AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.3.2023
COM(2023) 143 final
2023/0074(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann le tíolacadh togra le haghaidh leasú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, ag féachaint don 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (‘an Coinbhinsiún’) i ndáil le tograí a thíolacadh le haghaidh cinntí ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (CMS)
Is é an aidhm don Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (‘an Coinbhinsiún’) go gcaomhnófar speicis imirceacha talún, speicis imirceacha mhara agus speicis imirceacha éan i ngach cuid dá raon. Is conradh idir-rialtasach é a tugadh i gcrích faoi choimirce Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, agus is le caomhnú fiadhúlra agus gnáthóg ar scála domhanda a bhaineann sé. I bhFoscríbhinn I (speicis atá i mbaol) agus Foscríbhinn II (speicis atá le bheith mar ábhair comhaontuithe) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a liostaítear na speicis atá le caomhnú. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Samhain 1983.
Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Choinbhinsiún.
2.2.Comhdháil na bPáirtithe
Is é Comhdháil na bPáirtithe comhlacht cinnteoireachta an Choinbhinsiúin a bhfuil cumhachtaí aici chun stádas caomhantais speiceas imirceach a mheas agus, dá réir sin, chun Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. I gcomhréir le hAirteagal XI den Choinbhinsiún, féadfaidh aon Pháirtí tograí le haghaidh leasuithe a mholadh. agus is le tromlach dhá thrian de na Páirtithe a bheidh i láthair agus a chaithfidh vóta a ghlacfar iad.
Tionólfar an ceathrú cruinniú déag de Chomhdháil na bPáirtithe in Samarkand na hÚisbéiceastáine ón 23 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023. Tá an sprioc-am chun tograí le haghaidh leasuithe a thíolacadh socraithe ag Rúnaíocht an Choinbhinsiúin, i gcomhréir le hAirteagal XI (3), le bheith ar an 26 Bealtaine 2023. Dá brí sin is gá go ndéanfadh an Chomhairle cinneadh chun an seasamh a leagan síos atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gceathrú cruinniú déag de Chomhdháil na bPáirtithe maidir le tograí le haghaidh leasuithe a thíolacadh.
Roimh an gceathrú cruinniú déag de Chomhdháil na bPáirtithe, féadfaidh Rúnaíocht an Choinbhinsiúin moltaí arna ndéanamh ag Páirtithe eile chun Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú a chur in iúl, agus d’fhéadfadh sé gur gá cinneadh eile lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil leis na tograí sin.
2.3.Gníomh beartaithe Chomhdháil na bPáirtithe
Ag an gceathrú cruinniú déag de Chomhdháil na bPáirtithe, tá sé beartaithe go dtíolacfadh an tAontas togra chun Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú chun cosaint speicis chéiticigh amháin a mhéadú, muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt (Phocoena phocoena), fud fad a raoin dáileacháin, lena n‑áirítear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Má ghlactar é, beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XI den Choinbhinsiún, airteagal lena bhforáiltear go dtiocfaidh leasú ar na Foscríbhinní i bhfeidhm le haghaidh gach Páirtí 90 lá tar éis an chruinnithe de chuid Chomhdháil na bPáirtithe ag a nglacfar an leasú, ach amháin i gcás na Páirtithe sin a bhfuil forchoimeádas déanta acu.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Tá an togra ón Aontas chun Foscríbhinn I a leasú bunaithe ar na breithnithe seo a leanas: (1) go bhfuil sé fónta ó thaobh na heolaíochta de speiceas den sórt sin a chur san áireamh; (2) go bhfuil sé comhsheasmhach le reachtaíocht an Aontais é a áireamh ar an gcaoi sin; agus (3) go bhfuil an tAontas tiomanta don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta.
