Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0617

    Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Náisiúnta na hUngáire um Athchóiriú don bhliain 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na hUngáire um Chóineasú don bhliain 2023

    COM/2023/617 final

    An Bhruiséil,24.5.2023

    COM(2023) 617 final

    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Clár Náisiúnta na hUngáire um Athchóiriú don bhliain 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na hUngáire um Chóineasú don bhliain 2023

    {SWD(2023) 617 final}


    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Clár Náisiúnta na hUngáire um Athchóiriú don bhliain 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na hUngáire um Chóineasú don bhliain 2023

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú 1 , agus Airteagal 9(2) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, 2 agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 3 lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an taistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

    (2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, 4 rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh inar shainaithin sé go bhfuil an Ungáir ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinnathbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

    (3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an taistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

    (4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré GhlanNialasach 5 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glannialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar chun acmhainneacht monaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glannialasachta agus leis na táirgí glannialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus chun an rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena náirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na namhábhair a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, 6 teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

    (5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna nathbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

    (6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 7 arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glannialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré GlanNialasach, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna neisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamhinaisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.

    (7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. 8 Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh praghsanna fuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. 9 Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go núsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

    (8)An 26 Aibreán 2023, chuir an Coimisiún tograí reachtacha i láthair chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Is é is aidhm do na tograí níos mó smachta a thabhairt do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, agus san am céanna cuirtear córas forfheidhmiúcháin níos déine i bhfeidhm leo freisin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

    (9)An 11 Bealtaine 2021, chuir an Ungáir a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 15 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na hUngáire 10 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an Ungáir. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

    (10)An 2 Bealtaine 2023, thíolaic an Ungáir a Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus a Clár um Chóineasú don bhliain 2023, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na hUngáire maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

    (11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 don Ungáir 11 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na hUngáire ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hUngáire. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na hUngáire ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

    (12)Rinne an Coimisiún grinnathbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 le haghaidh na hUngáire agus d’fhoilsigh sé a thorthaí an 24 Bealtaine 2023 12 . Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ann san Ungáir. Go háirithe, tá méadú tagtha ar leochaileachtaí a bhaineann le brúnna praghais anláidir agus le riachtanais mhaoiniúcháin rialtais agus sheachtracha, agus tá na leochaileachtaí sin suntasach. Tá méadú mór tagtha ar an mboilsciú agus ní léir go fóill go bhfuil sé ag maolú. Dá bhfanfadh an boilsciú ar leibhéal ard thar thréimhse fhada, bhainfeadh sé sin an bonn a thuilleadh d’iomaíochas costais agus d’fhéadfadh costais mhaoiniúcháin a bheith níos airde dá bharr. Tháinig méadú suntasach ar an easnamh mór sa chuntas reatha de dheasca praghsanna fuinnimh níos airde in 2022 agus tá méadú tagtha ar fhiachas seachtrach gearrthéarmach. Má tá feabhas le teacht ar an gcuntas reatha i mbliana agus an bhliain seo chugainn beidh laghdú eile ar phraghsanna fuinnimh ag teastáil, ach mar sin féin táthar ag tuar go mbeidh easnamh neamhdhiomaibhseach ann in 2023 agus in 2024. Tá déine ard fuinnimh an gheilleagair tábhachtach ó thaobh dhinimic an chuntais reatha de. Bhí an teasnamh rialtais mór go dtí seo, agus níorbh iad na freagairtí beartais ar an bpaindéim agus ar na géarchéimeanna fuinnimh ach cuid den chúis leis, agus is an teasnamh is cúis le cuid mhór d’iasachtaí seachtracha an gheilleagair. Tháinig laghdú ar chóimheas fiachais an rialtais mar gheall ar fhás suntasach ainmniúil OTI, ach d’fhéadfadh moilliú ar ghníomhaíocht agus buanseasmhacht na neasnamh ard a bheith ina ndúshláin. Tá méadú tagtha ar chostais iasachtaíochta flaithiúnais ó bhí 2021 ann, agus tá méadú ag teacht ar an ualach úis atá ar an rialtas, cé go bhfuil aibíocht fiachais sách íseal go fóill. Tháinig méadú faoi dhó ar phraghsanna tithe thar thréimhse cúig bliana ach tháinig deireadh leis na méaduithe ar phraghsanna go déanach in 2022. Mar sin féin, is cosúil gur beag an dóchúlacht go dtiocfaidh laghdú mór ar phraghsanna ainmniúla ós rud é go bhfuil féichiúnas teaghlaigh íseal agus i bhfianaise na timpeallachta boilscithe ard atá ann faoi láthair. Tá na leochaileachtaí a sainaithníodh níos measa mar gheall ar neamhréireachtaí beartais. Tá comhordú éifeachtach agus críochú soiléir na mbeartas maicreacnamaíoch, a bhfuil creat beartais institiúideach láidir mar bhonn taca leo, ríthábhachtach chun inbhuanaitheacht fhioscach agus sheachtrach a chosaint agus chun ionchais a fhréamhú. Meastar go gcuideoidh cur chun feidhme tráthúil agus iomlán na nathchóirithe struchtúracha a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hUngáire le leochaileachtaí maicreacnamaíocha a laghdú agus go dtacóidh sé sin leis an bhfás agus leis an gcoigeartú sa mheántéarma.

    (13)Bunaithe ar shonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, 13 tháinig laghdú ar easnamh ginearálta rialtas na hUngáire ó 7.1 % de OTI in 2021 go 6.2 % in 2022, agus thit fiachas ginearálta an rialtais ó 76.6 % de OTI ag deireadh 2021 go 73.3 % ag deireadh 2022. An 24 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE 14 ; rinneadh plé sa tuarascáil sin ar staid bhuiséadach na hUngáire, ós rud é gur sháraigh fiachas ginearálta an rialtais in 2022 luach tagartha an Chonartha maidir le OTI, 3 % agus nár urramaíodh an tagarmharc maidir le fiachas a laghdú. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh an critéar fiachais. I gcomhréir lena Theachtaireacht an 8 Márta 2023 15 , níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a thionscnamh in earrach na bliana 2023; ach luaigh an Coimisiún go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023. Ba cheart don Ungáir é sin a chur san áireamh i bhfeidhmiú ina buiséad do 2023 agus a buiséad do 2024 á ullmhú aici.

