AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.11.2023
COM(2023) 691 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Plean nua fáis do na Balcáin Thiar
Réamhrá
Creideann an Coimisiún Eorpach go láidir gur príomhbheartas de chuid an Aontais Eorpaigh i gcónaí é an méadú agus go háirithe gur chun leas polaitiúil, slándála agus eacnamaíoch an Aontais féin é ballraíocht iomlán an Aontais do na Balcáin Thiar.
Léirítear arís le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine an gá atá le hinfheistíocht gheostraitéiseach dhiongbháilte in Eoraip chobhsaí, láidir agus aontaithe. Bhí tionchar nach beag ag an gcogadh ar ár gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar, ag cur brú breise ar a ngeilleagair agus ar a sochaithe agus ag cruthú rioscaí dá gcobhsaíocht. An gá atá ann iad a thabhairt níos gaire don Aontas agus dlús a chur lena bpróiseas aontachais, bunaithe ar athchóirithe a bhaineann leis an Aontas sna tíortha, ní raibh sé riamh níos soiléire ná mar atá sé sa lá atá inniu ann. Measann formhór shaoránaigh na mBalcán Thiar go mba mhaith an rud é ballraíocht a dtíre san Aontas. I ndáil leis an méid sin, leis an bplean nua fáis do na Balcáin Thiar, beidh deis ann infheictheacht na tacaíochta ón Aontas agus feasacht ar an tacaíocht ón Aontas don réigiún a mhéadú a thuilleadh, rud a neartóidh an rannpháirtíocht leis an spriocphobal áitiúil.
Is gné fhíor-riachtanach é an cóineasú eacnamaíoch chun tíortha na mBalcán Thiar a thabhairt níos gaire don Aontas Eorpach. Faoi láthair, níl leibhéal ná luas an chóineasaithe idir comhpháirtithe na mBalcán Thiar agus an tAontas sásúil – ó thaobh na bpróiseas athchóirithe ná ó thaobh an chóineasaithe shocheacnamaíoch de – agus mar gheall air sin tá bac ar a ndul chun cinn ar an mbealach i dtreo aontachas leis an Aontas. Dá bhrí sin, is gá dlús a chur le hullmhúcháin na mBalcán Thiar do bhallraíocht san Aontas agus iad a dhreasú trí roinnt de na tairbhí lena mbaineann a thabhairt chun tosaigh, go háirithe ar bhealaí inar bhféidir le saoránaigh thíortha na mBalcán Thiar iad a bhrath iad féin. Is é an cuspóir is ceart a bheith ann é a chur ar a gcumas do chomhpháirtithe luí isteach ar athchóirithe agus ar infheistíochtaí chun dlús nach beag a chur le luas phróiseas an mhéadaithe agus le fás a ngeilleagar.
* Ní dochar an t‑ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Chuige sin, tá plean nua fáis do na Balcáin Thiar á mholadh ag an gCoimisiún bunaithe ar cheithre cholún, arb é is aidhm dó:
1)Comhtháthú eacnamaíoch le margadh aonair an Aontais Eorpaigh a fheabhsú, faoi réir ailíniú na mBalcán Thiar le rialacha an mhargaidh aonair agus na hearnálacha agus na réimsí ábhartha a oscailt dá gcomharsana an tráth céanna, i gcomhréir leis an gCómhargadh Réigiúnach;
2)Borradh a chur faoi chomhtháthú eacnamaíoch laistigh de na Balcáin Thiar tríd an gCómhargadh Réigiúnach, bunaithe ar rialacha agus ar chaighdeáin an Aontais, rud a d’fhéadfadh méadú 10 % a chur lena ngeilleagair;
3)Dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha, lena n‑áireofar athchóirithe ar chnuasach na mbunphrionsabal, tacú le conair na mBalcán Thiar i dtreo ballraíocht san Aontas a bhaint amach, fás eacnamaíoch inbhuanaithe a fheabhsú lena n‑áireofar feabhas trí infheistíochtaí eachtracha a mhealladh agus cobhsaíocht réigiúnach a neartú;
4)Cúnamh airgeadais a mhéadú chun tacú leis na hathchóirithe trí Shaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar, ionstraim nua dar luach EUR 6 bhilliún i dtacaíocht neamh-inaisíoctha agus i dtacaíocht iasachta, agus é mar choinníoll íocaíochta go gcomhlíonfaidh comhpháirtithe na mBalcán Thiar athchóirithe bunúsacha, go háirithe athchóirithe socheacnamaíocha sonracha.
An cóineasú eacnamaíoch, is tairbhe mhór é sin a bhaineann le ballraíocht san Aontas. Léiríodh go soiléir san am a chuaigh thart an tionchar dearfach ar OTI agus ar leibhéil ioncaim tíre a eascraíonn as comhtháthú le margadh aonair an Aontais, in éineacht le Beartas Comhtháthaithe an Aontais. Chuige sin, tá gá le hinfheistíochtaí i nuachóiriú na ngeilleagar, agus sa bhonneagar, a bhfuil gá le cúnamh airgeadais breise ina leith. An tráth céanna, athchóirithe bunúsacha, lena n‑áirítear athchóirithe chun an smacht reachta agus cearta bunúsacha a neartú, tá na hathchóirithe sin fíor-riachtanach chun leas a bhaint as tairbhí an chomhtháthaithe agus chun timpeallacht fhabhrach a chruthú chun infheistíochtaí príobháideacha a mhealladh agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe a ghiniúint agus astaíochtaí á laghdú an tráth céanna. Anuas ar na deiseanna fostaíochta feabhsaithe a thiocfaidh le geilleagar nua-aimseartha dinimiciúil dícharbónaithe a fhorbairt, laghdófar an dreasacht le haghaidh imirce amach.
