AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.10.2023
COM(2023) 640 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2022
MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM PHRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA AGUS MAIDIR LE CAIDREAMH LEIS NA PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2022
MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM PHRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA AGUS MAIDIR LE CAIDREAMH LEIS NA PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA
1.réamhrá
Is í seo an 30ú tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, arna tíolacadh faoi Airteagal 9 de Phrótacal (Uimh. 2) maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta (‘Prótacal Uimh. 2’) ar an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ó bhí 2018 ann, cumhdaítear leis an tuarascáil caidreamh an Choimisiúin leis na Parlaimintí náisiúnta, a bhfuil ról mór acu i gcur i bhfeidhm na bprionsabal sin.
In 2022, bhí filleadh ar an ngnáthshaol tar éis na srianta a tugadh isteach i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19 a bhaint. Bhain sé sin freisin leis an gcaidreamh leis na Parlaimintí náisiúnta, agus aistríodh formhór na n‑idirghníomhaíochtaí ó idirghníomhaíochtaí fíorúla go dtí idirghníomhaíochtaí i bpearsa.
Bhí tionchar ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine - mar a bhí aige i ngach áit - maidir leis an gcaidreamh leis na Parlaimintí náisiúnta agus maidir leis an gcomhar idirpharlaiminteach. Cogadh ab ea an t‑ábhar ar luaigh Parlaimintí náisiúnta é i dtuairimí éagsúla agus i ngach cruinniú de chuid COSAC. Mar sin féin, bhí Parlaimintí náisiúnta fós dírithe ar phríomhthosaíochtaí an Choimisiúin, agus aird ar leith á díriú ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach agus ar shaincheisteanna an daonlathais.
Le dúnadh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, tarraingíodh aird freisin ar ról na bParlaimintí náisiúnta. Áiríodh ina conclúidí roinn maidir leis an gcoimhdeacht, ina raibh roinnt beart atá beartaithe chun cuidiú lena áirithiú go n‑urramófar prionsabal na coimhdeachta i reachtaíocht an Aontais.
Rinne na Parlaimintí náisiúnta dianmhachnamh freisin ar an ról atá acu i gceapadh beartas ag an Aontas agus ar conas feabhas a chur ar an urraim do luachanna Eorpacha, don smacht reachta, do chearta bunúsacha agus don daonlathas. Faoi Uachtaránacht na Fraince, d’eisigh dhá mheitheal conclúidí maidir leis na hábhair sin.
In 2022, thosaigh an Coimisiún na gealltanais nua maidir le rialáil níos fearr a chuir sé i láthair an bhliain roimhe sin a chur i ngníomh. Áiríodh leis sin anailís agus cumarsáid níos fearr ar an gcaoi a gcuirtear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta san áireamh ina thograí.
2.cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta ag na hinstitiúidí
An Coimisiún
Rialáil níos fearr: an Teachtaireacht, treoirlínte leasaithe agus bosca uirlisí a chur chun feidhme
In 2022, rinne an Coimisiún na treoirlínte athbhreithnithe maidir le rialáil níos fearr agus an bosca uirlisí a glacadh in 2021 a chur chun feidhme, rud a neartaigh a thuilleadh cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Mar a fógraíodh i dTeachtaireacht 2021 maidir le Rialáil Níos Fearr, thosaigh an Coimisiún ag cur greille mheasúnaithe maidir leis an gcoimhdeacht i gceangal go córasach le gach togra atá íogair ó thaobh na polaitíochta de agus le gach togra tábhachtach a mbíonn measúnú tionchair ag gabháil leo. Le comhairliúcháin phoiblí, cumasaítear anois idirdhealú níos soiléire a dhéanamh idir údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, agus léiriú a thabhairt ar a n‑ionchur faoi seach ar bhealach níos cruinne.
Ina theannta sin, threisigh an Coimisiún a mheasúnuithe tionchair chríochaigh agus thug sé isteach measúnú tuaithe, ionas gur fearr a chuirfear riachtanais agus saintréithe sonracha réigiúin agus chríocha éagsúla an Aontais san áireamh. Dá réir sin, áirítear sna measúnuithe tionchair uile próiseas scagtha níos cuimsithí chun éifeachtaí suntasacha neamhshiméadracha tograí reachtacha ón gCoimisiún ar chríocha éagsúla an Aontais a shainaithint, amhail limistéir thrasteorann, thuaithe, oileánacha, shléibhtiúla, is forimeallaí nó limistéir inar tearc an daonra. Léiríonn an mhodheolaíocht scagtha sin, i bpróiseas trí chéim, cé acu an ann d’iarmhairtí críochacha díréireacha ar fiú measúnú tionchair chríochaigh a dhéanamh orthu.
Thairis sin, thosaigh an Coimisiún ar an gcur chuige ‘ceann‑istigh‑ceann‑amuigh’ a chur chun feidhme go hiomlán in 2022, rud a chiallaíonn go bhfuil ualaí nua ar ghnólachtaí agus ar dhaoine aonair a eascraíonn as tograí reachtacha ón gCoimisiún á bhfritháireamh trí ualaí atá ann cheana sa réimse beartais céanna a laghdú. Cuirtear gach costas comhlíonta agus gach coigilteas costais i láthair go hiomlán agus go trédhearcach i measúnuithe tionchair. Faoin gcur chuige ‘ceann‑istigh‑ceann‑amuigh’, déantar costais choigeartaithe a chúiteamh a oiread agus is féidir, agus déantar costais riaracháin a fhritháireamh sa réimse beartais céanna a oiread agus is féidir agus sonraíochtaí na réimsí beartais aonair á gcur san áireamh. Leis an gcur chuige sin, tá creat rialála an Aontais níos comhréirí ar an bhforiomlán, spreag sé cainníochtú níos forleithne ar chostais agus ar shochair agus ghníomhaigh sé mar chineál ‘sos costas’. Dá bhrí sin, chuidigh sé le costais a íoslaghdú agus na buntáistí a uasmhéadú do dhaoine agus do ghnólachtaí. Le Suirbhé Bliantúil maidir le hUalaí 2022 cuirtear i láthair go trédhearcach na torthaí dearfacha as ar eascair laghdú foriomlán EUR 7.3 billiún ar ualaí riaracháin in 2022.
Ionchur ón ardán ‘Réidh don Todhchaí’ maidir le simpliú agus laghdú ualaigh
In 2022, ghlac an t‑ardán ‘Réidh don Todhchaí’ – sainghrúpa ardleibhéil a chuidíonn leis an gCoimisiún dlíthe an Aontais a shimpliú agus ualaí rialála gaolmhara nach bhfuil gá leo a laghdú – 10 dtuairim atá bunaithe ar a chlár oibre bliantúil. Cumhdaíodh leis raon leathan ábhar amhail airgeadas agus cánachas, an comhshaol, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, cearta íospartach, cur amú bia agus réitigh bhitheolaíocha. Le roinnt mhaith de na tuairimí, tugadh smaointe ar aghaidh maidir le simpliú agus laghdú ualaigh a d’fhéadfadh feabhsuithe go díreach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a bheith mar thoradh orthu. Sampla de sin is ea an tuairim maidir le straitéis idir‑inoibritheachta an rialtais, lenar iarradh anailís – i measúnuithe tionchair ábhartha – ar indéantacht córais rialachais idir‑inoibritheachta. Leis an tuairim maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite agus ar an Treoir maidir le cineál‑cheadú mótarfheithiclí d’fhéadfadh sé tairbhe a dhéanamh do leibhéil áitiúla agus réigiúnacha freisin mar d’iarr sí ar an gCoimisiún digitiú iomlán an chórais chlárúcháin agus suiteáil lárchórais clárúcháin agus/nó córas idir‑inoibritheachta a mheas nó comhoiriúnacht agus comhordú na gcóras clárúcháin ar fud na mBallstát agus laistigh díobh a áirithiú. Thairis sin, sa tuairim maidir leis an idirnascacht idir an t‑aistriú digiteach agus an t‑aistriú glas, cuireadh i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le húsáid níos fearr a bhaint as fadbhreathnaitheacht straitéiseach agus, i measc nithe eile, as rochtain níos fearr ar shonraí trí bhonneagar leathanbhanda agus rialachas feabhsaithe.
Rannchuidigh líonra RegHub Choiste na Réigiún trína thaithí ar an láthair le cur chun feidhme bheartas an Aontais, agus bhí an t‑ardán in ann leas a bhaint as a chuid tuairimí. Sholáthair líonra RegHub ionchur freisin do chlár oibre bliantúil an ardáin trí ábhair spéise a mholadh do na leibhéil áitiúla agus réigiúnacha. Agus, in 2022, chuir an líonra an Tuarascáil Speisialta ‘Rialacha an 21ú Céad le haghaidh Bhonneagar an 21ú Céad’ i láthair. Díríodh sa tuarascáil ar chonstaicí roimh bhonneagar iompair, digiteach agus glas a bhíonn ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha a shárú agus tionscadail bhonneagair á rolladh amach acu. Sholáthair sí tuairimí na n‑údarás réigiúnach agus áitiúil maidir le bacainní agus réitigh infheistíochta fhéideartha, atá ríthábhachtach chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a éascú agus chun cuspóirí an Aontais maidir leis an gComhaontú Glas, an Deacáid Dhigiteach, agus an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste a bhaint amach.
Measúnuithe tionchair
Déanann an Coimisiún anailís ar chomhlíontacht le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta i ngach measúnú tionchair a ullmhaítear do thograí beartais agus reachtacha. Tá na measúnuithe seo faoi réir rialú cáilíochta neamhspleách ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála. Rinne an Bord grinnscrúdú ar 70 measúnú tionchair in 2022, i gcomparáid le 83 in 2021.
Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, baineann ábharthacht ar leith le haon ghné trasteorann, mar shampla an togra le haghaidh Treoir maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní. Cuireadh i dtábhacht sa mheasúnú tionchair nach leor iarrachtaí aonair na mBallstát chun déileáil leis an gcoireacht eagraithe chun dul i ngleic le cineál trasteorann grúpaí coireachta eagraithe. Is é is cúis leis sin go bhfuil 70 % de na grúpaí coiriúla a oibríonn san Aontas gníomhach i níos mó ná trí Bhallstát agus go ndéanann siad maoin a dhíorthaítear ó ghníomhaíochtaí coiriúla ar fud mhargadh inmheánach an Aontais a cheilt agus a athinfheistiú.
Maidir le comhréireacht an togra sin, dhírigh an anailís measúnaithe tionchair áirithe sin ar a mhéid atá na bearta comhréireach freisin i gcomparáid leis an ualach atá ar na Ballstáit. Breathnaíodh san anailís ar chur isteach féideartha ar shaoirse na mBallstát chun féineagraithe, agus ar éifeachtúlacht a chothromú le cur isteach ar chearta bunúsacha. Tháinig sí ar an gconclúid gur mhó an tionchar a bheadh ag na bearta atá beartaithe ar na Ballstáit ó thaobh na n‑acmhainní a bhfuil gá leo agus an gá atá le creataí náisiúnta a oiriúnú mar gheall ar na tairbhí a bhfuil coinne leo go mbeadh na húdaráis in ann sócmhainní aindleathacha a rianú agus a shainaithint, a chalcadh, a bhainistiú agus a choigistiú ar bhealach níos fearr.
Meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta
Is gnéithe fíor‑riachtanacha de mheastóireachtaí agus de sheiceálacha oiriúnachta iad an choimhdeacht agus an chomhréireacht, a dhéanann measúnú ar cé atá nó nach bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag súil leo bainte amach ag gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i dtéarmaí éifeachtúlachta, éifeachtachta, comhleanúnachais, ábharthachta agus breisluacha AE.
Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála grinnscrúdú ar 10 mórmheastóireacht, lena n‑áirítear 2 sheiceáil oiriúnachta, in 2022. Cuidíonn na meastóireachtaí freisin lena mheas an gcomhlíonann gníomhaíocht an Aontais prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta le himeacht ama.
