AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.9.2023
COM(2023) 570 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún
Tuarascáil maidir le staid na Deacáide Digití 2023
{SWD(2023) 570 final} - {SWD(2023) 571 final} - {SWD(2023) 572 final} - {SWD(2023) 573 final} - {SWD(2023) 574 final}
Clár
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ostair
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Bheilg
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Bhulgáir
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Chipir
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Chróit
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An tSeicia
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Danmhairg
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Eastóin
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Fhionlainn
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Fhrainc
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ghearmáin
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ghréig
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ungáir
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: Éire
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Iodáil
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Laitvia
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Liotuáin
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: Lucsamburg
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: Málta
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ísiltír
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Pholainn
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Phortaingéil
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Rómáin
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An tSlóvaic
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An tSlóivéin
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Spáinn
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An tSualainn
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ostair
Tá coinne leis go rannchuideoidh an Ostair go dearfach leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Éiríonn go maith leis an Ostair sna príomhphointí maidir le scileanna digiteacha, comhtháthú teicneolaíochtaí digiteacha, agus seirbhísí poiblí digiteacha. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí i dtaobh bonneagair dhigiteacha. Is í fís na hOstaire dar teideal ‘An Ostair Dhigiteach in 2040-2050’ an túsphointe do straitéis digiteála fhoriomlán na hOstaire (Plean Gníomhaíochta Digiteach na hOstaire) atá ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Tá an Ostair ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun maidir leis an Acadamh Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a bhunú.
SCILEANNA DIGITEACHA
Agus bunscileanna digiteacha ag 63 % de dhaoine ar a laghad, sáraíonn an Ostair meán 54 % an Aontais ar an táscaire sin go mór, ach fós féin, is féidir feabhas a dhéanamh i dtreo sprioc 2030 go mbainfidh 80 % den daonra ar a laghad an bunleibhéal scileanna digiteacha amach. Tríd an lucht saothair a uas‑sciliú i dtéarmaí scileanna digiteacha, is amhlaidh a rannchuideofaí freisin chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas mór oibrithe ardoilte (‘Fachkräftemangel’) atá roimh an Ostair. Tá an litearthacht dhigiteach fíor‑riachtanach chun é a chur ar a gcumas do dhaoine a bheith rannpháirteach sa saol nua‑aimseartha agus chun nach bhfágfar aon duine ar lár.
Tá easpa speisialtóirí TFC san Ostair. De réir na ‘Tuarascála ar Bhonneagar na hOstaire’ is déanaí, bíonn beirt as triúr bainisteoirí ag gearán faoi easpa speisialtóirí TF ina gcuideachtaí. Tá na sonraí atá ar fáil mar thaca leis an dearcadh sin. Cé go sáraíonn sciar na hOstaire de speisialtóirí TFC sa lucht saothair (5 %) meán an Aontais (4,6 %), tá sé fós íseal nuair a chuimhnítear ar chomhdhéanamh gheilleagar na hOstaire. An sciar de speisialtóirí TFC ar mná iad, ag 19,3 %, tá sé beagán níos airde ná meán 18,9 % an Aontais freisin.
Ba cheart don Ostair dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha, go mór mór i dtaca le huas‑sciliú agus athsciliú a lucht saothair, mná go háirithe, agus, go sonrach, in ardteicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.
BONNEAGAR DIGITEACH
Maidir leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaineann le nascacht, tá staid na hOstaire éagsúil: tá an tír ag druidim go tapa le cumhdach 5G do gach limistéar a bhfuil cónaí ann (92 % in 2022) ach tá sí fós i bhfad ó nascacht ghigighiotáin fhosaithe a bhaint amach do chách (55 % in 2022).
Tá an Ostair gafa go gníomhach i réimsí na micrileictreonaice agus na ríomhaireachta candamaí, agus ar an gcaoi sin, rannchuidíonn sí chun na spriocanna gaolmhara a bhaint amach. Go sonrach, tá an Ostair rannpháirteach sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide), agus tá 6 rannpháirtí dhíreacha dá cuid ag díriú ar an éifeachtúlacht fuinnimh, ar ghluaisteáin agus ar an bpacáistiú.
Ba cheart don Ostair dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go háirithe i ndáil le rolladh amach an chábla snáthoptaice go háitreabh i limistéir thuaithe. Éilítear leis sin go gcoinneofaí an leibhéal foriomlán uaillmhéine i bplean leathanbhanda na hOstaire ar bun agus an tráth céanna an plean a nuashonrú chun infheistíocht spriocdhírithe agus éifeachtúil a áirithiú gan an margadh a shaobhadh agus feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh infheistíocht phríobháideach i limistéir thuaithe. Thairis sin, ba cheart na bacainní atá ann cheana ar an rolladh amach a laghdú i gcomhthéacs ‘Ardán Bhonneagar Idirlín na hOstaire 2030’ (Plattform für Infrastrukturausbau’ PIA 2030).
Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an Ostair i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas Eorpach teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Is amhlaidh atá leibhéal déine digití atá bunúsach ar a laghad bainte amach ag dhá thrian d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) na hOstaire, agus dá bhrí sin, tá an Ostair fós i bhfad ón sprioc 90 % don Deacáid Dhigiteach. Feidhmíonn an Ostair beagán faoi bhun mheán an Aontais ar an eochairtháscaire feidhmíochta sin. Ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht na hOstaire chun feabhas a chur ar an táirgiúlacht laistigh d’earnálacha sonracha agus d’fhéadfaí déanamh amhlaidh trí bhorradh a chur faoin déine dhigiteach. Mar sin féin, tacaíonn an Ostair le FBManna trí Mhoil Nuálaíochta Digití ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach agus trí chistiú. Is pictiúr measctha atá á léiriú ag an Ostair a mhéid a bhaineann le glacadh na hintleachta saorga (IS), néalseirbhísí agus mórshonraí. Bhí úsáid mórshonraí agus néalseirbhísí i bhfiontair na hOstaire faoi bhun mheán an Aontais in 2020 agus 2021 faoi seach, ach is amhlaidh a bhí feidhmíocht na tíre níos airde ná meán an Aontais i dtaca le IS in 2021. Tá na teicneolaíochtaí nua sin á gcur chun cinn ar bhonn gníomhach ag an Ostair, ach is cosúil nach bhfuil dul chun cinn intomhaiste ann dá thoradh sin go fóill.
Ba cheart don Ostair dlús a chur lena hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Ba cheart aird a thabhairt ar thacaíocht a sholáthar agus ardteicneolaíochtaí á bhforbairt agus á gcur in úsáid, lena n‑áirítear mórshonraí, IS agus néalríomhaireacht, in FBManna go háirithe, lena n‑áirítear trí fhothú acmhainneachta agus eolais.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
A mhéid a bhaineann le seirbhísí digiteacha poiblí a bheith ar fáil ar líne le haghaidh saoránach agus gnólachtaí, éiríonn go maith leis an Ostair i dtaobh seirbhísí náisiúnta, agus í i gcomhréir le meán an Aontais. Chuir an Ostair straitéis r‑Rialtais shonrach ar bun agus tá roinnt mhaith gníomhaíochtaí eile déanta aici. Ar an bhforiomlán, tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an Ostair i dtaobh réitigh ríomh‑shainaitheantais a sholáthar dá saoránaigh. Ina theannta sin, tá an tír ar thús cadhnaíochta ó thaobh na r‑shláinte de, agus scór aici atá i bhfad níos airde ná meán an Aontais, agus tá sí ar an mbóthar ceart chun an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaineann leis an r‑shláinte a bhaint amach.
Ba cheart don Ostair dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di faireachán a dhéanamh ar úsáid éifeachtach seirbhísí digiteacha poiblí agus ar dheighiltí a d’fhéadfadh a bheith ann freisin.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hOstaire
|
|
Tá níos mó ná leath de Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) na hOstaire (52,8 %, a chomhfhreagraíonn do EUR 1,8 billiún) dírithe ar an gclaochlú digiteach. I gcomhthéacs na chéad íocaíochta a eisíocadh i mí Aibreáin 2023, chomhlíon an Ostair níos mó ná 12 cheann de gharspriocanna agus spriocanna le haghaidh bearta digiteacha, lena n‑áirítear:
- feistí digiteacha a sheachadadh don 5ú agus don 6ú grád (an chéad agus an dara bliain den mheánleibhéal íochtair) den scoilbhliain 2021/2022;
- an dúshraith a leagan síos don bheart ‘KMU.E-Commerce’, a chuidíonn le FBManna borradh a chur faoina gcumas earraí agus seirbhísí a dhíol ar líne, agus an beart ‘KMU.DIGITAL’, a chuidíonn le FBManna an t‑aistriú digiteach a dhéanamh;
- réamhbhearta chun bonneagair agus comhair thaighde a chistiú, arb é is aidhm dóibh an bonn eolais a leathnú chun an ríomhaireacht chandamach agus na heolaíochtaí candamacha a fhorbairt a thuilleadh;
- réamhbhearta don Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Bheilg
Tá coinne leis go rannchuideoidh an Bheilg go dearfach leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Chuir an tír feabhas ar a feidhmíocht go háirithe maidir le digiteáil na seirbhísí poiblí, ach tá sí chun deiridh ó thaobh an bhonneagair dhigitigh de, cé go bhfuil dul chun cinn déanta aici maidir le rolladh amach 5G agus cumhdach foriomlán 5G. Éiríonn go maith leis an mBeilg a mhéid a bhaineann le digiteáil gnólachtaí, agus tá dul chun cinn maith á dhéanamh aici i dtaobh úsáid uirlisí digiteacha ag gnólachtaí. Na straitéisí digiteacha éagsúla sa tír, arna gcomhordú ar an leibhéal feidearálach tríd an Meitheal don Deacáid Dhigiteach, tá siad ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Tá an Bheilg ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir le Géanóim, chun rochtain trasteorann éifeachtach agus shábháilte a chumasú ar stórtha de thacair sonraí ghéanómaíocha phearsanta. Tá an Bheilg ar cheann de na Ballstáit a chuir iarratas foirmiúil isteach i gcomhpháirt chun an Chomhpháirtíocht Eorpach Bhlocshlabhra agus an EDIC maidir le Bonneagar Blocshlabhra Eorpach a chur ar bun, lena dtacaítear le seirbhísí poiblí trasteorann ar fud an Aontais.
SCILEANNA DIGITEACHA
Níl bunscileanna digiteacha ag beagnach leath de dhaonra na Beilge. Tá leibhéal na mbunscileanna digiteacha sa Bheilg cothrom le meán 54 % an Aontais, ach tá sé i bhfad níos ísle ná an sprioc 80 % don Deacáid Dhigiteach.
Is é 5,6 % an sciar de speisialtóirí TFC i lucht saothair na Beilge, atá os cionn mheán 4,6 % an Aontais, d’ainneoin an líon céimithe TFC atá níos ísle ná an meánlíon (2,8 % i gcomparáid le 4,2 %). Mar sin féin, an sciar de mhná i measc na speisialtóirí TFC, ag 18,7 %, tá sé beagán faoi bhun mheán 18,9 % an Aontais.
Ba cheart don Bheilg dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha, go háirithe bunscileanna digiteacha. Ba cheart aird a thabhairt ar fheabhas a chur ar chomhordú an bheartais oideachais dhigitigh agus ar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha ar fud na tíre uile a neartú.
BONNEAGAR DIGITEACH
Mhéadaigh an Bheilg an líon teaghlach atá cumhdaithe ag líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe go 78 %, atá os cionn mheán 73 % an Aontais. D’ainneoin feabhsuithe i gcomparáid le blianta roimhe seo, tá sí fós go mór chun deiridh maidir le cumhdach an chábla snáthoptaice go háitreabh (17 % vs. 56 %). Maidir le cumhdach foriomlán 5G agus an sprioc a bhaineann le cumhdach 100 % a bhaint amach faoi 2030, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an mBeilg ó 4 % in 2021 go 30 % in 2022 i dtaobh cumhdach ar limistéir a bhfuil cónaí iontu. Mar sin féin, tá sé sin fós go mór faoi bhun an mheáin Eorpaigh 81 %. Baineann sé sin den chuid is mó le tabhairt chun críche dhéanach an cheant speictrim 5G (do na bandaí 700 MHz agus 3.6 GHz), as a d’eascair iontrálaí nua ar an margadh freisin.
Lean an Bheilg freisin dá ról ceannaireachta laistigh den Eoraip maidir le leathsheoltóirí a threisiú le taighde agus forbairt trí thaighde sa réimse a chistiú le IMEC, ar príomhinstitiúid taighde é i réimse na leathsheoltóirí. Tá an Bheilg ag rannchuidiú leis an Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide i gcomhar le rannpháirtithe comhlachaithe (atá ag fáil cabhrach faoi bhun thairseach an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine (RGBD)). Tá an Bheilg rannpháirteach faoin gClár don Eoraip Dhigiteach freisin chun an tionscadal Belgian‑QCI a chur ar bun, arb é an chéad líonra cumarsáide candamach sa Bheilg é.
Ba cheart don Bheilg borradh a chur faoina hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta. Ba cheart di comhordú níos fearr a chinntiú chun tacú le rolladh amach níos éifeachtúla an chábla snáthoptaice, go háirithe a bhuí le hOifig inniúlachta leathanbhanda a fheidhmíonn go maith. Ba cheart don Bheilg constaicí ar an rolladh amach a laghdú a thuilleadh, go háirithe trí nósanna imeachta riaracháin a shimpliú a thuilleadh (lena n‑áirítear deonú ceadanna) agus bearta chun rochtain a dheonú ar bhonneagar líonra, athúsáid an bhonneagair atá ann cheana agus comhchur in úsáid a spreagadh, agus iomaíocht a neartú an tráth céanna. Chun a áirithiú go mbeidh an cumhdach 5G leordhóthanach d’éilimh an mhargaidh, tá sé fíor‑riachtanach go ndéanfaidh an Bheilg measúnú tráthrialta ar éileamh an mhargaidh atá ag teacht chun cinn ar an speictream neamhshannta atá fágtha sa bhanda 26 GHz agus go sannfaidh sé é nuair a thiocfaidh an t‑éileamh chun cinn. Tá tionscnaimh amhail na comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí chun limistéir bhána a chumhdach tábhachtach i ndáil leis sin.
Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an mBeilg i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Éiríonn go han‑mhaith leis an mBeilg i dtaobh digiteáil gnólachtaí. Feidhmíonn sí go láidir maidir leis an líon FBManna ag a bhfuil leibhéal déine digití atá bunúsach ar a laghad (77 % vs 69 % ar leibhéal an Aontais). D’fheidhmigh an Bheilg os cionn mheán an Aontais maidir le glacadh na néalríomhaireachta, IS agus mórshonraí agus tá sí in ann rannchuidiú a thuilleadh leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. Go sonrach, tá an Bheilg os cionn mheán an Aontais maidir le mórshonraí agus an néal araon, agus 23 % agus 47 % d’fhiontair á nglacadh cheana féin in 2020 agus 2021 faoi seach, i gcomparáid le 14 % agus 34 % mar mheán don Aontas.
Ba cheart don Bheilg leanúint dá beartais a chur chun feidhme sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí, go háirithe chun saothrú néalréiteach ardleibhéil nua ag gnólachtaí agus go háirithe ag FBManna a chothú trí thionscnaimh níos sainoiriúnaithe. Ba cheart don Bheilg comhordú níos fearr ar bhearta laistigh den tír a áirithiú chun ilroinnt agus costais a laghdú le haghaidh gnólachtaí.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá dul chun cinn réasúnta maith á dhéanamh ag an mBeilg maidir le seirbhísí digiteacha poiblí. Tá an tír ag leanúint d’fheabhas a dhéanamh maidir le príomhsheirbhísí poiblí a dhigiteáil ar líne. Feidhmíonn an Bheilg os cionn an mheáin Eorpaigh i seirbhísí digiteacha poiblí le haghaidh saoránach (scór 81 vs. 77) agus gnólachtaí (scór 88 vs. 84). Maidir le r‑thaifid sláinte, feidhmíonn an Bheilg i bhfad níos airde ná meán an Aontais freisin (scór 85 vs. 72). Úsáideann cuid mhór den daonra ceann amháin ar a laghad de na trí scéim ríomh‑shainaitheantais atá ar fáil, agus tugadh fógra faoi dhá cheann de na scéimeanna faoi rialachán eIDAS.
Ba cheart don Bheilg dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart don Bheilg feabhas a chur ar an raon sonraí atá inrochtana chun a áirithiú go soláthrófar rochtain ar ríomhthaifid sláinte ina bhfuil tacar íosta sonraí a bhaineann leis an tsláinte arna dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil, arna stóráil i gcórais ríomhthaifead sláinte phoiblí agus phríobháideacha. Ba cheart di comhar agus ailíniú na rialtas riaracháin éagsúil atá rannpháirteach a neartú a thuilleadh, chun idir‑inoibritheacht, éifeachtacht agus infhaighteacht seirbhísí poiblí ar líne a fheabhsú a thuilleadh.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Beilge
|
|
Le RRP na Beilge soláthraítear EUR 1,6 billiún (27 %) dá leithdháileadh airgeadais iomlán ar an digiteáil, agus tá coinne leis go rannchuideofar leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach le EUR 1,4 billiún den mhéid sin. Áirítear bearta sa phlean lena ndírítear ar Scileanna digiteacha, Bonneagar digiteach agus nascacht dhigiteach, cibearshlándáil, agus Digiteáil seirbhísí poiblí. Go sonrach, leis na bearta tacófar le huasghrádú an bhonneagair TFC i scoileanna agus/nó institiúidí oideachais, cúrsaí oiliúna digiteacha, rolladh amach 5G, agus an ceant 5G. Níl iarratas ar íocaíocht curtha isteach ag an mBeilg go fóill.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Bhulgáir
Tá deis ag an mBulgáir chun feabhas a chur ar a feidhmíocht maidir leis an aistriú digiteach agus chun rannchuidiú leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Cé go leanann an Bhulgáir de bheith ag feidhmiú go maith maidir le nascacht ar líonraí fíor‑ardacmhainneachta agus cábla snáthoptaice go háitreabh, ní mór tuilleadh airde a thabhairt ar dháileadh míchothrom an bhonneagair dhigitigh i limistéir thuaithe. Thairis sin, tá glacadh na seirbhísí digiteacha poiblí fós íseal agus tá gá le bearta spriocdhírithe, go háirithe chun an t‑ualach riaracháin a chuirtear ar chuideachtaí a íoslaghdú. Ba cheart iarrachtaí móra a dhéanamh chun scileanna digiteacha a chur chun cinn.
Tá an Bhulgáir ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir le Géanóim, chun rochtain trasteorann éifeachtach agus shábháilte a chumasú ar stórtha de thacair sonraí ghéanómaíocha phearsanta.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad ag méid chomh beag le trian amháin de dhaonra na Bulgáire idir 16 agus 74 bliana d’aois. Níl scileanna digiteacha atá níos airde ná bunscileanna ach ag 8 % de dhaonra na Bulgáire.
Tá coinne leis go rannchuideoidh an Bhulgáir go dearfach leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaineann le speisialtóirí TFC. Cé go bhfuil sciar íseal de speisialtóirí TFC ag an mBulgáir (3,8 % vs. meán 4,6 % an Aontais), is í an Ballstát leis an sciar is airde de mhná atá ag obair mar speisialtóirí TFC í (28,9 % vs. meán 18,9 % an Aontais). Is é 4,9 % an sciar de chéimithe TFC sa tír, atá os cionn mheán 4,2 % an Aontais.
Ba cheart don Bhulgáir borradh mór a chur faoina hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart don Bhulgáir cur chuige uile‑rialtais a áirithiú chun forbairt agus cur chun feidhme an bheartais oideachais dhigitigh agus an mheastóireacht air a chomhordú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus chun rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha a neartú. Ba cheart di borradh a chur faoi uas‑sciliú agus athsciliú an lucht saothair, lena n‑áirítear trí chistí an Aontais a shlógadh nó trí úsáid a bhaint as an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla Eorpach chun cláir lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais shonracha a bhaineann leis an bhfoghlaim aosach a fhorbairt agus a sholáthar agus meastóireacht a dhéanamh orthu.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá dul chun cinn an‑mhaith déanta ag an mBulgáir maidir le nascacht leathanbhanda fhosaithe. Tá feabhas mór tagtha ar naisc cábla snáthoptaice go háitreabh fiú i gcomparáid le feidhmíocht na bliana seo caite (ó 81 % go 86 %), a bhí níos airde ná meán 56 % an Aontais cheana féin. Mar sin féin, tá glacadh na nascachta gigighiotáin fós an‑íseal ag 0,8 %. Táthar i mbun rolladh amach 5G móibíleach anois agus cuireadh méadú ar an gcumhdach in 2022 go 67 %. Maidir leis na bandaí speictrim ceannródaíocha 5G lena gcumasaítear feidhmíocht fheabhsaithe, tugadh an sannadh speictrim chun críche i mí na Nollag 2022 do na bandaí 700 MHz agus 800 MHz, lena gcomhlánaítear na ceadúnais bandaí 3,6 GHz agus 26 GHz a eisíodh roimhe seo d’oibreoirí líonraí móibíleacha. Bíonn an Bhulgáir rannpháirteach i dtionscadail iltíre freisin, go háirithe an Fhánaíocht Shaoráideach 5G don Chonair Thrasteorann idir an Ghréig agus an Bhulgáir (5G SEAGUL).
Maidir le bonneagar digiteach eile, chruthaigh an Bhulgáir meitheal de shaineolaithe i ndáil le leathsheoltóirí cheana féin chun dea‑chleachtais a mhalartú agus saineolas a chomhroinnt chun beartas poiblí a ullmhú agus a chur chun feidhme i réimse na micrileictreonaice. Tá an Bhulgáir rannpháirteach go gníomhach i dtionscadal chun plean náisiúnta a dhearadh maidir le bonneagar cumarsáide candamaí (QCI) i gcomhthéacs EuroQCI.
Ba cheart don Bhulgáir dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go háirithe trí bhearta a dhéanamh chun glacadh na nascachta gigighiotáin a spreagadh agus dlús a chur le rolladh amach 5G.
Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an mBulgáir i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá claochlú digiteach gnólachtaí sa Bhulgáir go mór chun deiridh ar Bhallstáit eile agus dá bhrí sin, ní mór iarrachtaí substaintiúla a dhéanamh sa tír chun rannchuidiú chun an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá an sciar d’fhiontair a úsáideann seirbhísí néalríomhaireachta ar cheann de na sciartha is ísle i measc na mBallstát, ach tá méadú tagtha le déanaí ar ghlacadh IS agus mórshonraí. Leis an gClár dar teideal ‘Iomaíochas agus Nuálaíocht i bhFiontair 2021 – 2027’ leagadh síos spriocanna straitéiseacha chun cistiú nuálaíochta a sholáthar do ghnólachtaí agus chun tacú le nuálaíocht, le hiomaíochas, agus leis an aistriú digiteach agus glas. Tá struchtúr an chláir bunaithe ar na trí thosaíocht seo a leanas: (i) nuálaíocht agus fás, (ii) an geilleagar ciorclach, agus (iii) nascacht dhigiteach. In 2022, chuir an Bhulgáir bearta straitéiseacha chun feidhme chun tacú le digiteáil FBManna leis an gclár náisiúnta um an gClaochlú Eacnamaíoch.
Ba cheart don Bhulgáir borradh mór a chur faoina hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí, go háirithe, ba cheart di tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun an déine dhigiteach fhoriomlán in FBManna a mhéadú chomh maith le glacadh seirbhísí néalríomhaireachta, mórshonraí agus intleachta saorga.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Feidhmíonn an Bhulgáir faoi bhun mheán an Aontais i gcás an chuid is mó de na spriocanna sa réimse a bhaineann le digiteáil seirbhísí poiblí. Tá an dul chun cinn i dtaobh seirbhísí digiteacha poiblí le haghaidh saoránach agus gnólachtaí araon fós íseal. Tá an céatadán d’úsáideoirí r‑Rialtais faoi bhun mheán an Aontais. Maidir le rochtain ar thaifid r‑shláinte, áfach, tá sí níos airde ná meán an Aontais (77 vs. 72). I mí Eanáir 2023, tugadh an t‑uasghrádú ar an Tairseach aonair le haghaidh rochtain ar ríomhsheirbhísí riaracháin chun críche. Le príomhfheidhmeanna na tairsí nua áiritheofar go mbeidh seirbhísí poiblí ailínithe le creat idir‑inoibritheachta an Choimisiúin Eorpaigh. Tugadh conradh chun críche chun scéim náisiúnta ríomh‑shainaitheantais a eisiúint i gcomhréir le Rialachán eIDAS agus tiocfaidh sé in ionad na scéime a bhí ann roimhe seo. Tá an Bhulgáir rannpháirteach i dtionscadal trasteorann freisin, arna chistiú ag an gclár don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chun seirbhís trasteorann chineálach a bhunú le haghaidh cúram sláinte leictreonach.
Ba cheart don Bhulgáir dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di feasacht a mhúscailt faoina seirbhísí poiblí a bheith ar fáil ar líne do gach úsáideoir idirlín.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Bulgáire
|
|
EUR 6,27 billiún atá in RRP na Bulgáire. Tá 25,8 % den RRP (EUR 1,6 billiún) dírithe ar an gclaochlú digiteach, agus tá coinne leis go rannchuideofar leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach le EUR 1,01 billiún den mhéid sin
. I gcomhthéacs an chéad iarratais ar íocaíocht, bhain an Bhulgáir 11 cheann de gharspriocanna agus spriocanna amach. Bhain roinnt díobh le bearta sa réimse digiteach, amhail táillí speictrim a laghdú, athruithe reachtacha lena gcuirtear moltaí chun feidhme faoin mBosca Uirlisí um Nascacht, agus conarthaí a dhámhachtain chun córas TETRA agus an líonra athsheachadáin raidió a fhorbairt. Maidir leis an dara hiarratas ar íocaíocht, tá coinne leis go mbainfidh an Bhulgáir 66 cheann de gharspriocanna agus spriocanna amach as an iomlán de 346 cinn i bplean na Bulgáire.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Chipir
Ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht dhigiteach na Cipire chun rannchuidiú tuilleadh leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá roinnt beart déanta ag an tír chun feabhas a chur ar a feidhmíocht dhigiteach agus bhunaigh sí an
Leas‑Aireacht Taighde, Nuálaíochta agus Beartais Dhigitigh
(DMRID) le déanaí a bhfuil ról lárnach comhordaithe aige chun an Straitéis Dhigiteach don Chipir 2020-2025 a chur chun feidhme, atá ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach den chuid is mó. Níl an dul chun cinn dáilte go cothrom trasna na ngnéithe éagsúla den Deacáid Dhigiteach. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an gCipir i dtaobh scileanna digiteacha, ach tá gá le tuilleadh iarrachtaí maidir le digiteáil na hearnála poiblí, go háirithe le haghaidh saoránach agus maidir le nascacht.
Tá an Chipir ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir leis an Acadamh Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a bhunú.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad ag 50 % de dhaonra na Cipire amháin, méid atá 4 pointe céatadáin faoi bhun mheán an Aontais. Mar sin féin, in 2022, bhí roinnt tionscnamh chun tacú le forbairt scileanna digiteacha agus chun oiriúnacht agus acmhainneacht dhigiteach daoine a neartú ar siúl faoi scáth an
Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Scileanna Digiteacha 2021-2025
. Is é cuspóir na Cipire, agus tacaíocht á fáil aici ón RRF, feabhas a chur ar scileanna digiteacha i ngach grúpa den daonra lena n-áirítear uas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair.
Tá gealltanas á thaispeáint ag an gCipir chun rannchuidiú leis an iarracht chomhchoiteann chun an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaineann le speisialtóirí TFC a bhaint amach. Go deimhin, in 2022, shroich an Chipir meán an Aontais maidir le speisialtóirí TFC a bhí fostaithe (4,6 %). Thairis sin, an sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 21,6 %, tá sé os cionn mheán 18,9 % an Aontais.
Ba cheart don Chipir dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha, agus trí bhéim speisialta a leagan ar oiliúint a chur ar dhaoine os cionn 55 bliana d’aois agus ar dhaoine leochaileacha eile, ba cheart go rannchuideofaí leosan chun feabhas a chur ar leibhéal foriomlán scileanna digiteacha an daonra. Agus forbairt á déanamh ar an mBliain um scileanna, tá gá le gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun feasacht a mhúscailt faoi na cúrsaí oiliúna atá ar fáil don daonra chun na cuspóirí agus na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a chomhlíonadh.
BONNEAGAR DIGITEACH
I réimse na nascachta, tá na chéad torthaí le feiceáil anois ó na pleananna le haghaidh rolladh amach cuimsitheach líonraí fosaithe agus móibíleacha, agus ó na pleananna chun glacadh an chábla snáthoptaice a chur chun cinn freisin. Is substaintiúil an méadú atá tagtha ar chumhdach líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe, agus bhain an Chipir 60 % amach in 2022 (suas ó 41 % in 2021). Leis sin laghdaíodh an bhearna chuig meán an Aontais go 13 phointe céatadáin. Tá cumhdach 5G anois in 100 % de na limistéir a bhfuil cónaí iontu sa Chipir, méid atá i bhfad níos airde ná meán 81 % an Aontais. Níor sannadh an banda 26 GHz go fóill, áfach.
I ndáil le leathsheoltóirí ceannródaíocha, tá an Chipir ar cheann de na Ballstáit a shínigh an dearbhú comhpháirteach maidir leis an gcéad ghlúin eile de phróiseálaithe agus de theicneolaíochtaí leathsheoltóra. Mar sin féin, tá rannchuidiú na tíre le luach táirgeachta leathsheoltóirí teoranta. Tá an Chipir gníomhach i réimse na ríomhaireachta candamaí agus tá sí rannpháirteach sa Chomhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (Comhghnóthas EuroHPC).
Ba cheart don Chipir dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go háirithe i ndáil le líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe. Thairis sin, ba cheart don Chipir measúnú tráthrialta a dhéanamh ar éileamh an mhargaidh atá ag teacht chun cinn ar an speictream neamhshannta atá fágtha sa bhanda 26 GHz chun é a shannadh nuair a thiocfaidh an t‑éileamh chun cinn, faoi choinníollacha atá fabhrach don infheistíocht.
Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an gCipir i réimse na mbonneagar digiteach, go háirithe i ndáil le leathsheoltóirí agus an ríomhaireacht chandamach, chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá an sciar de FBManna sa Chipir ag a bhfuil leibhéal déine digití atá bunúsach ar a laghad ag 70 %, atá os cionn mheán 69 % an Aontais. Maidir le húsáid ardteicneolaíochtaí digiteacha, is amhlaidh is measctha atá cúrsaí. Bhain 42 % d’fhiontair úsáid as néalseirbhísí in 2021. Tá sé sin 8 bpointe céatadáin os cionn mheán 34 % an Aontais, ach tá sé fós faoi bhun sprioc 75 % an Aontais do 2030. Níor bhain ach 6 % d’fhiontair úsáid as anailís mórshonraí in 2020, méid atá faoi bhun mheán 14 % an Aontais, agus níor bhain ach 3 % díobh úsáid as IS in 2021, méid atá arís eile faoi bhun mheán 8 % an Aontais. In 2022, sheol an Aireacht Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail roinnt clár cistiúcháin chun an t‑aistriú digiteach fiontar a éascú. Faoi cheann amháin de na cláir sin, dar teideal ‘Uasghrádú Digiteach Fiontar’, seoladh an chéad ghlao ar thograí arbh é ab aidhm dó infheistíochtaí san fhiontraíocht dhigiteach a spreagadh agus comhtháthú teicneolaíochtaí digiteacha i bhfiontair a neartú. Sheol an Chipir agus an Fhondúireacht Taighde agus Nuálaíochta an Tionscnamh um Aistriú Eolais agus Nuálaíochta freisin.
