AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.2.2023
COM(2023) 54 final
2023/0022(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Comhaontú Liospóin 1958 maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus maidir lena gClárú go hIdirnáisiúnta, cruthaíodh aontas speisialta (‘an tAontas Speisialta’) faoi chuimsiú an Aontais chun Maoin Tionscail a Chosaint, Aontas a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún chun Maoin Tionscail a Chosaint a síníodh i bPáras an 20 Márta 1883 (‘Coinbhinsiún Pháras’). Ceanglaítear ar a pháirtithe conarthacha cosaint a thabhairt ar a gcríocha féin do shonrúcháin tionscnaimh táirgí de chuid na bpáirtithe conarthacha eile a aithnítear agus a chosnaítear amhlaidh ina dtír thionscnaimh agus a chláraítear sa Bhiúró Idirnáisiúnta EDMI, ach amháin má dhearbhaíonn na páirtithe laistigh d’aon bhliain amháin ón iarraidh ar chlárú nach bhfuil ar a gcumas an chosaint a áirithiú.
Athbhreithníodh Comhaontú Liospóin idir 2009 agus 2015. Ba é an aidhm leis an athbhreithniú sin (i) an creat atá aige faoi láthair a bheachtú; (ii) forálacha lena sonraítear go bhfuil feidhm ag córas Liospóin maidir le tásca geografacha (TGanna) freisin a chur san áireamh; agus (iii) an fhéidearthacht d’aontachas eagraíochtaí idir-rialtasacha amhail an tAontas Eorpach a chur san áireamh. Comhdháil Taidhleoireachta EDMI a tionóladh sa Ghinéiv ón 11 go dtí an 21 Bealtaine 2015. Ghlac an chomhdháil Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (dá ngairtear ‘Ionstraim na Ginéive’ anseo feasta) an 20 Bealtaine 2015.
An 27 Iúil 2018, rinne an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive (doiciméad COM(2018) 350 final), ar bhonn Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 218(6)(a) CFAE. I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an Ionstraim sin a chaibidliú, foráladh leis an togra sin gurbh é an tAontas Eorpach amháin a d’aontódh di.
An 15 Márta 2019, chuir an Chomhairle dréachtchinneadh ón gComhairle ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive, lena n‑údaraítear do na Ballstáit uile ar mhian leo é aontú don ionstraim sin taobh leis an Aontas Eorpach. An 16 Aibreán 2019, d’fhormheas an Pharlaimint an dréachtchinneadh.
Ós rud é nár thacaigh an Coimisiún leis an dréacht sin, ghlac an Chomhairle d’aon toil Cinneadh (AE) 2019/1754 an 7 Deireadh Fómhair 2019, i gcomhréir le hAirteagal 293(1) CFAE.
Déantar foráil in Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2019/1754 maidir leis an méid seo a leanas:
‘Údaraítear leis seo do na Ballstáit ar mian leo déanamh amhlaidh, Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, de réir mar is iomchuí, taobh leis an Aontas [Eorpach] ar mhaithe leis an Aontas [Eorpach] agus lánurraim á tabhairt dá inniúlacht eisiach.’
Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 4(1) den chinneadh céanna:
‘San Aontas Speisialta, déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas [Eorpach] agus ar aon Bhallstát a dhaingníonn nó a aontaíonn d’Ionstraim na Ginéive de bhun Airteagal 3 den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 17(1) CAE. Beidh an tAontas [Eorpach] freagrach as feidhmiú chearta agus comhlíonadh oibleagáidí an Aontais [Eorpaigh] agus na mBallstát a dhaingneoidh Ionstraim na Ginéive nó a aontóidh di de bhun Airteagal 3 den Chinneadh seo a áirithiú. ’
I ráiteas a cuireadh isteach i miontuairiscí na Comhairle a bhaineann leis an gcinneadh sin a ghlacadh, chuir an Coimisiún, ar thaobh amháin, i gcoinne an fhéidearthacht a bheith ag gach Ballstát de chuid an Aontais ar mian leo déanamh amhlaidh údarú a bheith acu Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di taobh leis an Aontas Eorpach, agus ar an taobh eile, dúirt sé go mbeadh sé toilteanach a chomhaontú go bhféadfadh na seacht mBallstát a bhí ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin ar feadh i bhfad agus a raibh líon mór cearta maoine intleachtúla cláraithe acu faoin gcomhaontú sin a údarú aontú d’Ionstraim na Ginéive chun leas an Aontais Eorpaigh.