Mar shampla, suíodh sa mheastóireacht ar an Treoir maidir le Sloda Séarachais gur choinnigh an Treoir a breisluach i gcomparáid le rialáil ar bhonn náisiúnta amháin, ós rud é gurb í an t‑aon ionstraim dlí í lena soláthraítear creat ar fud an Aontais le haghaidh dálaí comhshaoil maidir le cosaint ithreach le haghaidh úsáid shábháilte sloda ar thalamh talmhaíochta san Aontas. Leis sin, socraítear íosleibhéal comhchuibhithe le haghaidh rialú truaillithe, rud a laghdaíonn na rioscaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann le gnóthú sloda sa talmhaíocht. Léiríodh sa mheastóireacht, cé gur ghlac neart Ballstát rialacha níos déine, go raibh íosleibhéal na cosanta comhshaoil a leagtar síos leis an Treoir mar bhonn do rialacháin náisiúnta i mBallstáit eile agus i dtíortha is iarrthóirí nár baineadh amach na híoschaighdeáin sa Treoir go fóill. Dá bhrí sin, bhí an Treoir i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.
Parlaimint na hEorpa
In 2022, fuair Parlaimint na hEorpa 249 n‑aighneacht ó na Parlaimintí náisiúnta faoi Phrótacal Uimh. 2. As na haighneachtaí sin, tuairimí réasúnaithe ba ea 34 díobh agus ranníocaíochtaí eile ba ea 215 díobh (aighneachtaí nach léiríonn ábhar imní maidir leis an gcoimhdeacht). I gcomparáid leis sin, in 2021, fuair Parlaimint na hEorpa 227 n‑aighneacht, ar thuairimí réasúnaithe 24 díobh.
Ba iad an tUasal Nacho Sánchez Amor (S&D/ES) agus Karen Melchior, Uasal (Renew/DK) na buanrapóirtéirí ar choimhdeacht sa Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (JURI) in 2022, sa chéad agus sa dara leath den bhliain faoi seach. In 2022, rannchuidigh an Coiste leis an 37ú agus leis an 38ú tuarascáil dhébhliantúil ó COSAC maidir le forbairtí i nósanna imeachta agus cleachtais an Aontais a bhaineann le grinnscrúdú parlaiminteach.
Lean Seirbhís Taighde Pharlaiminteach na hEorpa uirthi ag cuidiú le Parlaimint na hEorpa breithnithe na coimhdeachta agus na comhréireachta a ionchorprú ina cuid oibre. In 2022 rinne sé 45 bhreithmheas tosaigh ar mheasúnuithe tionchair an Choimisiúin, anailís chuimsitheach amháin ar na treoirlínte athbhreithnithe maidir le rialáil níos fearr, 6 mheasúnú ex post Eorpach ar chur chun feidhme, 20 breithmheas ar chur chun feidhme, ceithre pháipéar ‘cur chun feidhme i mbun gníomhaíochta’ (lena n‑áirítear foilseachán ina ndéantar grinnscrúdú ar chlár oibre bliantúil an Choimisiúin), ceithre sheicliosta rollacha mhionsonraithe agus staidéar amháin eile. A mhéid a bhaineann le breisluach an Aontais, bhí dhá thuarascáil maidir le costas na Neamh‑Eorpa, dhá mheasúnú breisluacha an Aontais, cúig pháipéar ar bhreisluach bheartais an Aontais atá ann cheana agus trí fhoilseachán eile ann freisin.
Comhairle an Aontais Eorpaigh
In 2022, lean Comhairle an Aontais Eorpaigh (‘an Chomhairle’), lena n‑áirítear a meithleacha ábhartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na gconclúidí a ghlac an Chomhairle agus an Chomhairle Eorpach sna blianta roimhe sin lena gcumhdaítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ba iad sin na conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le ‘Clár oibre an Mhargaidh Aonair a thabhairt chun críche a thuilleadh’, na conclúidí ón gComhairle maidir le: ‘Rialáil níos fearr – lena n‑áiritheofar iomaíochas agus inbhuanaitheacht, fás cuimsitheach’; na conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Boscaí gainimh rialála agus clásail thástála mar uirlisí le haghaidh creat rialála atá fabhrach don nuálaíocht, atá sábháilte don todhchaí agus athléimneach agus a dhéanann máistreacht ar dhúshláin shuaiteacha san aois dhigiteach’; na conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Teicneolaíochtaí sonraí chun feabhas a chur ar “Rialáil Níos Fearr”.
Chomh maith lena hoibleagáidí i leith na gConarthaí, coinníonn an Chomhairle na Ballstáit ar an eolas faoi thuairimí na bParlaimintí náisiúnta maidir le tograí reachtacha. In 2022, dháil Ardrúnaíocht na Comhairle 32 thuairim réasúnaithe a fuarthas faoi Phrótacal Uimh. 2 agus 152 thuairim a eisíodh mar chuid den idirphlé polaitiúil.
Coiste na Réigiún
In 2022, lean Coiste na Réigiún de bheith ag obair ar an gcoimhdeacht, ar an gcomhréireacht agus ar rialáil níos fearr, bunaithe ar na tosaíochtaí dá théarma 2020-2025. Áirítear orthu sin: leanúint le cuidiú le cáilíocht reachtaíocht an Aontais a fheabhsú, a tionchar críochach a réamh‑mheas níos fearr agus prionsabal na coimhdeachta gníomhaí a chur chun cinn. Tacaíodh leis sin le torthaí Thuarascáil Bhliantúil AE Choiste na Réigiún maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha 2022, inar cuireadh i dtábhacht a thábhachtaí atá prionsabal na coimhdeachta i mbeartas comhtháthaithe an Aontais agus ar an ról lárnach a bhí ag Coiste na Réigiún i ndíospóireacht ar an gcoimhdeacht a chur chun cinn sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Faireachán a dhéanamh ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta
In 2022, d’eisigh Coiste na Réigiún 23 thuairim maidir le tograí reachtacha, 31 thuairim maidir le doiciméid nó topaic eile, agus 8 rún. As na tuairimí sin, in 24 thuairim áiríodh tagairtí sainráite do chomhlíontacht le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta nó moltaí coincréiteacha chun comhlíontacht den sórt sin a fheabhsú. Ina theannta sin, tugadh aghaidh i 7 rún ar shaincheisteanna coimhdeachta agus comhréireachta, lena n‑áirítear rúin maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (mí Eanáir 2022), maidir le torthaí agus bearta leantacha na Comhdhála (mí an Mheithimh 2022), agus dhá rún maidir le clár oibre an Choimisiúin 2023 (Meitheamh agus Samhain‑Nollaig 2022).
Shainaithin Grúpa Stiúrtha um Choimhdeacht Choiste na Réigiún 4 chomhad tosaíochta le haghaidh faireacháin ar an gcoimhdeacht agus 5 thogra mar “ábhartha freisin” le haghaidh faireacháin in 2022. Le linn na tréimhse sin, sheol comhaltaí Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht Choiste na Réigiún 20 aighneacht chuig Coiste na Réigiún. Faoi dheireadh na bliana, ghlac Coiste na Réigiún tuairimí maidir le formhór na dtionscnamh a sainaithníodh agus a foilsíodh cheana féin, nó bhí sé i mbun tuairimí a tharraingt suas faoi na tionscnaimh sin.
Coimhdeacht ghníomhach agus rialáil níos fearr i gcomhthéacs níos leithne an Aontais
Sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, mhol Coiste na Réigiún coincheap na ‘coimhdeachta gníomhaí’, go háirithe lena thograí maidir le conas ‘an choimhdeacht ghníomhach’ a úsáid chun go mbeadh parlaimintí, réigiúin agus cathracha rannpháirteach i múnlú bheartais an Aontais’ ar bhealach níos fearr’. Leis an rannchuidiú seo, i measc nithe eile, iarradh an méid seo a leanas: úsáid chórasach ‘an ghreille’ maidir leis an gcoimhdeacht arna forbairt ag Coiste na Réigiún; measúnuithe tionchair críochacha níos trédhearcaí agus níos leithne chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar reachtaíocht an Aontais i gcathracha agus i réigiúin; coimhdeacht a chur i bhfeidhm maidir le próisis rialachais an Aontais, amhail an Seimeastar Eorpach. I gcás athchóiriú ar an gConradh, d’iarr Coiste na Réigiún go dtabharfaí an ceart tionscnaimh do na Parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus/nó do Choiste na Réigiún chun reachtaíocht an Aontais a mholadh nó deireadh a chur léi, agus mhol sé go dtabharfaí an stádas dlí céanna do phrionsabal na comhréireachta agus atá ag prionsabal na coimhdeachta.
Bhí an t‑ionchur ó thoscaireacht Choiste na Réigiún agus óna Uachtarán ag an am, Apostolos Tzitzikostas (mar rapóirtéir ‘coimhdeachta’ sa mheitheal um an Daonlathas sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa) ina rannchuidiú le foirmliú phríomhmholadh na comhdhála i ndáil leis sin, togra concréiteach Uimh. 40, lena sonraítear ‘is príomhphrionsabail agus gnéithe bunúsacha iad an choimhdeacht agus an rialachas il‑leibhéil d’fheidhmiú an Aontais agus don chuntasacht dhaonlathach’. Tá moladh i dtogra Uimh. 40 ‘Coiste na Réigiún a athchóiriú chun bealaí leordhóthanacha idirphlé a chuimsiú do réigiúin chomh maith le do chathracha agus do bhardais, agus ról feabhsaithe a thabhairt dó san ailtireacht institiúideach, má bhaineann ábhair a bhfuil tionchar críochach leo’ agus luaitear ann ‘go bhféadfadh úsáid chórasach sainmhínithe coimhdeachta arna chomhaontú go comhchoiteann ag institiúidí uile an Aontais a bheith ina cuidiú chun a shoiléiriú an gá cinntí a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta nó réigiúnach’.
Ag leanúint ó na moltaí sin, reáchtáladh an 10ú Comhdháil Choimhdeachta an 11 Samhain 2022 in Valencia (an Spáinn). Le rannpháirtíocht ó Leas‑Uachtarán an Choimisiúin Šefčovič (trí theachtaireacht físe) agus ón gCoimisinéir Ferreira, agus i láthair Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, ghlac an chomhdháil tacar conclúidí chun coincheap na ‘coimhdeachta gníomhaí’ a chur chun cinn a thuilleadh mar ghné lárnach de chlár oibre an Aontais maidir le rialáil níos fearr agus chun rannchuidiú na leibhéal áitiúil agus réigiúnach le ceapadh beartas an Aontais fianaise‑bhunaithe agus atá slán i bhfad na haimsire a neartú. D’iarr rannpháirtithe na comhdhála go ndéanfaí an choimhdeacht ghníomhach a phríomhshruthú i bpróisis rialachais ábhartha an Aontais, go mbeadh ról níos gníomhaí ag Coiste na Réigiún maidir le faireachán ar an gcoimhdeacht, agus go mbeadh feidhm reachtach ann i bpríomhbheartais chríochacha i gcás athchóiriú an Chonartha.
In 2022, lean Coiste na Réigiún dá ghníomhaíochtaí maidir le rialáil níos fearr a fhorbairt, ar ndearnadh cuid díobh i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa –go háirithe tríd an ardán ‘Réidh don Todhchaí’, tríd an líonra RegHub agus tríd an méid a rannchuidigh an Coiste leis an tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir le ‘Rialáil Níos Fearr: Dul i bpáirt le chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh’, a glacadh i mí na Bealtaine 2022. Rannchuidigh líonra RegHub le dhá chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara ar an ardán ‘Réidh don Todhchaí’, a chuir le dhá thuairim ón ardán ‘Réidh don Todhchaí’ a dhréachtaigh rapóirtéirí ó Choiste na Réigiún.
Bhunaigh Biúró Choiste na Réigiún an Grúpa Stiúrtha um Rialáil Níos Fearr agus Coimhdeacht Ghníomhach (BRASS-G) i mí an Mheithimh 2022, a seoladh go hoifigiúil an 11 Samhain 2022 agus a cuireadh in ionad an t‑iarGhrúpa Stiúrtha um Choimhdeacht. Is é is aidhm don ghrúpa, a raibh Karl-Heinz Lambertz (BE/PSE), iar‑Uachtarán Choiste na Réigiún, ina chathaoirleach air, ‘rialachas CnaR níos comhtháite agus níos cuíchóirithe’ a sholáthar i réimse na rialála níos fearr, lena n‑áirítear faireachán ar an gcoimhdeacht, chun comhleanúnachas, infheictheacht agus tionchar obair Choiste na Réigiún agus teagmhálacha idirinstitiúideacha níos láidre a mhéadú. Chuir an Biúró de chúram ar BRASS-G fócas sonrach a fhiosrú maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar críochach reachtaíocht an Aontais ar cheantair thuaithe agus é mar aidhm cur chuige profa leasa na tuaithe a fhorbairt do Choiste na Réigiún.