Ba cheart don Chipir dlús a chur lena hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, le cur chun feidhme tapa na ngníomhaíochtaí RRP agus rolladh amach roinnt scéimeanna tacaíochta, rannchuideofar chun feabhas a chur ar chéatadán na bhfiontar a d’fhéadfadh tairbhiú de ghlacadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, go háirithe mórshonraí agus IS.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá an Chipir comhsheasmhach agus í ag déanamh na mbeart is gá chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí digiteacha poiblí. Tá dul chun cinn déanta maidir le seirbhísí digiteacha poiblí le haghaidh saoránach ach tá an fheidhmíocht fós 13 phointe faoi bhun mheánscór 77 an Aontais. Maidir le seirbhísí digiteacha poiblí le haghaidh gnólachtaí, áfach, feidhmíonn an Chipir pointe amháin os cionn mheánscór 84 an Aontais. In 2022, d’fhorbair an Chipir an Mhonarcha Seirbhísí Digiteacha (DSF), arb é an príomhthionscnamh straitéiseach é chun feabhas a chur ar chlaochlú digiteach an rialtais. D’fhorbair an tír scéim ríomh‑shainaitheantais freisin lena gcuirfear borradh faoi fhorbairt agus dáileadh ríomh‑shainaitheantais do chách sa Chipir. Is é 70 scór na Cipire maidir le rochtain ar thaifid r‑shláinte, méid nach bhfuil ach beagán faoi bhun mheán 72 an Aontais. In 2023, d’eisigh an Aireacht Sláinte foraithne lenar cuireadh d’oibleagáid ar gach soláthraí sonraí sláinte a chlárú go leictreonach.
Ba cheart don Chipir dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di bearta a dhéanamh lena gcuirtear feabhas ar idir‑inoibritheacht, éifeachtacht agus infhaighteacht seirbhísí poiblí ar líne a thuilleadh.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Cipire
|
|
Le RRP na Cipire dírítear EUR 282,2 milliún (23 %) ar an aistriú digiteach agus ón méid sin, tá coinne leis go rannchuideofar le EUR 261,9 milliún leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. An 25 Deireadh Fómhair 2022, d’fhormhuinigh an Coimisiún Eorpach measúnú dearfach ar an gcéad iarratas ar íocaíocht ón gCipir ar EUR 85 mhilliún de dheontais (EUR 97 milliún má áirítear réamh‑mhaoiniú ann). Is beag an méid garspriocanna digiteacha a cuireadh san áireamh san iarratas sin: mar shampla, an digiteáil sa rialtas láir agus an Plean Gníomhaíochta um scileanna digiteacha. Tá coinne leis freisin go rannchuideofar le tuilleadh garspriocanna agus spriocanna chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a chomhlíonadh sna blianta atá le teacht: mar shampla, bearta chun líonraí fíor‑ardacmhainneachta a leathnú, bosca gainimh rialála a chruthú chun teicneolaíocht airgeadais a chumasú agus beartas néil nua a chur chun feidhme le haghaidh chórais TF an rialtais agus le haghaidh seirbhísí atá ábhartha maidir le digiteáil na seirbhísí poiblí.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Chróit
Ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht dhigiteach na Cróite chun rannchuidiú a thuilleadh leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá dul chun cinn mór á dhéanamh maidir leis an gclaochlú digiteach ar gheilleagar agus ar shochaí na Cróite, agus tá coinne leis go ndéanfar an chuid is mó dá rannchuidiú le baint amach spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach sna réimsí a bhaineann le cumhdach cábla snáthoptaice agus digiteáil gnólachtaí. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí fós maidir le scileanna digiteacha, cé gur ndearnadh roinnt feabhsuithe. Tá an dul chun cinn maidir le seirbhísí poiblí ar líne agus glacadh seirbhísí gigighiotáin níos teoranta. Chuir an Chróit tionscnaimh dhigiteacha nua ar bun, amhail Straitéis na Cróite Digití i dtreo 2032, an Straitéis Forbartha Náisiúnta go dtí 2030 agus an Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NPOO), atá ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Tá an Chróit ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) Géanóim, chun rochtain trasteorann éifeachtach agus shábháilte a chumasú ar stórtha de thacair sonraí ghéanómaíocha phearsanta; (ii) Seirbhísí Claochlúcháin Idirnasctha Ollmhóra Nuálacha um Riarachán Poiblí, chun glúin nua d’ardseirbhísí trasteorann a fhorbairt; agus (iii) Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga. Tá an Chróit ar cheann de na Ballstáit a chuir iarratas foirmiúil isteach i gcomhpháirt chun an Chomhpháirtíocht Eorpach Bhlocshlabhra agus an EDIC maidir le Bonneagar Blocshlabhra Eorpach a chur ar bun, lena dtacaítear le seirbhísí poiblí trasteorann ar fud an Aontais.
SCILEANNA DIGITEACHA
Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an gCróit maidir le scileanna digiteacha agus scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad ag thart ar 63 % de dhaoine agus feidhmíocht atá os cionn mheán 54 % an Aontais, is amhlaidh atá gá le tuilleadh iarrachtaí fós, go háirithe i dtaobh an líon speisialtóirí TFC a mhéadú. Tá an sciar de speisialtóirí TFC atá fostaithe go lánaimseartha faoi bhun mheán an Aontais (3,7 % vs 4,6 %). Thairis sin, tá an sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 14,5 %, ar cheann de na sciartha is ísle san Aontas, agus i bhfad faoi bhun mheán 18,9 % an Aontais. Ní mór feabhas a chur ar an staid sin i bhfianaise na sprice don Deacáid Dhigiteach.
Ba cheart don Chróit dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart don Chróit acmhainneacht a córais oideachais a mhéadú chun oiliúint a chur ar thuilleadh speisialtóirí TFC agus bearta a dhéanamh chun na gairmithe sin a choinneáil ar mhargadh an tsaothair agus tallann a mhealladh an tráth céanna. Ba cheart don Chróit tuilleadh mac léinn a spreagadh chun speisialtóireacht a dhéanamh in TFC trí ghníomhaíochtaí sonracha intomhaiste faoi cheangal ama a chur chun feidhme, agus aird ar leith á tabhairt ar an líon gairmithe cibearshlándála a mhéadú.
BONNEAGAR DIGITEACH
Ó bhí 2018 ann, tá roinnt dul chun cinn á dhéanamh ag an gCróit maidir le Bonneagair dhigiteacha líne fosaithe a chur in úsáid, go háirithe i dtaobh cur in úsáid mór a líonra snáthoptaice, ó 39 % go 54 %, sa tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair. Mar sin féin, tá an feabhas arna dhéanamh maidir le glacadh na seirbhísí leathanbhanda teoranta. Tá glacadh sheirbhís líonra mhóibíligh na Cróite fós íseal d’ainneoin feabhas substaintiúil ar chumhdach 5G, ó 34 % go 82 %. Rinne an Chróit dul chun cinn le ceadúnú trí bhanda cheannródaíocha 5G ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus shroich an cumhdach 5G ar an mbanda speictrim 3,4-3,8 GHz 37 % (meán an Aontais - 41 %). Maidir le bonneagar digiteach eile, téann an Chróit i gcomhar go dian le Ballstáit eile den Aontas i gcomhthéacs an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh, an bonneagar cumarsáide candamaí.
Ba cheart don Chróit dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go háirithe trí thuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun tacú le héileamh agus glacadh seirbhísí gigighiotáin agus ba cheart di a hiarrachtaí a mhéadú a thuilleadh maidir le rolladh amach na nascachta gigighiotáin, go háirithe rolladh amach an chábla snáthoptaice go háitreabh i limistéir thuaithe. Tá sé an‑tábhachtach na bearta arna maoiniú ag an RRF agus ag CFRE a chur chun feidhme go tapa.
Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an gCróit i réimse na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
In 2022, d’fheidhmigh an Chróit beagán os cionn mheán an Aontais i dtéarmaí gnólachtaí a dhigiteáil, lena n‑áirítear i ndáil le glacadh ardteicneolaíochtaí, ach tá acmhainneacht ann nár baineadh leas aisti go fóill chun feabhas a chur ar dhéine dhigiteach FBManna. Agus dhá aonbheannach suite inti, cothaíonn an Chróit tionscnaimh taighde agus nuálaíochta sa digiteáil chun rannchuidiú le sprioc an Aontais maidir le gnólachtaí atá ag méadú a fhorbairt agus an líon aonbheannach san Aontas a mhéadú faoi dhó. Tá bearta á maoiniú ag an gCróit freisin lena dtacaítear le Moil Nuálaíochta Digití, amhail
CROBOHUBplusplus
(CROatian Industry and Society Boosting [Treisiú Tionscail agus Sochaí na Cróite]),
AI4HEALTH.Cro
(An Intleacht Shaorga le haghaidh Cúram Sláinte Cliste agus Leighis), agus
JURK EDIH
(Claochlú digiteach na Cróite Láir agus an Aidriadaigh Thuaidh).
Ba cheart don Chróit dlús a chur lena hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart di feasacht a mhúscailt faoi na buntáistí a bhaineann le digiteáil gnólachtaí, tacaíocht phoiblí a sholáthar le haghaidh ceardlann agus oiliúintí, rannpháirtíocht i scéimeanna (cistiúcháin) atá ann cheana a mhéadú, go háirithe i measc FBManna. Ba cheart don Chróit a hiarrachtaí a threisiú chun tacú le forbairt agus cur in úsáid ardteicneolaíochtaí agus réitigh atá iontaofa, slán agus ceannasach, go háirithe maidir le IS, an néal, mórshonraí, lena n‑áirítear trí thacaíocht dhlíthiúil agus theicniúil agus nósanna imeachta soláthair a bheith ar fáil.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá an Chróit fós chun deiridh ó thaobh seirbhísí digiteacha poiblí de, go háirithe i dtéarmaí seirbhísí do ghnólachtaí (67 vs. 84 ar mheán an Aontais) agus i dtéarmaí nuachóiriú foriomlán a seirbhísí poiblí le réitigh dhigiteacha nuálacha. Mar sin féin, feidhmíonn an Chróit go maith i dtéarmaí rochtain ar ríomhthaifid sláinte, agus scór 86 aici i gcomparáid le 72 ar leibhéal an Aontais. Faoi dheireadh 2022, chuir an Chróit an tionscadal ‘Aird a tharraingt ar RTS (Ríomhthaifid Sláinte)’ chun feidhme, rud a chumasaigh an idir‑inoibritheacht leis an Lárchóras Faisnéise Sláinte (CEZIH). Thug an Chróit fógra faoi chárta ríomh‑shainaitheantais amháin faoi Rialachán eIDAS.
Ba cheart don Chróit borradh a chur faoina hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di tuilleadh beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar sholáimhsitheacht seirbhísí poiblí ar líne, lena n‑áirítear tacaíocht d’úsáideoirí a fheabhsú. Ba cheart don Chróit borradh a chur faoina hiarrachtaí chun infheistíochtaí soláthair phoiblí a mhéadú i bhforbairt, tástáil agus cur in úsáid réiteach digiteach nuálach agus chun an bhearna idir rialtais áitiúla & réigiúnacha agus rialtais láir a dhruidim.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Cróite
|
|
Le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Cróite dírítear EUR 1,3 billiún ar an gclaochlú digiteach agus tá coinne leis go rannchuideofar leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach le EUR 841 mhilliún den mhéid sin. Sa chéad iarratas ar íocaíocht, bhain an Chróit 34 cheann de gharspriocanna agus spriocanna amach, lena n‑áirítear i ndáil le claochlú digiteach na talmhaíochta agus na bpróiseas athchóirithe fuinnimh. Maidir leis an dara hiarratas ar íocaíocht, bhain an Chróit 25 cinn de gharspriocanna agus spriocanna amach, a bhain le hardán digiteach nua le haghaidh íocaíochtaí ar líne, glacadh gníomhartha dlí chun líonraí leathanbhanda a luathú, lena n‑áirítear an próiseas ceadúnúcháin/údarúcháin a chuíchóiriú, agus idir‑inoibritheacht na gcóras faisnéise chun seirbhísí poiblí ar líne a sholáthar. Áirítear ar na garspriocanna agus na spriocanna a bhfuil coinne lena mbaint amach in 2023 digiteáil seirbhísí poiblí (ionad ilfhreastail le haghaidh ríomhsheirbhísí deisce cabhrach poiblí agus an tionscadal um chur in úsáid an chárta aitheantais dhigitigh).
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An tSeicia
Ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht dhigiteach na Seicia chun rannchuidiú a thuilleadh leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá an tSeicia rannpháirteach i roinnt mhaith tionscadal iltíre agus tá sé d’uaillmhian aici teacht chun bheith ina príomhghníomhaí ó thaobh teicneolaíochtaí úrscothacha de, amhail teicneolaíochtaí candamacha agus micrishliseanna. Leagtar béim láidir freisin ar bhorradh a chur faoi bhunscileanna agus ardscileanna digiteacha agus tá na Seicigh ag éirí níos oilte agus níos rannpháirtí sa tsochaí a bhuí le seirbhísí poiblí nua ar líne. Mar sin féin, i dtéarmaí gnólachtaí a dhigiteáil agus nascachta, tá an tSeicia chun deiridh. Tá fiontair na Seicia fós ag streachailt chun saineolaithe TFC a fhostú agus tairbhiú den digiteáil go hiomlán. De bharr chumhdach teoranta na líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe, is amhlaidh a chuirtear bac eile ar dhul chun cinn, go háirithe i limistéir thuaithe. Tá athbhreithniú á dhéanamh de réir a chéile ar an straitéis um an tSeicia Dhigiteach chun í a ailíniú leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Tá an tSeicia ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) Géanóm, chun rochtain trasteorann éifeachtach agus shábháilte a chumasú ar stórtha de thacair sonraí ghéanómaíocha phearsanta; agus (ii) an tionscadal ‘Leathchúplaí Digiteacha Uirbeacha Líonraithe i dTreo CitiVerse’, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí bunathraitheacha agus tumthacha le haghaidh tionscadail amach anseo a bhainfidh leis an gcathair.
SCILEANNA DIGITEACHA
Sa tSeicia, tá bunscileanna digiteacha ag 60 % den daonra, méid atá os cionn mheán 54 % an Aontais. Mar sin féin, tá easpa speisialtóirí TFC sa tSeicia. Níl i gceist le speisialtóirí TFC sa tSeicia ach 4,5 % de na figiúirí fostaíochta iomlána, méid atá beagán faoi bhun mheán an Aontais. Thairis sin, tá an sciar de mhná i measc na speisialtóirí TFC, ag 10,9 %, ar an sciar is ísle san Aontas, i gcomparáid le meán 18,9 % an Aontais. Tá fiontair fós ag fulaingt de bharr an ghanntanais a bhaineann leis an lucht saothair speisialaithe sin. Chun cuidiú chun glacadh scileanna digiteacha a bhrostú agus chun an líon daoine atá ag lorg gairmeacha in TFC a mhéadú, thug an Aireacht Oideachais, Óige agus Spóirt clár nua isteach chun tacú leis an oideachas digiteach i scoileanna uile na Seicia.
Ba cheart don tSeicia leanúint dá hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha, go háirithe dlús a chur leis na hiarrachtaí sin a bhfuil gá leo chun an sprioc a bhaineann le speisialtóirí TFC a bhaint amach, ag tosú leis an leas is mó is féidir a bhaint as an gcistiú arna shlógadh faoin RRF, go háirithe le haghaidh oideachas agus oiliúint ETIM. Ba cheart don tSeicia aird a thabhairt freisin ar an líon saineolaithe cibearshlándála a mhéadú. Ba cheart don tSeicia borradh a chur faoi uas‑sciliú agus athsciliú an lucht saothair freisin, go háirithe i dtaobh ardteicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.
BONNEAGAR DIGITEACH
Ar an bhforiomlán, tá dul chun cinn na Seicia maidir le nascacht fhosaithe teoranta (cumhdach 53 % i gcomparáid le 52 % in 2021), agus tá an cumhdach fós go mór faoi mheán 73 % an Aontais. Níl rochtain ag cuid mhór de dhaonra na Seicia ar nasc snáthoptaice (63 % vs. 44 % ar an meán san Aontas). Ar an taobh eile, a mhéid a bhaineann leis an nasc móibíleach, d’éirigh leis an tSeicia cumhdach 5G a bhaint amach atá os cionn mheán an Aontais. Tá an tSeicia rannpháirteach i roinnt tionscnaimh uile‑Eorpacha um príomhtheicneolaíochtaí, lena n‑áirítear an Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide, agus tá 4 rannpháirtí dhíreacha dá cuid ag díriú ar chóir foinse oscailte, imeall‑intleacht shaorga agus gluaisteáin. Tacaíonn sí le taighde agus nuálaíocht freisin agus tá sí ag óstáil na gcéad Ríomhairí Ardfheidhmíochta Eorpacha faoin tionscnamh um an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach agus chomh maith leis sin, tá sí ina chuid den líonra do Bhonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa.
Ba cheart don tSeicia dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go háirithe i ndáil le rolladh amach an chábla snáthoptaice go háitreabh i limistéir thuaithe. Tá cur chun feidhme tapa na mbeart faoin RRF agus faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa an‑ábhartha. Ba cheart don tSeicia leanúint de 5G a rolladh amach lena n‑áirítear trí shannadh thar am an speictrim raidió sna bandaí ceannródaíocha 5G a chur i gcrích. Ba cheart don tSeicia measúnú tráthrialta a dhéanamh ar éileamh an mhargaidh atá ag teacht chun cinn ar an speictream neamhshannta atá fágtha sa bhanda 26 GHz (chun cur in úsáid seirbhísí 5G a dhreasú agus a éascú le haghaidh ardfheidhmeanna) agus é a shannadh nuair a thiocfaidh an t‑éileamh chun cinn. Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an tSeicia i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá an tSeicia fós i bhfad ón sprioc don Deacáid Dhigiteach go mbeidh 75 % d’fhiontair ar a laghad ag úsáid néalríomhaireacht, mórshonraí, nó IS. In 2022, ba é 68 % an cion FBManna ag a raibh leibhéal déine digití a bhí bunúsach ar a laghad, méid atá beagán faoi bhun mheán 69 % an Aontais. Seachas úsáid na néalríomhaireachta, tá luach na dtáscairí ábhartha faoi bhun mheán an Aontais go dtí seo freisin. In 2020, níor bhain ach 9 % d’fhiontair na Seice úsáid as teicneolaíochtaí mórshonraí (An tAontas 14 %), agus in 2021 d’úsáid 40 % d’fhiontair néalseirbhísí agus d’úsáid 5 % d’fhiontair teicneolaíochtaí IS. Mar sin féin, tá roinnt mhaith tionscnaimh phoiblí ann atá ag cuidiú leis an líon méadaithe gnólachtaí nuathionscanta sa tSeicia. Is é is aidhm don ghníomhaireacht stáit tacaíocht a thabhairt do suas le 250 gnólacht nuathionscanta nuálach le CZK 850 milliún (EUR 36,2 milliún) i gcaitheamh na 5 bliana amach romhainn. Tá 4 aonbheannach suite sa tSeicia cheana féin.
Ba cheart don tSeicia dlús a chur lena hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart di rochtain ar ardteicneolaíochtaí a éascú agus beartais agus dreasachtaí a neartú chun digiteáil gnólachtaí, go háirithe FBManna, a spreagadh trí bhearta marthanacha agus comhlántacha, lena n‑áirítear rochtain ar oiliúint, agus feasacht a mhúscailt faoi bhuntáistí an chlaochlúcháin dhigitigh.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Úsáideann sciar substaintiúil d’úsáideoirí idirlín na Seicia seirbhísí poiblí ar líne (86 % i gcomparáid le meán 74 % an Aontais). Mar sin féin, tá na scóir maidir le trédhearcacht, soláimhsitheacht mhóibíleach, agus tacaíocht le haghaidh úsáideoirí faoi bhun mheán an Aontais. D’éirigh le rialtas na Seicia córas ríomh‑shainaitheantais a dhearadh agus a chur chun feidhme lena gcuirtear ar a gcumas do na saoránaigh rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar líne trí úsáid a bhaint as a ríomhchártaí aitheantais, gan a bheith orthu cuairt a thabhairt ar oifigí rialtais go pearsanta. In 2023, bhí ceann amháin ar a laghad de 13 mhodh ríomh‑shainaitheantais ag níos mó ná 60 % de dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa tSeicia chun rochtain a fháil ar r‑sheirbhísí rialtais (méadú milliún duine i gcomparáid le 2022). Tá claochlú digiteach seirbhísí poiblí ar cheann de phríomhthosaíochtaí an rialtais nua agus dá thoradh sin, rinneadh iarrachtaí chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Cruthaíodh gníomhaireacht nua chun cuidiú chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil faoi 2025. I ndáil leis an r‑shláinte, is é 47 scór na Seicia maidir le rochtain ar thaifid r‑shláinte, scór atá go mór faoi bhun mheán 72 an Aontais.
Ba cheart don tSeicia dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di tuilleadh beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar sholáimhsitheacht seirbhísí poiblí ar líne, lena n‑áirítear comhéadain sholáimhsithe a fhorbairt, borradh a chur faoi thacaíocht d’úsáideoirí ar an gcoigríoch agus/nó d’úsáideoirí a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar sheirbhísí digiteacha poiblí, sásra éasca a chruthú chun gur féidir le saoránaigh aiseolas a sholáthar (e.g., suirbhé ar shástacht an úsáideora).
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Seicia
|
|
Is é 22 % an sciar de RRP na Seicia a leithdháiltear do thosaíochtaí digiteacha, (is é sin EUR 1,56 billiún) agus tá coinne leis go rannchuideofar le EUR 1,475 billiún den mhéid sin leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach
. Dírítear leis na príomhinfheistíochtaí ar bhorradh a chur faoi scileanna digiteacha agus ar thacaíocht a thabhairt do dhigiteáil na bhfiontar. Go dtí seo, tá curaclaim nua rollta amach ag an tSeicia le tuilleadh ranganna TF, tá infheistíocht déanta aici i dtrealamh digiteach nua do scoileanna, agus tá caighdeáin idir‑inoibritheachta sainithe aici do na córais cúraim sláinte freisin. Sheol an tSeicia Faireachlann na hEorpa Láir um na Meáin Dhigiteacha, chun bréagaisnéis a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh uirthi san Eoraip Láir. Áirítear ar na garspriocanna agus na spriocanna atá le baint amach in 2023 bearta chun an córas ceartais a dhigiteáil agus ardán coiteann a chur chun feidhme chun cumarsáid a dhéanamh le riarachán an stáit.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Danmhairg
Tá coinne leis go rannchuideoidh an Danmhairg go han‑láidir leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá iarrachtaí breise á ndéanamh ag an Danmhairg chun feabhas a chur ar an rochtain ar shonraí oscailte agus tuilleadh seirbhísí digiteacha poiblí a sholáthar dá saoránaigh agus dá gnólachtaí uile. Chruthaigh an Danmhairg aireacht le déanaí atá freagrach as digiteáil a dhéanamh agus mhol an rialtas roinnt mhaith tionscnaimh nua sa Straitéis Dhigiteach a cuireadh i láthair i mí na Bealtaine 2022.
Tá an Danmhairg ag oibriú i gcomhar le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun maidir le Géanóm, chun rochtain trasteorann éifeachtach agus shábháilte a chumasú ar stórtha de thacair sonraí ghéanómaíocha phearsanta.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá an Danmhairg go mór chun tosaigh ar mheán an Aontais a mhéid a bhaineann le bunscileanna digiteacha. tá scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad ag 69 % de dhaoine idir 16-74 bliana d’aois (An tAontas: 54 %). Mar sin féin, tá an Danmhairg fós 11 phointe céatadáin faoi bhun na sprice 80 % don Deacáid Dhigiteach le haghaidh 2030.
Thairis sin, ní fheidhmíonn an Danmhairg ach beagán níos fearr ná meán an Aontais i dtéarmaí an lín speisialtóirí TFC atá fostaithe (5,7 % vs meán 4,6 % an Aontais), agus níor tháinig ach méadú beag ar an gcéatadán sin ó bhí 2019 ann. An sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 22 %, tá sé os cionn mheán 18,9 % an Aontais. Má tá an Danmhairg le cuidiú chun cuspóir an Aontais sa réimse seo a bhaint amach, faoi 2030 ba cheart 200 000 speisialtóir TFC breise a bheith ann anuas ar an tuairim agus 160 000 speisialtóir atá fostaithe inniu. Chun leanúint de chlaochlú digiteach rathúil na Danmhairge, táthar ag brath ar infhaighteacht mhéadaithe speisialtóirí TFC ar an margadh saothair.
Ba cheart don Danmhairg leanúint dá beartais a chur chun feidhme agus dá hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart di díriú ar uas‑sciliú agus athsciliú an lucht saothair, go háirithe, maidir le hardteicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le hacmhainneacht an chórais oideachas a mhéadú chun oiliúint a chur ar níos mó speisialtóirí TFC.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá an Danmhairg i riocht láidir fós chun na spriocanna nascachta a bhaint amach, agus tá an cumhdach le haghaidh líonraí fíor‑ardacmhainneachta ag 96 % agus 98 % faoi láthair le haghaidh cumhdach 5G i limistéir a bhfuil cónaí iontu. Mar sin féin, is féidir feabhas a dhéanamh fós, go háirithe maidir le glacadh leathanbhanda fíor‑ardluais ag muintir agus cuideachtaí na Danmhairge. Tá cumhdach na limistéar iargúlta i bhfad níos airde ná meán an Aontais, ach níl roinnt daoine agus cuideachtaí cumhdaithe ag nascacht thapa fós.
Tá an Danmhairg rannpháirteach i roinnt tionscnamh um príomhtheicneolaíochtaí. Tá sí rannpháirteach sa chuibhreannas atá taobh thiar de thionscnamh LUMI‑Q um ríomhaireacht chandamach agus roghnaíodh í mar an suíomh do lárionad nua ECAT le haghaidh teicneolaíochtaí candamacha. Thairis sin, tá an Danmhairg ag baint úsáid as an imeall‑ríomhaireacht anois i líon méadaithe dá bardais (tá 13 % díobh á húsáid ina gcuid oibríochtaí, tá tástáil déanta ar an teicneolaíocht ag 6 % díobh agus tá breithniú déanta ar 16 % díobh ar í a úsáid) chun sonraí maidir le trácht ar bhóithre a bhailiú.
Ba cheart don Danmhairg leanúint dá beartais maidir le bonneagair dhigiteacha a chur chun feidhme. Go sonrach, i ndáil le nascacht, ba cheart di iniúchadh a dhéanamh ar na foinsí maoiniúcháin atá ar fáil chun infheistíocht phríobháideach a ghlacadh sna réimsí sin nach bhfuil inmharthana ó thaobh na tráchtála de. Spreagtar údaráis na Danmhairge freisin chun borradh a chur faoi infheistíochtaí i bhforbairt na mbonneagar digiteach dílis Eorpach i réimsí amhail an néalríomhaireacht, an ríomhaireacht chandamach agus an imeall‑ríomhaireacht, agus spreagadh a thabhairt do ghnólachtaí agus riaracháin phoiblí an Aontais chun uirlisí agus réitigh dhigiteacha a ghlacadh, lena n‑áirítear trí chomhiarrachtaí agus tionscadail iltíre.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá an Danmhairg ar an ngníomhaí is fearr san Aontais i dtaobh digiteáil gnólachtaí ach d’fhéadfadh sí feabhas a dhéanamh fós maidir leis na spriocanna a leagtar síos do ghlacadh TFC níos forbartha ag gnólachtaí, cé go sáraíonn na figiúirí meán an Aontais. In 2021, bhí úsáid IS (24 %) trí huaire níos airde ná meán an Aontais. Bhí úsáid néalteicneolaíochtaí (62 % in 2021) agus mórshonraí (27 % in 2020) beagnach dhá oiread mheán an Aontais. Feidhmíonn an Danmhairg go han‑mhaith maidir leis an mbunleibhéal déine digití: in 2022, bhí an leibhéal sin ar a laghad bainte amach ag 89 % de FBManna, i gcomparáid le meán 69 % an Aontais. Tairbhíonn an Danmhairg d’éiceachóras beoga de ghnólachtaí nuathionscanta ina bhfuil 17 n‑aonbheannach fhéideartha ar fiú idir EUR 100 milliún agus 1 bhilliún iad agus 8 n‑aonbheannach. I réimse na ngnólachtaí nuathionscanta, tá Digital Hub Denmark [Mol Digiteach na Danmhairge] ag obair go gníomhach chun infheisteoirí eachtracha féideartha a chur le chéile le gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta de chuid na Danmhairge.
Ba cheart don Danmhairg leanúint dá beartais a chur chun feidhme sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, na dreasachtaí chun digiteáil gnólachtaí a chothú, ba cheart don Danmhairg iad a fhorbairt agus leanúint dá neartú, go háirithe a mhéid a bhaineann le glacadh ardteicneolaíochtaí.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Dhírigh an Danmhairg go comhsheasmhach ar sheirbhísí digiteacha poiblí níos éifeachtaí agus níos iontaofa a fhorbairt agus tá sí ar an mbóthar ceart chun an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaineann le hinfhaighteacht 100 % a bhaint amach. Go sonrach, tá béim leanúnach á leagan ar sheirbhísí poiblí níos fearr a fhorbairt, rud a threisítear, i measc nithe eile, le húsáid mhéadaithe sonraí oscailte chomh maith le hardteicneolaíochtaí digiteacha nuálacha (amhail IS, mórshonraí, róbataic, réaltacht fhíorúil, ard‑néalríomhaireacht agus ríomhaireacht ardfheidhmíochta).
Tá scór na Danmhairge os cionn mheán an Aontais maidir le gach táscaire. Tá méadú mór tagtha ar chéatadán na n‑úsáideoirí r‑sheirbhísí rialtais, agus ó 2022, tá sé ag 99 %, méid atá os cionn mheán 74 % an Aontais. Mar an gcéanna, scóráil seirbhísí digiteacha poiblí 84 le haghaidh saoránach agus 89 le haghaidh gnólachtaí, an dá cheann os cionn mheán an Aontais. Tá ríomh‑shainaitheantas digiteach dea‑fheidhmithe forbartha ag an Danmhairg agus úsáideann cuid an‑mhór den daonra í. Is é 96 an scór le haghaidh rochtain ar shonraí sláinte, atá gar don sprioc don Deacáid Dhigiteach 100 a bhaint amach roimh 2030.
