Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023JC0019

    TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Dearcadh nua maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil: Aghaidh a thabhairt ar thionchar an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil ar an tsíocháin, ar an tslándáil agus ar an gcosaint

    JOIN/2023/19 final

    An Bhruiséil,28.6.2023

    JOIN(2023) 19 final

    TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    Dearcadh nua maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil:



    Aghaidh a thabhairt ar thionchar an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil ar an tsíocháin, ar an tslándáil agus ar an gcosaint


    RÉAMHRÁ

    Baineann rioscaí méadaitheacha don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta leis an athrú aeráide agus leis an díghrádú comhshaoil. Eachtraí adhaimsire, teochtaí agus leibhéil farraige atá ag ardú, gaineamhlú, ganntanas uisce, bagairtí don bhithéagsúlacht, truailliú agus éilliú an chomhshaoil agus cailliúint slite beatha, is bagairtí iad do shláinte agus d’fholláine an chine dhaonna, agus dfhéadfadh gluaiseachtaí imirce agus easáitiú níos mó, paindéim, corraíl shóisialta, éagobhsaíocht agus neamhshlándáil a bheith ann mar thoradh orthu. As na 20 tír is leochailí agus is lú atá ullmhaithe don athrú aeráide, bhí 12 thír thíos le coinbhleacht in 2020 1 .

    Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide mar iolraitheoir bagairtí ó bhí 2008 ann 2 agus ar na naisc atá ag an athrú aeráide le bainistiú géarchéime an Aontais agus cosaint na hEorpa ó bhí 2020 ann 3 . Mar sin féin, maidir leis an ngá atá le tionchar an díghrádaithe comhshaoil a áireamh sa díospóireacht, chomh maith le réaltachtaí reatha agus réamh-mheastacháin amach anseo maidir le scála an athraithe aeráide agus tionchar an díghrádaithe comhshaoil, i gcomhthéacs iomaíocht straitéiseach atá á treisiú agus bagairtí casta slándála, tá gá le dearcadh nua maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil. Tagraíonn an téarma nasc idir an aeráid agus an tslándáil mar a úsáidtear sa doiciméad seo é do thionchair an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil araon, lena náirítear cailliúint na bithéagsúlachta agus truailliú, ar an tsíocháin, ar an tslándáil agus ar an gcosaint.

    -Tá an tathrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil idirnasctha go dlúth agus géaraíonn siad a chéile, agus tá tionchar acu cheana féin ar shlándáil bia, rud a laghdaíonn toradh barr mór amhail arbhar Indiach, rís agus cruithneacht, agus a mhéadaíonn an riosca go dteipfeadh ar bhuaint chomhuaineach i dtíortha móra táirgthe. An tráth céanna, spreagann táirgeadh neamh-inbhuanaithe bia díghrádú comhshaoil agus ganntanas uisce freisin. Faoi 2050, meastar go mbeidh rochtain neamhleor ag níos mó ná billiún duine ar uisce, go bhféadfadh díghrádú ithreach ardú go 90 %, agus go bhféadfadh méadú 60 % teacht ar an éileamh ar bhia 4 .

    -Is féidir le grúpaí armtha agus líonraí coireachta eagraithe, réimis éillitheacha nó forlámhacha, agus páirtithe eile an éagobhsaíocht agus an ganntanas acmhainní arb iad an aeráid agus an comhshaol is cúis leo a ionstraimiú go gníomhach, lena náirítear tríd an gcoireacht chomhshaoil. Tá an choireacht chomhshaoil ar an gceathrú hearnáil coireachta domhanda is mó cheana féin agus tá sí ag fás, rud a chuireann dlús breise leis an ngéarchéim chomhshaoil, lena náirítear an méid sin a dhéanamh trí shaothrú neamh-inbhuanaithe acmhainní nádúrtha 5 .

    -Measann Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) go bhfuil 21.5 milliún duine ar an meán in aghaidh na bliana easáitithe go héigeantach ó bhí 2008 ann ag imeachtaí a bhaineann leis an aimsir, amhail tuilte agus tonnta teasa. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an líon sin sna blianta amach romhainn 6 , rud a chuirfidh leis an athrú déimeagrafach agus a chuirfidh cathracha agus ceantair uirbeacha faoi bhrú, mar go bhféadfadh méadú teacht ar an éileamh ar thithíocht, ar bhia, ar fhuinneamh agus ar phoist, rud a chuirfidh dá bhrí sin le tionchair shóisialta mhéadaitheacha an athraithe aeráide. Ina theannta sin, is féidir le tubaistí nádúrtha nó adhaimsir damáiste fisiciúil a dhéanamh freisin do bhonneagar criticiúil, rud a chuireann isteach ar rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha agus éigeandála agus ar shreabha na seirbhísí sin. Ina theannta sin, tá baol ann go ndíreoidh smuigléirí agus eagraíochtaí coireachta eagraithe eile ar phobail leochaileacha atá in anacair, agus is féidir le grúpaí armtha leochaileachtaí méadaithe a dhúshaothrú agus saighdiúirí linbh agus comhraiceoirí á nearcú, agus déanann siad amhlaidh. 

    -Bíonn tionchar diúltach ag an athrú aeráide agus ag díghrádú comhshaoil ar an tsláinte ar bhealaí éagsúla 7 . Tá siad ag baint an bhoinn freisin ó go leor de na tosca sóisialta lena gcinntear an dea-shláinte, amhail slite beatha, rochtain ar chúram sláinte agus tacaíocht shóisialta. D’fhéadfadh éagobhsaíocht a bheith ann mar thoradh ar na tionchair sin, agus is féidir leo an tslándáil a chur i mbaol.

    -Is é an tathrú aeráide an bhagairt is cuimsithí ar réigiúin an Artaigh, agus tá an teocht ann ag méadú 3 go 4 huaire níos tapúla ná an meán domhanda. Tá méadú ag teacht ar an spéis sheachtrach in acmhainní san Artach agus tá iarmhairtí ilghnéitheacha sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha ag baint leis sin. Le coscairt oighear na Mara Artaí, osclaítear freisin bealaí féideartha loingseoireachta agus rochtain ar acmhainní nádúrtha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le teannas slándála sa réigiún 8 . Tá tionchar geopholaitiúil ag an athrú aeráide, tionchar atá ag dul i méid, ar an réimse muirí domhanda, ar fud na hEorpa (e.g. i Muir Bhailt agus sa Mhuir Dhubh) agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach araon.

    -Áirítear ar thionchair dhíobhálacha an athraithe aeráide ar an aigéan athrú i gcomhdhéanamh agus i ndáileadh stoc éisc, rud lenar féidir comhaontuithe iascaigh a dhíchobhsú agus an baol a bhaineann le díospóidí idirnáisiúnta a mhéadú. Tá riosca slándála ag baint le méadú ar leibhéal na farraige freisin mar gheall ar scála an easáitithe agus na himirce daoine a d’fhéadfadh a bheith ann 9 , agus beidh tionchar aige freisin ar thomhas teorainneacha muirí lena gcinntear teidlíochtaí eacnamaíocha éagsúla, rud a d’fhéadfadh éagobhsaíocht agus coinbhleachtaí a mhéadú dá réir.

    -Acmhainní agus teicneolaíochtaí atá fíor-riachtanach don aistriú fuinnimh agus do chéimniú amach breosla iontaise, tá siad anois ina nábhar le haghaidh iomaíocht straitéiseach atá ag dul i méid, rud ar cuireadh dlús breise leis ó ionsaí míleata gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

    -Tá ar fhórsaí slándála agus cosanta na mBallstát aghaidh a thabhairt ar thimpeallacht slándála atá ag athrú agus ag éirí níos dúshlánaí san Eoraip agus níos faide i gcéin, lena náirítear dálaí oibríochtúla aeráide níos déine. An tráth céanna, ní mór dóibh a nastaíochtaí gás ceaptha teasa agus a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, gan difear a dhéanamh dá néifeachtacht oibríochtúil.

    Is é an t‑aistriú chuig fuinneamh glas an t‑aon bhealach chun fuinneamh atá inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú go comhuaineach ar fud an domhain. Ionas go mbeidh rath air, ní mór an t‑aistriú sin a bheith cóir agus caithfidh cothroime shóisialta a bheith ag baint leis, agus ní féidir aon duine a fhágáil ar lár. Ní hamháin go gciallaíonn sé deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise agus le cleachtais atá as dáta, ach ciallaíonn sé freisin fuinneamh glas, teicneolaíocht nuálach, margaí níos fearr agus an geilleagar ciorclach a thabhairt isteach de réir a chéile. Éilíonn sé dul i ngleic anois láithreach leis na rioscaí agus na spleáchais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

    Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach leanúint d’infheistíocht a dhéanamh san oiriúnú don athrú aeráide agus sa mhaolú ar an athrú aeráide agus i gcosaint agus in athbhunú an chomhshaoil. Mar sin féin, agus cé go bhfuil go leor á dhéanamh chun an t‑aistriú glas a chur chun cinn agus na dúshláin a bhaineann leis a bhainistiú, tá baol níos mó éagobhsaíochta, éiginnteachta agus fiú coinbhleachta ann. Ba cheart dúinn ullmhú le haghaidh éifeachtaí iarmhartacha méadaithe ar an Aontas Eorpach. D’fhéadfaidís sin teacht chun cinn mar gheall ar éileamh méadaithe ar chabhair, mar gheall ar chur isteach ar shlabhraí soláthair nó mar gheall ar dhaoine atá ag teitheadh ó limistéir neamh-ináitrithe nó ó dhrochdhálaí tromchúiseacha sa bhaile, lena mbaineann an fhéidearthacht go mbeadh easáitiú inmheánach agus méadú ar imirce neamhrialta ann, agus mar gheall ar choireacht eagraithe, eagraíochtaí sceimhlitheoireachta agus iomadú arm freisin.

    Dá bhrí sin, tá impleachtaí slándála agus cosanta an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil tar éis éirí níos práinní, níos dúshlánaí agus níos ilghnéithí. Tugann an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) 10  agus an iliomad tuarascálacha agus staidéar eile é sin chun suntais freisin arís agus arís eile. Tá eagraíochtaí comhpháirtíochta, amhail na Náisiúin Aontaithe agus ECAT, agus comhpháirtithe déthaobhacha ag comhtháthú na rioscaí sin ina bpleanáil beartais. Mar a léirítear sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an Taidhleoireacht Aeráide agus Fuinnimh ó mhí an Mhárta 2023 11 , ní mór don Aontas an nasc idir an aeráid, an tsíocháin agus an tslándáil a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i mbeartas seachtrach an Aontais, lena náirítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) agus comhar agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta. Tá ról na mBallstát fíor-riachtanach chun an obair sin a thabhairt chun cinn.

    Tá sé ríthábhachtach an dearcadh nua sin maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil a shainiú agus a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa ghné sheachtrach den Chomhaontú Glas don Eoraip 12 agus sa Chompás Straitéiseach maidir le Slándáil agus Cosaint 13 . Tá sé fíor-riachtanach na sraitheanna beartais éagsúla a nascadh ar bhealach níos fearr agus a áirithiú go mbeidh gníomhaíocht sheachtrach, beartais sheachtracha agus cumais sheachtracha oiriúnach don todhchaí. Ní mór don Aontas freagairt níos réamhghníomhaí agus níos cuimsithí a ghlacadh ar na dúshláin ilghnéitheacha. Ós rud é gur dúshláin dhomhanda iad sin, féachfaidh an tAontas le tuilleadh dlúthchomhair a dhéanamh lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus lena pháirtithe leasmhara chun réitigh iltaobhacha a chur chun cinn.

    Leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach seo bunaítear creat feabhsaithe agus cuirtear bearta nithiúla chun cinn i gcomhréir le Cur Chuige Comhtháite an Aontais i ndáil le Coinbhleachtaí agus Géarchéimeanna Seachtracha 14 d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

    ·pleanáil, cinnteoireacht agus cur chun feidhme atá bunaithe ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a neartú, trí anailís agus fadbhreathnaitheacht fheabhsaithe atá bunaithe ar fhianaise;

    ·an nasc idir an aeráid agus an tslándáil i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a oibríochtú, idir bheartas agus chur chun feidhme;

    ·bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus bearta maolaithe don athrú aeráide a fheabhsú chun cumais shibhialtacha agus mhíleata na mBallstát, agus an bonneagar gaolmhar, a fhorbairt; agus

    ·comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus obair an Aontais laistigh d’fhóraim iltaobhacha a threisiú, i gcomhréir le clár oibre iltaobhach níos leithne an Aontais maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol.



    1.Anailís atá bunaithe ar fhianaise agus fadbhreathnaitheacht mar chumasóir le haghaidh gníomhaíochta: tacú le pleanáil, cinnteoireacht agus cur chun feidhme atá bunaithe ar an aeráid agus ar an gcomhshaol

    Leanfaidh freagairtí an Aontais ar impleachtaí slándála an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil de bheith ag brath ar bheartais agus ar ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar fhianaise, lena n‑áirítear faisnéis nua agus léargais atá á bhforbairt, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá anailísíocht iontaofa agus inrochtana do na páirtithe uile lena mbaineann.

    1.1.Sonraí agus anailísíocht maidir le rioscaí slándála a bhíonn á spreagadh ag an aeráid agus ag an gcomhshaol

    Tá roinnt tosca aeráide agus comhshaoil san áireamh cheana féin i dtionscnaimh sonraí agus i gcreataí anailíseacha an Aontais. Mar shampla, áirítear sna modheolaíochtaí le haghaidh luathrabhaidh agus anailís coinbhleachta fócas ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar acmhainní nádúrtha, as a dtiocfaidh, i gcás inarb ábhartha, moltaí maidir le gníomhaíocht choisctheach, agus maidir le clársceidealú agus gníomhaíochtaí seachtracha atá íogair ó thaobh na coinbhleachta de. Déanfar é sin a neartú a thuilleadh in anailísí amach anseo.

    Ina theannta sin, is príomhthoisc é feabhas a chur ar scaipeadh agus inrochtaineacht na comhanailíse comhroinnte chun a áirithiú gur féidir leas iomlán a bhaint aisti agus gur féidir í a chomhtháthú. Is cuid den iarracht sin é feasacht a mhúscailt maidir le rioscaí aeráide agus comhshaoil i gcoitinne, agus maidir leis na táirgí anailíseacha.

    Chun feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí agus anailís an Aontais do gach próiseas ábhartha pleanála agus cur chun feidhme, féachfaidh Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SatCen) ar mhol comhtháite eolais a fhorbairt. Leis an Mol Sonraí agus Anailíse Slándála um an Aeráid agus um an gComhshaol, atá le cruthú laistigh de SatCen, cuirfear leis an taithí agus na tionscnaimh atá ann cheana agus cuirfear acmhainn ar fáil le haghaidh measúnuithe riosca slándála a bhaineann leis an aeráid. Leanfaidh an Coimisiún freisin d’fheabhas a chur ar rochtain ar shonraí agus ar anailísíocht atá ábhartha don athrú aeráide, do dhíghrádú comhshaoil agus dá thionchar ar shlándáil agus ar chosaint trí ardáin atá ann cheana amhail an tairseach ‘Eolaíocht don tSíocháin’ 15 .

    Chun go n‑éascófar an nasc idir an aeráid agus an tslándáil a chuimsiú sa phlé agus sa chinnteoireacht ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal straitéiseach, tosóidh an Coimisiún agus SEGS ag déanamh anailís chuimsitheach bhliantúil ar threochtaí lena gcumhdófar, i measc nithe eile, tionchair an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil ar choinbhleachtaí, ar easáitiú agus ar ghluaiseachtaí imirce agus ar iomaíocht acmhainní nádúrtha. Leis an Mol Sonraí agus Anailíse Slándála um an Aeráid agus um an gComhshaol, cuirfear leis an anailís ar threochtaí, áiritheofar dlúthchomhar le seirbhísí éagsúla, amhail an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha, agus áiritheofar úsáid Copernicus, clár an Aontais um Fhaire na Cruinne.

    An tInnéacs Domhanda de Riosca Coinbhleachta 16 , arna fhorbairt ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde mar ionchur cainníochtúil do mhodheolaíochtaí luathrabhaidh agus anailíse coinbhleachta an Aontais, leathnófar é chun go mbreathnódh sé níos faide ná triomach amháin, agus chun go ndéanfadh sé measúnú, mar shampla, ar na tionchair a bhaineann le himirce agus easáitiú méadaithe, chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí indíreacha an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil, mar shampla, ar phraghsanna tráchtearraí amhail bia agus ar phraghsanna gáis agus ola, agus chun scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí geopholaitiúla agus slándála a bhaineann leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.

    Ina theannta sin, forbrófar samhail dhinimiciúil, ghearrthéarmach agus fhonáisiúnta maidir le riosca coinbhleachta, lena dtabharfar aird ar leith ar athróga a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, chun feabhas a chur ar inniúlacht luathrabhaidh agus réamh-mheasta an Aontais.

    Samplaí breise de thionscnaimh an Aontais le haghaidh sonraí agus anailíse ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol:

    -Tacaíonn Seirbhís Bainistithe Práinne Copernicus le hinniúlacht luathrabhaidh ina bhfuil comhpháirteanna a chlúdaíonn triomach 17 , falscaithe agus rioscaí tuilte 18 agus soláthraíonn Seirbhís Faireacháin Copernicus ar Thalamh 19 faisnéis gheospásúil ar chlúdach talún agus ar a hathruithe, ar úsáid talún, ar staid an fhásra, ar thimthriall an uisce agus ar athróga fuinnimh dhromchla an Domhain 20 .

    -INFORM, fóram ilpháirtí leasmhair le haghaidh anailís a bhaineann le géarchéimeanna agus tubaistí daonnúla. Le INFORM Climate Change 21 (a foilsíodh i mí na Samhna 2022), léirítear meastacháin chainníochtúla ar thionchair an athraithe aeráide ar an riosca a bhaineann le géarchéimeanna daonnúla amach anseo.

    -Tá níos mó ná 120 eagraíocht sa Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach (EMODnet) 22 , atá ag obair le chéile chun breathnú ar an bhfarraige agus na sonraí a phróiseáil i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, chun sraitheanna sonraí agus táirgí sonraí idir-inoibritheacha a sholáthar.

    -Maidir leis an tionscnamh Destination Earth 23 , arb é is aidhm dó samhail dhigiteach an-chruinn den Domhan a fhorbairt ar scála domhanda, tá coinne leis go dtáirgfidh sé réamhaisnéisí agus ionsamhlúcháin ar fheiniméin nádúrtha agus ar dhálaí foircneacha nádúrtha.

    Beidh tuiscint níos fearr ann ar an nasc idir an aeráid agus an tslándáil mar thoradh ar dhlúthchomhar leis na Ballstáit, le tíortha comhpháirtíochta, lena náirítear a gcórais luathrabhaidh agus a moil eolais áitiúla, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.  24 Ina theannta sin, cuireann an tAontas forbairt cumas anailíseach chun cinn i réigiúin eile chun rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ag athrú, rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus le díghrádú comhshaoil, a thuar agus chun aghaidh a thabhairt orthu go mear. Mar shampla, mar chomhalta den Ghrúpa idir-rialtasach um Fhaire na Cruinne, tacaíonn an tAontas le tionscnaimh dhomhanda le haghaidh cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe a bhaineann leis an athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil, agus tríd an Líonra Domhanda i gCoinne Géarchéimeanna Bia, le hanailís fhianaise-bhunaithe ar shlándáil dhomhanda bia.

    1.2.Sonraí cosanta a bhailiú agus a anailísiú

    Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) tar éis dul i dteagmháil cheana féin leis na Ballstáit chun sonraí a bhailiú maidir le hídiú fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhfórsaí armtha 25 , agus tá sí ag oibriú anois chun modheolaíocht struchtúrtha a bhunú, an tSraith Fuinnimh Cosanta, chun sonraí fuinnimh cosanta na mBallstát a bhailiú agus faireachán a dhéanamh orthu. I gcomhar leis an gCoimisiún, tá staidéir agus taighde á ndéanamh ag GEC ar athléimneacht an bhonneagair fuinnimh cosanta 26 . Tá gá le bailiú sonraí agus anailísíocht den sórt sin chun feabhas a chur ar phleanáil cosanta agus ar chinntí infheistíochta a bhfuil cúrsaí aeráide ina mbonn eolais leo laistigh de na Ballstáit.

    1.3.Taighde agus nuálaíocht a ghiaráil

    Chun críoch slándála agus cosanta araon, tá taighde agus staidéir ar rioscaí aeráide agus comhshaoil fíor-riachtanach chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt, pleanáil agus cur chun feidhme beartais agus chun iad a threorú.

    Tionscadail taighde maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil

    Tá ról tábhachtach ag cláir réime taighde agus nuálaíochta an Aontais, amhail Fís 2020 (2014-2020) agus an clár Fís Eorpach atá ann faoi láthair (2021-2027), chun bearnaí eolais maidir leis an athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil a dhruidim mar bhonn chun freagairtí éifeachtacha beartais a fhorbairt atá fréamhaithe san fhianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil 27 . Ar an iomlán, tá 35 % den chlár Fís Eorpach curtha i leataobh chun gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aeráid a chistiú 28 . Ina theannta sin, tá 7.5 % den chlár Fís Eorpach in 2024-25, agus 10 % ó 2026 ar aghaidh curtha i leataobh chun gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a chistiú 29 . I measc na samplaí eile de staidéir ábhartha taighde, tá staidéar taighde comhpháirteach GEC agus JRC ina ndéantar measúnú ar thionchair an athraithe aeráide ar bhonneagar criticiúil fuinnimh a bhaineann leis an gcosaint agus ar chumais mhíleata.

    Príomhghníomhartha ar leibhéal an Aontais:

    ·Fiosróidh Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh, i gcomhar leis na gníomhaithe agus na tionscnaimh ábhartha uile, bunú Moil Sonraí agus Anailíse Slándála um an Aeráide agus um an gComhshaol laistigh dá shaoráidí, d’fhonn rochtain ar shonraí agus anailísíocht maidir leis an aeráid agus an tslándáil, agus infhaighteacht na sonraí agus na hanailísíochta céanna, a mhéadú.

    ·Soláthróidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus SEGS anailís bhliantúil ar threochtaí aeráide agus slándála chun tacú le plé polaitiúil agus plé ar an leibhéal straitéiseach agus chun tacú le cinnteoireacht.

    ·Déanfaidh an Coimisiún tuilleadh forbartha ar tháscairí ábhartha atá bunaithe ar fhianaise maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid a áireamh san Innéacs Domhanda de Riosca Coinbhleachta chun bonn eolais níos fearr a chur faoi roghnú na dtosaíochtaí maidir le cosc coinbhleachtaí.

    ·Forbróidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, i gcomhairle le SEGS, samhail dhinimiciúil, ghearrthéarmach agus fhonáisiúnta maidir le riosca coinbhleachta, lena náireofar breithniú neartaithe ar athróga a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid chun inniúlacht luathrabhaidh agus réamh-mheasta an Aontais a fheabhsú.

    2.An nasc idir an aeráid agus an tslándáil i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a oibríochtú

    Ní mór an nasc idir an aeráid agus an tslándáil a oibríochtú go comhleanúnach i ngníomhaíocht sheachtrach uile an Aontais, idir cheapadh beartais agus cinnteoireacht agus chur chun feidhme. Na tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, ó ghníomhú ar son na haeráide agus oiriúnú don aeráid go cosc coinbhleachtaí, bainistiú géarchéime agus gníomhaíocht dhaonnúil, is éifeachtaí iad nuair a bhaintear an leas is mó is féidir as sineirgí agus comhlántachtaí i gcomhréir le Cur Chuige Comhtháite an Aontais. Tá sé mar aidhm freisin acmhainní an Aontais agus a chuid Ballstát a bharrfheabhsú, lena náirítear an méid sin a dhéanamh trí ghníomhaíocht Fhoireann na hEorpa a chur chun cinn 30 .

    I gcomhréir le rialachán NDICI-an Eoraip Dhomhanda 31 , lena néilítear anailís choinbhleachta le haghaidh tíortha agus réigiúin atá i gcásanna géarchéime, iar-ghéarchéime nó leochaileachta agus laige, neartóidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus SEGS, lena náirítear Toscaireachtaí an Aontais, anailís an naisc idir an aeráid, an tsíocháin agus an tslándáil ar a bheartais agus a ghníomhaíochtaí ábhartha, go háirithe i limistéir gheografacha atá leochaileach maidir leis na tionchair sin, amhail, ar an leibhéal réigiúnach, an tSaiheil nó Corn na hAfraice, nó Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha (SIDS). Cuideoidh an anailís sin lena gcuir chuige a mhúnlú sna cásanna sin agus beidh sí ina bonn eolais faoi chlársceidealú amach anseo, i gcás inarb iomchuí. Beidh sé sin mar chuid de na treoirlínte do Thoscaireachtaí an Aontais i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma ar NDICI-an Eoraip Dhomhanda.

    Mar aitheantas ar thionchair dhifreáilte an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil ar mhná, ar leanaí agus ar ghrúpaí leochaileacha, tá sé fíor-riachtanach cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chur i bhfeidhm, agus peirspictíocht atá freagrúil ó thaobh inscne de agus gné cosanta leanaí agus óige a chomhtháthú, agus an nasc idir an aeráid agus an tslándáil á oibríochtú. Tá sé sin fite fuaite i dtacú le híogaireacht chomhthéacs, úinéireacht áitiúil agus cuir chuige neamhdhíobhála.

    2.1.Infheistíochtaí san aeráid agus sa chomhshaol mar infheistíochtaí sa tsíocháin agus sa tslándáil

    Mar cheannaire domhanda sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, an truaillithe agus chailliúint na bithéagsúlachta, tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí comhchoiteanna chun maoiniú don aeráid agus don bhithéagsúlacht a uas‑scálú. Is éard atá i gceist leis sin athléimneacht tíortha ísealioncaim leochaileacha agus pobal ísealioncaim leochaileach a fhorbairt, lena n‑áirítear slándáil bia, agus cuir chuige fhadtéarmacha inbhuanaithe maidir le bainistiú príomhacmhainní nádúrtha á gcur chun cinn an tráth céanna. Trí shlite beatha malartacha a fhorbairt agus trí thacú le dea-rialachas, ar bhealach atá freagrúil ó thaobh inscne de, cuireann na hiarrachtaí sin le cosc coinbhleachtaí agus leis an tsíocháin.

    Tá ról lárnach ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda (NDICI-an Eoraip Dhomhanda) i ndáil leis sin. Áirítear leis sin sprioc chaiteachais 30 % le haghaidh gníomhaíocht ar son na haeráide lena ndíreofar ar bhearta maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide, arna méadú le EUR 4 bhilliún breise mar a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen i mí Mheán Fómhair 2021. Rannchuideoidh sé freisin le cuspóir an Aontais sprioc chaiteachais 7.5 % a bhaint amach don bhithéagsúlacht faoi 2024 agus sprioc chaiteachais 10 % a bhaint amach in 2026 agus 2027. D’fhógair an tUachtarán freisin go ndéanfaí cistiú idirnáisiúnta an Choimisiúin don bhithéagsúlacht, go háirithe le haghaidh na dtíortha is leochailí, a mhéadú faoi dhó go EUR 7 mbilliún don tréimhse 2021-2027.

    Leis na cistí sin, tugtar aghaidh ar roinnt de na naisc idir an t‑athrú aeráide, an díghrádú comhshaoil agus an neamhshláine, agus cuidítear go hindíreach leis an easáitiú agus le himirce aeráide a bhainistiú. Ar an gcaoi chéanna, trí NDICI-an Eoraip Dhomhanda, agus tríd an mbuiséad um chabhair dhaonnúil, déanann an tAontas gníomhaíochtaí a chistiú freisin ar gníomhaíochtaí iad atá ríthábhachtach chun laghdú rioscaí tubaiste, ullmhacht agus réamhghníomhaíocht a neartú. Cuireann sé sin go dearfach leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil trí athléimneacht a chothú. De réir mar a fhásann an t‑eolas agus an taithí maidir leis an nasc sin, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit gníomhaíochtaí a phleanáil dá réir sin trí chur chuige Fhoireann na hEorpa.

    Leis an straitéis ‘Global Gateway’, tairiscint dhearfach an Aontais do chomhpháirtithe chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní, rannchuideofar le hiarrachtaí an Aontais i dtreo na síochána agus na cobhsaíochta. Cuirfidh sí tionscadail chun cinn a thacaíonn le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach agus an fhorbairt dhaonna a shaothrú agus, an tráth céanna, an bhearna infheistíochta dhomhanda a laghdú.

    Mar shampla, mar chuid den phacáiste infheistíochta ‘Global Gateway’ idir an tAontas Eorpach agus an Afraic, tugadh isteach Tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide agus Athléimneacht san Afraic chun athléimneacht na bpobal is leochailí a neartú i gcoinne rioscaí aeráide agus guaise nádúrtha trí chláir dar luach breis agus EUR 1 bhilliún a thabhairt le chéile ón Aontas agus ó Bhallstáit an Aontais. San Áise Láir, cuidíonn Tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le hUisce, Fuinneamh agus Athrú Aeráide le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar acmhainní uisce agus fuinnimh agus, an tráth céanna, le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus le dul i ngleic leis an athrú aeráide, trí ranníocaíocht tosaigh EUR 700 milliún ó Fhoireann na hEorpa. I Meiriceá Laidineach, tugtar aghaidh ar ghnéithe den athrú aeráide agus den dífhoraoisiú trí Thionscnaimh Fhoireann na hEorpa in Abhantrach na hAmasóine, lena n‑áirítear Tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le Foraoisí Trópaiceacha sa Bhrasaíl trí mhéid táscach EUR 430 milliún.

    Ba cheart béim ar leith a leagan ar athléimneacht ar leibhéal an phobail agus ar athléimneacht na gcathracha agus na limistéar uirbeach ós rud é gur minic gurb iad sin pointe fócasach na himirce agus an easáitithe. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin maidir le tithe athléimneacha, ísealcharbóin, inacmhainne agus inrochtana a chur ar fáil, go háirithe dóibh siúd is leochailí, atá i gcóiríocht fhorbhásach, ar mná nó leanaí iad go leor acu. Cé go bhfuil gníomhaíochtaí atá á gcistiú ag an Aontas chun na críche sin ar siúl faoi láthair, féachfaidh an tAontas ar conas plé le Cúnant Domhanda na Méaraí um Aeráid agus Fuinneamh atá ag cur le feachtais dhomhanda sa réimse sin.

    Ina theannta sin, féadfaidh pleananna eacnamaíocha agus infheistíochta, arna bhforbairt i gcomhar le comhpháirtithe an Aontais do na Balcáin Thiar, agus le Comharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt, rannchuidiú le cobhsaíocht a chruthú nó a chothabháil trí athléimneacht i gcoinne thionchair an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil a mhéadú, agus trí dhul i ngleic le cuid de na bunchúiseanna atá leis an imirce agus leis an easáitiú.

    2.2.Aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an aeráid agus an tslándáil i gcásanna coinbhleachta agus géarchéime

    Ní mór don Aontas tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le haghaidh a thabhairt ar na naisc le linn thimthriall iomlán na coinbhleachta idir na géarchéimeanna aeráide agus comhshaoil, an tsíocháin agus an tslándáil, i gcomhréir le Cur Chuige Comhtháite an Aontais. Tá dhá ghné leis an dúshlán sin: ba cheart a mheas go bhfuil beartais agus cleachtais a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol ag éirí níos íogaire ó thaobh coinbhleachta de, agus an tráth céanna ba cheart leanúint de bhreithnithe aeráide agus comhshaoil a phríomhshruthú i gcothú síochána, i gcobhsú, i mbainistiú géarchéime agus i dtéarnamh iarchoinbhleachta an Aontais.

    2.2.1.Cothú na síochána agus cobhsú

    Is féidir leis an easpa bainistithe agus rialachais acmhainní nádúrtha cur leis an teannas atá ann cheana laistigh de thíortha agus eatarthu. Tugtar aghaidh ar an méid sin, go háirithe, trí thionscnaimh cothaithe síochána an Aontais i staideanna agus réigiúin leochaileacha. Mar shampla, is féidir le gníomhaíochtaí cobhsaíochta an Aontais 32 rioscaí slándála áirithe a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a mhaolú, trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine easáitithe ina dtír féin, go háirithe mná agus cailíní, agus riachtanais daoine faoi mhíchumas, a mbíonn tionchar díréireach ag gnéithe aeráide agus comhshaoil orthu go minic, agus riachtanais a bpobal óstach. Dá bhrí sin, déanfaidh measúnuithe cobhsaíochta an Aontais amach anseo breithnithe aeráide agus comhshaoil a ionchorprú ina roghanna freagartha i gcur chuige cuimsitheach atá íogair ó thaobh inscne agus coinbhleachta de.

    Is féidir le rochtain ar acmhainní nádúrtha agus topaicí comhshaoil eile deiseanna nua a chur ar fáil le haghaidh comhair agus athmhuintearais, mar shampla trí struchtúir chuimsitheacha rialachais, agus féadfaidh siad a bheith ina bpointí iontrála le haghaidh idirghabhála agus idirphlé 33 . Féadfaidh comhar trasteorann maidir le huisce 34 , mar shampla, gníomhú mar spreagadh chun coinbhleachtaí a chosc agus chun síocháin a chothú. Leanfaidh an tAontas d’infheistíocht a dhéanamh in oiliúint díorma idirghabhálaithe agus é mar aidhm aige tacú le fothú acmhainneachta na nidirghabhálaithe áitiúla chun plé le tionchair síochána agus slándála an athraithe aeráide agus na ndúshlán comhshaoil.

    2.2.2.Gníomhaíocht dhaonnúil, ullmhacht i gcomhair tubaistí agus freagairt do thubaistí

    Tá breithnithe aeráide agus comhshaoil á gcomhtháthú níos mó agus níos mó sna hidirghabhálacha daonnúla uile mar aitheantas ar an gcaoi a ngéaraíonn coinbhleacht, an tathrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil na riachtanais dhaonnúla agus na leochaileachtaí daonnúla 35 .

    Tá cabhair dhaonnúil an Aontais agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta ar thús cadhnaíochta maidir le freagairt an Aontais ar eachtraí adhaimsire agus na hiarmhairtí daonnúla a bhaineann leo 36 . Tríd an Líne Bhuiséid um Ullmhacht Tubaistí (EUR 78 milliún), tá an tAontas ag tacú le hidirghabhálacha ullmhachta spriocdhírithe, lena náirítear réamhghníomhaíochtaí chun ullmhú do ghéarthionchair dhaonnúla agus chun iad a mhaolú sula dtiocfaidh siad chun cinn go hiomlán. Tá an tAontas tiomanta freisin lorg comhshaoil na noibríochtaí daonnúla arna gcistiú ag an Aontas a laghdú agus tacaíonn sé le hiarrachtaí a chomhpháirtithe maidir leis sin agus spreagann sé iad, go háirithe i ndáil le slabhraí soláthair níos inbhuanaithe.

    Mar thoradh ar theagmhais aimsire níos minice agus níos déine, is dócha go niarrfar níos minice ar chumais slándála agus chosanta na mBallstát chun tacú le hiarrachtaí bainistithe tubaistí agus fóirithinte daonnúla, laistigh den Aontas agus lasmuigh dá theorainneacha seachtracha araon. Tá sé ríthábhachtach comhordú agus ullmhacht shibhialta-mhíleata a neartú a thuilleadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an gcreat chun sócmhainní míleata an Aontais a úsáid chun tacú le cúnamh daonnúil agus fóirithint tubaistí 37 chun freagairt thráthúil agus éifeachtach a áirithiú a bheidh i gcomhréir leis an gcur chuige prionsabálta maidir le cúnamh daonnúil an Aontais, agus ní mór dlús breise a chur leis an méid sin.

    2.2.3.Bainistiú géarchéime

    Is minic a imscartar 13 chinn de mhisin agus oibríochtaí sibhialtacha agus naoi gcinn de mhisin agus oibríochtaí míleata an Aontais faoi Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais i dtíortha atá an-leochaileach maidir le rioscaí slándála a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol. Déanfaidh an tAontas gnéithe aeráide agus comhshaoil a phríomhshruthú de réir a chéile agus tabharfaidh sé aghaidh orthu i bpleanáil, i gcur chun feidhme agus in athbhreithniú a sainorduithe. Leis an gCompás Straitéiseach, leagadh síos an cuspóir do gach misean agus oibríocht mhíleata agus shibhialtach comhairleoir comhshaoil a bheith acu, agus tuairisc a thabhairt ar a lorg comhshaoil, faoi 2025. I gComhshocrú Sibhialtach CBSC 38 , gheall na Ballstáit go ndéanfaidís iarrachtaí a phríomhshruthú, i ngníomhaíochtaí misin sheachtraigh, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála a bhaineann leis an athrú aeráide agus le díghrádú agus saothrú an chomhshaoil.

    Ionas go mbeidh misin agus oibríochtaí CBSC in ann na cuspóirí sin a bhaineann leis an aeráid a bhaint amach go héifeachtach, ní mór sraith beart a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit. Cuirfidh Pacáiste nua CBSC um an Aeráid bonn comhleanúnach ar fáil do ghníomhaíochtaí idirnasctha éagsúla, lena n‑áiritheofar go n‑úsáidfear acmhainní ar an mbealach is éifeachtúla, mar seo a leanas.

    -Ní mór próifílí éagsúla le haghaidh comhairleoirí comhshaoil a shainaithint agus a léiriú i riachtanais oiliúna agus earcaíochta 39 , agus raon feidhme mhisin agus oibríochtaí CBSC 40 agus forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo á gcur san áireamh.

    -Ba cheart a chur san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta maidir le sainorduithe CBSC na hanailísí nua bliantúla ar threochtaí aeráide, comhshaoil agus slándála 41 agus foinsí anailíseacha eile chun sainorduithe misin a phleanáil agus a athbhreithniú go tréimhsiúil, agus comhtháthú na gceachtanna a foghlaimíodh á chur chun cinn an tráth céanna trí na sruthanna oibre éagsúla. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ónár gcomhpháirtithe atá ag feidhmiú sa réimse céanna, go háirithe na Náisiúin Aontaithe 42 , d’fhonn réimsí comhair níos dlúithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint freisin.

    -Cuirfear sásra tuairiscithe maidir leis an lorg comhshaoil i bhfeidhm i ngach misean agus oibríocht, a thógfar ar cheachtanna arna bhfoghlaim ó threoirthionscadail, agus an tráth céanna áiritheofar sineirgí agus malartú dea-chleachtais maidir leis na saincheisteanna sin le réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, amhail rannpháirtíochtaí daonnúla. Ba cheart nasc iomchuí a bhunú freisin leis an tSaoráid Eorpach Síochána d’fhonn feidhmíocht aeráide agus chomhshaoil 43 a bharrfheabhsú.

    Ar deireadh, d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha freisin machnamh a dhéanamh ar fhachtóirí aeráide agus comhshaoil a chomhtháthú sna cásanna a thacaíonn le hoibríochtú Acmhainneacht Mhear-Imscartha an Aontais.

    2.2.4.Tionchar na coinbhleachta armtha ar an gcomhshaol agus téarnamh iarchoinbhleachta

    Tá tionchar na gcoinbhleachtaí armtha ar an gcomhshaol ina ghné mhór chun aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an aeráid agus an tslándáil. Cé go bhforáiltear leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta do chosaint an chomhshaoil nádúrtha le linn coinbhleachtaí armtha, bíonn sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta forleathan agus déanann siad damáiste forleathan agus fadtéarmach. I gcásanna iarchoinbhleachta, tá éilliú uisce, ithreach agus talún ó iarsmaí pléascacha coitianta go háirithe, ó scriosadh éiceachóras go truailliú agus bainistiú dramhaíola, mar gheall ar bhuamáil, mianaigh talún agus sceitheadh ola agus gáis. Chomh maith le tionscnaimh an Aontais atá ar siúl faoi láthair maidir le cosaint an chomhshaoil, truailliú agus bainistiú dramhaíola sa chomhthéacs sin, lena n‑áirítear comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn, déanfar gníomhaíochtaí spriocdhírithe comhlántacha a bhreithniú maidir le measúnuithe comhshaoil iarchoinbhleachta, lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh i gcomhthéacs an Fhóraim Gorlainne um an nGeilleagar Ciorclach i réimse na Cosanta Eorpaí.

    Samplaí de ghníomhaíocht an Aontais maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil i ngnéithe éagsúla beartais:

    -Easáitiú agus imirce: Tugann an tAontas Eorpach aghaidh ar an easáitiú agus ar an imirce a bhaineann le tubaistí, leis an athrú aeráide agus le díghrádú comhshaoil, go háirithe trí ghníomhaíochtaí daonnúla, forbartha agus síochána 44 .gníomhaíocht nua dhomhanda AE (EUR 8 milliún) á seoladh ag an Aontas i gcomhar leis an Ionad Faireacháin um Easáitiú Inmheánach chun cur leis an eolas faoi na cúiseanna, na leochaileachtaí agus na rioscaí as a neascraíonn easáitiú inmheánach agus chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí na dtíortha comhpháirtíochta a bhfuil difear á dhéanamh dóibh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

    -An choireacht chomhshaoil: Tá an choireacht chomhshaoil ar cheann de na 10 dtosaíocht laistigh den Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla lena gcumasaítear comhar an Aontais i bhforfheidhmiú an dlí le húdaráis ábhartha ó thríú tíortha maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla chun dul i ngleic le coireanna comhshaoil. Is féidir le misin CBSC cuidiú leis na húdaráis náisiúnta freisin an choireacht chomhshaoil a chomhrac 45 .

    -An tslándáil mhuirí: I straitéis slándála muirí an Aontais 46 a tugadh cothrom le dáta le déanaí, leagtar béim ar thionchair shuntasacha an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil ar an gcomhshaol muirí agus ar an tslándáil mhuirí, agus moltar gníomhaíochtaí éagsúla inti. Is é is aidhm do shnáitheanna oibre eile cómhaireachtáil an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta le hoibríochtaí cosanta agus córais chosanta a éascú 47 .

    -An spás: Tacaíonn Clár Spáis an Aontais le cosaint an chomhshaoil, cuidíonn sé le faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an athraithe aeráide agus iad a mhaolú agus áirithíonn sé sábháilteacht agus slándáil shibhialta ar fud na hEorpa.

    Príomhghníomhartha ar leibhéal an Aontais:

    ·Neartóidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus SEGS, lena náirítear Toscaireachtaí an Aontais, anailís an naisc idir an aeráid, an tsíocháin agus an tslándáil ar a bheartas agus a ghníomhaíochtaí ábhartha, go háirithe i limistéir gheografacha atá leochaileach maidir leis na tionchair sin, amhail, ar an leibhéal réigiúnach, an tSaiheil nó Corn na hAfraice, nó Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha (SIDS).

    ·Áiritheoidh SEGS, i gcomhar le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, go ndéanfar breithnithe aeráide agus comhshaoil maidir le slite beatha na bpobal áitiúil a ionchorprú i measúnuithe cobhsaíochta an Aontais amach anseo agus na roghanna maidir le freagairtí á scrúdú.

    ·Déanfaidh SEGS oiliúint agus trealamh a chur ar fáil do dhíorma idirghabhálaithe an Aontais agus do ghníomhaithe idirghabhála eile de chuid an Aontais, chun plé le tionchair síochána agus slándála an athraithe aeráide agus na ndúshlán comhshaoil.

    ·Leanfaidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus SEGS, lena náirítear Foireann Mhíleata an Aontais, den chomhordú sibhialta-míleata a neartú agus a fheabhsú i gcomhthéacs chúnamh daonnúil agus iarrachtaí fóirithinte tubaistí an Aontais, rud a thógfaidh ar na céimeanna roimhe seo agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh.

    ·Áiritheoidh an tArdionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit, go gcuirfear an Pacáiste nua CBSC um an Aeráid chun feidhme go cuimsitheach, lena náirítear próifílí soiléire a fhorbairt go pras do chomhairleoirí comhshaoil.

    ·Léireoidh SEGS breithnithe maidir leis an athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil i gcásanna oibríochtúla de réir mar is iomchuí chun tacú le hoibríochtú na hAcmhainneachta Mear-Imscartha trí ullmhacht a neartú agus chun creataí réalaíocha fostaíochta a chur ar fáil.

    ·Féachfaidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus GEC ar thionscadail chomhoibríocha a fhorbairt le haghaidh measúnú agus athbhunú comhshaoil iarchoinbhleachta i gcomhthéacs an Fhóraim Gorlainne um an nGeilleagar Ciorclach i réimse na Cosanta Eorpaí.

    3.Slándáil agus cosaint Eorpach inbhuanaithe agus aeráid-díonach a áirithiú

    Déanfaidh an t‑athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil athrú ó bhonn ar an gcaoi a ndéanfaidh gníomhaithe a bhfuil baint acu leis an tsíocháin, leis an tslándáil agus leis an gcosaint a gcuid pleanála, infheistithe agus oibrithe. Ba cheart don Aontas dlús a chur lena rannpháirtíocht chun cabhrú agus tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar mhéid, ar chastacht agus ar phráinn na ndúshlán lena mbaineann, atá ag dul i méid, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Chompáis Straitéisigh.

    3.1.Saineolas aeráide agus comhshaoil a fhorbairt agus feasacht a mhúscailt

    Tá géarghá le feasacht a mhúscailt a thuilleadh agus na scileanna speisialaithe is gá a fhorbairt chun cur chun feidhme beart oiriúnaithe don athrú aeráide agus beart maolaithe don athrú aeráide i réimse na slándála agus na cosanta a éascú. Tá feidhm aige sin maidir le gníomhaithe ábhartha uile an Aontais, lena n‑áirítear Toscaireachtaí an Aontais agus misin/oibríochtaí CBSC agus, ar an leibhéal náisiúnta, aireachtaí éagsúla i mBallstáit an Aontais.

    Chun soláthraithe oiliúna éagsúla a thabhairt le chéile agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais luchtanna oiliúna éagsúla ar bhealach córasach, bunófar Ardán um Oiliúint Aeráide, Slándála agus Cosanta an Aontais faoi chuimsiú an Choláiste Eorpaigh um Shlándáil agus um Chosaint. Beidh sé mar chuspóir aige an saineolas is gá a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear, mar shampla, saineolaithe ar an dlí comhshaoil agus ar an gcoireacht chomhshaoil, innealtóirí comhshaoil, agus anailísithe riosca slándála a bhaineann leis an aeráid. Cuirfidh sé sin ar chumas an Aontais díorma saineolaithe (deimhnithe) a fhorbairt de réir a chéile a d’fhéadfadh na Ballstáit a chur ar fáil do mhisin/oibríochtaí CBSC chomh maith lena gcuid oibre in aireachtaí náisiúnta. A luaithe a bhunófar é, d’fhéadfadh an t‑ardán tacú le comhordú le páirtithe idirnáisiúnta eile.

    Tugann cleachtaí bainistithe géarchéime ilsrathacha an Aontais deis eile chun feasacht a mhúscailt agus chun tástáil agus bailíochtú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le sásraí bainistithe géarchéime an Aontais freagairt d’ábhair imní a bhaineann leis an aeráid. Tá GEC agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin ag eagrú cleachtaí boird chun scrúdú a dhéanamh ar na spleáchais i ndáil le bonneagar criticiúil fuinnimh a bhaineann leis an gcosaint nuair a chuirtear i mbaol é nó nuair nach féidir é a fheidhmiú de bharr bagairtí hibrideacha, mar chuid dá staidéar comhpháirteach ar na saincheisteanna sin.

    3.2.Cumais mhíleata agus bonneagar míleata

    Mar gheall ar nádúr dianfhuinnimh fhórsaí armtha na mBallstát 48 , arb iad an túinéir poiblí is mó ar thalamh shaor agus ar bhonneagair shaora san Aontas iad freisin, cuirtear deiseanna ar fáil chun bheith níos éifeachtúla agus tairbhí aeráide agus bithéagsúlachta a ghiniúint ar scála. Le cur chuige comhleanúnach cliste i leith iarrachtaí an airm maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus le maolú ar an athrú aeráide, ní mór éifeachtacht oibríochtúil a chaomhnú agus, nuair is féidir, a fheabhsú. Ní hamháin go laghdaíonn éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe agus inbhuanaitheacht fheabhsaithe an lorg carbóin, laghdaíonn sé costais 49 , laghdaíonn sé an tualach lóistíochta agus cuireann sé féin-inbhuanaitheacht chun cinn sa chomhthéacs oibríochtúil – rud a chuireann le sábháilteacht agus saoirse gluaiseachta na bhfórsaí armtha. Ní mór a chur san áireamh freisin go noibríonn na fórsaí armtha trealamh speisialaithe a mbíonn saolré an-fhada aige de ghnáth, ach is féidir le blianta nó deacáidí fiú a bheith i gceist le forbairt chumais na chéad ghlúine eile.

    Ní mór do mheasúnú ar an iliomad tionchar agus rioscaí a thagann as an athrú aeráide bonn eolais a chur faoi phleanáil agus infheistíochtaí cosanta sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Mar shampla, chun a áirithiú gur féidir le trealamh oibriú faoi dhálaí dúshlánacha aeráide, chun oiliúint a chur ar na fórsaí armtha agus iad a threalmhú le haghaidh cúnamh míleata níos minice d’údaráis shibhialtacha mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, nó chun feabhas a chur ar athléimneacht an bhonneagair a úsáideann an tarm agus chun a áirithiú gur féidir cumais mhíleata a imscaradh ar bhealach iontaofa agus inbhuanaithe ar fud na talún, an aeir agus na farraige. Ós rud é go bhfuil méadú á dhéanamh ag na Ballstáit ar a mbuiséid chosanta 50 , ní mór na bearta sin a bheith ina gcuid lárnach d’fhórsaí armtha aeráid-díonacha a fhorbairt. Tá sé chomh tábhachtach céanna a áirithiú go mbeidh beartais chothrománacha eile, amhail tionscnaimh maidir le maoiniú inbhuanaithe, go mbeidh siad comhsheasmhach i gcónaí le hiarrachtaí an Aontais Eorpaigh chun rochtain leordhóthanach thionscal cosanta na hEorpa ar mhaoiniú agus ar infheistíocht a éascú.

    Tá a lán oibre ar siúl cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin aeráide agus fuinnimh sin i measc na bhfórsaí armtha, lena náirítear an méid sin trí shainfhormáidí éagsúla ag GEC, arna gcistiú go páirteach ag an gCoimisiún Eorpach (féach an bosca thíos). Thairis sin, tá aghaidh á tabhairt ag na Ballstáit faoi láthair ar go leor de na saincheisteanna sin trí straitéisí náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun na fórsaí armtha a ullmhú don athrú aeráide, mar a iarradh sa Chompás Straitéiseach. Maidir le Líonra Aeráide agus Cosanta an Aontais, ar líonra de shaineolaithe ó aireachtaí cosanta na mBallstát é, a bunaíodh mar obair leantach ar an gCompás Straitéiseach ar thionscnamh SEGS agus GEC, is léir gur formáid úsáideach é chun comhar, comhordú agus malartú dea-chleachtas a chothú i ndáil leis sin 51 .

    Leis an móiminteam a ghintear trí na straitéisí náisiúnta sin, tá sé ríthábhachtach feabhas substaintiúil a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit i gcreat an Aontais. Leis sin, laghdófar an baol go mbeadh ilroinnt ann agus áiritheofar idir-inoibritheacht i measc fhórsaí armtha an Aontais agus, an tráth céanna, cruthófar barainneachtaí scála. Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ach amháin trí chur chuige uile-rialtais dea-ailínithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Mar shampla, dá bhforbrófaí caighdeáin maidir le breoslaí inbhuanaithe, d’áiritheofaí idirmhalartacht na mbreoslaí sin idir Fórsaí Armtha na mBallstát.

    Sa chomhthéacs sin, féachfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí ar na féidearthachtaí chun tacú leis na Ballstáit, ina n‑aonar agus trí chomhar sibhialta-míleata brostaithe, i gcomhréir le cuspóirí an Chompáis Straitéisigh agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Chuige sin, bunófar Sásra Tacaíochta Aeráide agus Cosanta nua idir seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, SEGS agus GEC chun oibriú leis na Ballstáit chun bearnaí agus deiseanna comhoibríocha a shainaithint i réimsí amhail scileanna a fhorbairt, taighde agus staidéir a roinnt nó a dhéanamh, caighdeáin ghlasa a fhorbairt, sonraí a bhailiú, modheolaíochtaí nó coincheapa teicniúla a fhorbairt, dreasachtaí a fheabhsú agus tionscadail chomhoibríocha a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, mar chuid de chur chuige céimnithe, breithneoidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, i ndlúthchomhar le GEC, Lárionad Inniúlachta um an Athrú Aeráide, an tSlándáil agus an Chosaint faoi stiúir an Aontais a bhunú chun feabhas a chur ar an iarracht maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide i measc fhórsaí armtha na mBallstát, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta.

    Ionstraimí, beartais agus uirlisí ábhartha de chuid an Aontais a chuireann bonn láidir ar fáil d’obair bhreise:

    -Seoladh trí thionscadal in 2021 faoin gCiste Eorpach Cosanta le haghaidh réitigh atá dírithe ar chosaint atá tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thaighde agus d’fhorbairt teicneolaíochtaí agus táirgí cosanta maidir leis an aeráid, bainistiú fuinnimh agus éifeachtúlacht, tionscadail lenar ghabh buiséad: EUR 84 mhilliún.

    -Sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0 52 , rinneadh inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht fuinnimh a chomhtháthú mar phríomhchuspóirí maidir le bonneagar agus cumais iompair dé-úsáide a fhorbairt amach anseo, lena náirítear an slabhra soláthair breosla le haghaidh gluaiseacht mhórscála fórsaí míleata agus a dtrealaimh 53 .

    -Tá na Ballstáit ag tabhairt aghaidh ar éifeachtúlacht fuinnimh, ciorclaíocht agus athléimneacht fuinnimh in earnáil na cosanta trí ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gCoimisiún faoi scáth na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, lena náirítear an Fóram Comhairliúcháin maidir le Fuinneamh Inbhuanaithe san Earnáil Cosanta agus Slándála (CF SEDSS) 54 , an Fóraim Gorlainne um an nGeilleagar Ciorclach i réimse na Cosanta Eorpaí (IF CEED) 55 chomh maith leis an tionscnamh Symbiosis (fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta le haghaidh cosanta) 56 . Thairis sin, déanann Grúpa Teicneolaíochta GEC um Chumas Fuinnimh agus Comhshaoil (ene CapTech) bearnaí teicneolaíochta a shainaithint agus molann sé tionscadail chomhoibríocha 57 .

    -Le tionscadail chomhoibríocha faoi chuimsiú an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO), tugtar aghaidh ar dhúshláin a bhaineann le díghrádú aeráide agus comhshaoil, go háirithe an tionscadal ‘Feidhm Oibríochtúil Fuinnimh’ 58 agus Oiliúint ar phíolótú héileacaptar faoi theocht ard agus ar airde mhór.

    -Tá tionscadal seolta ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde chun rioscaí aeráide do chosaint an Aontais a shainaithint, a mheasúnú agus a chomhrac, agus é mar aidhm leis tacaíocht eolaíoch agus theicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit chun go mbeidh an chosaint níos athléimní ó thaobh na haeráide de.

    Príomhghníomhartha ar leibhéal an Aontais:

    ·Bunóidh an Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint Ardán um Oiliúint Aeráide, Slándála agus Cosanta de chuid an Aontais le tacaíocht ó SEGS, ó sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin, ó GEC agus ó SatCen, chun a áirithiú go bhfuil an saineolas is gá ag an Aontas, lena náirítear trí thacú lenár gcomhpháirtithe.

    ·Bunóidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, SEGS agus GEC Sásra Tacaíochta Aeráide agus Cosanta chun oibriú leis na Ballstáit chun bearnaí agus deiseanna comhoibríocha a shainaithint, d’fhonn gníomhaíocht nithiúil maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide a chur chun cinn i measc na bhfórsaí armtha. Cuirfear an chéad tuarascáil maidir lena thorthaí faoi bhráid na mBallstát sa dara leath de 2024.

    ·Mar chuid de chur chuige céimnithe, breithneoidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcomhairle le GEC, Lárionad Inniúlachta tiomnaithe maidir leis an Athrú Aeráide, an tSlándáil agus an Chosaint faoi stiúir an Aontais a bhunú chun tacú leis na Ballstáit.

    ·Leanfaidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, SEGS agus GEC de na dúshláin agus na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le soláthar poiblí glas do riachtanais chosanta a fhiosrú.

    ·Déanfaidh SEGS gnéithe a bhaineann leis an athrú aeráide a ionchorprú sa chleachtadh ‘Rún Comhtháite an Aontais 2024’.

    ·Déanfaidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus GEC staidéir bhreise chun cabhrú le rioscaí aeráide agus comhshaoil a bhainistiú go córasach agus go cuimsitheach i suiteálacha míleata an Aontais agus chun damáiste, caillteanas agus cur isteach de dheasca guaiseacha aeráide agus aimsire a íoslaghdú.

    ·Leanfaidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, SEGS agus GEC de bheith ag obair i gcomhar leis na Ballstáit ar aistriú fuinnimh an bhonneagair agus na gcumas iompair dé-úsáide, lena náirítear slabhraí soláthair breosla, mar obair leantach ar an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0.

    ·Leanfaidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus GEC d’anailís a dhéanamh ar thionchar na dtreoracha athbhreithnithe maidir le fuinneamh agus ar thionchar creata beartais athbhreithnithe ar bhonneagar míleata, agus déanfaidh siad iniúchadh freisin ar na smaointe tionscadail agus na staidéir tionscadail a forbraíodh i gcomhthéacs CF SEDSS, e.g. maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fheidhmíocht foirgneamh i réimse na cosanta.

    ·Rachaidh SEGS agus GEC i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le buanbhunú an Líonra Aeráide agus Cosanta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéisí náisiúnta agus chun tacú leis an gcur chun feidhme sin agus chun deiseanna comhoibríocha a fhiosrú.

    ·Leanfaidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, SEGS agus GEC, in éineacht leis na Ballstáit, de chineálacha cur chuige comhsheasmhacha a chur chun cinn sna tionscadail chomhoibríocha éagsúla atá ar siúl i réimse na haeráide agus na cosanta in PESCO agus sa Chiste Eorpach Cosanta, agus an leas is fearr á bhaint as an gcreat maidir leis an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint chun tionscadail nua a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.

    4.An comhar idirnáisiúnta

    Is dúshláin dhomhanda iad an t‑athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil a dteastaíonn clár oibre iltaobhach gníomhach comhdhlúite ina leith. Méadóidh an tAontas a thuilleadh a rannpháirtíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus le tríú tíortha, ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal oibríochtúil araon.

    4.1. Clár oibre uaillmhianach domhanda a leagan síos

    Leanfaidh an tAontas de chlár oibre uaillmhianach domhanda a leagan síos maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil. Is iomaí tionscnamh atá faoi stiúir an Aontais nó ar thacaigh an tAontas leo, go háirithe tionscnaimh maidir le huisce, aigéin, slándáil bia, aistriú fuinnimh agus slabhraí luacha amhábhar, a bhfuil comhpháirt láidir comhpháirtíochta acu, amhail Ardán Fuinnimh an Aontais 59 , atá an-ábhartha don nasc idir an aeráid agus an tslándáil. Thairis sin, spreagfaidh an tAontas tionscnaimh idirnáisiúnta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo chun aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an aeráid agus an tslándáil agus chun gníomhaíocht dhomhanda maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite a fheabhsú ar bhealach atá íogair ó thaobh coinbhleachta de 60 .

    Samplaí de thionscnaimh faoi stiúir an Aontais nó de thionscnaimh a fhaigheann tacaíocht ón Aontas:

    -Slándáil uisce agus triomach: I gcomhar leis na comhpháirtithe, cuirfidh an tAontas cur chun feidhme domhanda an bhainistithe chomhtháite acmhainní uisce chun cinn, chomh maith le béim níos mó ar an nasc idir uisce, fuinneamh, bia agus an téiceachóras, agus rialachas uisce níos láidre ar gach leibhéal 61 . Ina theannta sin, cuireann an tAontas bainistiú réamhghníomhach triomaigh chun cinn i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta, amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus an Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Athléimneacht Triomaigh.

    -Rialachas na naigéan: Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le daingniú uilíoch, teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach Chonradh na Náisiún Aontaithe maidir leis an Mórmhuir chun cosaint níos fearr a áirithiú don aigéan.

    -Aistriú fuinnimh: Leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, in éineacht le comhpháirtithe G7, de bheith rannpháirteach i samhail nua de chomhpháirtíochtaí fadtéarmacha ar a dtugtar Comhpháirtíochtaí um Aistriú Fuinnimh Cóir le tíortha atá i mbéal forbartha atá ag fás go tapa, lena gcuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil chun aistriú chuig foinsí fuinnimh glana agus rannchuidiú uaillmhianach arna chinneadh go náisiúnta a chumasú, agus béim lárnach á leagan ar aistriú atá cóir go sóisialta.

    -Amhábhair chriticiúla: Mar chuid den ghné sheachtrach de phacáiste an Aontais maidir le hAmhábhair Chriticiúla, neartóidh an tAontas a rannpháirtíocht dhomhanda chun infheistíocht, táirgeadh agus trádáil le comhpháirtithe iontaofa a fhorbairt agus a éagsúlú agus bainfidh sé leas as tionscnaimh taidhleoireachta nua, amhail an Club Amhábhar Criticiúil, lena dtabharfar le chéile tíortha tomhaltais agus tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a chur chun cinn. Tacóidh na comhpháirtíochtaí sin le tíortha atá ag teacht chun cinn agus tíortha atá i mbéal forbartha slabhraí luacha amhábhar inbhuanaithe a fhorbairt, luach áitiúil a chur leo agus a ngeilleagair a éagsúlú, agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta á nurramú an tráth céanna.

    Leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit, ina gcáil mar chomhaltaí boird de bhainc forbartha iltaobhacha (MDBanna) agus d’institiúidí idirnáisiúnta airgeadais (IFIanna), de thacaíocht a thabhairt do thograí uaillmhianacha agus nuálacha chun straitéisí agus sreafaí airgeadais MDB agus IFI a ailíniú a thuilleadh le spriocanna Chomhaontú Pháras, agus chun a n‑acmhainneacht a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, ar chailliúint na bithéagsúlachta, ar thruailliú agus ar leochaileacht, agus iad ag díriú go láidir ar an mbochtaineacht a laghdú. Cuireann tacaíocht den sórt sin ó MDBanna agus ó IFIanna le cobhsaíocht, le síocháin agus le slándáil freisin

    I gcomhthéacs téamh domhanda luathaithe, tá níos mó airde á tarraingt ar idirghabháil d’aon ghnó ar mórscála i gcórais nádúrtha an Domhain (dá ngairtear ‘geo-innealtóireacht’), amhail modhnú radaíochta na gréine. Mar sin féin, ní thuigtear go maith na rioscaí, na tionchair agus na hiarmhairtí neamhbheartaithe a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin, agus níor forbraíodh na rialacha, na nósanna imeachta agus na hinstitiúidí a bhfuil gá leo 62 . Leis na teicneolaíochtaí sin, tugtar isteach rioscaí nua do dhaoine agus d’éiceachórais, agus d’fhéadfaidís freisin míchothromaíochtaí cumhachta idir náisiúin a mhéadú, coinbhleachtaí a spreagadh agus an iliomad saincheisteanna eiticiúla, dlíthiúla, rialachais agus polaitiúla a ardú. Faoi threoir phrionsabal an réamhchúraim, tacóidh an tAontas le hiarrachtaí idirnáisiúnta measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar rioscaí agus éiginnteachtaí na nidirghabhálacha aeráide, lena náirítear modhnú radaíochta na gréine, agus cuirfidh sé plé chun cinn maidir le creat idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann dá rialachas, lena náirítear gnéithe a bhaineann le taighde.

    4.2.Aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an aeráid agus an tslándáil i gcomhar le comhpháirtithe

    Leanfaidh an tAontas dá iarrachtaí i bhfóraim ábhartha uile na Náisiún Aontaithe, lena n‑áirítear Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus an Coimisiún um Chothú na Síochána, agus leanfaidh sé dá chomhar le gníomhaireachtaí éagsúla na Náisiún Aontaithe maidir le rioscaí aeráide agus comhshaoil don tsíocháin agus don tslándáil trí idirphlé agus comhpháirtíochtaí seanbhunaithe. Tá cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe tábhachtach freisin sa chomhthéacs sin.

    Leis na tosaíochtaí don chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime do 2022-2024, léirítear agus príomhshruthaítear cheana féin an nasc idir an aeráid agus an tslándáil. Tacóidh an tAontas le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe faoin ‘gClár Oibre Nua don tSíocháin’ agus leanfaidh sé d’fheabhas a chur ar chomhar oibríochtúil éifeachtach ar an láthair, lena náirítear comhar trí thoscaireachtaí an Aontais agus idir oibríochtaí síochána na Náisiún Aontaithe agus misin agus oibríochtaí CBSC an Aontais. Is túsphointe maith é rannpháirtíocht an Aontais agus na Náisiún Aontaithe sa tSomáil 63 do rannpháirtíocht níos dlúithe, amhail i réimse na hoiliúna comhpháirtí do ghardaí cósta áitiúla. Mar gheall ar chomhairleoirí comhshaoil a bheith á nimscaradh de réir a chéile ag an Aontas do mhisin agus d’oibríochtaí uile CBSC, beifear in ann sineirgí a fhorbairt, amhail comhiarracht áitiúil fothaithe acmhainneachta, comhroinnt sonraí, agus bainistiú an loirg comhshaoil. Déanfaidh an tAontas a mhalartú le Sásra Slándála Aeráide na Náisiún Aontaithe a dhoimhniú freisin chun feabhas a chur ar chomhroinnt na gceachtanna a foghlaimíodh, ar chomhordú agus ar chomhar maidir le cur chuige beartais agus clársceidealaithe, agus ar oiliúint.

    Sampla de chomhpháirtíocht AE-UNEP maidir leis an athrú aeráide agus an tslándáil

    Sa chéad chéim den chomhpháirtíocht AE-UNEP maidir leis an athrú aeráide agus an tslándáil, forbraíodh uirlisí agus acmhainneachtaí chun feabhas a chur ar an anailís ar an nasc idir an tslándáil agus an aeráid agus ar an nasc idir an comhshaol agus an aeráid, agus chun feabhas a chur ar ghníomhaíocht choisctheach chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí coinbhleachta agus leochaileachta in dhá thír phíolótacha, is é sin Neipeal agus an tSúdáin. Ag bogadh ar aghaidh ón gcéim phíolótach go dtí uas‑scálú ar an leibhéal réigiúnach, beidh sé d’aidhm ag an gcomhpháirtíocht aghaidh a thabhairt ar rioscaí atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol i dtrí réigiún tosaíochta: Corn na hAfraice, an Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh, agus Iarthar na hAfraice agus an tSaiheil.

    Bainfidh an tAontas úsáid as na bealaí uile agus as an idirphlé atá ann cheana ar an leibhéal déthaobhach 64 agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail ECAT, an tAontas Afracach, Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, an Chomhairle Artach, Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh, Léig na Stát Arabach, ESCE, chomh maith le G7 agus G20, chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, ar an díghrádú comhshaoil agus ar an tslándáil.

    Sampla de chomhpháirtíocht idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach: An Clár Oibre um Nuálaíocht

    Chomhaontaigh an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach clár oibre uaillmhianach a fhorbairt chun comhar eolaíoch a chothú idir taighdeoirí d’fhonn eolas a fhorbairt le chéile, chomh maith le teicneolaíocht agus saineolas a chomhroinnt 65 . Áirítear leis sin, go háirithe, dul i gcomhar le chéile chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a chur chun cinn, agus tionchair an athraithe aeráide a bhaineann leis an tslándáil á gcur san áireamh.

    Sa Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT 66 ó mhí Eanáir 2023, leagadh béim ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar impleachtaí slándála an athraithe aeráide. Tá dul chun cinn substainteach déanta ag an dá eagraíocht maidir le tacú le fórsaí armtha a gcomhaltaí a chur in oiriúint d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil agus maidir leis an tionchar diúltach a laghdú trí bhearta maolaithe. Dá bhrí sin, tá gá le comhordú níos dlúithe agus le deis le haghaidh comhar nithiúil maidir le snáitheanna oibre roghnaithe, amhail anailís sonraí agus luathrabhadh, oiliúint agus múscailt feasachta, forbairt athléimneachta, agus forbairt cumais (lena náirítear an méid sin a dhéanamh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus an taistriú fuinnimh) chun deiseanna nithiúla le haghaidh comhair a sholáthar. Rachaidh an tArdionadaí agus an Coimisiún i gcomhairle le ECAT maidir leis an bhféidearthacht idirphlé struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT a chur ar bun maidir leis na saincheisteanna sin. Déanfar sineirgí le hidirphlé eile idir an tAontas agus ECAT maidir le réimsí gaolmhara a fhiosrú de réir mar is iomchuí, e.g. an tIdirphlé Struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT maidir le hAthléimneacht agus Tascfhórsa AE-ECAT maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil.

    Ina theannta sin, tionólfaidh an tAontas idirphlé réigiúnach maidir leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus leis an tslándáil lena n‑éascófar rannpháirtíocht níos leithne le comhpháirtithe, i réigiúin atá an-leochaileach maidir leis an athrú aeráide, agus i réigiúin a bhféadfadh sé go dtugtar níos lú airde orthu faoi láthair maidir le réimse na haeráide agus na slándála. Tacóidh an t‑idirphlé sin freisin le comhordú idir páirtithe éagsúla laistigh de réigiúin agus idir réigiúin.

    Chomh maith le hiarrachtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an aeráid agus an tslándáil trí dhlúth-chomhpháirtíochtaí ar an leibhéal iltaobhach, réigiúnach agus déthaobhach, cuirfear feabhas freisin ar an gcomhar leis an tsochaí shibhialta ina hiomláine, lena n‑áirítear gníomhaithe áitiúla, comhlachtaí taighde, agus meithleacha machnaimh.

    Príomhghníomhartha ar leibhéal an Aontais:

    ·Tacóidh an tArdionadaí agus an Coimisiún, i gcomhar le Ballstáit an Aontais agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta, le tograí uaillmhianacha agus nuálacha chun straitéisí agus sreabha airgeadais MDB agus IFI a ailíniú a thuilleadh le spriocanna Chomhaontú Pháras.

    ·Faoi threoir phrionsabal an réamhchúraim, tacóidh an Coimisiún agus an tArdionadaí le hiarrachtaí idirnáisiúnta measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar rioscaí agus éiginnteachtaí na nidirghabhálacha aeráide, lena náirítear modhnú radaíochta na gréine, agus cuirfidh sé plé chun cinn maidir le creat idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann dá rialachas, lena náirítear gnéithe a bhaineann le taighde.

    ·Féachfaidh SEGS le comhar níos dlúithe a bhaint amach idir saineolaithe an Aontais ar an láthair agus saineolaithe na Náisiún Aontaithe ar an láthair d’fhonn sineirgí níos fearr a chruthú idir a gcuid gníomhaíochtaí faoi seach agus d’fhonn iniúchadh breise a dhéanamh ar thionscnaimh chomhpháirteacha, e.g. i réimse na hoiliúna agus na forbartha cumais.

    ·Déanfaidh SEGS agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin breithnithe maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol a chomhtháthú a thuilleadh in idirphlé le comhpháirtithe déthaobhacha agus le heagraíochtaí réigiúnacha, agus le heagraíochtaí éagsúla na sochaí sibhialta i gcás inarb ábhartha.

    ·Rachaidh an tArdionadaí agus an Coimisiún i gcomhairle le ECAT chun idirphlé struchtúrtha a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar na naisc iomadúla a bhaineann leis an athrú aeráide, le díghrádú comhshaoil, le slándáil agus le cosaint, d’fhonn sineirgí idir an dá eagraíocht a fhiosrú agus comhar féideartha a shainaithint i réimsí leasa fhrithpháirtigh. Ba cheart é sin a dhéanamh faoi chuimsiú doiciméad cuimsitheach cur chun feidhme atá beartaithe maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT.

    ·Féachfaidh SEGS agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin an bhféadfaí malartuithe a dhéanamh le hIonad Barr Feabhais ECAT um Athrú Aeráide agus um Shlándáil maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus leis na dea-chleachtais.

    ·Tionólfaidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus SEGS idirphlé maidir leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus leis an tslándáil i réigiúin tosaíochta ar údar imní iad chun tacú le spásanna chun dúshláin shonracha a phlé agus chun comhar a chothú.

    5.An bealach chun tosaigh

    Iarrann an Coimisiún agus an tArdionadaí ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle fáilte a chur roimh an Teachtaireacht Chomhpháirteach agus tacú leis an ionchas nua maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil. Tuairisceoidh an Coimisiún agus an tArdionadaí ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na Teachtaireachta Comhpháirtí do na Ballstáit.

    Iarscríbhinn 1

    (1)

       Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Shásra Slándála Aeráide na Náisiún Aontaithe, Bealtaine 2021. Féach freisin Iarscríbhinn 1.

    (2)

       AN tATHRÚ AERÁIDE AGUS AN tSLÁNDÁIL IDIRNÁISIÚNTA - Páipéar ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún Eorpach chuig an gComhairle Eorpach (S113/08, 14 Márta 2008).

    (3)

       Go háirithe tríd an Treochlár um Athrú Aeráide agus Cosaint (Doic. 12741/20, an 9 Samhain 2020) agus tríd an gCoincheap le haghaidh Cur Chuige Comhtháite maidir leis an Athrú Aeráide agus leis an tSlándáil (Doic. 12537/21, an 5 Deireadh Fómhair 2021). Leagtar amach sa tuarascáil chomhpháirteach ar dhul chun cinn an dul chun cinn a rinneadh maidir lena gcur chun feidhme (Doic. WK 15770/2022 INIT, an 16 Samhain 2022).

    (4)

       Féach: SIPRI, Environment of Risk: Security in a New Era of Risk (2022) [Timpeallacht Riosca: An tSlándáil i Ré Nua Riosca (2022)] agus Groundswell Report from the World Bank (2021) [Tuarascáil Groundswell ón mBanc Domhanda (2021)].

    (5)

       Féach: Eurojust: Tuarascáil ar Chásobair Eurojust ar an gCoireacht Chomhshaoil (2021).

    (6)

       Measann an Institiúid um Eacnamaíocht agus Síocháin go bhféadfaí 1.2 billiún duine a easáitiú ar fud an domhain faoi 2050 mar gheall ar an athrú aeráide agus tubaistí nádúrtha.

    (7)

         Lena náirítear an méid sin a dhéanamh trí bhás agus tinneas de bharr eachtraí adhaimsire, galair veicteoir-iompartha, bia-iompartha agus uisce-iompartha agus galair zónóiseacha a fheictear níos minice, agus teacht chun cinn víreas mar gheall ar choscairt talún síorshioctha.

    (8)

         Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le rannpháirtíocht Aontais níos láidre ar mhaithe le hArtach síochánta, inbhuanaithe agus rathúil (JOIN(2021) 27 final, 13.10.2021).

    (9)

         IPCC, 2019: Tuarascáil Speisialta ó IPCC ar an Aigéan agus an Crióisféar in Aeráid atá ag Athrú ó: leanfaidh leibhéal na mara de bheith ag ardú go tuairim agus 0.3 méadar faoi 2050 agus 2 mhéadar faoi 2100 sa chás ina bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa an-ard – rud lena mbainfeadh baol go mbeadh easáitiú éigeantach daoine ann – suas le 340 milliún duine faoi 2050 agus 630 milliún duine faoi 2100.

    (10)

       An Séú Tuarascáil Measúnaithe ó IPCC, Lúnasa 2021.

    (11)

       Doic. 7248/23, an 9 Márta 2023.

    (12)

       Doic. COM(2019) 640, an 11 Nollaig 2019.

    (13)

        https://www.eeas.europa.eu/sites/default/files/documents/strategic_compass_en3_web.pdf .

    (14)

        https://science4peace.jrc.ec.europa.eu/ .

    (15)

          https://drmkc.jrc.ec.europa.eu/initiatives-services/global-conflict-risk-index#documents/1059/list .

    (16)

        https://edo.jrc.ec.europa.eu/edov2/php/index.php?id=1000 .

    (17)

        https://www.efas.eu/en .

    (18)

          https://land.copernicus.eu/ .

    (19)

         Ina theannta sin, tugann Seirbhísí Slándála Copernicus aghaidh ar an tslándáil aeráide le táirgí geospásúla nua agus cuireann Seirbhís Copernicus um an Athrú Aeráide faisnéis agus uirlisí ar fáil chun maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a chumasú.

    (20)

        https://drmkc.jrc.ec.europa.eu/inform-index/INFORM-Climate-Change/Methodology .

    (21)

        https://emodnet.ec.europa.eu/en .

    (22)

        https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/destination-earth .

    (23)

         Sampla maith den chomhar sin is ea an tidirphlé sonraí atá beartaithe ar bhonn bliantúil i suíomhanna réigiúnacha, faoi chuimsiú na comhpháirtíochta aeráide, comhshaoil agus slándála idir an tAontas agus UNEP.

    (24)

       [Cuir isteach tagairt do shonraí fuinnimh cosanta GEC].

    (25)

       Tavares da Costa, R., Krausmann, E., Hadjisavvas, C., Tionchair an athraithe aeráide ar bhonneagar fuinnimh criticiúil a bhaineann le cosaint, 2023, doi:10.2760/03454.

    (26)

          Misin an Aontais sa chlár Fís Eorpach)

    (27)

       Seo a leanas samplaí de thionscadail arna gcistiú ag an Aontas atá an-ábhartha maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil: HABITABLE  (Linking Climate Change, Habitability and Social Tipping Points: Scenarios for Climate Migration) [(An tAthrú Aeráide, Inchónaitheacht agus Pointí Iompaithe Sóisialta a Nascadh le Chéile: Cásanna maidir le hImirce Aeráide)]; CASCADES  (CAScading Climate risks: towards ADaptive and resilient European Societies) [(Rioscaí cascáideacha don aeráid: i dtreo Sochaithe Eorpacha oiriúnaitheacha athléimneacha)]; RECEIPT  (REmote Climate Effects and their Impact on European sustainability, Policy and Trade) [(Éifeachtaí Cianda ar an Aeráid agus a dTionchar ar inbhuanaitheacht Eorpach, Beartas agus Trádáil)]; CoCliCo (Coastal Climate Core Service) [(An Chroísheirbhís Aeráide Cósta)]; CLIMAAX  (CLIMAte risk and vulnerability Assessment framework and toolboX) [(An creat measúnaithe agus an bosca uirlisí maidir le riosca aeráide agus leochaileacht aeráide)]; ESPREssO  (Enhancing Synergies for disaster PRevention in the EurOpean Union) [(Feabhas a chur ar Shineirgí chun tubaistí a chosc san Aontas Eorpach)]; CaseXtreme  (ChAnges in the Statistics of EXTremes Events in climate) [(Athruithe ar an Staidreamh maidir le hEachtraí Aeráide Foircneacha)]; MIRACA  (Multi-hazard Infrastructure Risk Assessment for Climate Adaptation) [(Measúnú Riosca Bonneagair Ilghuaise le haghaidh Oiriúnú Aeráide)]; ARCOS  (Artic Observatory for Copernicus SEA Security Service) [(an Fhaireachlann Artach do Sheirbhís Slándála Copernicus SEA)]; CENTAUR  (Copernicus Enhanced Tools for Anticipative Response to Climate Change in the Emergency and Security Domain) [(Uirlisí Feabhsaithe Copernicus le haghaidh Freagairt Réamh-mheastach ar an Athrú Aeráide i Réimse na hÉigeandála agus na Slándála)]; EGSIEM  (European Gravity Service for Improved Emergency Management) [(An tSeirbhís Eorpach Domhantarraingthe le haghaidh Bainistiú Éigeandála Feabhsaithe)]; GPP  (GEOSS Platform Plus) [(Ardán GOSS Plus)]; PLACARD  (PLAtform for Climate Adaptation and Risk reduction) [(Ardán le haghaidh Oiriúnú Aeráide agus Laghdú Rioscaí)]; AD4GD  (All Data 4 Green Deal) [Na Sonraí Uile le haghaidh an Chomhaontaithe Ghlais] BIOSEC  (Biodiversity and Security: understanding environmental crime, illegal wildlife trade and threat finance) [An Bhithéagsúlacht agus an tSlándáil: tuiscint a fháil ar an gcoireacht chomhshaoil, ar thrádáil neamhdhleathach i bhfiadhúlra agus ar mhaoiniú bagairtí) agus ConFooBio  (Resolving conflicts between food security and biodiversity conservation under uncertainty) [(Coimhlintí idir slándáil an tsoláthair bia agus caomhnú na bithéagsúlachta a réiteach faoi chúinsí éiginnteachta)].. 

    (28)

          https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/cluster-6-food-bioeconomy-natural-resources-agriculture-and-environment_en

    (29)

       Tá Foireann na hEorpa comhdhéanta den Aontas Eorpach, a Bhallstáit, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF).

    (30)

         Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda.

    (31)

       Féach Coincheap Cobhsaíochta an Aontais, Doic. WK 13776/2022 INIT, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

    (32)

       Mar a aithnítear sa Choincheap agus sna Conclúidí ón gComhairle ina dhiaidh sin maidir le hIdirghabháil Síochána an Aontais (an 7 Nollaig 2020), agus i dTreoirlínte SEGS maidir le hIdirghabháil Síochána.

    (33)

         Sheol an tAontas Tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le Bainistiú Trasteorann Uisce san Afraic ag Comhdháil Uisce na Náisiún Aontaithe i mí an Mhárta 2023

    (34)

       Tá cabhair dhaonnúil an Aontais agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) ar thús cadhnaíochta maidir le freagairt an Aontais ar eachtraí adhaimsire agus na hiarmhairtí daonnúla a bhaineann leo. Tá cuid de bhuiséad daonnúil an Aontais (EUR 1.7 billiún do 2023) tiomnaithe chun freagairt do na riachtanais dhaonnúla a eascraíonn as tubaistí de dheasca na haeráide, ar tubaistí iad a bhfuil a minicíocht, a bhfad agus a scála ag dul i méid mar thoradh ar an athrú aeráide.

    (35)

       Tá cuid de bhuiséad daonnúil an Aontais (EUR 1.7 billiún do 2023) tiomnaithe chun freagairt do na riachtanais dhaonnúla a eascraíonn as tubaistí de dheasca na haeráide, ar tubaistí iad a bhfuil a minicíocht, a bhfad agus a scála ag dul i méid mar thoradh ar an athrú aeráide. Cruthaíodh an Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil in 2022 chun tacú le freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna, lena náirítear tubaistí de dheasca na haeráide.

    (36)

       Mar a leagtar amach i gCoincheap an Aontais maidir le Comhordú Éifeachtach Sibhialta-Míleata chun tacú le Cúnamh Daonnúil agus Fóirithint Tubaistí .

    (37)

       ST 9588 2023 INIT, an 22 Bealtaine 2023.

    (38)

       Féach freisin an nasc chuig Ardán Oiliúna Aeráide agus Slándála an Aontais a leagtar amach mar ghníomhaíocht nua i gCaibidil 3 den Teachtaireacht Chomhpháirteach seo.

    (39)

       Cumhdaítear le sainorduithe CBSC cosc coinbhleachtaí agus an tsíochánaíocht, bainistiú géarchéime, oibríochtaí comhpháirteacha dí-armála, agus cúraimí comhairle míleata agus cúnaimh mhíleata, chomh maith le cúraimí daonnúla agus tarrthála agus cúraimí cobhsaithe iarchoinbhleachta.

    (40)

       Féach Caibidil 1 den Teachtaireacht Chomhpháirteach seo.

    (41)

       Mar shampla, tá Misean Cúnaimh na Náisiún Aontaithe sa tSomáil (UNSOM) ag féachaint faoi láthair ar acmhainní uisce a chosaint trí choimeádaithe síochána chun rochtain ar sholáthairtí uisce éigeandála agus inbhuanaithe a áirithiú agus chun nach mbeidh smacht ag an eagraíocht sceimhlitheoireachta Al-Shabaab orthu.

    (42)

       Áirítear le rialacha cur chun feidhme na Saoráide Eorpaí Síochána feidhmíocht aeráide agus chomhshaoil mar chritéar le haghaidh nósanna imeachta soláthair faoina bearta cúnaimh.

    (43)

         Féach freisin Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin lena dtugtar aghaidh ar easáitiú agus ar imirce a bhaineann le tubaistí, leis an athrú aeráide agus le díghrádú comhshaoil.

    (44)

       Féach an Mionchoincheap maidir le tacaíocht shibhialtach CBSC a d’fhéadfadh a bheith ann chun an choireacht chomhshaoil a chomhrac agus chun lorg comhshaoil fhórsaí slándála inmheánaí an Stáit óstaigh a laghdú, SEGS(2022) 2086, Nollaig 2022.

    (45)

       Doic. JOIN/2023/8, an 10 Márta 2023.

    (46)

        https://eda.europa.eu/what-we-do/eu-policies/symbiosis .

    (47)

      https://eda.europa.eu/docs/default-source/eda-factsheets/2019-06-07-factsheet-energy-defence (sonraí nua le foilsiú sna laethanta amach romhainn).

    (48)

    Léiríonn sonraí GEC atá ar na bacáin gnóthachain éifeachtúlachta de thart ar 33 % thar an tréimhse 2016-2020.

    (49)

    Féach freisin an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le hAnailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh, JOIN(2022)24 final, 18.5.2022.

    (50)

    Leis an Líonra, a bhfuil SEGS agus GEC ina gcomhchathaoirligh air, rinneadh teimpléad táscach a fhorbairt agus a chomhaontú a bheidh le húsáid ag na Ballstáit chun straitéisí náisiúnta a fhorbairt chun na fórsaí armtha a ullmhú don athrú aeráide.

    (51)

       Doic. JOIN(2022) 48 final, an 10 Samhain 2022.

    (52)

       Tá sé sin i gcomhréir le beartas TEN-T, arb é is aidhm dó lorg carbóin na hearnála iompair agus éifeachtaí an athraithe aeráide a laghdú, agus leagtar amach sa Rialachán nua maidir le bonneagar breoslaí malartacha a imscaradh spriocanna éigeantacha maidir le bonneagar athluchtaithe leictrigh agus bonneagar athbhreoslaithe hidrigine a imscaradh.

    (53)

       Tavares da Costa, R., Krausmann, E., Hadjisavvas, C., Tionchair an athraithe aeráide ar bhonneagar fuinnimh criticiúil a bhaineann le cosaint, 2023, doi:10.2760/03454.

    (54)

       Tionscnamh arna chistiú ag an gCoimisiún arna reáchtáil ag GEC, lena saothraítear smaointe tionscadail bunaithe ar phrionsabail chiorclaíochta sna réimsí seo a leanas: amhábhair chriticiúla, monarú breiseán, ábhair le haghaidh teicstílí, éicidhearthóireacht, soláthar glas, bunachar sonraí SCIP faoin Treoir Réime Dramhaíola, sonraí, glacadh EMAS i raonta míleata, agus bainistiú páirteanna spártha. Tugann ciorcal tionscadail tiomnaithe aghaidh ar amhábhair chriticiúla ábhartha le haghaidh chosaint an Aontais, amhail tíotáiniam, tungstan, antamóin, lena náirítear an méid sin a dhéanamh chun a gciorclaíocht a chothú i gcodanna éagsúla den slabhra soláthair.

    (55)

        https://eda.europa.eu/what-we-do/eu-policies/symbiosis .

    (56)

       Áirítear leis sin tionscadal nua E+ZERO arb é is aidhm dó campa modúlach atá in-imscartha go tapa a mholadh agus a léiriú ina mbeidh cothromaíocht fuinnimh dhearfach, ardteicneolaíochtaí bainistithe uisce agus íonaithe uisce agus gan astaíochtaí gás ceaptha teasa.

    (57)

        https://www.pesco.europa.eu/project/energy-operational-function/ .

    (58)

       D’oscail an tAontas Eorpach a Ardán Fuinnimh AE do na comharsana sin is mó atá thíos le cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar a nábhair imní maidir le slándáil fuinnimh.

    (59)

       Is é is aidhm do rannpháirtíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh sheachtraigh i ndomhan atá ag athrú (JOIN(2022) 23), a foilsíodh in éineacht le Plean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022, éileamh foriomlán fuinnimh an domhain a laghdú, borradh a chur faoi fhorbairt idirnáisiúnta foinsí in-athnuaite agus iomaíocht chóir le haghaidh acmhainní a áirithiú ar bhonn níos domhanda.

    (60)

    Féach conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Márta 2023: ‘Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach í Comhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe agus a Clár Oibre Gníomhaíochta Uisce. Aithnítear léi an gá atá le gníomhaíocht fheabhsaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda maidir le huisce agus cuirtear i dtreis léi a thábhachtaí atá cur chuige straitéiseach de chuid an Aontais i leith na slándála uisce.’

    (61)

         Tá an tAontas tiomanta i gcónaí don seasamh idirnáisiúnta a comhaontaíodh roimhe seo faoi Chinneadh X/30 ón gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch

    (62)

       Tá misean oiliúna míleata (EUTM Somalia) agus misean sibhialtach fothaithe acmhainneachta muirí (EUCAP Somalia) á reáchtáil ag an Aontas, agus tá misean cúnta (UNSOM) á reáchtáil ag na Náisiúin Aontaithe.

    (63)

       Eagraíonn an tAontas idirphlé maidir leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus gníomhaíochtaí comhair réigiúnacha agus déthaobhacha, lena náirítear idirphlé ardleibhéil maidir leis an athrú aeráide agus an comhshaol le Ceanada, leis an India, leis an tSeapáin, leis an gCóiré Theas, leis na Stáit Aontaithe agus le tíortha eile, agus lorgaíonn sé comhghuaillíochtaí glasa le comhpháirtithe a léiríonn go bhfuil siad tiomanta don uaillmhian is airde. Ina theannta sin, eagraíonn an tAontas idirphlé polaitiúil agus slándála le comhpháirtithe déthaobhacha agus leanfaidh sé de bhreithnithe a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol a chomhtháthú sa phlé sin, agus é ag tógáil ar thaithí mhaith didirphlé den chineál sin leis na Stáit Aontaithe, le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus le Ruanda.

    (64)

          https://www.consilium.europa.eu/media/54412/final_declaration-en.pdf .

    (65)

        https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2023/01/10/eu-nato-joint-declaration-10-january-2023/ .

    Top