Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 52023DMA100020

Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2023 a bhaineann le cinneadh de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/1925 (Cásanna DMA.100020 – Meta – online social networking services; DMA.100024 – Meta – Number-independent interpersonal communications services; DMA.100035 – Meta – Online advertising services; DMA.100044 – Meta – Online intermediation services - Marketplace) (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad uimhir C(2023)6105 final)

C/2023/6105

IO C, C/2023/1092, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1092/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1092/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1092

23.11.2023

Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún

an 5 Meán Fómhair 2023

a bhaineann le cinneadh de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/1925

(Cásanna DMA.100020 – Meta – online social networking services; DMA.100024 – Meta – Number-independent interpersonal communications services; DMA.100035 – Meta – Online advertising services; DMA.100044 – Meta – Online intermediation services - Marketplace)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad uimhir C(2023)6105 final)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

(C/2023/1092)

An 5.9.2023, ghlac an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1) . I gcomhréir le forálacha Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2022/1925, foilsíonn an Coimisiún leis seo ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, ag féachaint do leas dlisteanach gnóthas maidir lena rúin ghnó a chosaint.

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Is é cuspóir an Chinnidh Ainmniúcháin (‘an Cinneadh’) Meta a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1925 (‘An Gníomh um Margaí Digiteacha’) agus liosta a dhéanamh de na croísheirbhísí ardáin ábhartha a sholáthraíonn Meta agus ar tairseach thábhachtach iad astu féin chun dul i gcion ar úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

(2)

Thairis sin, chuir Meta frisnéis isteach de bhun Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha lena fhógra i ndáil lena (i) sheirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (‘NIICS’), Messenger, agus (ii) a sheirbhísí idirghabhála ar líne, Marketplace. Sa chinneadh, diúltaíonn an Coimisiún do na hargóintí frisnéise sa dá chás toisc nach bhfuil bunús leordhóthanach leo chun na toimhdí in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a chur in amhras go follasach ar na cúiseanna a ndéantar achoimre orthu i measúnú an Choimisiúin thíos.

2.   NÓS IMEACHTA

(3)

An 3 Iúil 2023, thug Meta fógra don Choimisiún, de bhun Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, den Ghníomh um Margaí Digiteacha, go gcomhlíonann sé na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán sin i ndáil leis na croísheirbhísí ardáin seo a leanas: (i) a sheirbhís líonra shóisialta aonair ar líne le tacaíocht ó fhógraíocht ar líne lena gcuimsítear, i dtuairim Meta, Facebook, Instagram, Meta Ads, Messenger, Marketplace, Facebook Dating agus Facebook Gaming Play; agus (ii) a sheirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, WhatsApp.

(4)

An 6 Iúil 2023, chuir an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis chuig Meta de bhun Airteagal 21(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Bhí an fhaisnéis a iarradh riachtanach don Choimisiún chun a mheas cé acu an croísheirbhísí ardáin ar leith iad Marketplace agus Messenger lena gcomhlíontar na tairseacha in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí agus Messenger. Chuir Meta a fhreagra isteach an 11 Iúil 2023.

(5)

An 10 Iúil 2023, chuir an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis chuig Meta, dar dáta an 7 Iúil, de bhun Airteagal 21(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, maidir le Messenger. Chuir Meta a fhreagra isteach an 12 Iúil 2023 agus an 16 Iúil 2023.

(6)

An 26 Iúil 2023, chuir an Coimisiún litir chuig Meta maidir le fógra Meta (an ‘Litir’). Sa Litir sin, ghlac an Coimisiún an réamhdhearcadh go n-ainmneoidh sé, de bhun Airteagal 3(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, Meta mar gheatóir i ndáil leis an méid seo a leanas: (i) a sheirbhís líonra shóisialta ar líne, Facebook; (ii) a sheirbhís líonra shóisialta ar líne, Instagram; (iii) a sheirbhís fógraíochta ar líne Meta Ads; (iv) a sheirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, WhatsApp; (v) a sheirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, Messenger agus (vi) a sheirbhísí idirghabhála ar líne, Marketplace.

(7)

An 3 Lúnasa 2023, thug Meta freagra ar Litir an Choimisiúin ag cur in aghaidh réamhthuairimí an Choimisiúin agus ag coinneáil a sheasaimh agus an 13 Lúnasa 2023 chuir sé litir bhreise.

3.   CREAT DLÍTHIÚIL

(8)

Bunaítear leis an nGníomh um Margaí Digiteacha sraith critéar oibiachtúil atá sainithe go cúng chun ardán mór ar líne a cháiliú mar gheatóir. Tá ainmniú le déanamh i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn an gnóthas agus ar tairseach thábhachtach iad chun dul i gcion ar úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Chun a chinneadh cé acu an croísheirbhís ardáin í seirbhís a sholáthraíonn gnóthas a chomhlíonann an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 3(1)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, is gá, mar réamhchéim, an tseirbhís faoi seach a cháiliú agus a shonrú. Critéar ábhartha chun croísheirbhísí ardáin a cháiliú agus a shonrú is ea an cuspóir a n-úsáideann úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó, nó an dá cheann acu, an tseirbhís ina leith.

(9)

De réir Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ainmneoidh an Coimisiún gnóthas mar gheatóir má chomhlíonann sé trí cheanglas charnacha, eadhon: (a) go bhfuil tionchar mór aige ar an margadh inmheánach; (b) go soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin atá mar thairseach thábhachtach chun dul i gcion ar úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh; agus (c) go mbaineann sé tairbhe as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí nó go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath. Leagtar síos le hAirteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha toimhde go gcomhlíontar na ceanglais sin i gcás ina gcomhlíontar tairseacha cainníochtúla áirithe, eadhon láimhdeachas nó caipitliú margaidh na cuideachta chomh maith le líon na n-úsáideoirí deiridh agus úsáideoirí gnó croísheirbhíse ardáin ar leith i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha.

(10)

De bhun Airteagal 3(5), an chéad fhomhír den Ghníomh um Margaí Digiteacha, féadfaidh an gnóthas a shásaíonn na tairseacha go léir a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, in éineacht lena fhógra, argóintí a chur i láthair chun a léiriú, cé go sásaíonn sé na tairseacha sin go léir, nach sásaíonn sé go heisceachtúil na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha de bharr na himthosca ina n-oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha. Foráiltear le hAirteagal 3(5), an dara fomhír den Ghníomh um Margaí Digiteacha, mura bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a cuireadh isteach toisc gur follasach nach gcuireann siad na toimhdí a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha in amhras, féadfaidh an Coimisiún na hargóintí a dhiúltú. I gcodarsnacht leis sin, má mheasann an Coimisiún gur leor an fhianaise a cuireadh isteach chun a léiriú nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha á gcomhlíonadh, féadfaidh sé an fhrisnéis a ghlacadh le himscrúdú margaidh a thionscnamh nó gan é a thionscnamh de bhun Airteagal 17(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

4.   MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN

(11)

Tar éis fógra a fháil ó Meta, shuigh an Coimisiún gur croísheirbhísí ardáin iad na seirbhísí seo a leanas dá dtugtar fógra de bhun Airteagal 2 den Ghníomh um Margaí Digiteacha agus gur tairseach thábhachtach iad astu féin chun dul i gcion ar úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha:

a.

Seirbhís líonra shóisialta Meta ar líne, Facebook;

b.

Seirbhís líonra shóisialta Meta ar líne, Instagram;

c.

Seirbhís fógraíochta Meta ar líne, Meta Ads;

d.

Seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de chuid Meta, WhatApp;

e.

Seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de chuid Meta, Messenger; agus

f.

Seirbhísí idirghabhála ar líne Meta, Marketplace.