Ba cheart don Danmhairg leanúint dá beartais a chur chun feidhme chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di leanúint de bheith ag tacú le comhroinnt sonraí ar bhealach slán agus iontaofa, lena n‑áirítear trí rannchuidiú leis na spásanna coiteanna sonraí Eorpacha agus trí thacaíocht a thabhairt do chur in úsáid leathan réiteach le mórshonraí.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Danmhairge
|
|
Leithdháiltear 25 % de na cistí a bhaineann le RRP na Danmhairge (EUR 380 milliún) don chlaochlú digiteach agus leis an méid céanna, tá coinne leis go rannchuideofar leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. Chuir an Danmhairg iarratas faoi bhráid an Choimisiúin ar eisíocaíocht EUR 301 mhilliún faoin RRF. Rinneadh an t‑iarratas ar an mbonn gur bhain an tír na 23 gharsprioc agus an 2 sprioc amach le haghaidh na chéad tráthchoda. Le plean na Danmhairge tacaítear le raon beart chun feabhas a chur ar athléimneacht na hearnála sláinte, lena n‑áirítear na bearta siúd chun stoic drugaí criticiúla agus soláthar leordhóthanach táirgí leighis a áirithiú i gcásanna géarchéime, a cuireadh chun feidhme freisin. Tacaítear leis freisin le straitéis dhigiteach leathan a dearadh chun claochlú digiteach a chur chun cinn le haghaidh gach earnála den tsochaí. Cumhdaítear na garspriocanna agus na spriocanna a bhaineann leis an Straitéis Dhigiteach i dtráthchodanna amach anseo agus níl siad san áireamh sa chéad iarratas ar íocaíocht.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Eastóin
Tá coinne leis go rannchuideoidh an Eastóin go dearfach leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá an Eastóin ar thús cadhnaíochta i ndigiteáil na seirbhísí poiblí. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun a áirithiú go gcuirfear feabhas ar bhonneagar digiteach na tíre, go háirithe an bonneagar nascachta, ar cumasóir criticiúil é do gach gné den Deacáid Dhigiteach.
Tá an Eastóin ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) an tionscadal ‘Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dTreo CitiVerse’, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí bunathraitheacha agus tumthacha le haghaidh tionscadail amach anseo a bhainfidh leis an gcathair; (ii) Géanóim, chun rochtain trasteorann éifeachtach agus shábháilte a chumasú ar stórtha de thacair sonraí ghéanómaíocha phearsanta; agus (iii) Bonneagar Cóipchirt chun acmhainneacht earnálacha cruthaitheacha an Aontais a scaoileadh.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá an Eastóin díreach os cionn mheán an Aontais maidir le bunscileanna digiteacha. In 2021, bhí scileanna digiteacha a bhí bunúsach ar a laghad ag 56 % de dhaoine idir 16-74 bliana d’aois, i gcomparáid le 54 % ar an meán laistigh den Aontas Eorpach.
Rannchuidíonn an Eastóin go mór leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaineann le speisialtóirí TFC a bhaint amach. Tá an Eastóin, ag 6.6 %, i bhfad os cionn mheán 4.6 % an Aontais maidir le speisialtóirí TFC atá fostaithe go lánaimseartha. Thairis sin, ag 24,5 %, tá an sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC ar cheann de na sciartha is airde san Aontas, i gcomparáid le meán 18,9 % an Aontais. D’fhéadfadh méadú breise teacht ar an líon sin i gcaitheamh na mblianta amach romhainn i bhfianaise an chéatadáin aird de chéimithe TFC san Eastóin (10,1 % in 2021). Tá an céatadán d’fhiontair a sholáthraíonn oiliúint TFC fós faoi bhun mheán an Aontais. Mar sin féin, tá dul chun cinn mór déanta ag an Eastóin le 5 bliana anuas, rud atá ag druidim na bearna idir an céatadán d’fhiontair a sholáthraíonn oiliúint TFC san Eastóin agus meán an Aontais. Léiríonn sé sin go bhfuil an Eastóin ar an mbóthar ceart.
Ba cheart don Eastóin dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart di an ghníomhaíocht a neartú maidir le feabhas a chur ar bhunscileanna digiteacha, e.g. trí fhostóirí a spreagadh chun fostaithe a uas‑sciliú agus a athsciliú le linn am oibre.
BONNEAGAR DIGITEACH
Maidir le nascacht, is soiléir gur gá don Eastóin bearta a dhéanamh chun rannchuidiú leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun na spriocanna nascachta don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Is é an cumhdach íseal 5G, agus glacadh íseal luasanna leathanbhanda fosaithe os cionn 100 Mbps is cúis leis sin. Tá méadú seasta ag teacht ar an gcumhdach le líonra fíor‑ardacmhainneachta fosaithe (VHCN), agus le cábla snáthoptaice go háitreabh (FTTP), agus baineadh amach 79 %, méid atá i bhfad níos airde ná meáin an Aontais don dá cheann (73 % do VHCN agus 56 % do FTTP). Leanann an tír d’infheistíocht a dhéanamh chun líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe a fhorbairt i limistéir thuaithe, agus tacaítear léi trí chistiú ón Aontas.
Rannchuidíonn an Eastóin leis na hiarrachtaí comhchoiteanna i leith na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, tríd an tionscadal um Bonneagar Ríomhaireachta Eolaíche na hEastóine (ETAIS) go príomha. Tá sí ina cuid den tionscnamh maidir le Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa freisin chun bonneagar candamach uile‑Eorpach a thógáil, agus is comhpháirtí í sa Tóraíocht Nordach‑Eastónach um Ríomh‑Bhonneagar Ríomhaireachta Candamaí (NordIQuEst), inar tábhachtach an méid a rannchuidíonn sí le hiarrachtaí an Aontais chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach.
Ba cheart don Eastóin dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse an bhonneagair dhigitigh. Go sonrach, ba cheart di bearta a dhéanamh chun forbairt nascachta 5G a chothú agus chun glacadh nascachta gigighiotáin agus 5G a dhreasú. Ba cheart leanúint de na gníomhaíochtaí leanúnacha maidir leis an ríomhaireacht chandamach ach tuilleadh comhordaithe agus comhair a bheith i gceist chun comhphobal candamach a chothú ar fud an Aontais.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Is pictiúr measctha a léiríonn an Eastóin a mhéid a bhaineann le glacadh teicneolaíochtaí digiteacha ag fiontair. In 2021, ba é 51 % an céatadán d’fhiontair a raibh an néalríomhaireacht á húsáid acu, méid a bhí i bhfad níos airde ná meán 34 % an Aontais, ach bhí an céatadán d’fhiontar a raibh IS agus mórshonraí á n‑úsáid acu faoi bhun mheán an Aontais in 2021 agus 2020 faoi seach. In 2022, ba é 67 % an céatadán de FBManna ag a raibh leibhéal déine digití a bhí bunúsach ar a laghad, méid a bhí beagán faoi bhun mheán an Aontais freisin.
Áirítear in éiceachóras gnó na hEastóine roinnt mhaith gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú atá nuálach agus i mbun fáis, agus is iadsan atá ag spreagadh fhás agus nuachóiriú na tíre. Tá dhá aonbheannach suite san Eastóin faoi láthair. Sainaithníodh dhá aonbheannach fhéideartha ag a bhfuil luacháil reatha margaidh idir EUR 100 milliún agus 1 bhilliún.
Ba cheart don Eastóin dlús a chur lena hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart don Eastóin glacadh ardteicneolaíochtaí digiteacha ag fiontair a mhéadú, agus tacú le FBManna teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun teacht chun bheith níos iomaíche agus níos inbhuanaithe.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Rannchuidigh an Eastóin méid an‑mhór le hiarrachtaí comhchoiteanna an Aontais chun spriocanna 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach maidir le digiteáil seirbhísí poiblí. Is ceannaire domhanda í an Eastóin sa réimse seo agus leanann sí d’infheistíocht mhór a dhéanamh chun a seirbhísí digiteacha poiblí a dhéanamh níos soláimhsithe agus níos inrochtana fós le haghaidh saoránach agus gnólachtaí. Tá fógra tugtha ag an Eastóin faoi sé mhodh ríomh‑shainaitheantais faoi scéim ríomh‑shainaitheantais na hEastóine. Féadfaidh an tír feidhmiú mar eiseamláir do Bhallstáit eile agus tá a cuid taithí agus dea‑chleachtas roinnte aici le tíortha eile, mar chuid d’Acadamh r‑Rialachais na hEastóine, ar clár um chomhar forbartha idirnáisiúnta é atá bunaithe ar fhondúireacht. Tá forbairtí breise maidir le seirbhísí digiteacha poiblí fós ar cheann de na tosaíochtaí faoi Chlár Oibre Digiteach náisiúnta na hEastóine do 2030.
Ba cheart don Eastóin leanúint dá beartais a chur chun feidhme chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart don Eastóin leanúint dá hinfheistíochtaí i soláthar nuálaíochta réiteach digiteach chun dlús a chur a thuilleadh le glacadh réiteach digiteach nuálach le haghaidh na seirbhísí poiblí uile. Ba cheart di aghaidh a thabhairt ar inrochtaineacht sonraí sláinte freisin chun rochtain a chumasú do gach duine (lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas) agus inrochtaineacht na dtairseach ábhartha uile ó ghléasanna móibíleacha a áirithiú.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hEastóine
|
|
Le RRP na hEastóine dírítear EUR 208 milliún (24 %) ar an gclaochlú digiteach. Tá coinne leis go gcaithfear an tsuim ina hiomláine ar na hiarrachtaí chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Áirítear ar na hinfheistíochtaí digiteacha substaintiúla EUR 93 mhilliún chun seirbhísí digiteacha rialtais a uasghrádú agus leas á bhaint as na teicneolaíochtaí is déanaí, EUR 58 milliún chun tacú le 230 FBM ina n‑aistriú digiteach agus EUR 24 mhilliún chun líonraí fíor‑ardacmhainneachta a rolladh amach i limistéir thuaithe.Ghlac an Chomhairle RRP leasaithe na hEastóine i mí an Mheithimh 2023. An 30 Meitheamh 2023, chuir an Eastóin a céad iarratas ar íocaíocht isteach ar EUR 286 mhilliún de dheontais.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Fhionlainn
Tá an Fhionlainn ar thús cadhnaíochta sa chlaochlú digiteach le blianta fada anois, agus tá coinne leis go rannchuideoidh sí go han‑láidir leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá beartais dhigiteacha chuimsitheacha rollta amach aici le glacadh luath 5G, tá r‑sheirbhísí rialtais dea‑fhorbartha aici, agus tá lucht saothair ardoilte aici mar aon le comhordú agus ríomhchlárú maith. Tá gá le tuilleadh beart chun sprioc na nascachta gigighiotáin a bhaint amach. Chun a claochlú digiteach a threorú sna blianta atá le teacht, chuir an Fhionlainn a Compás Digiteach dílis isteach in 2022, compás atá ailínithe go maith leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Tá an Fhionlainn ag obair i gcomhar le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) Géanóm, chun rochtain trasteorann éifeachtach agus shábháilte a chumasú ar stórtha de thacair sonraí ghéanómaíocha phearsanta; (ii) Bonneagar Cóipchirt, chun acmhainneacht earnálacha cruthaitheacha an Aontais a scaoileadh; (iii) Sonraí Soghluaisteachta agus Lóistíochta, chun rochtain, comhroinnt agus athúsáid sonraí sna réimsí sin a chumasú; agus (iv) Seirbhís Claochlúcháin Idirnasctha Ollmhór Nuálach um Riarachán Poiblí, chun glúin nua d’ardseirbhísí trasteorann a fhorbairt.
SCILEANNA DIGITEACHA
Is amhlaidh atá ardleibhéal scileanna digiteacha ag daonra na Fionlainne, rud a rannchuidíonn go mór chun an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. In 2021, bhí an sciar den daonra idir 16-74 bliana d’aois ag a raibh scileanna digiteacha a bhí bunúsach ar a laghad (79 %) an‑ghar do sprioc 80 % an Aontais don Deacáid Dhigiteach agus go mór os cionn mheán 54 % an Aontais. Tá an sciar de speisialtóirí TFC atá fostaithe go lánaimseartha (7,6 % in 2022) an‑ard i gcomparáid le sprioc an Aontais don Deacáid Dhigiteach agus le meán an Aontais in 2022 (4,6 %) araon. Thairis sin, an sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 23,8 %, tá sé go mór os cionn mheán 18,9 % an Aontais. San oideachas, is é 7,6 % an sciar de chéimithe TFC agus cuireann 40 % de chuideachtaí oiliúint TFC ar fáil dá bhfoireann. Le blianta beaga anuas, le Clár na Litearthachtaí Nua 2020-2023 agus lárionad LUMA (ar eagraíocht é a spreagann comhar idir scoileanna, ollscoileanna agus gnólachtaí), is amhlaidh a spreagadh forbairt inniúlachtaí sa TFC, i litearthacht sna meáin agus sa ríomhchlárú, lena n‑áirítear i measc leanaí.
Ba cheart don Fhionlainn leanúint dá beartais a chur chun feidhme i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart di na beartais ar tugadh fógra fúthu a chur chun feidhme chun an líon speisialtóirí TFC a mhéadú a thuilleadh.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá bonneagair dhigiteacha den scoth forbartha ag an bhFionlainn. Feidhmíonn an tír go maith maidir le cumhdach foriomlán 5G agus 95 % de limistéir a bhfuil daonra iontu cumhdaithe, agus chomh maith leis sin maidir leis an mbanda ardcháilíochta 3,4-3,8 GHz agus cumhdach 84 % i gceist. Mar sin féin, tá glacadh an leathanbhanda fhosaithe beagán faoi bhun mheán an Aontais, agus leathanbhanda fosaithe ar 100 Mbps ag 49 % de theaghlaigh agus gan ach leathanbhanda fosaithe ar 1 Gbps ach ag 3,1 % de theaghlaigh (méid atá go mór faoi bhun mheán 13,8 % an Aontais). Is é 71 % cumhdach líonra fíor‑ardacmhainneachta fosaithe na Fionlainne, méid atá beagán faoi bhun mheán 73 % an Aontais. Tá deighilt shuntasach le sonrú ar fud na tíre óir is minic a bhíonn spotaí bána sna limistéir thuaithe, i ngeall ar an dlús daonra íseal.
Tá an Fhionlainn ina comhalta den Chomhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach atá ag forbairt LUMI, atá ar cheann de na trí sár‑ríomhairí réamh‑eicsea‑scála. Tá an Fhionlainn ar thús cadhnaíochta freisin i ríomhaireacht chandamach agus leathsheoltóirí na hEorpa: Tá infheistíocht déanta ag IQM Quantum Computers i dtógáil na gcéad saoráidí táirgthe leathsheoltóirí san Eoraip in Espoo, ar saoráidí iad atá tiomnaithe don ríomhaireacht chandamach, agus rinneadh an ríomhaire candamach HELMI a nascadh le LUMI; tá sí rannpháirteach sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide, agus tá 3 rannpháirtí dhíreacha dá cuid ag díriú ar an teileachumarsáid agus ar shubstráití uisce.
Ba cheart don Fhionlainn leanúint dá beartais a chur chun feidhme i réimse an bhonneagair dhigitigh. Ba cheart di aird níos mó fós a thabhairt ar chumhdach líonra fíor‑ardacmhainneachta, agus leathanbhanda a sheachadadh chuig na limistéir thuaithe, lena n‑áirítear cábla snáthoptaice go háitreabh ar fud na tíre.
Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an bhFionlainn i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
In 2022 cheana féin, ba é 89,5 % an sciar de FBManna san Fhionlainn a bhain leibhéal déine digití amach a bhí bunúsach ar a laghad, méid atá beagán faoi bhun na sprice don Deacáid Dhigiteach (90 %) agus i bhfad níos airde ná meán 69 % an Aontais.
Lean ardteicneolaíochtaí de bheith i gcroílár ghnólachtaí na Fionlainne, agus bhain 66 % d’fhiontair úsáid as néalréitigh agus chomhtháthaigh 16 % díobh teicneolaíocht intleachta saorga ina n‑oibríochtaí in 2021, agus bhí 22 % díobh ag úsáid mórshonraí cheana féin in 2020.
In 2022, lean an Fhionlainn de chistiú a chur ar fáil do chláir lena dtacaítear le gnólachtaí, go háirithe FBManna. Dhírigh an tír go háirithe ar éiceachóras de ghnólachtaí nuathionscanta agus de ghnólachtaí atá ag méadú a fhorbairt. Saintréith eile ar an mbealach ar chomhtháthaigh an Fhionlainn teicneolaíochtaí digiteacha sa gheilleagar ba ea an comhar idir ollscoileanna, gníomhaireachtaí speisialaithe rialtais agus gnólachtaí. Sár‑shampla is ea an clár um an Droichead 6G lena bhforbraítear an chéad ghlúin eile de nascacht ionas go bhfanfaidh tionscal na Fionlainne ag tús an tslabhra luacha maidir leis na teicneolaíochtaí 6G a chruthú le haghaidh cathracha cliste, fuinneamh cliste, calafoirt chliste agus monarchana cliste le gníomhaithe éagsúla san éiceachóras.
Ba cheart don Fhionlainn leanúint dá beartais a chur chun feidhme sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart di leanúint de bhorradh a chur faoi ghlacadh ardteicneolaíochtaí digiteacha ag gnólachtaí, go háirithe i réimse na hintleachta saorga agus na mórshonraí, trí dhreasachtaí infheistíochta a sholáthar.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá an Fhionlainn an‑láidir a mhéid a baineann le hidirghníomhaíocht ar líne idir údaráis an rialtais agus an pobal agus is amhlaidh a úsáideann 97 % d’úsáideoirí idirlín na Fionlainne r‑sheirbhísí rialtais. Feidhmíonn an tír go han‑mhaith freisin maidir leis an líon seirbhísí a sholáthraítear ar líne. In 2022, bhí dul chun cinn maith á dhéanamh ag an tír maidir le cláir ar cuireadh tús leo sna blianta roimhe sin a chur chun feidhme. Lean an Fhionlainn de r‑sheirbhísí rialtais a uasghrádú agus chuir sí faoi bhainistíocht na Gníomhaireachta Seirbhísí Sonraí Digiteacha agus Daonra iad. Tá athruithe ar siúl faoi láthair sa reachtaíocht lena gceadófar cinntí riaracháin uathoibríocha trí úsáid a bhaint as IS. Maidir leis an r‑shláinte, tá scór 90 ag an bhFionlainn, os cionn mheán 72 an Aontais, agus tá sé ar an mbóthar ceart chun an sprioc 100 don Deacáid Dhigiteach a chomhlíonadh. Tá an tairseach OmaKanta ar cheann de na cúiseanna atá leis sin, mar ar féidir le daoine rochtain a fháil ar a gcuid doiciméad leictreonach ar líne. Tá cur chun feidhme córais aitheantais dhigitigh nua á thabhairt chun críche ag an tír faoi láthair a fheidhmeoidh mar uirlis dheimhnithe aitheantais freisin de réir bhrí Rialachán eIDAS. Leis an tairseach sonraí oscailte náisiúnta leantar de shonraí a sholáthar i bhformáidí oscailte do chuideachtaí agus don phobal. Tá méadú leanúnach á chur ag an bhFionlainn ar a hullmhacht maidir le cibearshlándáil agus chuir sí borradh faoi ghníomhaíochtaí trí chiste úr EUR 230 milliún le haghaidh 2022-2026.
Ba cheart don Fhionlainn leanúint dá beartais a chur chun feidhme chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart an chibearshlándáil a choinneáil chun tosaigh i mbeartais an rialtais.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Fionlainne
|
|
Is é EUR 525,7 milliún nó 28,9 % de leithdháileadh iomlán an RRP atá i gceist leis an méid a rannchuidítear leis an gclaochlú digiteach in RRP na Fionlainne. Leithdháiltear leis an bplean: (i) EUR 32 mhilliún de bhonneagar leathanbhanda ardluais; (ii) EUR 85 mhilliún chun an córas cosanta traenacha uathoibríoch nua a rolladh amach ar an ngréasán iarnróid náisiúnta ina iomláine, mar aon leis an gCóras Todhchaíochta um Chumarsáid Mhóibíleach Iarnróid bunaithe ar 4G agus 5G; (iii) EUR 100 milliún don nuálaíocht dhigiteach i seirbhísí leasa shóisialaigh agus cúraim sláinte; (iv) EUR 32 mhilliún chun infheistíocht a dhéanamh i ndigiteáil na foghlama leanúnaí; agus (v) EUR 25 mhilliún chun infheistíocht a dhéanamh chun dlús a chur le príomhtheicneolaíochtaí (micrileictreonaic, 6G, IS agus ríomhaireacht chandamach). Níor chuir an Fhionlainn iarratas ar íocaíocht faoi bhráid an RRF go fóill.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Fhrainc
Ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht dhigiteach na Fraince chun rannchuidiú a thuilleadh leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. I bhfianaise mhéid gheilleagar agus dhaonra na Fraince, le gníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus gníomhaíochtaí amach anseo, tá coinne leis go rannchuideofar go mór le hiarrachtaí den sórt sin. Tá roinnt straitéisí digiteacha i bhfeidhm ag an bhFrainc, atá ailínithe le cuspóir an Chláir Beartais don Deacáid Dhigiteach den chuid is mó. Tá ag éirí go maith leis an bhFrainc a mhéid a bhaineann le nascacht agus gnólachtaí nuathionscanta agus léiríonn sí treochtaí dearfacha i seirbhísí digiteacha poiblí agus caipiteal daonna. Mar sin féin, tá claochlú digiteach an gheilleagair míchothrom. Go sonrach, cé go n‑úsáideann agus go seachadann na cuideachtaí nuálaíochta is fearr ardteicneolaíochtaí digiteacha, ní hamhlaidh go n‑úsáideann fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) bunteicneolaíochtaí go forleathan.
Tá an Fhrainc ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir le Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad ag beagán níos mó ná triúr as cúigear sa Fhrainc. Mar sin féin, is gá aird ar leith a thabhairt ar litearthacht eolaíoch, dhigiteach agus litearthacht sna meáin i ngach ábhar ar gach leibhéal den oideachas foirmiúil. Tá an sciar de speisialtóirí TFC atá fostaithe go lánaimseartha cobhsaí ag 4,3 %, méid atá beagán faoi bhun mheán an Aontais (4,6 %). An sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 19 %, tá sé an‑ghar do mheán 18,9 % an Aontais. Mar sin féin, d’ainneoin bearta dearfacha uaillmhianacha (Pix, Scileanna agus Poist don Todhchaí), rinne an Fhrainc méadú níos lú ná meán an Aontais, agus déantar dochar d’ionchais na tíre le rátaí ísle clárúcháin TFC agus líonta ísle céimithe TFC. Dá bhrí sin, tá iarrachtaí móra chun feabhas a chur ar scileanna digiteacha ríthábhachtach chun gur féidir leis an Aontas an sprioc don Deacáid Dhigiteach maidir le bunscileanna digiteacha agus speisialtóirí TFC a bhaint amach.
Ba cheart don Fhrainc dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart don Fhrainc bearta a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar gach leibhéal den oideachas, go háirithe an leibhéal bunúsach sa mhatamaitic. Chomh maith le borradh a chur faoin infheistíocht le haghaidh speisialtóirí TFC, go háirithe céimithe TFC, ba cheart don Fhrainc leanúint den lucht saothair a uas‑sciliú agus a athsciliú.
BONNEAGAR DIGITEACH
Feidhmíonn an Fhrainc go láidir maidir le bonneagar digiteach. Ba cheart go mbainfidh an Fhrainc rolladh amach an chábla snáthoptaic ina iomláine cheana féin amach in 2025. In 2022, bhí cumhdach foriomlán an‑mhaith ann le haghaidh naisc snáthoptaice fosaithe, agus baineadh 73 % de theaghlaigh amach, agus is amhlaidh atá an deighilt tuaithe/uirbeach á laghdú. Mar sin féin, is gá iarrachtaí chun leanúint de rolladh amach an chábla snáthoptaice a choinneáil ar bun sna réigiúin is forimeallaí sa Fhrainc agus i limistéir thuaithe. A bhuí leis an bplean ‘Margadh Nua’, le cumhdach móibíleach in 4G cumhdaítear gach limistéar a bhfuil daonra ann agus tá ag éirí go maith le rolladh amach 5G le haghaidh feidhmchláir ghutha agus idirlín agus 88 % de limistéir a bhfuil daonra iontu á gcumhdach. Tá feidhmchláir 5G nua á dtástáil i dtionscadail phíolótacha. Tá béim á leagan ar an ngné chomhshaoil d’earnálacha digiteacha i roinnt dlíthe le déanaí.
Táthar ag tabhairt aghaidh ar an gcibearshlándáil níos mó anois ach is gá borradh a chur fúithi fós chun tacú le FBManna. Le straitéis le haghaidh leathsheoltóirí, lena n‑áirítear cistiú poiblí, táthar ag tacú le ceannasacht thionsclaíoch na Fraince agus an Aontais: tá sí i gcomhréir leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna. Tá an tír rannpháirteach sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide agus tá 15 rannpháirtí dhíreacha dá cuid ag díriú ar raon leathan réimsí, lena n‑áirítear substráití, cumhacht, braiteacht, pacáistiú, gluaisteáin, fótónaic, teileachumarsáid, aeraspás agus cosaint. Tá sé d’aidhm ag an bhFrainc teacht chun bheith ina príomhghníomhaí sa ríomhaireacht chandamach agus tá sé beartaithe aici bonneagar Euro um chumarsáid chandamach a chur in úsáid. Tá sí rannpháirteach freisin sa chlár Eorpach um ríomhaireacht ardfheidhmíochta (EuroHPC).
Ba cheart don Fhrainc leanúint dá beartais maidir le bonneagair dhigiteacha a chur chun feidhme. Go sonrach, ba cheart don Fhrainc feabhas a chur a thuilleadh ar a hullmhacht don speictream 5G agus na bandaí tosaíochta atá fágtha a chur ar fáil. Spreagtar an Fhrainc freisin chun leanúint dá gníomhaíochtaí maidir leis an ngné chomhshaoil d’earnálacha digiteacha, chomh maith lena gníomhaíochtaí sna réimsí a bhaineann leis an ríomhaireacht chandamach agus leathsheoltóirí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Is réimse é digiteáil na ngnólachtaí inar gá don Fhrainc rannchuidiú ar bhonn níos substaintiúla. In 2022, d’úsáid 64 % de FBManna teicneolaíochtaí digiteacha, ach ba é 69 % meán an Aontais. Tá úsáid teicneolaíochtaí digiteacha ag FBManna sa Fhrainc fós i bhfad ón gcuspóir 90 % don Deacáid Dhigiteach agus tá luas an dul chun cinn fós neamh‑leordhóthanach chun baint amach na sprice sin a chothú. Ar an gcaoi chéanna, tá acmhainneacht nach mbaintear leas iomlán aisti ag gnólachtaí na Fraince a mhéid a bhaineann le glacadh ardteicneolaíochtaí digiteacha, cé go bhfuil oiliúint agus tacaíocht á soláthar do FBManna ag an tionscnamh ‘France Num’ le roinnt blianta anuas maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid. Ina theannta sin, tá an Fhrainc rannpháirteach i mBonneagar agus Seirbhísí Néalríomhaireachta na Chéad Ghlúine Eile.
A mhéid a bhaineann le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú i réimse na teicneolaíochta a bhunú, d’éirigh leis an bhFrainc éiceachóras an‑fhabhrach a chothú, agus meastar go bhfuil sé ar an dara ceann is fearr san Eoraip. Meastar 36 chuideachta a bheith ina n‑aonbheannach sa Fhrainc (méadú géar ar an 22 cheann an bhliain roimhe) agus bhain 82 chuideachta luacháil margaidh idir EUR 100 milliún agus EUR 1 bhilliún amach. Tá tarraingteacht idirnáisiúnta ard le haghaidh fiontraithe agus tá siad in ann rochtain a fháil ar mhaoiniú. Roghnaíodh Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha, agus tá coinne leis go gcuirfear an chuid is mó díobh in úsáid faoi thús 2023.
Ba cheart don Fhrainc borradh a chur faoina hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart di bearta sonracha a dhéanamh chun feabhas a chur ar ráta digiteála FBManna, lena n‑áirítear in ardteicneolaíochtaí.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá rochtain ar sheirbhísí poiblí sa Fhrainc beagán faoi bhun mheán an Aontais le haghaidh saoránach agus gnólachtaí araon. Mar sin féin, tá roinnt mhaith tionscadal ar bun faoi láthair chun aghaidh a thabhairt air sin. Tá faireachlann curtha i bhfeidhm ag an bhFrainc maidir le cleachtais dhigiteacha daoine agus chuir sí tús le hiarrachtaí chun an néalríomhaireacht a úsáid ar bhealach níos córasaí. Tá ríomh‑shainaitheantas i bhfeidhm le haghaidh roinnt seirbhísí agus tá breithniú á dhéanamh ar úsáid an réitigh Eorpaigh agus ba ghá dlús a chur leis. Soláthraíonn an Stiúrthóireacht Idir‑Aireachta um Dhigiteáil (DINUM) ardán le haghaidh sonraí oscailte (data.gouv.fr) agus leanann sí gníomhaíochtaí coincréiteacha in 15 aireacht. Tá gá le tuilleadh beart chun tacú le húsáideoirí a bhfuil deacrachtaí acu maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí digiteacha poiblí, go háirithe taifid sláinte.