    (14)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, bhí tionchar acu ar chomhardú ginearálta an rialtais. In 2022, áiríodh i mbearta laghdaithe ioncaim den sórt sin laghdú ar dhleachtanna máil ar bhreoslaí; agus áiríodh i mbearta méadaithe caiteachais fóirdheontais do chuideachtaí fóntais as na caillteanais arna dtabhú mar gheall ar chaidhpeanna ar phraghsanna fuinnimh cónaithe, agus scéimeanna tacaíochta do chuideachtaí dianfhuinnimh. Rinneadh costas na mbeart sin a fhritháireamh go páirteach le cánacha nua ar bhrabúis amhantair de chuid táirgeoirí agus soláthróirí fuinnimh, mar atá cáin shealadach ar an scaipeadh idir ola Brent agus ola Urals, cáin shealadach ar ioncam soláthróirí fuinnimh agus méadú sealadach ar ríchíosanna mianadóireachta. Measann an Coimisiún gurb é glanchostas buiséadach na mbeart sin 1.0 % de OTI in 2022. Bhí tionchar ar chomhardú ginearálta an rialtais freisin ag costas buiséadach na cosanta sealadaí ar dhaoine easáitithe as an Úcráin, agus meastar gur 0.1 % de OTI in 2022 atá ann. An tráth céanna, laghdaíodh costas measta na mbeart éigeandála sealadacha COVID-19 ó 1.9 % de OTI in 2021 go dtí 0.1 % de OTI in 2022.

    (15)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh an Ungáir 16 staid fhioscach atá fabhrach i gcónaí in 2022, lena náirítear an spreagadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

    (16)De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí staid fhioscach 17 thacúil ann in 2022, ag -0.4 % den OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Ungáir de thacaíocht a thabhairt don téarnamh trí infheistíochtaí a mhaoineofar leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. 1.5 % de OTI in 2022 a bhí i gcaiteachas arna mhaoiniú ag deontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus deontais AE eile (2.1 % de OTI in 2021). An laghdú ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais in 2022, bhí sé ann mar thoradh ar ionsú níos ísle chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa. Chuir infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0.2 pointe céatadáin leis an staid fhioscach ar fáil 18 . Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh an Ungáir infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. An tráth céanna, sholáthar an méadú ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú crapthach dar méid 0.6 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, choinnigh an Ungáir smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.

    (17)Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca leis na réamhmheastacháin bhuiséadacha atá sa Chlár um Chóineasú fabhrach. Tá sé tuartha ag an rialtas go méadóidh fíor-OTI faoi 1.5 % in 2023 agus 4.0 % in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh fíorfhás OTI níos ísle de 0.5 % ann in 2023 agus de 2.8 % ann in 2024, go príomha mar gheall ar an bhfás níos ísle ar an tomhaltas príobháideach a bhfuiltear ag súil leis de bharr an fháis níos ísle ar phá ainmniúil a bhfuiltear ag súil leis agus ráta dífhostaíochta atá beagán níos airde a bheith ann. Chomh maith leis sin, réamhmheasann an Coimisiún go mbeidh fás níos ísle i dtomhaltas an rialtais agus in onnmhairí glana. Tá an fás ainmniúil OTI atá tuartha i réamhaisnéis an Choimisiúin níos ísle le linn na tréimhse réamhaisnéise mar gheall ar an bhfás OTI níos ísle a bhfuiltear ag súil leis agus ar an díbhoilsceoir OTI.

    (18)Ina Chlár um Chóineasú 2023, tá an rialtas ag súil go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas easnaimh rialtais ghinearálta go 3.9 % de OTI in 2023. Léiríonn an laghdú in 2023 den chuid is mó ioncam cánach níos airde arbh é an boilsciú ard agus an brabús amhantair sealadach ba chúis leis, mar aon le cánacha earnála a mheastar a bheith cothrom le 1.5 % de OTI in 2023. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas ollfhiachais rialtais–OTI, ó 73.3 % ag deireadh 2022 go dtí 69.7 % faoi dheireadh 2023. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar gur 4.0 % de OTI a bheidh san easnamh rialtais in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá tuartha sa Chlár um Chóineasú. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtais–OTI níos airde de 70.7 % ann ag deireadh 2023. Is é is cúis leis an difríocht sin fás OTI agus díbhoilsceoir OTI níos ísle sa réamhaisnéis ón gCoimisiún.

    (19)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, meastar go mbeidh tionchar acu i gcónaí ar chomhardú an rialtais in 2023. Is éard atá iontu bearta a bhí ann in 2022 agus ar cuireadh síneadh leo, go háirithe: fóirdheontais do chuideachtaí fóntais as na caillteanais arna dtabhú mar gheall ar chaidhpeanna ar phraghsanna fuinnimh cónaithe, agus scéimeanna tacaíochta do chuideachtaí dianfhuinnimh. Tá costas na mbeart sin fós á fhritháireamh go páirteach le cánacha ar bhrabúis amhantair na soláthraithe fuinnimh. Agus na hioncaim sin á gcur san áireamh, tuartar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin ag 1.2 % de OTI in 2023 19 . De réir dealraimh, níl formhór na mbeart in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná ar na gnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn formhór acu an comhartha praghais go hiomlán chun an téileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, níl aon bheart tacaíochta spriocdhírithe le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta do 2023.

    (20)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 20 go ndéanfadh an Ungáir gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais 21 in 2023, agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart don Ungáir a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don Ungáir freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena náirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.

    (21)In 2023, réamhmheastar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh staid fhioscach crapthach de +4.2 % de OTI ann, i gcomhthéacs boilscithe aird. Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach fhairsingithe a bheith ann in 2022 (-0.4 % de OTI). Réamhmheastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023 rannchuidiú crapthach dar méid 2.2 % de OTI don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá fás réamhmheasta an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurb ionann an caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais agus 2.3 % de OTI in 2023, agus meastar go soláthróidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0.6 pointe céatadáin don staid fhioscach.  22 Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Ungáir infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, cé go réamhmheastar nach gcaomhnóidh an Ungáir infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta. Tá sé aici aige infheistíocht phoiblí a mhaoiniú don aistriú glas agus don aistriú digiteach, agus don tslándáil fuinnimh, amhail eangach leictreachais a fhorbairt, iarnróid fho-uirbeacha a nuachóiriú, tacaíocht a thabhairt d’úsáid grianphainéil chónaithe, ríomhairí glúine a chur ar fáil do dhaltaí i meánscoileanna íochtaracha agus bearta digitithe i gcúram sláinte, bearta a mhaoinítear leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

    (22)De réir an Chláir um Chóineasú, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais go 2.9 % de OTI in 2024. Léiríonn an laghdú in 2024 den chuid is mó laghdú mór ar chaiteachas ginearálta an rialtais mar sciar de OTI, go háirithe maidir le hollfhoirmiú caipitil sheasta, tomhaltas idirmheánach agus cúiteamh d’fhostaithe. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar cóimheas ollfhiachais rialtais–OTI, go dtí 66.7 % ag deireadh 2024. Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag dáta scoir na réamhaisnéise, réamhmheastar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún easnamh rialtais 4.4 % de OTI in 2024. Tá sé sin níos airde ná an teasnamh atá réamhmheasta sa chlár, go príomha mar gheall ar chaiteachas réamhmheasta níos airde ar ollfhoirmiú caipitil sheasta i gcomhréir le treochtaí le déanaí agus ar thomhaltas idirmheánach níos airde arna spreagadh ag brúnna boilscithe atá fós ann. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtais–OTI níos airde de 71.1 % ann ag deireadh 2024.

    (23)Beartaítear leis an gClár um Chóineasú go gcuirfear deireadh de réir a chéile le cuid de na bearta tacaíochta fuinnimh in 2024. Tá an Coimisiún ag glacadh leis faoi láthair gurb ionann glanchostas na mbeart tacaíochta fuinnimh agus 0.4 % de OTI in 2024, i gcomparáid le 1.2 % de OTI in 2023. Tá na meastacháin sin ag brath ar an toimhde nach dtiocfaidh méadú arís ar phraghsanna fuinnimh. Na bearta tacaíochta fuinnimh atá beartaithe faoi láthair go bhfanfaidh siad i bhfeidhm in 2024, ní cosúil go bhfuil siad dírithe ar theaghlaigh nó ar ghnólachtaí leochaileacha. Ní chaomhnaíonn siad go hiomlán an comhartha praghais chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

    (24)Éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle go ndéanfaí feabhas bliantúil ar chomhardú struchtúrach an bhuiséid i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh 0.5 % den OTI mar thagarmharc 23 . Agus aird á tabhairt ar cheisteanna maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach 24 agus ar an ngá atá leis an easnamh a laghdú go dtí faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI, bheadh sé iomchuí feabhas 0.5 % de OTI ar a laghad a chur ar an gcomhardú struchtúrach do 2024. Chun feabhas den sórt sin a áirithiú, níor cheart go rachadh an fás ar ghlanchaiteachas príomhúil 25 arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024 thar 4.4 %, mar a léirítear sa mholadh seo. Cuideoidh sé sin freisin leis an mboilsciú foluiteach a laghdú, atá go mór os cionn mheán an Aontais, agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le caillteanais iomaíochais dá mbeadh sé fós ann, agus cuideoidh sé sin leis an seasamh seachtrach a chosaint.

    An tráth céanna, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (arna mheas ag an gCoimisiún faoi láthair ag 1.2 % de OTI in 2023), ag brath ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh agus ag tosú ó na cinn is lú spriocdhírithe, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Bunaithe ar mheastacháin ón gCoimisiún, bheadh fás ar ghlanchaiteachas príomhúil níos ísle ná mar a moladh do 2024 mar thoradh air sin.

    (25)Má ghlactar leis nach dtiocfaidh aon athrú ar bheartais, tá sé réamhmheasta i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún go dtiocfaidh méadú 7.0 % ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024, ráta atá os cionn an ráta fáis atá molta. Tá an coigeartú a réamhmheastar sa réamhaisnéis ón gCoimisiún níos lú ná an coigilteas ó chéimniú amach iomlán na mbeart tacaíochta fuinnimh, arb iad is cúis leis sin caiteachas ardaithe ar thomhaltas idirmheánach agus ar ollfhoirmiú caipitil sheasta agus céimniú amach ionchasach an bhrabúis amhantair shealadaigh agus na gcánacha earnála.

    (26)De réir an chláir, meastar go dtitfidh infheistíocht an rialtais ó 5.1 % de OTI in 2023 go 3.7 % de OTI in 2024. Léiríonn an infheistíocht níos lú an infheistíocht níos lú a mhaoinítear go náisiúnta agus an infheistíocht níos lú atá á maoiniú ag an Aontas.

    (27)Leagtar amach sa Chlár um Chóineasú conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2027. De réir an chláir, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais de réir a chéile go 1.9 % de OTI in 2025, 1.4 % in 2026 agus 0.9 % in 2027. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go bhfanfaidh an teasnamh ginearálta rialtais faoi bhun 3 % den OTI thar thréimhse an chláir. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas ollfhiachais rialtais–OTI, ó 66.7 % ag deireadh 2024 go dtí 56.3 % ag deireadh 2027.

