Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0603

    Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Náisiúnta na Seicia um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na Seicia um Chobhsaíocht don bhliain 2023

    COM/2023/603 final

    An Bhruiséil,24.5.2023

    COM(2023) 603 final

    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Clár Náisiúnta na Seicia um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na Seicia um Chobhsaíocht don bhliain 2023

    {SWD(2023) 603 final}


    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Clár Náisiúnta na Seicia um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na Seicia um Chobhsaíocht don bhliain 2023

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le faireachas buiséadach, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú 1 , agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 3 lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an taistriú glas agus an taistriú digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

    (2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, 4 rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil ar shainaithin sé inti go bhfuil an tSeicia ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar an bhFostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte don Fhostaíocht agus do phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

    (3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an taistriú glas agus an taistriú digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

    (4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach 5 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasacha an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar i ndáil le hacmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glan-nialasacha agus leis na táirgí glan-nialasacha a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus i ndáil le rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena náirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na namhábhair a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, 6 teachtaireacht a leagadh amach i gcomhréir le naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

    (5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna nathbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

    (6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 7 arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí le borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasach an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Glan-nialasach, agus tabharfaidh siad aghaidh ar na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna neisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh-in-aisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

    (7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. 8 Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’iarr an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 lena náiritheofaí an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus lena méadófaí an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bpleananna fioscacha go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh an fhuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. 9 Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na ninfheistíochtaí a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go núsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais ar bhealach éifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

    (8)An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí sin inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíocht. Cé go dtugann na tograí níos mó smachta do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, cuirtear córas forfheidhmiúcháin níos déine i bhfeidhm leo freisin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

    (9)An 1 Meitheamh 2021, chuir an tSeicia a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 8 Meán Fómhair 2021 ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don tSeicia a fhormheas 10 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an tSeicia. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil nach ndeachthas siar ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a baineadh amach roimhe sin.

    (10)An 13 Aibreán 2023, thíolaic an tSeicia a Clár Náisiúnta 2023 um Athchóiriú agus, an 28 Aibreán 2023, a Clár Cobhsaíochta 2023, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, léiríonn Clár Náisiúnta 2023 um Athchóiriú freisin tuairisciú débhliantúil na Seicia ar an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme.

    (11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 maidir leis an tSeicia 11 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Seicia ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Seicia. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinne measúnú inti freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag an tSeicia maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus maidir le príomhspriocanna an Aontais i ndáil le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, chomh maith le dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

    (12)Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir leis an tSeicia agus d’fhoilsigh sé a chuid conclúidí an 24 Bealtaine 2023 12 . Tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa tSeicia. Go háirithe, baineann leochaileachtaí le hiomaíochas praghsanna agus praghsanna tithe, ach is cosúil go mbeidh siad teoranta amach anseo toisc go bhfuil fiachas na dteaghlach faoi smacht agus meastar go dtiocfaidh moill i bhfad níos tapúla leis an mboilsciú ná meán an Aontais. Bhí tionchar mór ag suaitheadh praghsanna fuinnimh ar an ngeilleagar agus tháinig méadú tapa ar an mboilsciú. Le seasamh fioscach scaoilte ó bhí an phaindéim ann, cuireadh le dlús a chur leis an mboilsciú freisin. Cé go bhfuil brú foriomlán praghsanna fós ard, réamh-mheastar go dtiocfaidh téarnamh i bpáirt ar iomaíochas costais amach anseo i bhfianaise laghdú ar phraghsanna fuinnimh, gan aon dúshlán láithreach a bheith ann maidir le hinbhuanaitheacht sheachtrach. Meastar go dtiocfaidh moill ar an mboilsciú i bhfad níos tapúla ná meán an Aontais. Mar sin féin, má leanann an boilsciú ar aghaidh, d’fhéadfadh rioscaí áirithe a bheith ag baint leis d’iomaíochas na Seicia. Mar gheall ar an meath a tháinig ar an gcuntas reatha le déanaí, tá gá le dlúthfhaireachán a dhéanamh amach anseo. Le blianta beaga anuas, tháinig méadú mór ar an éileamh ar thithíocht, rud a spreagadh ag rátaí úis ísle, fás ard ioncaim agus bearta macrastuamachta scaoilte, agus níor choinnigh soláthar tithíochta suas. D’fhás praghsanna tithe níos láidre le linn na paindéime ach thosaigh siad ag maolú i lár 2022 i bhfianaise rátaí úis níos airde agus coinníollacha iasachtaithe níos déine. Is cosúil, áfach, go bhfuil na rioscaí a bhaineann le praghas tithe a cheartú íseal, go bhfuil fiachas na dteaghlach faoi smacht, agus go bhfuil an earnáil baincéireachta fónta; mar sin féin, dá mbeadh freagairt theoranta i gcónaí ann i ndáil le soláthar sa mheántéarma, leanfaí de phraghsanna a ardú. Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun srian a chur leis an mboilsciú. Chun an boilsciú a laghdú go tapa, tá gá le luasmhoilliú láidir i bhfás an éilimh, rud is féidir a bhaint amach trí bheartas airgeadaíochta agus fioscach atá dian go leordhóthanach.