Ba cheart don Fhrainc dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di an cistiú RRP le haghaidh trealamh crua‑earraí in ospidéil a chomhlánú le bearta chun rannpháirt a thabhairt d’úsáideoirí agus an t‑eagrúchán a oiriúnú do na sreabha sonraí nua. Ba cheart d’údaráis phoiblí bearta a dhéanamh chun ailíniú na leibhéal éagsúil riaracháin atá rannpháirteach a neartú a thuilleadh agus chun feabhas a chur ar idir‑inoibritheacht, éifeachtacht agus infhaighteacht seirbhísí poiblí ar líne, go háirithe san earnáil cúraim sláinte.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Fraince
|
|
Is é EUR 40,3 billiún atá i gceist le RRP na Fraince, agus leithdháiltear 22 % den mhéid sin (i.e., EUR 8,1 billiún) don chlaochlú digiteach, agus as an méid sin caithfear EUR 7,7 billiún ar iarrachtaí chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. An 19 Lúnasa 2021, d’eisíoc an Coimisiún an réamh‑mhaoiniú ar luach EUR 5,1 billiún é. I gcomhthéacs an chéad iarratais ar íocaíocht, bhain an Fhrainc 38 cinn de gharspriocanna agus spriocanna amach, rud a d’fhág gur eisíoc an Coimisiún EUR 7,4 billiún in R1 2022. Bhain garspriocanna agus spriocanna áirithe le bearta sa réimse digiteach, amhail dlús a chur le sé phríomhtheicneolaíocht dhigiteacha (ríomhaireacht chandamach, cibearshlándáil, oideachas, tionscail chultúrtha, 5G agus néalríomhaireacht) agus acmhainní France Compétences a mhéadú. Áirítear in RRP na Fraince freisin bearta chun aghaidh a thabhairt ar an earnáil sláinte poiblí (EUR 2 bhilliún), oiliúint agus oideachas (conarthaí printísigh, oiliúint le haghaidh scileanna digiteacha, ábhar foghlama digití, agus plean um chianfhoghlaim, seirbhísí digiteacha poiblí (EUR 500 milliún), an plean dar teideal ‘France Très Haut Débit’ (EUR 240 milliún) agus feistí digiteacha le haghaidh scoileanna.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ghearmáin
Ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht dhigiteach na Gearmáine chun rannchuidiú a thuilleadh leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. I bhfianaise mhéid gheilleagar agus dhaonra na Gearmáine, le tionscnaimh atá ann faoi láthair agus tionscnaimh amach anseo, rannchuideofar go mór le spriocanna den sórt sin. Tá dul chun cinn seasta á dhéanamh maidir le claochlú digiteach na Gearmáine. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun aidhm na tíre a bheith ina ceannródaí a bhaint amach. Cé gur míshásúil cumhdach na nascachta gigighiotáin go fóill, go háirithe i gcás an chábla snáthoptaice, tá forbairtí dearfacha le feiceáil maidir le glacadh nasc gigighiotáin agus cumhdach 5G. Tá bearnaí mór fós ann i seirbhísí digiteacha poiblí agus i scileanna digiteacha. Le
Straitéis Dhigiteach
an Rialtais Fheidearálaigh leagtar amach an creat uileghabhálach go dtí 2025 agus tá sí ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Tá an Ghearmáin ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) Sonraí Soghluaisteachta agus Lóistíochta, chun rochtain, comhroinnt agus athúsáid sonraí sna réimsí sin a chumasú; agus (ii) an tionscadal ‘Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dTreo CitiVerse’, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí bunathraitheacha agus tumthacha le haghaidh tionscadail amach anseo a bhainfidh leis an gcathair.
SCILEANNA DIGITEACHA
Maidir le bunscileanna digiteacha, tá an bhearna druidte ag an nGearmáin go dtí meán an Aontais, ach tá sí fós faoi bhun mheán 54 % an Aontais agus í ag 49 %. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfí borradh mór faoi ullmhacht na Gearmáine i leith bunscileanna digiteacha chun go bhféadfaidh an tAontas an sprioc don Deacáid Dhigiteach maidir le bunscileanna a bhaint amach. Na tionscnaimh lena gcuidítear forbairt a dhéanamh ar scileanna digiteacha, leantar de na tionscnaimh sin a neartú faoi scáth na Straitéise Digití agus áirítear orthu gníomhaíochtaí a bhaineann le ‘Comhshocrú Digiteach na Scoileanna’, an Plean Gníomhaíochta ETIM 2.0, agus an Straitéis Náisiúnta um Scileanna. Ina theannta sin, tá digiteáil an oideachais ar cheann de na sé réimse tosaíochta faoi phlean téarnaimh agus athléimneachta na Gearmáine.
An sciar de speisialtóirí TFC atá fostaithe go lánaimseartha, tá sé os cionn mheán an Aontais (5,0 % vs 4,6 %). An sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 19 %, tá sé an‑ghar do mheán 18,9 % an Aontais. Mar sin féin, déantar dochar d’ionchais fáis ina leith sin amach anseo de bharr rátaí arda luathfhágálaithe in ábhair TFC. Tá coinne leis go rannchuideoidh an Ghearmáin go substaintiúil le hiarrachtaí comhchoiteanna an Aontais chun an sprioc maidir le speisialtóirí TFC a bhaint amach.
Ba cheart don Ghearmáin dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Ba cheart don Ghearmáin cúrsaí i scileanna digiteacha a fhorbairt ar fud gach leibhéil agus disciplín san oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil don daonra uile agus borradh a chur faoi uas‑sciliú agus athsciliú i réimse na scileanna digiteacha i margadh an tsaothair.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá easnaimh an‑tromchúiseach fós ann maidir le cumhdach an chábla snáthoptaice go háitreabh, atá ag 19 % faoi láthair, méid atá fós i bhfad ó mheán 56 % an Aontais agus ón sprioc don Deacáid Dhigiteach maidir le cumhdach uilíoch líonraí gigighiotáin faoi 2030. Tacaíonn an Rialtas Feidearálach le cur in úsáid an chábla snáthoptaice trí chistiú suntasach agus trí ghealltanas dobhréagnaithe do rolladh amach ar fud na tíre, mar a leagtar amach ina Straitéis Dhigiteach agus ina Straitéis um Ghigighiotáin.
Le gníomhaíochtaí na Gearmáine i réimsí na ríomhaireachta candamaí agus na leathsheoltóirí, is mór an méid a rannchuidítear le spriocanna an Aontais. Tá sí an‑ghníomhach ó thaobh bonneagar a fhorbairt le haghaidh ardteicneolaíochtaí agus tá sí rannpháirteach i roinnt tionscadal iltíre, e.g., an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach, Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa agus an Bonneagar Eorpach um Sheirbhísí Blocshlabhra. Tá an Ghearmáin i gceannas ar an Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide agus tá infheistíochtaí móra á ndéanamh aici (dar luach roinnt EUR billiún), agus tá 32 rannpháirtí dhíreacha dá cuid ag cumhdach raon leathan topaicí ó ábhar go pacáistiú, lena n‑áirítear trealamh, gluaisteáin, cumhacht, fótónaic, braiteacht. Is amhlaidh a rinneadh infheistíochtaí móra i réimse na leathsheoltóirí freisin.
Ba cheart don Ghearmáin dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, maidir le nascacht gigighiotáin agus go háirithe i ndáil le rolladh amach an chábla snáthoptaice go háitreabh. Tá sé tábhachtach go mbainfidh an Ghearmáin constaicí agus go gcuirfidh sí borradh faoin infheistíocht i líonraí fíor‑ardacmhainneachta.
Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an nGearmáin i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
I ndáil le digiteáil gnólachtaí, in 2022, bhí leibhéal déine digití a bhí bunúsach ar a laghad ag 77 % de FBManna na Gearmáine, méid atá i bhfad os cionn mheán 69 % an Aontais. D’fheidhmigh an Ghearmáin os cionn mheán an Aontais freisin maidir le hanailís ar mhórshonraí agus glacadh IS, cé go raibh glacadh na néalteicneolaíochta ag 32 % in 2021, méid atá beagán faoi bhun mheán 34 % an Aontais. Mar sin féin, tá coinne leis go rannchuideoidh an Ghearmáin go substaintiúil chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá sé sin amhlaidh a bhuí leis an tacaíocht leanúnach atá á soláthar do FBManna na Gearmáine tríd an tionscnamh ‘FBM digiteach’ (Mittelstand-Digital), arb é atá ann an Líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití Mittelstand, an clár deontais infheistíochta Digiteáil Anois (Digital Jetzt), agus an tionscnamh um Chibearshlándáil le haghaidh FBManna. De réir The European Deep Tech Report 2023, meastar gurb é Beirlín an t‑éiceachóras is fearr san Aontas le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta. Thairis sin, le roinnt beart táthar ag tacú le hardteicneolaíochtaí, lena n‑áirítear an tionscnamh cistiúcháin KI4KMU (AI4SME) agus an clár cistiúcháin Lárionaid Seirbhísí IS. Tá an Ghearmáin rannpháirteach freisin san IPCEI maidir le Bonneagar agus Seirbhísí Néalríomhaireachta na Chéad Ghlúine Eile (IPCEI‑CIS).
Ba cheart don Ghearmáin leanúint dá beartais a chur chun feidhme sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Is gá na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme go tapa chun digiteáil gnólachtaí a spreagadh a thuilleadh. Go sonrach, ba cheart di an geilleagar sonraí, eolaíocht agus taighde i bpríomhtheicneolaíochtaí a neartú a thuilleadh, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun an aeráid a chosaint.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá dúshlán ag baint le digiteáil seirbhísí poiblí le roinnt blianta anois cheana féin. Cé go bhfuil an Ghearmáin ar an mbóthar ceart chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach maidir le hinfhaighteacht seirbhísí digiteacha poiblí a bhaint amach, tá dúshláin mhóra sa réimse sin atá fós gan réiteach. Maidir le seirbhísí digiteacha poiblí le haghaidh saoránach, tá scór 78 ag an tír (atá beagán os cionn mheán 77 an Aontais). Tá scór 81 aici le haghaidh gnólachtaí (faoi bhun mheán 84 an Aontais). Cé gur mór na hiarrachtaí a rinneadh, amhail gníomhaíochtaí chun an Gníomh um Rochtain ar Líne (Onlinezugangsgesetz (OZG)) a chur chun feidhme, tá an tír fós chun deiridh maidir leis an ngné sin. Áirítear ar na príomhfhadhbanna an líon beag seirbhísí poiblí a ndearnadh digiteáil orthu, an easpa infhaighteacht náisiúnta ar sheirbhísí, agus dúshláin a bhaineann le tionscadal píolótach um chásanna iarratais ar ríomh‑shainaitheantas.
Ba cheart don Ghearmáin dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di bearta a dhéanamh chun comhar agus ailíniú na leibhéal riaracháin éagsúil a neartú a thuilleadh chun idir‑inoibritheacht, éifeachtacht agus infhaighteacht seirbhísí poiblí ar líne a fheabhsú a thuilleadh. Thairis sin, ba cheart don Ghearmáin bearta atá beartaithe a chur chun feidhme go tapa agus dlús a chur le digiteáil an tslabhra seirbhíse ina iomláine le haghaidh seirbhísí poiblí.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Gearmáine
|
|
Le RRP na Gearmáine dírítear ar infheistíochtaí digiteacha. Ó bhuiséad iomlán EUR 26,4 billiún, leithdháiltear méid is mó ná 50 % don digiteáil. As an méid sin, tá coinne leis go rannchuideofar leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach le EUR 11 995 mhilliún. Tá dhá IPCEI mhóra maidir le digiteáil sa phlean: Micrileictreonaic agus Teicneolaíochtaí Cumarsáide agus Bonneagar agus Seirbhísí Néalríomhaireachta na Chéad Ghlúine Eile. Leis an gcéad iarratas ar íocaíocht, ar fiú EUR 4,5 billiún é agus nár cuireadh isteach go foirmiúil fós, áirítear garspriocanna agus spriocanna a bhaineann leis an IPCEI maidir le Micrileictreonaic agus Teicneolaíochtaí Cumarsáide, an clár infheistíochta le haghaidh feistí do mhúinteoirí agus an Gníomh um Rochtain ar Líne. Tar éis leasú ar an gcéad phlean i mí Feabhra 2023 a raibh ábharthacht an‑teoranta ag baint leis don chuid dhigiteach, tá an Ghearmáin ag obair faoi láthair chun athbhreithniú a dhéanamh ar a RRP arís chun an leithdháileadh airgeadais méadaithe (méadú EUR 2,4 billiún) agus comhtháthú caibidle maidir le REPowerEU a chur san áireamh chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú agus chun tacú leis an aistriú glas.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ghréig
Tá deis ag an nGréig chun feabhas a chur ar a feidhmíocht maidir leis an aistriú digiteach agus chun rannchuidiú leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Ghlac an Ghréig leis an gclaochlú digiteach mar dheis straitéiseach chun geilleagar agus sochaí níos iomaíche agus níos athléimní a thógáil lena
Bíobla don Chlaochlú Digiteach
do 2020-2025, atá ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach. Cé go bhfuil dul chun cinn tapa agus inláimhsithe déanta ag an nGréig maidir le seirbhísí poiblí a dhigiteáil le blianta beaga anuas, is gá di aghaidh a thabhairt ar bhearnaí móra sna gnéithe eile, amhail cumhdach íseal líonraí fíor‑ardacmhainneachta agus an líon íseal speisialtóirí TFC atá fostaithe.
Tá an Ghréig ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) an tAcadamh Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a bhunú; (ii) Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus chun samhlacha móra ilteanga a fhorbairt; agus (iii) Seirbhísí Claochlúcháin Idirnasctha Ollmhóra Nuálacha um Riarachán Poiblí, chun glúin nua d’ardseirbhísí poiblí trasteorann a fhorbairt..
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad ag níos mó ná leath de dhaonra na Gréige (52 %), gar do mheán an Aontais (54 %). Is é 2,5 % an céatadán de speisialtóirí TFC atá fostaithe go lánaimseartha sa Ghréig, atá ar cheann de na céatadáin is ísle san Aontas. An sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 20,3 %, tá sé os cionn mheán 18,9 % an Aontais, áfach. Laghdaítear an t‑ionchas atá ann faoi láthair le roinnt tosca, amhail imirce daoine oilte ag a bhfuil tallann dhigiteach, an easpa speisialtóireachta atá á lorg ag cuideachtaí, rud ar cheart scrúdú a dhéanamh air go tráthrialta, agus an líon neamh‑leordhóthanach céimithe TFC. Sa chomhthéacs sin, tá coinne leis go dtairbheoidh an Ghréig den ‘Líonra feidhmiúcháin um an gclaochlú digiteach’ a seoladh le déanaí, arb é is aidhm dó forbairt agus cur chun feidhme beartas digiteach agus an mheastóireacht a dhéantar orthu a chomhordú ar bhealach níos éifeachtaí. Thairis sin, tá an Ghréig tiomanta go gníomhach chun rannchuidiú le spriocanna agus cuspóirí 2030 an Aontais maidir le scileanna digiteacha trí chathaoirleacht a dhéanamh ar an meitheal neamhfhoirmiúil a dhéanann iniúchadh ar an bhféidearthacht a bhaineann le togra a chur isteach le haghaidh Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach ar an Acadamh Eorpach um Scileanna Cibearshlándála.
Ba cheart don Ghréig borradh mór a chur faoina hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Éileofar go dtabharfar aird ar leith ar an ngá atá leis an linn tallainne digití de speisialtóirí TFC sa Ghréig a leathnú chun dul i ngleic leis an mbearna atá ann faoi láthair agus chun a chinntiú go dtairbheoidh an geilleagar de dhaonra a mbeidh scileanna digiteacha aige. Tá sé ríthábhachtach freisin go bhféadfaidh an Ghréig na scileanna a mbeidh gá leo a thuar chun freastal ar riachtanais mhargadh an tsaothair agus go bhféadfaidh sí athruithe i scileanna a réamh‑mheas.
BONNEAGAR DIGITEACH
Níl straitéis chuimsitheach ag an nGréig fós chun infheistíochtaí agus tionscnaimh atá ailínithe le sprioc 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaineann le Nascacht ghigighiotáin do chách a stiúradh. Tá an tír chun deiridh ar mheán an Aontais maidir le cumhdach líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe (28 % vs 73 %). Is é is aidhm do
Phlean Leathanbhanda Náisiúnta na Gréige 2021-2027
, arna ghlacadh ag deireadh 2022, bonneagar 100 Mbps a chur i bhfeidhm, a mbeifí in ann é a uasghrádú chuig 1 Gbps go héasca, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach maidir le luasanna Gigighiotáin uilíocha faoi 2030. Feidhmíonn an Ghréig i bhfad níos fearr maidir le nascacht mhóibíleach agus, mar cheannródaí ó thaobh na bandaí ceannródaíocha 5G a chur ar fáil, shroich sí cumhdach foriomlán 5G 86 % in 2022 (os cionn mheán 81 % an Aontais).
I ndáil le bonneagair dhigiteacha eile, tá an Ghréig rannpháirteach go gníomhach chun tionscadail iltíre a fhorbairt, e.g. sa tionscnamh maidir le Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa (EuroQCI) i gcomhar le HellasQCI. Tá sí rannpháirteach freisin sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus an Chumarsáid, agus tá 6 rannpháirtí dhíreacha dá cuid ag díriú ar dhearadh, imeall‑intleacht shaorga, aeraspás/cosaint, agus pacáistiú.
Ba cheart don Ghréig borradh a chur faoina hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go háirithe maidir le cumhdach Gigighiotáin. Ba cheart don Ghréig feabhas a chur ar éifeachtacht agus comhordú tionscnamh a thuilleadh chun comhleanúnachas a áirithiú maidir lena spriocanna nascachta a bhaint amach. Ba cheart iarrachtaí na Gréige i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí a choinneáil ar bun chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
In 2022, rinne an Ghréig roinnt beart chun dálaí fabhracha a chruthú do ghnólachtaí chun dlús a chur lena gclaochlú digiteach, ach ní mór borradh a chur faoi dhéine dhigiteach FBManna agus faoi ghlacadh ardteicneolaíochtaí digiteacha ag gnólachtaí na Gréige chun rannchuidiú leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Is é 41 % leibhéal déine digití FBManna sa Ghréig, méid atá fós i bhfad ó mheán 69 % an Aontais. I ndáil le glacadh ardteicneolaíochtaí digiteacha, tá fiontair sa Ghréig níos moille agus iad á nglacadh: in 2020 bhí 13 % díobh ag úsáid mórshonraí (meán an Aontais: 14 %), an tráth céanna bhí 15 % ag úsáid néalseirbhísí (meán an Aontais: 34 %), agus ní raibh ach 3 % díobh ag úsáid IS (meán an Aontais: 8 %). Mar sin féin, tá an earnáil teicneolaíochtaí digiteacha ar cheann de na hearnálacha is dinimiciúla de gheilleagar na Gréige, agus tá na rátaí fáis ar na cinn is airde sa tír (6,1 % idir 2017–2021 i dtéarmaí an ráta fáis iolraithe bhliantúil (CAGR)), rud a d’fhéadfadh borradh a chur faoi rannchuidiú na Gréige leis an Deacáid Dhigiteach.
Ba cheart don Ghréig borradh mór a chur faoina hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí, go háirithe trí na bearta RRP agus Cláir CFRE, ‘Iomaíochas’ agus ‘Claochlú digiteach’ a chur chun feidhme go tapa. Ba cheart aird a thabhairt ar thacaíocht a sholáthar agus ardteicneolaíochtaí á bhforbairt agus á gcur in úsáid, lena n‑áirítear mórshonraí agus IS, go háirithe in FBManna.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Leanann an Ghréig dá straitéis uaillmhianach a chur chun feidhme chun na seirbhísí poiblí a dhigiteáil, agus tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh aici i dtreo na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Cé go bhfuil sé fós ag feidhmiú faoi bhun mheán an Aontais, in 2022 mhéadaigh an scór le haghaidh seirbhísí digiteacha poiblí go 65 le haghaidh saoránach (+ 13 phointe) agus 74 le haghaidh gnólachtaí (+ 26 phointe). Thairis sin, in 2022, seoladh an tÚdarás Heilléanach um Dheimhniúchán sa Riarachán Poiblí (
APED
) chun ríomh‑shainaitheantas a dhaingniú, muinín i seirbhísí a neartú agus feabhas a chur ar nósanna imeachta fíordheimhniúcháin i gcomhréir le Rialachán eIDAS. Tá scór 61 ag an nGréig maidir le rochtain ar thaifid r‑shláinte, scór atá go mór faoi bhun mheán 72 an Aontais, ós rud é go bhfuil raon feidhme na sonraí a bhfuil rochtain orthu teoranta agus nach láimhseáiltear fíordheimhniú le ríomh‑shainaitheantas ar tugadh fógra faoi nó atá i gcomhréir le Rialachán eIDAS. Mar sin féin, in 2022, seoladh roinnt tionscadail dhigiteacha maidir leis an tsláinte, amhail an feidhmchlár móibíleach
MyHealth
, lena rannchuideofar leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach go mbeadh rochtain ag 100 % de shaoránaigh ar a r‑thaifid sláinte.
Ba cheart don Ghréig borradh a chur faoina hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di fógra a thabhairt don Choimisiún faoi scéim ríomh‑shainaitheantais faoi Rialachán eIDAS. Maidir le rolladh amach na n‑infheistíochtaí suntasacha a cuireadh i leataobh sa RRP chun an riarachán poiblí a nuachóiriú, ba cheart leanúint leis ar an luas céanna chun a áirithiú go dtairbheoidh saoránaigh agus gnólachtaí de go luath amach anseo. Maidir le r‑thaifid sláinte, ba cheart raon feidhme na sonraí a bhfuil rochtain orthu a leathnú agus ba cheart rochtain chomhionann a neartú freisin le haghaidh grúpaí faoi mhíbhuntáiste. Tríd an líonra náisiúnta teilileighis a leathnú, ba cheart go gcuideofaí chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí sláinte a sholáthar do chónaitheoirí uile na tíre, gan beann ar an áit a bhfuil siad.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Gréige
|
|
Le RRP na Gréige dírítear EUR 7,1 billiún (23,3 %) ar an gclaochlú digiteach, agus tá coinne leis go rannchuideofar leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach le EUR 6,8 billiún den mhéid sin. Bhain an chéad íocaíocht a eisíocadh le 15 cinn de gharspriocanna agus spriocanna, lena n‑áirítear uirlis TF chun faireachán a dhéanamh ar mhargadh an tsaothair agus bearta chun tacú le hinfheistíochtaí príobháideacha sa digiteáil. Bhain an dara híocaíocht le 28 gcinn de gharspriocanna agus spriocanna, lena n‑áirítear scéim tacaíochta a seoladh chun FBManna a dhigiteáil. Áirítear ar gharspriocanna agus spriocanna breise an straitéis um fhoghlaim ar feadh an tsaoil a nuachóiriú, daoine a uas‑sciliú agus athsciliú i réimse na scileanna digiteacha, agus bonneagar lárionad taighde a chruthú agus a uasghrádú ar fud na tíre.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ungáir
Ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht dhigiteach na hUngáire chun rannchuidiú a thuilleadh leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá dul chun cinn déanta ag an Ungáir maidir le claochlú digiteach a geilleagair agus a sochaí. In 2022, rinneadh an dul chun cinn is mó maidir le cumhdach líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe agus 5G. Mar sin féin, chun a áirithiú go n‑úsáidfear na cumais agus na deiseanna atá ar fáil a bhuí leis an mbonneagar digiteach feabhsaithe ina n‑iomláine, tá gá le tuilleadh dul chun cinn chun feabhas a chur ar scileanna digiteacha an daonra. D’fhéadfadh sé sin cuidiú freisin chun na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a dhigiteáil a thuilleadh. An 30 Samhain 2022, ghlac rialtas na hUngáire an Straitéis Náisiúnta nua um Dhigiteáil 2022-2030, atá ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Tá an Ungáir ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir le Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga.
SCILEANNA DIGITEACHA
Maidir le scileanna digiteacha, feidhmíonn an Ungáir faoi bhun mheán an Aontais. Níl scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad ach ag tuairim agus leath den daonra idir 16-74 bliana d’aois, méid atá go mór faoi bhun sprioc 80 % an Aontais le haghaidh 2030. Le RRP na hUngáire áirítear roinnt beart lena ndírítear ar scileanna digiteacha, den chuid is mó trí na huirlisí agus na saoráidí a bhfuil gá leo chun inniúlachtaí digiteacha a fhorbairt a bhunú nó feabhas a chur orthu. D’fhéadfaí na bearta sin a chomhlánú trí inniúlacht dhigiteach múinteoirí a neartú a thuilleadh.
Tá méadú beag tagtha ar chion na speisialtóirí TFC atá fostaithe go lánaimseartha le blianta beaga anuas ach d’fhan sé sách íseal in 2022 ag 4,1 %, méid atá faoi bhun mheán 4,6 % an Aontais. Tá an sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 13,6 %, ar cheann de na sciartha is ísle san Aontas, i gcomparáid le meán 18,9 % an Aontais. Beidh cur chun feidhme na
Straitéise Náisiúnta nuaí um Dhigiteáil 2022-2030
ríthábhachtach chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach go mbeidh bunscileanna digiteacha ag breis agus 80 % de dhaoine aonair agus go mbeidh 20 milliún speisialtóir TFC fostaithe go lánaimseartha faoi 2030, cé go bhféadfadh sé nach bhfuil an straitéis náisiúnta sách uaillmhianach.
Ba cheart don Ungáir borradh a chur faoina hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart inniúlacht dhigiteach múinteoirí a neartú, mar aon le rannpháirtíocht mhéadaithe aosach i gcúrsaí oiliúna digití, chun an líon daoine a bhfuil bunscileanna digiteacha acu a mhéadú. Bheadh comhar méadaithe, go háirithe leis an earnáil phríobháideach, ENRanna agus comhpháirtithe sóisialta, i measc páirtithe eile, ábhartha chun na scileanna a bhfuil gá leo laistigh de FBManna a fhorbairt.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá nascacht leathanbhanda os cionn mheán an Aontais, agus maidir le 5G, tá dul chun cinn mór déanta ag an Ungáir i dtreo na spriocanna maidir le nascacht dhigiteach le haghaidh 2030 a bhaint amach. In 2022, méadaíodh cumhdach 5G san Ungáir go 58 %, ar méadú 40 pointe céatadáin é i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Mar sin féin, tá sé sin fós i bhfad níos ísle ná meán 81 % an Aontais. Ardaíodh cumhdach líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe (VHCN) ó 72 % in 2021 go 80 % in 2022, agus leis sin sáraíodh meán 72 % an Aontais. Tá dul chun cinn maith déanta ag an tír maidir le glacadh seirbhísí Gigighiotáin (29,8 %), agus suibscríobhann 70 % de theaghlaigh do sheirbhísí is airde ná 100 Mbps.
Tá pleananna uaillmhianacha ag an Ungáir modúl ríomhaireachta candamaí a chur in úsáid i gcóras ríomhaireachta ardfheidhmíochta (HPC) amach anseo, chomh maith le ‘Saotharlann Chandamach Náisiúnta’. Tá roinnt foirne ó ollscoileanna agus institiúidí taighde ag obair le chéile chun teicneolaíochtaí candamacha a fhorbairt.
Tá an Ungáir rannpháirteach i bhforbairt agus úsáid an Bhonneagair Eorpaigh um Sheirbhísí Blocshlabhra. Cé go bhfuil táirgeadh leathsheoltóirí teoranta do ghníomhaíochtaí táirgthe cinn líne, tá gníomhaíochtaí forbartha ann i ndearadh ciorcad nua. Tá an Ungáir ag rannchuidiú le héiceachóras an Tionscadail Thábhachtaigh ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide i gcomhar le rannpháirtithe comhlachaithe (cabhair faoi bhun thairseach GBER).
Ba cheart don Ungáir borradh a chur faoina hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go háirithe maidir le rolladh amach 5G. Le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta um Dhigiteáil, lena leagtar amach an plean chun na cuspóirí a bhaint amach, is amhlaidh a chuideofaí chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Ba cheart iarrachtaí na hUngáire i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí a choinneáil ar bun chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Is mór an dúshlán a bhaineann le digiteáil gnólachtaí san Ungáir fós. Níl an chuid is mó de ghnólachtaí, go háirithe FBManna, ag uasmhéadú na ndeiseanna a chuirtear ar fáil le teicneolaíochtaí digiteacha go fóill. Bíonn tionchar diúltach aige sin ar iomaíochas an gheilleagair. In 2022, ní raibh déine dhigiteach a bhí bunúsach ar a laghad ach ag 52 % de FBManna san Ungáir (méid atá go mór faoi bhun mheán 69 % an Aontais). Bhí an úsáid a rabhthas a bhaint as ardteicneolaíochtaí digiteacha, amhail mórshonraí agus intleacht shaorga, níos lú ná leath de mheán an Aontais in 2021 (3 % san Ungáir in aghaidh 8 % san Aontas). In 2021, ba é 21 % an úsáid a rabhthas a bhaint as seirbhísí néalríomhaireachta, méid atá 13 phointe céatadáin níos ísle ná meán an Aontais (34 %). Tá an Ungáir rannpháirteach san IPCEI maidir le Bonneagar agus Seirbhísí Néalríomhaireachta na Chéad Ghlúine Eile.
Ba cheart don Ungáir borradh mór a chur faoina hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Tá gá le tuilleadh dreasachtaí le haghaidh infheistíochtaí, chomh maith le bearta chun creatdálaí tacúla a áirithiú le haghaidh claochlú digiteach FBManna, go háirithe i réimse na scileanna, chun dlús a chur le claochlú digiteach gnólachtaí, chun úsáid teicneolaíochta digití ag FBManna a mhéadú, agus chun gnólachtaí nuathionscanta digiteacha a fhorbairt.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Leanann an Ungáir de dhul chun cinn a dhéanamh maidir le seirbhísí poiblí a dhigiteáil, ach feidhmíonn sí faoi bhun mheán an Aontais ina leith sin fós. Feidhmíocht na hUngáire maidir le seirbhísí digiteacha poiblí a sholáthar do ghnólachtaí (76) agus do shaoránaigh (68) araon, tá sí faoi bhun mheán an Aontais agus faoi bhun sprioc 100 Aontais le haghaidh 2030. Tá an dúshlán roimh an Ungáir fós maidir le dlús a chur le glacadh roinnt ardréiteach digiteach ina hearnáil phoiblí, i measc nithe eile, go háirithe soláthar nuálaíochta teicneolaíochtaí digiteacha claochlaitheacha. Maidir leis an ríomh‑shainaitheantas, tá coinne leis go gcuirfear ríomh‑shainaitheantas trasteorann ar fáil in 2023 trí scéim eIDAS. Tá úsáid na gcártaí náisiúnta ríomh‑shainaitheantais teoranta fós, ó tharla gur fearr leis an gcuid is mó d’úsáideoirí ‘próifíl iontaofa na tairsí cliaint’. Áirítear roinnt beart in RRP na hUngáire lena ndírítear ar dhigiteáil sa chúram sláinte, ar réimse é ina bhfuil scór 80 ag an Ungáir, os cionn mheán an Aontais.
Leis an gClár Oibriúcháin um Athnuachan Digiteach (DROP), a dtacaítear leis tríd an mBeartas Comhtháthaithe, leagtar amach spriocanna straitéiseacha a bhaineann le sonraí oscailte agus úsáid na néalteicneolaíochta sa riarachán poiblí.
Ba cheart don Ungáir dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hUngáire
|
|
Agus 30 % dá leithdháileadh dírithe ar bhearta digiteacha (EUR 1,7 billiún), agus EUR 1,2 billiún as an méid sin ag rannchuidiú leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach, áirítear pacáiste cuimsitheach sa phlean chun claochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaí a chur chun cinn. Tá bearta maidir leis an aistriú digiteach i bhformhór na gcomhpháirteanna. Tá bearta móra beartaithe chun feabhas a chur ar an trealamh digiteach agus ar scileanna digiteacha sa bhunoideachas, sa ghairmoideachas agus san ardoideachas. Tá bearta sa phlean a bhaineann le digiteáil an riaracháin phoiblí agus na n‑earnálacha sláinte, iompair agus fuinnimh.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: Éire
Tá coinne leis go rannchuideoidh Éire go dearfach leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Léiríonn an tír tiomantas leanúnach do chlaochlú digiteach atá daonlárnach agus glas. Léiríonn táscairí ardleibhéal scileanna digiteacha. Tá an deis ag an tír freisin chun feabhas a chur a thuilleadh ar a feidhmíocht maidir le bonneagar digiteach agus digiteáil gnólachtaí. Le cur chun feidhme na
Straitéise Digití Náisiúnta
uileghabhálaí, arna foilsiú i mí Feabhra 2022 agus ailínithe go hiomlán leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach, ba cheart go gcuideofaí chun an sprioc sin a bhaint amach.
