This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023M11190
Prior notification of a concentration (Case M.11190 – CORAL REEF / MHI / EQUITY INMEUBLES) Candidate case for simplified procedure (Text with EEA relevance) 2023/C 273/05
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11190 — CORAL REEF / MHI / EQUITY INMEUBLES) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 273/05
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11190 — CORAL REEF / MHI / EQUITY INMEUBLES) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 273/05
PUB/2023/1032
IO C 273, 2.8.2023, p. 6–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
2.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 273/6 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11190 — CORAL REEF / MHI / EQUITY INMEUBLES)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 273/05)
1.
An 24 Iúil 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Coral Reef E 2023 S.A. (‘Coral Reef’, an Spáinn), fochuideachta indíreach ar lánúinéireacht de chuid Abu Dhabi Investment Authority (‘ADIA’, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha), |
— |
Melia Hotels International S.A. (‘MHI’, an Spáinn), |
— |
Equity Inmuebles S.L. (an Spáinn). |
Gheobhaidh Coral Reef agus MHI rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar an dá cheann déag seo a leanas de réadmhaoine agus de ghnólachtaí de chuid Equity Inmuebles S.L: María Pita, San Sebastian Orly, Barajas, Madrid Gran Vía 25, Marbella Banús, Arona Tenerife, Madrid Alameda Aeropuerto, Guadalmar, Madrid Centro, Merida Medea, Puerto de la Cruz agus Royal Tanau. Gheobhaidh Coral Reef rialú aonair, de réir bhrí 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar réadmhaoine agus ar ghnólachtaí de chuid Equity Inmuebles S.L. mar atá Sancti Petri, Madrid Plaza de España agus Me Madrid. Gheobhaidh MHI rialú aonair, de réir bhrí 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar réadmhaoine agus ar ghnólachtaí de chuid Equity Inmuebles S.L. mar atá Los Fenicios agus Puertollano.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna, trí bhíthin ceannach sócmhainní agus trí bhíthin conradh bainistíochta.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Fochuideachta indíreach ar lánúinéireacht de chuid ADIA a bhfuil seilbh aige ar ghnóthais agus ar ionstraimí airgeadais, agus a riarann iad, is ea Coral Reef. Institiúid phoiblí is ea ADIA a bhunaigh Éimíríocht Abú Daibí in 1976 mar institiúid infheistíochta neamhspleách. Déanann sé cistí a infheistiú a leithdháileann Rialtas Abú Daibí dó agus bainistíonn sé punann infheistíochta domhanda atá éagsúlaithe thar chineálacha iomadúla sócmhainní. |
— |
Tá breis agus 300 óstán in 48 dtír á n-oibriú ag MHI faoi láthair san Áise, san Eoraip, sa Mheánoirthear, san Afraic, i Meiriceá Theas, Láir agus Thuaidh, agus i Muir Chairib. |
— |
Is le Equity Inmuebles S.L. an réadmhaoin i bpunann de 17 n-óstán (na réadmhaoine agus na gnólachtaí) atá scaipthe trí mhórthír na Spáinne agus na hOileáin Chanáracha. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11190 — CORAL REEF / MHI / EQUITY INMEUBLES
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).