Rinne an tAontas Eorpach a ionstraim aontachais le hIonstraim na Ginéive a thaisceadh an 26 Samhain 2019, rud a fhágann gurbh ann do na cúig chomhalta is gá chun go dtiocfadh sí i bhfeidhm. Tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm 3 mhí ina dhiaidh sin an 26 Feabhra 2020.
An 17 Eanáir 2020, thug an Coimisiún caingean faoi Airteagal 263 CFAE inar iarradh go ndéanfaí Cinneadh (AE) 2019/1754 a neamhniú i bpáirt. Rinne an Coimisiún agóid i gcoinne an Chinnidh ón gComhairle os comhair na Cúirte Breithiúnais ar an bpríomhfhoras gur sháraigh an Chomhairle prionsabal na tabhartha cumhachtaí mar aon le ceart tionscnaimh an Choimisiúin. Cé gur iarr an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais Cinneadh (AE) 2019/1754 a neamhniú sa mhéid go n‑údaraíonn sé do na Ballstáit uile aontú d’Ionstraim na Ginéive, d’iarr sé ar an gCúirt freisin éifeachtaí an chinnidh a choimeád ar bun do na seacht mBallstát atá ina gcomhaltaí cheana de Chomhaontú Liospóin. Murach sin, chaillfeadh na Ballstáit sin na cearta tosaíochta a bhaineann leis na Sonrúcháin Tionscnaimh atá cláraithe cheana faoina n‑ainmneacha faoi Chomhaontú Liospóin.
Thug an Chúirt Bhreithiúnais a breithiúnas uaithi an 22 Samhain 2022. Lean an Chúirt, a bheag nó a mhór, na hargóintí a chuir an Coimisiún chun cinn agus an tuairim ón Abhcóide Ginearálta an 19 Bealtaine 2022. D’admhaigh an Chúirt go sonrach sna tuairimí maidir le substaint go bhfuil gá le caomhnú shinsearacht agus leanúnachas na cosanta ar shonrúcháin tionscnaimh atá cláraithe faoi Chomhaontú Liospóin sna seacht mBallstát sin atá ina bpáirtithe cheana féin sa chomhaontú sin, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit a leagtar amach in Airteagal 4(3) CAE, chun cearta faighte a eascraíonn as na cláruithe náisiúnta sin a chosaint.
Rinne an Chúirt Airteagal 3 a neamhniú, agus sa mhéid go bhfuil tagairtí ann do na Ballstáit, rinne sí Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/1754 an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive a neamhniú freisin.
Dhearbhaigh an Chúirt nach bhfuil éifeachtaí na gcodanna de Chinneadh (AE) 2019/1754 a neamhníodh le coimeád ar bun ach amháin a mhéid a bhaineann siad leis na Ballstáit, ar dháta craolta an bhreithiúnais, a bhfuil leas bainte acu cheana féin as an údarú faoi Airteagal 3 den chinneadh sin chun Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, taobh leis an Aontas Eorpach, go dtí go dtiocfaidh cinneadh nua ón gComhairle i bhfeidhm laistigh de thréimhse réasúnach nár cheart a bheith níos faide ná 6 mhí ón dáta sin.
Dá bhrí sin, is gá leasuithe ar Chinneadh (AE) 2019/1754 a ghlacadh laistigh de 6 mhí ionas gur féidir leis na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de Chomhaontú Liospóin a bheith ina gcomhaltaí in Ionstraim na Ginéive freisin, chun a áirithiú gur féidir leo na cearta tosaíochta a bhaineann leis na Sonrúcháin Tionscnaimh atá cláraithe cheana féin faoina n‑ainmneacha faoi Chomhaontú Liospóin a chaomhnú.