    (13)Ar bhonn sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, 13 tháinig laghdú ar easnamh ginearálta rialtas na Seicia ó 5.1 % de OTI in 2021 go 3.6 % in 2022, agus tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 42.0 % de OTI ag deireadh 2021 go 44.1 % ag deireadh 2022. An 24 Bealtaine 2023 d’eisigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE 14 ; rinneadh plé sa tuarascáil ar staid bhuiséadach na Seicia, ós rud é gur sháraigh a hollfhiachas rialtais in 2022 3 % luach tagartha an Chonartha maidir le OTI. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh critéar an easnaimh. I gcomhréir le Teachtaireacht an 8 Márta 2023, 15 níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a thionscnamh in earrach na bliana 2023; dá réir sin shonraigh an Coimisiún go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023. Ba cheart don tSeicia é sin a chur san áireamh i bhforghníomhú a bhuiséad do 2023 agus in ullmhú a bhuiséid do 2024.

    (14)Bhí tionchar ag na bearta beartais fhioscaigh ar an gcomhardú ginearálta rialtais, is iad sin na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. In 2022, áiríodh leis na bearta laghdaithe ioncaim sin laghdú ar mháil pheitril agus díosail, cealú na cánach bóthair do ghnólachtaí agus laghdú ar an bhformhuirear ar fhoinsí in-athnuaite a d’íoc úsáideoirí deiridh; agus áiríodh leis na bearta méadaithe caiteachais sin ranníocaíocht chnapshuime leis na billí fuinnimh (ar a dtugtar ‘taraif coigiltis’), an tacaíocht don tionscal a bhfuil tionchar ag praghsanna arda fuinnimh air agus liúntas aonuaire le haghaidh leanaí. Measann an Coimisiún go mbeidh glanchostas buiséadach na mbeart sin cothrom le 0.7 % de OTI in 2022. Ina theannta sin, bhí tionchar ag costas buiséadach na cosanta sealadaí ar dhaoine easáitithe as an Úcráin ar chomhardú ginearálta an rialtais, a meastar a bheith cothrom le 0.3 % de OTI in 2022. An tráth céanna, thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 go 0.1 % de OTI in 2022, ó 2.0 % in 2021.

    (15)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh an tSeicia 16 seasamh fioscach a thacaíonn leis an tSeicia in 2022, lena náirítear an seasamh ón mbogadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

    (16)De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an seasamh fioscach 17 in 2022 neodrach den chuid is mó, ag -0.1 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an tSeicia de thacaíocht a thabhairt don téarnamh, lena náirítear trí infheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. 1.1 % de OTI a bhí i gcaiteachas arna maoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais in 2022 (1.1 % de OTI in 2021). Chuir infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht neodrach ar fáil don staid fhioscach 18 . An tráth céanna, leis an méadú ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) soláthraíodh ranníocaíocht chrapthach de 0.3 pointe céatadáin don seasamh fioscach. Dá bhrí sin, bhí smacht leordhóthanach ag an tSeicia ar an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an tSeicia infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle.

    (17)Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha sa Chlár um Cóineasú réalaíoch. Tá sé réamh-mheasta ag an rialtas go méadóidh fíor-OTI faoi 0.1 % in 2023 agus 3.0 % in 2024. I gcomparáid leis sin, réamh-mheastar i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin go mbeidh fíorfhás OTI comhchosúil de 0.2 % in 2023 agus 2.6 % in 2024.