    (28)Thug beartais airgeadaíochta, fhioscacha agus forbartha eacnamaíche aghaidh ar na dúshláin eacnamaíocha a bhí ann le déanaí ar bhealach neamhchomhordaithe, rud a rinneadh éifeachtacht na freagartha beartais ar an iomlán a lagú. Thosaigh an beartas airgeadaíochta ag éirí níos doichte in 2021 ach lean an leathnú fioscach ar aghaidh go dtí tús 2022. Bhí sé d’aidhm ag roinnt beart beartais sealadach a tugadh isteach ó bhí 2021 ann cumhacht ceannaigh na dteaghlach a chaomhnú ar bhealach neamhspriocdhírithe, trí chaidhpeanna ar phraghsanna agus ar rátaí úis agus trí fhóirdheontais fuinnimh atá costasach go fioscach. Tugadh isteach caidhpeanna praghais ar bhreoslaí mótair agus ar mhíreanna bia bunúsacha áirithe. Tugadh uasteorainneacha ráta úis isteach ar mhorgáistí ráta athraitheacha, ar iasachtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ar iasachtaí do mhic léinn áirithe, agus ar thaiscí móra bainc. Rachaidh an chuid is mó díobh sin in éag in 2023. Is iad cuideachtaí agus an earnáil airgeadais den chuid is mó a sheas costas na mbeart sin, trí ioncam laghdaithe agus trí chánacha indíreacha níos airde, agus de bharr a néifeachtaí saofa tháinig laghdú ar tháirgeadh intíre agus bhí praghsanna níos airde ann i measc táirgí nach ndéanann na huasteorainneacha difear díreach dóibh. Chuir siad bac freisin ar an éileamh a choigeartú do thimpeallacht eacnamaíoch nua. Tá beartais forbartha eacnamaíche ag brath ar scéimeanna iasachta fóirdheonaithe chun cabhrú le cuideachtaí dul i dtaithí ar thurraingí eacnamaíocha. Seoladh scéim iasachta mór fóirdheonaithe ag a bhfuil rátaí úis seasta i mí Feabhra 2023 chun tacú le cuideachtaí a bhfuil costais fuinnimh ag dul i méid dóibh. Tá na caidhpeanna ar rátaí praghais agus úis agus an tiasachtú fóirdheonaithe tar éis gníomhú in aghaidh iarrachtaí beartais airgeadaíochta chun boilsciú a laghdú, inter alia trí éifeachtacht ionstraimí an bhainc cheannais a laghdú. Chinn an Banc Ceannais Eorpach go gcuireann bearta rialála áirithe, lena náirítear an uasteorainn ar rátaí taisce bainc, bac ar stiúradh beartais airgeadaíochta éifeachtúil 26 .

    (29)De dheasca laigí i bpleanáil agus cur i bhfeidhm an bhuiséid, tá méadú tagtha ar chlaontacht leathnaithí an bheartais fhioscaigh agus, dá bhrí sin, chuir siad le go leor de na dúshláin mhaicreacnamaíocha atá roimh an Ungáir faoi láthair. Ó bhí 2016 ann, tá laghdú tagtha ar cháilíocht na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha de bharr na buiséid bhliantúla a ghlacadh go hanluath. D’fhág rialacha éagsúla solúbthachta buiséid agus cúlchistí móra buiséid go raibh caiteachas lánroghnach níos airde ann, rud a chuir le comhthimthriallacht an bheartais fhioscaigh. Ba mhinic a rinneadh cinntí caiteachais ad hoc ag deireadh na bliana buiséid nó achtaíodh iad le foraitheanta rialtais i rith na bliana gan maoirseacht pharlaiminteach agus comhairliúchán poiblí leordhóthanach, rud a laghdaíonn trédhearcacht an bhuiséid. Níor chuir an creat fioscach náisiúnta cosc ar easnaimh mhóra phoiblí mar gheall ar laigí i ndearadh rialacha fioscacha intíre, lena náirítear riail fiachais ag a bhfuil gnéithe comhthimthriallacha, forfheidhmiú lag na pleanála buiséadaí meántéarmacha, arna laghdú a thuilleadh ag forálacha speisialta an chórais ‘staid na contúirte’, agus ról agus acmhainní teoranta na Comhairle Fioscaí. Cuireann sainordú teoranta agus acmhainní teoranta na comhairle fioscaí náisiúnta teorainn lena héifeachtacht maidir le plé poiblí ar shaincheisteanna fioscacha a stiúradh.

    (30)Tá fás mór tagtha ar phraghsanna tithe san Ungáir le deich mbliana anuas, agus d’fhan an soláthar tithíochta teoranta. Scéimeanna fóirdheontais le haghaidh ceannach tithe atá spriocdhírithe go lag, atá ar fáil freisin do theaghlaigh ar ioncam níos airde atá i seilbh teaghaise cheana féin, chuir siad le méaduithe ar phraghsanna le déanaí. Ar an gcaoi chéanna, ní dhírítear ar fhóirdheontais le haghaidh tógáil tithíochta, lena náirítear deontais, iasachtaí fóirdheonaithe agus rátaí fabhracha CBL.

    (31)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. I gcomhréir le hAirteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2021/241, chuir an Ungáir in iúl go raibh sé ar intinn aici suas le EUR 6 600 000 000 de thacaíocht iasachta bhreise a iarraidh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh go pras le cur chun feidhme an phlean, mar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bheidh i bhfeidhm go dtí 2026, is rud í atá sealadach. Tá sé chomh tábhachtach céanna don Ungáir cumas leordhóthanach riaracháin a áirithiú chun gealltanais an phlean a chomhlíonadh. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na hUngáire i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go córasach agus go héifeachtach, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan. Mar gheall ar a ghlacadh déanach i mí na Nollag 2022, tá moill shuntasach ar chur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hUngáire. Chun an plean a chur chun feidhme go pras agus go rianúil, bheadh gá le 27 ngarsprioc a chomhlíonadh a bhaineann le neamhspleáchas breithiúnach a neartú agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ní féidir íocaíocht a dhéanamh faoin bplean go dtí go gcuirfear na garspriocanna sin chun feidhme go hiomlán agus i gceart. Is é leithdháileadh deontais REPowerEU na hUngáire EUR 701.6 milliún. Tá sé beartaithe ag an Ungáir deontas REPowerEU agus iasacht bhreise a úsáid le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le fuinneamh.

    (32)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na hUngáire maidir le beartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an taistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin san Ungáir.

    (33)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise roimh an Ungáir a bhaineann le bochtaineacht, le hiomaíocht an mhargaidh saothair i seirbhísí agus le fuinneamh.

    (34)Cé go bhfuil feabhas tagtha ar tháscairí foriomlána na bochtaineachta le deich mbliana anuas, tá staid choibhneasta grúpaí áirithe faoi mhíbhuntáiste amhail teaghlaigh ar ioncam íseal, leanaí, daoine faoi mhíchumas, Romaigh agus daoine atá ina gcónaí i lonnaíochtaí tuaithe iargúlta imithe in olcas. Tá ráta na díthe ábharaí agus sóisialta ar cheann de na rátaí is airde san Aontas, agus tá éagothromaíochtaí suntasacha ann idir réigiúin. Tá sé thar a bheith ard i measc leanaí agus na Romach. Bíonn deacrachtaí roimh ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste rochtain a fháil ar sheirbhísí leordhóthanacha cúnaimh shóisialta, oideachais, cúraim sláinte agus cuardaithe poist. Bíonn ar theaghlaigh gan ioncam cobhsaí déileáil le líontán sábhála sóisialta atá ag dul i léig. Cuireann an córas cánach ualach díréireach ar oibrithe ar phá níos ísle. Níor choinnigh na príomhfhoinsí ioncaim do theaghlaigh ar ioncam íseal suas leis an gcostas maireachtála le deich mbliana anuas. Tá leordhóthanacht an ioncaim íosta ar cheann de na cinn is ísle san Aontas. Cuireann méaduithe a tháinig ar phraghsanna fuinnimh agus bia le déanaí ualach díréireach ar shaothraithe ar ioncam íseal, agus níl na bearta tacaíochta spriocdhírithe den chuid is mó. Leis an leasú a rinneadh le déanaí ar an reachtaíocht um chosaint shóisialta, laghdaíodh freagracht an stáit cúram sóisialta a chur ar fáil.

    (35)Tá an príomhráta fostaíochta réasúnta ard, ach tá deacrachtaí ag grúpaí áirithe faoi mhíbhuntáiste amhail Romaigh, daoine ar bheagán oiliúna, mná a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu agus daoine faoi mhíchumas dul isteach sa mhargadh saothair oscailte mar gheall ar na laigí san oideachas, san oiliúint, sna córais cúnaimh shóisialta agus sna struchtúir tacaíochta do chuardaitheoirí poist. Tá na bearnaí sa ráta fostaíochta do dhaoine ar bheagán oiliúna, do Romaigh agus do dhaoine faoi mhíchumas fós ard. Fágtar bean amháin as gach cúigear atá ag lorg fostaíochta ar phá as an margadh saothair mar gheall ar fhreagrachtaí cúraim do leanaí nó do chleithiúnaithe faoi mhíchumas. Ní leor na sochair agus an rochtain ar bhearta gníomhacha éifeachtacha maidir leis an margadh saothair do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Maireann an sochar dífhostaíochta 3 mhí, agus ba é 16 mhí an meánam a thóg sé chun post a fháil in 2022. Tá ceathrar as gach deichniúr atá cláraithe mar dhífhostaithe gan sochair. Is léiriú í an meántréimhse chlárúcháin fhada ar na dúshláin acmhainne sa tseirbhís phoiblí fostaíochta. Tá sciar na gcuardaitheoirí poist a bhfuil bunscileanna ísle acu níos mó ná a dhá oiread níos mó ná an meán náisiúnta. Tá sciar na ndaoine fásta a ghlacann páirt san fhoghlaim fós íseal, go háirithe i measc daoine ar bheagán oiliúna agus daoine dífhostaithe.

    (36)Tá an tidirphlé sóisialta fós ar na cinn is laige san Aontas agus is measa fós é le déanaí. Feidhmíonn an príomhchomhlacht trípháirteach den chuid is mó mar fhóram um chomhroinnt faisnéise don rialtas agus níl aon chreat dlíthiúil foirmiúil aige, agus níl aon idirphlé fóinteach ar siúl inti ach amháin i gcás socrú pá íosta. Cé gur dúshlán méadaitheach é an ganntanas múinteoirí, tá forálacha dlíthiúla nua tar éis srian a chur ar chearta múinteoirí gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh agus cuireadh leis an bhféidearthacht atá ag fostóirí múinteoirí atá rannpháirteach in easumhlaíocht shibhialta chun agóid a dhéanamh i gcoinne dálaí saothair a bhriseadh as a bpost go haisghníomhach. Athchóirithe a rinneadh le déanaí, a tugadh isteach gan idirphlé fóinteach leis na ceardchumainn ábhartha, bhí tionchar diúltach acu ar dhálaí oibre agus rinneadh siad féinionadaíocht d’oibrithe cúraim sláinte níos laige.

    (37)Le déanaí, bhí cur isteach poiblí ann ar roinnt margaí, rud a lagaigh deimhneacht dhlíthiúil. Bhí claonadh ag an gcur isteach sin infheistíocht de chuid an Aontais agus infheistíocht eachtrach i margaí áirithe a dhíspreagadh nó a theorannú, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh fiontair faoi úinéireacht stáit nó gnólachtaí príobháideacha a bhfuil dlúthnaisc acu leis an rialtas cuideachtaí a cheannach. Déanann siad difear tromchúiseach do phrionsabail an mhargaidh aonair agus an smachta reachta 27 , rud a chuireann srian ar dheiseanna d’fhás eacnamaíoch inbhuanaithe. Mar shampla, caitear go hidirdhealaitheach le gnólachtaí agus tionscail shonracha trí chánacha saincheaptha, trí chaidhpeanna praghais agus trí rialacháin arna bhforchur ar gearrfhógra agus gan comhairliúchán roimh ré. Ó bhí 2020 ann, bhain an rialtas úsáid as a chumhacht urghnách faoin ‘staid chontúirte’ chun bearta den sórt sin a thabhairt isteach. Is mór an tioncam buiséid ó chánacha earnáilsonracha. Mar shampla, d’fhorchuir an rialtas uasteorainneacha ar phraghsanna riaracháin le déanaí agus cáin bhrabúis 90 % ar tháirgeadh stroighne agus ábhair cheirmeacha. Is tionscail iad seo ina bhfuil ardleibhéal úinéireachta eachtraí. I mí na Nollag 2022, mhéadaigh an rialtas an cháin ar chuideachtaí árachais agus cógaisíochta go tobann. Cuireadh ualach ar na bainc le caidhp ar rátaí solúbtha morgáiste, rud a chuir isteach ar a gcumas iasachtaí a thabhairt agus ar a mbrabúsacht. Baineadh úsáid as cigireachtaí riaracháin roghnaitheacha agus treallacha, as fíneálacha agus as ceadanna a choinneáil siar chun brú míchuí a chur ar chuideachtaí áirithe, go háirithe san earnáil miondíola agus an earnáil iompair. Is cosúil nach bhfuil leigheas éifeachtach ann i gcoinne bearta treallacha a ghlac na húdaráis. Tá rialacháin dhothuartha fós os comhair na hearnála miondíola. Is cosúil nach bhfuil na coinníollacha maidir le údarú bunú nó athrú siopaí os cionn 400 méadar cearnach trédhearcach, agus tá amhras ann faoi infhaighteacht athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Cuireann an cháin ar an earnáil miondíola ualach díréireach ar chuideachtaí móra nach bhfuil a gceanncheathrú acu san Ungáir. Is minic a úsáideann an rialtas a chumhacht chun idirbhearta a dhíolmhú ó rialú cumasc. Níl measúnú á dhéanamh ar thionchar na nidirbheart sin ar an ngeilleagar, ar an iomaíocht ná ar an margadh aonair. Níl critéir na ndíolúintí sin leagtha amach ar bhealach trédhearcach, agus níl aon nós imeachta foirmiúil ann chun na critéir sin ná an cinneadh féin a chonspóid. Mar thoradh ar na hidirghabhálacha sin, tá méadú tagtha ar úinéireacht stáit nó úinéireacht intíre atá fabhrach don stát i mbaincéireacht, teileachumarsáid, fóntais, meáin, craoltóireacht teilifíse agus raidió, rud a dhéanann dochar d’úinéireacht eachtrach. Bunaithe ar fhógraí ó bhaill an rialtais, is féidir a bheith ag súil le hidirbhearta comhchosúla san earnáil árachais, miondíola agus iompair, go háirithe maidir le hAerfort Bhúdaipeist. Níos lú caipitil eachtraigh agus eolais eachtraigh a bheith ann, go háirithe i dtionscail lena mbaineann breisluach ard amhail baincéireacht agus teileachumarsáid, d’fhéadfadh sé sin srian a chur ar dheiseanna na hUngáire maidir le fás táirgiúlachta agus nuálaíocht.

    (38)Ola agus gás atá i meascán fuinnimh na hUngáire den chuid is mó, agus is ionann gach ceann díobh agus thart ar aon trian den úsáid fhoriomlán fuinnimh. Tá sciar 15 % agus thart ar 14 %, faoi seach, ag foinsí fuinnimh núicléacha agus inathnuaite. Tá an Ungáir fós ag brath go mór ar an Rúis le haghaidh breoslaí iontaise agus le haghaidh breoslaí núicléacha, agus tá a hiarrachtaí chun imeacht ó spleáchas na Rúise ag dul ar aghaidh go mall. Cumhdaítear trí cheathrú den tomhaltas gáis intíre le hallmhairí ón Rúis. In 2021, shínigh an Ungáir comhaontú soláthair gáis fadtéarmach le Gazprom agus i mí Aibreáin 2023 rinne sí é a chaibidliú arís agus rogha ann cainníochtaí breise a bheith ann. Beidh gá le gníomhaíocht bhreise mhór chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise Rúiseacha a laghdú, go háirithe chun an comhar le tíortha comharsanachta a neartú, lena náirítear i gcás inar gá maidir le bonneagar, chun rochtain ar fhoinsí breoslaí iontaise malartacha a áirithiú. Méadóidh an leictriú agus an infheistíocht atá beartaithe i dtionscail dianfhuinnimh an gá atá le táirgeadh leictreachais. D’ainneoin an mhéadaithe shuntasaigh ar acmhainneacht an ghrianfhuinnimh le blianta beaga anuas, tá an sciar d’acmhainneacht fuinnimh inathnuaite fós ar cheann de na sciar is ísle san Aontas. Tá stop curtha le suiteáil gléasraí cumhachta gaoithe agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis arís tar éis deireadh a chur le srianta dlíthiúla. Tá fuinneamh geoiteirmeach tearcúsáidte. Cruthaíonn an timpeallacht rialála atá ag athrú go minic roinnt dúshlán roimh fhorbairt an fhuinnimh inathnuaite. Ina theannta sin, mar gheall ar theorainneacha acmhainneacht na heangaí leictreachais tá bac suntasach ann foinsí inathnuaite fuinnimh a nascadh leis an eangach, agus cruthaíonn an easpa réiteach solúbthachta ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair, mar aon le cumhachtú teoranta tomhaltóirí, srian mór ar fhorbairt an táirgthe leictreachais atá glan agus inathnuaite. Is deis chaillte é comhtháthú fo-optamach i margadh cothromúcháin an Aontais chun barrfheabhas a chur ar an eangach ar mhaithe le hacmhainneacht bhreise foinsí inathnuaite fuinnimh.