Leagtar amach na leasuithe molta sin sa togra seo.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
I dtaca le táirgí talmhaíochta, tá córais cosanta tásc geografach (GI) de chineál aonfhoirmeach agus uileghabhálach i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach le haghaidh fíonta (1970), biotáillí (1989), fíonta cumhraithe (1991) agus táirgí agus earraí bia talmhaíochta eile (1992). Trí bhíthin na gcóras sin, déantar cosaint fhadiarmhartach ar fud an Aontais Eorpaigh ar na hainmneacha faoi chosaint i gcás na dtáirgí arna gcumhdach, bunaithe ar phróiseas aonair iarratais. Tá na príomhfhorálacha leagtha síos faoi láthair maidir le fíon i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an 17 Nollaig 2013, maidir le biotáillí i Rialachán (AE) 2019/787 an 17 Aibreán 2019, agus maidir le táirgí talmhaíochta agus earraí bia agus fíonta cumhraithe i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 an 21 Samhain 2012.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le beartas ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint tásc geografach a chur chun cinn agus a fheabhsú trí chomhaontuithe déthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
I bhfianaise ábhar an Chonartha, ba cheart an Cinneadh ón gComhairle a bheith bunaithe ar Airteagal 207 agus Airteagal 218(6)(a)(v) CFAE.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
De réir Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí a bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas ina leith.
•Comhréireacht
Tá gá leis na leasuithe atá molta chun sinsearacht agus leanúnachas na cosanta ar shonrúcháin tionscnaimh a cláraíodh faoi Chomhaontú Liospóin a chaomhnú sna seacht mBallstát atá ina bpáirtithe cheana féin sa chomhaontú sin, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit a leagtar amach in Airteagal 4(3) CAE, chun cearta faighte a eascraíonn as na cláruithe náisiúnta sin a chosaint.
•An rogha ionstraime
Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1754 is ea an ionstraim dlí iomchuí, ag féachaint d’Airteagal 28 (A Bheith mar Pháirtí san Ionstraim Seo) d’Ionstraim na Ginéive. I bhfianaise ábhar an Chonartha, ba cheart an Cinneadh leasaitheach ón gComhairle a bheith bunaithe ar Airteagail 207 agus 218(6) CFAE.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Foilsíodh an Treochlár maidir le haontachas an Aontas Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha an 21 Nollaig 2017 agus ba é an spriocdháta do bharúlacha na bpáirtithe leasmhara an 18 Eanáir 2018. Fuarthas 8 mbarúil.
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Soiléirítear sna Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr nár cheart measúnú tionchair a dhéanamh ach amháin nuair a bheadh tairbhe leis agus gur ar bhonn gach cáis faoi leith a mheasfaí sin. I bprionsabal, ní bheidh measúnú tionchair de dhíth nuair is beag rogha atá le fáil ag an gCoimisiún. Is amhlaidh atá sa chás seo, ós rud é go n‑éilítear sa bhreithiúnas ón gCúirt an 22 Samhain 2022 beart gasta chun Cinneadh ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle lena ndéantar cearta na mBallstát lena mbaineann a choimirciú.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Rannchuideoidh aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin le hAirteagal 17(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, Airteagal ina bhforáiltear go ndéanfar maoin intleachtúil a chosaint.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
2023/0022 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is conradh a riarann an Eagraíocht Domhanda um Maoin Intleachtúil (‘EDMI’) é Comhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus maidir lena gClárú go hIdirnáisiúnta an 31 Deireadh Fómhair 1958. Le Comhaontú Liospóin, cruthaítear aontas speisialta (‘an tAontas Speisialta’) faoi chuimsiú Aontas Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint. Tá sé ar oscailt do pháirtithe i gCoinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint. Ceanglaítear ar a pháirtithe conarthacha cosaint a thabhairt ar a gcríocha féin do shonrúcháin tionscnaimh táirgí de chuid na bpáirtithe conarthacha eile a aithnítear agus a chosnaítear amhlaidh ina dtír tionscnaimh agus a chláraítear sa Bhiúró Idirnáisiúnta EDMI, ach amháin má dhearbhaíonn na páirtithe laistigh d’aon bhliain amháin ón iarraidh ar chlárú nach bhfuil ar a gcumas an chosaint a áirithiú.