Tá Éire ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir le Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha, agus chun samhlacha móra ilteanga a fhorbairt.
SCILEANNA DIGITEACHA
D’éirigh go maith le hiarrachtaí leanúnacha na hÉireann maidir le scileanna digiteacha, idir bhunscileanna agus scileanna ardleibhéil. Tá scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad ag 70 % d’aosaigh in Éirinn, méid atá go mór os cionn mheán an Aontais (54 %) agus nach bhfuil i bhfad ó sprioc 2030 an Aontais (80 % ar a laghad). Leanann Éire den
straitéis 10 mbliana um Litearthacht aosach don saol
(Mí Mheán Fómhair 2021) agus den
Straitéis dhigiteach do scoileanna go dtí 2027
(mí Aibreáin 2022) a chur chun feidhme, agus sannadh cistiú ar fiú EUR 200 milliún é sa phlean forbartha náisiúnta ina leith sin. Tá plean gníomhaíochta á fhorbairt ag Éirinn maidir le scileanna digiteacha, atá le tabhairt chun críche in 2023, chomh maith le cur chuige le haghaidh córas oideachais threasaigh níos aontaithe. Ina theannta sin, tá iarrachtaí á ndéanamh ag Éirinn chun fadbhreathnaitheacht iomchuí a áirithiú maidir le scileanna digiteacha, lena n‑áirítear scileanna ardleibhéil TFC.
In Éirinn, is é 6,2 % an sciar de speisialtóirí TFC atá fostaithe go lánaimseartha, os cionn mheán 4,6 % an Aontais. Is é 8 % an cion céimithe a dhéanann staidéar ar chláir TFC, méid atá beagnach dhá oiread mheán 4,2 % an Aontais. Mar sin féin, speisialtóirí TFC ar mná iad, níl iontu ach an cúigiú cuid de na speisialtóirí TFC uile, cé go bhfuil an méid sin os cionn mheán an Aontais.
Ba cheart d’Éirinn leanúint dá beartais a chur chun feidhme i réimse na scileanna digiteacha, chun borradh a chur a thuilleadh faoi fhorbairt bunscileanna digiteacha agus scileanna digiteacha ardleibhéil, agus aird ar leith á tabhairt ar an gcothromaíocht inscne a áirithiú.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá méadú seasta ag teacht ar chumhdach líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe (VHCN) in Éirinn le 3 bliana anuas, ó 67 % in 2020 go 84 % in 2022, agus dá bhrí sin is maith an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo sprioc 100 % an Aontais le haghaidh 2030. Mar sin féin, tá an tír chun deiridh maidir le glacadh 100 Mbps ar a laghad agus leathanbhanda 1 Gbps ar a laghad. Maidir le cumhdach foriomlán 5G, ag 84 %, tá se os cionn mheán 81 % an Aontais agus tá dul chun cinn maith á dhéanamh i dtreo sprioc 2030 an Aontais maidir le cumhdach 100 % a bhaint amach. Ag 56 %, feidhmíonn Éire níos fearr ná meán an Aontais i ndáil le cumhdach 5G ar an mbanda speictrim 3,4-3,8 GHz. I mí na Nollag 2022, foilsíodh
Straitéis nua um nascacht dhigiteach
. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag Éirinn maidir leis an
bPlean leathanbhanda náisiúnta
(PLN) a chur chun feidhme agus bunscoileanna a nascadh le líonraí leathanbhanda. In 2023, chuir Éire trasuí an Chóid um Chumarsáid Leictreonach Eorpach i gcrích go páirteach.
Tá Éire rannpháirteach sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide agus tá rannpháirtí díreach amháin dá cuid gníomhach sa mhonaraíocht. Tá os cionn 100 cuideachta leathsheoltóirí suite in Éirinn freisin agus onnmhairíonn siad luach EUR 13,5 billiún de tháirgí gach bliain. Tacaíonn an tír le tionscnaimh sa réimse sin tríd an
gCiste Nuálaíochta le haghaidh Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha
ar fiú EUR 500 milliún é.. Ceannóidh Éire 18 n‑imeallnód faoi dheireadh 2023 tríd an RRF.
Ba cheart d’Éirinn dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta. Go sonrach, ba cheart d’Éirinn (i) a hiarrachtaí a mhéadú chun nascacht 5G a chumasú, go háirithe cumhdach 5G sa bhanda speictrim 3,4-3,8 GHz, (ii) comhairliúchán poiblí tráthúil a dhéanamh maidir leis an mbanda minicíochta 26 GHz, agus (iii) nascacht ghigighiotáin a chumasú a thuilleadh, go háirithe maidir le glacadh 100 Mbps ar a laghad agus leathanbhanda 1 Gbps ar a laghad.
Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag Éirinn i réimse na leathsheoltóirí agus na n‑imeallnód chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá ag éirí go maith le hiarrachtaí na hÉireann cheana féin maidir le digiteáil gnólachtaí, ós rud é gur léirigh 85 % de FBManna leibhéal déine digití a bhí bunúsach ar a laghad in 2002. Tá an fheidhmíocht sin i bhfad níos airde ná meán 69 % an Aontais agus tá sí an‑ghar do sprioc 2030 an Aontais maidir le níos mó ná 90 % a bhaint amach freisin. Tá glacadh teicneolaíochtaí digiteacha ag fiontair in Éirinn meánach go dtí seo agus is amhlaidh atá sé go mór chun deiridh ar an sprioc don Deacáid Dhigiteach (mórshonraí (23 % in 2020), néalríomhaireacht (47 % in 2021), agus go háirithe IS (8 % in 2021)). Mar sin féin, tá gníomhaíocht shubstaintiúil á déanamh ag Éirinn chun glacadh teicneolaíochtaí digiteacha trasna na bhfiontar uile ar fud na tíre a chur chun cinn a thuilleadh, e.g. trí
Fhóram digiteach comhairleach le haghaidh fiontar
a bhunú, trína céad ambasadóir IS a cheapadh chun ‘comhrá náisiúnta’ a stiúradh maidir le ról na hintleachta saorga i saol na ndaoine, agus trí
Chiste don aistriú digiteach
ar luach EUR 85 mhilliún é a sheoladh chun tacú le cuideachtaí ina n‑aistriú digiteach.
Ba cheart d’Éirinn leanúint dá beartais a chur chun feidhme sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí, go háirithe chun glacadh mórshonraí, néalríomhaireachta agus go háirithe IS a chur chun cinn ar fud bhonn gnó iomlán na tíre.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá na seirbhísí poiblí a sholáthraítear do ghnólachtaí agus don phobal i gcoitinne in Éirinn thar a bheith digitithe, agus is iad 100 agus 81 na scóir faoi seach. Mar sin féin, ní sholáthraítear rochtain ag saoránaigh ar ríomhthaifid sláinte in Éirinn go fóill. Cuireann sé sin bac ar an dul chun cinn i dtreo sprioc an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach go mbeadh rochtain ag 100 % de shaoránaigh den Aontas ar a ríomhthaifid sláinte. Tá Éire tiomanta do dhigiteáil a chur chun cinn a thuilleadh i seirbhísí poiblí. Tá
Cónascadh rialtais 2030:
Straitéis dhigiteach agus TFC do sheirbhís phoiblí na hÉireann
(Mí an Mhárta 2022) á cur chun feidhme aici faoi láthair, lena n‑áirítear tairseach ar líne le haghaidh príomhimeachtaí saoil a fhorbairt. Foilseofar treochlár um chuimsiú digiteach in 2023 agus leagfar amach leis bearta chun tacaíocht níos fearr a thabhairt dóibh siúd a bhféadfadh sé nach bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne. Maidir le seirbhís chéannachta digití chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí digiteacha, tá os cionn 1,88 milliún cuntas
MyGovID
fíoraithe ann. Thart ar 49 % den daonra fásta atá sa mhéid sin, agus méadú an‑suntasach ar ghlacadh ann le 2 bhliain anuas. Tá creat nua um chúram sláinte digiteach 2023-2027 á fhorbairt faoi láthair.
Ba cheart d’Éirinn leanúint dá beartais a chur chun feidhme chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go háirithe, ba cheart di a áirithiú gur féidir le gach duine rochtain a fháil ar na ríomhthaifid sláinte.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hÉireann
|
|
Le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann dírítear EUR 312 mhilliún (32 %) ar an gclaochlú digiteach, agus tá coinne leis go gcaithfear é uile chun cuidiú le spriocannadon Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. I gcomhthéacs an chéad iarratais ar íocaíocht, tá coinne leis go ndéanfaidh Éire, i measc nithe eile, an méid seo a leanas: (i) an conradh a shíniú chun saoráid lárionaid sonraí rialtais chomhroinnte a thógáil; (ii) glao ar thograí a sheoladh faoin tionscadal maidir le claochlú digiteach ghnólachtaí na hÉireann; (iii) ródairí nasctha a shuiteáil in 750 bunscoil ar a laghad; (iv) na critéir a leagan síos chun bonneagar TFC a chistiú i scoileanna; (v) na conarthaí a dhámhachtain chun córas r‑Chógaslainne a sholáthar; agus (vi) gléasanna TFC a thabhairt do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste in institiúidí breisoideachais agus ardoideachais (e.g. 20000 ríomhaire glúine ar a laghad a sholáthar), etc.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Iodáil
Ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht dhigiteach na hIodáile chun rannchuidiú a thuilleadh leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. I bhfianaise mhéid gheilleagar agus dhaonra na hIodáile, leis na hiarrachtaí atá ann faoi láthair agus iarrachtaí amach anseo, rannchuideofar go mór leo. Le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Iodáil ó thaobh bonneagair, ach tá sí faoi bhun mheán an Aontais maidir le scileanna agus roinnt gnéithe de dhigitiú na seirbhísí poiblí. Leis na straitéisí a glacadh maidir leis an néal, an blocshlabhra, IS, agus maidir leis an gcibearshlándáil le déanaí, mar aon leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta, cruthaítear creat láidir chun claochlú digiteach inbhuanaithe ionchuimsitheach a bhaint amach.
Tá an Iodáil ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir leis an Acadamh Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a bhunú. Tá an Iodáil ar cheann de na Ballstáit a chuir iarratas foirmiúil isteach i gcomhpháirt chun an Chomhpháirtíocht Eorpach Bhlocshlabhra agus an EDIC maidir le Bonneagar Blocshlabhra Eorpach a chur ar bun, lena dtacaítear le seirbhísí poiblí trasteorann ar fud an Aontais.
SCILEANNA DIGITEACHA
Fanann dul chun cinn na hIodáile maidir le scileanna digiteacha mall, rud nach gcuireann ach de bheagán leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach. Níl bunscileanna digiteacha ag ach 46 % den daonra. Déanann sé sin dochar dá n‑acmhainneacht tairbhe a bhaint as deiseanna digiteacha agus a saoránacht dhigiteach a fheidhmiú agus tá tionchar diúltach aige sin ar chuimsitheacht na hIodáile. Ghlac an Iodáil straitéis náisiúnta shonrach agus chuimsigh sí athchóirithe agus infheistíochtaí sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta (PRR) atá beartaithe chun leibhéal na scileanna digiteacha a mhéadú. Cé go n‑aithnítear mar thosaíocht an tábhacht a bhaineann le scileanna nua a fhorbairt agus próifílí poist a nuashonrú, tá líon na bhfiontar a thairgeann oiliúint dá bhfostaithe fós neamhleor.
Tá líon céimithe TFC na hIodáile go mór faoi bhun na n‑uaillmhianta do Dheacáid Dhigiteach an Aontais, ós rud é nach bhfuil an tír in ann freastal ar an éileamh gnó ar ghairmithe cáilithe. Cé go bhfuil athrú ag teacht ar an tairiscint chun oiliúint a sholáthar agus gur leathnaíodh í le tairiscintí oiliúna solúbtha nua atá dírithe ar ETIM, tá sciar na gcéimithe TFC fós ag 1.5 %, rud atá neamh‑leordhóthanach agus atá go mór faoi bhun mheán 4,2 % an Aontais. Thairis sin, tá sciar na mban i measc speisialtóirí TFC, ag 16 %, i bhfad faoi mheán an Aontais de 18.9 %.
Ba cheart don Iodáil borradh a chur faoina hiarrachtaí maidir le scileanna digiteacha, go háirithe i dtaca le huas‑sciliú agus athsciliú a lucht saothair. Thairis sin, ba cheart di réamhaisnéis scileanna a thabhairt isteach chun freagairt do riachtanais mhargadh an tsaothair agus chun feabhas a chur ar an gcomhar leis an tionscal agus leis an tsochaí shibhialta go háirithe. Ba cheart don Iodáil acmhainneacht na gcóras oideachais a mhéadú chun oiliúint a chur ar níos mó speisialtóirí TFC, agus cistiúchán RRF á ghiaráil aici.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá roinnt dul chun cinn suntasach déanta ag an Iodáil i dtreo spriocanna don Deacáid Dhigiteach maidir le bonneagair dhigiteacha a bhaint amach agus is ionann a RRP agus borradh suntasach faoi infheistíocht thábhachtach. Maidir leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach le haghaidh líonra fíor‑ardacmhainneachta fosaithe (VHCN), tá an Iodáil fós faoi bhun mheán an Aontais (54 % de theaghlaigh i gcomparáid le 73 % san Aontas), d’ainneoin méadú 10 bpointe céatadáin idir 2021 agus 2022. Bhain an Iodáil cumhdach 5G ar fud na tíre amach in 2021 agus sannadh 93 % den speictream comhchuibhithe ón mbliain 2023. Chomh maith leis sin, soláthraíodh cumhdach 5G ar an mbanda speictrim 3.4-3.8 GHz go 80 % de theaghlaigh.
Leanann an Iodáil dá seasamh a neartú in earnálacha na dteicneolaíochtaí leathsheoltóirí agus na néalríomhaireachta. Áirítear ar na hinfheistíochtaí faoin RRP tacaíocht do rannpháirtíocht sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide agus tá 10 rannpháirtí díreacha gníomhach i raon leathan feidhmeanna. Tá an Iodáil ar thús cadhnaíochta sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus sa ríomhaireacht chandamach. Is é LEONARDO, córas sár‑ríomhaireachta den chéad scoth a forbraíodh agus a cóimeáladh san Eoraip, an ceathrú sár‑ríomhaire is cumhachtaí ar domhan atá ann faoi láthair. Cuirfear feabhas ar LEONARDO a thuilleadh chun go mbeidh sé ar cheann de na chéad ríomhairí candamacha a tógadh san Eoraip. I mí an Mhárta 2023, sheol an Iodáil TeRABIT, bonneagar atá bunaithe ar snáithíní optúla tiomnaithe den ghlúin dheireanach, lenar ceadaíodh sonraí a mhalartú ar luasanna teirighiotáin (1000 billiún giotán sa soicind). Tá roinnt oibreoirí ag tosú ar bhonneagar néalríomhaireachta imeall‑ríomhaireachta níos díláraithe a úsáid, go háirithe chun saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le plódú a shárú agus chun seirbhís físeáin a bharrfheabhsú.
Ba cheart don Iodáil borradh a chur faoina hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go háirithe maidir le cumhdach Gigighiotáin. Beidh sé ríthábhachtach don Iodáil an leas is fearr is féidir a bhaint as an méid atá ar fáil chun feabhas a chur ar chumhdach nascachta fosaithe agus chun an méid suntasach atá bainte amach maidir le nascacht mhóibíleach a chomhdhlúthú, go háirithe i gcás ardfheidhmeanna.
Ba cheart leanúint de bhearta arna nglacadh ag an Iodáil i réimse na leathsheoltóirí, na n‑imeallnód agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá leibhéal bunúsach déine digití ar a laghad ag formhór FBManna na hIodáile i gcomhréir le meán an Aontais (70 % i gcomparáid le meán an Aontais de 69 % in 2022). Tá dul chun cinn láidir déanta go háirithe maidir le húsáid sonrasc leictreonach, ag feidhmiú níos fearr ná meán an Aontais ag 95 % (in 2020), chomh maith leis an gcéatadán de láimhdeachas FBManna ón ríomhthráchtáil a shroich 14 % (in 2022). Mar sin féin, d’fhéadfaí tuilleadh a dhéanamh i ndáil le hardteicneolaíochtaí digiteacha a thabhairt cothrom le dáta: cé gur bhain 52 % d’fhiontair úsáid as néal in 2021, rud a bhí go mór os cionn mheán 34 % an Aontais, tá cúrsaí difriúil le haghaidh mórshonraí agus IS, i gcás nár bhain ach 9 % d’fhiontair úsáid as mórshonraí in 2020, agus, in 2021, bhain 6 % díobh úsáid as IS. Tá an Iodáil rannpháirteach go gníomhach i líonra na Mhol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach le 13 Mhol Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach, a roghnaíodh le cómhaoiniú ag Clár an Aontais don Eoraip Dhigiteach agus ag Rialtas na hIodáile. D’ainneoin na mbeart sin tá teorainn fós leis an bhféidearthacht atá ag gnólachtaí nuathionscanta uas‑scálú a dhéanamh san Iodáil i gcomparáid le Ballstáit eile. Thairis sin, tá an Iodáil rannpháirteach freisin san IPCEI maidir le Bonneagar agus Seirbhísí Néalríomhaireachta na Chéad Ghlúine Eile.
Ba cheart don Iodáil leanúint dá beartais a chur chun feidhme sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go háirithe, ba cheart don Iodáil leanúint de thacaíocht a sholáthar agus ardteicneolaíochtaí á bhforbairt agus á gcur in úsáid, go háirithe IS agus mórshonraí, lena n‑áirítear fothú acmhainneachta agus eolais. Ba cheart don Iodáil a hiarrachtaí a neartú chun fiontraíocht a spreagadh in earnálacha digiteacha agus éiceachóras nuálaíochta a chruthú, go háirithe le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, rud a chuirfidh feabhas ar a ndeiseanna uas‑scálú a dhéanamh.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Gnóthaíonn an Iodáil faoi bhun mheán an Aontais maidir le seirbhísí digiteacha poiblí a sholáthar do shaoránaigh (scór 68 vs. 77) agus gnólachtaí (scór 75 vs. 84). D’ainneoin na moilleanna a carnadh le blianta beaga anuas, tá iarrachtaí méadaithe déanta i ndáil leis na nithe seo a leanas: (i) infhaighteacht, éifeachtúlacht agus slándáil an bhonneagair dhigitigh, (ii) idir‑inoibritheacht sonraí agus faisnéise ar fud na riarachán poiblí, (iii) cur chun feidhme phrionsabal na haonuaire, (iv) úsáid na céannachta digití a mhéadú agus (v) an córas le haghaidh ríomhthaifid sláinte a thabhairt i gcrích. Le bearta a glacadh le déanaí chun seirbhísí poiblí atá níos dírithe ar an úsáideoir a áirithiú agus chun feabhas a chur ar inrochtaineacht seirbhísí poiblí digiteacha, is dócha go spreagfar an pobal a thuilleadh chun seirbhísí poiblí digiteacha a úsáid ag saoránaigh.
Ba cheart don Iodáil borradh a chur faoina hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigitiú. Go háirithe, ba cheart di cur chun feidhme na mbeart atá ann cheana agus atá beartaithe a bhrostú.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hIodáile
|
|
Tiomnaíonn Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na hIodáile EUR 48 billiún (25 %) ar an gclaochlú digiteach, agus tá coinne leis go rannchuideoidh EUR 42 billiún de sin leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. Tá roinnt beart digiteach bainte amach ag an Iodáil cheana féin, amhail: (i) an t‑athchóiriú ‘An Néal ar dtús agus Idir‑inoibritheacht’; (ii) athchóiriú ar sholáthar TFC; (iii) soláthar TFC a chuíchóiriú agus dlús a chur leis; (iv) glaonna ar léiriú spéise chun tionscadail a roghnú faoi ‘Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gcoitinne’; (v) glacadh Phlean Náisiúnta do Scileanna Nua; agus (vi) cúig bheart nascachta.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Laitvia
Ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht dhigiteach na Laitvia chun rannchuidiú a thuilleadh leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Agus í ag feidhmiú go han‑mhaith maidir le nascacht fhosaithe agus seirbhísí poiblí digiteacha, tá dul chun cinn teoranta déanta ag an Laitvia maidir le 5G agus maidir le glacadh seirbhísí gigighiotáin, agus tá sí ag tearcfheidhmiú maidir le digiteáil gnó. Dá bhrí sin, tá iarrachtaí leanúnacha ríthábhachtach chun leas a bhaint as acmhainneacht an gheilleagair. Ní mór don Laitvia leibhéal na scileanna digiteacha a mhéadú i measc a daonra. I gcomhréir leis an gClár Beartais don Deacáid Digiteach, agus arna chomhordú idir údaráis náisiúnta agus áitiúla, an lucht acadúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, tá straitéis dhigiteach náisiúnta na Laitvia tugtha cothrom le dáta le plean Cur Chun Feidhme 2023-2027.
Tá an Laitvia ag dul i gcomhar le Ballstáit eile chun féachaint an bhféadfaí Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDICanna) a chur ar bun, agus í mar aidhm leo: (i) Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga; agus (ii) ‘Bonneagar Cóipchirt’, chun acmhainneacht earnálacha cruthaitheacha an Aontais a scaoileadh.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá an Laitvia fós beagán faoi bhun mheán an Aontais maidir le bunscileanna digiteacha ar a laghad (51 % vs. 54 %), agus tá sí go mór faoi bhun na sprice don Deacáid Dhigiteach de 80 % do 2030.
Tá sé faoi bhun sprioc speisialtóirí TFC freisin, áit a bhfuil an Laitvia ag 4,4 %, faoi bhun mheán 4,6 % an Aontais. Ina theannta sin, níl ach 15 % d’fhiontair ag cur oiliúint TFC ar fáil dá bhfostaithe, i gcomparáid le meán 22 % an Aontais. Mar sin féin, tá an Laitvia os cionn mheán an Aontais maidir le céimithe TFC (5 % vs. 4,2 %), úsáid an idirlín (90 % vs. 89 %) agus cóineasú inscne a speisialtóirí TFC (22,8 % vs. 18,9 %).
Ba cheart don Laitvia dlús a chur lena cuid iarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Moltar don Laitvia, go háirithe , leanúint de bhearta a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar thimthriallta uile an oideachais agus chun cúrsaí digiteacha a phríomhshruthú sa chóras oideachais, atá comhtháite sna hábhair uile. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar speisialtóirí TFC a mhealladh agus a choinneáil.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá rochtain ag an gcuid is mó de theaghlaigh na Laitvia ar líonraí gigighiotáin. Tá an Laitvia i bhfad os cionn mheán an Aontais maidir le líonraí fosaithe fíor‑ardacmhainne a chumhdach (92 % vs. 73 %) agus maidir le Cábla Snáthoptaice go hÁitreabh (91 % vs 56 %), agus í go maith in ann an sprioc don Deacáid Dhigiteach, sprioc 100 % maidir le nascacht ghigighiotáin, a bhaint amach.
Ó bhí lár 2022 ann, shroich cumhdach 5G sa Laitvia 42 % de na limistéir sa Laitvia, méid atá i bhfad faoi bhun mheán 81 % an Aontais. Tá dúbailt á déanamh ag an Laitvia ar a hiarrachtaí an rómhaorlathas a laghdú agus speictream tiomnaithe a chur ar fáil chun borradh a chur faoi chumhdach 5G. Tá EUR 12,5 mhilliún á tharraingt ag an Laitvia ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus EUR 4,35 mhilliún ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus cómhaoiniú príobháideach chun líonraí optúla a chur ar fáil ar mhórbhealach Via Baltica faoi dheireadh 2025. Thairis sin, tá an Laitvia ar thús cadhnaíochta maidir le feidhmeanna tionsclaíocha agus nuálacha teicneolaíochtaí 5G a fhorbairt.
Tá bonneagar turgnamhach agus ardchumarsáide candamaí (QCI) ar an leibhéal náisiúnta á fhorbairt, arna chistiú ag an gClár don Eoraip Dhigiteach, chun tástáil a dhéanamh ar thionscnaimh shonracha náisiúnta QCI, agus úsáid á baint as cuid de na hacmhainní atá dírithe ar chásanna a úsáid in earnáil na cosanta, agus cuid eile atá ar fáil go poiblí chun seirbhísí tráchtála i gcúram sláinte, airgeadas agus 5G a thástáil. Síníodh meabhrán tuisceana i mí na Samhna 2022 idir 12 chomhpháirtithe chun cumais leathsheoltóirí a fhorbairt sa Laitvia tríd an slabhra luacha iomlán. Tá an Laitvia ag rannchuidiú le héiceachóras an Tionscadail Thábhachtaigh ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide i gcomhar le rannpháirtithe comhlachaithe (a fhaigheann cabhair faoi bhun thairseach GBER).
Ba cheart don Laitvia dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta. Go háirithe, ba cheart don Laitvia cur leis na hiarrachtaí chun nascacht 5G a rolladh amach. Tá cur chun feidhme gasta na mbeart RRF an‑ábhartha. Thairis sin, ba cheart iarrachtaí na Laitvia sna réimsí a bhaineann leis an ríomhaireacht chandamach agus leathsheoltóirí a choinneáil ar bun chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá roinnt dul chun cinn déanta ag an Laitvia maidir le roinnt táscairí a bhaineann le digiteáil gnó ach tá sí fós faoi bhun mheán foriomlán an Aontais. Agus 52 % de FBManna ag a bhfuil leibhéal bunúsach déine digití ar a laghad, tá an Laitvia i bhfad faoi bhun mheán 69 % an Aontais in 2022. Bhí sciar na Laitvia d’fhiontair a úsáideann néalseirbhísí (22 % in 2021) íseal i gcomparáid le meán an Aontais (34 %). Níor bhain ach 4 % d’fhiontair úsáid as IS in 2021, faoi bhun mheán an Aontais (8 %). Tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí an cheaptha beartas sa Laitvia geilleagar digiteach inbhuanaithe a fhorbairt. Cuireann RRP na Laitvia claochlú digiteach gnólachtaí chun cinn agus meastar gur EUR 138 milliún a bheidh sa tacaíocht fhoriomlán. Tá roinnt beart beartaithe amhail digiteáil próiseas gnó, ionstraimí airgeadais chun claochlú digiteach oibreoirí eacnamaíocha a chur chun cinn agus dhá Mhol Nuálaíochta Digití Eorpacha, agus tá níos mó ná 10 bpointe teagmhála réigiúnacha sna cathracha is mó sa Laitvia bunaithe mar ionaid ilfhreastail. Mar chuid dá straitéis um speisialtóireacht chliste, tá an Laitvia ag obair chun samhail lánfheidhme bainistíochta córais nuálaíochta a fhorbairt, lena n‑áirítear trí ghrúpa stiúrtha atá tiomnaithe do TFC. Tá an Laitvia rannpháirteach san IPCEI maidir le Bonneagar agus Seirbhísí Néalríomhaireachta na Chéad Ghlúine Eile.
Ba cheart don Laitvia borradh mór a chur faoina hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go háirithe, ba cheart don Laitvia iarrachtaí scaipthe agus saothraithe teicneolaíochtaí digiteacha agus cur chun feidhme straitéisí arna bhforbairt go comhpháirteach ag gníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon a neartú, chun borradh láidir a chur faoin úsáid a bhaintear as ardréitigh nua i measc éiceachórais FBManna.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Feidhmíonn an Laitvia go maith maidir le hinfhaighteacht seirbhísí poiblí digiteacha, agus scór de 87 aici maidir le seirbhísí poiblí digiteacha do shaoránaigh (meán an Aontais: 77) agus 86 do ghnólachtaí (meán an Aontais: 84). I gcomparáid le meán 72 an Aontais, tá an scór os cionn sin ag an Laitvia, ag 79, maidir le rochtain ar líne ar thaifid leighis leictreonacha. I réimse an ríomhaitheantais (eID), tá fógra tugtha ag an Laitvia don Choimisiún faoi scéim faoi Rialachán eIDAS. Tá sé ar cheann de na Ballstáit cheannródaíocha a bhfuil réiteach ríomhaitheantais shoghluaiste forbartha acu lenar tugadh isteach an feidhmchlár ‘eParaksts mobile’ a ligeann d’úsáideoirí doiciméid a shíniú go leictreonach, conarthaí a dhéanamh agus seirbhísí a fháil ó údaráis. Tá an Laitvia páirteach i roinnt tionscadal comhoibríoch maidir le ríomh‑shainaitheantas, lena n‑áirítear an ‘Tionscadal Ríomh‑Shainaitheantais Nordach‑Baltach’ (NOBID) arb é is aidhm dóibh réitigh ríomh‑shainaitheantais éagsúla a chomhchuibhiú in ocht dtír Nordacha agus Bhaltacha chun rochtain trasteorann ar sheirbhísí digiteacha a chinntiú sa réigiún. Tá ‘Straitéis Sláinte Digití go dtí 2029’ na Laitvia á tabhairt chun críche agus áiritheofar leis go ndéanfar an tsláinte dhigiteach a fhorbairt agus a bhainistiú go straitéiseach trí éiceachóras sonraí sláinte atá oscailte agus idir‑inoibritheach a thógáil. I measc an dul chun cinn eile a rinneadh in 2022, chuir an córas náisiúnta ríomhthaifead sláinte ar chumas shaoránaigh na Laitvia a roghanna maidir le deonú orgán nó údaruithe do dhaoine eile a chur in iúl ar a ríomhthaifid sláinte do dhaoine eile chun cinntí a dhéanamh maidir le cóir leighis.
Ba cheart don Laitvia dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigitiú. Go háirithe, ba cheart di leanúint de bheith ag áirithiú go mbeidh rochtain éasca ar ríomhthaifid sláinte agus go leanfaidh siad de bheith ag cur borradh faoi sheirbhísí poiblí digiteacha do shaoránaigh agus faoi sheirbhísí poiblí digiteacha do ghnólachtaí.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Laitvia
|
|
Le RRP na Laitvia, dírítear EUR 1,8 billiún (21 %) ar an gclaochlú digiteach, tá coinne leisgo rannchuideofar leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. Is iad príomhchuspóirí an Phlean aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna digiteacha agus borradh a chur faoin gclaochlú digiteach agus faoin nuálaíocht i ngnólachtaí agus seasamh láidir na tíre maidir le seirbhísí poiblí digiteacha a choinneáil ag an am céanna. Tá sé beartaithe freisin infheistíochtaí a dhéanamh in aisiompar 5G agus i nascacht an mhíle deiridh.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Liotuáin
Tá coinne leis go rannchuideoidh an Liotuáin go dearfach leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Baineann sí tairbhe as leanúnachas i gcur chun feidhme pleananna agus straitéisí, atá ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le scileanna digiteacha, ach tá gá le hiarracht bhreise chun rannchuidiú leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach, agus le nascacht, agus ag an am céanna bhí an fheidhmíocht maidir le digiteáil na seirbhísí poiblí go maith go comhsheasmhach.