(12)

Maidir le seirbhísí líonra sóisialta ar líne Meta, Facebook agus Instagram, in easaontas le tuairim Meta, measann an Coimisiún gurb é atá in Facebook croísheirbhís ardáin líonra shóisialta ar líne atá éagsúil ón tseirbhís líonra shóisialta ar líne, Instagram, toisc go dtairgtear na seirbhísí sin (i) mar sheirbhísí atá go hiomlán ar leithligh; (ii) nach dtairgtear iad d’úsáideoirí ar bhealach comhtháite, agus in aon chás, (iii) go n-úsáideann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó iad chun críoch éagsúil, toisc gur gnách leis na húsáideoirí sin cineálacha éagsúla inneachair, feidhmiúlachtaí agus bunachar úsáideoirí a roinnt agus dul i ngleic leo ar an dá ardán.

(13)

Ina theannta sin, measann an Coimisiún, in easaontas le tuairim Meta, gurb ionann Facebook Dating agus Facebook Gaming Play, atá comhtháite in ardán Facebook, agus seirbhísí ar leithligh ón tseirbhís líonra shóisialta ar líne, Facebook, beag beann ar chomhionannas na seirbhísí sin le croísheirbhísí ardáin. Measann an Coimisiún go bhfreastalaíonn na seirbhísí sin ar chuspóir atá éagsúil le cuspóir na seirbhíse líonra sóisialta ar líne, Facebook agus go dtairgeann Meta iad mar sheirbhísí atá inaitheanta go soiléir agus ar leithligh ó chuspóir na seirbhíse líonra sóisialta ar líne, Facebook.

(14)

Maidir le seirbhís fógraíochta Meta ar líne, Meta Ads, ní aontaíonn an Coimisiún le fógra Meta. De réir Meta, cuimsítear sa tseirbhís líonra shóisialta ar líne a fhaigheann tacaíocht ó fhógraíocht na gnéithe agus na feidhmiúlachtaí a chuimsíonn na dromchlaí Facebook agus Instagram a fhaigheann tacaíocht ó ioncam a ghintear trí bhithín Meta Ads.

(15)

Measann an Coimisiún go dtugann seirbhísí fógraíochta ar líne agus seirbhísí líonra shóisialta ar líne Meta gnéithe agus feidhmiúlachtaí an-éagsúil agus go bhfreastalaíonn siad ar chuspóirí atá an-difriúil ó thaobh na n-úsáideoirí deiridh agus na n-úsáideoirí gnó araon. Ina theannta sin, soiléirítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an nGníomh um Margaí Digiteacha gur cheart croísheirbhísí ardáin a thairgtear ar bhealach comhtháite a mheas ar leithligh mura mbaineann siad leis an gcatagóir chéanna de chroísheirbhísí ardáin. Dá bhrí sin, baineann an Coimisiún de thátal as gurb ionann Meta Ads agus croísheirbhís ardáin fógraíochta ar leith ar líne de réir bhrí Airteagal 2(2)(j) den Ghníomh um Margaí Digiteacha agus go gcomhlíonann Meta Ads na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

(16)

Aontaíonn an Coimisiún le sonrú na seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de chuid Meta, WhatsApp. Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn Meta, cinneann an Coimisiún go gcomhlíontar tairseach an úsáideora gnó freisin maidir le WhatsApp, agus na bealaí éagsúla a sholáthraíonn Meta do ghnólachtaí chun cumarsáid a dhéanamh trí WhatsApp á gcur san áireamh.

(17)

Maidir leis an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de chuid Meta, Messenger, measann an Coimisiún, in easaontas le haighneacht Meta, gur seirbhís ar leithligh agus féinseasmhach é Messenger óna sheirbhís líonra shóisialta ar líne, Facebook. Measann an Coimisiún go gcomhlíonann Messenger an sainmhíniú ar sheirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a leagtar amach in Airteagal 2 (7) den Chód um Chumarsáid Leictreonach dá dtagraíonn an sainmhíniú ar sheirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a leagtar síos in Airteagal 2 (9) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

(18)

Ina theannta sin, measann an Cinneadh go bhfuil an tástáil dlí a mhol Meta chun a mheas cé acu an bhfuil Messenger ina chroísheirbhís ardáin neamhspleách nó má tá feidhm chomhrá a sheirbhíse líonra sóisialta ar líne, Facebook, lochtach ó thaobh an dlí de.