    (18)Ina Chlár 2023 um Chóineasú, tá an rialtas ag súil go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas easnaimh ginearálta an rialtais go 3.5 % de OTI in 2023. Léiríonn an laghdú imeallach in 2023 den chuid is mó caiteachas níos airde amhail fóirdheontais a bhaineann leis na bearta tacaíochta fuinnimh, nó ollfhoirmiú caipitil sheasta níos airde, rudaí a dhéantar a fhritháireamh trí fhás níos ísle in ítimí caiteachais eile agus ioncam níos airde ó chistí AE. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI ó 44.1 % ag deireadh 2022 go 43.5 % ag deireadh 2023. I réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh easnamh rialtais de 3.6 % de OTI ann do 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá réamh-mheasta sa Chlár um Chóineasú. I réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh cóimheas fiachais ghinearálta an rialtas le OTI níos ísle, 42.9 % ag deireadh 2023. Is é is cúis leis an difríocht sin fás ainmniúil níos airde OTI a réamh-mheas.

    (19)Na bearta arna nglacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, meastar go leanfaidh siad de thionchar a bheith acu ar chomhardú an rialtais in 2023. Is éard atá iontu bearta ar cuireadh síneadh ama leo ó 2022 (go háirithe: laghdú ar an bhformhuirear ar fhoinsí in-athnuaite a íocann úsáideoirí deiridh agus an gearradh ar mháil díosail) agus bearta nua amhail uasteorainn ar phraghsanna leictreachais agus gáis agus tacaíocht in earnáil an téimh. Déantar costas na mbeart sin a fhritháireamh go páirteach le cánacha ar bhrabúis amhantair na soláthraithe fuinnimh, is é sin tobhach a íocann táirgeoirí leictreachais ar ioncam os cionn leibhéal praghsanna áirithe agus cáin ar bhrabúis amhantair do chuideachtaí atá gníomhach i dtáirgeadh agus i dtrádáil leictreachais agus gáis, mianadóireacht iontaise, breoslaí, peitriceimiceáin. Agus an tioncam sin á chur san áireamh, réamh-mheastar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin ag 1.3 % de OTI in 2023 19 . De réir dealraimh, níl formhór na mbeart in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná ar na gnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn siad an comhartha praghais go hiomlán chun an téileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, meastar i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin gurb é 0.1 % de OTI in 2023 (i gcomparáid le 0.2 % de OTI in 2022) méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíontacht an mholta do 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú 0.1 pointe céatadáin de OTI ar chostas buiséadach na cosanta sealadaí ar dhaoine easáitithe ón Úcráin i gcomparáid le 2022.

    (20)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 20 go ndéanfadh an tSeicia gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 21 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart don tSeicia a bheith réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don tSeicia freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena náirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.

    (21)In 2023, réamh-mheastar go mbeidh an seasamh fioscach i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin crapthach (+1.4 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Leanann sé sin seasamh fioscach a bhí neodrach den chuid is mó in 2022 (-0.1 % de OTI). Réamh-mheastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023 ranníocaíocht chrapthach de 1.2 % do OTI don seasamh fioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh de, arb ionann é agus 0.1 % den OTI. Áirítear leis sin freisin costais níos ísle chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (faoi 0.1 % de OTI). Ar an iomlán, tá fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurb é atá sa chaiteachas arna mhaoiniú le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais 1.6 % de OTI in 2023, agus meastar go soláthróidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht chrapthach de 0.5 pointe céatadáin don staid fhioscach 22 . Tá sé beartaithe ag an tSeicia infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, ach ní réamh-mheastar é go gcaomhnóidh sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh na naistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh amhail feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh phoiblí nó infheistíochtaí in iarnróid nó i seirbhísí digiteacha a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

    (22)De réir an Chláir um Chóineasú, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais go 2.9 % de OTI in 2024. Léiríonn an laghdú in 2024 den chuid is mó deireadh a chur de réir a chéile le bearta tacaíochta fuinnimh a bhfuil fóirdheontais níos ísle mar thoradh orthu, agus fás níos ísle ar íocaíochtaí sóisialta i gcomparáid leis an bhfás ar OTI ainmniúil. Leis an gclár, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar chóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI go 44.0 % ag deireadh 2024. Bunaithe ar bhearta beartais ar a dtugtar scoithdháta na réamhaisnéise, réamh-mheastar i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin easnamh rialtais de 3.0 % de OTI in 2024. Tá sé sin i gcomhréir den chuid is mó leis an easnamh a réamh-mheastar sa chlár. I réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh cóimheas fiachais ghinearálta an rialtas le OTI níos ísle, 43.1 % ag deireadh 2024.