Tá an togra comhsheasmhach leis an Ochtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go dtí 2030 agus le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, go háirithe príomhghealltanas 14 de Plean an Aontais um Athchóiriú an Dúlra faoina ndéanfar foghabháil an speicis a dhíothú nó a laghdú go leibhéal a fhágann gur féidir leis an speiceas téarnamh agus é a chaomhnú. Ní bheadh aon athrú ar dhlí an Aontais de dhíth faoin togra seo, toisc go mbaineann sé le speicis a bhaineann leas cheana féin as cosaint iomchuí faoi dhlí an Aontais, go háirithe faoi Threoir an Aontais maidir le Gnáthóga (faoina dtoirmisctear céiticigh a ghabháil nó a mharú laistigh den Aontas Eorpach) agus faoi Chomhbheartas Iascaigh an Aontais. An 21 Feabhra 2023 ghlac an Coimisiún Eorpach an ‘Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: Éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú le haghaidh iascach atá inbhuanaithe agus athléimneach’, a eascraíonn as Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, ina n‑iarrtar ar Bhallstáit an Aontais bearta a ghlacadh nó a mholadh chun foghabháil muc mara Mhuir Bhailt a íoslaghdú (nó í a laghdú go leibhéal a fhágann gur féidir téarnamh iomlán teacht ar an líon).
Ní chruthaítear aon cheanglas nua faireacháin ná tuairiscithe leis an togra. Bheadh an phleanáil agus faireachán cur chun feidhme uile mar chuid de na gníomhaíochtaí rialta pleanála agus tuairiscithe faoin gCoinbhinsiún. Thairis sin, níl aon impleacht bhuiséadach i gceist.
Bhí malartú neamhfhoirmiúil de réamhthuairimí ann leis na Ballstáit trí chomhairliúchán i scríbhinn le comhaltaí na mBallstát d’Ardán Bithéagsúlachta an Aontais.
Is é an seasamh is ceart a ghlacadh thar ceann an Aontais dá bhrí sin an Coimisiún a údarú chun an togra thuasluaite a chur faoi bhráid Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhdháil na bPáirtithe a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine.
Is é atá sa ghníomh atáthar ag iarraidh ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. An gníomh atá beartaithe, beidh sé ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal XI den Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Choinbhinsiúin.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is leis an gcomhshaol a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é Airteagal 192(1) ba cheart a bheith i mbunús dlí an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2023/0074 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann le tíolacadh togra le haghaidh leasú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, ag féachaint don 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle5 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 1983.
(2)De bhun Airteagal XI den Choinbhinsiún, féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe, cinntí a ghlacadh chun Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú.
(3)Féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe, le linn an cheathrú cruinniú déag a bheidh aici idir an 23 agus an 28 Deireadh Fómhair 2023, leasuithe den sórt sin a ghlacadh. Chuir Rúnaíocht an Choinbhinsiúin na Páirtithe sa Choinbhinsiún ar an eolas go bhfuil aon togra le haghaidh leasú le cur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal XI(3) den Choinbhinsiún, faoin 26 Bealtaine 2023. Féadfaidh an tAontas tograí den sórt sin a dhéanamh ós rud é gur Páirtí sa Choinbhinsiún é.
(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a leagan síos a mhéid a bhaineann le tograí a thíolacadh chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú, ós rud é go mbeidh cinneadh Chomhdháil na bPáirtithe ceangailteach ar an Aontas.
(5)Bheadh sé fónta ó thaobh na heolaíochta de muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt, Phocoena phocoena, a áireamh i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún i bhfianaise a stádais chaomhantais mar speiceas i mBaol Criticiúil, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus le tiomantas an Aontais don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta.
(6)Ba cheart don Aontas togra den sórt sin a thíolacadh chun Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. Ba cheart don Choimisiún an togra sin a chur in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ag féachaint don cheathrú cruinniú déag de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, is é seasamh an Aontais togra a thíolacadh le haghaidh leasú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt, Phocoena phocoena, a áireamh.
2. Cuirfidh an Coimisiún an togra sin in iúl, thar ceann an Aontais, do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán