Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0613

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Náisiúnta na Cipire um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Cipire don bhliain 2023

COM/2023/613 final

An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 613 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta na Cipire um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Cipire don bhliain 2023

{SWD(2023) 613 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta na Cipire um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Cipire don bhliain 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú 1 agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lenar bhunaigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, 4 rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil ar shainaithin sé inti go bhfuil an Chipir ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na Cipire don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an t‑aistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach’ 5 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar i ndáil le hacmhainneacht monaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus leis na táirgí glan-nialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus i ndáil le rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na n‑amhábhair a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, 6 teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n‑athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 7 arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na Glan-Nialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna n‑eisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh-in-aisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.

(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. 8 Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh praghsanna fuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. 9 Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go n‑úsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

(8)An 26 Aibreán 2023 chuir an Coimisiún tograí reachtacha i láthair maidir le hathchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí sin inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Is é is aidhm do na tograí níos mó smachta a sholáthar do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, agus córas forfheidhmiúcháin níos déine a chur i bhfeidhm leo freisin chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

(9)An 17 Bealtaine 2021 chuir an Chipir a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 28 Iúil 2021 ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cipire 10 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garpsriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an gCipir. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarpriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(10)An 9 Bealtaine 2023, thíolaic an Chipir a Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus, an 2 Bealtaine 2023, a Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na Cipire maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 maidir leis an gCipir 11 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Cipire ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cipire. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Cipire ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(12)Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir leis an gCipir agus d’fhoilsigh sé a chuid conclúidí an 24 Bealtaine 2023 12 . Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa Chipir. Go háirithe, tá laghdú tagtha ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas príobháideach, rialtais agus seachtrach ach tá siad fós ann. Go háirithe, tá laghdú suntasach tagtha ar fhiacha arda, lena n‑áirítear iasachtaí neamhthuillmheacha, agus tá coinne leis go leanfaidh siad ag laghdú, cé go bhfuil easnaimh sa chuntas reatha fós ina gceist. Tá laghdú ag teacht ar an bhfiachas príobháideach ó bhí 2015 ann, seachas in 2020 le linn ghéarchéim COVID-19, agus tá coinne leis go leanfaidh sé ag laghdú i mbliana agus an bhliain seo chugainn trí thacaíocht agus go mbeidh fás ainmniúil OTI ina thaca leis sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh rátaí úis níos airde brú a chur ar sheirbhísiú fiachais, de réir mar a bheidh iasachtaí ar ráta comhlúthach i réim. Bíonn tionchar ag eintitis shainchuspóireacha sa Chipir ar stoic fiachais phríobháidigh agus sheachtraigh, eintitis a ardaíonn na leibhéil ach a bhfuil rioscaí teoranta don gheilleagar ag baint leo. Tháinig laghdú an-mhór ar iasachtaí neamhthuillmheacha atá i seilbh banc le blianta beaga anuas a bhuí le díol iasachtaí neamhthuillmheacha, díscríobhanna, aisíocaíochtaí airgid, cairde agus babhtálacha fiachais ar shócmhainní. Tá fiachas an rialtais ag titim go seasta; tháinig laghdú air faoi bhun an leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim agus tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú breise air in 2023 agus in 2024. D’ainneoin an téarnaimh sa turasóireacht, tháinig méadú ar an easnamh mór sa chuntas reatha in 2022, rud chuir éileamh láidir intíre chomh maith le praghsanna arda fuinnimh in iúl; tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú beag air i mbliana agus an bhliain seo chugainn, ach leanfaidh sé de bheith mór. Bhí an fhreagairt bheartais fabhrach. Tá coinne leis go gcuideoidh roinnt beart a áirítear sa RRP le héagsúlú an gheilleagair, le tacú le fás onnmhairí, agus leis an róspleáchas ar allmhairí ola a mhaolú. Mar chuid den RRP, glacadh pacáiste de dhlíthe leasaitheacha maidir le cuideachtaí fála creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa i lár 2022, rud a chuir feabhas ar a dtimpeallacht oibre agus a thacaigh le laghdú iasachtaí neamhthuillmheacha. Tar éis roinnt síntí, tháinig deireadh le fionraí foriamh i mí Feabhra na bliana seo: tá creat éifeachtach maidir le foriaimh ríthábhachtach chun iasachtaithe a spreagadh i dtaca le páirt a ghlacadh in athstruchtúrú iasachtaí, chun iasachtaí neamhthuillmheacha sa gheilleagar a laghdú tuilleadh, chun cuidiú le féichiúnas príobháideach a laghdú, agus chun smacht íocaíochta a fheabhsú. 

(13)Ar bhonn sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, 13 tháinig feabhas ar chomhardú rialtais ghinearálta na Cipire ó easnamh 2.0 % de OTI in 2021 go barrachas 2.1 % in 2022, agus thit an t‑ollfhiachas rialtais ó 101.2 % de OTI ag deireadh 2021 go 86.5 % ag deireadh 2022.

(14)Bhí tionchar ag na bearta beartais fhioscaigh ar an gcomhardú rialtais ghinearálta, is iad sin na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. In 2022 áiríodh sna bearta laghdaithe ioncaim sin laghdú ar an dleacht mháil ar tháirgí breosla (7 cent in aghaidh an lítir le haghaidh peitril agus díosail, 5.37 cent in aghaidh an lítir le haghaidh breosla téimh) le haghaidh gach tomhaltóra, agus laghdú ar an ráta CBL ar thomhaltas leictreachais le haghaidh teaghlach, ó 19 % go 9 % (agus laghdú breise 5 % le haghaidh teaghlaigh leochaileacha); agus áiríodh sna bearta méadaithe caiteachais sin fóirdheonú an mhéadaithe ar tharaifí leictreachais, rud a chumhdaigh 50 % go 100 % den mhéadú. Chun an beart deireanach sin a chur chun feidhme, tá íocaíochtaí á gcur ar fáil ag an rialtas d’Údarás Leictreachais na Cipire, eintiteas atá go hiomlán faoi úinéireacht an Stáit. Measann an Coimisiún gurb é atá i nglanchostas buiséadach na mbeart sin uile 0.7 % de OTI in 2022. Ina theannta sin, an costas buiséadach i leith daoine easáitithe as an Úcráin a chosaint go sealadach, bhí tionchar aige sin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta, agus meastar gurb é a bhí ann 0.1 % de OTI in 2022. An tráth céanna thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 go 0.3 % de OTI in 2022, ó 2.9 % in 2021.

(15)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh an Chipir 14 staid fhioscach a thacaíonn leis an gCipir in 2022, lena n‑áirítear an seasamh ón mbogadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

(16)De réir na meastachán ón gCoimisiún, bhí an staid fhioscach neodrach 15 in 2022, rud a bhí iomchuí i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Chipir de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí a bheidh le maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1.4 % de OTI in 2022 (1.6 % de OTI in 2021). Bhí an laghdú ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais in 2022 mar thoradh ar chéim thosaigh na tréimhse clársceidealaithe le haghaidh cistí eile de chuid an Aontais. Le hinfheistíocht arna maoiniú go náisiúnta cuireadh ranníocaíocht chrapthach 0.1 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach 16 . Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh an Chipir infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. An tráth céanna, leis an méadú ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) soláthraíodh ranníocaíocht neodrach don staid fhioscach. Dá bhrí sin, bhí smacht ag an gCipir go leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.

(17)Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha i gClár Cobhsaíochta don bhliain 2023 dóchasach in 2023 agus réadúil ina dhiaidh sin. Tá sé tuartha ag an rialtas go méadóidh fíor-OTI faoi 2.8 % in 2023 agus 3.0 % in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go dtiocfaidh fás iarbhír OTI níos ísle de 2.3 % in 2023 agus 2.7 % in 2024, de bharr ranníocaíocht níos ísle don fhás ón éileamh intíre den chuid is mó.

