AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.2.2023
COM(2023) 55 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil a bunaíodh leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 1 maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin
CINNEADH Uimh. 2022/01
an Choiste um Thrádáil
an …
lena modhnaítear Iarscríbhinn II (Liosta den oibriú nó den phróiseáil is gá) a ghabhann le Prótacal 1, maidir le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin
An Coiste um Thrádáil,
Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), agus go háirithe mír 1 d’Airteagal 36 de Phrótacal 1, agus fomhír (c) de mhír 3 d’Airteagal 17.1 den Chomhaontú,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 36 de Phrótacal 1 go bhféadfaidh an Coiste um Chustaim athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha Phrótacal 1 agus togra a thíolacadh le haghaidh cinneadh atá le glacadh ag an gCoiste um Thrádáil chun é a leasú.
(2)Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 17.4 den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste um Thrádáil cinntí ceangailteacha a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa Chomhaontú.
(3)Tugadh isteach leasuithe an 1 Eanáir 2017 agus an 1 Eanáir 2022 i ndáil leis an ainmníocht atá faoi rialú an Choinbhinsiúin ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘CC’). Chomhaontaigh na Páirtithe sa Chomhaontú Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a thabhairt cothrom le dáta, ina bhfuil an liosta den oibriú nó den phróiseáil is gá chun na leasuithe ar CC 2022 a léiriú.
(4)Níl aon choinníoll in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 maidir le táirgí cniotáilte nó cróiseáilte faoi Cheannteideal 6212 a mheas mar tháirgí leoroibrithe nó leorphróiseáilte. Ní fhéadfar an riail i gCaibidil 62 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgí sin, ós rud é go bhfuil an riail teoranta do tháirgí ‘nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte’. Dá bhrí sin, ba cheart riail shonrach a chur isteach maidir le táirgí cniotáilte nó cróiseáilte faoi Cheannteideal 6212.
(5)Tá an t-oibriú nó an phróiseáil is gá le haghaidh táirgí a aicmítear i gCaibidil 41 in easnamh sa cholún ábhartha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1. Ba cheart an méid sin a chur isteach.
(6)Féadfar an focal ‘aonair’ sa tríú agus sa cheathrú coinníoll den oibriú nó den phróiseáil is gá le haghaidh táirgí atá i gCaibidil 19 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla a mhéid a bhaineann le hábhar na n-ábhar atá i gCaibidil 4 agus le cion an tsiúcra. Chun an riail a shoiléiriú, ba cheart an focal ‘aonair’ a scriosadh sa dá chás.
(7)Ní thagraítear do na lamháltais le haghaidh na dtáirgí teicstíle i gCaibidil 62 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 sna rialacha malartacha éagsúla maidir leis an oibriú nó an phróiseáil is gá. Ba cheart é sin a chur ina cheart.
(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, ina bhfuil an liosta den oibriú nó den phróiseáil is gá a dhéanamh ar ábhair neamhthionscnaimh chun go bhféadfar stádas tionscnaimh a bhaint amach don táirge monaraithe, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.
Arna dhéanamh i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus sa Vítneaimis, agus comhúdarás ag gach téacs.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus in Hanáí, [cuir isteach an dáta]
Thar cheann an Choiste Trádála
Na Comhchathaoirligh
-----------------------------------------
----------------------------------------------------------
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘0305’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Iasc, triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís’;
(2)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0306’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís; crústaigh, sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídís;
(3)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0307’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Moilisc, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís’;
(4)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0308’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Inveirteabraigh uisceacha nach crústaigh ná moilisc iad, triomaithe, saillte nó faoi sháile; inveirteabraigh uisceacha deataithe, nach crústaigh ná moilisc iad, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís’;
(5)Idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0308’ agus an ró a bhaineann le ‘ex Caibidil 4’, cuirtear an ró nua seo a leanas isteach:
‘0309
|
Plúir, min agus millíní ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc agus ó inveirteabraigh uisceacha eile, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine
|
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidil 3, agus iad á n-úsáid, faighte go hiomlán.’;
|
(6)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 15’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla; cé is moite den mhéid seo a leanas:’;
(7)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘1516 agus 1517’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a gcodáin, iad hidriginithe, idireistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu;
Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla atá faoin gCaibidil seo, seachas na saillte nó na holaí inite nó a gcodáin atá faoi Cheannteideal 1516’;
(8)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 16’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Ullmhóidí ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile, nó ó fheithidí’;
(9)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 19’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Oibriú nó próiseáil is gá’:
Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é, agus lena mbaineann na nithe seo a leanas:
— ní mó meáchan na n-ábhar faoi Chaibidlí 2, 3 agus 16 a úsáidtear lena linn ná 20 % de mheáchan an táirge deiridh;
— ní mó meáchan na n-ábhar atá faoi Cheannteidil 1006 agus 1101 go 1108 a úsáidtear lena linn ná 20 % de mheáchan an táirge deiridh;
— ní mó meáchan na n-ábhar faoi Chaibidil 4 a úsáidtear lena linn ná 20 % de mheáchan an táirge deiridh;
— ní mó meáchan an tsiúcra a úsáidtear lena linn ná 40 % de mheáchan na dtáirgí deiridh; agus
— ní mó meáchan carntha an tsiúcra agus na n-ábhar faoi Chaibidil 4 a úsáidtear lena linn ná 50 % de mheáchan an táirge deiridh.
