, d’fhéadfadh údar a bheith le haistriú chun a ligean d’íospartaigh a bheith rannpháirteach go héasca sna himeachtaí coiriúla agus scrúdú a dhéanamh orthu go héifeachtach mar fhinnéithe le linn na n‑imeachtaí. I gcásanna ina ndiúltaítear duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a thabhairt suas, duine ar eisíodh Barántas Gabhála Eorpach ina leith, sa Stát iarrtha ar na forais a shonraítear sa Rialachán seo, féadfaidh údar a bheith le haistriú freisin i gcás ina bhfuil an duine sin i láthair sa Stát iarrtha gan a bheith ina náisiúnach den Stát sin nó gan a bheith ina chónaí sa Stát sin.
(26)Is faoin údarás iarrthach é measúnú a dhéanamh ar bhonn an ábhair atá os a chomhair, cé acu is ann nó nach ann d’fhorais réasúnacha le creidiúint go bhfuil cónaí ar an duine atá faoi dhrochamhras, an duine atá cúisithe nó an t‑íospartach sa Stát iarrtha. I gcás nach mbíonn ach faisnéis theoranta ar fáil, d’fhéadfadh measúnú den sórt sin a bheith ina ábhar comhairliúchán idir an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha. Féadfaidh cúinsí oibiachtúla éagsúla, lena dtugtar le fios go bhfuil gnáthshuíomh a leasanna bunaithe ag an duine lena mbaineann i mBallstát ar leith nó go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh, a bheith ábhartha. D’fhéadfadh gur ann d’fhorais réasúnacha le creidiúint go bhfuil cónaí ar dhuine sa Bhallstát iarrtha, go háirithe, i gcás ina bhfuil duine cláraithe mar chónaitheoir sa Stát iarrtha, agus cárta aitheantais, cead cónaithe nó clárú i gclár oifigiúil cónaithe ina sheilbh aige. I gcás nach bhfuil an duine sin cláraithe sa Stát iarrtha, ba cheart cónaí a thabhairt le fios leis an bhfíoras gur léirigh duine go raibh sé i gceist aige é féin a lonnú sa Bhallstát sin nó go bhfuil, tar éis tréimhse sheasta láithreachta sa Bhallstát sin, naisc áirithe faighte aige leis an mBallstát sin ar naisc iad atá cosúil le cinn a d’eascródh as cónaí foirmiúil a bhunú sa Bhallstát sin. Chun a chinneadh, i gcás sonrach, cé acu atá nó nach bhfuil naisc leordhóthanacha idir an duine lena mbaineann agus an Stát iarrtha, as a dtagann fíorais réasúnacha le creidiúint go bhfuil cónaí ar an duine lena mbaineann sa Stát sin, is gá tosca oibiachtúla éagsúla is saintréith do chás an duine sin a chur san áireamh, lena n‑áirítear, go háirithe, fad, cineál agus coinníollacha a láithreachta sa Stát iarrtha nó na naisc theaghlaigh nó eacnamaíocha atá ag an duine sin leis na Stát iarrtha. Feithicil chláraithe, clárú uimhreach teileafóin, cuntas bainc, an fíoras nach raibh briseadh i bhfanacht an duine sa Stát iarrtha nó tosca oibiachtúla eile, féadfaidh siad a bheith ábhartha chun a chinneadh gur ann d’fhorais réasúnacha le creidiúint go bhfuil cónaí ar an duine lena mbaineann sa Stát iarrtha. Cuairt ghairid, fanacht saoire, lena n‑áirítear i dteach saoire, nó fanacht cosúil leis sin sa Stát iarrtha gan aon nasc substaintiúil eile, níor cheart don mhéid sin a bheith leordhóthanach chun cónaí a bhunú sa Bhallstát sin. Ar an taobh eile, ba cheart, i bhformhór na gcásanna, fanacht gan bhriseadh de 3 mhí ar a laghad a mheas mar ní leordhóthanach chun cónaí a bhunú.
(27)Féadfaidh údar a bheith le haistriú imeachtaí coiriúla freisin i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar bun sa Stát iarrtha i leith an fhíorais chéanna nó fíorais eile in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, nó i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar bun i leith an fhíorais chéanna nó fíorais ghaolmhara in aghaidh daoine eile, e.g., i gcásanna ionchúisimh eagraíochtaí coiriúla trasteorann, i gcás ina bhféadfaidh na comhchúisithe a ionchúiseamh i mBallstáit éagsúla. Thairis sin, más rud é go bhfuil pianbhreith á cur isteach nó le cur isteach sa Stát iarrtha, ar pianbhreith í a bhaineann le cailleadh saoirse, ag an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, féadfaidh údar a bheith le haistriú imeachtaí coiriúla chun ceart an duine atá ciontaithe a bheith i láthair ag an triail dá lorgaítear aistriú imeachtaí coiriúla a áirithiú, fad a chuireann sé an phianbhreith isteach sa Stát iarrtha. Thairis sin, ba cheart do na húdaráis iarrthacha machnamh cuí a dhéanamh ar cé acu a bhféadfadh nó nach bhféadfadh aistriú imeachtaí coiriúla cur leis an aidhm an duine lena mbaineann a athshlánú go sóisialta i gcás ina bhforfheidhmeofaí an phianbhreith sa Stát iarrtha: chun na críche sin, ba cheart ceangal an duine leis an Stát iarrtha a chur san áireamh, bíodh an ceangal sin ag baint le suíomh an teaghlaigh, naisc theangeolaíocha, chultúrtha, shóisialta, eacnamaíocha agus aon nasc eile leis an Stát iarrtha.
(28)Agus aistriú imeachtaí coiriúla á n‑iarraidh, ba cheart don údarás iarrthach a chur san áireamh féidearthachtaí a bhaineann le fianaise a fháil ó Bhallstáit eile trí ionstraimí atá ann cheana a bhaineann le haitheantas frithpháirteach cinntí breithiúnacha, amhail Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 , agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, i gcás inarb infheidhme, sula mbreithneofaí aistriú imeachtaí coiriúla ar an bhforas aonair go bhfuil formhór den fhianaise lonnaithe sa Stát iarrtha.
(29)Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag daoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe nó ag íospartaigh a iarraidh go n‑aistreofaí na himeachtaí coiriúla a bhaineann leo chuig Ballstát eile. Níor cheart go gcuirfí d’oibleagáid ar an údarás iarrthach nó ar an údarás iarrtha, leis na hiarrataí sin, imeachtaí coiriúla a iarraidh nó a aistriú. Má thagann na húdaráis ar an eolas go bhfuil imeachtaí coiriúla comhthreomhara ar bun ar bhonn iarraidh ar aistriú arna cur isteach ag an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, nó ag an íospartach, nó ag dlíodóir thar a cheann, tá sé de dhualgas orthu ansin dul i gcomhairle le chéile i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/948/CGB.
(30)Ba cheart don údarás iarrthach an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur ar an eolas a luaithe is féidir maidir leis an aistriú atá beartaithe agus ba cheart dó an fhéidearthacht a sholáthar don duine sin a thuairim a chur in iúl ó bhéal nó i scríbhinn, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis a leasa dlisteanacha a chur san áireamh roimh iarraidh ar aistriú a eisiúint. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leas dlisteanach an duine atá faoi drochamhras nó atá cúisithe maidir lena chur ar an eolas faoin aistriú atá beartaithe, ba cheart don údarás iarrthach a chur san áireamh an gá atá le rúndacht an imscrúdaithe agus an baol maidir le dochar a dhéanamh d’imeachtaí coiriúla in aghaidh an duine sin, e.g. tráth ar bith a mbeadh gá le leas tábhachtach an phobail a chosaint, amhail i gcásanna ina bhféadfadh faisnéis den sórt sin dochar a dhéanamh d’imscrúduithe rúnda leanúnacha nó dochar tromchúiseach a dhéanamh do shlándáil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil na himeachtaí coiriúla ar siúl. I gcás nach bhféadfaidh an t‑údarás iarrthach an duine atá faoi drochamhras nó atá cúisithe a aimsiú d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh, ní mór feidhm a bheith ag an oibleagáid maidir le duine den sórt sin a chur ar an eolas a luaithe agus a athraíonn na cúinsí sin.
(31)Ba cheart cearta na n‑íospartach a leagtar amach i dTreoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Níor cheart an Rialachán seo a léirmhíniú mar ní a chuireann cosc ar Bhallstáit cearta níos leithne, ná na cinn siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais, a dheonú d’íospartaigh faoin dlí náisiúnta.
(32)Nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir le haistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart don údarás iarrthach aird chuí a thabhairt ar leasa dlisteanacha na n‑íospartach, lena n‑áirítear a gcosaint, agus measúnú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aistriú imeachtaí coiriúla a bheith díobhálach don íospartach a chearta a fheidhmiú go héifeachtach san imeacht coiriúil lena mbaineann. Cuimsítear leis sin, mar shampla, an fhéidearthacht agus na socruithe atá ar fáil d’íospartaigh chun fianaise a thabhairt le linn trialacha sa Stát iarrtha mura bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin. Thairis sin, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht d’íospartaigh fianaise a fháil agus a sholáthar, mar shampla ó fhinnéithe agus ó shaineolaithe, cúiteamh a éileamh nó tairbhe a bhaint as cláir um chosaint finnéithe sa Stát iarrtha. Níor cheart d’aistriú imeachtaí coiriúla dochar a dhéanamh do chearta na n‑íospartach maidir le cúiteamh a fháil. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na rialacha maidir le cúiteamh agus aiseag maoine d’íospartaigh in imeachtaí náisiúnta.
(33)Tráth ar bith a bhfuil gá lena áirithiú go leantar leis an gcosaint, a soláthraíodh don íospartach sa Stát iarrthach, sa Stát iarrtha, ba cheart d’údaráis inniúla sa Stát iarrthach eisiúint ar Ordú Cosanta Eorpach a chur san áireamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 nó Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 .
(34)Ba cheart don Stát iarrtha rochtain ar leigheasanna dlí éifeachtacha a áirithiú do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe, chomh maith le híospartaigh, in aghaidh an chinnidh chun glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt agus na nósanna imeachta is infheidhme faoin dlí náisiúnta, tráth ar bith a dhéantar difear suntasach dá gcearta le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(35)Glactar leis le cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo go mbeidh cumarsáid ann idir an t‑údarás iarrtha agus an t‑údarás iarrthach lena mbaineann, rud ba cheart a spreagadh chun dul i gcomhairle le chéile tráth ar bith a bhfuil sé iomchuí chun cur i bhfeidhm réidh agus éifeachtúil an Rialacháin seo a éascú, go díreach nó, i gcás inarb iomchuí, trí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust).