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
In 2022, thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh roinnt breithiúnas maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.
Ar an gcéad dul síos, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais raon feidhme chur i bhfeidhm phrionsabal na coimhdeachta, prionsabal nach bhfuil feidhm aige, de réir Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ach amháin i limistéir nach dtagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Tháinig an tsaincheist chun cinn i ndáil leis an agóid dhlíthiúil a thionscain dhá Bhallstát a mhéid a bhaineann leis an Rialachán maidir le Coinníollacht Ghinearálta.
Maidir le rialachán ina bhfuil rialacha airgeadais lena gcinntear an nós imeachta atá le glacadh chun buiséad an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chinn an Chúirt go dtagann sé faoi fheidhmiú inniúlachta de chuid an Aontais, inniúlacht a bhaineann lena fheidhmiú agus nach féidir ach leis an Aontas féin í a fheidhmiú mar gheall ar an gcineál inniúlachta atá inti. Tháinig sí ar an gconclúid nach raibh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta i gcás den sórt sin. Dá dhroim sin, ní raibh aon oibleagáid ar an gCoimisiún a thogra le haghaidh rialacháin a chur ar aghaidh chuig na Parlaimintí náisiúnta faoi Phrótacal Uimh. 2.
Chinn an Chúirt Ghinearálta, áfach, go raibh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir leis an Rialachán lena mbunaítear córas rialaithe cumasc an Aontais, mar go bhfuil sé bunaithe i bpáirt ar Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, ní thagann sé faoi réimse ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach.
D’athdhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta go bhfuil prionsabal na coimhdeachta comhdhéanta, ar thaobh amháin, de thástáil dhiúltach, (lena dtástáiltear an tuairim nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú astu féin), agus, ar an taobh eile, tástáil dhearfach (lena dtástáiltear an tuairim gur fearr, de bharr a bhfairsinge nó a n‑éifeachtaí, is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais). Ar deireadh thiar, tugann an dá chomhpháirt sin aghaidh ar cheist amháin ó dhá ghné éagsúla, is iad sin, ar cheart gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta chun na cuspóirí a bhaint amach.
Ar an dara dul síos, leis an agóid dhlíthiúil i gcoinne an Rialacháin maidir le Coinníollacht Ghinearálta, éilíodh ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú ar phrionsabal na comhréireachta. Chuir an Chúirt in iúl nach mór discréid leathan a thabhairt do reachtas an Aontais, ní hamháin maidir le cineál agus raon feidhme na mbeart atá le déanamh i réimsí a bhaineann le roghanna polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta, ach freisin, go pointe áirithe, maidir leis na bunfhíricí a aimsiú.
Sa chás sin, níor léiríodh go ndeachaigh reachtas an Aontais thar an discréid leathan a bhí ar fáil dó i ndáil leis sin agus breithniú á dhéanamh ar an ngá atá ann na rioscaí tromchúiseacha a mhaolú a d’fhéadfadh eascairt as sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta – rioscaí a bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais an Aontais nó a bhaineann le cosaint a leasanna airgeadais. Thairis sin, dhiúltaigh an Chúirt don argóint nach raibh na critéir lena gcinntear rogha agus raon feidhme na mbeart a bhí le déanamh beacht go leor. Go háirithe, shuigh sé nach mór na bearta a rinneadh a bheith comhréireach go docht leis an tionchar a bheadh ag sáruithe sainaitheanta ar bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais. I bhfianaise na mbreithnithe sin, dhiúltaigh an Chúirt do na hargóintí maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na comhréireachta, in éineacht le gach pléadáil eile.
3.cur i bhfeidhm an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta ag na parlaimintí náisiúnta
Forbhreathnú
Fuair an Coimisiún 32 thuairim réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta in 2022. Tá sé sin i bhfad níos airde ná mar a bhí le linn na 3 bliana roimhe sin (2019-2021) agus dhá oiread an líon a fuarthas in 2021 (féach an chairt thíos). D’ainneoin an mhéadaithe sin, tá sé tugtha faoi deara ag an gCoimisiún nach bhfuil roinnt tuairimí réasúnaithe bunaithe ar cháineadh soiléir ar shárú coimhdeachta ach ar easpa anailíse a mheastar a bheith ann ar imthosca náisiúnta.
Is fiú a thabhairt faoi deara freisin gur tháinig laghdú ar líon na dtuairimí réasúnaithe agus ar líon foriomlán na dtuairimí go dtí seo le linn théarma oifige reatha an Choimisiúin (ó mhí na Nollag 2019) i gcomparáid leis an dá théarma roimhe sin (2009-2014 agus 2014-2019).
As 39 bParlaimint nó ndlísheomra, d’eisigh 13 díobh tuairim réasúnaithe in 2022 (i gcomparáid le 7 in 2021 agus 8 gcinn in 2020), tuairimí a tháinig as 10 mBallstát. Ba é an dlísheomra a d’eisigh an líon is airde tuairimí réasúnaithe ná Riksdag na Sualainne a fuair 14 thuairim réasúnaithe, arbh ionann iad agus níos mó ná 40 % den iomlán. I measc na ndlísheomraí eile a d’eisigh tuairimí réasúnaithe in 2022, bhí Poslanecká sněmovna na Seice (4), Sénat na Fraince (4), Folketing na Danmhairge (2), agus Senát na Seice, Bundesrat na Gearmáine, Eerste Kamer na hÍsiltíre, Országgyűlés na hUngáire, Tithe an Oireachtais in Éireann (d’eisigh an dá dhlísheomra comhthuairim réasúnaithe), Tweede Kamer na hÍsiltíre, Narodno Sabranie na Bulgáire agus Eduskunta na Fionlainne (d’eisigh iad uile 1).
Bhain na 32 thuairim réasúnaithe a fuarthas in 2022 le 24 thogra éagsúla (féach Iarscríbhinn 1). Ní bhfuair ach 4 thogra níos mó ná 1 tuairim réasúnaithe amháin, agus ní bhfuair aon togra níos mó ná 5 thuairim réasúnaithe. As na 32 a fuarthas, bhain 5 cinn díobh leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa chun an dlí toghcháin Eorpaigh a athchóiriú, bhain 4 cinn díobh leis an togra le haghaidh an Achta Eorpaigh um Shaoirse na Meán agus 2 cheann díobh leis na tograí le haghaidh na margaí gáis athbhreithnithe agus leis an Treoir agus leis an Rialachán maidir le hidrigin. Bhain gach ceann de na tuairimí réasúnaithe eile le togra difriúil ón gCoimisiún. As na sé réimse ceannlíne tosaíochta atá ag an gCoimisiún le haghaidh 2019-2024, ba iad an dá thosaíocht a fuair an líon is airde tuairim réasúnaithe ná ‘Ugach nua do dhaonlathas na hEorpa’ agus ‘Comhaontú Glas don Eoraip’.
Cumhdaítear i Roinn 3.2 a leanas na príomhchásanna tograí a fuair níos mó ná tuairim réasúnaithe amháin.
Príomhchásanna
Maidir leis an togra chun an dlí toghcháin Eorpaigh a athchóiriú, togra a chuir Parlaimint na hEorpa i láthair faoi Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, fuair an Coimisiún tuairimí réasúnaithe ó Riksdag na Sualainne, ó Folketing na Danmhairge, ó Eerste na hÍsiltíre agus ó Tweede Kamer na hÍsiltíre agus comhthuairim ó dhá dhlísheomra Thithe an Oireachtais in hÉireann. Ó bhí 2017 ann, ní bhfuair aon togra aonair an oiread sin tuairimí réasúnaithe arbh ionann iad agus an oiread sin vótaí (8), cé go raibh sé sin fós ní ba lú ná an tairseach le haghaidh ‘cárta buí’.
Maidir le Riksdag na Sualainne, is fearr is féidir na Ballstáit féin na spriocanna a leagtar síos sa togra ó Pharlaimint na hEorpa a bhaint amach. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil rialacha na Sualainne do thoghcháin an Aontais Eorpaigh cosúil leis na rialacha a bhaineann le toghcháin náisiúnta, a bhfuil cur amach ag vótálaithe orthu agus go gcuideoidís le muinín a choinneáil in iontaofacht na rialacha atá ann cheana. Dhearbhaigh Riksdag na Sualainne agus Folketing na Danmhairge araon gur cheart eagrú inmheánach na bpáirtithe polaitiúla agus feidhmiú na bhfeachtas toghcháin a rialú ar an leibhéal náisiúnta chun cleachtais agus traidisiúin náisiúnta a chur san áireamh. Bhí dearcadh den chineál céanna ag Folketing maidir leis an aois vótála a ísliú go 16 bliana d’aois. Luaigh Tithe an Oireachtais in Éirinn nach raibh údar leis an togra, le táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla, cén fáth nárbh fhéidir leis na Ballstáit cuspóir an togra a bhaint amach go leordhóthanach. Mar thoradh air sin, tháinig siad ar an gconclúid nach bhféadfaí a mheas go gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta toisc nach léiríonn gurbh fhearr gurbh fhéidir na torthaí a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus go bhféadfadh sé, dá bhrí sin, cúngracht a dhéanamh ar réimse inniúlachta náisiúnta.
I dteannta na dtuairimí réasúnaithe sin, thacaigh Poslanecká sněmovna na Seice leis na hamhras iomadúla atá ag Rialtas na Seice maidir leis an dréachtrialachán ina sheasamh maidir leis an gcreat, agus chuir sé amhras in iúl maidir leis an gcuid is mó de na forálacha beartaithe. Go háirithe, chuir sé i gcoinne an méid seo a leanas: an aois vótála a ísliú go 16 bliana d’aois agus an aois íosta chun seasamh i dtoghchán a ísliú go 18 mbliana d’aois; an fhéidearthacht a thabhairt isteach vótáil poist i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa; cuótaí dochta nó liostaí malartacha a thabhairt isteach chun tacú le hionadaíocht na mban; toghlach uile‑Eorpach a chruthú; agus comhlacht nua a bhunú chun críoch toghcháin. Chuir Senát na Seice amhras in iúl freisin maidir le cuid de na hathruithe atá beartaithe i ndáil le prionsabal na coimhdeachta. Os a choinne sin, d’eisigh Bundesrat na Gearmáine tuairim lenar thacaigh sé leis an moladh go forleathan, mar chuid den idirphlé polaitiúil.
Faoin tosaíocht ‘Ugach nua do dhaonlathas na hEorpa’, spreag an togra le haghaidh an Achta Eorpaigh um Shaoirse na Meán 4 thuairim réasúnaithe agus 8 dtuairim mar chuid den idirphlé polaitiúil, lena n‑áirítear tuairim féintionscnaimh amháin roimh fhoilsiú an togra.
Ina dtuairimí réasúnaithe, mheas dhá dhlísheomra go raibh easpa measa ann do thraidisiúin chultúrtha náisiúnta. Chreid Országgyűlés na hUngáire go mbeadh leibhéal ard comhchuibhithe ann mar thoradh ar an Rialachán atá beartaithe, rud a mheas sé a bheith gan údar i bhfianaise na dtraidisiún éagsúil sna Ballstáit agus i bhfianaise ilroinnt mhargadh na meán mar gheall ar shainiúlachtaí teanga agus cultúrtha. Chuir Bundesrat na Gearmáine i gcoinne cur isteach iomarcach ar cheannasacht chultúrtha na mBallstát agus ar rialachán na Gearmáine atá ann faoi láthair (is inniúlacht de Länderé rialáil na meán). Thairis sin, d’easaontaigh sé le rogha bunúis dlí an mhargaidh inmheánaigh chun na meáin a rialáil san Eoraip. Ina theannta sin, áitíodh le tuairim réasúnaithe Sénat na Fraince nach bhféadfaí éagsúlacht tuairime a bhunú ar chritéir eacnamaíocha agus ceistíodh leis roghnú an bhunúis dlí agus breisluach na reachtaíochta atá beartaithe. Mheas Folketing na Danmhairge, i bhfianaise na ngnéithe trasteorann teoranta, go bhféadfaí na meáin a rialáil níos fearr ar an leibhéal náisiúnta. Léirigh gach tuairim réasúnaithe, ach amháin tuairim réasúnaithe Folketing na Danmhairge, go mbeadh treoir ina hionstraim dlí níos iomchuí ná rialachán.