Cuireann an plean fáis nua seo leis an modheolaíocht um méadú atá ann cheana agus cruthaítear leis pacáiste de bhearta a threisíonn a chéile sa mhéid is go méadófar tairbhe ionchasach gach birt. Déantar foráil leis freisin maidir le tuilleadh dreasachtaí agus maidir leis na buntáistí a bhaineann le comhtháthú roimh an aontachas leis an Aontas, agus aidhm ann dá bhrí sin dlús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas. Ar deireadh, d’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú i measc thíortha is iarrthóirí, cuireann sé deiseanna breise ar fáil do na Balcáin Thiar anuas ar na deiseanna atá ar fáil faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCCanna) atá ann cheana. Tá an luas ar an rud is tábhachtaí faoi láthair agus is é an cuspóir go mbeidh fíordhifear le sonrú mar gheall ar an bplean fáis faoin mbliain seo chugainn.
Tá an plean fáis gan dochar do na próisis aontachais atá ar siúl faoi láthair, ná do na coinníollacha sonracha a leagtar amach ann sa chomhthéacs sin, go háirithe maidir leis na bunphrionsabail. Mar sin féin, cuirfidh sé leis an bpróiseas sin trí thíortha a dhreasú chun dlús a chur le glacadh agus le cur chun feidhme an acquis. Thairis sin, agus béim láidir á leagan ar chomhtháthú laistigh de réigiún na mBalcán Thiar, ba cheart é a bheith ina chuidiú leis na tíortha díriú ar a dtodhchaí choiteann mar bhaill den Aontas agus dúshláin dhéthaobhacha a shárú, dúshláin a thachtann an iomarca gusa sa réigiún ar an drochuair agus a choinníonn siar é.
1)Comhtháthú eacnamaíoch le margadh aonair an Aontais Eorpaigh a fheabhsú
Is é an comhtháthú le margadh aonair an Aontais is mó a spreagann fás eacnamaíoch i ngach tír a tháinig isteach san Aontas. I gcás tíortha atá ar chonair an aontachais leis an Aontas, bheadh tairbhí inbhraite ag na saoránaigh iad féin dá mbeadh comhlachas níos dlúithe le margadh aonair an Aontais ann.
Is príomhréasúnaíocht den phlean fáis é níos mó deiseanna a chur ar fáil do na Balcáin Thiar chun naisc níos dlúithe a dhéanamh le margadh aonair an Aontais. Is é an cuspóir atá ann geilleagair a thabhairt níos gaire don mhargadh aonair a luaithe a bheidh an leibhéal ullmhachta is gá bainte amach.
Mar chuid den phlean fáis sin, shainaithin an Coimisiún seacht réimse tosaíochta tosaigh, a d’fhéadfadh an tAontas a thairiscint do thíortha na mBalcán Thiar. Bheadh tairbhí substaintiúla eacnamaíocha ag baint leis an gcomhtháthú sin don réigiún agus d’áiritheofaí cothroime iomaíochta leathan i measc tíortha is iarrthóirí.
Beidh tabhairt chun críche na hoibre atá geallta ag na sé chomhpháirtí i gcomhthéacs an Chómhargaidh Réigiúnaigh ina réamhchoinníoll riachtanach le haghaidh comhtháthú níos dlúithe leis an margadh aonair. Tá an tairiscint faoi na seacht réimse tosaíochta bunaithe ar a fiúntas féin agus ina theannta sin tá sí faoi réir ailíniú roimh ré le acquis an Aontais i ngach réimse sonrach, lena n‑áirítear na bonneagair agus na hinstitiúidí oibre is gá a bheith ann. Ní bheidh aon chomhpháirtí de chuid na mBalcán Thiar in ann bac a chur ar rochtain na gcúig cinn eile ar mhargadh aonair an Aontais.
Is féidir na gníomhaíochtaí tosaíochta sin a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as bunús dlí reatha na gComhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais, trí chomhaontuithe comhlántacha spriocdhírithe nó trí leasú a dhéanamh, de réir mar is gá, ar an gConradh um an gComhphobal Iompair agus ar Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, conarthaí atá ann cheana.
|
An tairiscint do na Balcáin Thiar:
7 nGníomhaíocht Tosaíochta maidir le Comhtháthú i margadh aonair an Aontais
1.Saorghluaiseacht earraí:
(I)Comhaontuithe maidir le measúnú comhréireachta chun an margadh aonair a dhíghlasáil le haghaidh earraí a mhonaraítear sna Balcáin Thiar tar éis ailíniú le acquis táirgí cothrománacha ábhartha an Aontais.
(II)Comhaontú feabhsaithe maidir le comhar Custaim agus Cánach chun nósanna imeachta custaim a chuíchóiriú agus amanna feithimh ag teorainneacha a laghdú, trí bhearta lena n‑áirítear malartú faisnéise roimh ré, aitheantas frithpháirteach oibreoirí eacnamaíocha údaraithe, bunaithe ar fhiúntas, agus comhar níos dlúithe i bhforbairt a n‑ionú aonair náisiúnta agus cur chun feidhme níos tapa an acquis cánach indírí.
(III)Rannpháirtíocht chomhpháirtithe uile na mBalcán Thiar sa Choinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach.
(i) éilítear comhaontuithe atá bunaithe ar fhorálacha atá ann cheana in CCCanna, (ii) is é sin comhaontuithe lena gcomhlánófaí CCCanna agus lena gcuirfí leis an obair atá déanta cheana sa Chómhargadh Réigiúnach, áit a bhfuil comhpháirtithe na mBalcán Thiar ag comhtháthú eatarthu féin ar bhonn rialacha AE, (iii) is gá dul isteach i gcoinbhinsiún atá ann cheana. Beifear ag súil go dtacóidh comhpháirtithe na mBalcán Thiar le gach iarratas a dhéanfar laistigh den réigiún.
2.Saorghluaiseacht seirbhísí agus oibrithe:
(I)I gcás seirbhísí a bhaineann le ríomhthráchtáil, lena n‑áirítear seirbhísí seachadta beartán, seirbhísí turasóireachta agus gníomhaíochtaí eile i gcás inar thángthas ar chomhaontú laistigh den Chómhargadh Réigiúnach.