(2)Tá seacht mBallstát ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin, mar atá an Bhulgáir, an Fhrainc, an Iodáil, an Phortaingéil, an tSeicia, an tSlóvaic agus an Ungáir. Ní páirtí é an tAontas féin i gComhaontú Liospóin toisc nach féidir ach le tíortha aontú don Chomhaontú sin.
(3)Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar Chomhaontú Liospóin, ghlac Comhdháil Taidhleoireachta EDMI Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (‘Ionstraim na Ginéive’) an 20 Bealtaine 2015. Le hIonstraim na Ginéive, déantar an chosaint ar shonrúcháin tionscnaimh a leathnú chun tásca geografacha uile a chumhdach agus ceadaítear d’eagraíochtaí idir-rialtasacha a bheith ina bpáirtithe conarthacha inti.
(4)Ina breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, chinn an Chúirt go bhfuil caibidlíocht Ionstraim na Ginéive faoi réim na hinniúlachta eisiaiche a thugtar don Aontas Eorpach le hAirteagal 3(1) CFAE i réimse an chomhbheartais tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 207(1) CFAE.
(5)An 27 Iúil 2018, rinne an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive ar bhonn Airteagail 207 agus 218(6), pointe (a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais a mhéid a bhaineann leis an Ionstraim sin a chaibidliú, foráladh leis an togra sin gurb é an tAontas Eorpach amháin a d’aontódh di.
(6)An 7 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle d’aon toil Cinneadh (AE) 2019/1754 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive i gcomhréir le hAirteagal 293(1) CFAE. Foráiltear le hAirteagal 3 den Chinneadh sin go bhfuil na Ballstáit ar mian leo déanamh amhlaidh údaraithe chun Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di taobh leis an Aontas. Foráiltear le hAirteagal 4 den Chinneadh, san Aontas Speisialta, go ndéanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais agus aon Bhallstáit a dhaingníonn nó a aontaíonn d’Ionstraim na Ginéive i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas (CAE). Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 4 go bhfuil an tAontas freagrach as feidhmiú chearta agus comhlíonadh oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát a dhaingneoidh Ionstraim na Ginéive nó a aontóidh di a áirithiú.
(7)I ráiteas a cuireadh isteach i miontuairiscí na Comhairle a bhaineann le Cinneadh (AE) 2019/1754 a ghlacadh, chuir an Coimisiún i gcoinne na féidearthachta go bhféadfaí na Ballstáit uile a údarú chun Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di taobh leis an Aontas. Dúirt an Coimisiún freisin, áfach, go mbeadh sé toilteanach a chomhaontú go bhféadfadh na seacht mBallstát a bhí ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin agus a raibh líon mór cearta maoine intleachtúla cláraithe acu faoin gcomhaontú sin a údarú chun aontú d’Ionstraim na Ginéive chun leas an Aontais Eorpaigh.
(8)Tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020, 3 mhí tar éis don Aontas a ionstraim aontachais a thaisceadh, rud a fhágann gurb ann do na cúig chomhalta is gá.
(9)An 17 Eanáir 2020, thug an Coimisiún caingean faoi Airteagal 263 CFAE inar iarradh go ndéanfaí Cinneadh (AE) 2019/1754 a neamhniú i bpáirt. Rinne an Coimisiún agóid i gcoinne an Chinnidh sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an bpríomhfhoras gur sháraigh an Chomhairle prionsabal na tabhartha cumhachtaí mar aon le ceart tionscnaimh an Choimisiúin, agus sa rogha eile ar an bhforas gur sáraíodh Airteagal 2(1) agus Airteagal 207 CFAE mar aon leis an dualgas cúiseanna a lua.