Léirigh cuid de na tuairimí a eisíodh mar chuid den idirphlé polaitiúil na hagóidí thuasluaite maidir leis an gcur isteach ar inniúlachtaí náisiúnta maidir le cúrsaí cultúrtha agus maidir le roghnú rialacháin mar ionstraim dlí, agus tharraing siad roinnt tuairimí breise anuas freisin. Mar shampla, mhol Tithe an Oireachtais in Éirinn díriú níos mó ar litearthacht dhigiteach. D’iarr Eerste Kamer na hÍsiltíre íoschaighdeáin maidir le dálaí oibre agus cinnteacht phoist a chuimsiú d’iriseoirí, chun nach mbeadh saoririseoirí chomh leochaileach céanna. Chuir Poslanecká sněmovna na Seice agus Senát na Seice amhras in iúl maidir leis an mbunús dlí agus d’iarr sí go ndéanfaí cumhacht agus raon feidhme an Bhoird Eorpaigh um Sheirbhísí Meán a shoiléiriú. Mhol Camera dei Deputati na hIodáile a shoiléiriú an bhféadfadh na húdaráis náisiúnta bearta sonracha a ghlacadh mar fhreagairt ar imthosca margaidh náisiúnta nó áitiúla amháin. Ina theannta sin, mhol sí a mheas an mbeadh gá oibleagáidí réamhchomhairliúcháin a fhorchur ar údaráis agus comhlachtaí rialála náisiúnta.
Ina fhreagraí, chuir an Coimisiún i dtábhacht go raibh gá le rialachán ar leibhéal an Aontais mar gheall ar chineál agus méid trasteorann na bhfadhbanna a dhéanann difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí na meán. Maidir leis an mbunús dlí, thagair an Coimisiún do thuairim Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnais go bhféadfadh reachtóir an Aontais idirghabháil a dhéanamh chun an margadh inmheánach i réimse eacnamaíoch ar leith a chosaint agus a fhorbairt. Dá bhrí sin, bhí seasamh ag an gCoimisiún nach amháin go raibh sé d’inniúlacht aige beart a dhéanamh chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú ach go raibh sé de chumhacht aige freisin leasanna poiblí dlisteanacha na sochaí agus cosaint na gceart bunúsach a mheas. Mhínigh sé go bhféadfadh Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bheith ina bhunús dlí – agus é ag rá freisin nár fhorchuir an togra aon cheanglais maidir le hábhar na meán maidir le soláthraithe seirbhíse meán, agus gur aithníodh agus gur caomhnaíodh na hinniúlachtaí maidir le hiolrachas na meán a rialáil. Chuir an Coimisiún i dtábhacht freisin gur cuireadh ar a gcumas do na Ballstáit leis an togra rialacha níos mionsonraithe a ghlacadh i réimsí sonracha a bhaineann le seirbhísí meán a sholáthar, lena n‑aithnítear traidisiúin náisiúnta agus réigiúnacha maidir le rialáil na meán.
Maidir leis rogha na hionstraime dlí, mhínigh an Coimisiún gur roghnaigh sé rialachán toisc go raibh sé tábhachtach cearta atá infheidhme go díreach a thabhairt do ghníomhaithe margaidh na meán sna Ballstáit sin inar ndearnadh dochar d’fheidhmiú mhargadh na meán, agus toisc go raibh sé ag iarraidh tréimhse trasuite fhada a sheachaint. Maidir leis an mBord Eorpach um Sheirbhísí Meán, chuir an Coimisiún i dtábhacht gur fhan maoirseacht na meán leis na húdaráis náisiúnta agus go raibh ról an Bhoird teoranta do ghníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú. B’amhlaidh é sin toisc go raibh gá le comhordú agus ardán malartaithe den sórt sin chun seirbhísí trasteorann a sholáthar.
Faoin tosaíocht ‘Comhaontú Glas don Eoraip’, d’eisigh gach dlísheomra de Pharlaimint na Seice tuairim réasúnaithe maidir le dhá cheann de na tograí faoi phacáiste an mhargaidh hidrigine agus gáis dhícharbónaithe: na tograí le haghaidh na Treorach athbhreithnithe maidir leis na margaí gáis agus hidrigine agus le haghaidh an Rialacháin. D’eisigh Tithe an Oireachtais in Éirinn tuairim idirphlé pholaitiúil ar an dá thogra seo freisin, inar cumhdaíodh freisin an togra chun astaíochtaí meatáin a laghdú in earnáil an fhuinnimh.
Ina dtuairimí réasúnaithe beagnach comhionann, dúirt dlísheomraí na Seice nár chuir an Coimisiún measúnuithe tionchair isteach ar an staid i mBallstáit aonair. Chuir sé sin cosc ar na Parlaimintí náisiúnta measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar impleachtaí uile na dtograí ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, mhínigh siad nár sholáthair an Coimisiún fianaise go bhféadfaí na bearta atá beartaithe a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse réasúnach agus ar chostas réasúnta ag na Ballstáit. Chreid siad freisin nár léiríodh breisluach AE na mbeart roghnaithe. Ina theannta sin, chuir an dá dhlísheomra amhras in iúl go bhféadfadh na forálacha maidir le hoibreoirí líonraí hidrigine a dhíchuachadh cuidiú an margadh hidrigine a fhorbairt go héifeachtach agus bhí imní orthu go bhféadfadh sé nach spreagfaí infheistíocht i bhforbairt an bhonneagair hidrigine.
D’iarr Tithe an Oireachtais in Éirinn go gcuirfí i bhfad níos mó béime ar hidrigin ghlas agus go dtabharfaí tosaíocht níos soiléire agus níos luaithe don bhonneagar chun tacú le táirgeadh agus stóráil hidrigine glaise agus chun iad a luasghéarú. D’iarr siad freisin go ndéanfaí iarrachtaí níos mó chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheist na stórála agus chun aghaidh a thabhairt uirthi. I ndáil le hidrigin ghlas agus ísealcharbóin, d’iarr siad ar an gCoimisiún a áirithiú nach gcoinneofaí an tionscal breosla iontaise sa mhargadh hidrigine san fhadtéarma. Ina theannta sin, d’áitigh siad gur cheart an sprioc‑am chun conarthaí nua breosla iontaise a údarú a thabhairt chun tosaigh go suntasach chun a áirithiú go spreagtar tíortha chun díriú ar aistriú níos luaithe i dtreo foinsí in‑athnuaite fuinnimh.
Ina fhreagraí, mhínigh an Coimisiún gur thug leibhéal na mionsonraí sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis, aghaidh leordhóthanach ar thionchar foriomlán na reachtaíochta atá beartaithe. I bhfianaise chineál an gheilleagair hidrigine atá ag teacht chun cinn agus éiginnteachtaí na forbartha margaidh, ní bheadh cainníochtú níos mionsonraithe indéanta ná bríoch. Mar sin féin, chuir an Coimisiún i dtábhacht go raibh measúnú ar shaintréithe margaidh réigiúnaigh don hidrigin sa staidéar a ghabhann leis i ndáil leis an rialachán maidir le hidrigin. Thairis sin, chuir an Coimisiún i bhfios go láidir go bhféadfadh tírdhreach rialála ilroinnte ina bhfuil difríochtaí i rochtain ar líonraí idir na Ballstáit bac a chur ar thrádáil trasteorann maidir le hidrigin agus go bhféadfadh baol a bheith ann go gcuirfí moill ar theacht chun cinn slabhra soláthair hidrigine na hEorpa.
A mhéid a bhaineann leis na rialacha atá beartaithe maidir le líonraí hidrigine a dhíchuachadh, mheas an Coimisiún gur léir ón taithí a fuarthas in earnáil an gháis agus an leictreachais go raibh sé riachtanach agus iomchuí iompar líonra fuinnimh a dheighilt ó tháirgeadh agus díol an fhuinnimh. Ar deireadh, chuir an Coimisiún in iúl go raibh cur chuige comhchosúil maidir le taraifí trasteorann curtha i bhfeidhm go rathúil maidir le tarchur leictreachais trasteorann ó bhí 2004 ann. Mhínigh an Coimisiún freisin gurbh é hidrigin in‑athnuaite a fhorbairt tosaíocht an Aontais fós. D’aithin sé, áfach, go bhféadfadh sé go mbeadh gá fós le hidrigin ísealcharbóin agus gabháil agus stóráil carbóin de chineál éigin sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Maidir leis an tráthchlár, luaigh an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú tionchair, gur sainaithníodh an bhliain 2049 mar an rogha ba chostéifeachtaí, agus tionchair eacnamaíocha agus chomhshaoil á gcur san áireamh, chomh maith le héifeachtacht an bhirt.
4.idirphlé polaitiúil i scríbhinn leis na parlaimintí náisiúnta
I dteannta le sásra grinnscrúdaithe na coimhdeachta atá fréamhaithe i bPrótacal Uimh. 2, cumhdaítear le caidreamh an Choimisiúin leis na Parlaimintí náisiúnta gníomhaíochtaí eile freisin, go háirithe an t‑idirphlé polaitiúil arna chur i bhfeidhm in 2006. Áirítear leis sin idirphlé i scríbhinn ar aon tionscnamh de chuid an Choimisiúin ar mian le Parlaimintí náisiúnta ionchur a thabhairt ina leith nó aon ábhar is mian leo a tharraingt anuas dá dtionscnamh féin. Áirítear leis freisin an t‑idirphlé polaitiúil ó bhéal (a bhfuil tuairisc air i Roinn 5).
Barúlacha ginearálta
In 2022, sheol na Parlaimintí náisiúnta 355 tuairim chuig an gCoimisiún, beagnach an uimhir chéanna a bhí ann sa bhliain roimhe sin (360 tuairim). Deimhnítear leis sin an treocht go ndéantar buaic líon na dtuairimí ón bParlaimint a bhaint amach go ginearálta i lár théarma oifige an Choimisiúin faoi seach, ach léiríonn sé freisin go bhfuil líon na dtuairimí a fuarthas go dtí seo sa téarma reatha (2019-2024) i bhfad níos ísle ná mar a bhí sna blianta i lár an dá théarma roimhe sin.
As na 355 thuairim sin, bhain 218 (61.4 %) le tograí reachtacha a bhí faoi réir an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta. Bhain na 137 dtuairim (38.6 %) eile go príomha le tionscnaimh neamhreachtacha, amhail teachtaireachtaí, nó ba thuairimí féintionscnaimh iad nach mbaineann go díreach le tionscnamh ón gCoimisiún. Tá an figiúr seo níos ísle i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon ná mar a bhí sna 2 bliana roimhe sin. Leis seo léirítear gur dhírigh na Parlaimintí náisiúnta a n‑anailís ar thionscnaimh an Choimisiúin maidir le dréachtghníomhartha reachtacha atá faoi réir rialú na coimhdeachta, treocht is gnách do na blianta i dtéarma oifige an Choimisiúin le líon ard tograí reachtacha.
Laistigh den Choimisiún, déantar aird Chomhaltaí ábhartha an Choimisiúin agus ranna an Choimisiúin a tharraingt go sonrach ar na pointí a tharraing na Parlaimintí náisiúnta nó na dlísheomraí náisiúnta anuas agus, i gcás tograí reachtacha, aird ionadaithe ón gCoimisiún atá rannpháirteach sa chaibidlíocht idir na comhreachtóirí a tharraingt orthu.