(10)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 24’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe; táirgí, bíodh nicitín iontu nó ná bíodh, atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán; táirgí eile a bhfuil nicitín iontu atá ceaptha le hiontógáil nicitín i gcorp an duine; cé is moite den mhéid seo a leanas:’;
(11)Idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 2402’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 25’, cuirtear na ceithre ró nua seo a leanas isteach:
‘2404 12
|
Táirgí atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán, nach bhfuil tobac ná tobac athdhéanta iontu, agus a bhfuil nicitín iontu
|
Monarú as ábhair faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é. Mar sin féin, féadfar ábhair atá faoi aon cheannteideal leis an táirge a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó
monarú nach mó ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha é luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn.
|
ex 2404 19
|
Cartúis agus athlíonta, iad líonta le haghaidh toitíní leictreonacha
|
Monarú as ábhair faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é. Mar sin féin, féadfar ábhair atá faoi aon cheannteideal leis an táirge a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó
monarú nach mó ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha é luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn.
|
2404 91
|
Táirgí eile seachas táirgí atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán, lena n-úsáid de bhéal
|
Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é, agus lena mbaineann na nithe seo a leanas:
— ní mó meáchan aonair na n-ábhar faoi Chaibidil 4 a úsáidtear lena linn ná 20 % de mheáchan an táirge deiridh;
— ní mó meáchan aonair an tsiúcra a úsáidtear lena linn ná 40 % de mheáchan an táirge deiridh; agus
— ní mó meáchan carntha iomlán an tsiúcra agus na n-ábhar faoi Chaibidil 4 a úsáidtear lena linn ná 50 % de mheáchan an táirge deiridh.
|
2404 92,
2404 99
|
Táirgí eile seachas táirgí atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán, lena n-úsáid go trasdeirmeach agus ar bhealaí eile seachas úsáid de bhéal
|
Monarú as ábhair faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é. Mar sin féin, féadfar ábhair atá faoi aon cheannteideal leis an táirge a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó
monarú nach mó ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha é luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn’;
|
(12)Cuirtear an dá ró nua seo a leanas isteach idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 38’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘3823’:
‘ex 3816
|
Meascán pulctha dolaimíte
|
Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é; nó
monarú nach mó luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn ná 70 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha.