(36)Ba cheart don údarás iarrthach dul i gcomhairle leis an údarás iarrtha sula n‑eiseofar iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla i gcás ina bhfuil gá leis sin, go háirithe, chun a chinneadh an mbeadh an t‑aistriú imeachtaí coiriúla chun leasa riar cuí éifeachtúil an cheartais, agus chun a chinneadh an dócha go ndéanfadh an t‑údarás iarrtha foras le haghaidh diúltaithe a agairt faoin Rialachán seo.
(37)Agus iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla á tarchur, ba cheart don údarás iarrthach faisnéis chruinn agus shoiléir a sholáthar maidir leis na cúinsí agus coinníollacha is bonn leis an iarraidh, chomh maith le haon doiciméadacht tacaíochta eile, chun a chur ar a chumas don údarás iarrtha cinneadh eolasach a dhéanamh faoi aistriú na n‑imeachtaí coiriúla.
(38)Go dtí nach bhfuil cinneadh déanta ag an údarás chun glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart don údarás iarrthach a bheith in ann an iarraidh a tharraingt siar, mar shampla i gcás ina bhfuil sé ar an eolas faoi ghnéithe breise, nach ndealraíonn sé go bhfuil gá a thuilleadh leis an aistriú dá mbarr.
(39)Ba cheart don údarás iarrtha a chinneadh réasúnaithe a chur in iúl don údarás iarrthach maidir le cé acu is ceart nó nach ceart glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a fháil. I gcásanna sonracha, nuair nach bhfuil sé indéanta don údarás iarrtha an tréimhse seo a chomhlíonadh, mar shampla má cheapann sé go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise, ní fhéadfar an tréimhse sin a fhadú ach ar feadh 30 lá eile chun moill iomarcach a sheachaint.
(40)Níor cheart diúltú d’aistriú imeachta choiriúil ar aon fhoras seachas na cinn dá ndéantar foráil sa Rialachán seo. Chun a bheith in ann glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart é a bheith indéanta ionchúiseamh a dhéanamh ar na fíorais is bonn leis na himeachtaí coiriúla atá faoi réir an aistrithe sa Stát iarrtha. Níor cheart don údarás iarrtha glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla i gcás nach cion coiriúil é an t‑iompar i gcás an aistrithe dá lorgaítear sa Stát iarrtha, nó i gcás nach bhfuil dlínse ag an Stát iarrtha ar an gcion coiriúil sin, mura bhfeidhmíonn sé dlínse a sholáthraítear faoin Rialachán seo. Ina theannta sin, níor cheart glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla i gcás baic eile ar ionchúiseamh sa Stát iarrtha. Ba cheart don údarás iarrtha a bheith in ann diúltú d’aistriú imeachtaí coiriúla, má bhaineann an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe tairbhe as díolúine nó pribhléid i gcomhréir le dlí an Stáit iarrtha, e.g. i ndáil le catagóirí áirithe daoine (amhail taidhleoirí) nó gaolmhaireachtaí atá faoi chosaint shonrach (amhail pribhléid ghairmiúil dlíodóra), nó má chreideann an t‑údarás iarrtha nach bhfuil údar le haistriú den sórt sin mar gheall ar leasanna um riar cuí éifeachtúil an cheartais, mar shampla i gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na critéir maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh, nó i gcás ina raibh an deimhniú le haghaidh iarrata neamhiomlán nó gur líon an t‑údarás iarrthach isteach go míchruinn é, rud nach gcuireann ar a chumas don údarás iarrtha an fhaisnéis is gá a bheith aige chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh le haghaidh aistriú imeachtaí coiriúla.
(41)Is bunphrionsabal de chuid an dlí choiriúil é an prionsabal ne bis in idem, mar a leagtar amach in Airteagail 54 go 58 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme 66 agus in Airteagal 50 den Chairt, agus arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, prionsabal nár cheart dá réir cosantóir a thriail nó pionós a chur air arís in imeachtaí coiriúla as an gcion coiriúil ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é go críochnaitheach ina leith cheana féin. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás iarrtha aistriú imeachtaí coiriúla a dhiúltú, más rud é go mbeadh sé contrártha don phrionsabal sin iad a thógáil ar láimh.
(42)Sula gcinntear gan glacadh le hiarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla ar bhonn aon fhoras le diúltú, ba cheart don údarás iarrtha dul i gcomhairle leis an údarás iarrthach chun aon fhaisnéis bhreise is gá a fháil.
(43)Má ghlacann an t‑údarás iarrtha le haistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart imeachtaí coiriúla sa Stát iarrthach a chur ar fionraí nó deireadh a chur leo chun dúbláil beart sa Stát iarrthach agus sa Stát iarrtha a sheachaint. Ba cheart don mhéid sin a bheith gan dochar d’imscrúduithe nó do bhearta nós imeachta eile a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun cinntí a fhorghníomhú atá bunaithe ar ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh nó chun iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach atá nasctha leis na himeachtaí atá faoi réir an aistrithe a chomhlíonadh. Ba cheart an coincheap ‘bearta imscrúdaitheacha nó bearta nós imeachta eile’ a léirmhíniú go forleathan, mar ní hamháin go n‑áirítear leo aon bheart chun fianaise a bhailiú, ach aon ghníomh nós imeachta lena bhforchuirtear coinneáil réamhthrialach nó aon bheart eatramhach eile freisin. Chun dúshláin mhí‑úsáideacha a sheachaint agus chun a áirithiú nach bhfionrófar na himeachtaí coiriúla ar feadh tréimhse fada, más rud é go ndearnadh leigheas dlí a bhfuil éifeacht fionraíochta leis a agairt sa Stát iarrtha, níor cheart na himeachtaí coiriúla a chur ar fionraí ná deireadh a chur leo sa Stát iarrthach go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an leigheas sa Stát iarrtha.
(44)Níor cheart an Rialachán seo a bheith ina bhunús dlí chun daoine a ghabháil d’fhonn iad a aistriú go fisiciúil chuig an Stát iarrtha chun go dtionscnóidh an Stát sin imeachtaí coiriúla in aghaidh an duine sin.
(45)Ba cheart don údarás iarrtha an t‑údarás iarrthach a chur ar an eolas i scríbhinn faoi aon chinneadh arna sheachadadh ag deireadh na n‑imeachtaí coiriúla sa Stát iarrtha. Le Cinneadh Réime 2009/948/CGB forchuirtear oibleagáid chomhchosúil i gcás inar thángthas ar chomhaontú maidir le comhchruinniú imeachtaí i mBallstát amháin. I gcás ina gcinneann an t‑údarás iarrtha scor d’imeachtaí coiriúla a bhaineann leis na fíorais is bonn leis an iarraidh ar aistriú, ba cheart dó na cúiseanna leis an scor sin a áireamh freisin.
(46)Má chinneann an t‑údarás iarrtha scor d’imeachtaí coiriúla a bhaineann leis na fíorais is bonn leis an iarraidh ar aistriú, féadfaidh an t‑údarás iarrthach leanúint d’imeachtaí coiriúla nó iad a athoscailt aon uair nach mbeadh sárú ar an bprionsabal ne bis in idem i gceist leis sin, i.e. aon uair nach gcuireann an cinneadh sin bac cinnte ar thuilleadh ionchúisimh faoi dhlí an Stáit iarrtha agus dá bhrí sin nach gcoisctear imeachtaí breise leis, i leith na ngníomhartha céanna, sa Stát sin. Ba cheart an deis a bheith ag íospartaigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh nó a iarraidh go ndéanfaí iad a athoscailt sa Stát iarrthach i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit sin, ar choinníoll nach mbeadh sárú ar an bprionsabal ne bis in idem i gceist leis sin.
(47)A luaithe a aistrítear imeachtaí coiriúla i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart don údarás iarrtha a dhlí agus a nósanna imeachta náisiúnta ábhartha a chur i bhfeidhm. Níor cheart aon ní sa Rialachán seo a léirmhíniú mar ní a chuireann isteach ar aon rogha ionchúisimh dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta.
(48)Ba cheart don Stát iarrtha a dhlí náisiúnta a chur i bhfeidhm chun an phianbhreith is infheidhme maidir leis an gcion coiriúil atá i gceist a chinneadh. I gcásanna ina ndearnadh an cion coiriúil ar chríoch an Stáit iarrthaigh, féadfaidh na húdaráis iarrtha an pionós uasta a bheartaítear i ndlí an Stáit iarrthaigh a chur san áireamh agus an phianbhreith á cinneadh, tráth ar bith a rachaidh sé sin chun tairbhe don duine atá cúisithe, agus i gcomhréir le dlí an Stáit iarrtha. Ba cheart é sin a chur san áireamh i gcásanna ina mbeadh cur i bhfeidhm pianbhreithe níos airde sa Stát iarrtha mar thoradh ar imeachtaí coiriúla a aistriú ná an phianbhreith uasta dá bhforáiltear sa Stát iarrthach as an gcion coiriúil céanna, d’fhonn méid áirithe deimhneachta dlíthiúla agus intuarthachta an dlí is infheidhme do na daoine atá faoi dhrochamhras nó do na daoine atá cúisithe lena mbaineann a áirithiú. Ba cheart an phianbhreith uasta a bheartaítear i ndlí an Stáit iarrthaigh a chur san áireamh i gcónaí i gcás ina bhfuil dlínse an Stáit iarrtha bunaithe go heisiach ar an Rialachán seo.
(49)Níor cheart do Bhallstáit a bheith in ann cúiteamh as na chostais a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éileamh ó chéile. Mar sin féin, nuair a thabhaíonn an Stát iarrthach costais mhóra nó eisceachtúla, a bhaineann le haistriúchán na ndoiciméad sa cháschomhad atá le haistriú chuig an Stát iarrtha, ba cheart don údarás iarrtha moladh ón údarás iarrthach na costais a roinnt a mheas.