Rannpháirtíocht agus raon feidhme
Mar a tharla sna blianta roimhe seo, d’athraigh líon na dtuairimí a seoladh chuig an gCoimisiún go mór ó Pharlaimint náisiúnta amháin go Parlaimint náisiúnta eile. D’eisigh na 10 ndlísheomra is gníomhaí 279 dtuairim nó 79 % den iomlán, i gcomhréir leis an meán le blianta beaga anuas. Tháinig laghdú de bheagán ar líon na bParlaimintí náisiúnta nó na ndlísheomraí nár eisigh aon tuairim ó 8 go 7 ndlísheomra as 39. Ciallaíonn sé sin nach raibh 5 Bhallstát (an líon céanna a bhí ann sa bhliain roimhe sin ach nach an grúpa céanna iad) – a sheasann do níos lú ná an cúigiú cuid den iomlán – páirteach san idirphlé polaitiúil i scríbhinn in 2022. Ar an iomlán, léirítear leis sin rannpháirtíocht chobhsaí na bParlaimintí náisiúnta i ngrinnscrúdú coimhdeachta agus san idirphlé polaitiúil (féach freisin an fíor thíos, ag déanamh comparáid idir comhchruinniú na dtuairimí i measc na 10 ndlísheomra is gníomhaí).
Seo a leanas na 10 bParlaimint nó ndlísheomra náisiúnta a sheol an líon is mó tuairimí in 2022: Senát na Seice (58 dtuairim), Cortes Generales na Spáinne (46 thuairim), Camera Deputaților na Rómáine (33 thuairim), Poslanecká sněmovna na Seice (30 tuairim), Bundesrat na Gearmáine (30 tuairim), Assembleia da República na Portaingéile (19 dtuairim), Riksdag na Sualainne (18 dtuairim), Senat na Rómáine (17 dtuairim), Sénat na Fraince (15 thuairim) agus Camera dei Deputati na hIodáile (13 thuairim). Bhí siad sin i measc na ndlísheomraí ba ghníomhaí sna blianta roimhe seo freisin. Sonraítear in Iarscríbhinn 2 líon na dtuairimí a sheol gach dlísheomra.
Níorbh ionann an cineál tuairimí a bhí ag Parlaimint nó dlísheomra náisiúnta amháin agus a bhí ag Parlaimint nó dlísheomra náisiúnta eile. Bhí cuid acu dírithe den chuid is mó ar fhíorú ar chomhlíon togra ón gCoimisiún prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus rinne cuid eile acu trácht níos mine ar ábhar na dtograí nó sheol siad tuairimí féintionscnaimh. I measc an ghrúpa is deireanaí, Poslanecká sněmovna na Seice agus Senát na Seice, Országgyűlés na hUngáire, Sejm na Polainne agus Senat na Polainne agus Národná Rada na Slóvaice gníomhach go háirithe maidir le comhthuairimí féintionscnaimh a sheoladh. Bhí Assemblée nationale na Fraince an‑ghníomhach chun iad a sheoladh go haonarach.
Príomhábhair na dtuairimí san idirphlé polaitiúil
Maidir le tionscnaimh aonair, sheol na Parlaimintí náisiúnta an líon is mó tuairimí maidir leis na tograí le haghaidh an Achta Eorpaigh um Shaoirse na Meán (12 thuairim), le haghaidh Rialacháin maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí (9 dtuairim), le haghaidh Treorach maidir le dálaí oibre a fheabhsú in obair ardáin (8 tuairim) agus maidir leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa le haghaidh athchóiriú ar dhlí toghcháin Eorpaigh (8 dtuairim). I gcúig thuairim maidir le clár oibre 2022 an Choimisiúin, chuir na Parlaimintí náisiúnta a dtosaíochtaí féin le haghaidh 2022 in iúl don Choimisiún.
Liostaítear in Iarscríbhinn 3 na tionscnaimh aonair de chuid an Choimisiúin a spreag cúig thuairim ar a laghad, agus tugtar forléargas sna ranna seo a leanas ar fud na sé réimse ceannlíne tosaíochta atá ag an gCoimisiún.
Tosaíocht ‘Comhaontú Glas don Eoraip’
Maidir le pacáistí tograí, tugadh an aird is mó ar dhá straitéis faoin tosaíocht ‘Comhaontú Glas don Eoraip’ in 2022, is iad sin, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (13 thuairim) agus an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (11 thuairim). Faoin tosaíocht chéanna, spreag straitéis an rabharta athchóiriúcháin líon suntasach tuairimí freisin (5).
Faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, chuir na Parlaimintí náisiúnta a dtuairimí in iúl maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí (trí thuairim, ar ocht dtuairim iad ó shínigh sé dhlísheomra ceann amháin díobh, agus tuairim réasúnaithe amháin) agus maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le hathbhunú dúlra (ceithre thuairim agus tuairim réasúnaithe amháin).
Mhaígh dhá dhlísheomra nár urramaíodh prionsabal na coimhdeachta leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí. D’áitigh siad nach raibh measúnú tionchair sách mionsonraithe ann sa laghdú ar úsáid táirgí cosanta plandaí a bheartaítear sa togra, rud a thug neamhaird ar shuíomhanna tosaithe agus imthosca éagsúla na mBallstát. D’áitigh siad freisin go bhfuil spriocanna ceangailteacha ann cheana féin ar an leibhéal náisiúnta chun an limistéar talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta orgánaí a mhéadú, a áirítear sa togra. A mhéid a bhaineann leis an gcomhréireacht, mhaígh dlísheomra amháin, d’ainneoin chuspóir dearbhaithe an togra chun rialacha atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta, gur chuir an togra roinnt rialacha isteach (amhail rialacha maidir le cláir sonraí agus forálacha le haghaidh barra sonracha), rud a bheadh in aghaidh phrionsabal na comhréireachta. Saincheisteanna eile a tarraingíodh anuas ná an méid seo a leanas: (i) an t‑athrú ar an modheolaíocht chun spriocanna laghdaithe a leagan síos faoi na spriocanna a leagtar síos sa straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’; (ii) an gá atá le ceadú do na Ballstáit solúbthacht áirithe a bheith acu agus a spriocanna laghdaithe ceangailteacha féin á leagan síos acu; (iii) pointí tosaigh agus imthosca éagsúla na mBallstát a shainaithint; agus (iv) an gá atá le tionchar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine a chur san áireamh.
Ina fhreagraí, mhínigh an Coimisiún gur urramaíodh leis an togra prionsabal na coimhdeachta mar seo a leanas: (i) níor cuireadh d’oibleagáid ar na Ballstáit leis spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí ná aon spriocanna sonracha a ghlacadh i ndáil le feirmeoireacht orgánach; (ii) bhí sé níos iomchuí an beartas sin a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais seachas ar an leibhéal náisiúnta; agus (iii) d’fhéadfadh gach Ballstát modhanna beartais éagsúla a roghnú chun na spriocanna a bhaint amach. Mhínigh an Coimisiún freisin gur urramaigh leis an togra prionsabal na comhréireachta ós rud é gur bhunchonclúidí na meastóireachta ar Threoir 2009 iad an gá atá le feabhas a chur ar shonraí faireacháin agus ar chur i bhfeidhm agus ar fhorfheidhmiú an bhainistithe chomhtháite lotnaidí. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire, mar a léirítear sa ghreille maidir leis an gcoimhdeacht a ghabhann leis an togra a glacadh, gur breithníodh agus gur míníodh ar bhealach mionsonraithe, comhlíontacht na mbeartas uile le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, sular glacadh an togra. Maidir le heaspa líomhnaithe measúnaithe tionchair a bheith ann, chuir an Coimisiún in iúl do na Parlaimintí náisiúnta go ndearnadh measúnú tionchair cuimsitheach, i gcomhréir le clár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr.
Mhínigh an Coimisiún freisin nach raibh sé in ann measúnú iomlán a dhéanamh ar shuíomhanna tosaigh éagsúla agus ar imthosca aonair na mBallstát sa mheasúnú tionchair, mar nach raibh ach sonraí teoranta ar fáil, ach go raibh sé rannpháirteach go gníomhach, mar sin féin, maidir le modheolaíochtaí malartacha a phlé, i gcás inarb iomchuí.
Spreag an togra le haghaidh Rialacháin maidir le hathbhunú dúlra cúig thuairim (lena n‑áirítear tuairim réasúnaithe amháin). D’aontaigh formhór na bParlaimintí náisiúnta ar an ngá foriomlán atá le héiceachórais a athbhunú. Mar sin féin, bhraith Parlaimint amháin go raibh sárú ar phrionsabal na coimhdeachta i gceist leis an togra. Shainaithin sí cur isteach iomarcach ar inniúlachtaí náisiúnta maidir le foraoiseacht agus measadh gurbh ionann rialáil mhionsonraithe ar úsáid talún talmhaíochta agus ar fhoraoiseacht agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta. Tharraing dhá dhlísheomra eile aird ar na costais chomhlíontachta arda agus ar sholúbthacht theoranta do na Ballstáit.
Ina fhreagraí, chuir an Coimisiún i dtábhacht go raibh gá le rialacha agus oibleagáidí ar fud an Aontais mar gheall ar scála agus chineál trasteorann chailliúint bithéagsúlachta agus díghrádú na n‑éiceachóras. Thairis sin, chuir sé in iúl go raibh inniúlachtaí ag an Aontas a bhaineann le foraoiseacht, amhail an aeráid agus an comhshaol, mar a dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Mar thoradh air sin, mhol sé an chéad dlí cuimsitheach dá leithéid, lena leagtar amach spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun bithéagsúlacht agus éiceachórais a athbhunú go suntasach. Chuir an Coimisiún i dtábhacht go bhfágfadh an cur chuige atá beartaithe go bhféadfaí éagsúlacht na ndálaí nádúrtha agus geografacha ar fud an Aontais a bhreithniú, dálaí éagsúla éiceachórais na mBallstát, chomh maith le pointí tosaigh éagsúla maidir le hathbhunú, agus go raibh cuid mhór solúbthachta fós ag na Ballstáit maidir le sonraí sonracha a leagan amach ina bpleananna athbhunaithe náisiúnta.
Faoin Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, spreag an Teachtaireacht maidir le Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí 5 thuairim agus an t‑athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an ngréasán tras‑Eorpach iompair 5 thuairim agus 1 thuairim réasúnaithe.
Ba dhíol sásaimh é maidir le gach ceann de na cúig thuairim maidir leCreat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí an tionscnamh, lena gcuirtear i dtábhacht a rannchuidiú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, go háirithe maidir le hastaíochtaí a laghdú agus spriocanna aeráide a bhaint amach. Sainaithníodh sna tuairimí na bealaí maithe seo a leanas chun an creat maidir leis an aistriú a ghiaráil: (i) an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’; (ii) clár cistiúcháin na Saoráide um Chónascadh na hEorpa; (iii) soghluaisteacht a nascadh le pleanáil spásúil; (iv) rialacháin níos éifeachtaí maidir le rochtain ar fheithiclí, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú; (v) an t‑oideachas, scileanna agus gnéithe sóisialta; agus (vi) iompar poiblí agus tionscal na rothar a chur chun cinn. Bhain na ceisteanna a tarraingíodh anuas le táscairí agus ualaí a bhaineann le bailiú sonraí agus pleananna náisiúnta; rioscaí a bhaineann le ‘bochtaineacht iompair’, atá nasctha leis an inacmhainneacht agus leis an gcuimsitheacht; agus an tábhacht a bhaineann le limistéir thuaithe a chur san áireamh.
Ina fhreagraí, d’athdhearbhaigh an Coimisiún go raibh sé mar aidhm leis an gcreat nua tacú leis an aistriú chuig soghluaisteacht uirbeach atá sábháilte, inrochtana, ionchuimsitheach, cliste, athléimneach agus saor ó astaíochtaí. Soláthrófaí leis na tograí sa phacáiste Oiriúnach do 55 uirlisí freisin le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe, lena n‑áirítear gnéithe sóisialta. Agus aird á tabhairt ar chineál neamhcheangailteach an chreata, mhínigh sé gur leagadh amach bearta maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe (mar shampla, plean a ghlacadh agus sonraí a bhailiú) do na 424 chathair is mó san Aontas san athbhreithniú a bheartaítear ar an Rialachán maidir leis an ngréasán tras‑Eorpach iompair (TEN‑T). Chuir an Coimisiún i dtábhacht gur thathantaigh sé le fada ar na Ballstáit (le tacaíocht ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa) sonraí ar cháilíocht leordhóthanach a bhailiú agus pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a chur chun feidhme. Thagair sé don shuntasacht a bhí tugtha aige chun nascacht leordhóthanach a áirithiú, lenar cheart go n‑áiritheofaí limistéir thuaithe, fho‑uirbeacha agus iargúlta.. Tharraing sí aird freisin ar staidéir atá ar na bacáin maidir le rialacháin maidir le rochtain ar fheithiclí agus bochtaineacht iompair, moladh ón gCoimisiún a ullmhú maidir le cláir náisiúnta chun tacú le réigiúin agus cathracha i bpleanáil soghluaisteachta uirbí agus moltaí le déanaí ón gComhairle maidir le haistriú cóir, cuntais foghlama aonair agus micridhintiúir le haghaidh na foghlama ar feadh an tsaoil agus na hinfhostaitheachta.