Tá an Liotuáin ag dul i gcomhar le Ballstáit eile chun féachaint an bhféadfaí Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDICanna) a chur ar bun, agus í mar aidhm leo: (i) Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga; agus (ii) Seirbhísí Claochlaithe Idirnasctha um Riarachán Poiblí Ollmhór Nuálaíoch, chun glúin nua d’ardsheirbhísí poiblí trasteorann a fhorbairt.
SCILEANNA DIGITEACHA
Níl bunscileanna digiteacha ar a laghad ag níos mó ná leath de dhaonra na Liotuáine idir 16-74 bliana d’aois. Rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le sciar na speisialtóirí TFC san fhostaíocht fhoriomlán a mhéadú (4,4 % i gcomparáid le 3,8 % sa bhliain roimhe sin, agus le meán 4,6 % an Aontais). Thairis sin, tá níos mó cothromaíochta inscne i measc gairmithe TFC sa Liotuáin ná meán an Aontais (22,9 % vs. 18,9 %). Déanann na beartais náisiúnta na scileanna digiteacha a phríomhshruthú i gcuraclaim agus i gcláir ollscoile na scoileanna. Tá roinnt tionscadal ann freisin a fhaigheann tacaíocht ó chistí an Aontais atá ar siúl sa réimse seo, lena n‑áirítear
tionscadal EdTech
, atá beartaithe do 2022-2024 agus buiséad EUR 30 milliún acu.
Ba cheart don Liotuáin dlús a chur lena cuid iarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go háirithe, ní mór don Liotuáin cistí suntasacha a infheistiú san oideachas foirmiúil agus san oiliúint fhoirmiúil agus iarrachtaí uas‑scilithe agus athscilithe a dhéanamh do dhaoine atá gníomhach cheana féin i margadh an tsaothair go fóill.
BONNEAGAIR DHIGITEACHA
Tá dearcadh dearfach le feiceáil maidir le nascacht fhosaithe agus mhóibíleach araon. Tá méadú tagtha ar rolladh amach líonraí fíor‑ardacmhainne fosaithe (VHCN) lena gcumhdaítear 78 % de theaghlaigh, rud atá os cionn mheán 73 % an Aontais. Coinníodh rolladh amach Cábla Snáthoptaice go hÁitreabh (FTTP) ag méadú agus tá sé i bhfad os cionn mheán an Aontais (78 % vs 56 %). Ar an taobh eile, tá glacadh naisc 1 Gbps an‑íseal (1,7 % de theaghlaigh vs. meán 13,8 % an Aontais). In 2022, tháinig méadú suntasach ar limistéir daonra le cumhdach 5G ó 33 % in 2021 go 90 %, os cionn mheán 81 % an Aontais. Ba é a bhí san fhorbairt ba thábhachtaí in 2022 dhá cheant de bhandaí speictrim tiomnaithe 5G, a tugadh i gcrích go rathúil. Leis na hoibleagáidí cumhdaigh gaolmhara, tá coinne leis go mbeifear in ann tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i dtreo sprioc an Aontais maidir le cumhdach 5G a áirithiú i ngach limistéar ina bhfuil daonra. Chun an éifeacht sin a uasmhéadú, cuireadh bearta breise i bhfeidhm chun feidhmiú céimneach líonraí fíor-ardacmhainneachta agus 5G araon a spreagadh chun rannchuidiú le spriocanna nascachta 2030 a bhaint amach.
Ba cheart don Liotuáin dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta. Go háirithe ba cheart don Liotuáin cur lena hiarrachtaí chun nascacht ghigighiotáin a chur i bhfeidhm, go háirithe cábla snáthoptaice go háitreabh i limistéir thuaithe, le cúnamh ó chistí an Aontais. Ba cheart don Liotuáin bearta a dhéanamh chun glacadh nascachta ardluais a dhreasú.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Feidhmíonn an Liotuáin gar do mheán an Aontais maidir le gnólachtaí a dhigiteáil, agus tá táscairí maidir le díolacháin na tráchtála ar líne fós os cionn mheán an Aontais. Mar sin féin, tá cion na FBManna ag a bhfuil bundéine dhigiteach ar a laghad ag 64 %, faoi bhun mheán an Aontais de 69 %. Go háirithe, in 2021, ba é 28 % glacadh ardteicneolaíochtaí amhail néalréitigh i gcomparáid le meán 34 % an Aontais. B’ionann glacadh na hintleachta saorga agus 5 %, in aghaidh mheán an Aontais 8 %. Tá roinnt bearta tacaíochta i bhfeidhm ag an Liotuáin do FBManna, bearta lena ndéantar cistiú a sholáthar (E‑komercijos modelis) agus a chuireann feabhas ar an timpeallacht dhlíthiúil do ghnólachtaí digiteacha nuathionscanta.
Ba cheart don Liotuáin dlús a chur lena hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh an Liotuáin a cuid infheistíochtaí a mheaitseáil le hathchóirithe straitéiseacha agus go ndéanfaidh sí na hinfheistíochtaí a dhéantar san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a chothromú, agus béim ar leith á leagan ar FBManna.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Choinnigh an Liotuáin uirthi feabhas a chur ar a seirbhísí poiblí digiteacha do shaoránaigh (scór 84) agus do ghnólachtaí (scór 94), ag feidhmiú i bhfad níos fearr ná meán an Aontais. Tá an cárta aitheantais pearsanta i bhfeidhm ag an Liotuáin cheana féin le haghaidh ríomh‑shainaitheantais agus ríomhshínithe araon. Úsáideann rialtas na Liotuáine ‘ríomhsheirbhís saoránach’ chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine teagmháil a dhéanamh le gníomhaireachtaí rialtais trí mhodhanna leictreonacha, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn achainíocha, iarratas nó comhairliúchán poiblí. Maidir le reachtaíocht, cuireann an tseirbhís ríomh‑Seimas ar chumas daoine tionscnaimh reachtacha phoiblí a chlárú agus barúil a thabhairt freisin maidir leis na gníomhartha reachtacha atá á bpróiseáil ag an bParlaimint. Feidhmíonn an Liotuáin go láidir maidir le taifid leighis ar líne a sholáthar, le scór 92, atá os cionn mheán an Aontais den chuid is mó. Tá beagnach 100 % de sholáthraithe cúraim sláinte na Liotuáine, chomh maith le cógaslanna, ar fáil faoi láthair i gCóras Faisnéise Leictreonaí an Bhonneagair Seirbhísí Sláinte agus Comhair (ESPBI IS). Ceanglaítear ar gach comhlacht náisiúnta cúraim sláinte sa Liotuáin an córas a úsáid agus seirbhísí a bhaineann leis an tsláinte á soláthar acu. Tá an tionscadal nua r‑sheirbhísí Rialtais ‘Data Lake’, arna chistiú ag an RRF, á rolladh amach ag an Liotuáin faoi láthair, lena nasctar cláir stáit agus lena gceadaítear rochtain éasca do ghníomhaireachtaí stáit.
Ba cheart don Liotuáin leanúint dá beartais a chur chun feidhme chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Liotuáine
|
|
Thug RRP na Liotuáine EUR 701 milliún (31,5 %) do bhearta a thacaigh leis an aistriú digiteach. As an méid sin, tá coinne leis go rannchuideofar leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach le EUR 660,5 mhilliún. Caithfear os cionn leath de na cistí sin ar sheirbhísí poiblí digiteacha agus ar bhonneagar poiblí digiteach. Dírítear leis an bplean ar líonraí 5G a rolladh amach, seirbhísí poiblí a dhigiteáil, agus réitigh nuálacha a chruthú don iompar.
Baineann an chéad eisíocaíocht de EUR 649,5 mhilliún le 31 gharsprioc as 33 gharsprioc, lena n‑áirítear na cinn dhigiteacha uile a cuireadh isteach. Leis na garspriocanna a bhaineann leis an aistriú digiteach cumhdaítear an ceant speictrim 5G, bearta lena gcumasaítear digiteáil na seirbhísí poiblí (Lárionad Inniúlachta um Chlaochlú Digiteach agus Sonraí Oscailte) agus an réamhobair maidir le tionscadal maidir le réitigh nuálacha san iompar.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: Lucsamburg
Tá coinne leis go rannchuideoidh Lucsamburg go han‑láidir leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh aici maidir lena claochlú digiteach le héifeachtaí dearfacha sna réigiúin máguaird, go háirithe i dtéarmaí nuálaíochta in ionaid sonraí agus riarachán digiteach chomh maith le lucht saothair níos oilte. In 2022, mhéadaigh Lucsamburg líon na speisialtóirí TFC atá fostaithe agus líon na gcéimithe TFC, agus rinne sí dul chun cinn maidir le glacadh leathanbhanda fhosaithe, cumhdach líonraí móibíleacha 5G agus seirbhísí poiblí digiteacha a thairiscint do shaoránaigh. Chomhlán sí freisin le héiceachóras na ríomhaireachta ardfheidhmíochta atá bunaithe ar shár‑ríomhaire Meluxina le máistirchlár nua ollscoile. Mar sin féin, tá bearnaí fós ann maidir le glacadh síntiús gigighiotáin agus cumhdach an líonra ghigighiotáin fhosaithe. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí a mhéid a bhaineann le scileanna an lucht saothair atá ann cheana agus digiteáil gnólachtaí, go háirithe FBManna. Cé go bhfuil forbhreathnú ag Lucsamburg ar na straitéisí digiteacha atá á rith ag gach Aireacht, níl doiciméad straitéiseach comhdhlúite le haghaidh digiteáil aici i dtreo 2030.
Tá Lucsamburg ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir le Géanóim, chun rochtain trasteorann éifeachtach agus shábháilte a chumasú ar stórtha de thacair sonraí ghéanómaíocha phearsanta.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá ag éirí go maith le Lucsamburg i bhfianaise na sprice don Deacáid Dhigiteach maidir le scileanna digiteacha, agus tá bunscileanna digiteacha ar a laghad ag 64 % dá dhaonra idir 16-74 bliana d’aois. Tá roinnt beart á gcur chun feidhme ag Lucsamburg faoi láthair ina bhfuil sé beartaithe leibhéal na mbunscileanna agus na n‑ardscileanna digiteacha a mhéadú.
Tá an tír i bhfad níos airde ná meán an Aontais freisin i gcás líon na speisialtóirí TFC a ndéantar ionadaíocht orthu san fhostaíocht fhoriomlán (7,7 % vs. 4,6 %). An sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 20,7 %, tá sé os cionn mheán 18,9 % an Aontais freisin.Ina theannta sin, chruthaigh an Aireacht Oideachais Náisiúnta, Leanaí agus Óige an Mol Foghlama Digití arb é is aidhm dó an bhearna scileanna digiteacha a laghdú. Cuireann an Mol Foghlama Digití cúrsaí oiliúna gearrthéarmacha i réimsí éagsúla TFC ar fáil agus tá sé dírithe ar shaineolaithe TF, ar thosaitheoirí, ar chuardaitheoirí poist agus ar dhaoine óga a mhéid a bhaineann le huas‑sciliú agus athsciliú. I measc tionscnaimh eile, cruthaíodh curaclaim ollscoile chun oideachas a chur ar speisialtóirí TF agus déantar faireachán cúramach ar riachtanais mhargadh an tsaothair.
Ba cheart do Lucsamburg leanúint dá beartais a chur chun feidhme i réimse na scileanna digiteacha. Go háirithe, ba cheart do Lucsamburg fostóirí a spreagadh chun scileanna digiteacha fostaithe (poiblí agus príobháideacha) agus rannpháirtíocht an lucht saothair san oiliúint dhigiteach a neartú.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá Lucsamburg ar cheann de na gníomhaithe is fearr san Aontas sa bhonneagar digiteach. Maidir le nascacht, foilsíodh an straitéis maidir le leathanbhanda ultra‑ardluais in 2021 lena gcumhdaítear an tréimhse go dtí 2025 agus tá sí á cur chun feidhme faoi láthair. Tháinig méadú leanúnach ar chumhdach líonra fíor‑ardacmhainne, ó 91,7 % in 2020 go 93,3 % in 2022. Beidh ról tábhachtach ag rolladh amach breise snáithín maidir leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach, ós rud é gur lean líonraí cábla a n‑uasghrádú ar chaighdeán DOCSIS 3.1. Rachadh bearta breise chun tairbhe go mór chun feidhmiú céimneach na líonraí sin a éascú. Tá méadú tagtha ar chumhdach foriomlán 5G go 93 %, rud atá i bhfad os cionn mheán 81 % an Aontais. Tá éiceachóras láidir ríomhaireachta ardfheidhmíochta ag Lucsamburg.
Ba cheart don Lucsamburg leanúint dá beartais maidir le bonneagar digiteach a chur chun feidhme. Go háirithe, d’fhéadfadh sé bearta breise a dhéanamh chun glacadh nascachta gigighiotáin agus 5G a dhreasú agus leanúint de na hiarrachtaí maidir le nascacht ghigighiotáin agus nascacht ghigighiotáin a rolladh amach, go háirithe na nósanna imeachta maidir le ceadanna a chuíchóiriú agus rochtain ar mhaoin phoiblí a éascú chun líonraí móibíleacha a leathnú agus a dhlúthú. Ba cheart do Lucsamburg gníomhaíochtaí breise a fhorbairt freisin i réimse na n‑imeallnód agus candam chun cabhrú leis an Aontas a bheith ina ghníomhaí láidir margaidh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Ós rud é go bhfuil bunleibhéal déine digití ar a laghad ag 66 % de FBManna, feidhmíonn Lucsamburg beagán faoi bhun mheán 69 % an Aontais. Go háirithe, bhí cion na ngnólachtaí a d’úsáid néalseirbhísí faoi bhun mheán an Aontais in 2021. Ba cheart aird a thabhairt ar thacaíocht a sholáthar agus ardteicneolaíochtaí eile á bhforbairt agus á gcur in úsáid freisin, amhail IS agus mórshonraí. Tá na bearta beartais atá ann faoi láthair dírithe ar an lucht saothair a uas-sciliú agus ar chuidiú le gnólachtaí nuathionscanta nuálacha fás. Maidir leis an néalríomhaireacht, glacann Lucsamburg páirt sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne do Bhonneagar agus Seirbhísí Néalríomhaireachta na Chéad Ghlúine Eile (IPCEI-CIS) arb é is aidhm dó an chéad ghlúin eile d’ardacmhainneachtaí néalríomhaireachta, dáilte, slán, inbhuanaithe agus nuálacha a thabhairt don Aontas.
Ba cheart don Lucsamburg borradh a chur faoina hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thacaíocht a sholáthar agus ardteicneolaíochtaí á bhforbairt agus á gcur in úsáid, lena n‑áirítear IS, mórshonraí, agus néalríomhaireacht i measc fiontar go háirithe, in FBManna go sonrach, lena n‑áirítear trí dhreasachtaí le haghaidh infheistíochta, chomh maith le fothú acmhainneachta agus eolais. Ina theannta sin, ba cheart do Lucsamburg dlús a chur le hiarrachtaí scaipthe agus saothraithe agus le cur chun feidhme straitéisí arna bhforbairt go comhpháirteach ag gníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon chun borradh láidir a chur faoin úsáid a bhaintear as néalréiteach ardleibhéil nua i measc éiceachórais FBManna.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Feidhmíonn an tír go maith go háirithe maidir le seirbhísí poiblí digiteacha a chur ar fáil do shaoránaigh (scór 95) agus do ghnólachtaí (scór 97), gar don spriocscór don Deacáid Dhigiteach de 100. Mar thoradh ar ról lárnach comhordúcháin na hAireachta um Dhigitiú, tá tuilleadh feabhsuithe tagtha ar an riarachán poiblí digiteach. Tá gnéithe áisiúla amhail físchomhdháil leis an riarachán, an fhéidearthacht feidhmchláir mhóibíleacha agus tiachóga leictreonacha a úsáid á gcur leis. Tá scéim náisiúnta ríomhnaitheantais i bhfeidhm i Lucsamburg i gcomhréir le Rialachán eIDAS agus tá tiachóg leictreonach náisiúnta á forbairt aige. Mar sin féin, feidhmíonn Lucsamburg go han‑íseal maidir leis an méid rochtana ar líne ar ríomhthaifid sláinte do shaoránaigh, atá ag 67 as 100 pointe innéacs.
Ba cheart do Lucsamburg leanúint dá beartais a chur chun feidhme chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go háirithe, ba cheart d’údaráis Lucsamburg leanúint dá dtionscnaimh riaracháin phoiblí dhigitigh agus a n‑uaillmhian a choinneáil. Ba cheart feabhas a chur ar rochtain ar shonraí oscailte. Ba cheartdon Lucsamburg feabhas a chur ar rochtain ar ríomhthaifid sláinte, lena n‑áiritheofar go soláthrófar tacar íosta sonraí a bhaineann leis an tsláinte arna dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil, arna stóráil i gcórais ríomhthaifead sláinte phoiblí agus phríobháideacha.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) Lucsamburg
|
|
Is ionann RRP Lucsamburg agus EUR 82,7 milliún agus tá 30 % de (i.e. EUR 24,5 mhilliún) dírithe ar an gclaochlú digiteach.
Ba iad seo a leanas na hathchóirithe digiteacha agus na hinfheistíochtaí digiteacha a bhí le cur chun feidhme in 2022: (i) clár digiteach aonair na ngairmeacha sláinte a sheoladh, agus 5,000 gairmí ar a laghad cláraithe; (ii) seoladh an réitigh teileafhaireacháin ‘IdeoPHM’ ar an ardán náisiúnta r‑shláinte a cuireadh in ionad an réitigh ‘Maela’ a bhí ann roimhe seo, lenar féidir obair leantach leighis chianda a dhéanamh idir dochtúirí, fiaclóirí nó cnáimhseacha agus othair; (iii) nascadh rathúil dhá shuíomh ar a laghad atá mar chuid de Shaotharlann Bhonneagar Cumarsáide Candamaí Lucsamburg (LuxQCI) trí líonra talún a bhunú; (iv) nasc rathúil dheighleoga spáis agus talún an QCI trí phríomhchóras bainistíochta; (v) nasc trasteorann a cuireadh ar bun chun léiriú a thabhairt ar chóras dáileacháin lárnach candamach talamhbhunaithe; (vi) feidhmiúlacht maidir le ceapacháin físchomhdhála a chomhtháthú i dtairseach r‑sheirbhísí Rialtais MyGuichet.lu agus an cur chun feidhme; agus (vii) dhá sheirbhís déag nua a bheith ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, ar fáil trí MyGuichet.lu.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: Málta
Tá coinne leis go rannchuideoidh Málta go han‑láidir leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag Málta, go háirithe maidir le nascacht agus seirbhísí poiblí digiteacha, ach tá gá le tuilleadh iarrachtaí maidir le scileanna digiteacha agus digiteáil gnólachtaí. Tá sé ríthábhachtach daoine a spreagadh chun borradh a chur faoina scileanna digiteacha chun a áirithiú go mbeidh daoine agus gnólachtaí i Málta in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as an idirlíon gigighiotáin agus as na seirbhísí poiblí digiteacha atá ar fáil. Tá an straitéis dhigiteach nua,
Straitéis Dhigiteach Mhálta 2022-2027
, ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Faoi láthair, níl baint ag Málta ach amháin mar bhreathnóir san obair atá dírithe ar Chuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a chur ar bun maidir le Seirbhísí Claochlúcháin Idirnasctha Ollmhóra Nuálacha um Riarachán Poiblí, chun glúin nua d’ardseirbhísí trasteorann a fhorbairt.
SCILEANNA DIGITEACHA
Níl bunscileanna digiteacha ar a laghad ag níos mó ná aon trian de dhaonra Mhálta. Is é 61 % an céatadán den daonra idir 16-74 bliana d’aois a bhfuil bunleibhéal scileanna digiteacha ar a laghad acu i Málta, atá níos airde ná meán an Aontais (54 %). Mar sin féin, déantar le bearnaí atá fós ann, go háirithe i measc daoine nach bhfuil an oiread oideachais acu agus daoine níos sine, bac a chur ar rannchuidiú níos mó fós leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach (80 %) a bhaint amach chomh maith leis na cuspóirí chun bearnaí digiteacha a líonadh. Is é 4,8 % céatadán na speisialtóirí TFC i lucht saothair Mhálta, beagán os cionn mheán an Aontais (4,6 %) ach ní leor é chun freastal ar éilimh an mhargaidh saothair. Tá an sciar de mhná i measc na speisialtóirí TFC, ar an taobh eile, beagán faoi bhun mheán an Aontais (18,2 % vs. 18,9 %). Le
straitéis ríomhscileanna Mhálta 2022-2025
, soláthraítear creat chun tionscnaimh scileanna digiteacha a chomhordú agus a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna agus ar ghanntanais scileanna leanúnacha.
Ba cheart do Mhálta leanúint dá hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Chun an deighilt dhigiteach a laghdú tuilleadh, ba cheart do Mhálta daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh in oiliúint i scileanna digiteacha trí fheasacht a mhúscailt agus rochtain a éascú, agus fócas speisialta ann ar ghrúpaí leochaileacha. Thairis sin, ba cheart do Mhálta leanúint den réamhaisnéis scileanna agus feabhas a chur ar an gcomhar leis an tionscal agus leis an tsochaí shibhialta chun measúnú a dhéanamh ar thairiscintí oideachais agus oiliúna agus chun iad a choigeartú go tráthrialta do riachtanais mhargadh an tsaothair agus chun mná a spreagadh le bheith ina speisialtóirí TFC.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá spriocanna don Deacáid Dhigiteach maidir le nascacht bainte amach ag Málta; mar sin féin, is féidir feabhsaithe eile a dhéanamh i ndáil le cumhdach ar bhandaí speictrim fíor‑riachtanacha d’fheidhmchláir forbartha lena n‑éilítear bandaleithead speictrim mór. Ag 20 %, tá cumhdach 5G ar an mbanda ceannródaí 3.4-3.8 GHz go suntasach faoi bhun mheán an Aontais de 41 %. Fanann speictream sna bandaí 700 MHz agus 26 GHz neamhshannta. Rinne Málta dul chun cinn suntasach maidir le snáithín, lena gcumhdaítear anois níos mó ná leath na tíre (56 %), ach lean an glacadh luasanna fosaithe an‑ard de bheith ag feabhsú de réir a chéile in 2022.
Maidir le bonneagair dhigiteacha eile, tá Málta rannpháirteach sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann le Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide agus tá rannpháirtí díreach amháin gníomhach in ardphacáistíocht, agus tá sí gníomhach freisin i líonra Eorpach d’eagraíochtaí poiblí lena gcistítear tionscadail taighde agus nuálaíochta a bhaineann le candam. Thairis sin, tá Málta rannpháirteach sa líonra Mol Nuálaíochta Digití Eorpach in 2022. Tá coinne leis go mbeidh ríomhaire ardfheidhmíochta ar fáil ann lena úsáid ag FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta Mhálta.
Is féidir le Málta leas a bhaint as láidreachtaí an bhonneagair dhigitigh agus na dteicneolaíochtaí digiteacha chun tacú lena aistriú glas.
Ba cheart do Mhálta leanúint dá beartais maidir le bonneagar digiteach a chur chun feidhme. Ba cheart do Mhálta measúnú tráthrialta a dhéanamh ar an éileamh ar an margadh atá ag teacht chun cinn sna bandaí 700 MHz agus 26 GHz. Go comhthreomhar leis sin, ba cheart do Mhálta dlús a chur leis na hiarrachtaí chun glacadh na nascachta gigighiotáin agus 5G a dhreasú, lena n-áirítear trí dhlús a chur le forbairt éiceachórais 5G ar fud na tíre. Ba cheart do Mhálta dul i gcomhar le Ballstáit eile, mar shampla, maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil, bainistíocht tráchta agus fuinnimh a éascú chomh maith le pleanáil fhadtéarmach inbhuanaithe cathrach. Ba cheart gníomhaíochtaí Mhálta i bhforbairt bonneagair le haghaidh ardteicneolaíochtaí amhail leathsheoltóirí agus ríomhaireacht chandamach a chothú chun cabhrú leis an Aontas a bheith ina ghníomhaí láidir sa mhargadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá ardleibhéal digitithe ag gnólachtaí Mhálta agus, le tacaíocht spriocdhírithe agus rochtain níos fearr ar shaothar oilte, is féidir leo teicneolaíochtaí digiteacha a uasmhéadú a thuilleadh chun go mbeidh siad níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de agus níos nuálaí. Tá bunleibhéal déine digití ar a laghad ag tromlach mór FBManna Mhálta (78 % in 2022) agus tá fiontair Mhálta fós ag feidhmiú i bhfad os cionn mheán an Aontais maidir le néalréitigh a úsáid ar an bhforiomlán (48 % vs 34 % in 2021), agus, ar bhonn níos lú, IS (10 % vs 8 % in 2021). Mar sin féin, cuireann deacrachtaí maidir le hoibrithe oilte a mhealladh agus a choinneáil bac ar ghnólachtaí tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i dteicneolaíochtaí digiteacha agus rannchuidiú a thuilleadh leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá trí aonbheannach i Málta, agus tá tacaíocht bhreise fógartha ag an rialtas do ghnólachtaí nuathionscanta agus béim á leagan ar na láidreachtaí atá ann cheana san earnáil mhuirí agus san iGaming a uasmhéadú. Tá an tír i mbun an phróisis chun teacht isteach i gComhghuaillíocht na Náisiún um Ghnólachtaí Nuathionscanta na hEorpa chun tuilleadh feabhais a chur ar na coinníollacha do ghnólachtaí nuathionscanta. Tar éis sheoladh na
Straitéise Cibearshlándála Náisiúnta 2023-2026
, thug Málta an Tionscadal
Seachain an Bearna
isteach go luath in 2023 chun cuidiú le gnólachtaí áitiúla measúnú a dhéanamh ar a leibhéil chibearshlándála agus feabhas a chur orthu.
Ba cheart do Mhálta leanúint lena cuid beartas a chur chun feidhme sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go háirithe, ba cheart do Mhálta rochtain ar ardteicneolaíochtaí agus ardréitigh dhigiteacha atá slán agus ceannasach a éascú tuilleadh agus infheistíocht sa taighde digiteach agus sa nuálaíocht dhigiteach a spreagadh. Ba cheart dó feasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha agus rannpháirtíocht i scéimeanna maoinithe atá ann cheana a mhéadú, go háirithe i measc an iliomad micreaghnólachtaí agus gnólachtaí beaga agus meánmhéide atá faoi úinéireacht teaghlaigh atá i ngeilleagar Mhálta.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Le scóir de 100 (do shaoránaigh) agus 97 (do ghnólachtaí), tá Málta ag druidim leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach. A bhuí le fócas luath agus infheistíocht leanúnach, a fhaigheann tacaíocht ó chistí RRF, tá príomhsheirbhísí poiblí do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fáil ar líne den chuid is mó tríd an tairseach
servizz.gov
. Is féidir scéim ríomh‑shainaitheantais Mhálta (eID), ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith faoi Rialachán eIDAS, a úsáid chun logáil isteach go 91 % de na seirbhísí poiblí ar líne. Tá Málta ag obair freisin ar an rochtain atá ag saoránaigh ar ríomhthaifid sláinte a leathnú agus tá sé ag iarraidh feabhas a chur ar an scór reatha 78 as 100 (i gcomparáid le 72 don Aontas ar an bhforiomlán) trí níos mó ríomhthaifid sláinte a chur ar fáil, lena n‑áirítear sonraí ó institiúidí príobháideacha cúraim sláinte. I gcodarsnacht leis sin, tá scór an‑íseal ag Málta maidir le rochtain ar shonraí oscailte agus úsáid sonraí oscailte a éascú, réimse ina bhféadfadh sé rannchuidiú níos mó leis na príomhchuspóirí agus prionsabail don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach a mhéid a bhaineann le tógáil ar úsáid faisnéise rialtais chun nuálaíocht agus cuntasacht a chur chun cinn. Tá coinne leis go soláthrófar creat le haghaidh beartais agus cleachtais sonraí oscailte a chothú sa tír leis an
Straitéis Sonraí Riaracháin Phoiblí nua 2023-2027
ó Mhálta.
Ba cheart do Mhálta leanúint dá beartais a chur chun feidhme chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart do Mhálta faireachán a dhéanamh ar úsáid éifeachtach seirbhísí digiteacha poiblí agus ar dheighiltí a d’fhéadfadh a bheith ann freisin. Maidir le ríomhsheirbhísí sláinte, ba cheart do Mhálta leanúint dá chuid iarrachtaí cineálacha breise soláthraithe cúraim sláinte a nascadh le ríomhthaifid sláinte. Thairis sin, ba cheart dó forbairt scileanna digiteacha a chur chun cinn i measc oifigigh phoiblí, go háirithe sa chóras sláinte agus ceartais. Tá gá le bearta suntasacha chun níos mó sonraí ón earnáil phoiblí ar chaighdeán níos airde a chur ar fáil, trí bheartais maidir le sonraí oscailte a fhorbairt agus tríd an tairseach sonraí náisiúnta a leathnú.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) Mhálta
|
|
Le RRP leasaithe Mháltadírítear EUR 67,6 milliún (26 %) ar an gclaochlú digiteach, agus tá coinne leis go rannchuideoidh cuid mhór de leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. Bhain an chéad íocaíocht leis an méid seo a leanas, i measc eile: (1) Glacadh
Straitéis um Speisialtóireacht Chliste
in 2021, ina sainaithnítear teicneolaíochtaí digiteacha mar réimse infheistíochta tosaíochta; (2) leasuithe reachtacha lena gceadaítear níos mó úsáide a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha in imeachtaí cúirte.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Ísiltír
Go stairiúil, bhí an Ísiltír ar thús cadhnaíochta maidir leis an gclaochlú digiteach san Eoraip, agus tá coinne leis go gcuirfidh an Ísiltír go mór leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais maidir leis an Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Bhí a cláir oibre náisiúnta maidir leis an gclaochlú digiteach á bhforbairt nó tá siad á bhforbairt faoi láthair le tagairtí don Chlár Beartais don Deacáid Dhigiteach. Mar sin féin, tá gá le bearta breise a mhéid a bhaineann le húsáid IS ag gnólachtaí, agus maidir le hinfhaighteacht speisialtóirí TFC agus céimithe i margadh saothair na hÍsiltíre.
Tá an Ísiltír ag dul i gcomhar le Ballstáit eile chun féachaint an bhféadfaí Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDICanna) a chur ar bun, agus í mar aidhm leo: (i) Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga; agus (ii) Sonraí Soghluaisteachta agus Lóistíochta, chun rochtain, comhroinnt agus athúsáid sonraí sna réimsí sin a chumasú.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá daonra san Ísiltír a bhfuil ardleibhéal scileanna digiteacha aige, agus tá coinne leis go gcuideoidh sé go mór leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá bunscileanna digiteacha ar a laghad ag 79 % de dhaoine aonair idir 16‑74 san Ísiltír, líon atá gar don sprioc don Deacáid Dhigiteach de 80 % do bhunscileanna digiteacha agus atá i bhfad os cionn mheán an Aontais de 54 %.