(50)Ach úsáid a bhaint as deimhniú chaighdeánaithe a aistrítear i dteangacha oifigiúla uile an Aontais d’éascófaí comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis iarrthacha agus na húdaráis iarrtha, rud a chiallódh go mbeidís in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh ar aistriú ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí. Laghdaítear freisin na costais aistriúcháin agus cuireann sé le caighdeán níos airde iarrataí.
(51)Níor cheart a áireamh sa deimhniú ach na sonraí pearsanta is gá chun cinneadh an údaráis iarrtha maidir leis an iarraidh a éascú. Ba cheart léiriú a bheith sa deimhniú ar chatagóirí na sonraí pearsanta, amhail cé acu ar duine atá faoi dhrochamhras, duine atá cúisithe nó íospartach é an duine gaolmhar, chomh maith leis na réimsí sonracha a bhaineann le gach ceann de na catagóirí sin.
(52)Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le feabhsúchán maidir leis an deimhniú atá le húsáid chun aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 67 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(53)Chun malartú tapa, díreach, idir‑inoibritheach, iontaofa agus slán sonraí a bhaineann le cás a áirithiú, ba cheart, de ghnáth, an chumarsáid faoin Rialachán seo idir na húdaráis iarrthacha agus na húdaráis iarrtha agus le rannpháirtíocht na n‑údarás lárnach, i gcás inar ainmnigh Ballstát údarás lárnach, agus le Eurojust, a dhéanamh tríd an gcóras TF díláraithe de réir bhrí Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Digiteáil]. 68 Go háirithe, ba cheart an córas TF díláraithe a úsáid, de ghnáth, chun an deimhniú agus aon fhaisnéis agus doiciméid ábhartha eile a mhalartú, agus chun gach cumarsáid eile idir na húdaráis faoin Rialachán seo a mhalartú. I gcásanna ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí a luaitear i Rialachán (AE).../... Tá feidhm ag [an Rialachán maidir le Digiteáil], go háirithe, i gcás nach féidir nó nach iomchuí úsáid a bhaint as an gcóras TF díláraithe, féadfar modhanna eile cumarsáide a úsáid mar a shonraítear sa Rialachán sin.
(54)D’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as bogearraí a d’fhorbair an Coimisiún (bogearraí cur chun feidhme tagartha) seachas córas náisiúnta TF. Ba cheart na bogearraí cur chun feidhme tagartha sin a bheith bunaithe ar shocrú modúlach, rud a chiallaíonn go ndéantar na bogearraí a phacáistiú agus a sheachadadh ar leithligh ó na comhpháirteanna e-CODEX is gá chun iad a nascadh leis an gcóras TF díláraithe. Ba cheart don leagan amach sin é a chur ar a gcumas do na Ballstáit na bonneagair cumarsáide breithiúnaí náisiúnta atá acu cheana a athúsáid nó a fheabhsú ar mhaithe le húsáid trasteorann.
(55)Ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach as na bogearraí cur chun feidhme tagartha sin a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt. Ba cheart don Choimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil ar bhealach a chiallóidh go mbeidh na rialaitheoirí in ann a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 69 agus (AE) 2016/679 70 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTreoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 71 , go háirithe na hoibleagáidí maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus réamhshocrú chomh maith le hardleibhéal cibearshlándála. Ba cheart bearta teicniúla iomchuí a bheith sna bogearraí cur chun feidhme tagartha freisin agus ba cheart dóibh na bearta eagraíochtúla is gá a chumasú chun leibhéal iomchuí slándála agus idir‑inoibritheachta a áirithiú, agus é á chur san áireamh go bhféadfar catagóirí speisialta sonraí a mhalartú freisin. Ní phróiseálann an Coimisiún sonraí pearsanta i gcomhthéacs chruthú, chothabháil agus fhorbairt na mbogearraí cur chun feidhme tagartha sin.
(56)Maidir leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha a d’fhorbair an Coimisiún mar chóras cúil, ba cheart dóibh na sonraí staidrimh is gá chun críoch faireacháin a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe agus ba cheart sonraí den sórt sin a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit córas náisiúnta TF a úsáid in ionad na mbogearraí cur chun feidhme tagartha a d’fhorbair an Coimisiún, d’fhéadfadh córas den sórt sin a bheith in ann na sonraí sin a bhailiú ar bhonn cláir agus, sa chás sin, ba cheart na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún. D’fhéadfaí gné lena bhféadfaí sonraí staidrimh ábhartha a aisghabháil a fheistiú freisin ar an nascóir e-CODEX.
(57)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun córas TF díláraithe a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 72 .
(58)Ba cheart bunús dlí a chruthú leis an Rialachán seo chun sonraí pearsanta a mhalartú idir na Ballstáit chun na himeachtaí coiriúla a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 10(a) de Threoir (AE) 2016/680. Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le haon ghné eile, amhail an tréimhse ama chun sonraí pearsanta a fhaigheann an t‑údarás iarrthach a choinneáil, ba cheart próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis iarrthacha agus ag na húdaráis iarrtha a bheith faoi réir dhlíthe náisiúnta na mBallstát arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680. Ba cheart an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha a mheas mar rialaitheoirí i ndáil le próiseáil na sonraí pearsanta faoin Treoir sin. Cuireann na húdaráis lárnacha tacaíocht riaracháin ar fáil do na húdaráis iarrthacha agus do na húdaráis iarrtha agus, a mhéid atá siad ag próiseáil sonraí pearsanta thar ceann na rialaitheoirí sin, ba cheart a mheas gur próiseálaithe de chuid an rialaitheora lena mbaineann iad. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann Eurojust, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhthéacs an Rialacháin seo gan dochar do na rialacha sonracha maidir le cosaint sonraí atá i Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 73 .
(59)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin aistriú imeachtaí coiriúla, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(60)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [, trí litir an ...,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.] NÓ [I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]
(61)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(62)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 74 agus thug sé tuairim an [...],
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le haistriú imeachtaí coiriúla idir na Ballstáit d’fhonn feabhas a chur ar riar éifeachtúil cuí an cheartais laistigh den limistéar coiteann saoirse, slándála agus ceartais.
2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo i ngach cás ina ndéantar imeachtaí coiriúla a aistriú san Aontas ón tráth a shainaithnítear duine mar dhuine atá faoi dhrochamhras.
3.Ní bheidh sé d’éifeacht ag an Rialachán seo go modhnófar an oibleagáid atá ann na cearta bunúsacha agus na prionsabail dlí, mar a chumhdaítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad, a urramú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘Stát iarrthach’ Ballstát ina n‑eisítear iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla;
(2)ciallaíonn ‘Stát iarrtha’ Ballstát a ndéantar iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a tharchur chuige chun críoch imeachtaí coiriúla a ghabháil ar láimh;
(3)ciallaíonn ‘údarás iarrthach’:
(a) breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí inniúil sa chás lena mbaineann; nó
(b)aon údarás inniúil eile arna ainmniú amhlaidh ag an Stát iarrthach agus atá, sa chás lena mbaineann, ag gníomhú ina cháil mar údarás imscrúdaithe in imeachtaí coiriúla a bhfuil inniúlacht aige aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ina theannta sin, sula dtarchuirfear an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla chuig an údarás iarrtha, déanfaidh breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí sa Stát iarrthach é a bhailíochtú tar éis scrúdú a dhéanamh ar a chomhréireacht leis na coinníollacha chun iarraidh den sórt sin a eisiúint faoin Rialachán seo. I gcás ina ndearna breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a bhailíochtú, féadfar an t‑údarás sin a mheas freisin mar údarás iarrthach chun críocha an iarraidh a tharchur;
(4)ciallaíonn ‘údarás iarrtha’ breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí a bhfuil inniúlacht aige cinneadh a dhéanamh maidir le glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 12 agus maidir le haon bheart a dhéanamh dá bhforáiltear ina dhlí náisiúnta;
(5)ciallaíonn ‘córas TF díláraithe’ córas TF mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE)…/... [An Rialachán maidir le Digiteáil];
(6)ciallaíonn ‘íospartach’ íospartach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2012/29/AE.
Airteagal 3
Dlínse
1.Chun críche an Rialacháin seo, beidh dlínse ag an Stát iarrtha ar aon chion coiriúil a bhfuil dlí an Stáit iarrthaigh infheidhme maidir leis, sna cásanna seo a leanas:
(a)go ndiúltaíonn sé duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a thabhairt suas, atá i láthair sa Stát iarrtha agus ar náisiúnach den Stát iarrtha é nó a bhfuil cónaí air ann, ar bhonn Airteagal 4(7), pointe (b), de Chinneadh Réime 2002/584/CGB;
(b)go ndiúltaítear duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ina leith, a thabhairt suas agus atá i láthair sa Stát iarrtha agus náisiúnach den Stát iarrtha nó cónaitheoir ann, má chinneann sé go bhfuil forais shubstaintiúla ann, i gcásanna eisceachtúla, chun a chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chairt i gceist leis an tabhairt suas sin in imthosca áirithe an cháis;
(c)an chuid is mó d’éifeachtaí an chiona choiriúil nó cuid shubstaintiúil den damáiste, atá mar chuid de na heilimintí a chomhdhéanann an cion coiriúil, a tharla i gcríoch an Stáit iarrtha;
(d)go bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha ina aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe i leith fíorais eile agus gur náisiúnach nó cónaitheoir sa Stát iarrtha an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe;
(e)go bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha i leith na bhfíoras céanna nó fíorais atá mar an gcéanna go páirteach in aghaidh daoine eile agus gur náisiúnach nó cónaitheoir sa Stát iarrtha an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe sna himeachtaí coiriúla.
2.An dlínse arna bunú ag an Stát iarrtha go heisiach de bhua mhír 1, ní fhéadfar í a fheidhmiú ach amháin de bhun iarrata ar aistriú imeachtaí coiriúla.
Airteagal 4
Imeachtaí coiriúla a tharscaoileadh, a chur ar fionraí nó a scor
Aon Bhallstát a bhfuil dlínse aige faoina dhlí náisiúnta cion coiriúil a ionchúiseamh, chun críocha an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sé imeachtaí coiriúla in aghaidh duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a tharscaoileadh, a chur ar fionraí nó a scor, chun aistriú imeachtaí coiriúla a cheadú i ndáil leis an gcion coiriúil sin chuig an Stát iarrtha.
CAIBIDIL 2
AISTRIÚ IMEACHTAÍ COIRIÚLA
Airteagal 5
Critéir chun aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh
1.Ní fhéadfar iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint ach amháin i gcás ina measann an t‑údarás iarrthach gur fearr a dhéanfaí freastal ar an gcuspóir maidir le riar éifeachtúil cuí an cheartais trí na himeachtaí coiriúla ábhartha a sheoladh i mBallstát eile.
2.Cuirfidh an t‑údarás iarrthach na critéir seo a leanas go háirithe san áireamh:
(a)go ndearnadh an cion coiriúil go hiomlán nó go páirteach i gcríoch an Stáit iarrtha, nó gur i gcríoch an Stáit sin a tharla an chuid is mó de na héifeachtaí nó cuid shubstaintiúil den damáiste arbh é an cion coiriúil ba chúis leis;
(b)gur náisiúnach den Stát iarrtha an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe nó tá cónaí air ann;
(c)go bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe i láthair sa Stát iarrtha agus go ndiúltaíonn an Stát sin an duine sin a thabhairt suas don Stát iarrthach ar bhonn Airteagal 4(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, nó Airteagal 4(3) de, i gcás nach bhfuil an diúltú sin bunaithe ar chinneadh críochnaitheach ar bhreithiúnas a tugadh ar an duine sin i leith an chiona choiriúil chéanna, lena gcuirtear cosc ar imeachtaí coiriúla eile, nó Airteagal 4(7) den Chinneadh Réime sin;
(d)go bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe i láthair sa Stát iarrtha agus go ndiúltaíonn an Stát sin an duine sin ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ina leith a thabhairt suas, má chinneann sé go bhfuil forais shubstaintiúla ann, i gcásanna eisceachtúla, lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chairt i gceist leis an tabhairt suas, in imthosca áirithe an cháis;
(e)go bhfuil an chuid is mó den fhianaise atá ábhartha don imscrúdú lonnaithe sa Stát iarrtha nó tá tromlach na bhfinnéithe ábhartha ina gcónaí sa Stát iarrtha;
(f)go bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha i ndáil leis na fíorais chéanna nó fíorais eile in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe;
(g)go bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha i ndáil leis na fíorais chéanna nó fíorais ghaolmhara in aghaidh daoine eile;
(h)go bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe ag cur pianbhreithe isteach nó go bhfuil sé chun pianbhreith lena mbaineann cailleadh saoirse a chur isteach sa Stát iarrtha;
(i)gur dócha go gcuirfeadh forfheidhmiú na pianbhreithe sa Stát iarrtha leis an dóchúlacht maidir le hathshlánú sóisialta an duine ar cuireadh pianbhreith air nó go bhfuil cúiseanna eile ann chun an phianbhreith a fhorfheidhmiú ar bhealach níos iomchuí sa Stát iarrtha;
(j)gur náisiúnaigh den Stát iarrtha nó cónaitheoirí sa Stát iarrtha tromlach na n‑íospartach.
3.Féadfaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe, nó tromlach na n‑íospartach, nó dlíodóir thar a gceann, iarraidh ar údaráis inniúla an Stáit iarrthaigh nó an Stáit iarrtha nós imeachta a thionscnamh chun imeachtaí coiriúla a aistriú faoin Rialachán seo. Ní chruthóidh iarrataí arna ndéanamh faoin mír seo oibleagáid don Stát iarrthach nó don Stát iarrtha imeachtaí coiriúla a iarraidh ar an Stát iarrtha nó a aistriú chucu.
Airteagal 6
Cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe
1.Sula n‑eiseofar iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla, tabharfaidh an t‑údarás iarrthach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, aird chuí ar leasanna dlisteanacha an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe agus áiritheoidh sé go n‑urramófar a gcearta nós imeachta faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.
2.Ar choinníoll nach mbainfeadh sé an bonn de rúndacht imscrúdaithe, cuirfear in iúl don duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, go bhfuil sé beartaithe imeachtaí coiriúla a aistriú, i dteanga a thuigeann siad, agus tabharfar deis dó a thuairim a chur in iúl ó bhéal nó i scríbhinn, mura rud é nach féidir an duine sin a aimsiú d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha a bheith déanta ag an údarás iarrthach. I gcás ina measfaidh an t‑údarás iarrthach gur gá sin i bhfianaise aois an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe nó i bhfianaise bhail choirp nó mheabhrach an duine sin, tabharfar an deis dá ionadaí dlíthiúil a thuairim a lua.I gcás ina ndéantar an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla tar éis iarraidh a fháil ón duine atá faoi dhrochamhras nó ón duine atá cúisithe faoi Airteagal 5(3), ní gá dul i gcomhairle den sórt sin leis an duine atá faoi dhrochamhras nó leis an duine atá cúisithe a rinne an iarraidh.
3.Cuirfidh an t‑údarás iarrthach tuairim an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh.
4.I gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an údarás iarrtha i gcomhréir le hAirteagal 12(1), déanfaidh an t‑údarás iarrthach, ar choinníoll nach mbainfeadh sé an bonn de rúndacht imscrúdaithe, an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur ar an eolas láithreach, i dteanga a thuigeann siad, faoi eisiúint na hiarrata ar aistriú imeachtaí coiriúla agus faoi ghlacadh nó diúltú an aistrithe ina dhiaidh sin ag an údarás iarrtha, mura rud é nach féidir an duine sin a aimsiú d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha a bheith déanta ag an údarás iarrthach. Má tá cinneadh déanta ag an údarás iarrtha glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla, cuirfear an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe ar an eolas freisin faoina cheart chun leigheas dlí a fháil sa Stát iarrtha, lena n‑áirítear faoi na teorainneacha ama don leigheas sin.
Airteagal 7
Cearta an íospartaigh
1.Sula ndéanfar iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla, tabharfaidh an t‑údarás iarrthach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, aird chuí ar leasanna dlisteanacha an íospartaigh agus áiritheoidh sé go n‑urramófar a chearta faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.
2.Ar choinníoll nach mbainfeadh sé an bonn de rúndacht imscrúdaithe, agus i gcás ina bhfuil cónaí ar an íospartach sa Stát iarrthach, cuirfear ar an eolas é, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, faoin aistriú atá beartaithe ar imeachtaí coiriúla, i dteanga a thuigeann sé, agus tabharfar deis dó a thuairim a chur in iúl ó bhéal nó i scríbhinn. I gcás ina measann an t‑údarás iarrthach gur gá sin i bhfianaise aois an íospartaigh nó a bhail choirp nó mheabhrach, tabharfar an deis sin d’ionadaí dlíthiúil an íospartaigh.
3.Cuirfidh an t‑údarás iarrthach tuairim an íospartaigh dá dtagraítear i mír 2 san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh.
4.I gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an údarás iarrtha i gcomhréir le hAirteagal 12(1), déanfaidh an t‑údarás iarrthach, ar choinníoll nach mbainfeadh sé an bonn de rúndacht imscrúdaithe, an t‑íospartach a bhfuil cónaí air sa Stát iarrthach a chur ar an eolas láithreach, i dteanga a thuigeann siad, maidir le heisiúint na hiarrata ar aistriú imeachtaí coiriúla agus maidir le glacadh nó diúltú an aistrithe ag an údarás iarrtha ina dhiaidh sin. Má ghlac an t‑údarás iarrtha le haistriú imeachtaí coiriúla, cuirfear an t‑íospartach ar an eolas freisin faoina cheart chun leigheas dlí atá ar fáil sa Stát iarrtha, lena n‑áirítear faoi na teorainneacha ama le haghaidh leigheas den sórt sin.
Airteagal 8
An ceart chun leigheas dlí a fháil
1.Beidh sé de cheart ag daoine atá faoi dhrochamhras, ag daoine atá cúisithe agus ag íospartaigh leigheasanna éifeachtacha dlí a fháil sa Stát iarrtha in aghaidh cinnidh glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla.
2.Déanfar an ceart chun leigheas dlí a fháil a fheidhmiú os comhair cúirte sa Stát iarrtha i gcomhréir lena dhlí.
3.Ní bheidh an teorainn ama chun leigheas dlí a lorg níos faide ná 20 lá ón dáta a fhaightear an fhaisnéis faoin gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 12(1).
4.I gcás ina n‑eiseofar an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla tar éis dhíotáil an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe, beidh éifeacht fionraíochta ag an gcaingean ar leigheas dlí in aghaidh cinnidh glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla.
5.Cuirfidh an t‑údarás iarrtha an t‑údarás iarrthach ar an eolas faoi na leigheasanna dlí atá á lorg faoin Airteagal seo.
Airteagal 9
An nós imeachta maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh
1.Déanfar an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a tharraingt suas agus úsáid á baint as an deimhniú a leagtar amach san Iarscríbhinn. Síneoidh an t‑údarás iarrthach an deimhniú agus deimhneoidh sé go bhfuil a inneachar cruinn agus ceart.
2.Beidh an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla cuí‑réasúnaithe agus beidh an fhaisnéis seo a leanas inti go háirithe:
(a)sonraí faoin údarás iarrthach;
(b)tuairisc ar an gcion coiriúil, is ábhar do na himeachtaí coiriúla, agus na forálacha is infheidhme de dhlí coiriúil an Stáit iarrthaigh;
(c)na cúiseanna go bhfuil an t‑aistriú riachtanach agus iomchuí agus go háirithe cé acu de na critéir faoi Airteagal 5(2) is infheidhme;
(d)an fhaisnéis is gá atá ar fáil faoin duine atá faoi dhrochamhras nó faoin duine atá cúisithe agus faoin íospartach;
(e)measúnú ar thionchar an aistrithe imeachtaí coiriúla ar chearta duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe agus ar chearta íospartaigh;
(f)faisnéis faoi ghníomhartha nó bearta nós imeachta a bhfuil tionchar acu ar na himeachtaí coiriúla atá déanta sa Stát iarrthach;
(g)aon choinníoll sonrach is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta de bhun Airteagal 9(3) de Threoir (AE) 2016/680.
3.I gcás inar thug an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe a thuairim faoi Airteagal 6(2) nó inar thug an t‑íospartach a thuairim faoi Airteagal 7(2), cuirfear an tuairim sin ar aghaidh chuig an údarás iarrtha mar aon leis an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla. Má luadh tuairim an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe nó an íospartaigh ó bhéal, áiritheoidh an t‑údarás iarrthach go mbeidh an taifead i scríbhinn den ráiteas sin ar fáil don údarás iarrtha.