I dtuairim réasúnaithe maidir le hathbhreithniú an Rialacháin maidir leis an ngréasán tras‑Eorpach iompair, d’áitigh dlísheomra amháin nár chomhlíon roinnt forálacha beartaithe prionsabal na coimhdeachta. De réir an dlísheomra sin, dhéanfaidís cúngracht ar inniúlachtaí na mBallstát maidir le clársceidealú, an tsamhail rialála chun tionscadail trasteorann a stiúradh trí ghníomhartha cur chun feidhme agus an oibleagáid pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a ghlacadh agus bonneagar iompair a choinneáil ar bun. Léirigh roinnt dlísheomraí tacaíocht fhoriomlán don tionscnamh, go háirithe do ghníomhaíocht ón Aontas chun gréasán iarnróid ardluais ardfheidhmíochta a fhorbairt. Chuir dlísheomra amháin i dtábhacht a thábhachtaí atá prionsabal na comhréireachta agus d’iarr sé go ndéanfaí measúnú ar shainmhíniú ghréasán TEN‑T, go háirithe maidir lena nóid. D’iarr dlísheomra eile soiléirithe maidir le maoiniú atá beartaithe chun tacú leis an aistriú córa iompair chuig an iarnród agus le huiscebhealaí intíre a fhorbairt agus d’iarr sé go ndéanfaí píolótú agus bearta leantacha níos déine ar na príomhthionscadail. Thug an tríú dlísheomra faoi deara bhfuil na ceanglais atá beartaithe maidir le bonneagar iarnróid uaillmhianach, d’iarr sé go léireofaí deighilt na gcumhachtaí náisiúnta sna forálacha maidir le nóid uirbeacha, agus chomhroinn sí ábhar imní go bhféadfadh oibleagáidí (amhail maidir le cothabháil bonneagair) ualaí riaracháin a mhéadú. Bhí an ceathrú dlísheomra tacúil, ach chuir sé i dtábhacht na míbhuntáistí féideartha do dhobharcheantair líonra iompair níos lú.
Ina fhreagraí, d’admhaigh an Coimisiún gur ar na Ballstáit atá an fhreagracht pleananna agus cláir náisiúnta a dhréachtú agus a chur chun feidhme. Mar sin féin, chuir sé i dtábhacht go raibh gá le hiarrachtaí comhchoiteanna suntasacha chun na cuspóirí uaillmhianacha maidir le líonra iompair Eorpach dílse a bhaint amach (príomhbheart sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste). Mhínigh an Coimisiún go raibh sé mar aidhm leis an togra an phleanáil náisiúnta a ailíniú níos fearr le beartas iompair an Aontais agus treoraíocht a thabhairt, agus spás suntasach a fhágáil do lamháil inlíochta maidir le pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus cothabháil bonneagair. Thug an Coimisiún dá aire go mbeadh sé i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 170 go hAirteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh dá gceanglófaí ar na Ballstáit – trí ghníomhartha cur chun feidhme – comhlacht aonair a bhunú chun tionscadail a thógáil agus a bhainistiú. B’amhlaidh é sin toisc go raibh tionscadail leasa choitinn de chineál trasteorann san áireamh ina raon feidhme, rud a théann níos faide ná sainchúraimí náisiúnta.
Mar sin féin, tá cuimsiú na ranna nó na nód sa líonra le comhaontú leis an mBallstát lena mbaineann i ngach cás. Maidir le hiompar ar iarnród, thug an Coimisiún mionsonraí maidir leis an gcistiú atá ar fáil in 2021-2027 chun tacú le glacadh níos airde le hiompar ar iarnród (d’fhéadfaí thart ar EUR 80 billiún a chur ar fáil, sa bhreis ar dheiseanna tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus InvestEU) agus forbairt na n‑uiscebhealaí intíre (mar a leagtar amach i bplean gníomhaíochta NAIADES III ón gCoimisiún).
Faoin straitéis an Rabharta athchóiriúcháin, tarraingíodh aird shuntasach ó na Parlaimintí náisiúnta freisin ar an athbhreithniú ar Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh le 1 tuairim réasúnaithe amháin agus 4 thuairim a eisíodh mar chuid den idirphlé polaitiúil.
I dtuairim réasúnaithe, d’áitigh Parlaimint náisiúnta amháin go bhféadfaí na cuspóirí (astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ídiú fuinnimh deiridh ó fhoirgnimh a laghdú faoi 2030 agus Aontas Eorpach aeráidneodrach faoi 2050) a bhaint amach ar bhealach níos córasaí agus níos éifeachtaí ar leibhéal na mBallstát. Chuir roinnt dlísheomraí eile i dtábhacht go láidir gur cheart imthosca náisiúnta nó réigiúnacha a chur san áireamh. Iarradh go mbeadh na Ballstáit in ann teorainneacha aicmí fuinnimh a shocrú agus a mbealaí féin a leagan amach i dtreo stoc foirgneamh aeráidneodrach, i gcomhréir le creatdálaí náisiúnta agus lena saintréithe sonracha. D’iarr dlísheomra amháin freisin gur cheart prionsabal an iarfheistithe fuinnimh d’fhoirgnimh atá ann cheana a chur i bhfeidhm maidir leis na foirgnimh is neamhfheidmiúla agus d’iarr sé go ndéanfaí athruithe ar an modheolaíocht chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh.
Ina fhreagraí, chuir an Coimisiún i dtábhacht, dá ndéanfaí foirgnimh a dhícharbónú gan iarrachtaí éifeachtacha comhordaithe a dhéanamh ar fud an Aontais, go mbeadh dáileadh éagórach an ualaigh agus go mbeadh éifeacht iarmharta d’ídiú fuinnimh níos airde agus costais laghdaithe gás ceaptha teasa níos airde don Aontas Eorpach ar fad. Luaigh sí go raibh ról ríthábhachtach ag an Aontas chun a áirithiú go mbainfear amach leibhéil uaillmhéine inchomparáide agus gur forfheidhmíodh go comhsheasmhach é. Is é tuairim an Choimisiúin, gur baineadh amach leis an togra cothromaíocht mhaith idir bearta ar fud an Aontais agus beartais náisiúnta chun stoc foirgneamh a iompú de réir a chéile le solúbthacht leordhóthanach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Maidir le gnéithe eile, mheabhraigh an Coimisiún go bhféadfadh na Ballstáit foirgnimh oidhreachta cultúrtha áirithe a dhíolmhú ó íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh ach go raibh gá le ceanglais den sórt sin.
Tosaíocht ‘Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn’
Faoin tosaíocht ‘Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn’, spreag na trí thogra seo a leanas aibhsithe spéis mhór ó na Parlaimintí náisiúnta.
Fuair an Coimisiún cúig thuairim maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le cásanna ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn, lenar cumhdaíodh an cuid is mó díobh freisin an t‑athbhreithniú ar Chód Teorainneacha Schengen. Chuir dhá dhlísheomra i dtábhacht nár mhór an comhrac in aghaidh na himirce neamhdhleathaí agus na smuigleála a bheith ina phríomhthosaíocht i mbeartas tearmainn agus imirce an Aontais. Chuir siad i dtábhacht freisin an gá atá ann na cúiseanna agus na nósanna imeachta maidir le cosaint shealadach a thabhairt isteach ag teorainneacha inmheánacha an Aontais a shonrú go soiléir mar rogha dheireanach. Mheas siad go raibh sé tábhachtach go n‑éistfeadh an Coimisiún leis na tíortha lena mbaineann agus tionscnaimh bheartais maidir le himirce agus tearmann á n‑ullmhú aige agus é ag freagairt d’ionstraimiú na himirce. Ar an gcaoi chéanna, d’iarr dlísheomra eile ionstraimí atá sainithe go soiléir agus d’iarr sé go ndéanfaí rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a dtugtar isteach arís a nascadh le bearta malartacha. Sheol an ceathrú dlísheomra ceisteanna maidir leis an nasc idir rialacha Schengen agus saincheisteanna maidir le cearta bunúsacha agus maidir le srian a chur ar shreabha imirce.
D’aontaigh an Coimisiún ina fhreagraí gurbh éigean tuairimí na mBallstát a ndearna ionstraimiú imirceach difear dóibh a chur san áireamh ina n‑iomláine. Chuir sé in iúl go ndearna sé na forálacha atá ann cheana a chuíchóiriú agus gur tharraing sé aird ar na coimircí atá ann cheana a d’eascair as cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. D’athdhearbhaigh an Coimisiún gur cion faoi dhlí an Aontais é teacht isteach, idirthuras nó fanacht neamhrialta a éascú agus go mbíonn ar na Ballstáit pionóis oiriúnacha a fhorchur. Chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil sé tiomanta a áirithiú go gcomhlíonfar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear faoi láthair i gCód Teorainneacha Schengen. Luaigh sé freisin gur ghá rialuithe póilíneachta oibríochtúla a dhéanamh i limistéir teorann ar bhealach comhréireach agus nár cheart iad a bheith ina rialuithe teorann faoi cheilt nó tionchar díréireach a bheith acu ar ghluaiseachtaí trasteorann.
Mar chuid de straitéis an Aontais chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac, rud a spreag cúig thuairim. Mheas dlísheomra amháin go raibh sé ríthábhachtach an chothromaíocht a aimsiú idir mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus an ceart chun príobháideachais a chosaint, agus í ag cur i dtábhacht an ceart chun cumarsáid chriptithe a chosaint a urramú. Ar an gcaoi chéanna, chuir dlísheomra eile in iúl gur earraí sóisialta uachtaracha iad an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse cumarsáide agus saoirse na meán agus go gcosnaítear iad faoin dlí bunreachtúil. Chuir sé i dtábhacht freisin go bhfuil an inniúlacht maidir le rialáil na meán ar na Ballstáit. Chuir dlísheomra eile roinnt ceisteanna, ó roinnt grúpaí polaitiúla ón taobh clé, lena gcuirtear in iúl agóid bhunúsach in aghaidh scanadh na cumarsáide uile, a measadh a bheith an‑chunórtas maidir le príobháideachas.
Ina fhreagraí, chuir an Coimisiún i dtábhacht gur leagadh brath amach sa togra mar rogha dheireanach agus nach ndéanfadh an Coimisiún aon sonraí a bhailiú ná a phróiseáil. Níor ordófaí do sholáthraithe mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ach amháin, tar éis bearta maolaithe a dhéanamh, nuair a bheadh baol suntasach fós ann go n‑úsáidfí an tseirbhís atá i gceist le haghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí. Chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé d’aidhm aige na cearta bunúsacha uile atá i gceist a chothromú go cothrom, agus an cur isteach ar cheart na n‑úsáideoirí chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí pearsanta a íoslaghdú. Pleanáladh coimircí comhlántacha agus ní cheadófaí faisnéis a bhailiú chun úsáideoirí a phróifíliú ná faisnéis mhíchuí a fháil faoina saol príobháideach.
Tosaíocht ‘Eoraip atá oiriúnach don ré dhigiteach’
Faoin réimse tosaíochta ‘Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach’, leis an togra maidir le dálaí oibre a fheabhsú in obair ardáin, spreagadh tuairimí ó ocht ndlísheomra (tuairim réasúnaithe amháin agus dhá thuairim lena gcumhdaítear freisin an Teachtaireacht maidir le dálaí oibre níos fearr le haghaidh Eoraip shóisialta níos láidre ina measc). Cháin an tuairim réasúnaithe cur isteach iomarcach ar mhargaí saothair náisiúnta, agus an bonn do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á bhaint, agus chuir sí i gcoinne sainmhíniú ar ‘fostaí’ ar leibhéal an Aontais. D’iarr formhór na ndlísheomraí soiléiriú breise ar an raon feidhme agus ar an difríocht idir na catagóirí de dhaoine atá féinfhostaithe go fírinneach agus fostaithe. Thug siad rabhadh go bhféadfadh líon níos mó díospóidí sna Ballstáit a bheith mar thoradh ar stádas mar fhostaí a thabhairt d’oibrithe ardáin agus go gcruthófaí mórfhadhbanna dlíthiúla agus airgeadais do bhainisteoirí ardán. Thairis sin, thug Parlaimintí náisiúnta rabhadh go bhféadfadh rialáil iomarcach ar obair ardáin an t‑ualach riaracháin ar ardáin a mhéadú agus iad a spreagadh chun infhaighteacht seirbhísí d’úsáideoirí agus deiseanna fostaíochta i mBallstáit áirithe a laghdú. D’eisigh dlísheomra amháin tuairim fhabhrach agus thuig sé go háirithe gur cuireadh an chosaint i bhfeidhm fiú in éagmais conartha fostaíochta.
Ina fhreagraí, chuir an Coimisiún i dtábhacht gur urramaíodh leis an togra samhlacha náisiúnta mhargadh an tsaothair agus go raibh sé mar aidhm leis dálaí oibre a fheabhsú trí oibrithe ardáin a aicmiú mar is ceart, rud a fhágann gur féidir leo tairbhe a bhaint as na cearta atá acu cheana féin mar ‘oibrithe’. Chuir an Coimisiún in iúl go bhféadfadh daoine féinfhostaithe dáiríre leas a bhaint as na saoirsí agus an neamhspleáchas a bhaineann leis an stádas sin agus nach raibh sé ag iarraidh coincheap ‘oibrí’ ar leibhéal an Aontais a leagan síos. Thairis sin, chuir an Coimisiún i dtábhacht go n‑áiritheodh le critéar soiléir deimhneacht dhlíthiúil níos fearr d’ardáin agus dá n‑oibrithe, agus go mbeadh ardáin in ann oiriúnú do na rialacha nua agus dul in oiriúint dóibh gan a n‑iomaíochas ar mhargadh an Aontais a chailleadh.
Tosaíocht ‘Ugach nua do dhaonlathas na hEorpa’
Faoin gceannlíne tosaíochta le haghaidh ‘Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa, spreag an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil cúig thuairim (tuairim réasúnaithe ba ea ceann amháin acu). Mheas Parlaimint náisiúnta amháin go raibh an togra ag teacht salach ar phrionsabal na coimhdeachta a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le smachtbhannaí forlíontacha, go háirithe an toirmeasc sealadach ar sheasamh i dtoghchán d’oifig thofa nó d’oifig phoiblí. Ar an gcaoi chéanna, d’áitigh dlísheomra eile nár ceadaíodh leis na Conarthaí cineálacha nua smachtbhannaí coiriúla nach raibh ann i ndlí na mBallstát uile a thabhairt isteach. D’iarr an dlísheomra sin freisin go mbeadh deis ann, leis na sainmhínithe ar chionta coiriúla, go bhféadfaí pionós a ghearradh i leith cásanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna amhail agus gur cionta riaracháin iad. D’iarr sí freisin nár cheart go gcuirfeadh na híosleibhéil atá beartaithe le haghaidh uastéarmaí príosúnachta agus na tréimhsí teorann atá beartaithe isteach ar an ngrádú córasach i gcóid choiriúla na mBallstát. Tarraingíodh anuas doiléire roinnt sainmhínithe freisin, agus imní orthu go bhféadfadh sé nach mbeadh an forfheidhmiú chomh héifeachtach céanna. Ba dhíol sásaimh do dhlísheomra eile an aidhm cineálacha smachtbhannaí agus pionós atá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach a áirithiú i gcás coireanna comhshaoil, ach thug sé le fios an tionchar suntasach ar fhad na nósanna imeachta pleanála agus formheasa, ag teacht salach ar ionstraimí luais atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith nua sa dlí náisiúnta comhshaoil agus ceadaithe.
Ina fhreagraí, mhínigh an Coimisiún gur threoir aige an prionsabal ginearálta nár cheart a mheas gur cuí coirpigh chiontaithe a bheith in oifig thofa nó phoiblí, prionsabal atá ina dhlúthchuid de chórais dlí roinnt mhaith Ballstát. Thagair an Coimisiún don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena gceadaítear rialacha íosta maidir le smachtbhannaí coiriúla a leagan amach i dTreoir. Maidir le híosleibhéil le haghaidh uastéarmaí príosúnachta, léirigh na leibhéil bheartaithe tromchúis na coireachta comhshaoil, lenar tosaíodh beatha an phláinéid a chur i mbaol. Léirigh fad na dtréimhsí teorann gur minic nár braitheadh coireacht chomhshaoil ach go dtí tamall maith tar éis í a dhéanamh. Luaigh an Coimisiún freisin nach ndearna a thogra difear do dheiseanna chun na nósanna imeachta um cheadanna a luasghéarú.
Ar aon dul le blianta roimhe seo, rinne roinnt Parlaimintí náisiúnta anailís ar chlár oibre an Choimisiúin. Ar an bhforiomlán, cuireadh i dtábhacht leis na tuairimí sin uile an tacaíocht a thugtar do na tosaíochtaí agus do thionscnaimh an Choimisiúin atá ag teacht. Rinne ceithre dhlísheomra tagairt don tionchar a bhí ag na hÚcráine agus d’iarr siad ar an gCoimisiún an t‑ábhar sin a chur i gcroílár a ghníomhaíochtaí.
Ina fhreagraí, luaigh an Coimisiún an tacar is mó de bhearta sriantacha a ghlac sé riamh, ag díriú ar chóras airgeadais na Rúise, ar a tionscail ardteicneolaíochta agus ar a scothaicme. Léirigh sé freisin go bhfuil na bearta sin á gcomhordú go dlúth ag an Aontas lena chomhpháirtithe agus lena chomhghuaillithe, lena n‑áirítear ECAT, G7, na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Iorua, an Chóiré Theas, an tSeapáin agus an Astráil. Luaigh sé freisin na tionscnaimh atá ar siúl chun dul i ngleic le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise, chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh agus chun an t‑aistriú glas a bhrú chun cinn, chomh maith le leanúint d’aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19.
5.teagmhálacha, cuairteanna, cruinnithe, comhdhálacha agus gníomhaíochtaí eile
Cuairteanna an Choimisiúin ar na Parlaimintí náisiúnta agus cruinnithe leo
San idirphlé polaitiúil ó bhéal idir an Coimisiún agus na Parlaimintí náisiúnta áirítear cineálacha éagsúla idirghníomhaíochta: cuairteanna ó Fheisirí an Choimisiúin ar na Parlaimintí náisiúnta, cuairteanna toscaireachtaí na bParlaimintí náisiúnta ar an gCoimisiún, rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcruinnithe agus i gcomhdhálacha idirpharlaiminteacha (lena n‑áirítear COSAC), cur i láthair an Choimisiúin do bhuanionadaithe na bParlaimintí náisiúnta sa Bhruiséil, díospóireachtaí leanúnacha maidir le cláir oibre an Choimisiúin, agus idirphlé an tSeimeastair Eorpaigh.
In 2022, ghlac Comhaltaí an Choimisiúin páirt in 147 cuairt ar Pharlaimintí náisiúnta agus i gcruinnithe le toscaireachtaí na bParlaimintí náisiúnta, lenar cumhdaíodh beagnach gach Parlaimint náisiúnta agus gach dlísheomra. Tá an líon níos airde ná mar a bhí sna trí bliana roimhe sin (130 in 2021, 101 in 2020, agus 55 in 2019). Ina theannta sin, fuair an Coimisiún líon méadaitheach cuairteanna ó ghrúpaí foirne ó Pharlaimintí náisiúnta éagsúla.
Líon na gcuairteanna ar na Parlaimintí náisiúnta agus líon na gcruinnithe leo
ó Chomhaltaí an Choimisiúin in 2022 (iomlán i gcás na mBallstát go léir: 147)
Cruinnithe agus comhdhálacha idirpharlaiminteacha
Maidir le cruinnithe agus comhdhálacha idirpharlaiminteacha, in 2022, tharla an filleadh ar chruinnithe fisiciúla tar éis na srianta a bhí ann mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus comhaltaí an Choimisiúin a bhí rannpháirteach sna nithe seo a leanas:
-an Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais de chuid Pharlaimintí an Aontais Eorpaigh (COSAC);
-Seachtain Pharlaiminteach na hEorpa;
-an Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach maidir le Europol;
-comhdhálacha idirpharlaiminteacha (IPCanna) agus cruinnithe coiste idirpharlaiminteacha (ICManna) éagsúla.
Sheol na chéad chruinnithe tráthrialta de Chathaoirligh COSAC den bhliain, a reáchtáladh an 13-14 Eanáir i Sénat na Fraince i mód hibrideach, próiseas machnaimh ag Parlaimintí náisiúnta in dhá mheitheal: ceann amháin ar ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas, agus an ceann eile ar luachanna Eorpacha agus ar an smacht reachta.
Le linn chruinniú iomlánach COSAC LXVII, a reáchtáladh i bPáras an 3-5 Márta faoi scáth chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, cumhdaíodh tosaíochtaí Uachtaránacht na Fraince, an plean téarnaimh don Eoraip, an t‑athrú aeráide agus an t‑aistriú fuinnimh, agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, chomh maith le díospóireacht ar an Úcráin a bhí chun tosaigh ar an gclár oibre. Tríd an teachtaireacht físe ón Uachtarán von der Leyen agus trí phríomhóráid ó chomhchathaoirleach Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, an Leas‑Uachtarán Šuica, chuir an Coimisiún i dtábhacht a thábhachtaí atá an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa mar thurgnamh daonlathach nach raibh a leithéid ann roimhe agus ról ríthábhachtach na bParlaimintí náisiúnta ann. Rinne na toscaireachtaí uile an ráiteas chun tacú leis an Úcráin a d’ullmhaigh Troika COSAC a chomhshíniú, inar iarradh go n‑urramófaí ceannasacht agus iomláine chríochach na stát uile, lena n‑áirítear an tSeoirsia agus an Mholdóiv.
Le linn chruinniú na gCathaoirleach an 10-11 Iúil i Senát na Seice leanadh ar aghaidh leis an bplé ar an gcogadh san Úcráin agus, rinneadh é a nascadh le slándáil fuinnimh agus boilsciú. Thug sé aird ar leith ar an ngá atá le hathléimneacht na ndaonlathas san Eoraip a neartú in aghaidh trasnaíocht eachtrach agus bagairtí inmheánacha, agus ar phlé a dhéanamh leis an Leas‑Uachtarán Jourová maidir leis na meáin agus an daonlathas.
Ag cruinniú iomlánach COSAC LXVIII, a reáchtáladh i bPrág an 13-15 Samhain, rinneadh díospóireacht níos geopholaitiúla inar díríodh ar uathriail straitéiseach an Aontais, ar thacaíocht don Úcráin agus ar an bpeirspictíocht Eorpach do na Balcáin Thiar agus do thíortha Chomhpháirtíochta an Oirthir, le rannpháirtíocht na Leas‑Uachtarán Jourová agus Šefčovič. Ina teachtaireacht físe tosaigh, chuir an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le guth na bparlaiminteoirí náisiúnta maidir le comhghuaillíochtaí a fhorbairt le haghaidh athrú dearfach i roinnt mhaith réimsí sna hamanna achrannacha seo.
Le linn an dara cruinniú iomlánach in 2022, ghlac COSAC conclúidí agus rannchuidiú, ag filleadh ar an gcleachtas sin tar éis sos 2 bhliain. Aithníodh sna conclúidí a úsáidí atá físchomhdhálacha neamhfhoirmiúla idir toscairí COSAC agus comhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh, chun plé tráthúil agus mionsonraithe ar thionscnaimh coincréiteacha Eorpacha a chumasú. Reáchtáladh trí mhalartú den sórt sin in 2022, iad uile sa dara leath den bhliain, mar a dhírigh COSAC sa chéad leath ar an bplé a dhéanamh ina mheithleacha.