(18)Ina Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023, tá an rialtas ag súil go laghdóidh an barrachas rialtais ghinearálta de bheagán ó 2.1 % in 2022 go 2.0 de OTI in 2023. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas ollfhiachais rialtais-OTI ó 86.5 % ag deireadh 2022, go 81.1 % ag deireadh 2023. Tá sé tuartha ag an gCoimisiún i réamhaisnéis an earraigh 2023 go mbeidh barrachas rialtais 1.8 % de OTI ann do 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an mbarrachas atá réamh-mheasta sa Chlár Cobhsaíochta. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtais-OTI ar aon dul le 80.4 % ag deireadh 2023.

(19)Maidir leis na bearta fioscacha a glacadh chun an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bheidh ag an méadú ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, meastar go mbeidh tionchar leanúnach acu ar chomhardú an rialtais in 2023. Is éard atá iontu bearta ar cuireadh síneadh ama leo ó 2022 (go háirithe: laghdú ar an dleacht mháil ar tháirgí breosla le haghaidh gach tomhaltóra, agus fóirdheonú don mhéadú ar na taraifí leictreachais). Réamh-mheastar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún ag 0.4 % de OTI in 2023 17 . De réir dealraimh, níl formhór na mbeart in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná ar na gnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn an chuid is m díobh an comhartha praghais go hiomlán chun an t‑éileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, meastar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gurb é 0.0 % de OTI in 2023 (i gcomparáid le 0.1 % de OTI in 2022) méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíontacht an mholta le haghaidh 2023.

(20)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 18 go ndéanfadh an Chipir gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 19 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart don Chipir a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don Chipir freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.

(21)In 2023, réamh-mheastar i réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach neodrach den chuid is mó a bheidh ann (-0.1 % de OTI). Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach neodrach a bheith ann in 2022 (0.0 % de OTI). Réamh-mheastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023 ranníocaíocht neodrach de 0.0 % do OTI na staide fioscaí fhoriomláin. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe ar na teaghlaigh agus ar na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh faoi 0.1 % de GDP. Ar an iomlán, tá fás réamh-mheasta an phríomhchaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurb é atá sa chaiteachas arna mhaoiniú le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais 0.8 % de OTI in 2023, agus meastar go soláthróidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht fairsingiúcháin 0.8 pointe céatadáin don staid fhioscach 20 . Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCipir infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus réamh-mheastar an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail córas bainistithe margaidh le haghaidh mhargadh leictreachais na Cipire, foirgnimh nua atá tíosach ar fhuinneamh a thógáil lena n‑áirítear ospidéal nua meabhairshláinte, uasghrádú éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh i scoileanna agus feabhas a chur ar shlándáil uisce le haghaidh réigiúin na Niocóise agus Larnaca trí thaiscumar a thógáil, ar rudaí iad a mhaoinítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

(22)Sa Chlár Cobhsaíochta, meastar go méadóidh an barrachas rialtais ghinearálta go 2.3 % de OTI in 2024. Den chuid is mó léiríonn an méadú sin in 2024 an méadú ar ranníocaíochtaí slándála sóisialta ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Leis an gclár, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú go 72.9 % ar chóimheas ollfhiachas rialtais le OTI ag deireadh 2024. Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún barrachas rialtais 2.1 % de OTI in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an mbarrachas atá réamh-mheasta sa chlár. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtais-OTI ar aon dul le 72.5 % ag deireadh 2024.

(23)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh uile de réir a chéile in 2024. Glacann an Coimisiún leis freisin go gcuirfear deireadh go hiomlán de réir a chéile le bearta tacaíochta fuinnimh in 2024. Braitheann sé sin ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú nua ar phraghsanna fuinnimh.

(24)Sa chlár, tá sé beartaithe ag an gCipir an cuspóir buiséadach meántéarmach – comhardú struchtúrach buiséid de 0.0 % de OTI – a bhaint amach in 2023 agus é a choimeád ar bun sa chuid eile de thréimhse an chláir. Bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar gurb ionann an comhardú struchtúrach agus +0.9 % de OTI in 2023 agus +1.3 % de OTI in 2024, leibhéil atá os cionn an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh. Cuirfidh beartas fioscach stuama in 2024 freisin le neartú an tseasaimh sheachtraigh.