|
ex 3822
|
Fearais tástála diagnóisí maláire
Táirgí imdhíoneolaíocha, nach bhfuil measctha, ná cóirithe ina ndáileoga tomhaiste ná i bhfoirmeacha nó i bpacáistí lena miondíol
Táirgí imdhíoneolaíocha, iad measctha, nach bhfuil cóirithe ina ndáileoga tomhaiste ná i bhfoirmeacha ná i bpacáistí lena miondíol
Táirgí imdhíoneolaíocha, iad cóirithe ina ndáileoga tomhaiste nó i bhfoirmeacha nó i bpacáistí lena miondíol
Imoibrithe fuilghrúpála
|
Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal.’;
|
(13)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 41’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Oibriú nó próiseáil is gá’:
‘Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é’;
(14)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 62’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Oibriú nó próiseáil is gá’:
‘Fí lena ngabhann cur le chéile (lena n-áirítear gearradh) (3), (5); nó
cur le chéile agus priontáil roimhe lena ngabhann dhá oibríocht ullmhúcháin nó bailchríche ar a laghad (amhail sciúradh, tuaradh, meirsiriú, teaschóiriú, ardú, cleandráil, próiseáil fhrithchrapthach, bailchríochnú buan, díchaitiú, tuile, deisiú agus díshnaidhmeadh), ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhphriontáilte a úsáidtear ná 47,5 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha (3), (5)’;
(15)Idir an ró a bhaineann leis na Ceannteidil CC ‘ex 6202, ex 6204, ex 6206, ex 6209 agus ex 6211’ agus an ró a bhaineann leis na Ceannteidil CC ‘ex 6210 agus ex 6216’, cuirtear trí ró nua isteach mar a leanas:
‘ex 6212
|
Cíochbhearta, sursaingí, cóirséid, guailleáin, crochóga, gairtéir agus baill éadaigh chomhchosúla agus codanna díobh, iad cniotáilte nó cróiseáilte
|
|
|
- - A fhaightear trí dhá cheann nó níos mó de phíosaí fabraice cniotáilte nó cróiseáilte a fhuáil le chéile nó a chóimeáil ar shlí eile, agus iad gearrtha de réir crutha, sin nó faighte de réir crutha
|
Cniotáil agus cur le chéile (lena n-áirítear gearradh). (7) (10)
|
|
- Eile
|
Ruaimniú snátha snáithíní nádúrtha lena ngabhann cniotáil (iad cniotáilte chun táirgí a mhúnlú). (10)’;
|
(16)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘6306’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Tarpóil, scáthbhrait agus dallóga gréine; pubaill (lena n-áirítear téastair shealadacha agus earraí comhchosúla); seolta le haghaidh bád, cláir seoil nó árthaí talún; earraí campála’;
(17)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘7019’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Snáithíní gloine (lena n-áirítear olann ghloine) agus earraí déanta astu sin (mar shampla, snáth, caisirníní, fabraicí fite);
(18)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘8539’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Lampaí filiméid nó lampaí díluchtaithe leictreacha, lena n-áirítear aonaid lampa léis-séalaithe agus lampaí ultraivialait nó infridhearga; arclampaí; foinsí solais dé-óide astaithe solais (LED)’;
(19)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘8548’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghairis, nach sonraítear ná nach n-áirítear aon áit eile sa Caibidil seo’;
(20)Cuirtear an ró nua seo a leanas isteach idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘8548’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 86’:
‘8549
|
Fuíoll agus dramhaíl leictreach agus leictreonach.
|
Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é; nó monarú nach mó ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha é luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn.’;
|
(21)Cuirtear an ró nua seo a leanas isteach idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 9002’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 91’:
‘ex 9021
|
Ábhair le haghaidh fearais ortaipéidice nó bhristeacha agus le haghaidh feistiú fiaclóireachta:
- Tairní, greamanna, bioráin ordóige, tairní rocacha, stáplaí (seachas na stáplaí atá faoi cheannteideal 8305) agus earraí comhchosúla, as iarann nó as cruach, bíodh cnogaí ó ábhar eile orthu nó ná bíodh, ach gan earraí den chineál sin a bhfuil cnogaí copair orthu a áireamh
- Earraí snáithithe agus earraí neamhshnáithithe déanta as iarann nó cruach, seachas scriúnna cóiste, scriúnna adhmaid, scriúchrúcaí agus scriúfháinní, leicneáin sprionga agus leicneáin glasála eile, seamanna
|
Monarú as ábhair faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é.
|
|
- Tíotáiniam agus earraí tíotáiniam, lena n‑áirítear fuíoll agus dramhaíl
|
Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal.’;
|
agus
(22)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 94’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:
‘Troscán; cóir leapa, tochtanna, tacaí tochta, cúisíní agus feistis líonta chomhchosúla; aonaid soilsithe agus feistithe soilsithe, nach bhfuil sonraithe ná curtha san áireamh aon áit eile; comharthaí soilsithe, ainmchláir shoilsithe agus earraí comhchosúla; foirgnimh réamhdhéanta’.