    (23)Beartaítear leis an gClár um Chóineasú deireadh a chur de réir a chéile le formhór na mbeart tacaíochta fuinnimh in 2024. Faoi láthair, glacann an Coimisiún le glanchostas na mbeart tacaíochta fuinnimh de 0.0 % de OTI in 2024, i gcomparáid le 1.3 % de OTI in 2023. Tá na meastacháin sin ag brath ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú athnuaite ar phraghsanna fuinnimh.

    (24)Éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle go ndéanfaí feabhas bliantúil ar chomhardú struchtúrach an bhuiséid i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh de 0.5 % den OTI mar thagarmharc. 23 Agus aird á tabhairt ar bhreithnithe inbhuanaitheachta fioscaí, 24 agus ar an ngá atá leis an easnamh a laghdú go dtí faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI, bheadh sé iomchuí feabhas a chur ar an gcomhardú struchtúrach de 0.5 % den OTI. Chun an feabhas sin a áirithiú, níor cheart an fás ar an nglanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta 25 in 2024 a bheith níos mó ná 6.0 %, mar a léirítear sa mholadh seo. Cuideoidh sé sin freisin leis an bpríomhbhoilsciú a laghdú, rud atá go mór os cionn mheán an Aontais, agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le caillteanais iomaíochais dá mairfeadh sé.

    An tráth céanna, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (arna meas ag an gCoimisiún faoi láthair ag 1.3 % de OTI in 2023), ag brath ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh agus ag tosú ó na cinn is lú spriocdhíriú, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Bunaithe ar mheastacháin an Choimisiúin, thiocfadh fás ar ghlanchaiteachas príomhúil faoi bhun an uasráta fáis atá molta do 2024 mar thoradh air sin.

    (25)Má ghlactar leis nach mbeidh aon athrú ar na beartais, réamh-mheastar i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin go dtiocfaidh fás de 3.0 % ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, ráta atá faoi bhun an ráta fáis atá molta.

    (26)De réir an chláir, meastar go laghdóidh infheistíocht rialtais ó 4.9 % de OTI in 2023 go 4.4 % de OTI in 2024. Léirítear leis an infheistíocht níos lú infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta níos lú agus infheistíocht a mhaoinítear ag an Aontas níos lú, cé is moite den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

    (27)Leagtar amach sa Chlár um Chóineasú conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2026. De réir an chláir, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais de réir a chéile go 2.4 % de OTI in 2025, agus go 2.2 % faoi 2026. Dá bhrí sin, beartaítear go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais faoi bhun 3 % de OTI in 2024. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI ó 44.0 % ag deireadh 2024 go 45.0 % faoi dheireadh 2026.

    (28)Tá rioscaí maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach le sárú ag an tSeicia sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Rinneadh sraith beart fioscach a raibh tionchar buan acu le 3 bliana anuas, agus ina measc tá meath tagtha ar an gcomhardú struchtúrach mar thoradh ar laghdú ar an mbonn cánach ioncaim phearsanta agus ar roinnt innéacsuithe caiteachais slándála sóisialta os cionn an íosmhéid reachtúil. Tá brú breise ar inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma agus san fhadtéarma mar gheall ar mhéaduithe ar chostas an aosaithe. Meastar go dtiocfaidh méadú ó 8.8 % de OTI in 2030 go 11.4 % faoi 2050 mar thoradh ar dhúbailt réamh-mheasta an chóimheasa cleithiúnais seanaoise 26 agus uasteorannú na haoise scoir tar éis 2030. Ina theannta sin, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 0.9 pointe céatadáin agus 1.7 pointe céatadáin de OTI ar chaiteachas poiblí ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach faoi seach faoi 2070 mar gheall ar an daonra a bheith ag dul in aois. Áirítear ar na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht fhioscach san fhadtéarma an aois scoir a choigeartú i gcomhréir leis an méadú ar ionchas saoil, an méadú ar rátaí rannpháirtíochta daoine scothaosta a dhreasú agus scor luath a theorannú, rátaí innéacsaithe pinsin a choigeartú nó bearta a dhéanamh chun an soláthar saothair a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, ioncam níos airde a áirithiú don chóras pinsin.

    (29)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Seicia faoi lán seoil, ach mar sin féin tá baol ann go mbeidh roinnt moilleanna ann. Chuir an tSeicia iarratas ar íocaíocht amháin isteach, a chomhfhreagraíonn do 37 ngarsprioc agus sprioc sa phlean agus a raibh eisíocaíocht fhoriomlán de thart ar EUR 928 milliún mar thoradh air. Tá gá le tuilleadh feabhas a chur ar an gcumas riaracháin agus le tosaíocht a thabhairt do na príomhathchóirithe agus na príomhinfheistíochtaí a bhfuil gá leo chun cur chun feidhme tráthúil an phlean a áirithiú.  Tá coinne leis go ndéanfar athbhreithniú ar an bplean in 2023 le haguisín chun an chaibidil REPowerEU a chumhdach agus chun an méadú ar thacaíocht neamh-inaisíoctha a chur san áireamh. I gcomhréir le hAirteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2021/241, an 30 Márta 2023, chuir an tSeicia in iúl go raibh sé ar intinn aici suas le EUR 11 bhilliún de thacaíocht iasachta bhreise a iarraidh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tríd an gcaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa sa phlean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na Seicia i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach agus éifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.

    (30)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na Seicia maidir le beartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an taistriú glas agus an taistriú digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa tSeicia.

    (31)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise roimh an tSeicia a bhaineann le tithíocht, beartas fuinnimh agus an aistriú glas.

    (32)Tá inacmhainneacht tithíochta sa tSeicia ar cheann de na hinacmhainneachtaí is ísle san Aontas le 5 bliana anuas, agus tá difríochtaí móra ann idir réigiúin éagsúla. Mar gheall ar fhás mór ar phraghsanna tithe, tá sé deacair do ghrúpaí meánioncaim maoin a cheannach. Chothaigh sé seo an téileamh ar mhaoin ar cíos, agus dá bharr sin laghdaítear inacmhainneacht maoine ar cíos. Ina theannta sin, ní féidir leis an stoc íseal tithíochta sóisialta freastal ar éileamh gach teaghlach íseal-ioncaim agus leochaileach (b’ionann é agus 0.4 % den stoc iomlán tithíochta in 2020 i gcomparáid le 7-8 % ar an meán san Aontas 27 ), agus níl an oiread sin liúntas tithíochta á núsáid faoi láthair, mar gheall, i bpáirt, ar ualach riaracháin, stiogma agus easpa feasachta. Mar thoradh air sin, tá méadú ag teacht ar líon na dteaghlach atá i ngátar tithíochta le blianta beaga anuas, rud a fhágann go bhfuil costais mhéadaitheacha ag baint leis an mbuiséad poiblí agus leis an gcóras cúraim sláinte. Tá phaindéim COVID-19 agus insreabhadh na ndaoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin tar éis cur leis na dúshláin sin a bhí ann cheana. Tá maoiniú beartais comhtháthaithe fós ina fhoinse thábhachtach d’infheistíochtaí píolótacha agus cistithe i dtithíocht shóisialta, rud a chuireann le cosaint shóisialta agus le cuimsiú sóisialta. Mar sin féin, tá gá le foinsí maoinithe eile chun feabhas suntasach a chur ar an gcás. Tá reachtaíocht agus creat cuimsitheach maidir le tithíocht shóisialta in easnamh sa tSeicia, rud a fhágann go bhfuil sé deacair na beartais tithíochta ilroinnte a chomhordú agus freagrachtaí a shainiú i measc comhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha. Le maoiniú cobhsaí agus inbhuanaithe ó fhoinsí náisiúnta, mar aon le dreasachtaí a ghlacadh do thithíocht chíosa nó do thithíocht chomhoibritheach, chuideofar le soláthar tithíochta inacmhainne a mhéadú agus leanúnachas agus méadú na niarrachtaí sin a áirithiú. Bheadh comhordú éifeachtach ríthábhachtach chun an soláthar tithíochta a mhéadú, chun aonaid tithíochta atá ann cheana a atógáil agus a athchóiriú agus chun teaghaisí folmha a úsáid.

    (33)Ó thús ionradh na Rúise ar an Úcráin, d’fhreagair an tSeicia dá spleáchas suntasach ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis trína soláthairtí gáis a éagsúlú. Mar shampla, d’aistrigh an tSeicia ó bheith ag brath go hiomlán ar sholáthairtí gáis na Rúise go soláthairtí gáis éagsúlaithe ón Iorua agus allmhairí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL). Mar sin féin, níor tháinig laghdú ar thomhaltas na mbreoslaí iontaise sa tír, rud a d’fhág go raibh baol mór ann go gcuirfí isteach ar an soláthar agus go mbeadh arduithe tobanna ar phraghsanna, rud a mbeadh tionchar diúltach mór aige ar theaghlaigh agus ar an tionscal. Tháinig laghdú 17 % ar thomhaltas gáis nádúrtha na Seicia sa tréimhse idir Lúnasa 2022 agus Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, thar an sprioc laghdaithe de 15 %. D’fhéadfadh an tSeicia leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh chun an téileamh ar ghás a laghdú ar bhonn sealadach go dtí an 31 Márta 2024 28 .

    (34)Ba iad srianta rialála, nósanna imeachta ceadaithe agus acmhainneacht shrianta na heangaí dáileacháin is mó ba chúis le cur in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh sa tSeicia. Tá an tSeicia tar éis bogadh ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt ar roinnt dúshláin rialála amhail deireadh a chur leis an ngá atá le ceadúnas chun leictreachas a spreagadh agus leis an ngá atá le cead tógála le haghaidh fótavoltacha níos lú (suas le 50 kWp), agus athruithe rialála a dhéanamh chun suiteáil a éascú. Mar sin féin, tá gá le hiarrachtaí breise chun pobail fuinnimh agus féintomhaltóirí foinsí inathnuaite fuinnimh a chumhachtú, chun ionad ilfhreastail a thabhairt isteach le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh, agus chun sprioclimistéir a thabhairt isteach chun borradh a chur faoi chur in úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh trí leathnú na heangaí a spreagadh agus trí sholúbthacht an chórais chumhachta (amhail freagairt don éileamh nó stóráil). Beidh suiteáil córas beag agus méadrú cliste ríthábhachtach. Ba cheart na hathchóirithe rialála in eangacha a mheaitseáil le hinfheistíochtaí chun inacmhainneacht na heangaí a mhéadú, solúbthacht a dhreasú agus foinsí inathnuaite fuinnimh a chur in úsáid. Thairis sin, tá acmhainneacht thionsclaíoch láidir ag an tSeicia chun teicneolaíochtaí glasa a mhonarú agus d’fhéadfadh sí infheistíochtaí a spreagadh i bhforbairt agus in uas-scálú réiteach atá neamhdhíobhálach don aeráid agus réiteach dícharbónaithe chun glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050.

    (35)Leis an méadú tobann ar phraghsanna fuinnimh a d’eascair as cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine, leagadh béim ar an ngá atá le héifeachtúlacht fuinnimh stoc foirgneamh na Seicia a fheabhsú agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh. D’fhreagair an tSeicia dó sin trí chláir a sheoladh d’fhoirgnimh chónaithe agus trí chabhrú le daoine scothaosta agus teaghlaigh ar ioncam íseal. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú trína dhéanamh níos inrochtana. Is féidir sin a dhéanamh trí rochtain riaracháin ar fhóirdheontais a éascú do theaghlaigh agus don tionscal araon, lena náirítear trí acmhainneacht agus scileanna a fhorbairt in údaráis phoiblí. Tá feachtais faisnéise agus seirbhísí comhairleacha tiomnaithe ar fud na tíre de dhíth freisin chun a áirithiú go bhfuil an pobal ar an eolas faoin ngá agus faoi na tairbhí a bhaineann le tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun cabhrú le daoine aonair agus le lucht tionscail rochtain éasca a fháil ar fhóirdheontais. Thairis sin, ní mór don tSeicia dlús a chur le huas-sciliú agus athsciliú oibrithe nach bhfuil na scileanna is gá acu faoi láthair le haghaidh athchóirithe foirgneamh.