(II)Aitheantas scileanna agus cáilíochtaí idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, lena n‑áirítear cáilíochtaí gairmiúla. Ag tógáil ar na ceithre ‘chomhaontú cheannródaíocha maidir le soghluaisteacht a comhaontaíodh i gcomhthéacs an Chómhargaidh Réigiúnaigh trí chomhar feabhsaithe, malartú faisnéise agus úsáid uirlisí trédhearcachta - amhail an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) - chun aithint scileanna agus cáilíochtaí ar bhonn níos tapa agus níos éifeachtaí a éascú. Go háirithe, trí bhíthin cur chun feidhme éifeachtach ag na Ballstáit a chur chun cinn i gcás an Mholta a thiocfaidh ón gCoimisiún maidir le haithint cáilíochtaí náisiúnach tríú tíortha a mhéid a bhaineann le tíortha na mBalcán Thiar.
Maidir le (i) úsáidfear bunúis dlí reatha na CCCanna, a luaithe a chomhlíonfar coinníollacha bunaithe ar fhiúntas, lena n‑áireofar ailíniú agus cur chun feidhme acquis ábhartha an Aontais.
3.Rochtain ar an Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA):
Trí chostas na n‑íocaíochtaí trasteorann a laghdú chun tairbhe tomhaltóirí agus gnólachtaí, cuirfear borradh faoin tráchtáil trasteorann. Mar chuid den obair ar an gCómhargadh Réigiúnach, tá reachtaíocht náisiúnta á cur i bhfeidhm ag na Balcáin Thiar i dteannta a chéile, ar reachtaíocht í a éilíonn an Chomhairle Eorpach um Íocaíochtaí sular féidir a bheith rannpháirteach in SEPA. Leanfaidh an Coimisiún Eorpach de thacaíocht a thabhairt do thíortha na mBalcán Thiar chun ailíniú le reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus chun a n‑iarratas ar rochtain ar SEPA a ullmhú.
4.Iompar de bhóthar a éascú:
(I)Tacú le tíortha na mBalcán Thiar a n‑iompar de bhóthar a chomhtháthú sa réigiún ar bhonn ghlacadh acquis ábhartha an Aontais.
(II)Oibriú i gcomhthráth chun rochtain a thabhairt do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar ar chórais faisnéise ábhartha an Aontais (IMI, ERRU) agus féachaint an bhféadfaí oibríochtaí iompair déthaobhacha a éascú a thuilleadh, trí chomhaontú ar leith lena gcomhlánaítear na CCCanna.
Meastar, de thoradh an dá ghníomhaíocht, go gcuirfear dlús le glacadh acquis an Aontais maidir le hIompar de Bhóthar, go gcuirfear tairbhí eacnamaíocha móra ar fáil agus go mbainfear tuilleadh comhtháthaithe amach i réimse an iompair de bhóthar de réir a chéile.
5.Comhtháthú agus dícharbónú na margaí fuinnimh:
Cur leis an obair atá á déanamh cheana laistigh den Chomhphobal Fuinnimh chun an margadh leictreachais sa réigiún a chomhtháthú le margadh an Aontais agus chun an fhéidearthacht a chruthú go bhféadfaí margaí eile fuinnimh a chomhtháthú. Cuirfear san áireamh leis sin an gá atá le praghas carbóin a bheidh coibhéiseach le praghas carbóin Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais nó le cur i bhfeidhm an tSásra um Choigeartú Carbóin ar Theorainneacha chun go mbeifear in ann leanúint de chúpláil an mhargaidh leictreachais ó 2030 ar aghaidh.
Déanfar é sin trí chonradh an Chomhphobail Fuinnimh atá ann cheana a chur chun feidhme.
6.Margadh Aonair Digiteach:
(I)Leathnú chumhdach an chomhaontaithe fánaíochta dheonaigh atá ann faoi láthair a éascú i measc oibreoirí teileachumarsáide; céim eatramhach a bheadh sa mhéid sin go dtí (ii) thíos;
(II)Deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’úsáideoirí agus d’oibreoirí ag féachaint ar réitigh ar shocrú fánaíochta fadtéarmach chun na Balcáin Thiar a áireamh i limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’ an Aontais, agus gealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh á n‑urramú go hiomlán;
(III)Rialacha an Aontais um aghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe – bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí – a leathnú chuig na Balcáin Thiar;
(IV)An réigiún a chomhtháthú i seirbhísí iontaoibhe an Aontais a luaithe a bheidh an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le seirbhísí ríomh-shainaitheantais, fíordheimhnithe agus iontaoibhe (eIDAS). Céim idirmheánach a bheidh i bhforbairt Thiachóg na Céannachta Digití réigiúnach (‘Tiachóg na Céannachta Digití Bhalcánach’) a ailíneofar le ceann an Aontais Eorpaigh agus a leanfaidh na sonraíochtaí teicniúla ceannanna céanna.
(V)Naisc chibearshlándála a neartú trí chomhlachas thíortha na mBalcán Thiar leis an gcolún Cibearshlándála den chlár don Eoraip Dhigiteach a chumasú trína rochtain ar an gCúltaca Cibearshlándála faoin nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht a bheartú mar chéad chéim. Cur chun feidhme cuimsitheach Bhosca Uirlisí Cibearshlándála 5G an Aontais ag comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar a chur chun cinn.
(VI)An idir-inoibritheacht trasteorann a neartú trí chreataí idir-inoibritheachta náisiúnta a bheidh ailínithe go hiomlán leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta mar bhonn le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha, duinelárnacha.
(i) tá sé sin bunaithe ar na socruithe deonacha atá ann cheana, cé go mbeadh réiteach dlíthiúil inmharthana ag teastáil ó (ii) go (iv) (e.g. trí leasú ar na CCCanna). (v) beidh gá sa chás sin le hathrú ar an gcomhaontú comhlachais atá ann cheana leis an gclár don Eoraip Dhigiteach.
7.Comhtháthú i slabhraí soláthair tionsclaíocha:
(I)Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt maidir le slabhraí luacha amhábhar inbhuanaithe, tar éis díriú ar dtús ar thionscadail thionsclaíocha chomhpháirteacha nithiúla a shainaithint.
(II)Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt le haghaidh shlándáil sholáthar na gcógas criticiúil.
Beidh forbairt comhpháirtíochtaí straitéiseacha maidir le slabhraí luacha amhábhar inbhuanaithe bunaithe ar an méid seo a leanas: comhthionscadail amhábhar agus ceallraí inbhuanaithe a shainaithint agus a chur chun feidhme, ar comhthionscadail iad lena gcumhdaítear gach céim de na slabhraí luacha faoi seach i.e. taiscéalaíocht, eastóscadh, próiseáil/monarú agus athchúrsáil; agus tacú le cuideachtaí/eagraíochtaí na mBalcán Thiar dul isteach i gComhghuaillíocht Amhábhar an Aontais agus i gComhghuaillíocht Ceallraí an Aontais. Comhar níos dlúithe maidir le taighde agus nuálaíocht, fothú acmhainneachta e.g. trí rochtain thíortha na mBalcán Thiar ar Acadamh Scileanna Chomhghuaillíocht Ceallraí an Aontais agus Acadamh Amhábhar a éascú (iii) Comhpháirtíochtaí straitéiseacha idirnáisiúnta an Aontais a leathnú chun cógais chriticiúla agus comhábhair ghníomhacha chógaisíochta a tháirgeadh.
|
Is léiriú iad na réimsí tosaíochta sin ar chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara ar fud an réigiúin agus is nasc díreach iad leis an obair leanúnach chun an Cómhargadh Réigiúnach a chur chun feidhme.
Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún leasuithe ar CCCanna a mholadh chun sásra a thabhairt isteach lena gcuirfí ar chumas chomhlachtaí CCC cearta agus oibleagáidí acquis an Aontais a leathnú chuig na Balcáin Thiar, ach na coinníollacha a bheith comhlíonta. Chuirfeadh an sásra ar chumas institiúidí CCC iarscríbhinní a ghlacadh ina mbeadh liosta de reachtaíocht an mhargaidh aonair (‘acquis’) i réimsí sonracha a ndéanfaí an reachtaíocht sin a thrasuí sa reachtaíocht intíre, agus ina mbeadh rialacha maidir le faireachán. A luaithe a chinnfidh an Coimisiún gur ann d’ailíniú leis an acquis agus go mbeidh na rialacha á gcur chun feidhme go héifeachtach – agus chomh maith leis sin nach mbeidh aon riosca mór ann don chothroime iomaíochta i margadh aonair an Aontais (e.g. leibhéal leordhóthanach rialaithe in aghaidh trustaí, rialaithe cumaisc agus státchabhrach, i gcás inarb iomchuí) – d’fhéadfadh institiúidí CCC cinneadh a dhéanamh chun cóir chómhalartach sa mhargadh inmheánach a dheonú sa réimse sonrach lena mbaineann. Chomh maith le rochtain ar an margadh aonair, bhainfeadh tionchar dearfach le glacadh agus cur chun feidhme an acquis ar chonair an aontachais.
Chuirfeadh an cur chuige sin ar chumas CCCanna leathnú de réir a chéile a chur ar fáil chuig réimsí sonracha den acquis, go háirithe na réimsí siúd a bhfuil nasc sonrach acu leis an margadh aonair amhail bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta agus cearta maoine intleachtúla. Agus aird á tabhairt ar na hearnálacha ar cheart iad a ionchorprú, thabharfaí tosaíocht do réimsí ina ndearnadh gníomhaíochtaí substainteacha faoin gCómhargadh Réigiúnach.
Ina theannta sin, chun tacú go díreach leis na seacht ngníomhaíocht tosaíochta agus ar bhonn níos leithne chun a áirithiú go mbainfear a lánacmhainneacht amach, tá sraith de bhearta comhlántacha á moladh ag an gCoimisiún Eorpach.
Ar a laghad, ba cheart do thíortha uile na mBalcán Thiar páirt iomlán a ghlacadh i gcláir ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear go háirithe clár an mhargaidh aonair, na cláir Custam agus Fiscalis, an clár don Eoraip Dhigiteach agus Fís Eorpach (lena n‑áirítear féachaint ar an bhféidearthacht de shíntí ar a mhisin maidir le ‘Cathracha Aeráidneodracha Cliste’ agus maidir le ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú’). Spreagfar an rannpháirtíocht is iomláine is féidir i ngrúpaí saineolaithe faoi stiúir an Choimisiúin, de réir rialacha an Aontais, toisc gur conair thábhachtach iad sin chun eolas praiticiúil a fhorbairt maidir le cur chun feidhme éifeachtach an acquis. Féadfaidh tíortha na mBalcán Thiar tairbhe a bhaint as na bearta dá bhforáiltear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An Spás Riaracháin Eorpach a Fheabhsú (ComPAct)’, chun cuidiú le húdaráis phoiblí níos fearr a thógáil.
Naisc bhonneagair leis an Aontas a neartú, is é sin a bheidh mar bhonn taca leis an bhféidearthacht na Balcáin Thiar a chomhtháthú a thuilleadh sna codanna lena mbaineann den mhargadh aonair. Tá Creat Infheistíochta na mBalcán Thiar réidh chun dlús a chur leis an tacaíocht chun an bonneagar is gá a leagtar amach sa Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta a chur ar bun, chun an Straitéis Global Gateway sna Balcáin Thiar a chur chun feidhme, straitéis a bhfuil dlúthbhaint aici leis na gréasáin thras-Eorpacha. Beidh cur chun feidhme na gClár Oibre um Athchóiriú aonair (féach pointe 3 thíos) ríthábhachtach chuige sin. Leanfar den obair freisin ar an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN–T) a fhorbairt chun nascacht idir na Balcáin Thiar leis an Aontas a fheabhsú, chun tacú le comhtháthú i margadh aonair an Aontais agus chun córas iompair níos inbhuanaithe a chur chun cinn.
2)Borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach tríd an gCómhargadh Réigiúnach
Tá dúshlán mór eacnamaíoch roimh réigiún na mBalcán Thiar de dheasca a tharraingteacht d’infheisteoirí a bheith teoranta, mar gheall ar mhargaí ilroinnte beaga agus imirce amach ar mhórscála mar thoradh ar dheiseanna teoranta. Ag cruinniú mullaigh Phróiseas Bheirlín 2020, chinn an réigiún go mbeadh comhtháthú ar an leibhéal réigiúnach, trí Chómhargadh Réigiúnach, ar cheann de na príomhchur chuige chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.
Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta don Chómhargadh Réigiúnach clár fairsing gníomhaíochtaí atá bunaithe ar rialacha agus ar chaighdeáin an Aontais, chun na ceithre shaoirse gluaiseachta a bhunú laistigh de na Balcáin Thiar: earraí, seirbhísí áirithe, caipiteal agus oibrithe. Tá Clár Oibre Glas agus Clár Oibre Digiteach agus Nuálaíochta don réigiún ag gabháil leis sin. D’ainneoin tús a bheith curtha le han–chuid obair theicniúil, níor baineadh amach formhór na dtorthaí go fóill, go páirteach mar gheall ar bhacainní polaitiúla sa chinnteoireacht, go páirteach mar gheall ar luas an chur chun feidhme, rud ar gá dlús substaintiúil a chur leis.
Tá sé ríthábhachtach Cómhargadh Réigiúnach a fhorbairt ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, toisc go bhfuil sé ríthábhachtach chun leas a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch an réigiúin, chun deiseanna a chruthú do ghnólachtaí intíre agus d’oibrithe araon agus chun na Balcáin Thiar a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí Eorpacha. Meastar go bhféadfadh an Cómhargadh Réigiúnach 10 % a chur le geilleagair na dtíortha sa réigiún. Ar an dara dul síos, toisc go bhfuil an Cómhargadh Réigiúnach bunaithe ar ghlacadh agus ar chur chun feidhme chaighdeáin an Aontais.
Dá bhrí sin, feidhmíonn sé mar chéim i dtreo mhargadh aonair an Aontais in go leor earnálacha, agus mar bhealach chun dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht maidir le haontachas agus chun leas a bhaint as tairbhí luatha eacnamaíocha an tráth céanna. Tá comhtháthú eacnamaíoch níos dlúithe leis an Aontas fite fuaite le Cómhargadh Réigiúnach a thógáil. Mar chuid den phlean fáis sin, iarrtar ar thíortha na mBalcán Thiar gealltanas a thabhairt an athuair an Plean Gníomhaíochta don Chómhargadh Réigiúnach a chur chun feidhme ina iomláine.
Ní chuirfidh an tAontas deiseanna substaintiúla ar fáil maidir le comhtháthú i margadh aonair an Aontais ach amháin má dhéanann an réigiún beart de réir a bhriathair maidir le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach. Comhpháirtithe nach bhfuil tiomanta go hiomlán don Chómhargadh Réigiúnach nó a chuireann bac ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Chómhargaidh Réigiúnaigh, ní féidir leo súil a bheith acu go mbainfidh siad tairbhe as an bplean fáis i dtéarmaí deiseanna do chomhtháthú an mhargaidh aonair (colún 1).
Is é Comhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa an príomhshásra rialachais chun an Cómhargadh Réigiúnach a bhainistiú. Dá bhrí sin, is ríthábhachtach é go bhfeidhmeoidh sé go héifeachtach. Dá réir sin, ní mór dlús a chur leis an obair thábhachtach atá ar siúl faoi láthair – go háirithe sna réimsí seo a leanas:
·trádáil a éascú trí aitheantas réigiúnach níos fearr ar chaighdeáin agus ar dheimhniúchán (bunaithe ar rialacha an Aontais);
·tionchar diúltach na mbeart neamhtharaife a laghdú;
·earnáil na seirbhísí a oscailt suas, go háirithe réimse nua na ríomhthráchtála; agus
·gluaiseacht oibrithe a éascú trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla.
Tá bunú Lánaí Glasa ag teorainneacha laistigh den réigiún ar cheann de na tionscnaimh is rathúla a bhain leis an gCómhargadh Réigiúnach. Trí shonraí custaim a mhalartú sula sroicheann earraí pointí trasnaithe, laghdaítear go mór na hamanna idirthurais le haghaidh earraí. Tugtar le fios sna meastacháin gurb ionann an tionchar atá ag laghdú 3 huaire an chloig ar amanna feithimh agus laghdú 2 % ar tharaifí. Mar thoradh ar an rath sin sa réigiún, bunaíodh Lánaí Glasa (teorainneacha talún) agus Lánaí Gorma (teorainneacha muirí) idir an réigiún agus roinnt Ballstát de chuid an Aontais. Is sampla amháin é sin den chaoi ar féidir le doimhniú ar chomhar custaim borradh a chur faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch idir an réigiún agus an tAontas.
Tá go leor sruthanna oibre laistigh den Chómhargadh Réigiúnach ina bhféadfadh dul chun cinn an bealach a réiteach le haghaidh comhtháthú níos dlúithe leis an margadh aonair. Áirítear orthu sin an réigiún a chomhtháthú i gcórais an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus faireachas margaidh, aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla, rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe uile sa réigiún sa Choiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus i gCoiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC). Chun comhtháthú den sórt sin a dhéanamh, ní mór na hinstitiúidí agus na cleachtais is gá a fhorbairt, amhail trí Acadamh an Mhargaidh Aonair chun a áirithiú go n‑ailíneofar na córais náisiúnta go hiomlán le córais an Aontais.
Ag féachaint ar an todhchaí, ní mór comharba uaillmhianach ar phlean gníomhaíochta reatha an Chómhargaidh Réigiúnaigh a fhorbairt sula rachaidh an plean atá ann faoi láthair in éag in 2024. Ba cheart na deiseanna a thairgtear faoin bplean fáis sin a chuimsiú sa phlean gníomhaíochta nua agus ba cheart an Clár Oibre Glas agus an Clár Oibre Digiteach agus Nuálaíochta don réigiún a léiriú go hiomlán ann. Chun go mbeidh an Cómhargadh Réigiúnach slán i bhfad na haimsire agus mar ullmhúchán don Sásra um Choigeartú Carbóin ar Theorainneacha, ba cheart na heilimintí is gá a bheith sa phlean gníomhaíochta le go bhféadfaidh na Balcáin Thiar dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an dícharbónú.