    (39)Tá acmhainneacht mhór ag an Ungáir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe i bhfoirgnimh chónaithe. Tháinig laghdú 20 % ar thomhaltas gáis nádúrtha na hUngáire sa tréimhse idir mí Lúnasa 2022 agus mí an Mhárta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, laghdú a bhí níos mó ná an sprioc laghdaithe 15 %, agus ba iad ba chúis leis an laghdú sin freisin bearta san earnáil phoiblí agus an leasú ar an gcóras caidhpeála ar phraghsanna fuinnimh a chuirtear i bhfeidhm ar theaghlaigh. Moltar don Ungáir leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh an téileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024 28 . Mar sin féin, in ainneoin na nathruithe sin le déanaí, ní cheadaíonn an córas praghsanna riaracháin maidir le fuinneamh go fóill comharthaí praghais a oibriú i gceart agus dreasacht leordhóthanach a chruthú le haghaidh coigilt fuinnimh. Cuirtear caidhpeanna praghais i bhfeidhm go haonfhoirmeach maidir le gach teaghlach. Baineann teaghlaigh ardioncaim tairbhe freisin as an bpraghas riaracháin fóirdheonaithe, agus is minic a bhíonn teaghlaigh ar ioncam íseal ina gcónaí i dtithe nach bhfuil chomh tíosach ar fhuinneamh. Bheadh scéimeanna spriocdhírithe do theaghlaigh ar ioncam íseal níos éifeachtúla, maidir le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus maidir le coigilt fuinnimh a ghiniúint.

    (40)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar glannialasach á gcruthú ag ganntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena náirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glannialasacha. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthábhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uassciliú agus an tathsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na nearnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an taistriú glas difear dóibh. In 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair san Ungáir le haghaidh 31 ghairm a raibh scileanna nó eolas sonrach ag teastáil i leith an aistrithe ghlais. An tráth céanna, tá laghdú suntasach tagtha ar rannpháirtíocht oibrithe in oiliúint i dtionscail dianfhuinnimh agus tá sé faoi bhun mheán an Aontais anois.

    (41)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár um Chóineasú don bhliain 2023 agus léirítear a tuairim 29 i moladh (1) thíos.

    (42)I bhfianaise ghrinnathbhreithniú an Choimisiúin agus an mheasúnaithe sin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus ar an gClár um Chóineasú don bhliain 2023. Léirítear a cuid moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moladh (1) thíos. Cabhraíonn beartais dá dtagraítear i moladh (1) le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le brúnna praghsanna anláidir agus le riachtanais maoinithe sheachtraigh agus rialtais. Rannchuideoidh moltaí (2) agus (4) le haghaidh a thabhairt ar mholadh (1).

    AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Ungáir in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023 trí úsáid a bhaint as an gcoigilteas gaolmhar chun an teasnamh rialtais a laghdú. Dá mba ghá bearta tacaíochta i ngeall ar mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh athnuaite, a áirithiú go mbíonn na bearta tacaíochta sin dírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go bhfuil siad inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnaíonn siad dreasachtaí le haghaidh coigilt fuinnimh.

    Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 4.4 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024.

    Infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú. Don tréimhse tar éis 2024, leanúint de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú inbhuanaithe de réir a chéile, mar aon le hinfheistíochtaí agus athchóirithe atá fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach stuama mheántéarmach a bhaint amach.

    Comhordú éifeachtach agus críochú soiléir na mbeartas maicreacnamaíocha a shaothrú chun inbhuanaitheacht fhioscach agus sheachtrach a áirithiú. Deireadh a chur de réir a chéile le huasteorainneacha ar phraghsanna agus ar rátaí úis chun éifeachtaí saofa a laghdú agus chun tarchur rianúil an bheartais airgeadaíochta a éascú. Bearta tacaíochta san earnáil tithíochta a dhíriú ar theaghlaigh ar ioncam íseal. An creat buiséadach meántéarmach a neartú, ullmhú na mbuiséad bliantúil a ailíniú leis an mbliain bhuiséadach, agus lánrogha a theorannú i gcur chun feidhme na mbuiséad bliantúil.

    2.Na garspriocanna agus na spriocanna is gá a bhaineann le neamhspleáchas breithiúnach a neartú agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais a choimirciú a chomhlíonadh go práinneach chun gur féidir a plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go pras agus go rianúil. Caibidil REPowerEU a thabhairt i gcrích go pras d’fhonn tús a chur go tapa lena chur chun feidhme. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa chláir an bheartais chomhtháthaithe, agus comhlántacht agus sineirge dhlúth ann leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.

    3.Feabhas a chur ar leordhóthanacht an chórais cúnaimh shóisialta, lena náirítear sochair dhífhostaíochta. Feabhas a chur ar rochtain ar bhearta gníomhacha éifeachtacha maidir leis an margadh saothair, go háirithe deiseanna uasscilithe do na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste, agus idirphlé sóisialta éifeachtach a áirithiú. Feabhas a chur ar an gcreat rialála agus ar an iomaíocht i seirbhísí trí idirghabhálacha riaracháin roghnaitheacha agus treallacha agus úsáid reachtaíochta saincheaptha lena soláthraítear buntáiste nó míbhuntáiste míchuí do chuideachtaí sonracha a sheachaint, trí ghrinnscrúdú iomaíochta a chur i bhfeidhm go córasach ar idirbhearta gnó agus trí úsáid beart éigeandála a laghdú go dtí an méid atá fíor-riachtanach, i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh aonair agus an smachta reachta.