    (36)Is féidir neamhchosaint na Seicia do bhreoslaí iontaise a laghdú freisin trí aistriú chuig iarnród astaíochtaí nialasacha agus chuig cineálacha eile soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha. Mar sin féin, bhí cur in úsáid feithiclí astaíochtaí nialasacha agus bonneagair réamhbhreathnaithigh luchtaithe agus athbhreoslaithe ardacmhainne easpach. Ó thaobh na rialála de, ba cheart an tathbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir leis an tSoghluaisteacht Ghlan agus na hathruithe rialála gaolmhara a bheith ina dtúsphointe chun coinníollacha cumasúcháin a sholáthar don aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus chun bacainní ar an aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a bhaint.

    (37)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar glan-nialasach á gcruthú ag ganntanais lucht saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena náirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glan-nialasacha. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthábhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas-sciliú agus an tathsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na nearnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an taistriú glas difear dóibh. In 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair sa tSeicia le haghaidh seacht ngairm a bhfuil scileanna sonracha ag teastáil ina leith a bhaineann leis an aistriú glas (e.g. pluiméirí, feisteoirí píopaí, leictreoirí agus meicneoirí leictreacha) 29 .

    (38)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar Chlár 2023 um Chóineasú agus léirítear a tuairim 30 i moladh (1) thíos.

    AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an tSeicia in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun easnamh an rialtais a laghdú. Dá mba ghá bearta tacaíochta a chur chun feidhme i ngeall ar mhéaduithe nua ar phraghsanna fuinnimh, a áirithiú go ndíreofaí na bearta sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeadh na bearta sin inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh.

    Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 6.0 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024.

    Infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú. Don tréimhse tar éis 2024, leanúint de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú inbhuanaithe de réir a chéile, mar aon le hinfheistíochtaí agus athchóirithe atá fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach stuama mheántréimhseach a bhaint amach.

    Bearta a dhéanamh chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach fhioscach an airgeadais phoiblí a áirithiú, lena n‑áirítear inbhuanaitheacht chóras na bpinsean.

    2.Dlús a chur le cur chun feidhme a plean téarnaimh agus athléimneachta, trí acmhainneacht riaracháin leordhóthanach a áirithiú freisin, agus tríd an aguisín, lena náirítear an chaibidil REPowerEU, a thabhairt chun críche go pras, chun tús a chur go tapa lena cur chun feidhme. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa clár beartais comhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.

    3.Soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne a neartú, lena náirítear trí chreat reachtach sonrach a ghlacadh, comhordú idir comhlachtaí poiblí éagsúla a fheabhsú, agus tógáil aonad tithíochta nua chomh maith le hathchóiriú na naonad atá ann cheana a dhreasú.