3)Dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha
Is léir ón taithí a fuarthas ó bhabhtaí méadaithe i ndiaidh a chéile nach leor comhtháthú níos dlúithe le margadh aonair an Aontais ná tacaíocht airgeadais spriocdhírithe chun cóineasú socheacnamaíoch luathaithe a bhaint amach. Chun rath inbhuanaithe a bhaint amach, tá gá le hathchóirithe cuimsitheacha, lena n‑áirítear athchóirithe ar chnuasach na mbunphrionsabal. Tá siad ríthábhachtach do thíortha is iarrthóirí chun bogadh ar aghaidh i dtreo ballraíocht san Aontas, agus chun go mbeidh a ngeilleagair in ann déileáil le brú iomaíoch an mhargaidh aonair, agus chun gnólachtaí iomaíocha agus inbhuanaithe a thógáil chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh. Ina theannta sin, má chuirtear dlús leis na hathchóirithe bunúsacha, beidh tionchar dearfach aige sin ar an luas ar a mbogann tíortha ar feadh a gconaire aontachais leis an Aontas.
Mar chuid den phlean fáis sin, iarrfar ar gach comhpháirtí de chuid na mBalcán Thiar Clár Oibre don Athchóiriú a ullmhú bunaithe ar mholtaí atá ann cheana lena n‑áirítear moltaí ón bPacáiste bliantúil um Méadú agus ó chonclúidí an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais, bunaithe ar Chláir Athchóirithe Eacnamaíocha na dtíortha. Rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre, agus is é an Coimisiún a dhéanfaidh measúnú air agus a ghlacfaidh é.
Leis an gClár Oibre don Athchóiriú, sainaithneofar tacar teoranta athchóirithe tosaíochta, arna miondealú ina gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a bheidh mar choinníollacha íocaíochta, i.e. nuair a bhainfear amach iad, spreagfaidh siad scaoileadh cistí faoin tSaoráid nua Athchóirithe agus Fáis de réir amlíne réamhchinntithe. Beidh na coinníollacha íocaíochta nasctha le hathchóirithe socheacnamaíocha sonracha chun acmhainneacht fáis náisiúnta agus réigiúnach a scaoileadh, agus le hathchóirithe sonracha a bhaineann le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, lena n‑áirítear an smacht reachta, an daonlathas, urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha. Is coinníollacha ginearálta íocaíochta iad cobhsaíocht mhacra-airgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus maoirseacht an bhuiséid nach mór a chomhlíonadh maidir le haon scaoileadh cistí. Réamhchoinníoll eile is ceart a bheith ann ná go nglacfadh an tSeirbia agus an Chosaiv páirt chuiditheach i normalú a gcaidrimh d’fhonn a n‑oibleagáidí uile faoi seach a eascraíonn as an gComhaontú maidir leis an gConair i dtreo an Normalaithe agus as an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis agus as gach Comhaontú Idirphlé a rinneadh roimhe seo a chur chun feidhme go hiomlán agus go rachaidís i mbun caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach maidir le normalú an chaidrimh. Ní bheidh eisíocaíochtaí ag brath ar na hathruithe molta thuasluaite ar CCCanna (i.e. chun na 7 ngníomhaíocht tosaíochta a chur chun feidhme) a bheith déanta.
Beidh an Clár Oibre don Athchóiriú ina phríomhspreagadh don phlean fáis: má chomhlíontar é, cruthófar na réamhchoinníollacha is gá chun na deiseanna atá ar fáil sa mhargadh aonair a ghlacadh agus tairbhe iomlán a bhaint astu, chun eisíocaíochtaí a spreagadh faoin tSaoráid nua Athchóirithe agus Fáis agus, an tráth céanna, chun na tíortha a thabhairt níos gaire do chomhlíonadh na gcritéar maidir le ballraíocht san Aontas.
4)Tacú le cóineasú trí chúnamh airgeadais méadaithe: an tSaoráid nua Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar
Leis an tSaoráid nua Athchóirithe agus Fáis (dá ngairtear an tsaoráid anseo feasta) do na Balcáin Thiar, tabharfar tacaíocht tábhachtach chun an plean nua fáis agus na ceithre cholún a ghabhann leis a chur chun feidhme, trí chúnamh airgeadais a mhéadú go mór. Beidh íocaíochtaí faoi réir coinníollacha dochta ó thaobh príomh-athchóirithe de mar a leagtar amach sa Chlár Oibre um Athchóiriú.
Cumhdóidh an tsaoráid atá beartaithe an tréimhse 2024-2027. Sholáthródh léi tacaíocht airgeadais i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha (suas le EUR 2 bhilliún) agus iasachtaí (suas le EUR 4 bhilliún) trí eisíocaíochtaí díreacha leis na buiséid náisiúnta, nó mar chistiú infheistíochta caipitil trí Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (WBIF).
Beidh sí ina cuid lárnach den phlean fáis, rud a mhéadóidh go mór an cúnamh airgeadais atá bunaithe ar chlár oibre uaillmhianach don athchóiriú lena ndíreofar ar athchóirithe socheacnamaíocha riachtanacha mar aon le hathchóirithe bunúsacha, lena n‑áirítear athchóirithe ar an smacht reachta agus cearta bunúsacha. Tabharfar isteach coinníollacht láidir trí shásra íocaíochta a bhunú bunaithe ar a bhfuil bainte amach ag na príomh-athchóirithe agus moltaí ón bPacáiste um Méadú is déanaí ón gCoimisiún á gcur san áireamh. Le cur chuige den sórt sin, tá gá le dearadh iomlán nua, atá éagsúil leis na hionstraimí cúnaimh sheachtraigh atá ar fáil faoi láthair. Níl an cineál sin coinníollachta fairsinge ex-ante ná an tógáil atá beartaithe indéanta faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) atá ann cheana. Beidh coinníollacha íocaíochta ina gcomhlánú agus ina dtreisiú le haghaidh cineálacha eile tacaíochta déthaobhaí do na Balcáin Thiar a chuirtear ar fáil trí ionstraimí eile de chuid an Aontais.