Is speisialtóirí TFC iad 7,2 % de dhaoine aonair atá fostaithe san Ísiltír, i gcomparáid le 4,6 % san Aontas. Mar sin féin, tá céatadán na gcéimithe TFC san Ísiltír níos ísle ná meán an Aontais le 3,7 % vs. 4,2 %. Tugadh isteach plean gníomhaíochta nua chun réiteach a fháil ar na ganntanais i margadh an tsaothair, rud atá fíor‑riachtanach le haghaidh aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach san Ísiltír. Thairis sin, tá bearta á nglacadh chun scileanna digiteacha a fheabhsú ag leibhéal an bhunoideachais agus chun an digiteáil san ardoideachas a chur chun cinn chomh maith. Ar deireadh, agus cion na mban speisialtóirí TFC ag 19,4 % (atá beagán os cionn mheán an Aontais), tá cothromaíocht inscne i speisialtóirí TFC i bhfad ó bheith bainte amach.
Ba cheart don Ísiltír leanúint dá beartais i réimse na scileanna digiteacha a chur chun feidhme. Go sonrach, spreagtar gníomhaíocht chun borradh a chur faoi uas‑sciliú agus athsciliú i réimse na scileanna digiteacha i margadh an tsaothair chomh maith le sainfhórsa saothair TFC atá níos cothroime ó thaobh inscne de a bhaint amach.
BONNEAGAR DIGITEACH
Go traidisiúnta, léirigh an Ísiltír feidhmíocht láidir i réimse an bhonneagair dhigitigh, cé go léiríonn forbairtí le déanaí comharthaí marbhántachta. D’ainneoin sin, tá cumhdach líonra fíor‑ardacmhainneachta fosaithe de 98 % ag an Ísiltír vs. meán an Aontais de 73 %. Mar sin féin, níor glacadh le nascacht ghigighiotáin ar chor ar bith. Tá clúdach 100 % 5G ag an Ísiltír ach níor sannadh an banna 3,6 GHz in am.
Cuireann bearta a ghlac an Ísiltír i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí go mór le hiarrachtaí an Aontais. Tá príomháit dhomhanda ag tionscal trealaimh leathsheoltóra na hÍsiltíre. Déantar an seasamh sin a fhorfheidhmiú tuilleadh trí bheagnach EUR 1 bhilliún de chistiú poiblí do NXTGEN HIGHTECH agus PhotonDelta chomh maith le trí rannpháirtíocht sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide le 5 rannpháirtí dhíreacha atá gníomhach i réimsí an trealaimh, na bhfeistí, na mótarfheithiclí, na teileachumarsáide agus na fótónaice. Tá comhinfheistíocht ag rialtas na hÍsiltíre in imeallnóid déanta tríd an Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne maidir le Bonneagar agus Seirbhísí Néalríomhaireachta na Chéad Ghlúine Eile (IPCEI‑CIS). Ar deireadh, bronnadh EUR 615 mhilliún ar Quantum Delta NL chun clár oibre candamach na hÍsiltíre a chur chun feidhme. Tagann sé sin sa bhreis ar an ról suntasach a imríonn an Ísiltír i réimse an chandaim trí thionscadail éagsúla chandamach Eorpacha.
Ba cheart don Ísiltír dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go sonrach maidir le cumhdach Gigighiotáin. Ba cheart don Ísiltír gach beart is gá a dhéanamh chun an banda 3,6 GHz a shannadh do chumarsáid shoghluaiste gan aon mhoill eile, i gcomhréir lena hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais. Thairis sin, ba cheart di smaoineamh ar bhearta a dhéanamh chun glacadh le nascacht ghigighiotáin a spreagadh.
Ba cheart leanúint de bhearta arna nglacadh ag an Ísiltír i réimse na leathsheoltóirí, na n‑imeallnód agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá roinnt mhaith gnólachtaí Ollannacha ag baint leasa cheana féin as buntáistí an digitithe. Déanann FBManna san Ísiltír níos fearr ná meán an Aontais i dtéarmaí leibhéal déine digití atá bunúsach ar a laghad, agus scór de 80 % acu. Maidir le hardteicneolaíochtaí digiteacha, bhí na táscairí le haghaidh mórshonraí (2020), néalríomhaireachta agus IS (2021) os cionn mheán an Aontais, ag 27 %, 60 % agus 13 % faoi seach, ach tá an acmhainneacht ag an Ísiltír rannchuidiú tuilleadh leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Bunaíodh sé Mhol Eorpacha um Nuálaíocht Dhigiteach (EDIH) agus chuir siad tús lena gcuid oibre ag tús 2023. Léiríonn an líon ard aonbheannach de thionscnamh na hÍsiltíre (24), chomh maith le 39 ngnólacht eile ar féidir a mheas mar aonbheannaigh fhéideartha amach anseo, go bhfuil éiceachóras do ghnólachtaí nuathionscanta faoi bhláth ann. Tá an Ísiltír ina sínitheoir freisin ar Chaighdeán AE maidir le Náisiúin um Ghnólachtaí Nuathionscanta na hEorpa. De réir na Tuarascála Eorpaí um Theicneolaíocht Dhomhain 2023, meastar go bhfuil Amsterdam‑Delta ar cheann de na héiceachórais nuathionscanta is fearr san Aontas.
Ba cheart don Ísiltír leanúint dá beartais a chur chun feidhme maidir le digiteáil gnólachtaí. Go háirithe, ba cheart don Ísiltír leanúint de bheith ag cuidiú le FBManna rochtain a fháil ar ardteicneolaíochtaí, go háirithe mórshonraí, néalríomhaireacht agus IS, trí bhearta marthanacha chun a bhforbairt agus a nglacadh a chur chun cinn.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Maidir le digiteáil na seirbhísí poiblí, bíonn scór ard ag an Ísiltír i gcoitinne. Le scór de 85 (vs. meán an Aontais de 77) agus 89 (vs. meán an Aontais de 84) faoi seach, tá roinnt mhaith seirbhísí poiblí digiteacha ar fáil do shaoránaigh le haghaidh imeachtaí saoil agus do ghnólachtaí le haghaidh oibrithe gnó tráthrialta. Bíonn an deis ag gach saoránach agus gnólacht san Ísiltír úsáid a bhaint as ríomh‑shainaitheantas náisiúnta. Tá an leibhéal rochtana ar thaifid r‑shláinte i gcomhréir go ginearálta le meán an Aontais, le scór de 69 in aghaidh 72. Mar sin féin, bíonn rochtain ar na taifid sin teoranta agus ilroinnte i gcónaí. Táthar ag spreagadh forbairt dhíláraithe na hearnála príobháidí ar uirlisí chun taifid r‑shláinte a thabhairt le chéile i dtairseacha láraithe. Ar deireadh, céim mhaith chun seirbhísí poiblí san Ísiltír a dhigiteáil tuilleadh is ea na dlíthe um chreat nua lena socraítear rialacha maidir le hidirghníomhaíochtaí digiteacha le húdaráis phoiblí agus malartú digiteach agus infhaighteacht taifead leighis. Mar sin féin, braithfidh a rathúlacht agus a mbreisluach do shaoránaigh ar na rialacha mionsonraithe a bheidh le leanúint agus ar a gcur chun feidhme cuí agus tráthúil ag na páirtithe leasmhara atá rannpháirteach, poiblí agus príobháideacha araon.
Ba cheart don Ísiltír leanúint dá beartais a chur chun feidhme chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hÍsiltíre
|
|
Tiomnaíonn RRP na hÍsiltíre EUR 1,2 billiún (25,6 %) ar an gclaochlú digiteach, a bhfuil coinne leis go gcaithfear EUR 834,4 milliún de sin ar bhearta a rannchuideoidh le spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach
Tá an chomhpháirt atá tiomnaithe don chlaochlú digiteach a luathú roinnte i dtrí chatagóir: infheistíochtaí chun teicneolaíochtaí nuálacha agus scileanna digiteacha a chur chun cinn; earnáil na soghluaisteachta a dhéanamh slán i bhfad na haimsire; agus bonneagar TF an rialtais a dhéanamh slán i bhfad na haimsire. Sa chéad chatagóir sin, tá bearta maidir le IS agus candaim, a bhfuil mionsonraí breise orthu sa tuarascáil tíre. Thairis sin, tá infheistíocht chun spreagadh a thabhairt don digiteáil san oideachas mar chuid den phlean.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Pholainn
Tá deis ag an bPolainn chun feabhas a chur ar a feidhmíocht san aistriú digiteach agus rannchuidiú leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Rinneadh dul chun cinn maidir le digiteáil seirbhísí poiblí, agus feabhsuithe suntasacha ar an aip shuaitheanta r‑sheirbhísí rialtais agus ar r‑shláinte. Tá dul chun cinn déanta ag an bPolainn maidir le scileanna freisin, ach ba cheart di dícheall a dhéanamh níos mó chun spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Ní mór borradh a chur faoi iarrachtaí i mbonneagar digiteach freisin, toisc nach bhfuil bandaí croí‑speictrim 5G ar fáil go fóill, agus nach bhfuil creat rialála an Aontais i bhfeidhm. An tráth céanna, lean oibreoirí ag infheistiú i nascacht fhosaithe. Aistríodh comhordú na mbeartas digiteach go dtí an Aireacht Gnóthaí Digiteacha nua‑athchruthaithe an 1 Bealtaine 2023.
Tá an Pholainn ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDICanna) a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga; agus (ii) Seirbhísí Claochlaithe Idirnasctha um Riarachán Poiblí Ollmhór Nuálach, chun glúin nua d’ardsheirbhísí trasteorann a fhorbairt. Tá an Pholainn ar cheann de na Ballstáit a chuir iarratas foirmiúil isteach i gcomhpháirt chun an Chomhpháirtíocht Eorpach Bhlocshlabhra agus an EDIC maidir le Bonneagar Blocshlabhra Eorpach a chur ar bun, lena dtacaítear le seirbhísí poiblí trasteorann ar fud an Aontais.
SCILEANNA DIGITEACHA
Chuir na figiúirí is déanaí maidir le bunscileanna digiteacha an Pholainn faoi mheán an Aontais agus léiríonn siad bearna mhór le sprioc an Aontais don Deacáid Dhigiteach de 80 %. In 2021, bhí ar a laghad bunscileanna digiteacha (AE 54 %) ag 43 % de dhaoine idir 16‑74 agus bhí scileanna digiteacha níos airde ná na bunscileanna ag 21 % (AE: 26 %). Mar sin féin, lean an córas oideachais ar aghaidh ag príomhshruthú TFC sna curaclaim agus ag soláthar cistiú do scoileanna agus d’eintitis eile. Bhí gníomhaíochtaí na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha ina bhfórsa mór maidir le tacaíocht a sholáthar lasmuigh den chóras foirmiúil, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí arna maoiniú ó chistí poiblí, le tionscnaimh amhail
Zdalna Szkoła
+ (Scoil Iargúlta),
Lekcja:Enter
, nó
Féile Dhigiteach
lenar soláthraíodh tacaíocht don chianoideachas agus do ghníomhaíochtaí digiteacha eile. Is dócha go bhfeabhsófar comhordú bheartais an rialtais sa réimse sin de bharr glacadh le déanaí leis an gClár Forbartha Inniúlachta Digití, agus d’fhéadfaí gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhigiteáil scoileanna a neartú. Sa Pholainn, is é 3,6 % sciar na speisialtóirí TFC mar chuid den fhostaíocht iomlán, faoi bhun mheán an Aontais de 4,6 %. Thairis sin, tá sciar na mban i measc speisialtóirí TFC, ag 16,7 %, i bhfad faoi mheán an Aontais de 18,9 %
Ba cheart don Pholainn borradh a chur faoina hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart don Pholainn scileanna digiteacha a neartú sa bhunoideachas, sa mheánoideachas agus sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus borradh a chur faoi uas‑sciliú agus athsciliú an lucht saothair, agus aird ar leith á tabhairt ar ardteicneolaíochtaí agus ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá méadú seasta tagtha ar chéatadán na dteaghlach atá cumhdaithe ag líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe: 71 % in 2022 i gcomparáid le 65 % in 2020 agus gar do mheán an Aontais de 73 % agus é fós faoi bhun sprioc an Aontais maidir le nascacht ghigighiotáin i ngach áit. Níl an staid chomh dearfach maidir le nascacht mhóibíleach le 63 % de na teaghlaigh clúdaithe ag 5G in 2022, atá faoi bhun mheán an Aontais de 81 %. Soláthraíodh 5G bunaithe ar bhandaí minicíochta seachas na bandaí tosaíochta 5G a chumasaíonn seirbhísí feabhsaithe, toisc go raibh moill curtha ar na ceantanna agus an banda 3,6 GHz seolta i mí an Mheithimh 2023 amháin. Ó thaobh na rialála de, níl an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonaí, lena raibh coinne go nglacfaí é i mí na Nollag 2020, trasuite sa dlí náisiúnta. Maidir le ríomhaireacht chandamach, glacann an Pholainn páirt i LUMI‑Q, cuibhreannas ilnáisiúnta a oibríonn chun comhshaol ríomhaireachta candamaí a sholáthar ar fud na hEorpa agus seoladh Mol Candamach chun teicneolaíochtaí ríomhaireachta candamaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Tá an Pholainn ina ball den Chomhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach ar ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus den Chomhpháirtíocht Eorpach Bhlocshlabhra. Sheol sí nód an Bhonneagair Eorpaigh um Sheirbhísí Blocshlabhra in 2022 agus tá codanna éagsúla den chóras forbartha aici ó shin i leith. Tá an Pholainn ag glacadh páirt sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide le rannpháirtí díreach amháin atá gníomhach san fhótónaic, agus fógraíodh infheistíochtaí príobháideacha i monarcha mór mhonaraíochta chúil um shliseanna.
Ba cheart don Pholainn borradh a chur faoina hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta. Chun forbairt nascachta stóinsithe a dhreasú, ní mór creat rialála reatha an Aontais a thrasuí sna rialacháin náisiúnta. Is gá freisin an speictream raidió a theastaíonn le haghaidh nascacht 5G a shannadh ar bhealach trédhearcach, oscailte agus neamh‑idirdhealaitheach chun spriocanna 5G don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an bPolainn i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá feidhmíocht na Polainne faoi bhun mheán an Aontais fós agus tá dul chun cinn suntasach fós ag teastáil i dtéarmaí glacadh ardteicneolaíochtaí. I réimse na n‑ardteicneolaíochtaí, in 2021 bhí 19 % de chuideachtaí ag baint úsáide as néalréitigh, ach níor bhain ach 3 % úsáid as IS agus in 2020 bhain 9 % úsáid as anailís mhórshonraí. Tá leibhéal déine digití atá bunúsach ar a laghad ag 61 % de FBManna na Polainne, atá faoi bhun mheán an Aontais de 69 %. Mar sin féin, in 2022, rinneadh dul chun cinn seasta maidir le comhtháthú na teicneolaíochta digití i ngníomhaíochtaí gnólachtaí. Thacaigh comhlachtaí rialtais éagsúla leis an bhfeachtas sin trí úsáid a bhaint as cistiú poiblí, go sonrach as cistí AE.
Ba cheart don Pholainn borradh mór a chur faoina hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart don Pholainn rochtain ar ardteicneolaíochtaí, lena n‑áirítear IS, mórshonraí agus néalríomhaireacht, a éascú trí bhearta marthanacha lena n‑áirítear rochtain fheabhsaithe ar oiliúint, dreasachtaí agus aistriú eolais. Ba cheart di leanúint freisin de bheith ag tacú le FBManna ina n‑iarrachtaí chun a n‑úsáid ardteicneolaíochtaí a mhéadú agus trí éiceachórais do ghnólachtaí nuathionscanta a spreagadh.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá tearcfheidhmíocht fós ag an bPolainn maidir le hinfhaighteacht seirbhísí digiteacha ar líne, agus scór de 60 aici maidir le seirbhísí poiblí digiteacha do shaoránaigh (meán an AE: 77) agus 73 do ghnólachtaí (meán an Aontais: 84). Ar sheirbhísí r‑Rialtais, bhí 63 % de scimeálaithe ar an Idirlíon ag brath ar r‑sheirbhísí rialtais, a bhí gar do mheán an Aontais de 74 % in 2022. Tá an feidhmchlár mObywatel á fheabhsú tuilleadh (lena gcumhdaítear cárta aitheantais náisiúnta, ceadúnas tiomána, nó cárta pinsinéara) agus mhéadaigh ar an tóir a bhí aige le 9,1 milliún úsáideoir i mí na Nollag 2022. Maidir le rochtain ar thaifid ríomhshláinte, tá scór de 86 ag an bPolainn, atá i bhfad níos fearr ná meán an Aontais (72 in 2022). Soláthraíonn Tairseach na nOthar seirbhísí feabhsaithe ag baint leasa as tabhairt isteach rathúil ríomhoideas. Déantar an leagan móibíleach den tairseach a uasghrádú i gcónaí. Tá uirlis TF ar fáil don riarachán poiblí chun néalseirbhísí a chuardach, a chur i gcomparáid agus a cheannach, agus comhlánaíodh í le néalsheirbhísí de chuid an rialtais.
Ba cheart don Pholainn borradh a chur faoina hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Polainne
|
|
Cuimsíonn bearta a chuireann leis an aistriú digiteach 21,3 % (os cionn EUR 7,5 billiún) de leithdháileadh iomlán an phlean, agus tá coinne leis go rannchuideoidh EUR 6,8 billiún den mhéid sin leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. Is éard atá iontu nascacht, idir leathanbhanda seasta agus 5G araon, a rolladh amach, seachadadh seirbhísí poiblí do ghnólachtaí agus do shaoránaigh a fheabhsú chomh maith le digiteáil an riaracháin phoiblí, agus a n‑athléimneacht agus a gcibearshlándáil a neartú an tráth céanna. Tá iarratas ar íocaíocht fós le cur isteach ag an bPolainn don chéad tráinse den airgead RRF.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Phortaingéil
Tá coinne leis go rannchuideoidh an Phortaingéil go dearfach leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá dul chun cinn déanta maidir le feabhas a chur ar an mbonneagar nascachta do líonraí fosaithe agus móibíleacha, cé go bhfuil dúshláin mhóra fós ann. Tá easpa scileanna digiteacha fíor‑riachtanacha ag roinnt mhaith daoine agus tá an leibhéal rollaithe i gcláir oideachais TFC íseal. Chun a cumas digitithe agus glacadh na teicneolaíochta a fheabhsú, ní mór don Phortaingéil beartais chuimsitheacha a ghlacadh agus iad sin a chur chun feidhme go tapa.
Tá an Phortaingéil ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDICanna) a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) an tAcadamh Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a bhunú; agus (ii) Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga. Tá an Phortaingéil ar cheann de na Ballstáit a chuir iarratas foirmiúil isteach i gcomhpháirt chun an Chomhpháirtíocht Eorpach Bhlocshlabhra agus an EDIC maidir le Bonneagar Blocshlabhra Eorpach a chur ar bun, lena dtacaítear le seirbhísí poiblí trasteorann ar fud an Aontais.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá dul chun cinn á dhéanamh ag an bPortaingéil maidir le bunscileanna digiteacha, ach tá gá le luas níos tapúla chun cur go mór leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach. Faoi láthair, tá bunscileanna digiteacha ar a laghad ag 55 % den daonra idir 16‑74 bliana d’aois, agus níl scileanna digiteacha níos airde ná na bunscileanna ach ag 29 % den daonra.
Ní mór don Phortaingéil freisin a cuid iarrachtaí a leathnú chun an líon rolluithe TFC a mhéadú (ní chuimsíonn speisialtóirí TFC ach 4,5 % den fhostaíocht iomlán agus oibríonn 2,5 % de chéimithe i TFC, díreach faoi bhun mheán an Aontais). Tá sciar na mban i measc speisialtóirí TFC ag 20,4 %, áfach, os cionn mheán an Aontais de 18,9 %.
Ba cheart don Phortaingéil dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart don Phortaingéil dlús a chur le cur chun feidhme a cuid clár um scileanna digiteacha agus dul i bhfeidhm ar mhais chriticiúil daoine thar gach déimeagrafaic. Ba cheart don Phortaingéil infheistíocht na hearnála príobháidí a spreagadh in oiliúint i scileanna digiteacha agus i gcultúr foghlama ar feadh an tsaoil chun oiriúnú do theicneolaíochtaí athraitheacha agus do riachtanais an tionscail. Ba cheart don Phortaingéil rolluithe i staidéir TFC a mhéadú trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe a áirithíonn acmhainneacht, inrianaitheacht, agus meastóireacht, agus a sholáthraíonn cistiú, scoláireachtaí agus dreasachtaí do speisialtóirí TFC.
BONNEAGAR DIGITEACH
Feidhmíonn an Phortaingéil go han‑mhaith i ndáil le cumhdach líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe (VHCN) agus cumhdach cábla snáthoptaice go háitreabh (93 % agus 91 % faoi seach i gcomparáid le meán an Aontais de 73 % agus 56 %) agus i ndáil le glacadh leathanbhanda fosaithe 100 Mbps ar a laghad (77 %). Mar sin féin, tá glacadh 1 Gbps ar a laghad (4,5 %) agus glacadh leathanbhanda móibíleach (82 %) faoi bhun mheán an Aontais. Ar an bhforiomlán, tá a cumhdach 5G (70 %) faoi bhun mheán an Aontais (81 %). Tá an Phortaingéil ag cur bearta chun feidhme chun cuidiú le cur in úsáid líonra 5G a mhéadú, atá tite ar chúl, go príomha mar gheall ar mhoill ar cheantáil na mbandaí 700 MHz agus 3,6 GHz, agus mar gheall ar neamhchinnteacht maidir le huainiú ceantála an bhanda 26 GHz.
Tá an Phortaingéil rannpháirteach in éiceachóras an Tionscadail Thábhachtaigh ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide in éineacht le rannpháirtithe comhlachaithe (ag fáil cabhrach faoi bhun thairseach GBER).
Ba cheart don Phortaingéil leanúint lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, ag cur dlús leis an mbonneagar a thacaíonn le cumhdach 5G. Go sonrach, ba cheart don Phortaingéil bearta a chur chun feidhme chun rochtain ar bhonneagar líonra a dheonú, próisis a shimpliú tuilleadh agus rialacháin áitiúla a chomhchuibhiú chun dlús a chur le cur in úsáid nascacht ghigighiotáin.
Ba cheart leanúint le hiarrachtaí na Portaingéile i réimse na leathsheoltóirí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
In 2022, bhí an leibhéal déine digití a bhí bunúsach ar a laghad ag 70 % de FBManna na Portaingéile, rud beag chun tosaigh ar mheán an Aontais (69 %) in 2022. Tá cion na bhfiontar a úsáideann néalríomhaireacht (29 % in 2021) agus mórshonraí (11 % in 2021) níos ísle ná meán an Aontais de 34 % agus 14 %. Mar sin féin, bhí 17 % de ghnólachtaí na Portaingéile ag baint úsáide as IS in 2021, níos mó ná dhá oiread mheán an Aontais. Tá bearta á gcur chun feidhme ag an bPortaingéil chun glacadh teicneolaíochtaí digiteacha ag fiontair a threisiú: lena n‑áirítear binsí tástála, Moil Nuálaíochta Digití, catalóg de sheirbhísí um an aistriú digiteach, agus uirlis mheasúnaithe agus deimhniúcháin um aibíocht dhigiteach. Leithdháileann RRP cistí do chuideachtaí chun binsí tástála a bhunú faoi thionscnamh an líonra náisiúnta de bhinsí tástála ar 5G, IS, mórshonraí agus blocshlabhra. Ós rud é nach bhfuil ach aonbheannach amháin aici, d’fhéadfadh an Phortaingéil rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú le haghaidh gnólachtaí nuálacha atá ag méadú chun an sprioc don Deacáid Dhigiteach maidir leis an líon aonbheannach a dhúbailt a bhaint amach. Chuir cláir phoiblí agus cistiú le digiteáil na Portaingéile, ach féadann tírdhreach na n‑acmhainní a bheith casta agus uaireanta bíonn dúshláin roimh ghnólachtaí rochtain a fháil orthu lena ndigiteáil.
Ba cheart don Phortaingéil dlús a chur lena hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart don Phortaingéil a próisis iarratais ar mhaoiniú poiblí a shimpliú trí úsáid a bhaint as critéir chomhsheasmhacha incháilitheachta. Ba cheart don Phortaingéil tacú le húsáid na néalríomhaireachta agus príobháideachas sonraí agus cosaint slándála a áirithiú. Ba cheart don Phortaingéil forbairt na Mol Nuálaíochta Digití a spreagadh go sonrach trína lánpháirtiú sa chreat náisiúnta um dhigiteáil FBManna, agus trí chomhar a spreagadh idir Mhoil Nuálaíochta Digití, ghnólachtaí agus pháirtithe leasmhara eile.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Rinne an Phortaingéil digiteáil ar sheirbhísí poiblí ina chuid lárnach de nuachóiriú a riaracháin tríd an ualach riaracháin a laghdú agus trí TFC a úsáid chun seirbhísí poiblí níos fearr a sheachadadh. Seasann seirbhísí ar líne do shaoránaigh ag 78, agus iad siúd do ghnólachtaí ag 82, gar do mheán an Aontais. Tá an Phortaingéil ag bogadh i dtreo na sprice don Deacáid Dhigiteach go mbeadh rochtain ag 100 % de shaoránaigh an Aontais ar mhodh ríomh‑shainaitheantas (eID) atá aitheanta ar fud an Aontais. Go deimhin, tá torthaí dearfacha mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt do ríomh‑shainaitheantas, amhail cur in úsáid sásraí aitheantais digiteacha na Portaingéile agus a nglacadh ag an bpobal, ag gnólachtaí agus ag an riarachán poiblí. Cé go bhfuil an cárta saoránach ríomh‑shainaitheantais éigeantach, féadann sé a bheith dúshlánach é a úsáid do dhaoine áirithe, go sonrach daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas nó daoine atá ina gcónaí i limistéir iargúlta. Tá scór de 63 ag an bPortaingéil, atá faoi bhun mheán an Aontais, maidir le rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte agus tá gá le feabhsuithe chun rochtain a thabhairt ar thorthaí leighis leictreonacha, ar thuarascálacha agus ar shonraí leictreonacha ó sholáthraithe cúraim sláinte eile san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.
Ba cheart don Phortaingéil dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di leanúint den fhor‑rochtain chun an pobal a chur ar an eolas faoi bhuntáistí an ríomh‑shainaitheantais, chun an próiseas iarratais ar ríomh‑shainaitheantais a fheabhsú, agus chun comhéadain atá soláimhsithe a fhorbairt.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Portaingéile
|
|
Leithdháil RRP na Portaingéile EUR 3,6 billiún (22 %) don chlaochlú digiteach. Tá coinne leis freisin go rannchuideodh an leithdháileadh sin le spriocanna don Deacáid Dhigiteach. I mí Feabhra 2023, fuair an Phortaingéil a dara eisíocaíocht de EUR 1,8 billiún le haghaidh bearta digiteacha, lena n‑áirítear an Córas Cumarsáide Móibíleach Slán a sholáthraíonn cumarsáid ghutha, teachtaireachtaí agus físchumarsáid shlán d’fhostaithe an rialtais. Ligeann \xEF\xB7\x9F
Acadamh Digiteach na Portaingéile
agus Fostaíocht+Digiteáil don phobal agus do ghnólachtaí a scileanna digiteacha a mheasúnú, pleananna oiliúna a fháil agus a gcuid scileanna digiteacha a threisiú. Fágfaidh
rún \xEF\xB7\x9F
gur féidir tairiscintí poiblí a sheoladh chun líonraí fíor‑ardacmhainneachta a shuiteáil, a bhainistiú agus a oibriú i ‘limistéir bhána’. Ina theannta sin, tacaíonn 17 Mol Nuálaíochta Digití le cuideachtaí teicneolaíochtaí uathoibrithe a ghlacadh. Tá éifeacht leis an gcreat dlíthiúil chun an riarachán poiblí a dhigiteáil, lena n‑áirítear forálacha maidir le slándáil faisnéise agus cibearshlándáil.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Rómáin
Tá deis ag an Rómáin chun feabhas a chur ar a feidhmíocht san aistriú digiteach agus rannchuidiú leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Feidhmíonn an Rómáin go maith maidir le nascacht fhosaithe, go háirithe i ndáil le cábla snáthoptaice go háitreabh a rolladh amach, réimse a bhfuil dul chun cinn tapa á dhéanamh aici fós, agus i gcás céimithe TFC, ós rud é go bhfuil cion ard de speisialtóirí TFC baineanna aici, agus tá coinne leis go gcuideoidh siad go mór leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá roinnt dul chun cinn déanta freisin maidir le seirbhísí poiblí digiteacha, áit a bhfuil torthaí fós le baint amach ag bearta tábhachtacha beartaithe. Tá dul chun cinn teoranta déanta ar tháscairí digitithe gnó áirithe. Ní mór iarrachtaí suntasacha a dhéanamh maidir le bunscileanna digiteacha agus cumhdach 5G.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá an Rómáin i bhfad faoi bhun mheán an Aontais maidir le bunscileanna digiteacha agus speisialtóirí TFC araon, agus bearna an‑leathan ann i ndáil le bunscileanna digiteacha ar a laghad (28 % vs meán an Aontais de 54 %) agus é ina sprioc ag an Aontas go mbeadh na scileanna sin ag 80 % den daonra idir 16‑74 bliana d’aois. Is é 2,8 % an cion de speisialtóirí TFC mar chuid den fhostaíocht iomlán, i gcomparáid le meán an Aontais de 4,6 %. Mar sin féin, tá cion na gcéimithe TFC i measc na gcéimithe uile i bhfad níos airde ná meán an Aontais (6,9 % i gcomparáid le 4,2 %). Tá ceann de na comhréireanna is airde speisialtóirí TFC san Aontas ag an Rómáin freisin, ag 25,2 %. Tá iarrachtaí marthanacha, cuimsitheacha i réimsí na mbunscileanna digiteacha agus speisialtóirí TFC ríthábhachtach do chlaochlú digiteach na Rómáine. Thosaigh an Rómáin ar roinnt beart tábhachtach a chur chun feidhme faoina RRP, lena n‑áirítear creat reachtach nua a bhunú chun oideachas a dhigiteáil agus scéimeanna deontais éagsúla a sheoladh.
Ba cheart don Rómáin borradh mór a chur faoina hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go sonrach, ba cheart don Rómáin rannpháirt bhreise a thabhairt do pháirtithe leasmhara príobháideacha i bhforbairt agus i seachadadh beartas maidir le scileanna digiteacha. Ba cheart don Rómáin aird ar leith a thabhairt freisin ar iarrachtaí treisithe le haghaidh uas‑scilithe agus athscilithe, chomh maith le speisialtóirí TFC a mhealladh agus a choinneáil.
BONNEAGAR DIGITEACH
Is é nascacht an réimse ina bhfuil an scór is fearr ag an Rómáin, ag comhlíonadh ceann de na réamhchoinníollacha maidir le claochlú rathúil digiteach. Tá rochtain ag 96 % de theaghlaigh na Rómáine ar líonraí Gigighiotáin/FTTP cheana féin, atá i bhfad os cionn mheán an Aontais (73 % maidir le cumhdach líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe agus 56 % maidir le cumhdach FTTP). Mar sin féin, tá cumhdach 5G ag 27 %, i bhfad faoi mheán an Aontais de 80 %. Tá coinne leis go dtiocfaidh dul chun cinn sa réimse sin as roinnt beart a cuireadh chun feidhme in 2022 faoi RRP na Rómáine, go sonrach an dlí nua um shlándáil líonra 5G, cur chun feidhme na moltaí éagsúla a leagtar amach i mbosca uirlisí nascachta an Aontais, agus ceant le haghaidh ceadúnais 5G le hoibleagáidí cumhdach tábhachtach a mhairfidh i gcásanna áirithe go dtí 2033.