(19)

Ina theannta sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann Messenger na tairseacha atá in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Go sonrach, maidir le húsáideoirí gnó, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir Meta ar fáil agus in ainneoin na n-easnamh ina mhodheolaíocht, tugann an Coimisiún dá aire go gcuireann an figiúr a chuir Meta ar fáil do mhí Mheán Fómhair 2020 amháin úsáideoirí gnó os cionn na tairsí 10 000. Bunaithe ar eachtarshuímh an fhigiúir sin do 2020, 2021 agus 2022, cinneann an Coimisiún, dá bhrí sin, go gcomhlíontar an tairseach.

(20)

Ar deireadh, cinneann an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a chuir Meta isteach i ndáil le Messenger chun na toimhdí in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a chur in amhras go follasach. Go háirithe, measann an Coimisiún go sáraíonn líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla de chuid Messenger an tairseach de 10 000 úsáideoir gnó go suntasach, agus theip ar Meta fianaise dhiongbháilte a thabhairt ar aird, fiú leis an gcorrlach sin, nach tairseach í an chroísheirbhís ardáin atá i gceist d’úsáideoirí gnó chun dul i gcion ar úsáideoirí deiridh. Thairis sin, ní aontaíonn an Coimisiún le Meta nach bhfuil Messenger ina thairseach thábhachtach toisc go mbunaítear go soiléir leis na sonraí a sholáthraíonn Meta maidir le húsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh araon scála tábhachtach Messenger maidir le húsáideoirí deiridh agus úsáideoirí gnó araon, agus mar thairseach thábhachtach idir an dá rud.

(21)

Maidir leis an tseirbhís idirghabhála ar líne de chuid Meta, Marketplace, measann an Coimisiún, in easaontas le haighneachtaí Meta, gur seirbhís ar leithligh é Marketplace, in ainneoin é a bheith comhtháite in Facebook, ón tseirbhís líonra shóisialta ar líne, Facebook. Go deimhin, cuireann Facebook ar a chumas dá úsáideoirí deiridh nascadh agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile, ábhar a chomhroinnt agus teacht ar úsáideoirí agus ar ábhar eile, agus tugann Marketplace deis d’úsáideoirí, lena n-áirítear úsáideoirí gnó, earraí nó seirbhísí a liostú d’úsáideoirí eile, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach idir na húsáideoirí sin a éascú.

(22)

Ina theannta sin, in easaontas le tuairimí Meta, measann an Coimisiún go gcomhlíonann Marketplace an sainmhíniú ar sheirbhísí idirghabhála ar líne dá dtagraítear in Airteagal 2(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Ní ardán tomhaltóir chuig tomhaltóir é Marketplace go heisiach, ach tá úsáideoirí gnó aige freisin, agus níl tionchar ag an bhfíric go gceadaíonn Marketplace idirbhearta tomhaltóir chuig tomhaltóir freisin ar chonclúid den sórt sin. Le linn na tréimhse 2020 go 2022, d’fhéadfadh úsáideoirí gnó a dtáirge nó a seirbhísí a liostú, go dlisteanach, ar Marketplace trína Leathanach Gnó Facebook. Thairis sin, thar an tréimhse chéanna 2020-2022, d’fhéadfadh úsáideoirí gnó gníomhú i gcáil tráchtála nó ghairmiúil freisin trí tháirgí agus seirbhísí a liostú d’úsáideoirí deiridh ar Marketplace trína bpróifíl phearsanta Facebook. Cé nach bhfuil cead ag úsáideoirí gnó nithe atá ar díol a liostú a thuilleadh trína Leathanach Gnó Facebook ón 30 Eanáir 2023 ar aghaidh, is féidir le húsáideoirí gnó fós míreanna a liostú trína bpróifíl phearsanta mar atá fógraithe ag Meta féin freisin.