    4.Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Cur in úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh a mhéadú trí infheistíochtaí breise a dhéanamh in eangacha leictreachais agus trí chur in úsáid díreach acmhainneachta inathnuaite. Nósanna imeachta um cheadanna a shruthlíniú le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh agus an eangach a dhéanamh oiriúnach chun rochtain ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh a éascú trí athchóirithe breise a dhéanamh, srianta ar fhoinsí inathnuaite ar mhionscála a bhaint agus ionad ilfhreastail a chur ar bun, solúbthacht na heangaí a threisiú agus dálaí fabhracha a chruthú do phobail fuinnimh. Éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras téimh ceantair agus an stoic foirgneamh a mhéadú trí athchóirithe doimhne agus foinsí teasa inathnuaite a dhreasú, rochtain riaracháin ar fhóirdheontais a éascú do theaghlaigh agus don tionscal araon, agus fothú acmhainneachta agus scileanna in údaráis phoiblí. Glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn agus borradh a chur faoi infhaighteacht bonneagair ardacmhainne luchtaithe agus athbhreoslaithe trí athchóirithe nua chun coinníollacha cumasúcháin a chruthú agus na bacainní atá ann cheana ar cur in úsáid feithiclí agus bonneagair a bhaint. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
    (2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.
    (3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
    (4)    COM(2022) 780 final.
    (5)    COM(2023) 62 final.
    (6)    COM(2023) 168 final.
    (7)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
    (8)    COM(2023) 141 final.
    (9)    COM(2022) 583 final.
    (10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 8 Meán Fómhair 2021 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don tSeicia a fhormheas (ST 11047/21; 11047/21 ADD 1; 11047/21 COR 1).
    (11)    SWD(2023) 603 final.
    (12)    SWD(2023) 628 final.
    (13)    Táscairí Eurostat-Euro, 47/2023, 21.4.2023
    (14)    COM(2023) 631 final, 24.5.2023.
    (15)    COM(2023) 141 final, 8.3.2023.
    (16)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2021 de chuid na Seicia, IO C 304/10, 29.7.2021, lch. 10.
    (17)    Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an athrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), cé is moite de bhearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 ach lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú trí thacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Bosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fhioscaigh.
    (18)    Le caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta, cuireadh ranníocaíocht mhéadaithe 0.4 pointe céatadáin de OTI ar fáil, arna spreagadh i measc nithe eile ag íocaíochtaí le Czech Post chun seirbhísí poist uilíocha a sholáthar don tréimhse 2018–2022
    (19)    Is é atá sa figiúir leibhéal chostais bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin, lena n-áirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le – i gcás inarb ábhartha – bearta caiteachais chaipitil.
    (20)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta na Seicia 2022 um Athchóiriú agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár 2022 na Seicia um Chóineasú, IO C 334, 1.9.2022, lch. 19. 
    (21)    Ar bhonn réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin, meastar gur 13.3 %, i dtéarmaí ainmniúla, a bheidh san fhás aschuir féideartha meántéarmach a dhéanfaidh an tSeicia (meán 10 bliana), céatadán a úsáidtear chun an staid fhioscach a thomhas.
    (22)    Meastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta rannchuidiú chrapthach de 0.1 pointe céatadáin de OTI.
    (23)    Cf. Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle, lena gceanglaítear freisin coigeartú is mó ná 0.5 % de OTI a dhéanamh i gcás Ballstát a bhfuil fiachas rialtais acu ar mó é ná 60 % den OTI, nó a bhfuil rioscaí níos suntasaí acu maidir le hinbhuanaitheacht fiachais.
    (24)    Mheas an Coimisiún go mbeadh gá ag an tSeicia le meánmhéadú bliantúil ar an bpríomhchomhardú struchtúrach mar sciar de OTI de 0.15 pointe céatadáin chun a áirithiú go gcoinneofar fiachas rialtais ar leibhéil stuama sa mheántéarma. Tá an meastachán sin bunaithe ar réamhaisnéis fhómhar 2022 an Choimisiúin. Ba é túsphointe an mheastacháin sin an t-easnamh agus an fiachas rialtais réamh-mheasta do 2024 lenar glacadh leis go dtarraingeofaí siar bearta tacaíochta fuinnimh in 2024.
    (25)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomha mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan caiteachas úis mar aon le caiteachas timthriallach dífhostaíochta a áireamh.
    (26)    De réir Thuarascáil 2021 maidir le hAosú a d’eisigh an Coimisiún.
    (27)    Bunachar Sonraí Tithíochta Inacmhainne ECFE 2020, ECFE, Páras.
    (28)    Rialacháin (AE) 2022/1369 agus (AE) 2023/706 ón gComhairle
    (29)    Bunaithe ar Thuarascáil EURES 2023 an Údaráis Eorpaigh Saothair maidir le ganntanas agus barrachas lucht saothair 2022, i.e. sonraí arna gcur isteach ag Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin EURES. Tá riachtanais scileanna agus eolais bunaithe ar an tacsanomaíocht Eorpach Inniúlachtaí, Scileanna agus Gairmeacha (ESCO) maidir le scileanna don aistriú glas. Déantar anailís ar shamplaí ar bhonn sciar scileanna glasa ESCO in earnálacha ábhartha. Níl sonraí inchomparáide ar fud na dtíortha agus clúdaíonn siad raon leathan earnálacha.
    (30)    Faoi Airteagail 5(2) agus 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.
    Top