Le tionchar airgeadais na saoráide, mar aon leis na cistí atá fós ar fáil faoi IPA III don chuid eile de CAI 2021-2027, soláthrófar, a bheag nó a mhór, an déine cabhrach chéanna do na Balcáin Thiar in aghaidh an áitritheora agus a bheidh ag an mbeartas comhtháthaithe san Aontas ar an meán. D’fhreagródh atreisiú buiséid den sórt sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo do na hiarrataí méadaitheacha ón réigiún ar chóineasú socheacnamaíoch níos láidre; threiseodh sé freisin an teachtaireacht don réigiún gur féidir na buntáistí a bhaineann le comhtháthú níos dlúithe leis an Aontas a bhrath roimh an aontachas. Is é an cuspóir fadtéarmach cuidiú leis an réigiún a lánacmhainneacht a bhaint amach ó thaobh cumas forbartha eacnamaíche agus sóisialta de i gcomparáid le Ballstáit an Aontais faoi 2030.
Tá an ionstraim ceaptha le bheith solúbtha, curtha in oiriúint don chuspóir dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha socheacnamaíocha agus an réigiún a thabhairt níos gaire don Aontas, agus intuarthacht, trédhearcacht, infheictheacht agus cuntasacht na gcistí á n‑áirithiú an tráth céanna.
Beidh an ionstraim nua comhlántach leis an gcúnamh airgeadais atá ann faoi láthair faoi IPA III agus treiseoidh siad a chéile, agus – go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla agus riaracháin ar chomhar trasteorann – le cláir chomhair Interreg faoi Bheartas Comhtháthaithe an Aontais a bhaineann leis na Balcáin Thiar. Leis na hathchóirithe sonracha faoin gClár Oibre um Athchóiriú, beifear in ann na coinníollacha is gá a chur i bhfeidhm chun tionchar an chúnaimh airgeadais mhóir faoin tsaoráid nua agus faoi IPA III araon a threisiú a oiread is féidir.
Conclúid
Mar fhreagairt ar na dúshláin atá roimh na Balcáin Thiar, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, mar gheall ar an ngá borradh a chur an athuair faoi na geilleagair tar éis phaindéim COVID-19 agus mar gheall ar an tionchar atá ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin faoi láthair, tá sé á mholadh ag an gCoimisiún go dtabharfadh an tAontas tairiscint mhisniúil don réigiún. Tairiscint a chuirfeadh deiseanna ar fáil chun borradh a chur faoin gcóineasú socheacnamaíoch agus chun ár gcomhpháirtithe a thabhairt níos gaire do mhargadh aonair an Aontais in go leor réimsí, chomh maith le tacaíocht mhór airgeadais bhreise. Leis an tairiscint seo, féachtar le roinnt de na tairbhí eacnamaíocha a thabhairt chun cinn don tréimhse réamhaontachais chun geilleagair níos láidre agus níos athléimní a thógáil agus chun tairbhí eacnamaíocha laethúla a chur ar fáil do ghnólachtaí, d’oibrithe agus do thomhaltóirí araon. Rachaidh sé sin chun tairbhe don Aontas ar fad – comhtháthú tíortha dea-ullmhaithe a bheidh níos láidre ó thaobh an gheilleagair de agus a mbeidh rialacha agus caighdeáin an Aontais á gcur i bhfeidhm acu cheana féin roimh a n‑aontachas.
Chun leas a bhaint as acmhainneacht an phlean fáis sin, beidh ar chomhpháirtithe na mBalcán Thiar an tairiscint sin a chomhlíonadh le hiarrachtaí daingne chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gclár oibre athchóirithe intíre agus maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch laistigh den réigiún a neartú. Tá sé de fhreagracht ar a n‑údaráis cumarsáid éifeachtach a dhéanamh maidir leis an bplean fáis agus maidir lena chur chun feidhme. Le chéile, ba cheart do na Balcáin Thiar agus don Aontas an deis seo a thapú chun dlús a chur leis an dul chun cinn ar chonair an aontachais.
Bearta a thacaíonn le comhtháthú i margadh aonair an Aontais
Fiontraíocht: Deiseanna do ghnólachtaí
·Borradh a chur faoin nuálaíocht, luachshocrú eolais a mhéadú, agus infheistíochtaí i dtáirgí nua a chosaint trí líonra struchtúrtha comhair a bhunú i measc chomhpháirtithe na mBalcán Thiar chun cearta maoine intleachtúla a chur i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe.
·Borradh a chur faoi fhorbairt thionscal an agraibhia, lena n‑áirítear an t‑iascach agus an dobharshaothrú, i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Borradh a chur faoin trádáil talmhaíochta trí aitheantas a thabhairt do phleananna teagmhasacha na mBalcán Thiar le haghaidh torthaí agus glasraí agus do phleananna suirbhéanna barrbhunaithe, ar pleananna iad a d’fhormheas páirtithe Chomhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa (CEFTA) cheana féin.
·Borradh a chur faoin nuálaíocht trí na nithe seo a leanas a dhéanamh (i) Comhairle Nuálaíochta Eorpach thiomnaithe (CNE) a fhorbairt
réamhluasaire do na Balcáin Thiar, ag cabhrú le cuideachtaí nuálaíochta domhainteicneolaíochta a n‑acmhainneacht iomlán a fhorbairt le smaointe nithiúla agus pleananna infheistíochta agus (ii) tacú le nuálaithe agus fiontraithe agus iad a uas-sciliú, trí ghníomhaíochtaí na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus a Pobail Eolais agus Nuálaíochta.
·Dlús a chur le haistriú agus uas-scálú réiteach nuálaíochta teicneolaíochta agus sóisialta chun cathracha aeráidneodracha cliste a bhaint amach.