4.I gcás inar gá, beidh aon fhaisnéis agus aon doiciméad ábhartha breise ag gabháil leis an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla.
5.An deimhniú a bheidh líonta isteach dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás ina gcomhaontófar amhlaidh leis an údarás iarrtha, aon fhaisnéis eile i scríbhinn a bheidh ag gabháil leis an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla, aistreofar iad go teanga oifigiúil de chuid an Stáit iarrtha nó go haon teanga eile a nglacfaidh an Stát iarrtha léi i gcomhréir le hAirteagal 30(1), pointe (c).
6.Déanfaidh an t‑údarás iarrthach an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a tharchur go díreach chuig an údarás iarrtha nó, i gcás inarb infheidhme, le rannpháirtíocht an údaráis lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 18. Déanfaidh na húdaráis iarrthacha agus na húdaráis iarrtha gach cumarsáid oifigiúil eile go díreach nó, i gcás inarb infheidhme, le rannpháirtíocht údaráis lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 18.
7.I gcás nach eol don údarás iarrtha cé hé an t‑údarás iarrthach, déanfaidh an t‑údarás iarrthach na fiosrúcháin uile is gá, lena n‑áirítear trí phointí teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh, chun a chinneadh cén t‑údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh faoi Airteagal 12.
8.I gcás nach bhfuil aon inniúlacht ag an údarás sa Stát iarrtha a fuair an iarraidh cinneadh a dhéanamh faoi Airteagal 12, déanfaidh sé an iarraidh a tharchur gan moill mhíchuí chuig an údarás inniúil iarrtha sa Bhallstát céanna agus cuirfidh sé an t‑údarás iarrthach ar an eolas dá réir.
Airteagal 10
Faisnéis atá le tabhairt ag an údarás iarrthach
Cuirfidh an t‑údarás iarrthach an t‑údarás iarrtha ar an eolas faoi aon ghníomh nó beart nós imeachta a bhfuil tionchar acu ar na himeachtaí coiriúla a rinneadh sa Stát iarrthach tar éis tharchur na hiarrata gan moill mhíchuí. Beidh na doiciméid ábhartha uile ag gabháil leis an teachtaireacht sin.
Airteagal 11
Tarraingt siar na hiarrata
Féadfaidh an t‑údarás iarrthach an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a tharraingt siar tráth ar bith sula bhfaighidh sé cinneadh an údaráis iarrtha glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 12.
Airteagal 12
Cinneadh an údaráis iarrtha
1.Déanfaidh an t‑údarás iarrtha cinneadh réasúnaithe maidir le glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla agus cinnfidh sé, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, na bearta atá le déanamh ina leith.
2.Má chinneann an t‑údarás iarrtha nach leor an fhaisnéis a chuir an t‑údarás iarrthach in iúl chun gur féidir leis a chinneadh an nglacfaidh sé leis an aistriú imeachtaí coiriúla, féadfaidh sé an fhaisnéis bhreise a mheasann sé a bheith riachtanach a iarraidh.
3.Má chinneann an t‑údarás iarrtha an t‑aistriú imeachtaí coiriúla a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 13, cuirfidh sé an t‑údarás iarrthach ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an diúltú sin. Cuirfear an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe agus an t‑íospartach ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus Airteagal 7(4) faoi seach.
4.Má ghlac an t‑údarás iarrtha leis an aistriú imeachtaí coiriúla, cuirfidh sé an t‑údarás iarrthach ar an eolas faoi na leigheasanna dlí atá ar fáil chun agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla, lena n‑áirítear na ceanglais agus na teorainneacha ama chun na leigheasanna sin a fheidhmiú. Cuirfear an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe agus an t‑íospartach ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus Airteagal 7(4) faoi seach.
5.Nuair a ghlacfaidh an t‑údarás iarrtha le haistriú imeachtaí coiriúla, déanfaidh an t‑údarás iarrthach an bunchóip nó cóip dheimhnithe den cháschomhad nó codanna ábhartha de a chur ar aghaidh gan mhoill, maille lena n‑aistriúchán i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit iarrtha nó i dteanga ar bith eile a nglacfaidh an Stát iarrtha léi i gcomhréir le hAirteagal 30(1), pointe (c). I gcás inar gá, féadfaidh na húdaráis iarrthacha agus na húdaráis iarrtha dul i gcomhairle le chéile chun na doiciméid riachtanacha nó codanna de na doiciméid sin atá le cur ar aghaidh a chinneadh, chomh maith lena n‑aistriú.
Airteagal 13
Forais maidir le diúltú
1.Diúltóidh an t‑údarás iarrtha aistriú imeachtaí coiriúla, go hiomlán nó go páirteach, i gcás nach féidir imeachtaí coiriúla faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha a thionscnamh in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe i ndáil leis na fíorais is bonn leis an iarraidh ar imeachtaí coiriúla a aistriú i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:
(a)nach cion coiriúil faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha é an t‑iompar lena mbaineann an iarraidh;
(b)go mbeadh glacadh na n‑imeachtaí coiriúla bunoscionn leis an bprionsabal ne bis in idem;
(c)mura féidir an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur faoi dhliteanas coiriúil mar gheall ar an gcion coiriúil i ngeall ar a aois;
(d)má tá an t‑ionchúiseamh coiriúil faoi urchosc reachta i gcomhréir le dlí an Stáit iarrtha nó mura gcomhlíontar na coinníollacha chun an cion coiriúil a ionchúiseamh sa Stát iarrtha;
(e)má tá an cion coiriúil cumhdaithe ag maithiúnas i gcomhréir le dlí an Stáit iarrtha;
(f)mura bhfuil dlínse ag an Stát iarrtha ar an gcion coiriúil. D’fhéadfadh dlínse den sórt sin eascairt as Airteagal 3.
2.Féadfaidh an t‑údarás iarrtha aistriú imeachtaí coiriúla a dhiúltú, go hiomlán nó go páirteach, má tá foras amháin nó níos mó ann:
(a)go bhfuil díolúine nó pribhléid ann faoi dhlí an Stáit iarrtha a fhágann nach féidir beart a dhéanamh;
(b)go measann an t‑údarás iarrtha nach bhfuil aistriú imeachtaí coiriúla ar mhaithe le riar éifeachtúil agus cuí an cheartais;
(c)nach ndearnadh an cion coiriúil go hiomlán nó go páirteach i gcríoch an Stáit iarrtha, nach i gcríoch an Stáit sin a tharla an chuid is mó de na héifeachtaí nó cuid shubstaintiúil den damáiste arbh é an cion coiriúil ba chúis leis, agus nach náisiúnach den Stát sin an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe agus nach bhfuil cónaí air sa Stát sin;
(d)go bhfuil an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 9(1) neamhiomlán nó gur follasach go bhfuil sé mícheart agus nár líonadh isteach ná nár ceartaíodh é tar éis an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 3.
3.In aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, sula gcinnfidh sé aistriú imeachtaí coiriúla a dhiúltú, go hiomlán nó go páirteach, rachaidh an t‑údarás iarrtha i gcomhairle leis an údarás iarrthach agus, i gcás inar gá, iarrfaidh sé air aon fhaisnéis is gá a sholáthar gan mhoill.
4.Sa chás dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) agus i gcás ina mbeidh an chumhacht ag údarás de chuid an Stáit iarrtha an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, is é an t‑údarás iarrtha a iarrfaidh air an chumhacht sin a fheidhmiú láithreach. I gcás ina mbeidh an chumhacht ag údarás de chuid Stáit eile nó ag eagraíocht idirnáisiúnta an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, is faoin údarás eisiúna a bheidh sé a iarraidh ar an údarás sin an chumhacht sin a fheidhmiú.
Airteagal 14
Teorainneacha ama
1.Cuirfidh an t‑údarás iarrtha a chinneadh in iúl don údarás iarrthach maidir le cé acu glacadh nó gan glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla gan mhoill agus in aon chás tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis don údarás inniúil iarrtha an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a fháil.
2.Más rud é i gcás ar leith nach féidir leis an údarás iarrtha an teorainn ama a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh, cuirfidh sé an t‑údarás iarrthach ar an eolas faoi sin láithreach, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an moill. I gcás den sórt sin, féadfar síneadh a chur leis an teorainn ama atá leagtha amach i mír 1 de 30 lá breise ar a mhéad.
3.I gcás ina bhfuil pribhléid nó díolúine faoi dhlí an Stáit iarrtha, ní bheidh tús leis an teorainn ama dá dtagraítear i mír 1 mura gcuirfear an t‑údarás iarrtha ar an eolas, agus sin á chomhaireamh ón lá a gcuirfear ar an eolas é, gur tarscaoileadh an phribhléid nó an díolúine.
Airteagal 15
Comhairliúcháin idir na húdaráis iarrthacha agus na húdaráis iarrtha
1.I gcás inar gá agus gan dochar d’Airteagal 12(2), Airteagal 13(3) agus Airteagal 17(2), rachaidh an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha i gcomhairle le chéile gan mhoill chun cur i bhfeidhm éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú.
2.Féadfar comhairliúcháin a dhéanamh freisin sula n‑eiseofar an iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla, go háirithe d’fhonn a chinneadh an bhfónfadh an t‑aistriú do leasanna riar éifeachtúil cuí an cheartais. Chun aistriú imeachtaí coiriúla ón Stát iarrthach a mholadh, féadfaidh an t‑údarás iarrtha dul i gcomhairle freisin leis an údarás iarrthach maidir leis an bhféidearthacht iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint.
3.Nuair a théann an t‑údarás iarrthach i gcomhairle leis an údarás iarrtha sula ndéantar iarraidh ar aistriú imeachtaí coiriúla, cuirfidh sé an fhaisnéis maidir leis na himeachtaí coiriúla ar fáil don údarás iarrtha agus féadfaidh sé í a sholáthar don údarás iarrtha trí úsáid a bhaint as deimhniú a leagtar amach san Iarscríbhinn.
4.Tabharfar freagra gan mhoill ar iarrataí ar chomhairliúcháin.
Airteagal 16
Comhar le Eurojust agus leis an nGréasánBreithiúnach Eorpach
Féadfaidh na húdaráis iarrthacha agus na húdaráis iarrtha, ag céim ar bith den nós imeachta, cúnamh a iarraidh ar Eurojust nó ar an nGréasán Breithiúnach Eorpach i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí faoi seach. Go háirithe, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh Eurojust na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), Airteagal 13(3), Airteagal 15 agus Airteagal 17(2) a éascú.
