This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023M11079
Prior notification of a concentration (Case M. 11079 – BNP PARIBAS FORTIS / MATEXI / R2O JV) Candidate case for simplified procedure (Text with EEA relevance) 2023/C 137/06
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M. 11079 – BNP PARIBAS FORTIS / MATEXI / R2O JV) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 137/06
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M. 11079 – BNP PARIBAS FORTIS / MATEXI / R2O JV) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 137/06
PUB/2023/470
IO C 137, 20.4.2023, p. 6–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/6 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M. 11079 – BNP PARIBAS FORTIS / MATEXI / R2O JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 137/06)
1.
An 5 Aibreán 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
— |
BNP Paribas Fortis NV/SA (“BNPPF”, an Bheilg), a bhaineann le BNP Paribas Group, |
— |
Matexi NV/SA (“Matexi”, an Bheilg), a bhaineann le Matexi Group NV., |
— |
R2O JV (an Bheilg). |
Gheobhaidh BNPPF agus Matexi rialú comhpháirteach ar R2O JV de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna i gcuideachta nuabhunaithe, ar cuideachta í atá ina comhfhiontar, atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is sa Bheilg atá BNPPF gníomhach agus cuireann sé ar fáil, i measc nithe eile, pacáiste cuimsitheach seirbhísí airgeadais le haghaidh daoine príobháideacha, daoine féinfhostaithe, gairmithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) agus eagraíochtaí poiblí, |
— |
Is forbróir tionscadal réadmhaoine é Matexi atá gníomhach i ngach céim den phróiseas forbartha (an éadáil, an fhorbairt, an tógáil, an díol). Is tionscadail chónaitheacha a fhorbraíonn sé den chuid is mó, agus forbraíonn sé líon teoranta tionscadal tráchtála (spásanna miondíola agus oifige). Sa Bheilg atá Matexi gníomhach den chuid is mó, agus tá sé gníomhach méid áirithe i Lucsamburg agus sa Pholainn freisin. |
3.
Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ar bun ag R2O JV:
— |
Cuirfidh R2O JV seirbhísí réadmhaoine cónaithe ar fáil sa Bheilg. Is éard a dhéanfaidh sé, go sonrach, ligfidh sé maoin tithíochta ar cíos do thomhaltóirí a bhfuil tairiscint “cíos i gcomhair ceannaigh” acu, is é sin, tionóntaí a bhfuil an rogha acu an mhaoin a cheannach tar éis í a bheith ar cíos acu ar feadh roinnt blianta. |
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11079 – BNP PARIBAS FORTIS / MATEXI / R2O JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).