    4.Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le húsáid foinsí inathnuaite fuinnimh, lena náirítear fuinneamh gaoithe, bithmheatán geoiteirmeach agus inbhuanaithe, go háirithe trí na nósanna imeachta ceadaithe a chuíchóiriú, agus measúnuithe tionchair comhshaoil rialta á ndéanamh ag an am céanna agus trí thimpeallacht rialála thacúil intuartha a chruthú. Deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais le haghaidh breoslaí iontaise. Athchóiriú a dhéanamh ar rialacha cothromúcháin agus socraithe taraifí maidir leis an margadh fuinnimh chun gur féidir costais a aisghabháil agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an eangach agus, i gcás inar gá, an bonneagar leictreachais a uasghrádú, lena náirítear acmhainneachtaí eangaí agus stórála. Allmhairí breoslaí iontaise a éagsúlú chun spleáchas ar an Rúis a laghdú go mór, lena náirítear tríd an gcomhar le Ballstáit eile a neartú, lena náirítear maidir le bonneagar i gcás inar gá. Éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, go háirithe i bhfoirgnimh, agus leanúint de na hiarrachtaí tomhaltas foriomlán gáis a laghdú. An córas reatha de phraghsanna fuinnimh rialáilte a choigeartú chun coigilt fuinnimh a spreagadh agus, ag an am céanna, tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do theaghlaigh ar ioncam íseal. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.  

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
    (2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.
    (3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
    (4)    COM(2022) 780 final.
    (5)    COM(2023) 62 final.
    (6)    COM(2023) 168 final.
    (7)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
    (8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle: Treoir maidir leis an mbeartas fioscach do 2024, 8.3.2023, COM(2023) 141 final.
    (9)    COM(2022) 583 final.
    (10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Ungáir (ST 15447/22; 15447/22 ADD 1).
    (11)    SWD(2023) 617 final.
    (12)    SWD(2023) 639 final.
    (13)    Táscaire Euro Eurostat, 47/2023, 21.4.2023.
    (14)    COM(2023) 631 final, 24.5.2023.
    (15)    COM(2023) 141 final, 8.3.2023.
    (16)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár um Chóineasú na hUngáire 2021, IO C 304, 29.7.2021, lch. 78.
    (17)    Déantar an staid fhioscach a thomhas tríd an athrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), cé is moite de bhearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 ach lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú ag tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Tá tuilleadh sonraí ar fáil i mBosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fhioscaigh.
    (18)    Sholáthair caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin de 1.7 pointe céatadáin de OTI, arbh é ba chúis leis an tionchar a bhíonn ag ceannach stoc-charn gáis ag aonán speisialta atá aicmithe sa rialtas ginearálta.
    (19)    Léiríonn an figiúr leibhéal costais buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena n-áirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le – i gcás inarb ábhartha – bearta caiteachais chaipitil.
    (20)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta na hUngáire um Athchóiriú don bhliain 2022 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na hUngáire um Chóineasú don bhliain 2022, IO C 334.17, 12.7.2020, lch. 136.
    (21)    Ar bhonn réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, meastar gur 16,6 %, i dtéarmaí ainmniúla, a bheidh san fhás aschuir féideartha meántéarmach a dhéanfaidh an Ungáir (meán 10 mbliana), céatadán a úsáidtear chun an staid fhioscach a thomhas.
    (22)    Leis an gcaiteachas caipitil eile a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go soláthrófar rannchuidiú crapthach 2.2 pointe céatadáin de OTI. Tá baint ag an titim mhór ar chaiteachas caipitil eile in 2023 leis an tionchar mór atá ag ceannach stoc-charn gáis ag eintiteas speisialta rialtais arna aicmiú sa rialtas ginearálta in 2022.
    (23)    Cf. Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle, lena gceanglaítear freisin coigeartú níos mó ná 0.5 % de OTI a dhéanamh i gcás Ballstát a bhfuil fiachas rialtais acu ar mó é ná 60 % de OTI, nó a bhfuil rioscaí níos suntasaí acu maidir le hinbhuanaitheacht fiachais.
    (24)    Mheas an Coimisiún go mbeadh meánmhéadú bliantúil ar an gcomhardú príomhúil struchtúrach mar sciar de OTI de 0.9 bpointe céatadáin ag teastáil ón Ungáir chun laghdú inchreidte fiachais a bhaint amach nó chun a áirithiú go gcoinneofar fiachas rialtais ar leibhéil stuama sa mheántéarma. Bhí an meastachán sin bunaithe ar réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún. Ba é túsphointe an mheastacháin sin an t-easnamh agus an fiachas rialtais réamh-mheasta do 2024 ina ndearnadh talamh slán de go dtarraingeofaí siar bearta tacaíochta fuinnimh in 2024.
    (25)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomha mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan caiteachas úis mar aon le caiteachas timthriallach dífhostaíochta a áireamh.
    (26)    Tuairim ón mBanc Ceannas Eorpach an 26 Aibreán 2023 maidir leis an srian le soshanntacht na mbillí lascanaithe a eisíonn Magyar Nemzeti agus an síneadh leis an gcaidhp ar rátaí úis CON/2023/10. ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52023AB0010&qid=1682527131068 ).
    (27)    Féach COM(2020) 580 final, lch. 1.
    (28)    Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle.
    (29)    Faoi Airteagail 5(2) agus 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.
    Top