(25)Má ghlactar leis nach bhfuil aon athrú ar bheartais, le réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún réamh-mheastar maidir le glanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta 21 go bhfásfaidh sé 3.6 % in 2024.

(26)De réir an chláir, tá coinne leis go laghdófar infheistíocht ón rialtas ó 3.0 % de OTI in 2023 go 2.8 % de OTI in 2024. Léiríonn an infheistíocht níos ísle leibhéal infheistíochta ainmniúil seasmhach ag OTI níos airde.

(27)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2026. De réir an chláir, meastar go bhfanfaidh an barrachas rialtais ghinearálta ag 2.3 % de OTI in 2025, agus go méadóidh sé go 2.4 % faoi 2026. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go gcomhlíonfaidh an comhardú rialtais ghinearálta an tagairt ábhartha ón gconradh thar thréimhse an chláir. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas ollfhiachais rialtais-OTI ó 72.9 % ag deireadh 2024 go 60.1 % faoi dheireadh 2026.

(28)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cipire faoi lánseol cé go bhfuil baol ann go mbeidh roinnt moilleanna ann. Chuir an Chipir aon iarraidh amháin ar íocaíocht isteach, iarraidh a chomhfhreagraíonn do 14 gharsprioc atá sa phlean agus eisíocaíocht fhoriomlán EUR 85 milliún an toradh a bhí orthu. Tá plean téarnaimh agus athléimneachta na Cipire sách mór agus casta. Chun an riosca go mbeadh moilleanna ann a íoslaghdú, tá rialachas láidir agus faireachán leanúnach ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta bunriachtanach. Tá coinne leis go ndéanfar athbhreithniú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cipire chun bearta REPowerEU a áireamh agus chun an ranníocaíocht uasta airgeadais laghdaithe a chur san áireamh. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na Cipire i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach agus éifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.

(29)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na Cipire maidir leis an mbeartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t‑aistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa Chipir.

(30)Anuas ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshláin bhreise roimh an gCipir a bhaineann leis an timpeallacht ghnó, go háirithe maidir le rialachas na n‑eintiteas atá faoi úinéireacht stáit (SOEnna), úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, uasghrádú agus nuachóiriú na heangaí leictreachais, idirnaisc fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar inbhuanaithe agus scileanna glasa.

(31)Léiríonn an córas rialachais bearnaí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta (e.g. treoirlínte ECFE maidir le rialachas corparáideach na bhfiontar faoi úinéireacht stáit agus Foireann Straitéisí an Bhainc Dhomhanda um Rialachas Corparáideach ar eintitis faoi úinéireacht stáit). Go háirithe, chuirfeadh trédhearcacht mhéadaithe feidhmíochta airgeadais agus cuspóirí poiblí, le cuntasacht níos airde, le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na n‑eintiteas faoi úinéireacht stáit. Is amhlaidh atá sé sin maidir le dea-chleachtais a chur chun feidhme amhail próiseas trédhearcach atá bunaithe ar fhiúntas le haghaidh ainmniúcháin do chomhlachtaí bainistíochta SOEnna. Dá ndéanfaí feidhm úinéireachta na n‑eintiteas faoi úinéireacht stáit a aistriú ó aireachtaí líne beartas-dhírithe go comhlacht lárnach tiomnaithe, nó ar a laghad, aonad faireacháin láraithe a bhunú san Aireacht Airgeadais, chuirfí feabhas ar chúrsaí mar atá siad faoi láthair. Dá gcuirfí feabhas ar an rialachas, d’áiritheofaí go mbeadh príomhthionscadail infheistíochta poiblí na bhfiontar faoi úinéireacht stáit curtha i gcrích in am, rud a d’éascódh an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach. Trí ghníomhaíocht a dhéanamh maidir le heintitis faoi úinéireacht stáit, bheadh an rialachas sa Chipir níos éifeachtaí agus bheadh margadh na ngnólachtaí áitiúla agus eachtracha níos cothroime agus níos trédhearcaí. Tá an méid sin i gcomhréir le cuspóirí na straitéise fadtéarmaí don Chipir agus leis an bplean gníomhaíochta is bun léi (faoin tionscnamh ‘Nuachóiriú a dhéanamh ar eagraíochtaí leathrialtasacha agus na dreasachtaí cearta a chruthú le haghaidh nuálaíochta agus éifeachtúlachta’). Is féidir le beartais a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar rialachas na bhfiontar faoi úinéireacht stáit cuidiú freisin le héifeachtúlacht na hearnála poiblí a mhéadú.

(32)D’fhéadfaí acmhainneacht iomlán na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite sa Chipir a scaoileadh tuilleadh, go háirithe trí infheistíochtaí breise a dhéanamh chun an eangach leictreachais a uasghrádú agus a nuachóiriú, agus trí shaoráidí stórála fuinnimh ar scála na heangaí a roghnú. Is féidir le comhaontuithe ceannaigh cumhachta agus conarthaí le haghaidh difríochta a bheith ina n‑ionstraimí eacnamaíocha oiriúnacha chun dlús a chur le leathadh amach foinsí in-athnuaite fuinnimh. Ní úsáideann an Chipir aon ghás faoi láthair, cé gurb é an ola 83.2 % den mheascán soláthair fuinnimh iomlán. Ós rud é go mbíonn praghsanna fuinnimh ag athrú go forleathan ar na margaí domhanda, tá sé ríthábhachtach d’inbhuanaitheacht gheilleagar na Cipire a spleáchas trom ar ola a laghdú, rud a allmhairíonn sé go hiomlán. Chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú agus an spleáchas ar allmhairí a laghdú, bhainfeadh an Chipir tairbhe as idirnaisc bhreise leictreachais agus as leathnú foinsí in-athnuaite fuinnimh, chomh maith le hinfheistíochtaí nua i mbonneagar agus i líonraí. Ina theannta sin, d’fhéadfaí beartais éifeachtúlachta fuinnimh a leathnú agus a luathú, chun srian a chur leis an bhfás ar thomhaltas fuinnimh, rud atá go mór os cionn an mheáin san Aontas. Táthar ag súil go gcuideoidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh freisin le haghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh atá ag sciar ard den daonra (19.4 % in 2021), lena n‑áirítear trí chistí an bheartais chomhtháthaithe a úsáid de réir mar is iomchuí. Bhainfeadh an Chipir tairbhe as aistriú i dtreo iompar inbhuanaithe. Tá an t‑oileán ag brath ar iompar príobháideach faoi láthair, agus ba í an earnáil iompair ina hiomláine ba chúis le 21 % d’iomlán na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2020, agus is é sciar na bhfeithiclí leictreacha i gcláruithe nua agus an líon pointí luchtaithe in aghaidh na feithicle an sciar de sin is ísle san Aontas. Beidh gá le huaillmhian bhreise chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun an fuinneamh in-athnuaite agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chun go mbeidh an Chipir i gcomhréir leis cuspóirí an chláir ‘Oiriúnach do 55’.

(33)Tá bacainní ar an aistriú chuig geilleagar glan-nialasach de bharr na nganntanas lucht saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena n‑áirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glan-nialasacha. In 2022, bhí ganntanas lucht saothair os comhair roinnt gairmeacha a bhfuil scileanna sonracha nó eolas sonrach acu a theastaíonn le haghaidh an aistrithe ghlais agus chláraigh príomhearnálacha (e.g. tógáil, monaraíocht) ráta folúntais atá ag dul i méid. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthábhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas-sciliú agus an t‑athsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na n‑earnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an t‑aistriú glas difear dóibh.

(34)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Cobhsaíocht don bhliain 2023 agus léirítear a tuairim 22 i moladh (1) thíos.

(35)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú ó thaobh praghsanna fuinnimh de; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí cost-éifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacrairgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás na Cipire, cuidíonn moltaí (1), (2), (3) agus (4) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh, an tríú moladh agus an ceathrú moladh maidir leis an limistéar euro. 