Airteagal 17
Costais aistrithe imeachtaí coiriúla
1.Seasfaidh gach Ballstát a chostais féin maidir le haistriú imeachtaí coiriúla de thoradh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2.I gcás ina mbeadh costais mhóra nó eisceachtúla i gceist leis an aistriúchán ar an gcáschomhad agus ar dhoiciméid ábhartha eile faoi Airteagal 12(5), féadfaidh an t‑údarás iarrthach togra a chur faoi bhráid an údaráis iarrtha go ndéanfaí na costais a roinnt. Beidh miondealú mionsonraithe ar na costais arna dtabhú ag an údarás iarrthach ag gabháil leis an togra sin. Tar éis togra den sórt sin, rachaidh an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha i gcomhairle le chéile. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Eurojust comhairliúcháin den chineál sin a éascú.
Airteagal 18
Ainmniú údarás lárnach
Féadfaidh gach Ballstát údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as tarchur agus glacadh riarthach iarrataí ar aistriú imeachtaí coiriúla, chomh maith le comhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le hiarrataí den sórt sin.
CAIBIDIL 3
ÉIFEACHTAÍ MAIDIR LE hAISTRIÚ IMEACHTAÍ COIRIÚLA
Airteagal 19
Éifeachtaí sa Stát iarrthach
1.Ar a dhéanaí tar éis fógra a fháil go nglacann an t‑údarás iarrtha le haistriú imeachtaí coiriúla, cuirfear na himeachtaí coiriúla sin ar fionraí nó scoirfear díobh sa Stát iarrthach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, mura rud é go ndearnadh leigheas dlí faoi Airteagal 8 a agairt le héifeacht fionraíochta agus go dtí an tráth sin a ndéanfar an cinneadh críochnaitheach maidir leis an leigheas dlí.
2.D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an t‑údarás iarrthach, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta:
(a)bearta imscrúdaitheacha nó bearta nós imeachta eile is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear bearta chun cosc a chur ar an duine atá faoi dhrochamhras nó ar an duine atá cúisithe éalú, chun cinneadh a fhorfheidhmiú bunaithe ar Chinneadh Réime 2002/584/CGB nó ar ionstraim eile aitheantais fhrithpháirtigh nó chun freagra a thabhairt ar iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach;
(b)bearta imscrúdaitheacha nó bearta nós imeachta eile is gá a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear bearta chun cosc a chur ar an duine atá faoi dhrochamhras nó ar an duine atá cúisithe éalú, ar bearta iad a glacadh roimhe sin agus a bhfuil gá leo chun cinneadh a fhorfheidhmiú bunaithe ar Chinneadh Réime 2002/584/CGB nó ar ionstraim eile aitheantais fhrithpháirtigh nó iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach.
3.Féadfaidh an t‑údarás iarrthach leanúint d’imeachtaí coiriúla nó iad a athoscailt, má chuireann an t‑údarás iarrtha é ar an eolas faoina chinneadh scor d’imeachtaí coiriúla a bhaineann leis na fíorais is bonn leis an iarraidh ar imeachtaí coiriúla a aistriú, mura rud é go gcuireann an cinneadh sin, faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, bac ar thuilleadh ionchúisimh agus, dá bhrí sin, go gcoisctear imeachtaí coiriúla breise, i leith na ngníomhartha céanna, sa Stát iarrtha.
4.Ní dhéanfaidh mír 3 difear do cheart íospartach imeachtaí coiriúla a thionscnamh nó a iarraidh go n‑athosclófaí imeachtaí coiriúla in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe sa Stát iarrthach, nuair a fhoráiltear amhlaidh le dlí náisiúnta an Stáit sin, mura rud é go gcuireann cinneadh an údaráis iarrtha scor d’imeachtaí coiriúla, faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, bac cinntitheach ar ionchúiseamh breise agus, dá bhrí sin, go gcoisctear imeachtaí coiriúla breise, i leith na ngníomhartha céanna, sa Stát sin.
Airteagal 20
Éifeachtaí sa Stát iarrtha
1.Déanfar na himeachtaí coiriúla aistrithe a rialú le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha.
2.Ar choinníoll nach bhfuil sé contrártha do phrionsabail bhunúsacha dhlí an Stáit iarrtha, beidh an bhailíocht chéanna sa Stát iarrtha ag aon ghníomh a dhéantar chun críocha na n‑imeachtaí coiriúla nó na réamhfhiosrúcháin arna ndéanamh ag údaráis inniúla sa Stát iarrthach nó ag aon ghníomh lena gcuirtear isteach ar an tréimhse teorann nó lena gcuirtear ar fionraí an tréimhse teorann amhail is dá mba rud é go ndearna a údaráis féin é go bailí.
3.Maidir le fianaise arna haistriú ag an údarás iarrthach, ní dhiúltófar í a ghlacadh in imeachtaí coiriúla sa Stát iarrtha ar an bhforas amháin gur bailíodh an fhianaise i mBallstát eile. Féadfar an fhianaise a bhailítear sa Stát iarrthach a úsáid in imeachtaí coiriúla sa Stát iarrtha, ar choinníoll nach bhfuil inghlacthacht na fianaise sin contrártha do phrionsabail bhunúsacha dhlí an Stáit iarrtha.
4.Ar choinníoll go n‑eiseofar pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála sa Stát iarrtha, bainfidh an Stát iarrtha gach tréimhse choinneála a caitheadh sa Stát iarrthach, agus a forchuireadh i gcomhthéacs na n‑imeachtaí coiriúla aistrithe, ó thréimhse iomlán na coinneála atá le caitheamh sa Stát iarrtha mar thoradh ar eisiúint pianbhreithe coimeádta nó ordú coinneála. Chuige sin, déanfaidh an t‑údarás iarrthach gach faisnéis a bhaineann leis an tréimhse choinneála a chaith an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe sa Stát iarrthach a tharchur chuig an údarás iarrtha.
5.Más rud é nach féidir imeachtaí coiriúla a thionscnamh ach amháin tar éis gearán a bheith déanta sa Stát iarrthach agus sa Stát iarrtha araon, beidh bailíocht ag an ngearán a dhéantar sa Stát iarrthach sa Stát iarrtha freisin.
6.Is í an phianbhreith a fhorordaítear le dlí an Stáit iarrtha an phianbhreith is infheidhme maidir leis an gcion coiriúil mura bhforáiltear a mhalairt leis an dlí sin. Féadfaidh an t‑údarás iarrtha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, an phianbhreith uasta a leagtar amach i ndlí an Stáit iarrthaigh a chur san áireamh, i gcás ina ndearnadh an cion coiriúil ar chríoch an Stáit iarrthaigh. I gcás ina bhfuil an dlínse bunaithe go heisiach ar Airteagal 3, ní bheidh an phianbhreith a fhorchuirfear sa Stát iarrtha níos déine ná an phianbhreith uasta a leagtar amach i ndlí an Stáit iarrthaigh.
Airteagal 21
Faisnéis atá le tabhairt ag an údarás iarrtha
Cuirfidh an t‑údarás iarrtha an t‑údarás iarrthach ar an eolas faoi scor d’imeachtaí coiriúla nó faoi aon chinneadh a tugadh ag deireadh na n‑imeachtaí coiriúla, lena n‑áirítear má chuireann an cinneadh sin, faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, bac cinntitheach ar ionchúiseamh breise agus, dá bhrí sin, go gcuireann sé bac ar imeachtaí coiriúla breise, i leith na ngníomhartha céanna, sa Stát sin nó faoi fhaisnéis eile a bhfuil luach substaintiúil ag baint léi. Cuirfidh sé cóip den chinneadh i scríbhinn arna thabhairt ag deireadh na n‑imeachtaí coiriúla ar aghaidh chuig an údarás iarrthach.
CAIBIDIL 4
MODHANNA CUMARSÁIDE
Airteagal 22
Modhanna cumarsáide
1.Maidir le cumarsáid faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear malartú deimhnithe a leagtar amach san Iarscríbhinn, an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 12(5), idir na húdaráis iarrthacha agus na húdaráis iarrtha agus le rannpháirtíocht na n‑údarás lárnach, i gcás inar ainmnigh Ballstát údarás lárnach i gcomhréir le hAirteagal 18, chomh maith le Eurojust, déanfar í i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Digiteáil].
2.Airteagal 9(1) agus (2) agus Airteagail 10 agus 15 de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Digiteáil] lena leagtar amach rialacha maidir le ríomhshínithe agus ríomhshéalaí, éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad agus cosaint faisnéise arna tarchur, beidh feidhm ag na hAirteagail sin maidir leis an gcumarsáid a dhéanfar tríd an gcóras TF díláraithe.
3.Comhairliúcháin faoi Airteagal 12(4) agus Airteagal 15 idir an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha agus le rannpháirtíocht an údaráis lárnaigh nó na n‑údarás lárnach, i gcás inar ainmnigh Ballstát údarás lárnach i gcomhréir le hAirteagal 18, agus chomh maith le Eurojust, féadfar iad a dhéanamh trí úsáid a bhaint as aon mhodh iomchuí cumarsáide, lena n‑áirítear tríd an gcóras TF díláraithe.
Airteagal 23
Córas TF díláraithe a bhunú
1.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an córas TF díláraithe a bhunú chun críocha an Rialacháin seo, ina leagfar amach an méid seo a leanas:
(a)na sonraíochtaí teicniúla lena sainítear na modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach chun críocha an chórais TF dhíláraithe;
(b)na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh prótacail chumarsáide;
(c)na cuspóirí slándála faisnéise agus na bearta teicniúla ábhartha lena n‑áirithítear íoschaighdeáin slándála faisnéise agus ardleibhéal cibearshlándála maidir le próiseáil agus cumarsáid faisnéise laistigh den chóras TF díláraithe;
(d)na híoschuspóirí infhaighteachta agus na ceanglais theicniúla ghaolmhara fhéideartha i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraítear leis an gcóras TF díláraithe;
(e)na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2022/850.
2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
3.Faoi [2 bhliain ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh.
Airteagal 24
Bogearraí cur chun feidhme tagartha
1.Beidh an Coimisiún freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt, ar bogearraí iad a fhéadfaidh Ballstáit a chur i bhfeidhm mar a gcóras cúil seachas córas TF náisiúnta. Déanfar cruthú, cothabháil agus forbairt na mbogearraí cur chun feidhme tagartha a mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais.