(10)Cé gur iarr an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais Cinneadh (AE) 2019/1754 a neamhniú, a mhéid go n‑údaraíonn sé do na Ballstáit uile aontú d’Ionstraim na Ginéive, d’iarr sé ar an gCúirt freisin éifeachtaí an chinnidh a choimeád ar bun do na seacht mBallstát atá ina gcomhaltaí cheana féin de Chomhaontú Liospóin. Bheadh sé contrártha do leas an Aontais dá gcaillfí na cearta tosaíochta a bhaineann leis na sonrúcháin tionscnaimh atá cláraithe cheana féin ag na Ballstáit sin faoi Chomhaontú Liospóin.
(11)Thug an Chúirt Bhreithiúnais a breithiúnas uaithi an 22 Samhain 2022. Rinne an Chúirt Airteagal 3 a neamhniú, agus sa mhéid go bhfuil tagairtí ann do na Ballstáit, rinne sí Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/1754 a neamhniú freisin.
(12)Aithnítear sa bhreithiúnas ón gCúirt freisin, áfach, gur gá sinsearacht agus leanúnachas chosaint na sonrúchán tionscnaimh a chláraítear faoi Chomhaontú Liospóin a chaomhnú sna seacht mBallstát atá ina bpáirtithe sa chomhaontú sin cheana féin. Ar an gcaoi sin, dhearbhaigh an Chúirt gur cheart éifeachtaí na gcodanna neamhnithe de Chinneadh 2019/1754 a choimeád i gcás na mBallstát a bhain leas as an údarú chun Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di go dtí go dtiocfaidh Cinneadh nua ón gComhairle i bhfeidhm laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 6 mhí.
(13)I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais agus i bhfianaise na féidearthachta atá ag an Aontas aontú d’Ionstraim na Ginéive, ní féidir údarú a thabhairt do na Ballstáit, ach amháin in imthosca eisceachtúla a bhfuil dianbhonn cirt leo, agus gan ach chomh fada agus a bhíonn bonn cirt cuí leis an rannpháirtíocht sin, ar mhaithe leis an Aontas, aontú, taobh leis an Aontas, agus ní mór an t‑aontachas sin leanúint de bheith teoranta ó thaobh feidhme de.
(14)Déantar foráil in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1753 maidir le forálacha idirthréimhseacha le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh de thionscnamh Ballstát atá cláraithe cheana féin faoi Chomhaontú Liospóin. Ar bhonn na bhforálacha sin, thug na seacht mBallstát atá ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin fógra don Choimisiún faoin 14 Samhain 2022 faoina rogha an clárú idirnáisiúnta faoi hIonstraim na Ginéive maidir le sonrúcháin tionscnaimh atá cláraithe cheana féin faoi Chomhaontú Liospóin a iarraidh.
(15)Dá bhrí sin, is iomchuí Cinneadh (AE) 2019/1754 a leasú chun údarás a thabhairt, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlacht eisiach an Aontais, do na seacht mBallstát a bhí ina gcomhaltaí de Chomhaontú Liospóin sula raibh Ionstraim na Ginéive ann chun Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di freisin, a mhéid is gá sin chun na cearta tosaíochta a bhaineann leis na sonrúcháin tionscnaimh atá cláraithe cheana féin ag na Ballstáit sin faoi Chomhaontú Liospóin a chaomhnú, chun leas an Aontais.
(16)Dá bhrí sin ba cheart Cinneadh (AE) 2019/1754 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle
Leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1754 mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:
‘Údaraítear leis seo do na Ballstáit a bhí ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin an 26 Feabhra 2020, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlacht eisiach an Aontais, Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, taobh leis an Aontas, a mhéid is gá an t‑aontachas sin chun na cearta tosaíochta a bhaineann leis na sonrúcháin tionscnaimh a chláraigh na Ballstáit sin cheana féin faoi Chomhaontú Liospóin a chaomhnú, chun leas an Aontais, agus chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1753 a chomhlíonadh.’;
(2)in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘San Aontas Speisialta, déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas agus ar na Ballstáit sin a dhaingnigh Ionstraim na Ginéive nó a d’aontaigh di de bhun Airteagal 3 den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 17(1) CAE. Beidh an tAontas freagrach as feidhmiú chearta agus comhlíonadh oibleagáidí an Aontais de bhun Airteagal 3 den Chinneadh seo a áirithiú.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán