Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IP0077

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2023 chuig an gComhairle agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina ndéantar breithniú ar fheidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú (2021/2065(INI))

IO C, C/2023/410, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/410/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/410/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/410

23.11.2023

P9_TA(2023)0077

Feidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2023 chuig an gComhairle agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina ndéantar breithniú ar fheidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú (2021/2065(INI))

(C/2023/410)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ina sonraítear nach mór d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála cúnamh a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún chun comhsheasmhacht idir na réimsí éagsúla de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú,

ag féachaint d’Airteagal 21(1) CAE, ina sonraítear gur gá gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta a bheith faoi threoir na bprionsabal a spreag a chruthú, a fhorbairt agus a mhéadú féin, agus ar prionsabail iad a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór,

ag féachaint d’Airteagal 26(2) CAE, lena bhforáiltear nach mór don Chomhairle agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála aontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht ghníomhaíocht an Aontais a áirithiú,

ag féachaint d’Airteagal 35 CAE, ina sonraítear nach mór do mhisin taidhleoireachta agus chonsalachta na mBallstát agus toscaireachtaí an Aontais rannchuidiú leis an gceart a chur chun feidhme atá ag saoránaigh an Aontais chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíortha,

ag féachaint d’Airteagal 36 CAE, ina sonraítear nach mór d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dul i gcomhairle go tráthrialta leis an bParlaimint maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus an chomhbheartais slándála agus cosanta, í a chur ar an eolas faoi éabhlóid na mbeartas sin agus a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar thuairimí na Parlaiminte,

ag féachaint d’Airteagal 42 CAE, lena dtugtar cumhachtaí d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála tograí a dhéanamh i réimse an chomhbheartais slándála agus cosanta, lena n-áirítear misin a thosú, trí úsáid a bhaint as acmhainní náisiúnta agus acmhainní an Aontais araon,

ag féachaint d’Airteagal 167(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina luaitear nach mór don Aontas comhar idir na Ballstáit a spreagadh agus, más gá, tacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh chun feasacht ar chultúr agus stair na bpobal Eorpach a ardú agus a scaipeadh, an oidhreacht chultúrtha a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint léi a chaomhnú agus a choimirciú agus malartuithe cultúrtha neamhthráchtála agus cruthú ealaíonta agus liteartha a chothú, lena n-áirítear in earnáil an chlosamhairc,

ag féachaint d’Airteagal 167(3) CFAE, ina sonraítear gur gá don Aontas agus do na Ballstáit comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil a chothú i réimse an chultúir, go háirithe le Comhairle na hEorpa;

ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrú agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (1)(‘Cinneadh SEGS’), agus go háirithe Airteagal 9 agus Airteagal 13(3) de, inar leagadh síos go mbeadh ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála athbhreithniú a dhéanamh, faoi lár 2013, ar eagrú agus oibriú SEGS, lena gcumhdaítear inter alia, cur chun feidhme Airteagail 6(6) agus 6(8) de Chinneadh SEGS maidir cothromaíocht gheografach, lena ngabhann, más ábhartha, togra reachtach lena leasaítear an Cinneadh,

ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil an 14 Samhain 2022,

ag féachaint do Dhearbhú maidir le Cuntasacht Pholaitiúil an 20 Iúil 2010 ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (2) (VP/HR),

ag féachaint do mholadh uaithi chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún an 13 Meitheamh 2013 maidir le hathbhreithniú 2013 ar eagrúchán agus oibriú SEGS (3),

ag féachaint don aitheasc tosaigh a thug Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin ag Comhdháil Bhliantúil 2022 d’Ambasadóirí AE,

ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua AE don mhéadú (4),

ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2023 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála — tuarascáil bhliantúil 2022 (5) agus dá rún an 18 Eanáir 2023 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta — tuarascáil bhliantúil 2022 (6),

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil 2019-2024 an 5 Iúil 2019,

ag féachaint do Chompás Straitéiseach an Aontais Eorpaigh don tSlándáil agus don Chosaint a glacadh an 21 Márta 2022,

ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0045/2023),

A.

de bhrí go soiléirítear leis na Conarthaí gurb é ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) cúnamh a thabhairt d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/Leas-Uachtarán an Choimisiúin agus oibriú i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát (7); de bhrí nach mór don Choimisiún dul i gcomhairle le SEGS maidir le hábhair a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach AE i bhfeidhmiú a fheidhmeanna;

B.

de bhrí, chun cuspóir straitéiseach a bhaint amach maidir lena ról ceannaireachta domhanda a fhorbairt, nach mór don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh comhpháirtíochtaí iltaobhacha chun tosaíochtaí domhanda a neartú, go háirithe a chomhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe, agus a chomhar cuimsitheach oscailte le ECAT, tíortha atá ar aon intinn leis agus eagraíochtaí idirnáisiúnta trí chomhar feabhsaithe, níos cuimsithí, comhleanúnaí agus oscailte arís le ECAT, agus ó thaobh an tsaoirse, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain;

C.

de bhrí gur tráth iomchuí é cinnteoireacht an Aontais a athchóiriú, agus lánúsáid níos éifeachtaí á baint, dá bhrí sin, as ionstraimí cumhachta crua agus boga an Aontais, lena n-áirítear trí vótáil trí thromlach cáilithe (VTC) a thabhairt isteach, gan a thuilleadh moille, do chinnteoireacht i réimsí áirithe bheartas eachtrach AE amhail smachtbhannaí, cearta an duine agus cosaint an dlí idirnáisiúnta, cé is moite de chinntí lena gcruthaítear misin mhíleata nó oibríochtaí a bhfuil sainordú feidhmiúcháin acu faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), agus á áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí seachtracha agus inmheánacha an Aontais idirnasctha go comhleanúnach le chéile;

D.

de bhrí gur gá do AE leanúint de dhul chun cinn i dtreo a thaidhleoireacht Eorpach féin agus uathrialaitheach i ngach réimse, lena n-áirítear taidhleoireacht phoiblí agus chultúrtha, eacnamaíoch, aeráide, dhigiteach agus cibearthaidhleoireacht, i measc nithe eile, faoi stiúir seirbhís taidhleoireachta AE a bhfuil cultúr taidhleoireachta comhchoiteann bunaithe ar pheirspictíocht AE mar bhonn taca léi;

E.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta agus taidhleoireacht chultúrtha AE a neartú mar dhroichid chun comhthuiscint agus caidreamh frithpháirteach a chur chun cinn ar fud an domhain, ós rud é gur uirlis taidhleoireachta úsáideach iad sin do AE agus gur cuid bhunúsach dá chumhacht bhog iad;

F.

de bhrí go léiríonn géarchéimeanna domhanda geopholaitiúla agus daonnúla gur gá do AE faisnéis inchreidte agus faisnéis ó bhunfhoinse a fháil maidir leis na bagairtí seachtracha atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann don Aontas, chun go mbeidh sé in ann freagairt go tapa agus go héifeachtach, agus chun cosaint níos fearr a thabhairt dá leasanna thar lear;

G.

de bhrí gur gá gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus SEGS a neartú trí bhíthin ionstraimí agus acmhainní dílse, uathrialacha agus buana AE do ghnóthaí eachtracha, do chosaint agus do chur chun cinn chearta an duine, agus don tslándáil agus don chosaint chun go mbeidh an tAontas ina ghníomhaí domhanda atá iomlán agus inchreidte, agus chun go mbeidh sé in ann a chuspóirí a shaothrú agus a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus a luachanna a chosaint ar fud an domhain;

H.

de bhrí go bhfuil ról SEGS i gcroílár chur chun feidhme bheartais eachtracha, slándála agus cosanta AE agus nach mór dó an bealach a léiriú i dtreo cur chuige níos cuimsithí lena n-áirítear Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin amhail Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA), an Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú (AS NEAR) i measc Ard-Stiúrthóireachtaí eile; de bhrí gur shainaithin VP/HR ina óráid ag Comhdháil Bhliantúil Ambasadóirí AE 2022 easnaimh i seirbhís taidhleoireachta AE agus i mbeartais sheachtracha AE ina n-iomláine agus gur éiligh sé go dtabharfaí aghaidh orthu go héifeachtach chun a n-acmhainneacht, a n-éifeachtúlacht agus a n-éifeachtacht beartais a neartú; de bhrí go bhfuil bearna idir cumais agus ionchais roimh SEGS agus nach bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta aici; de bhrí gur cheart SEGS a athchóiriú chun ról AE mar ghníomhaí níos réamhghníomhaí agus níos athléimní a neartú laistigh den ord idirnáisiúnta;

I.

de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chinneadh SEGS, nach mór don Ardionadaí comhordú polaitiúil foriomlán agus aontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú, agus nach mór do SEGS rannchuidiú leis an timthriall clársceidealaithe agus bainistithe d’ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE, lena n-áirítear maidir le leithdháiltí tíortha agus cláir tháscacha náisiúnta agus réigiúnacha;

J.

de bhrí gurb ionann fogha míleata gan ábhar, gan údar agus neamhdhleathach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine a thosaigh an 24 Feabhra 2022, agus sárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta, ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar na prionsabail a chumhdaítear in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975 agus Meabhrán Bhúdaipeist 1994 agus go mbaineann sé an bonn go mór ó shlándáil agus ó chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain; de bhrí go bhfuil timpeallacht na slándála san Eoraip athraithe ó bhonn mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear tríd an éagobhsaíocht i gComharsanacht AE a mhéadú; de bhrí go gcuireann an réaltacht nua sin béim ar an ngá práinneach atá le tosaíocht a thabhairt d’éifeachtacht bheartas eachtrach agus slándála AE trína chumas gníomhú a mhéadú chun ár luachanna agus ár leasanna a chosaint agus chun na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 21 CAE a chur chun cinn; de bhrí gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe roinnt rún lena gcáintear ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach saoirse ó phionós a chomhrac i measc na n-ardoifigeach sa Rúis agus i measc gníomhaithe eile a chuir le cogadh foghach san Úcráin;

K.

de bhrí, leis na hathruithe sa chomhthéacs geopholaitiúil le blianta beaga anuas, lena n-áirítear paindéim COVID-19 agus ionsaí na Rúise san Úcráin, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar na héilimh ar AE chun tíortha comhpháirtíochta a shlógadh agus comhghuaillíochtaí réigiúnacha agus domhanda a thógáil maidir le tosaíochtaí straitéiseacha AE agus, ag an am céanna, gur leag siad béim ar an drochthuiscint ar pheirspictíocht AE i dtíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain, chomh maith le teorainneacha thionchar polaitiúil AE;

L.

de bhrí go bhfuil feachtais bhréagaisnéise dírithe níos mó agus níos mó ar AE, ar a chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus ar CBSC, rud a éilíonn beartas cumarsáide straitéiseach níos láidre ó SEGS;

M.

de bhrí nach mór dúthracht agus diongbháilteacht na Parlaiminte chun an tAontas a chosaint agus a choimirciú, mar aon leis na luachanna agus na prionsabail dá seasann sé, lena n-áirítear prionsabail na sláine críche, na ceannasachta náisiúnta agus an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, a mheaitseáil le cinnteoireacht leordhóthanach agus struchtúir institiúideacha do ghníomhaíochtaí seachtracha agus plé agus comhar idirinstitiúideach agus le toil pholaitiúil;

N.

de bhrí gur cheart bainistiú ghníomhaíocht sheachtrach AE a athchóiriú chun cultúr coiteann taidhleoireachta AE a bhaint amach, chun an easpa soiléireachta a shárú agus chun muinín na mBallstát a mhéadú trí úsáid a bhaint as an spás pragmatach a cruthaíodh leis na géarchéimeanna a bhí ann le déanaí; de bhrí go bhfuil Airteagal 24(3) CAE ríthábhachtach d’éifeachtacht bheartas seachtrach AE toisc go gcuireann sé oibleagáid ar na Ballstáit tacú go gníomhach agus gan agús le beartas seachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí agus tacú le gníomhaíocht an Aontais sa réimse sin; de bhrí gur cheart go gcuirfeadh na hathchóirithe sin ar chumas AE dul in oiriúint don chomhthéacs geopholaitiúil reatha, deighilt an tsaothair idir Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin agus na coimisinéirí eile atá freagrach as caidreamh seachtrach a shoiléiriú, iomaíochtaí idirsheirbhíse leanúnacha laistigh den Choimisiún a laghdú, agus teorainneacha agus inniúlachtaí SEGS, an Choimisiúin, na Comhairle agus struchtúir na mBallstát a shainiú ar bhealach lena léirítear go leormhaith an ról sonrach a thugtar don Ardionadaí i ngníomhaíocht sheachtrach AE agus lena seachnaítear dúbailt i ngníomhaíocht sheachtrach AE; de bhrí go bhféadfaí feabhas a chur ar an gcaidreamh comhoibríoch idir VP/HR agus a seirbhís le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus lena n-oifig, rud a d’fhéadfadh cur le muinín na mBallstát sa ról atá ag VP/HR, ag SEGS agus ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí;

O.

de bhrí go bhfuil an tuiscint ar an gcaoi a ndéanann reiligiúin agus cineálacha eile creidimh sochaithe a mhúnlú agus a thionchar ríthábhachtach chun saoirse reiligiúnach a chur san áireamh go héifeachtach i mbeartais sheachtracha AE; de bhrí gur uirlis thábhachtach do SEGS ina leith sin iad Treoirlínte AE maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint; de bhrí go bhféadfaí feabhas a chur ar an eolas atá ag toscaireachtaí AE ar na Treoirlínte agus ar an úsáid a bhaineann siad astu, go háirithe chun imthosca tír-shonracha a chur san áireamh; de bhrí go bhfuil sé thar am meastóireacht fhoirmiúil a dhéanamh ar na Treoirlínte a rinne Meitheal na Comhairle um Chearta an Duine (COHOM);

P.

de bhrí gur cheart ról agus acmhainneacht SEGS maidir le treoshuíomh straitéiseach a shainiú agus rannchuidiú le cur chun feidhme ionstraimí seachtracha airgeadais AE a neartú;

Q.

de bhrí nach mór do mhéid agus próifílí foirne thoscaireachtaí AE leasanna straitéiseacha foriomlána AE a léiriú, chomh maith le leasanna sonracha AE in aon tír chomhpháirtíochta ar leith;

1.   

ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:

(a)

bearta éifeachtacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhtháthú bheartas eachtrach an Aontais agus ar an ngné sheachtrach de bheartais inmheánacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an imirce, an trádáil agus an fuinneamh; a áirithiú go mbeidh an comhar um fhorbairt, an beartas trádála agus an beartas slándála agus cosanta comhleanúnach agus comhsheasmhach le spriocanna foriomlána CBES an Aontais agus CBSC an Aontais, mar a chumhdaítear in Airteagal 21 CAE agus i gCur Chuige Comhtháite an Aontais i ndáil le Coinbhleachtaí agus Géarchéimeanna Seachtracha, chomh maith leis na luachanna agus na prionsabail ar ar bunaíodh an tAontas;

(b)

an struchtúr comhordaithe straitéisigh atá comhdhéanta de na coimisinéirí ábhartha uile, de VP/HR agus de sheirbhísí an Choimisiúin agus SEGS a threisiú chun comhleanúnachas, sineirge, trédhearcacht agus cuntasacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear a ionstraimí maoinithe sheachtraigh, beartais agus cláir ábhartha eile agus comhleanúnachas beartais don fhorbairt;

(c)

ról ceannasach VP/HR mar thógálaí droichid idir CBES agus caidreamh seachtrach AE a fhionnadh agus é mar aidhm aige an leibhéal is airde comhordaithe agus comhleanúnachais i ngníomhaíocht sheachtrach AE a áirithiú, lena n-áirítear i ndlúthchomhar VP/HR le Coláiste na gCoimisinéirí chun an ghné sheachtrach de bheartais inmheánacha AE a chomhordú agus comhordú ghníomhaíocht sheachtrach na mBallstát a threisiú;

(d)

a áirithiú go rannchuideoidh gníomhaíocht sheachtrach agus beartais uile an Aontais leis an oibleagáid chonradhbhunaithe an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo;

(e)

a áirithiú go mbeidh freagracht fhoriomlán agus príomhról institiúideach ar SEGS maidir le caidreamh seachtrach uile an Aontais a stiúradh, lena n-áirítear maidir le gnéithe seachtracha na mbeartas inmheánach, agus go mbeidh tosaíocht ag an Ardionadaí i gcás difríochtaí laistigh den Ghrúpa Coimisinéirí um Eoraip níos láidre sa Domhan;

(f)

nuashonrú a dhéanamh ar Chinneadh SEGS d’fhonn giaráil SEGS a mhéadú, a neartú, a uirlisí a ghéarú agus a dhlisteanacht a mhéadú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an nuashonrú thuasluaite ar Chinneadh SEGS a neamhspleáchas a threisiú ó thaobh AE de, chomh maith le struchtúr SEGS a neartú agus a hacmhainní a mhéadú;

(g)

giaráil agus éifeachtacht bheartas eachtrach AE a mhéadú trí úsáid iomlán VTC a áirithiú i réimsí áirithe beartais eachtraigh, amhail cearta an duine agus cosaint an dlí idirnáisiúnta, agus chun smachtbhannaí a fhorchur, agus cé is moite de chinntí lena gcruthaítear agus lena n-imscartar misin mhíleata nó oibríochtaí a bhfuil sainordú feidhmiúcháin acu faoi CBSC, ar gá aontoilíocht ina leith fós, mar a fhoráiltear sa Chonradh; coinnigh i gcuimhne gur cheart go mbeadh sé mar aidhm, fiú faoi VTC, teacht ar an gcomhdhearcadh is leithne is féidir agus, más féidir, aontoilíocht; féachaint ar roghanna eile a d’fhéadfaí a chur chun feidhme idir an dá linn, amhail ‘oibleagáid toradh a ghnóthú’ a thabhairt isteach lena gceanglófaí ar na Ballstáit leanúint de shaincheist shonrach a phlé go dtí go ndéanfar cinneadh;

(h)

cur ar chumas an Aontais agus a chuid Ballstát labhairt d’aon ghuth sna Náisiúin Aontaithe agus i bhfóraim iltaobhacha eile; á athdhearbhú go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE, chun a chuspóirí agus a leasanna a chosaint, féachaint le teacht ar chomhsheasaimh maidir leis na saincheisteanna atá os comhair na Comhairle Slándála trí chomhordú laistigh den Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus i measc institiúidí AE; feidhmiú agus tionchar polaitiúil ionadaíocht an AE in eagraíochtaí idirnáisiúnta a fheabhsú, lena n-áirítear tríd ancaire institiúideach a uasghrádú, go háirithe laistigh d’orgáin na Náisiún Aontaithe agus de ghníomhaireachtaí speisialta;

(i)

tograí fónta a chur isteach maidir leis an mbealach chun a shuíomh buan féin a bhaint amach agus a ráthú don Aontas sa bhreis ar shuíocháin na mBallstát i ngach fóram iltaobhach, lena n-áirítear Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun ról gníomhaí, comhleanúnachas agus inchreidteacht an Aontais ar fud an domhain a neartú;

(j)

oibriú i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun aghaidh a thabhairt ar cheannasacht na dtíortha neamhdhaonlathacha i roinnt de na comhlachtaí is tábhachtaí in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe agus a ghníomhaireachtaí; an fhor-rochtain taidhleoireachta a threisiú i leith na stát uile a staon ó vótáil na rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2023 agus an 12 Deireadh Fómhair 2022 nó nár ghlac páirt sa vótáil sin chun a thromchúisí atá fogha na Rúise agus an gá atá le freagairt d’aon toil ón gcomhphobal idirnáisiúnta a mhíniú;

(k)

aitheantas a thabhairt don ról agus don luach ar leith atá ag an taidhleoireacht pharlaiminteach maidir le hinfheictheacht agus tionchar ghníomhaíocht sheachtrach AE a chomhlánú agus a threisiú; a áirithiú go ndéanfar an Pharlaimint a ionchorprú go héifeachtach i mbeartais sheachtracha agus i ngníomhaíocht sheachtrach AE mar ghníomhaí lárnach de ‘Foireann na hEorpa’;

(l)

athchóirithe a mheas agus a thionscnamh d’fhonn próiseas cinnteoireachta CBSC a dhéanamh níos solúbtha agus níos éifeachtúla, trí leas a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe laistigh de na Conarthaí nó trí athruithe a mholadh – i gcás inarb ábhartha – ar na Conarthaí a bheidh le cinneadh i gCoinbhinsiún leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;

(m)

solúbthacht agus cruthaitheacht a léiriú ionas nach gcuirfidh Ballstát amháin nó grúpa beag Ballstát bac ar ráitis nó ar chineálacha eile gníomhaíochta i réimse ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh;

(n)

na huirlisí a ghéarú trína uirlisí féin, uathrialacha agus buana de chuid an Aontais a fhorbairt ina ghníomhaíocht sheachtrach agus gach gníomhaíocht sheachtrach a ailíniú leis na Conarthaí, ina sonraítear nach mór don Aontas céim chóineasaithe, a bheidh ag síormhéadú idir gníomhaíochtaí na mBallstát, a ghnóthú, rud a éilíonn go dtabharfaí ról níos soiléire do SEGS agus ceannaireachta a dheimhniú go réamhghníomhach maidir le forbairt beartais a mholadh ionas gur féidir beartais arna ndéanamh, arna sainiú agus arna gcur chun feidhme ar bhonn na dlúthpháirtíochta polaitiúla frithpháirtí i measc na mBallstát a fhoirmliú;

(o)

úsáid níos gníomhaí a bhaint as Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine; córas nua smachtbhannaí a bhunú atá tiomnaithe do dhíriú ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as éilliú ar mhórscála;

(p)

dlisteanacht bheartas seachtrach agus slándála AE a mhéadú trí oibriú níos dlúithe leis na Ballstáit chun a dtacaíocht ghníomhach agus gan agús don bheartas a chothú, chomh maith le comhar dílis agus dlúthpháirtíocht fhrithpháirteach i gcomhréir leis na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 24 CAE;

(q)

tacú go hiomlán le rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht ghníomhach thoscaireachtaí an Aontais maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn i dtríú tíortha; a áirithiú go mbeidh na Ballstáit agus a n-ambasáidí lánpháirteach freisin agus go dtabharfaidh siad tús áite do chosaint agus do chur chun cinn chearta an duine, rud nár cheart ach do thoscaireachtaí AE amháin a dhéanamh i gcoitinne;

Giaráil a mhéadú

(r)

an prionsabal ‘tuilleann breis tuilleadh’a chomhtháthú go hiomlán i gcaidreamh le tríú tíortha, trína ndéanfaidh an tAontas comhpháirtíochtaí níos láidre a fhorbairt leo siúd a bhfuil prionsabail CBES agus CBSC agus bunluachanna an Aontais acu; os a choinne sin, an prionsabal ‘níos lú ar son níos lú’ a chur i bhfeidhm maidir le tríú tíortha a thugann neamhaird fhollasach ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta, agus leibhéal agus déine rannpháirtíocht an Aontais a oiriúnú dá réir sin, go háirithe maidir le comhar um fhorbairt, tairbhí trádála agus rochtain ar chláir AE; ailíniú iomlán na dtíortha is iarrthóirí ar bheartas CBES agus smachtbhannaí AE a áirithiú agus a áirithiú nach féidir dul timpeall ar smachtbhannaí AE;

(s)

agus leithdháiltí airgeadais á mbunú san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI)-an Eoraip Dhomhanda agus san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), cuntas teiste na dtíortha comhpháirtíochta maidir le comhaontuithe agus gealltanais idirnáisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear Clár Oibre 2030, coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus Comhaontú Pháras, chomh maith lena n-urramú ar aon chaidreamh conarthach leis an Aontas, agus oibriú i dtreo comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí níos láidre a fhorbairt le tíortha a roinneann luachanna agus prionsabail bhunúsacha an Aontais agus a rannchuidíonn le hiltaobhachas riailbhunaithe;

(t)

struchtúr SEGS a oiriúnú chun tosaíochtaí straitéiseacha a fhorbairt agus a chur ar a chumas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le gníomhaíocht AE, lena n-áirítear an beartas nua um méadú, cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha agus bréagaisnéis, forbairt ionstraimí cosanta agus dúshláin eile atá ag teacht chun cinn i bhfianaise na bhforbairtí geopholaitiúla bunúsacha leanúnacha amhail – go háirithe – cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; acmhainní a leithdháileadh de réir na dtosaíochtaí sin, agus ag an am céanna oibriú i sadhlanna a sheachaint; na hiarrachtaí a neartú chun cur isteach eachtrach ar phróisis dhaonlathacha i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais a chomhrac, lena n-áirítear trí bhréagaisnéis chúblála a scaipeadh agus na hacmhainní agus an saineolas in SEGS agus i dtoscaireachtaí an Aontais maidir leis an taidhleoireacht aeráide a leathnú;

(u)

a áirithiú go mbeidh struchtúr agus soláthar foirne SEGS ina léiriú leormhaith ar an ngá leanúnach le saineolas geografach a fhorbairt agus a chothabháil, lena n-áirítear sa cheanncheathrú, mar aon le caidreamh láidir déthaobhach le tíortha ar fud an domhain, ós rud é gurb é sin an chloch choirnéil chun comhghuaillíochtaí agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha réigiúnacha agus iltaobhacha a chothú agus chun gníomhaí domhanda éifeachtach a dhéanamh den Aontas; bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear bonn eolais faoi ghníomhaíochtaí SEGS go hiomchuí agus go mbeidh saineolas geografach agus téamach araon mar bhonn taca leo; a áirithiú go mbeidh an fhoireann is fearr is féidir ag na ranna geografacha sa cheanncheathrú chun saineolas ardcháilíochta agus tráthúil a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí téamacha saincheaptha ar fud an domhain;

(v)

a áirithiú go ndeimhníonn SEGS a cheannaireacht go héifeachtach sna céimeanna straitéiseacha do chlársceidealú ilbhliantúil ionstraimí gníomhaíochta seachtraí, lena n-áirítear leithdháiltí tíre agus réigiúnacha a shocrú agus an t-athbhreithniú meántéarma a dhéanfar orthu amach anseo a dhréachtú, agus chun na críche sin go mbeidh an fhís straitéiseach, an saineolas, an fhoireann agus na hacmhainní ag SEGS chun bheith ar thús cadhnaíochta;

(w)

feabhas a chur ar sholúbthacht oibríochtúil agus comhordú SEGS agus thoscaireachtaí an Aontais chun freagairt ar shaincheisteanna agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtaí; córas mear-rabhaidh a bhunú chun go gcuirfí SEGS agus an Pharlaimint ar an eolas go cuí faoi chásanna ar an láthair;

(x)

a áirithiú go mbeidh SEGS in ann a fhoireann taidhleoireachta bhuan de chuid an Aontais a roghnú agus a earcú; córas forbartha gairme a fhorbairt do thaidhleoirí AE agus d’oifigigh in SEGS chun cothromaíocht a áirithiú i bpoist bhainistíochta SEGS;

(y)

measúnú a dhéanamh ar na dúshláin a eascraíonn as taidhleoirí Ballstát a thabhairt ar iasacht go sealadach do SEGS, ar taidhleoirí a fhilleann ar a seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta ina dhiaidh sin;

(z)

feabhas a chur ar an gcomhordú inmheánach idir seirbhísí geografacha agus seirbhísí cothrománacha SEGS;

(aa)

a áirithiú go mbeidh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil, saineolas na foirne agus an beartas earcaíochta, lena n-áirítear na ceanglais cháilíochta níos déine do na poist is tábhachtaí, ag teacht leis an leibhéal uaillmhéine agus go dtacóidh siad leis na solúbthachtaí oibríochtúla is gá chun go mbeidh SEGS in ann freagairt i bhfíor-am do dhúshláin gheopholaitiúla atá ag teacht chun cinn; a ráthú go gcomhlíonfar go hiomlán Airteagal 9 de Chinneadh SEGS ina sonraítear nach mór don Leas-Uachtarán/Ardionadaí aontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht sheachtrach AE a áirithiú, go háirithe trí ionstraimí cúnaimh sheachtraigh; a áirithiú go bhfuil acmhainní daonna leormhaithe ag SEGS chun freagairtí oibríochtúla láithreacha a ráthú i gcásanna tosaíochta;

(ab)

athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 9 de Chinneadh SEGS chun tagairtí atá imithe i léig a bhaint agus na hionstraimí is infheidhme sa tréimhse 2021-2027, go háirithe ICFCI-an Eoraip Dhomhanda, a chur san áireamh;

(ac)

infheictheacht ghníomhaíocht agus chúnamh AE i ngach fóram iltaobhach agus ar an láthair a neartú, mar shampla tríd an gclár ‘Foireann na hEorpa’ lena dtugtar aghaidh ar éifeachtaí tubaisteacha ghéarchéim COVID-19 i dtíortha comhpháirtíochta agus i réigiúin chomhpháirtíochta, go háirithe san Afraic;

(ad)

infheictheacht an Aontais a mhéadú agus tuiscint ar leasanna, ar sheasaimh agus ar ghníomhaíochtaí an Aontais a scaipeadh; uirlisí a thabhairt go práinneach do SEGS, agus, go háirithe do Thoscaireachtaí an Aontais chun gníomhaíochtaí taidhleoireachta poiblí agus gníomhaíochtaí taidhleoireachta cultúrtha a mhéadú agus chun a gcuid inniúlachtaí straitéiseacha cumarsáide a fhorbairt, rud a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh le cinnteoirí agus leis an bpobal i gcoitinne araon i dtríú tíortha, agus go háirithe chun bréagaisnéis agus bolscaireacht a chomhrac; aird a thabhairt ar an ngá méadaitheach atá ann an spiaireacht agus an tionchar eachtrach mailíseach a chomhrac, a úsáidtear níos mó agus níos mó chun an bonn a bhaint den ord daonlathach san Aontas agus i dtíortha i gcomharsanacht an Aontais; dlús a chur le rannpháirtíocht thoscaireachtaí an Aontais sna meáin shóisialta, sa teilifís agus i ndíospóireachtaí, lena n-áirítear i dteangacha áitiúla, chun páirt a ghlacadh i gcoimhlint na cumarsáide ionas go gcuirfear cosc ar fheachtais bhréagaisnéise; soiléiriú a dhéanamh ar róil na dtoscaireachtaí agus róil na gceanncheathrúna maidir leis an sprioc sin a bhaint amach; acmhainneacht a fhothú chun sábháilteacht fhoireann Thoscaireachtaí an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear baill dá dteaghlaigh, nuair a luaitear sa bholscaireacht iad nó nuair a dhéantar ciapadh agus imeaglú orthu i dtír an phostaithe; feabhas a chur ar shreabhadh na faisnéise agus an chomhordaithe idir ceanncheathrú SEGS agus toscaireachtaí an Aontais, agus idir toscaireachtaí ar an leibhéal réigiúnach chomh maith;

(ae)

an comhar le Comhairle na hEorpa a neartú, go háirithe maidir le Comhaontú Páirteach Méadaithe Chomhairle na hEorpa maidir le Bealaí Cultúrtha, ar ionstraim institiúideach é, chomh maith lena thábhacht chultúrtha agus turasóireachta do Bhallstáit an Aontais, chun caidreamh cultúrtha le tríú tíortha a fheabhsú agus a n-oidhreacht chultúrtha chomhroinnte a chaomhnú;

Na huirlisí a ghéarú agus an bosca uirlisí a neartú

(af)

deireadh a chur leis an dúbailt foirne, acmhainní agus freagrachta idir an Coimisiún agus SEGS i dtoscaireachtaí an Aontais; toscaireachtaí AE a thiontú ina bhfíorambasáidí AE, agus slabhra soiléir ceannais amháin dá bhfoireann, lena n-áirítear oifigigh de chuid an Choimisiúin, faoi stiúir ambasadóir an Aontais don tír agus faoi fhreagracht aonair SEGS ag obair i ndlúthchomhar le hionadaíochtaí taidhleoireachta na mBallstát; comhordú, comhar agus obair chomhpháirteach pholaitiúil a neartú le hIonadaithe Speisialta an Aontais, le misin CBSC nó le hoifigí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ar cheart comhordú méadaithe sa cheanncheathrú agus treoracha aontaithe don réimse a bheith ag gabháil leo; údarás na gceann toscaireachta thar fhoireann na dtoscaireachtaí a neartú, gan beann ar a mbunús, chun go mbeidís in ann cúraimí a athdháileadh de réir thosaíochtaí an Aontais; a áirithiú go bhfuil saineolas earnála ag na toscaireachtaí agus gur féidir leo leas a bhaint as saineolas earnála sna réimsí beartais atá ábhartha don chaidreamh déthaobhach leis an tír chomhpháirtíochta faoi seach ina gcuid oibre polaitiúla; oibriú i dtreo acmhainní institiúidí an Aontais a chomhthiomsú agus láithreacht aontaithe AE a áirithiú i ngach tír, agus na gníomhaithe éagsúla AE atá i láthair a thabhairt le chéile faoin aon díon amháin; níos mó oibre agus tionscnamh comhpháirteach ar leibhéal na tíre a spreagadh chun tionchar polaitiúil agus infheictheacht an Aontais a mhéadú i dtíortha comhpháirtíochta;

(ag)

na rannóga polaitiúla, preasa agus faisnéise de Thoscaireacht an Aontais a neartú ar fud an domhain, lena n-áirithiú go bhfuil foireann, saineolas agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus oiriúnacha acu chun anailís agus tuairisciú polaitiúil atá tráthúil agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil don cheanncheathrú, dul i dteagmháil go fóinteach le gníomhaithe áitiúla, comhghuaillíochtaí láidre a thógáil, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal iltaobhach, agus tuiscint ar an Aontas, mar aon lena infheictheacht agus a phróifíl pholaitiúil a mhéadú;

(ah)

na hacmhainní agus an saineolas is gá a thabhairt do thoscaireachtaí AE i dtríú tíortha chun éifeachtacht na forbartha a áirithiú trí dhul i mbun idirphlé comhionann le tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, trí thosaíochtaí sonracha forbartha gach tíre a shainaithint agus trí thacaíocht dhíreach a sholáthar dá réir sin trí chomhar um fhorbairt a chur chun feidhme;

(ai)

feidhm chonsalach ambasáidí AE i dtríú tíortha a bhunú agus comhar agus comhordú a neartú agus a áirithiú idir ambasáidí Bhallstáit AE agus toscaireachtaí AE i dtríú tíortha, go háirithe i dtíortha nach bhfuil aon ionadaíocht chonsalach ag na Ballstáit iontu; acmhainní leordhóthanacha a sholáthar do thoscaireachtaí chun go mbeidh siad in ann cúnamh níos éifeachtaí a thabhairt do shaoránaigh an Aontais, lena n-áirítear le linn géarchéime, inter alia iad siúd atá ag tabhairt aghaidh ar imeachtaí coiriúla agus iad siúd atá i bpríosún nó ar shraith an bháis;

(aj)

a áirithiú go leanfaidh toscaireachtaí an Aontais ar aghaidh go héifeachtach leis an obair a dhéanann Misin Bhreathnóireachta AE um Thoghcháin, lena n-áirítear obair leantach a dhéanamh ar a gcuid moltaí agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí áitiúla atá ábhartha dá gcuid oibre le linn na dtréimhsí idir misin;

(ak)

tacú le hIonad Freagartha Géarchéime AE (CRC) chun freagairt ambasáidí agus toscaireachtaí AE agus na mBallstát mar aon leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do shaoránaigh an Aontais le linn géarchéime a chomhordú;

(al)

a áirithiú go mbeidh acmhainní cuí ag CRC SEGS, lena n-áirítear acmhainní airgeadais agus daonna, chun a chur ar a chumas a chuid cuspóirí a bhaint amach go héifeachtach agus go héifeachtúil, go háirithe ós rud é go bhfuil na seirbhísí a sholáthraítear íogair ó thaobh ama de agus go bhfuil gá le freagairtí gasta ina leith;

(am)

breithniú a dhéanamh ar chóras a bhunú le haghaidh sreabhadh leanúnach faisnéise ó na Ballstáit chuig SEGS maidir le saincheisteanna eachtracha agus slándála a tharlaíonn lasmuigh den Aontas; feabhas a chur ar phrótacail slándála na seirbhísí a oibríonn ar fhaisnéis agus/nó le faisnéis íogair;

(an)

an comhar agus an comhordú leis an uachtaránacht rothlach agus le hairí gnóthaí eachtracha na mBallstát a uasmhéadú, lena n-áirítear trí chúraimí agus misin shonracha a chur orthu thar ceann an Aontais chun rannpháirtíocht pholaitiúil, infheictheacht agus aontacht iomchuí an Aontais a áirithiú;

(ao)

raon feidhme agus sainordú chomhlachtaí ullmhúcháin ábhartha na Comhairle a bhíonn ag déileáil le hábhair a bhaineann leis an mbeartas eachtrach a chur in oiriúint do chúraimí an Ardionadaí agus do struchtúr SEGS; comhlacht den sórt sin a chruthú go háirithe chun cleachtas a bhaineann le prótacal a sheoladh; struchtúr tacaíochta tiomnaithe a chruthú laistigh de SEGS chun gach saincheist chothrománach a bhaineann le hIonadaithe Speisialta an Aontais Eorpaigh a chumhdach, lena n-áirítear an tIonadaí um Chearta an Duine, Toscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chur Chun Cinn Saoirse Reiligiúin agus Creidimh, Toscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chúrsaí Artacha agus Toscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh um Neamhleathadh agus Dí-armáil agus a sainordú a chur chun feidhme; Ionadaithe Speisialta agus Toscairí an Aontais Eorpaigh a chomhtháthú go hiomlán mar Ambasadóirí AE laistigh de struchtúr SEGS agus iad a chur faoi údarás aonair an Ardionadaí;

(ap)

breithniú a dhéanamh ar an ról atá ag Toscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chur Chun Cinn Saoirse Reiligiúin agus Creidimh faoi údarás SEGS a athshuí, nó, mura bhfuil sé sin indéanta, foráil a dhéanamh do dhlúthchaidreamh oibre idir an Toscaire Speisialta agus SEGS;

(aq)

aonad forfheidhmithe smachtbhannaí SEGS a neartú go leormhaith trí na hacmhainní agus an fhoireann is gá a sholáthar, i bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na smachtbhannaí sa chomhthéacs nua geopholaitiúil;

(ar)

a iarraidh ar SEGS breithniú a dhéanamh ar Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh a thabhairt cothrom le dáta agus machnamh a dhéanamh ar Chompás Straitéiseach an Aontais agus ar an ngá atá le gníomhú ar bhealach comhtháite maidir le CBSC; clár oibre a ghlacadh ina mbeidh tosaíochtaí polaitiúla ag tús gach sainordaithe, ina leagtar amach, go háirithe, na pleananna chun beartas eachtrach AE agus an ghné sheachtrach de bheartais inmheánacha AE a chomhtháthú; a chur de chúram ar SEGS athbhreithniú straitéiseach rialta a dhéanamh ar an doiciméad;

(as)

éifeachtacht na gcruinnithe Idirphlé maidir le Cearta an Duine a mhéadú trí rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta a áirithiú, trí na chéad chéimeanna eile a ardú agus a chomhaontú chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chearta an duine atá i réim, agus trí mheasúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na gealltanais a tugadh roimhe seo;

(at)

taidhleoireacht choisctheach an Aontais Eorpaigh a fheabhsú mar uirlis réamhghníomhach beartais sheachtraigh chun díospóidí le tríú tíortha agus eatarthu a chosc agus chun teorainn a chur leis na hiarmhairtí nuair a bhriseann coinbhleachtaí amach;

(au)

a áirithiú go ndéanfaidh toscaireachtaí AE obair leantach ar rúin phráinne na Parlaiminte, go n-iarrfaidh siad ar na húdaráis aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a léirítear sna rúin agus tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do ghníomhaithe eile ar sáraíodh a gcearta; acmhainneacht na bpointí fócais um chearta an duine i dtoscaireachtaí an Aontais a neartú chun na críche sin;

(av)

feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí SEGS maidir le cosaint na hoidhreachta cultúrtha agus idirphlé idirchreidmheach trí obair a thoscaireachtaí agus i gcomhar le misin taidhleoireachta na mBallstát agus le hinstitiúidí náisiúnta cultúir;

(aw)

ionstraim de chuid an Aontais a fhorbairt lena léirítear aghaidh chultúrtha an Aontais ar fud an domhain trí ghníomhaíocht taidhleoireachta cultúrtha agus trí chaidreamh cultúrtha idirnáisiúnta bunaithe ar chreat comhair chultúrtha agus comhchruthaitheachta, ina mbeidh an tsochaí shibhialta agus na hearnálacha cultúrtha i dtríú tíortha rannpháirteach go gníomhach; á chur san áireamh go bhféadfadh sé a bheith d’aidhm ag an ionstraim seo AE a chur chun cinn ar fud an domhain, cúnamh AE a chur ar fáil maidir le fothú acmhainneachta, chomh maith le cúnamh airgeadais, d’earnálacha cultúrtha, cruthaitheacha agus nuálacha de shochaí shibhialta tríú tíortha; a áirithiú go n-áireofar leis an ionstraim seo idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn, soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha idir an tAontas agus tríú tíortha agus an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise; a áirithiú go n-áireofar sa bhosca uirlisí sin dlúthchomhar le hInstitiúidí Náisiúnta an Aontais Eorpaigh don Chultúr (EUNIC), chomh maith le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail UNESCO, agus leas á bhaint as a dtaithí;

(ax)

eagrú SEGS agus seirbhísí comhfhreagracha an Choimisiúin a oiriúnú do riachtanais straitéiseacha nua a eascraíonn as an gcomhthéacs geopholaitiúil nua gan a thuilleadh moille, agus aird ar leith á tabhairt ar an Artach, agus inter alia maidir le straitéis Thairseach Dhomhanda an Aontais, taidhleoireacht aeráide agus dhigiteach, Meiriceá Laidineach, an Áise Láir agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; foráil a dhéanamh do shainorduithe solúbtha ionas go mbeidh sé in ann freagairt go pras do bhagairtí atá ann cheana agus do bhagairtí nua atá ag teacht chun cinn;

(ay)

sainordú an Ardionadaí a chur chun feidhme go hiomlán ina cháil mar Leas-Uachtarán an Choimisiúin chun comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú agus chun an cúram atá ar SEGS tacú leis an Ardionadaí sa ról sin a áirithiú; chuige sin, ról comhordúcháin SEGS a threisiú chun comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear maidir le struchtúir eagraíochtúla an Choimisiúin, chun castacht institiúideach agus dúbláil a laghdú, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas bheartas seachtrach an Aontais a mhéadú; ainm an phoist mar Leas-Uachtarán/Ardionadaí a athrú chuig an gCoimisinéir um Ghnóthaí Eachtracha;

(az)

cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) an Aontais a neartú go suntasach agus go práinneach, ar cheart gurb é an struchtúr ceannais agus rialaithe is fearr é, lena n-áirítear freisin le haghaidh oibríochtaí míleata feidhmiúcháin agus go háirithe le haghaidh oibríochtaí an chumais mhearimscartha amach anseo; cumas iomlán oibríochtúil MPCC a bhaint amach láithreach, lena n-áirítear méadú suntasach ar bhaill foirne suas le 250 pearsanra chomh maith le huasghrádú ar bhonneagar agus ar threalamh, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2018, inar leagadh síos 2020 mar spriocdháta don mhéid sin;

(ba)

a áirithiú go mbeidh níos mó i gceist le ‘Foireann na hEorpa’ ná mana agus go n-oibreoidh sé ar an láthair; feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir toscaireachtaí an Aontais agus misin CBSC an Aontais i dtríú tír ar leith; a mheas go bhfuil misin na Parlaiminte thar lear go hiomlán mar chuid de bheartas seachtrach AE, nach mór, dá bhrí sin, lántacaíocht a fháil ó thoscaireachtaí AE thar lear;

(bb)

acmhainní iomchuí a thiomnú do réimsí taidhleoireachta earnála a bhfuil gnéithe tábhachtacha seachtracha ag baint leo, go háirithe cosaint an chomhshaoil agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, inscne agus comhionannas, cúrsaí digiteacha, an óige, cultúr, eolaíocht agus oideachas, chomh maith le rialachas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, an daonlathas agus an smacht reachta;

Dlisteanacht a mhéadú

(bc)

athbhreithniú a dhéanamh ar Dhearbhú 2010 maidir le Cuntasacht Pholaitiúil agus ar an gcaoi sin, a chur ar chumas na Parlaiminte a ról i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a imirt ina iomláine, lena n-áirítear a cuid feidhmeanna maidir le rialú polaitiúil dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) agus 36 CAE;

(bd)

leanúint de na hiarrachtaí chun foireann SEGS a athnuachan agus cór taidhleoireachta Eorpach atá buan agus speisialaithe a fhorbairt ón mbonn aníos, trí chomórtais oscailte speisialaithe spriocdhírithe atá dírithe ar chéimithe óga a earcú a bhfuil tallann, scileanna agus acmhainneacht iomchuí acu;

(be)

sainordú polaitiúil cuí a thabhairt do SEGS lena dtugtar fíor-ról substaintiúil dó maidir le pleanáil beartais a mhúnlú agus a chur chun cinn thar an bpríomhfhócas atá aici faoi láthair ar a ról atá dírithe ar an mBruiséil, ar a ról maidir le comhthoil a lorg agus a bhainistiú;

(bf)

oiliúint choiteann agus bearta nithiúla eile a chur chun cinn chun comhdhlúthú a dhéanamh ar chultúr comhchoiteann taidhleoireachta AE agus ar shaineolas ar leibhéal níos airde i measc fhoireann uile SEGS a bhfuil cúlraí éagsúla taidhleoireachta, cultúrtha agus institiúideacha acu, ar cheart go n-áireofaí orthu oiliúint maidir le comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan sa Chaidreamh Seachtrach 2020-2025 (GAP III), maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS), teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach, lena n-áirítear ciapadh gnéasach, ag an gceanncheathrú agus ag toscaireachtaí AE chun cur i gcoinne na claontuairime neamhchomhfhiosaí agus chun comhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú a fheabhsú; comhar níos dlúithe le seirbhísí taidhleoireachta agus taidhleoirí náisiúnta Bhallstáit an Aontais a spreagadh mar aon le nós na comhoiliúna agus malartuithe taithí agus dea-chleachtais mar chuid dá bhforbairt ghairmiúil leanúnach agus chun rannchuidiú tuilleadh le híomhá aontaithe den Aontas sa chaidreamh seachtrach;

(bg)

feabhas a chur ar an oiliúint d’fhoireann thoscaireachtaí AE i ndáil le Treoirlínte AE maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint, go háirithe maidir le béim níos mó a chur ar ghnéithe reiligiúnacha sonracha na tíre lena mbaineann a thuiscint, lena n-áirítear freisin ar a comhpháirteanna struchtúracha amhail struchtúir rialachais, an córas ceartais agus dlí agus an nasc idir stát agus reiligiún nó creideamh;

(bh)

foráil a dhéanamh do neamhspleáchas iomlán feidhmiúil SEGS ó thaobh earcaíochta agus gairmeacha laistigh dá struchtúr, lena n-áirítear do phoist oifige Leas-Uachtarán/Ardionadaí; bearta a dhéanamh chun a áirithiú gur céim ghairme tharraingteach í iasacht na mBallstát chuig SEGS;

(bi)

na rialacha maidir le fostaíocht iarphoiblí SEGS agus fhoireann toscaireachta AE a neartú agus a fhorfheidhmiú agus grinnscrúdú dian a fheidhmiú chun coinbhleacht leasa agus doirse imrothlacha a sheachaint; a chuid forálacha neamhspleácha cur chun feidhme a ghlacadh agus a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille maidir le gníomhaíochtaí agus tascanna seachtracha, lena gcruthaítear bunús dlí sui generis do chinn na dtoscaireachtaí chun íomhá agus clú an Aontais ina n-iomláine a chosaint ar bhealach níos fearr; cultúr sláine a chothú laistigh de SEGS agus de thoscaireachtaí AE trí eolas foirne agus tuiscint ar rialacha eitice a chothú; a áirithiú go mbeidh feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le sealbhóirí sainordaithe reatha agus iarshealbhóirí agus iad i gceannas ar sheasaimh i ngnóthaí seachtracha an Aontais;

(bj)

a áirithiú nach féidir ceapachán ionadaithe speisialta AE, toscairí AE agus ambasadóirí AE a dheimhniú ach amháin tar éis don Choiste um Ghnóthaí Eachtracha sa Pharlaimint measúnú dearfach a dhéanamh;

(bk)

tacú go hiomlán leis an treoirthionscadal ‘I dTreo Acadamh Taidhleoireachta Eorpach’ agus forbairt a dhéanamh air, ar treoirthionscadal a bhfuil síneadh bliana curtha leis chun na feidhmeanna sin a chomhtháthú laistigh de struchtúir bhuana eagraíochtúla; trédhearcacht na gcritéar earcaíochta do rannpháirtithe sa chlár seo a áirithiú agus acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar an tionscadal seo chun cur chun feidhme éifeachtach agus tráthúil a áirithiú, lena n-áirítear freisin don obair chun struchtúr buan a bhunú don Acadamh Eorpach Taidhleoireachta; a áirithiú go mbunófar struchtúr buan don Acadamh Eorpach Taidhleoireachta, ar cheart dó díriú ar spriocghrúpaí éagsúla mar rannpháirtithe amach anseo; a chur san áireamh, fiú ina chéim tosaigh dá bhféadfadh an tAcadamh díriú ar speisialtóireacht ghairmiúil taidhleoirí náisiúnta, níor cheart córas a chur as an áireamh chun Eorpaigh nach taidhleoirí Ballstáit iad a roghnú, a earcú agus a oiliúint agus a bhfuil ardoideachas críochnaithe acu; bealaí a chinneadh do chéimithe an Acadaimh Eorpaigh Taidhleoireachta dul isteach in SEGS agus an deis a bheith acu a bheith ina mbaill foirne bhuana de chuid SEGS;

(bl)

a áirithiú go sealbhóidh céimithe an Acadaimh scileanna agus inniúlachtaí coiteanna chun prionsabail agus leasanna an Aontais ar domhan a chur chun cinn agus a chosaint go héifeachtach trí theagasc a thabhairt maidir leis na saincheisteanna uile, lena n-áirítear taidhleoireacht phoiblí agus chultúrtha, eacnamaíoch, aeráide, dhigiteach agus cibearthaidhleoireacht, i measc nithe eile, agus cultúr taidhleoireachta comhchoiteann agus fíor-esprit de corps mar bhonn taca léi;

(bm)

an spás agus an tacaíocht is gá a chur ar fáil don Leas-Uachtarán/Ardionadaí chun beartas seachtrach AE a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach agus tráthúil chun go mbeidh níos mó i gceist leis an mbeartas sin de chuid AE ná suim dá chodanna agus chun go mbeidh an duine a shealbhaíonn an oifig sin ina ghlór aonair le haghaidh bheartas seachtrach AE ar fud an domhain a bhfuil neart institiúidí AE agus na mBallstát mar thaca leis;

(bn)

rochtain ag an bParlaimint ar dhoiciméid a mhéadú, mar go gcuirfidh malartú faisnéise foirmiúil níos fearr, feabhas ar an gcomhar agus an tuiscint idir na hinstitiúidí; Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 2002 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta (8), a thabhairt cothrom le dáta; glacadh le rannpháirtíocht ghníomhach na Parlaiminte i mbeartas eachtrach AE trína hionstraimí sonracha, tábhacht agus nádúr uathúil chláir dhaonlathaithe na Parlaiminte, amhail ‘Idirphlé Jean Monnet’ arb é is aidhm dó obair na bparlaimintí a chothú agus a neartú; ag moladh d’institiúidí uile AE páirt a ghlacadh agus oibriú le chéile ar ghníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo gníomhú in aghaidh cúlú domhanda maidir leis an daonlathas, lena n-áirítear trí bhreathnóireacht toghcháin, idirghabháil agus gníomhaíochtaí idirphlé, cosc coinbhleachtaí, dámhachtain agus líonra Dhuais Sakharov, agus taidhleoireacht pharlaiminteach; neartú an chreata don chaidreamh idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus SEGS a chur chun cinn, lena n-áirítear a toscaireachtaí, trí chreat-chomhaontú, lena bhféadfaí taidhleoireacht pharlaiminteach a fheabhsú agus bosca uirlisí AE don ghníomhaíocht sheachtrach a neartú;

(bo)

céimeanna dáiríre agus inbhuanaithe a ghlacadh chun cothromaíocht inscne a fheabhsú laistigh de SEGS, go háirithe sa bhainistíocht shinsearach agus i bpoist pholaitiúla; ceannaireacht atá freagrúil ó thaobh inscne de agus cothrom ó thaobh inscne de a áirithiú, ceannaireacht a mhéadaíonn líon agus céatadán na mban i bpoist shinsearacha agus mheánbhainistíochta i seirbhísí SEGS trí nósanna imeachta earcaíochta atá freagrúil ó thaobh inscne de a bhfuil sé mar aidhm ghníomhach leo laofacht inscne i bpróisis earcaíochta a laghdú agus roghnú fabhrach ar bhonn inscne a chur i bhfeidhm nuair atá iarrthóirí poist chomh inniúil céanna;

(bp)

straitéis 2018-2023 SEGS maidir le hInscne agus Comhdheiseanna a thabhairt cothrom le dáta trí ghealltanais pholaitiúla nithiúla, intomhaiste agus cheangailteacha a áireamh maidir le mná a bheith i bpoist bhainistíochta i gcomhréir le spriocanna agus cuspóirí GAP III agus trí spriocanna éagsúlachta a áireamh, go háirithe maidir le cine, cumas agus cúlra eitneach;

(bq)

céimeanna dáiríre agus inbhuanaithe a ghlacadh chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht gheografach laistigh d’fhoireann SEGS ar gach leibhéal, go háirithe i bpoist ardbhainistíochta agus i gcinn thoscaireachtaí AE; bearta a ghlacadh chun éagsúlacht gheografach níos mó foirne a áirithiú ar fud ranna agus thoscaireachtaí AE agus chun ró-ionadaíocht roinnt Ballstát a chosc;

o

o o

2.

á threorú dá hUachtarán an moladh sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(1)   IO L 201, 3.8.2010, lch. 30.

(2)   IO C 53, 3.8.2010, lch. 1.

(3)   IO C 65, 19.2.2016, lch. 168.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0406.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0009.

(6)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0010.

(7)  Airteagal 27(1) CAE.

(8)   IO C 298, 30.11.2002, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/410/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top