(36)I bhfianaise ghrinn-athbhreithniú an Choimisiúin agus an mheasúnaithe sin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus ar an gClár Cobhsaíocht don bhliain 2023. Léirítear a cuid moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moladh (1) thíos. Cuidíonn na beartais dá dtagraítear i moladh (1) ó thaobh aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas príobháideach, rialtais agus seachtrach. Cuireann moladh (2) le haghaidh a thabhairt ar mholadh (1). Cuidíonn na beartais dá dtagraítear i moladh (1) ó thaobh aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus ó thaobh na moltaí maidir leis an limistéar euro a chur chun feidhme, i gcomhréir le haithris 35.

AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Chipir in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023. Dá mbeadh gá le bearta tacaíochta chun méaduithe ar phraghsanna fuinnimh a athnuachan, ní mór a áirithiú go bhfuil na bearta sin dírithe ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, inacmhainne go fioscach, agus ní mór dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh a chaomhnú. Agus staid fhioscach fhónta á caomhnú in 2024, infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.

Laghdú ar fhiachas príobháideach a éascú, lena n‑áirítear trí chreat éifeachtach maidir le foriaimh a chur chun feidhme.

Don tréimhse tar éis 2024, leanfaidh siad d’infheistíocht agus d’athchóirithe a shaothrú a chuideoidh le fás inbhuanaithe níos airde agus staid fhioscach meántéarmach stuama a chaomhnú.

2.Dlús a chur le cur chun feidhme a plean téarnaimh agus athléimneachta, trí acmhainneacht riaracháin leordhóthanach a áirithiú freisin, agus trí chaibidil REPowerEU a thabhairt chun críche go pras d’fhonn tús a chur go tapa lena cur chun feidhme. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa clár beartais comhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.

3.Bearta a dhéanamh chun rialachas na n‑eintiteas atá faoi úinéireacht an stáit a fheabhsú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

4.Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus an soláthar fuinnimh a éagsúlú. Chun leas níos fearr a bhaint as an acmhainneacht neamhshaothraithe chun fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint, cuir dlús le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh trí ionstraimí eacnamaíocha oiriúnacha a úsáid agus trí infheistíochtaí breise a dhéanamh chun an eangach leictreachais, lena n‑áirítear saoráidí stórála fuinnimh, a uasghrádú agus a nuachóiriú. Dlús a chur le forbairt na n‑idirnasc leictreachais. Bearta éifeachtúlachta fuinnimh a leathnú agus dlús a chur leo, agus aghaidh a thabhairt freisin ar an mbochtaineacht fuinnimh, chomh maith leis an aistriú i dtreo iompar inbhuanaithe. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
(2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.
(3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(4)    COM(2022) 780 final.
(5)    COM(2023) 62 final.
(6)    COM(2023) 168 final.
(7)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(8)    COM(2023) 141 final.
(9)    COM(2022) 583 final.
(10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 28 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cipire (ST 10686/2021; ST 10686/2021 ADD 1).
(11)    SWD(2023) 613 final.
(12)    SWD(2023) 635 final.
(13)    Táscairí Eurostat-Euro, 47/2023, 21.4.2023
(14)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2021 de chuid na Cipire, IO C 304, 29.7.2021, lch. 58.
(15)    Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an athrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), cé is moite de bhearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 ach lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú trí thacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Bosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fhioscaigh.
(16)    Le caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta, soláthraíodh ranníocaíocht fairsingiúcháin de 0.2 pointe céatadáin de OTI.
(17)    Is éard atá san fhigiúir leibhéal chostais bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin, lena n‑áirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le bearta caiteachais chaipitil – i gcás inarb ábhartha.
(18)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na Cipire agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2022 de chuid na Cipire, IO C 334, 1.9.2022, lch. 104. 
(19)    Ar bhonn réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, meastar gur 8.2 %, i dtéarmaí ainmniúla, a bheidh san fhás aschuir féideartha meántéarmach a dhéanfaidh an Chipir (meán 10 bliana), céatadán a úsáidtear chun an staid fhioscach a thomhas.
(20)    Réamh-mheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht neodrach de 0.0 pointe céatadáin de OTI.
(21)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomha mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan caiteachas úis mar aon le caiteachas timthriallach dífhostaíochta a áireamh.
(22)    Faoi Airteagail 5(2) agus 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.
Top