Níos gaire don Aontas Eorpach: Deiseanna chun ullmhú don mhargadh aonair
·Acadamh don Mhargadh Aonair a bhunú - clár fothaithe acmhainneachta, a ceapadh chun bonneagar ardcháilíochta na mBalcán Thiar a thógáil suas go leibhéil oibríochta an Aontais, chun dlús a chur leis an bpróiseas chun saorghluaiseacht earraí a bhaint amach. Na chéad réimsí a ndíreofar orthu ná caighdeáin, deimhniú agus measúnú comhréireachta.
·Ballraíocht iomlán agus rannpháirtíocht iomlán CEN agus CENELEC ag comhpháirtithe na mBalcán Thiar a chur chun cinn, nuair is féidir.
Nascadh agus nuachóiriú: Deiseanna don earnáil dhigiteach
·Réigiún na mBalcán Thiar a dhéanamh níos athléimní ó thaobh na cibearshlándála de agus an chibearchoireacht a chomhrac le chéile, lena n‑áirítear trí rannpháirtíocht a mhéadú i seisiúin oiliúna agus in imeachtaí arna n‑eagrú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA).
·Rochtain iomlán a dheonú ar an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach.
·Páirt a ghlacadh in Acadamh Idir-inoibritheach na hEorpa chun borradh a chur faoi ardscileanna digiteacha na n‑údarás poiblí i réimse na hidir-inoibritheachta.
·Tacú le nascacht idirnáisiúnta shlán agus bonneagar líonra 5G a chur in úsáid trí thionscadail infheistíochta WBIF, i gcomhréir le bosca uirlisí cibearshlándála 5G an Aontais. Tacóidh líonraí 5G leis an gclaochlú digiteach sa réigiún.
·Dlús a chur le haistriú digiteach FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta trí rannpháirtíocht sa Chlár don Eoraip Dhigiteach, agus páirt a ghlacadh sa Líonra Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach (EDIHanna) lena dtacaítear le cuideachtaí agus leis an earnáil phoiblí san aistriú glas agus san aistriú digiteach.
·Idirphlé a fhorbairt maidir leis an Intleacht Shaorga (IS), lena n‑áirítear tionscnaimh shuaitheanta amhail samhlacha intleachta saorga. Díreofar ar IS Ghiniúnach agus go háirithe ar Shamhlacha Teanga Móra.
Athsciliú agus uas-sciliú: Deiseanna fostaíochta agus oiliúna
·Ballraíocht Europass a leathnú chuig tíortha uile na mBalcán Thiar: cuidiú le cuardaitheoirí poist an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairmréim agus deiseanna nua a chur ar fáil agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt dá rannpháirtíocht i nGrúpa Comhairleach an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí: trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí a éascú.
·Féachaint ar rannpháirtíocht i roinnt gníomhaíochtaí de chuid Líonra Eorpach na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (Líonra na SPFanna) agus ar chomhar leis an Líonra lena neartaítear cumas na seirbhísí poiblí fostaíochta sna Balcáin Thiar.
·Ionaid oibre níos sábháilte a chruthú trí fhothú acmhainneachta i gCigireachtaí Saothair na mBalcán Thiar.
·Rannpháirtíocht ghníomhach sa Bhliain Eorpach um Scileanna agus sa Chomhshocrú um Scileanna a neartú chun meon uas-scilithe agus athscilithe a chur chun cinn, trí úsáid a bhaint as an ngrúpa Comhordaitheoirí Náisiúnta mar ardán malartaithe maidir le beartais scileanna.
·Comhar maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint a chothú, go háirithe maidir le printíseachtaí agus foghlaim obairbhunaithe faoi chuimsiú an Chomhaontais Eorpaigh do Phrintíseachtaí.
·Leanúint de rannpháirtíocht thíortha uile na mBalcán Thiar sa tsraith maidir le Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a spreagadh.
Am don Óige: Deiseanna do Dhaoine Óga
·É a dhéanamh níos éasca do dhaoine óga dul i mbun staidéir thar lear trí aitheantas ar cháilíochtaí acadúla agus ar thréimhsí soghluaisteachta a éascú.
·Rochtain ar oideachas ardcháilíochta a fheabhsú agus bacainní ar an bhfoghlaim a bhaint, oibriú i dtreo rannpháirtíocht iomlán chomhpháirtithe na mBalcán Thiar sa Limistéar Eorpach Oideachais agus tacú le comhar trasnáisiúnta na n‑institiúidí ardoideachais.
Físeanna níos leithne: Deiseanna le haghaidh turasóireacht, taisteal, iompar agus gníomhaíochtaí cultúrtha níos éasca
·Comhiarrachtaí chun an Eoraip a chur chun cinn mar cheann scríbe turasóireachta i dtríú tíortha trí bhallraíocht iomlán a thabhairt do chomhpháirtithe uile na mBalcán Thiar leis an gCoimisiún Eorpach um Thaisteal.
·Breathnóirí sa Spás Sonraí don Turasóireacht: an fhaisnéis is gá a sholáthar chun pleanáil turasóireachta a fheabhsú.
·Comhpháirtíochtaí tallainne turasóireachta a fhorbairt maidir le scileanna idir an tAontas agus na Balcáin Thiar chun a bhfuil le tairiscint acu ó thaobh na turasóireachta de a mhéadú agus a fheabhsú. Rannpháirtíocht chomhpháirtithe uile na mBalcán Thiar in Eoraip na Cruthaitheachta a mhéadú a thuilleadh chun tacú le ról na n‑earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha sa gheilleagar.
Suaimhneas Intinne: Cosaint do thomhaltóirí
·Rochtain a thabhairt d’údaráis faireachais margaidh sna Balcáin Thiar ar an uirlis ríomhfhaireachais úd, an Ransaitheoir Gréasáin, lena mbraitear táirgí ar tugadh fógra ina leith go bhfuil siad contúirteach sa chóras Safety Gate.
·Rochtain a thabhairt ar roinnt faisnéis phoiblí maidir le Safety Gate, agus san fhadtéarma faisnéis neamhphoiblí roghnaithe a mhalartú maidir le sábháilteacht táirgí agus bearta arna ndéanamh.
·Rochtain ar eilimintí roghnaithe den acadamh ríomh-Fhorfheidhmiúcháin a thabhairt.