(23)

Thairis sin, in easaontas le tuairimí Meta, measann an Coimisiún gur féidir úsáideoirí gnó Marketplace a shainaithint trí úsáid a bhaint as an gcomhfhogasú is fearr atá ar fáil, i bhfianaise na sonraí a sholáthraíonn Meta, mar a leagtar amach i Roinn A(1) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an nGníomh um Margaí Digiteacha. Ar an mbonn sin, is iomchuí a mheas mar úsáideoirí gnó Marketplace na húsáideoirí go léir, atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, a chruthaigh 28 liostú nó níos mó in aon mhí amháin ar a laghad den bhliain airgeadais, agus 80 % nó níos mó de na liostuithe á ndéanamh sa chatagóir chéanna. Arna iarraidh sin don Choimisiún, thug Meta le fios, bunaithe ar na critéir sin, gur comhlíonadh an tairseach don úsáideoir gnó faoi chorrlach mór níos mó ná faoi dheich sna blianta airgeadais 2020, 2021 agus 2022.

(24)

Ar deireadh, meastar nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a chuir Meta isteach i ndáil le Marketplace chun na toimhdí in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a chur in amhras go follasach. Ar an gcéad dul síos, in easaontas le tuairim Meta agus mar a mhínítear go mion sna míreanna roimhe seo, tá úsáideoirí gnó ag Marketplace de réir bhrí Airteagal 3(2)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha agus is tairseach é idir na húsáideoirí gnó sin agus na húsáideoirí deiridh sin. Ar an dara dul síos, agus an fhéidearthacht ann go bhfuil níos mó ná 100 000 úsáideoir gnó agus níos mó ná 100 milliún úsáideoir deiridh ann, is tairseach thábhachtach é Marketplace freisin. Ar an tríú dul síos, is tairseach thábhachtach ar leithleach é Marketplace freisin; Tá éileamh Meta ar a mhalairt mar gheall ar spleáchas Marketplace ar Facebook bunaithe ar chur i bhfeidhm mícheart na rialacha maidir le sonrú in Iarscríbhinn, pointe D.2.c. An Gníomh um Margaí Digiteacha. Ar an gceathrú dul síos, in easaontas le tuairim Meta, tá an caighdeán ceart chun measúnú a dhéanamh ar an bhfrisnéis de bhun Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha ag cur ‘na dtoimhdí in amhras go follasach’ a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

(25)

Tá na torthaí sa Chinneadh bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún tráth an Chinnidh. I gcás ina mbeidh aon athrú substaintiúil ar cheann ar bith de na fíorais ar a bhfuil an Cinneadh seo bunaithe, nó i gcás ina bhfuil an Cinneadh seo bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach, féadfaidh an Coimisiún an Cinneadh a athbhreithniú nó a leasú de bhun Airteagal 4(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

5.   CONCLÚID

(26)

Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, ainmnítear leis an gCinneadh Meta mar gheatóir i ndáil le (i) seirbhís líonra shóisialta ar líne Meta, Facebook; (ii) Seirbhís líonra shóisialta ar líne Meta, Instagram; (iii) Seirbhís fógraíochta Meta ar líne, Meta Ads; (iv) Seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de chuid Meta, WhatsApp; (v) Seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de chuid Meta, Messenger agus (vi) Seirbhísí idirghabhála ar líne Meta, Marketplace.

(27)

Diúltaítear leis an gCinneadh do na hargóintí frisnéise a d’ardaigh Meta i ndáil le (i) Seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, Messenger agus (ii) na seirbhísí idirghabhála ar líne, Marketplace.

(1)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lgh. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1092/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Az oldal tetejére