Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023M10971

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10971 – ILS / DANX / JV) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 49/09

    PUB/2023/157

    IO C 49, 9.2.2023, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 49/11


    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.10971 – ILS / DANX / JV)

    Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2023/C 49/09)

    1.   

    An 2 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    ILS sp. z o.o (“ILS”, an Pholainn), atá faoi rialú Inter Cars S.A. (“Inter Cars”, an Pholainn),

    DANX Group A/S (“DANX”, an Danmhairg), atá faoi rialú Axcel VI (“Axcel”, an Danmhairg),

    cuideachta nuachruthaithe (an “sprioc-chomhfhiontar”, an Pholainn).

    Gheobhaidh ILS agus DANX rialú comhpháirteach ar an sprioc-chomhfhiontar de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Is cuideachta lóistíochta é ILS a sholáthraíonn seirbhísí agus réitigh thiomnaithe a bhaineann le stóras earraí, chomh maithe le hiompar intíre agus idirnáisiúnta (iompar de thalamh, iompar de mhuir agus iompar idirmhódúil) do na hearnálacha mótarfheithiclí, ceimiceán, peitriceimiceán agus FMCG. Tá ILS faoi rialú Inter Cars, ar grúpa é atá gníomhach i ndíol páirteanna spártha le haghaidh carranna paisinéirí agus feithiclí tráchtála,

    Is cuideachta lóistíochta é DANX, a bhfuil speisialtóireacht aige i ndáileadh san oíche de pháirteanna breise atá ag feidhmiú sa Danmhairg, sa tSualainn, san Iorua, san Fhionlainn, san Eastóin, sa Liotuáin agus sa Laitvia. Is cuideachta phunainne de Axcel VI é DANX, agus is ciste cothromais phríobháidigh é Axcel VI a dhíríonn go háirithe ar chuideachtaí meánmhéide sna tíortha Nordacha.

    3.   

    Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an sprioc-chomhfhiontar: margaí lóistíochta sa Pholainn, go háirithe (i) dáileadh san oíche, (ii) piocadh suas, seachadadh, (iii) suíomhanna stoic tosaigh agus (iv) ollstóráil.

    4.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    5.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.10971 – ILS / DANX / JV

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

    (2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


    Top