Thagair an rannchuidiú don dá mheitheal COSAC a cruthaíodh faoi Uachtaránacht na Fraince. Chuir an mheitheal maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta roinnt moltaí chun cinn maidir leis an gcóras rialaithe coimhdeachta a neartú agus maidir lena rannpháirtíocht níos luaithe agus níos leithne sa timthriall beartais. Áirítear ar na bearta atá beartaithe: comhdhálacha idirpharlaiminteacha ad hoc a eagrú sula ndéanfaidh an Coimisiún na príomhthéacsanna reachtacha nó na príomhphacáistí reachtacha a chur i láthair; rannpháirtíocht mhéadaithe Chomhaltaí an Choimisiúin, Fheisirí Pharlaimint na hEorpa nó Airí an Bhallstáit atá ina gcathaoirligh ar an gComhairle in obair COSAC; agus an ceart a thabhairt do Chathaoirligh na gcoistí um ghnóthaí Eorpacha de chuid na bParlaimintí náisiúnta agus COSAC ceisteanna i scríbhinn a chur ar an gCoimisiún (cosúil leis an gceart atá ag Parlaimint na hEorpa faoi Airteagal 230 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh). D’fhéadfaí na moltaí sin a chur chun feidhme trí na bealaí atá ann cheana mar chuid den idirphlé polaitiúil leis an gCoimisiún. Mar sin féin, chaithfí athchóiriú a dhéanamh ar na Conarthaí i gcás páirtithe eile, amhail comhcheart tionscnaimh indírigh a thabhairt isteach do na Parlaimintí náisiúnta, an tairseach le haghaidh ‘cárta buí’ a ísliú nó síneadh a chur leis an sprioc‑am le haghaidh tuairimí réasúnaithe. Mhol an dara meitheal tuiscint níos fearr ar choincheapa luachanna Eorpacha agus an smachta reachta a chur chun cinn agus faireachán níos fearr a áirithiú, lena n‑áirítear trí na Parlaimintí náisiúnta, ar an gcaoi a n‑urramaítear iad sin.
Ina fhreagra ar rannchuidiú COSAC, d’athdhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil sé réidh an t‑idirphlé leis na Parlaimintí náisiúnta a neartú trí na bealaí bunaithe cumarsáide agus comhair chun a n‑ionchur ar agus aiseolas maidir le tionscnaimh pholaitiúla agus reachtacha an Choimisiúin a éascú.
Cuid de na moltaí a rinne meithleacha COSAC, d’fhreagair siad do mholtaí sa tuarascáil chríochnaitheach ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022. Áiríodh leo athchóiriú a dhéanamh ar an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta, lena dtugtar isteach an fhéidearthacht do Pharlaimintí náisiúnta (agus do Pharlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu) tionscnamh reachtach a mholadh ar an leibhéal Eorpach, agus teagmháil a bhunú ag céim níos luaithe idir an Coimisiún agus na Parlaimintí náisiúnta.
In 2022, d’eagraigh Eduskunta na Fionlainne an chéad Chruinniú Mullaigh Domhanda de Choistí na Todhchaí an 12-13 Deireadh Fómhair, d’fhonn fóram idirpharlaiminteach nua a oscailt le haghaidh plé ar bheartas amach anseo. Ceann de na moltaí i dtuarascáil pharlaiminteach dhomhanda 2022 (IPU) an Aontais Idirpharlaimintigh do Pharlaimintí ná a bheith dírithe ar an todhchaí agus díospóireacht phoiblí faoin todhchaí a stiúradh.
Le linn 2022, i bhfóraim idirpharlaiminteach, dhírigh Parlaimintí náisiúnta ar (i) an staid gheopholaitiúil agus ar na dúshláin a de bharr an chogaidh agus ar an ngá atá le hathléimneacht an daonlathais Eorpaigh a mhéadú, agus (ii) mhachnamh domhain ar a ról féin i gcinnteoireacht san Eoraip i meithleacha COSAC agus ar phróiseas na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Ina theannta sin, tháinig fóram nua domhanda chun cinn d’idirphlé idirpharlaiminteach maidir le beartas amach anseo, rud a chruthaíonn deis do Pharlaimintí náisiúnta san Aontas acmhainneachtaí fadbhreathnaitheacha a fhorbairt agus a bheith réamhghníomhach maidir le topaicí atá cinntitheach don todhchaí.
6.Ról na bParlaimintí réigiúnacha
Cuireann na Parlaimintí réigiúnacha go hindíreach le caidreamh an Choimisiúin leis na Parlaimintí náisiúnta. Faoi Phrótacal Uimh. 2, agus seiceáil na coimhdeachta le haghaidh dréachtghníomhartha reachtacha AE á déanamh aici d’fhonn tuairimí réasúnaithe a eisiúint, is faoi gach Parlaimint náisiúnta a bheidh sé dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le Parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu.
Déantar ionadaíocht ar chomhaltaí na bParlaimintí réigiúnacha freisin i gCoiste na Réigiún, a dhéanann obair faireacháin tríd an Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht agus a ardán ar líne atá saincheaptha chun tacú le rannpháirtíocht na bParlaimintí réigiúnacha ag a bhfuil cumhachtaí reachtacha sa sásra luathrabhaidh maidir le coimhdeacht (REGPEX). Glacann Coiste na Réigiún páirt freisin, trí líonra RegHub, san ardán, ‘Réidh don Todhchaí’, a chuidíonn leis an gCoimisiún dlíthe an Aontais a shimpliú agus chun an t‑ualach a laghdú mar chuid dá obair rialála níos fearr.
Cé nach bhfuil aon fhoráil shainráite sna Conarthaí maidir le hidirghníomhaíocht dhíreach idir an Coimisiún agus na Parlaimintí réigiúnacha, cuireann an Coimisiún a rannchuidithe san áireamh agus freagraíonn sé dóibh. Tá méadú ag teacht ar líon na bParlaimintí réigiúnacha atá ag cur rún faoi bhráid an Choimisiúin, a bhfuil méadú ag teacht ar líon na rún sin: 74 rún in 2022, i gcomparáid le 50 in 2021 agus 33 in 2020. Bhain siad sin le topaicí agus tionscnaimh éagsúla, amhail an beartas comhtháthaithe agus saincheisteanna réigiúnacha, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus cearta an duine. Dhírigh roinnt rannchuidithe ar phacáistí nó ar theachtaireachtaí sonracha ón gCoimisiún agus ar phacáistí nó tograí reachtacha ón gCoimisiún, agus chuir cúig cinn díobh ábhair imní in iúl maidir leis an gcoimhdeacht. Chomh maith le tuairimí, bhí Parlaimintí réigiúnacha rannpháirteach i gcomhairliúcháin phoiblí an Choimisiúin, cé nár bhain ach Parlaimint réigiúnach amháin úsáid ghníomhach as an gcainéal sin go dtí seo agus thíolaic sí freagraí ar roinnt mhaith comhairliúcháin phoiblí a sheol an Coimisiún. D’úsáid Parlaimint réigiúnach cainéal eile, ag cur dhá thuairim faoi bhráid trína Pharlaimint náisiúnta. Chomh maith le hidirphlé i scríbhinn, bíonn cruinnithe ag Comhaltaí an Choimisiúin le Parlaimintí réigiúnacha.
7.conclúid
Ar an bhforiomlán, is beag athrú a tháinig, i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, ar dhéine fhaireachán na bParlaimintí náisiúnta maidir le hurraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta – chun a áirithiú nach ndéanfar gníomhaíocht ón Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil gá léi agus a mhéid is gá – agus a gcaidreamh leis an gCoimisiún le hidirphlé gníomhach i scríbhinn agus ó bhéal.
Mar shampla, d’fhan líon iomlán na dtuairimí (lena n‑áirítear tuairimí réasúnaithe) cobhsaí (355 in 2022 i gcomparáid le 360 in 2021), cé go raibh éagsúlacht shuntasach fós idir líon na dtuairimí ó Pharlaimint náisiúnta amháin go chéile. D’eisigh na 10 ndlísheomra ba ghníomhaí an céatadán céanna tuairimí agus a bhí in 2021 (79 %), agus tháinig méadú dlísheomra amháin ar líon na ndlísheomraí a d’eisigh tuairimí. Go ginearálta, lean na Parlaimintí náisiúnta a dhírigh go traidisiúnta ar chomhlíonadh na dtograí le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a fhíorú déanamh amhlaidh in 2022. Ar an bhforiomlán, dhírigh Parlaimintí náisiúnta a dtuairimí níos mó ar thograí atá faoi réir rialú na coimhdeachta ná maidir le cumarsáidí nó maidir le tuairimí féintionscnaimh, treocht thipiciúil le haghaidh na mblianta i dtéarma oifige de chuid an Choimisiúin ina bhfuil líon ard tograí reachtacha. D’fhan leibhéal na rannpháirtíochta i gcomhairliúcháin phoiblí neamhshuntasach.
Bhí na conclúidí suntasacha seo a leanas mar thoradh ar na forbairtí in 2022 maidir leis an ngrinnscrúdú ar urraim don choimhdeacht.
-D’eisigh na Parlaimintí Náisiúnta formhór na dtuairimí réasúnaithe ar thogra reachtach ó Pharlaimint na hEorpa chun dlí toghcháin Eorpaigh a athchóiriú. Ó bhí 2017 ann, ní bhfuair aon togra aonair an oiread sin tuairimí réasúnaithe (5) arbh ionann iad agus an oiread sin vótaí (8), cé go raibh an líon sin fós ní ba lú ná an tairseach le haghaidh athbhreithniú éigeantach ar an dréachtghníomh reachtach (‘cárta buí’).
-Ar an bhforiomlán, tháinig méadú faoi dhó ar líon na dtuairimí réasúnaithe (32) ina ndeirtear nár comhlíonadh prionsabal na coimhdeachta in 2022 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Cé gur fhan an líon sin i bhfad níos ísle ná na mbuaicphointí roimhe seo, níor tharla méadú den sórt sin ó bhí 2016 ann. Ní raibh roinnt tuairimí réasúnaithe bunaithe ar cháineadh soiléir ar shárú coimhdeachta, áfach, ach ar easpa anailíse a mheastar a bheith ann ar imthosca náisiúnta.
-Thionscain Parlaimint náisiúnta amháin níos mó ná 40 % de na tuairimí réasúnaithe: Riksdag na Sualainne. Bhí an céatadán ard cheana féin san am atá caite, ach ní le blianta beaga anuas.
I gcomparáid leis an dá théarma oifige a bhí ag an gCoimisiún roimhe seo, léirítear sna chéad trí bliana de Choimisiún von der Leyen gur tháinig laghdú soiléir ar líon foriomlán na dtuairimí agus ar líon na dtuairimí réasúnaithe a léirigh ábhair imní na coimhdeachta ó na Parlaimintí náisiúnta.
A mhéid a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Coimisiún agus Parlaimintí réigiúnacha, tháinig méadú suntasach ar líon a rannchuidithe (72) in 2022 i gcomparáid leis an 2 bhliain roimhe sin (50 in 2021 agus 33 in 2020), go príomha mar gheall ar ardghníomhaíocht líon an‑teoranta de Pharlaimintí réigiúnacha.
Fiú amháin tar éis deireadh a bheith curtha le srianta COVID-19 in 2022 agus an chuid is mó de na cruinnithe á reáchtáil i bpearsa arís, coinníodh formáidí fíorúla ar chúiseanna praiticiúla le haghaidh imeachtaí roghnaithe, amhail cruinnithe neamhghnácha de Chathaoirligh COSAC le comhaltaí an Choimisiúin.
In 2022, mhol na Parlaimintí náisiúnta bealaí chun a dtionchar san Aontas Eorpach a mhéadú trí rannpháirtíocht níos luaithe agus níos leithne sa timthriall beartais. Tháinig na moltaí sin i gconclúidí ó mheitheal thiomnaithe COSAC agus ó rannchuidiú iomlánach, agus léiríodh iad freisin sa tuarascáil chríochnaitheach ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Cé go mbeadh gá le hathrú ar an gConradh i gcás roinnt moltaí, d’athdhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil sé réidh an t‑idirphlé leis na Parlaimintí náisiúnta a neartú trí na bealaí bunaithe cumarsáide agus comhair chun a n‑ionchur ar agus aiseolas maidir le tionscnaimh pholaitiúla agus reachtacha an Choimisiúin a éascú.