2.Beidh Eurojust in ann úsáid a bhaint freisin as na bogearraí cur chun feidhme tagartha dá dtagraítear i mír 1.
3.Déanfaidh an Coimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a chur ar fáil, a chothabháil agus a thacú ar bhonn saor in aisce.
Airteagal 25
Costais an chórais TF dhíláraithe
1.Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann le suiteáil, feidhmiú agus cothabháil phointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a bhfuil siad freagrach astu.
2.Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena gcórais TF náisiúnta a bhunú agus a choigeartú chun iad a dhéanamh idir‑inoibritheach leis na pointí rochtana, agus seasfaidh siad na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a fheidhmiú agus a chothabháil.
3.Seasfaidh Eurojust na costais a bhaineann le suiteáil, oibriú agus cothabháil na gcomhpháirteanna ina bhfuil an córas TF díláraithe atá faoina fhreagracht.
4.Seasfaidh Eurojust na costais a bhaineann lena chóras bainistithe cásanna a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh sé idir‑inoibritheach leis na pointí rochtana, agus seasfaidh sé na costais a bhaineann leis an gcóras sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.
Airteagal 26
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 75 .
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL 5
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 27
Staidreamh
1.Baileoidh na Ballstáit staidreamh cuimsitheach go tráthrialta chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag an gCoimisiún. Déanfaidh siad an staidreamh sin a choinneáil ar bun, agus cuirfidh siad chuig an gCoimisiún é gach bliain. Féadfaidh siad na sonraí pearsanta is gá a phróiseáil chun an staidreamh a tháirgeadh. Áireofar an méid a leanas leis an staidreamh sin:
(a)líon na n‑iarrataí ar aistriú imeachtaí coiriúla arna n‑eisiúint, lena n‑áirítear na critéir maidir leis an aistriú a iarraidh, de réir an Stáit iarrtha;
(b)líon na n‑aistrithe imeachtaí coiriúla ar glacadh leo agus ar diúltaíodh dóibh, lena n‑áirítear na forais le diúltú, de réir an Stáit iarrthaigh;
(c)líon na n‑imscrúduithe agus na n‑ionchúiseamh nár leanadh leo tar éis glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla;
(d)an fad ama chun faisnéis a tharchur maidir leis an gcinneadh cibé acu a ghlacfar nó nach nglacfar le haistriú imeachtaí coiriúla;
(e)líon na leigheasanna dlí a lorgaíodh in aghaidh na gcinntí glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla, lena n‑áirítear cibé acu ag duine atá faoi drochamhras, ag duine cúisithe nó ag íospartach, agus líon na gcinntí ar éirigh leis na hagóidí a rinneadh ina n‑aghaidh;
(f)ó 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23(1), na costais arna dtabhú faoi Airteagal 25(2).
2.Na bogearraí cur chun feidhme tagartha agus, i gcás ina bhfuil sé feistithe déanamh amhlaidh, an córas cúil náisiúnta, déanfaidh siad na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) (b) agus (d) de mhír 1 a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe agus a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil.
Airteagal 28
Leasuithe ar an deimhniú
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 maidir leis an Iarscríbhinn a leasú chun an Iarscríbhinn seo a thabhairt cothrom le dáta nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh uirthi.
Airteagal 29
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a thabhairt go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 30
Fógraí
1.Faoin [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] tabharfaidh gach Ballstáit fógra faoin méid seo a leanas don Choimisiún:
(a)na húdaráis atá inniúil, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 2, pointí (3) agus (4), chun iarrataí ar aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint agus/nó a bhailíochtú agus a fhorghníomhú;
(b)an fhaisnéis maidir leis an údarás lárnach arna ainmniú nó leis na húdaráis lárnacha arna n‑ainmniú más mian leis an mBallstát úsáid a bhaint as an bhféidearthacht faoi Airteagal 18;
(c)teangacha a nglactar leo le haghaidh na n‑iarrataí ar aistriú imeachtaí coiriúla agus faisnéis tacaíochta eile.
2.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas faoi mhír 1 ar fáil go poiblí, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe nó ar shuíomh gréasáin an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh arna chruthú le Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle 76 .
Airteagal 31
Gaolmhaireacht le comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta
1.Gan dochar dá gcur i bhfeidhm idir Ballstáit agus tríú Stáit, gabhfaidh an Rialachán seo, amhail ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], in ionad fhorálacha comhfhreagracha an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le hImeachtaí in Ábhair Choiriúla a Aistriú an 15 Bealtaine 1972 agus an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla an 20 Aibreán 1959, is infheidhme idir na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo.
2.De bhreis ar an Rialachán seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích nó leanúint dá gcur i bhfeidhm le Ballstáit eile tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ach amháin sa mhéid go bhfágann comhaontuithe nó socruithe den sórt sin gur féidir aidhmeanna an Rialacháin seo a neartú tuilleadh agus go rannchuidíonn siad leis na nósanna imeachta chun aistriú imeachtaí coiriúla a shimpliú nó a éascú tuilleadh agus ar choinníoll go n‑urramaítear leibhéal na gcoimircí a leagtar amach sa Rialachán seo.
3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Chomhairle agus don Choimisiún faoin [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] maidir leis na comhaontuithe agus na socruithe dá dtagraítear i mír 2 ar mian leo leanúint d’fheidhm a bheith acu. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún chomh maith maidir le haon chomhaontú nó socrú nua dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 3 mhí tar éis é a shíniú.
Airteagal 32
Tuairisciú
Faoi [5 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 27(1) agus arna bailiú ag an gCoimisiún mar thaca léi.
Airteagal 33
Forálacha idirthréimhseacha
Sula dtiocfaidh an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 22(1) chun bheith infheidhme, déanfar cumarsáid idir údaráis iarrthacha agus údaráis iarrtha agus, i gcás inarb infheidhme, le rannpháirtíocht na n‑údarás lárnach, chomh maith le Eurojust faoin Rialachán seo trí aon mhodh malartach iomchuí, agus cuirfear san áireamh an gá atá le malartú faisnéise tapa, slán agus iontaofa a áirithiú.
Airteagal 34
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh feidhm ag an oibleagáid atá ar údaráis inniúla an córas TF díláraithe a úsáid le haghaidh cumarsáide faoin Rialachán seo ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bhliain i ndiaidh ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus lena n‑ionadaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle, IO L 295, 21.11.2018, lch. 138.
Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lch. 1).
Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).
Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse (IO L 294, 6.11.2013, lch. 1).
Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lch. 1).
Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí atá faoi dhrochamhras nó do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).
Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach (IO L 297, 4.11.2016, lch. 1).
Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).
COM/2020/713 final.
Supra, ag nóta 11
Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42).
Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (2002/475/CGB) (IO L 164, 22.6.2002, lch. 3).
Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).
Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le cosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh leis an dlí coiriúil, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB ón gComhairle (IO L 151, 21.5.2014, lch. 1).
Moladh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla (2013/C 378/02) (IO C 378, 24.12.2013, lch. 8).
Moladh ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2022 maidir le cearta nósanna imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe atá faoi réir coinneáil réamhthrialach agus maidir le coinníollacha ábhartha coinneála (C(2022) 8987 final).
Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).
Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an ordú cosanta Eorpach (IO L 338, 21.12.2011, lch. 2).
Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.4.2023
COM(2023) 185 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an Togra le haghaidh
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú
{SWD(2023) 77 final} - {SWD(2023) 78 final}
IARSCRÍBHINN
DEIMHNIÚ MAIDIR LE hAISTRIÚ IMEACHTAÍ COIRIÚLA
|
Is é is cuspóir don deimhniú seo: ☐ Dul i gcomhairle maidir le haistriú féideartha imeachtaí coiriúla; ☐ Aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh. |
|
Roinn A An Stát Iarrthach: .............................................................................................................................. An t‑údarás iarrtha: ......................................................................................................................... An Stát Iarrthach: .............................................................................................................................. An t‑údarás iarrtha: ........................................................................................................................ An t‑údarás sa Stát iarrtha a ndeachthas i gcomhairle leis roimh an iarraidh seo (más infheidhme): ………………………………………………………....…………………………………………… |
|
Roinn B: Céannacht an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe 1. Sonraigh an fhaisnéis ar fad, a mhéid agus is eol sin, maidir le céannacht an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe. Má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis maidir le gach aon duine. (i) I gcás duine/daoine nádúrtha Ainm: Céadainm/céadainmneacha: Ainm/ainmneacha ábhartha eile, más infheidhme: Ailiasanna, más infheidhme: Inscne: Náisiúntacht: Uimhir aitheantais nó uimhir slándála sóisialta: Cineál agus uimhir an doiciméid/na ndoiciméad aitheantais (cárta aitheantais, pas), má tá sé/siad ar fáil:
Dáta breithe: Áit bhreithe: Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas; mura bhfuil an seoladh ar eolas, sonraigh an seoladh deiridh atá ar eolas:
Ionad oibre (sonraí teagmhála san áireamh):… Sonraí teagmhála eile (ríomhphost, uimhir ghutháin): …………………………………………………………. Teanga/teangacha a thuigeann an duine:………………………………………………………. Faisnéis ábhartha eile: ……………………………………………………………………… Tabhair tuairisc ar an seasamh atá ag an duine lena mbaineann sna himeachtaí faoi láthair: ☐ An duine atá faoi dhrochamhras ☐ An duine atá cúisithe. (ii) I gcás duine dlítheanach/daoine dlítheanacha: Ainm: Foirm an duine dhlítheanaigh: Ainm giorraithe, ainm a úsáidtear go coitianta nó ainm trádála, más infheidhme:
Oifig chláraithe: Uimhir Chlárúcháin: Seoladh an duine dhlítheanaigh: Sonraí teagmhála eile (ríomhphost, uimhir ghutháin): …………………………………………………. Ainm ionadaí an duine dhlítheanaigh: Faisnéis ábhartha eile: ……………………………………………………………………… Tabhair tuairisc ar an seasamh atá ag an duine lena mbaineann sna himeachtaí faoi láthair: ☐ An duine atá faoi dhrochamhras ☐ An duine atá cúisithe. 2. Tuairim an duine/na ndaoine atá faoi dhrochamhras nó an duine/na ndaoine atá cúisithe: ☐ D’iarr an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe go ndéanfaí an nós imeachta chun imeachtaí coiriúla a aistriú a thionscnamh. ☐ Cuireadh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe ar an eolas maidir leis an aistriú atá beartaithe. ☐ Níor cuireadh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe ar an eolas maidir leis an aistriú atá beartaithe: …………………………………………………………………………………………………….. ☐ Rinne an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe tuairim a chur i láthair maidir leis an aistriú atá beartaithe. Tá an tuairim i gceangal leis an iarraidh seo. Go hachomair, luaitear inti: …………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………….. |
|
Roinn C: Céannacht an íospartaigh 1. Sonraigh an fhaisnéis ar fad, a mhéid agus is eol sin, maidir le céannacht an íospartaigh. Má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis maidir le gach aon duine. (i) I gcás duine/daoine nádúrtha Ainm: Céadainm/céadainmneacha: Inscne: Náisiúntacht: Uimhir aitheantais nó uimhir slándála sóisialta: Cineál agus uimhir an doiciméid/na ndoiciméad aitheantais (cárta aitheantais, pas), má tá sé/siad ar fáil:
Dáta breithe: Áit bhreithe: Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas; mura bhfuil an seoladh ar eolas, sonraigh an seoladh deiridh atá ar eolas:
Ionad oibre (sonraí teagmhála san áireamh):… Sonraí teagmhála eile (ríomhphost, uimhir ghutháin): …………………………………………………………. Teanga/teangacha a thuigeann an duine:…. Faisnéis ábhartha eile: ……………………………………………………………………… (ii) I gcás duine dlítheanach/daoine dlítheanacha: Ainm: Foirm an duine dhlítheanaigh: Ainm giorraithe, ainm a úsáidtear go coitianta nó ainm trádála, más infheidhme:
Oifig chláraithe: Uimhir Chlárúcháin: Seoladh an duine dhlítheanaigh: Sonraí teagmhála eile (ríomhphost, uimhir ghutháin): …………………………………………………. Ainm ionadaí an duine dhlítheanaigh: Faisnéis ábhartha eile: ……………………………………………………………………… 2. Tuairim an íospartaigh/na n‑ íospartach ☐ D’iarr an t‑íospartach go ndéanfaí an nós imeachta chun imeachtaí coiriúla a aistriú a thionscnamh. ☐ Cuireadh an t‑íospartach ar an eolas maidir leis an aistriú atá beartaithe. ☐ Níor cuireadh an t‑íospartach ar an eolas maidir leis an aistriú atá beartaithe: …………………………………………………………………………………………………….. ☐ Rinne an t‑íospartach tuairim a chur i láthair maidir leis an aistriú atá beartaithe. Tá an tuairim i gceangal leis an iarraidh seo. Go hachomair, luaitear inti: …………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………….. |
|
Roinn D: Achoimre ar na fíorais agus ar a rangú dlí 1. Tuairisc ar an iompar as a n-éiríonn an cion coiriúil/na cionta coiriúla a ndéantar an iarraidh ina leith agus achoimre ar na fíorais bhunúsacha:
2. An chéim ag a bhfuil na himeachtaí anois: ☐ imscrúdú ☐ ionchúiseamh ☐ triail 3. Cineál agus tuairisc dhlíthiúil an chiona choiriúil/na gcionta coiriúla a ndéantar an iarraidh ina leith:
4. An pionós uasta, reacht na dtréimhsí agus téacs na forála reachtúla/an chóid reachtúil, lena n‑áirítear na forálacha ábhartha maidir leis na pionóis: ……………………………………………………………………………………………………… ……………………………………………………………………………………………………… |
|
Roinn E: Faisnéis faoin nós imeachta sa Stát iarrthach 1. Gníomhartha nós imeachta arna ndéanamh ag an Stát iarrthach: …………………………………………………. ……………………………………………………………………………………………………… ……………………………………………………………………………………………………… 2. Faisnéis maidir leis an bhfianaise a bailíodh: …………………………………………………………….. ……………………………………………………………………………………………………… ……………………………………………………………………………………………………… 3. Liosta de na doiciméid atá ar fáil sa cháschomhad:…………………………………………………… ……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………… |
|
Roinn F: Cúiseanna atá leis an iarraidh 1. Na cúiseanna leis an iarraidh, lena n‑áirítear údar leis an gcúis go bhfuil an t‑aistriú riachtanach agus iomchuí, agus measúnú ar thionchair an aistrithe ar chearta an duine/na ndaoine atá faoi dhrochamhras nó an duine/na ndaoine atá cúisithe agus an íospartaigh/na n‑íospartach: ………………………………………………………………...… ……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………… 2. Na critéir maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh: ☐ go ndearnadh an cion coiriúil go hiomlán nó go páirteach i gcríoch an Stáit iarrtha, nó gur i gcríoch an Stáit sin a tharla an chuid is mó de na héifeachtaí nó cuid shubstaintiúil den damáiste arbh é an cion coiriúil ba chúis leis; ☐ gur náisiúnach den Stát iarrtha an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe nó tá cónaí air ann; ☐ go bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe i láthair sa Stát iarrtha agus go ndiúltaíonn an Stát sin an duine sin a thabhairt suas don Stát iarrthach ar bhonn Airteagal 4(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, nó Airteagal 4(3) de, i gcás nach bhfuil an diúltú sin bunaithe ar chinneadh críochnaitheach ar bhreithiúnas a tugadh ar an duine sin i leith an chiona choiriúil chéanna, lena gcuirtear cosc ar imeachtaí coiriúla eile, nó Airteagal 4(7) den Chinneadh Réime sin; ☐ go bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe i láthair sa Stát iarrtha agus go ndiúltaíonn an Stát sin an duine sin ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ina leith a thabhairt suas, má chinneann sé go bhfuil, i gcásanna eisceachtúla, forais shubstaintiúla chun a chreidiúint, ar bhonn fianaise iontaofa, oibiachtúil go mbeadh sárú follasach ann ar cheart bunúsach ábhartha mar atá leagtha amach in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chairt i gceist leis an tabhairt suas sin in imthosca áirithe an cháis; ☐ go bhfuil formhór na fianaise a bhaineann leis an imscrúdú suite sa Stát iarrtha nó go bhfuil tromlach na bhfinnéithe ábhartha ina gcónaí sa Stát iarrtha; ☐ go bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha i dtaca leis na fíorais chéanna nó fíorais eile i gcoinne an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe; ☐ go bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha i dtaca leis na fíorais chéanna nó fíorais ghaolmhara i gcoinne daoine eile; ☐ go bhfuil pianbhreith á cur isteach nó le cur isteach sa Stát iarrtha, ar pianbhreith í a bhaineann le cailleadh saoirse, ag an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe; ☐ gur dócha go gcuirfeadh forfheidhmiú na pianbhreithe sa Stát iarrtha leis an dóchúlacht maidir le hathshlánú sóisialta an duine ar cuireadh pianbhreith air nó go bhfuil cúiseanna eile ann chun an phianbhreith a fhorfheidhmiú ar bhealach níos iomchuí sa Stát iarrtha; nó ☐ gur náisiúnaigh den Stát iarrtha iad formhór na n‑íospartach nó go bhfuil cónaí orthu ann. |
|
Roinn G: Faisnéis bhreise agus iarrataí (más infheidhme) 1. Más ábhartha, tabhair faisnéis a bhaineann le Barántas Gabhála Eorpach roimhe seo, Ordú Imscrúdaithe Eorpach nó le hiarraidh eile ar chúnamh:………….………………………………… ……………………………………………………………………………………………………… 2. Faisnéis bhreise eile, i gcás inarb ábhartha: ………………………………………………….. ……………………………………………………………………………………………………… ……………………………………………………………………………………………………… 3. Sonraigh aon choinníoll sonrach maidir le próiseáil na sonraí pearsanta tarchurtha nach mór don údarás iarrtha a chomhlíonadh (Airteagal 9(3) de Threoir (AE) 2016/680 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil): ………………………………. ……………………………………………………………………………………………………… ……………………………………………………………………………………………………… 4. Liosta iatán: ………………………………………………………………………………. ……………………………………………………………………………………………………… ……………………………………………………………………………………………………… |
|
ROINN H: Sonraí an údaráis a d’eisigh an iarraidh 1. Ainm an údaráis a d’eisigh an iarraidh: ……………………………………………..…… Ainm an ionadaí/an phointe teagmhála: …………………………………………….……………… Uimhir an chomhaid: …………………………………………………………………………………………… Seoladh: Uimhir ghutháin: (an cód tíre) (an cód ceantair/cathrach) Seoladh r‑phoist: An teanga/teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás iarrthach:
2. Murab ionann iad agus a bhfuil thuas, sonraí teagmhála an duine/na ndaoine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun tuilleadh faisnéise a fháil nó socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir le haistriú fianaise: Ainm/Teideal/Eagraíocht: Seoladh: Seoladh r‑phoist: Uimhir theagmhála: ……………………………………………………………………………… 3. Síniú an údaráis iarrthaigh agus/nó a ionadaí lena ndeimhnítear na nithe seo a leanas: - go bhfuil ábhar na hiarrata a leagtar amach san fhoirm seo cruinn agus ceart, agus - gur údarás inniúil a d’eisigh an iarraidh seo. Ainm: ………………………………………………………………………………………….. Post: Dáta: Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil): |
|
ROINN I: Sonraí an údaráis bhreithiúnaigh a bhailíochtaigh an iarraidh (más infheidhme) 1. Ainm an údaráis bailíochtaithe: …………………………………..……………………..…… Ainm an ionadaí/an phointe teagmhála: …………………………………………….……………… Uimhir an chomhaid: …………………………………………………………………………………………… Seoladh: Uimhir ghutháin: (an cód tíre) (an cód ceantair/cathrach) Seoladh r‑phoist: An teanga/teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás bailíochtaithe:
2. Léirigh, le do thoil, cé acu díobh seo a leanas ba cheart a bheith mar phríomhphointe teagmhála don Stát iarrtha: ☐ an t‑údarás iarrthach ☐ an t‑údarás bailíochtaithe 3. Síniú an údaráis bailíochtaithe agus/nó a ionadaí lena ndeimhnítear na nithe seo a leanas: - go bhfuil ábhar na hiarrata a leagtar amach san fhoirm seo cruinn agus ceart, agus - gur údarás inniúil a d’eisigh an iarraidh seo.
Ainm: Post: Dáta: Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil): |