Maidir leis an sprioc le haghaidh leathsheoltóirí, tá an Rómáin ag cur go mór, trí RRP, leis an Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide, le 3 rannpháirtí díreacha gníomhach i réimse na bhfeistí agus na mbraiteoirí le haghaidh feidhmeanna feithicleacha, aeraspáis/cosanta agus bithleighis. Tá an Rómáin rannpháirteach freisin sa tionscnamh EuroQCI chun bonneagar cumarsáide candamaí uile‑Eorpach a thógáil agus tá tuilleadh inniúlachtaí candamacha á bhforbairt aici.
Ba cheart don Rómáin dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta, go háirithe maidir le nascacht 5G a rolladh amach, ag iniúchadh na bhfoinsí maoinithe uile atá ar fáil chun infheistíochtaí príobháideacha a ghlacadh sna réimsí nach bhfuil inmharthana ó thaobh tráchtála de.
Ba cheart iarrachtaí na Rómáine i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí a choinneáil ar bun chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Leanann digiteáil gnólachtaí de bheith ina dúshlán mór sa Rómáin. Tá glacadh na n‑ardteicneolaíochtaí amhail seirbhísí néalríomhaireachta, intleacht shaorga agus mórshonraí i bhfad faoi mheán an Aontais. Tá an bhearna le meán an Aontais beagán níos lú do FBManna a bhfuil leibhéal déine digití atá bunúsach ar a laghad acu, ag 53 %, i gcomparáid le meán an Aontais de 69 % in 2022. Tá coinne leis go dtiocfaidh dul chun cinn sa réimse as roinnt beart leanúnach, lena n‑áirítear scéim tacaíochta faoi RRP, atá dírithe ar fhorbairt agus ar ghlacadh teicneolaíochtaí digiteacha ag FBManna araon, agus beart leanúnach CFRE atá dírithe ar bhraislí nuálaíochta a fhorbairt, agus ar an gcaoi sin ar earnáil TFC atá níos nuálaíocht‑tiomáinte.
Ba cheart don Rómáin borradh mór a chur faoina hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart don Rómáin bearta a mhéadú níos mó chun tacú le digiteáil gnólachtaí agus cuidiú le timpeallacht an ghnó a chruthú ina ndíreofar níos mó ar an nuálaíocht.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Feidhmíonn an Rómáin i bhfad faoi bhun mheán an Aontais maidir le hinfhaighteacht seirbhísí poiblí digiteacha do shaoránaigh (agus scór de 48 aici i gcomparáid le meán an Aontais de 77) agus do ghnólachtaí (agus scór de 45 aici i gcomparáid le meán an Aontais de 84). Ní úsáideann ach 24 % d’úsáideoirí ar líne na Rómáine r‑sheirbhísí rialtais go gníomhach, i gcomparáid le meán 74 % an Aontais. Tá iarrachtaí móra ar siúl chun seirbhísí poiblí a athrú ó bhonn go digiteach, áfach, agus tá coinne leis go dtabharfaidh roinnt mhaith tionscadal, arna gcistiú faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, níos mó seirbhísí ar líne, go laghdóidh siad ilroinnt, go gcuirfidh siad feabhas ar an idir‑inoibritheacht agus go mbainfidh siad bacainní maorlathacha. In 2022, tháinig an creat reachtach is gá chun néal rialtais a chruthú i bhfeidhm, lena n‑áirítear an tOrdú Éigeandála lena mbunaítear néal rialtais uimh. 89/2022 agus Dlí Idir‑inoibritheachta uimh. 242/2022. Faoi láthair, níl fógra tugtha ag an Rómáin faoi aon scéim ríomh‑shainaitheantais (r‑ID). Tá réamhfhógra ar siúl, áfach, agus áirítear le RRP bearta chun cártaí aitheantais leictreonacha a sheachadadh chuig 8 milliún saoránach faoi 2026. Maidir le rochtain ar ríomhthaifid sláinte, tá seirbhís rochtana láraithe do shaoránaigh ann, ach tá gá le hiarrachtaí chun na seirbhísí rochtana a rolladh amach ar fud an daonra ar fad chomh maith le cineálacha éagsúla soláthraithe cúraim sláinte. Déanann RRP na Rómáine foráil d’infheistíochtaí suntasacha chun bonneagar digiteach r‑shláinte agus seirbhísí teilileighis a chur in úsáid d’othair agus d’airígh.
Ba cheart don Rómáin borradh a chur faoina hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di leanúint de na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme go tapa agus go héifeachtach, lena n‑áirítear trí RRP, ós rud é gur deis mhór iad le haghaidh claochlú digiteach an rialtais, le tairbhí suntasacha do shaoránaigh agus gnólachtaí.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Rómáine
|
|
Tiomnaíonn Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine EUR 5,97 billiún (20,5 %) ar an gclaochlú digiteach, agus tá coinne leis go rannchuideoidh EUR 4,98 billiún de sin leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. Áirítear leis sin bearta amhail claochlú digiteach na hearnála poiblí (néal rialtais go sonrach), digiteáil an oideachais, tacaíocht do dhigiteáil gnólachtaí agus do T&F digiteach, cibearshlándáil agus nascacht. Eisíocadh an chéad íocaíocht de EUR 2,6 billiún leis an Rómáin i mí Dheireadh Fómhair 2022, lenar cumhdaíodh, i measc nithe eile, bunú an tascfhórsa um dhigiteáil agus glacadh an dlí slándála 5G agus na straitéise cibearshlándála. Cumhdaíonn an dara hiarratas ar íocaíocht, a d’eisigh an Coimisiún measúnú dearfach páirteach ina leith i mí an Mheithimh 2023, spriocanna móra insoláthartha breise do chlaochlú digiteach na Rómáine, lena n‑áirítear an ceant 5G, athchóirithe breise don néal rialtais agus bearta chun oideachas a dhigiteáil.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An tSlóvaic
Tá deis ag an tSlóvaic chun feabhas a chur ar an aistriú digiteach agus rannchuidiú leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach, go háirithe i réimse na scileanna digiteacha agus na seirbhísí poiblí digiteacha ar léir an dul chun cinn. Mar sin féin, d’ainneoin dul chun cinn le déanaí, ba cheart don tSlóvaic iarrachtaí a mhéadú maidir le digiteáil gnólachtaí agus nascacht, go sonrach i ndáil le 5G a rolladh amach. Tá an tSlóvaic rannpháirteach sa tionscadal ilnáisiúnta atá dírithe ar chonairí 5G a chur in úsáid ar fud na hEorpa. I mí na Nollag 2022, ghlac rialtas na Slóvaice an Plean gníomhaíochta um chlaochlú digiteach na Slóvaice do 2023‑2026 agus Straitéis náisiúnta scileanna digiteacha Phoblacht na Slóvaice agus an plean gníomhaíochta do na blianta 2023‑2026. I dteannta an doiciméid straitéise ‘An Coincheap Náisiúnta um Fhaisnéisiú an Riaracháin Phoiblí do na blianta 2021‑2026’ arna ghlacadh ag deireadh 2021, tá na doiciméid sin ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
SCILEANNA DIGITEACHA
Níl bunscileanna digiteacha ag beagnach leath de dhaonra na Slóvaice. Feidhmíonn an tSlóvaic beagán níos fearr ná meán an Aontais maidir le bunscileanna digiteacha ach, ag 55 %, tá sí go mór faoi bhun sprioc an Aontais de 80 %. Tá feabhsuithe breise ar scileanna digiteacha fíor‑riachtanach.
Is é 4,3 % an cion de speisialtóirí TFC mar chuid den fhostaíocht iomlán sa tSlóvaic, beagán níos lú ná meán an Aontais de 4,6 %. Tá méadú seasta tagtha ar an líon speisialtóirí TFC ó bhí 2017 ann. As na speisialtóirí TFC sin, ní mná ach 14,9 % díobh, atá ar cheann de na céatadáin is ísle san Aontas. Tá céimithe TFC os cionn mheán an Aontais: Tá céim TFC ag 4,4 % de chéimithe na Slóvaice. Aithnítear sa straitéis agus sa phlean gníomhaíochta náisiúnta um scileanna digiteacha 2023‑2026 an gá atá le hinniúlachtaí digiteacha a neartú sa tSlóvaic chun go mbeifear in ann rannchuidiú leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach maidir le scileanna digiteacha atá ‘bunúsach ar a laghad’ agus maidir le speisialtóirí TFC.
Ba cheart don tSlóvaic dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an mbearna dhigiteach a dhúnadh, agus ar a áirithiú go gcuimsítear grúpaí leochaileacha i ngach oiliúint dhigiteach, ar threocht dhearfach a choinneáil ar bun maidir leis an líon céimithe TFC chomh maith le saineolaithe TFC a mhealladh agus a choinneáil.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá tuilleadh dul chun cinn déanta ag an tSlóvaic ar theaghlaigh atá cumhdaithe ag líonraí fíor‑ardacmhainneachta (71 % i gcomparáid le 67 % sa tréimhse tuairiscithe roimhe seo). D’ainneoin na bpraghsanna réasúnta íseal, tá glacadh seirbhísí leathanbhanda an‑ardluais fós i bhfad faoi bhun mheán an Aontais. Trí bhíthin a plean náisiúnta leathanbhanda (NBP), féachann an tSlóvaic le rochtain a sholáthar do gach teaghlach ar nasc idirlín de 100 Mbps ar a laghad. Áirítear le NBP deis eile chun uasghrádú go luas gigighiotáin. Mar sin féin, níl an plean ailínithe go hiomlán fós le spriocanna um nascacht ghigighiotáin don Deacáid Dhigiteach 2030. Tá cistiú EUR 112 mhilliún ar fáil chun tacú le nascacht ghigighiotáin faoin gclár comhchistithe CFRE, a formheasadh i mí na Samhna 2022. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an tSlóvaic maidir le cumhdach 5G freisin. I gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, mhéadaigh sé 41 phointe céatadáin agus in 2022, bhí 55 % de na limistéir daonra cumhdaithe ag 5G. D’ainneoin an dul chun cinn sin, leanann an tSlóvaic de bheith i bhfad faoi bhun mheán 81 % an Aontais de. I dtéarmaí cumhdaigh 5G ar an mbanda speictrim 3,4‑3,8 GHz, atá ábhartha le haghaidh ardfheidhmeanna a éilíonn bandaleithead ard, ag 39 %, tá an tSlóvaic gar do mheán 41 % an Aontais.
Tá an tSlóvaic rannpháirteach sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide agus tá 5 rannpháirtí dhíreacha gníomhach i réimse dearaidh agus braite sliseanna, go príomha le haghaidh feidhmeanna (imeall) IS agus bithleighis.
Ba cheart don tSlóvaic borradh a chur lena hiarrachtaí maidir le bonneagar nascachta chun dlús a chur le rolladh amach nascachta gigighiotáin agus 5G araon, go háirithe i ndáil le cábla snáthoptaice go háitreabh i limistéir thuaithe. Tá cur chun feidhme tapa bhearta CFRE an‑ábhartha.
Ba cheart iarrachtaí na Slóvaice i réimse na leathsheoltóirí a choinneáil ar bun chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
D’ainneoin dul chun cinn suntasach, léiríonn an tSlóvaic bearnaí móra fós i ndáil le digiteáil gnólachtaí, go háirithe maidir leis an sciar de FBManna a bhfuil leibhéal déine digití atá bunúsach ar a laghad acu (atá, ag 60 %, faoi bhun mheán an Aontais de 69 %) agus i ndáil le glacadh néalréiteach. Trí phlean gníomhaíochta 2023‑2026 a ghlacadh chun an tSlóvaic a chlaochlú go digiteach, neartaítear gealltanas na tíre feabhas a chur ar a feidhmíocht sa réimse sin agus an cuspóir maidir le baint amach na sprice don Deacáid Dhigiteach ina n‑úsáidfeadh 75 % ar a laghad de ghnólachtaí néalríomhaireacht, IS nó mórshonraí.
Ba cheart don tSlóvaic borradh a chur faoina hiarrachtaí sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart don tSlóvaic rochtain ar oiliúint, ar fhaisnéis agus ar chomhroinnt eolais agus ar ghníomhaíochtaí tacaíochta eile a éascú, lena n‑áirítear trí Mhoil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach, chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le digiteáil gnólachtaí.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Ar an bhforiomlán, tá iarrachtaí déanta ag an tSlóvaic a scóir agus a rangú i seirbhísí poiblí digiteacha a fheabhsú, ag druidim go mall le meán an Aontais. Mar sin féin, bíonn deacrachtaí fós le sárú ag saoránaigh agus gnólachtaí agus iad ag úsáid seirbhísí poiblí digiteacha, ós rud é go dtugtar le fios go bhfuil leibhéal íseal inúsáidteachta acu agus go bhfuil trédhearcacht theoranta acu. Go sonrach, in 2022, rinne an tSlóvaic roinnt dul chun cinn maidir le digiteáil na seirbhísí poiblí, ag baint amach scóir de 67 do shaoránaigh agus 77 do ghnólachtaí, ach tá gá le tuilleadh iarrachtaí le bheith in ann sprioc an Aontais de 100 a bhaint amach. Tá fógra tugtha ag an tír faoi scéim ríomh‑shainaitheantais, a bhfuil rochtain ag 72 % dá daonra uirthi. Tá an tSlóvaic rannpháirteach freisin (trí eintitis phoiblí agus phríobháideacha) i dtionscadal píolótach mórscála amháin a dhéanann tástáil ar Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí i roinnt cásanna laethúla, arna chistiú faoin gclár don Eoraip Dhigiteach. Maidir le rochtain ar thaifid r‑shláinte, tá feabhas mór le déanamh (is é 45 an scór reatha).
Ba cheart don tSlóvaic borradh a chur faoina hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigitiú. Go sonrach, ba cheart di faireachán a dhéanamh ar úsáid éifeachtach na seirbhísí poiblí digiteacha agus ar dhúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann do ghrúpaí áirithe saoránach chomh maith.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Slóvaice
|
|
Dírítear EUR 1,3 billiún (21 %) i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Slóvaice ar an gclaochlú digiteach, agus tá coinne leis go gcuirfidh EUR 1,2 billiún de sin leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach
. Fuair an tSlóvaic dhá eisíocaíocht, lena n‑áirítear líon teoranta garspriocanna agus spriocanna, ag díriú ar chibearshlándáil sa riarachán poiblí agus scileanna digiteacha. Ghlac an tír coincheap náisiúnta um fhaisnéisiú sa riarachán poiblí, atá dírithe ar cheanglais chibearshlándála a nuashonrú agus ar chaighdeánú réiteach a mhéadú do gach eintiteas riaracháin phoiblí. Thairis sin, thug an tSlóvaic an chéim phíolótach den tionscadal ‘
táibléad do sheanóirí
’ i gcrích, tionscadal inar dáileadh táibléid ar 1000 duine scothaosta agus faoi mhíbhuntáiste agus inar cuireadh oiliúint orthu maidir le conas na feistí a úsáid.
Tá sé beartaithe ag an tSlóvaic roinnt beart a bhaineann le cúrsaí digiteacha a chur chun feidhme, lena n‑áirítear líonra de cheithre Mhol Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach agus dhá lárionad digitithe breise a thógáil, plean gníomhaíochta le haghaidh claochlú digiteach na Slóvaice 2023‑2026, agus an straitéis náisiúnta um scileanna digiteacha. I mí Aibreáin 2023, chuir an tSlóvaic plean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe isteach chun an leithdháileadh airgeadais laghdaithe a chur san áireamh (tá laghdú de EUR 321 mhilliún tagtha ar an leithdháileadh deontais) agus comhtháthú caibidle maidir le REPowerEU chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú agus chun tacú leis an aistriú glas.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An tSlóivéin
Tá coinne leis go rannchuideoidh an tSlóivéin go dearfach leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun a leibhéal uaillmhéine a bhaint amach agus chun rannchuidiú tuilleadh le spriocanna agus cuspóirí don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach, go háirithe a mhéid a bhaineann le speisialtóirí TFC agus nascacht i limistéir thuaithe, agus ba cheart a rannpháirtíocht ghníomhach i dtionscadail ilnáisiúnta maidir le hardteicneolaíochtaí a choinneáil ar bun. Tá an tSlóivéin ag ullmhú creata go gníomhach dá claochlú digiteach: tá Aireacht um Chlaochlú Digiteach bunaithe aici agus tá straitéis chuimsitheach digitithe glactha aici,
An tSlóivéin Dhigiteach 2030
, atá ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Tá an tSlóivéin ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDICanna) a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga; agus (ii) an tionscadal ‘Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dTreo CitiVerse’, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí bunathraitheacha agus tumthacha le haghaidh tionscadail amach anseo a bhaineann leis an gcathair. Tá an tSlóivéin ar cheann de na Ballstáit a chuir iarratas foirmiúil isteach i gcomhpháirt chun an Chomhpháirtíocht Eorpach Bhlocshlabhra agus an EDIC maidir le Bonneagar Blocshlabhra Eorpach a chur ar bun, lena dtacaítear le seirbhísí poiblí trasteorann ar fud an Aontais.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad beagán níos lú forleathan i measc daonra na Slóivéine idir 16‑74 bliana d’aois ná san Aontas ar an meán (50 % vs 54 %). An sciar de speisialtóirí TFC mar chuid den fhostaíocht iomlán, i gcodarsnacht le blianta roimhe seo, tá sé faoi bhun mheán an Aontais (4,5 % vs 4,6 %) agus leanann sé de bheith faoi bhun riachtanais reatha mhargadh an tsaothair. Tá sciar na mban i measc speisialtóirí TFC, ag 17,6 %, faoi bhun mheán an Aontais de 18,9 % freisin. Thuairiscigh 78 % d’fhiontair na Slóivéine go raibh deacrachtaí acu speisialtóirí TFC a raibh scileanna leordhóthanacha acu a aimsiú, arb é sin an sciar is airde san Aontas. Tá roinnt beart á gcur chun feidhme ag an tSlóivéin faoi láthair chun leibhéal na mbunscileanna digiteacha a mhéadú (e.g., Cur Chun Cinn an Ghnímh um Chuimsiú Digiteach) agus sciar na speisialtóirí TFC (e.g., an tArdán um Inniúlacht a Thuar agus bearta chun speisialtóirí TFC ón gcoigríoch a mhealladh), ach meastar go bhfuil siad sin neamh‑leordhóthanach i bhfianaise na riachtanas a tuairiscíodh.
Ba cheart don tSlóivéin dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha. Go háirithe, ba cheart don tSlóivéinleibhéal na scileanna bunúsacha digiteacha agus, go háirithe, leibhéal na n‑ardscileanna a mhéadú chun ligean dá daonra agus dá geilleagar úsáid iomlán a bhaint as acmhainneacht an chlaochlaithe dhigitigh. Ba cheart di sainaithint luath riachtanais mhargadh an tsaothair a neartú agus iad a chomhlánú tuilleadh trí fhrithghníomhartha breise agus níos gasta, go háirithe a mhéid a bhaineann le huas‑sciliú agus athsciliú digiteach agus oiriúnú na gcuraclam (ard)oideachais do na riachtanais dhigiteacha is déanaí. Féadfaidh comhar treisithe breise idir tionscail, institiúidí (ard)oideachais, an riarachán poiblí agus páirtithe leasmhara ábhartha cur le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin.
BONNEAGAR DIGITEACH
Feidhmíonn an tSlóivéin go maith maidir le cumhdach líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe (VHCN) agus cumhdach snáithíní, ach bíonn nascacht tuaithe agus cumhdach foriomlán 5G fós ina ndúshláin. Tá cumhdach líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe beagán os cionn mheán an Aontais (76 % vs 73 %). Tá gá le hiarrachtaí breise áfach, go háirithe i limistéir thuaithe, áit nach bhfuil ach 51 % de na teaghlaigh cumhdaithe, agus áit a bhfuil topagrafaíocht na tíre ina dúshlán. Ar an bhforiomlán, tá méadú suntasach tagtha ar chumhdach 5G (ó 37 % go 64 %) ach tá sé fós faoi bhun mheán an Aontais de 81 %. Forbairt thábhachtach i réimse na nascachta ab ea an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach a thrasuí sa dlí náisiúnta. Thairis sin, tá an tSlóivéin an‑ghníomhach maidir le bonneagar a fhorbairt le haghaidh ardteicneolaíochtaí agus tá sí rannpháirteach i roinnt tionscadail ilnáisiúnta, e.g., i ndáil leis an gComhghnóthas Eorpach um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa agus Bonneagar Blocshlabhra na hEorpa. Tá an tSlóivéin ag rannchuidiú le héiceachóras an Tionscadail Thábhachtaigh ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide in éineacht le rannpháirtithe comhlachaithe (ag fáil cabhrach faoi bhun thairseach GBER).
Ba cheart don tSlóivéin dlús a chur lena hiarrachtaí i ndáil le bonneagar nascachta. Ba cheart di leanúint de na hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nascachta, go háirithe i limistéir thuaithe, agus iad a chomhlánú. Thairis sin, ba cheart gníomhaíochtaí na Slóivéine, lena n‑áirítear i dtionscadail ilnáisiúnta, i bhforbairt an bhonneagair le haghaidh ardteicneolaíochtaí amhail leathsheoltóirí, an ríomhaireacht chandamach agus an blocshlabhra a choinneáil ar bun chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Léiríonn an tSlóivéin dea‑fheidhmíocht i roinnt réimsí a bhaineann le digiteáil gnólachtaí, ach is féidir feabhas a dhéanamh, , go háirithe i bhfianaise a sprioc uaillmhianach a bheith i measc na dtrí thír is fearr san Aontas sa réimse sin faoi 2030. Maidir le hardteicneolaíochtaí, d’fheidhmigh an tSlóivéin go maith a mhéid a bhaineann le húsáid IS agus néalseirbhísí ach bhí sí i bhfad chun deiridh maidir le hanailís a dhéanamh ar mhórshonraí (7 % i gcomparáid le meán an Aontais de 14 % in 2020). Feidhmíonn an tír beagán faoi bhun mheán an Aontais maidir le FBManna a bhfuil leibhéal déine digití atá bunúsach ar a laghad acu (67 % i gcomparáid le 69 % in 2022). Níl aon aonbheannach ann faoi láthair agus níl aon aonbheannach féideartha amach anseo. Maidir leis an éiceachóras do ghnólachtaí nuathionscanta, is féidir feabhas a chur ar thráchtálú T&F san earnáil TFC agus ar rochtain ar mhaoiniú, go háirithe cothromas, do ghnólachtaí nuathionscanta/gnólachtaí atá ag méadú. Tá bearta á ndéanamh ag an tSlóivéin a bhfuil coinne leis go dtabharfaidh siad aghaidh ar chuid de na dúshláin sin, e.g., tríd an nGníomh maidir le Cineálacha Cistí Infheistíochta Malartacha.
Ba cheart don tSlóivéin leanúint dá beartais a chur chun feidhme sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí, go sonrach trí na hiarrachtaí chun creatdálaí tacaíochta a sholáthar a chur chun feidhme go tapa agus iad a chomhlánú, lena n‑áirítear lucht saothair ardoilte, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Feidhmíonn an tSlóivéin go measartha maith maidir le digiteáil na seirbhísí poiblí. Feidhmíonn sí faoi bhun mheán an Aontais maidir le seirbhísí poiblí digiteacha do shaoránaigh (tá a scór de 71 faoi bhun mheán an Aontais de 77), ach tá sé an‑ghar do mheán an Aontais do ghnólachtaí (scór de 83 i gcomparáid le meán an Aontais de 84). Feidhmíonn an tír os cionn mheán an Aontais maidir le rochtain ar ríomhthaifid sláinte dá saoránaigh (agus scór 80 aici i gcomparáid le meán an Aontais de 72). Seoladh cárta aitheantais leictreonach i mí an Mhárta 2022 agus tugadh fógra ina leith faoi Rialachán eIDAS i mBealtaine 2023. Tá roinnt straitéisí glactha ag an tSlóivéin chun a seirbhísí poiblí a nuachóiriú, lena n‑áirítear an
Straitéis um Sheirbhísí Digiteacha Poiblí 2021‑2030
agus an
Straitéis r‑shláinte 2022‑2027
.
Ba cheart don tSlóivéin dlús a chur lena hiarrachtaí chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go sonrach, ba cheart di na treoshuímh straitéiseacha a aistriú go tapa, ar bhealach rannpháirtíoch (e.g. aiseolas ó úsáideoirí san áireamh), ina mbearta uaillmhianacha agus coincréiteacha chun seirbhísí digiteacha ar líne atá éifeachtúil agus soláimhsithe a sholáthar.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Slóivéine
|
|
Is é EUR 2,5 billiún atá i gceist le RRP na Slóivéine agus tá EUR 0,5 billiún (21 %) de sin tiomanta don chlaochlú digiteach, a bhfuil coinne leis go rannchuideoidh EUR 471 mhilliún de sin leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. Leis an gcéad iarratas ar íocaíocht, arbh ionann é agus EUR 49,6 milliún agus a eisíocadh i mí Aibreáin 2023, bhain an tSlóivéin amach ceithre gharsprioc agus sprioc a bhaineann le cúrsaí digiteacha agus a dhíríonn ar dhá réimse. Ar an gcéad dul síos, digiteáil an gheilleagair, lena n‑áirítear sainaithint rannpháirtithe féideartha do na tionscadail ilnáisiúnta a bhaineann leis an mBonneagar Sonraí Coiteann Eorpach agus Seirbhísí Coiteanna Eorpacha agus leis na Próiseálaithe Ísealchumhachta agus na Sliseanna Leathsheoltóra. Ar an dara dul síos, digiteáil na seirbhísí poiblí, e.g. bunú Comhairle Forbartha Faisnéisíochta um Riarachán Stáit. Tá an tSlóivéin ag obair faoi láthair ar athbhreithniú ar a RRP chun an leithdháileadh airgeadais laghdaithe a chur san áireamh (tá laghdú EUR 286 mhilliún tagtha ar an leithdháileadh deontais) agus comhtháthú caibidle maidir le REPowerEU chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú agus chun tacú leis an aistriú glas. Osclaíodh dréacht le haghaidh comhairliúchán poiblí i Márta 2023 agus
cuireadh faoi bhráid
an Choimisiúin Eorpaigh é an 14 Iúil 2023.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An Spáinn
Tá coinne leis go rannchuideoidh an Spáinn go dearfach leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá iarrachtaí suntasacha déanta ag údaráis na Spáinne le blianta beaga anuas, ag leagan na bunsraithe le haghaidh claochlú digiteach uaillmhianach ar gheilleagar na Spáinne. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Spáinn i ngach ceann de na ceithre ghné den Deacáid Dhigiteach. Cuireadh an straitéis ‘An Spáinn Dhigiteach 2026’, atá ailínithe leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach, i láthair in 2022 chun an claochlú digiteach a chur chun cinn tuilleadh trí thacar athchóirithe agus infheistíochtaí suntasacha poiblí agus príobháideacha.
Tá an Spáinn ag comhoibriú le Ballstáit eile chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun maidir leis an méid seo a leanas: (i) Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga a bhunú, chun bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na samhlacha móra ilteanga; (ii) Géanóim, chun rochtain trasteorann éifeachtach agus shábháilte a chumasú ar stórtha de thacair sonraí ghéanómaíocha phearsanta; (iii) an tionscadal ‘Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dTreo CitiVerse’, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí bunathraitheacha agus tumthacha le haghaidh tionscadail amach anseo a bhaineann leis an gcathair.
SCILEANNA DIGITEACHA
Níl bunscileanna digiteacha ag níos mó ná aon trian de dhaonra na Spáinne. Mar sin féin, éiríonn go maith leis an Spáinn i ndáil le scileanna digiteacha atá bunúsach ar a laghad agus scileanna digiteacha atá os cionn na mbunscileanna, agus baineann 64 % agus 38 % den daonra leas as na scileanna sin faoi seach, atá os cionn mheán an Aontais. Leanann an tír le dul chun cinn a dhéanamh maidir le céatadán na speisialtóirí TFC sa lucht saothair a mhéadú, áit a bhfuil sí beagán faoi bhun mheán an Aontais (4,3 % vs 4,6 %), agus céatadán na gcéimithe TFC, a sháraíonn sí meán an Aontais (4,8 % vs 4,2 %). Tá sciar na mban i measc na speisialtóirí TFC ag 18 %, beagán faoi bhun mheán an Aontais. Cuidíonn sé sin leis an mbearna a laghdú maidir leis an éileamh atá ag méadú go leanúnach. Tá roinnt beart á gcur chun feidhme ag an Spáinn chun an líon speisialtóirí TFC a mhéadú, go háirithe dlí nua chun an córas oiliúna gairmoideachais agus gairmoiliúint (VET) a nuachóiriú, rud a formheasadh i mí an Mhárta 2022, agus cúrsa nua speisialtóireachta VET maidir le IS agus mórshonraí.
Ba cheart don Spáinn dlús a chur lena hiarrachtaí i réimse na scileanna digiteacha, go háirithe ó thaobh uas‑sciliú agus athsciliú an lucht saothair de, go sonrach, i ndáil le teicneolaíochtaí ardleibhéil agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar an easpa speisialtóirí TFC. Ina theannta sin, ba cheart don Spáinn leanúint de níos mó mac léinn a spreagadh chun speisialtóireacht a dhéanamh i TFC agus éagsúlacht agus glacadh inscne‑chothromaithe an ábhair sin a chur chun cinn, ag laghdú, an tráth céanna, aon steiréitíopa a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh múineadh agus foghlaim na faisnéisíochta de.
BONNEAGAR DIGITEACH
Tá an Spáinn ar cheann de na gníomhaithe is fearr san Aontas maidir le bonneagar digiteach, go sonrach i dtaca le nascacht. Ó thaobh líonraí fíor‑ardacmhainneachta fosaithe de, tá sí i bhfad os cionn mheán an Aontais (93 % vs 73 %), agus, i ndáil le cumhdach cábla snáthoptaice go háitreabh, sáraíonn sí meán an Aontais le corrlach leathan (91 % vs 56 %). Níl an tír ach beagán os cionn mheán an Aontais maidir le cumhdach foriomlán 5G (82 % vs 81 %) de bharr moilleanna tosaigh ceantála. Mar sin féin, tá 98 % de na bannaí ceannródaíocha 5G ar fad sannta ag an Spáinn anois agus, faoina RRP, tá bearta iomchuí á gcur chun feidhme aici chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Ghlac an Spáinn a Dlí Teileachumarsáide nua in 2022 agus tá sí ag cur 5G agus imlonnú leathanbhanda araon chun cinn. Maidir le leathsheoltóirí agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha, i mí na Bealtaine 2022, d’fhormheas an Spáinn an Tionscadal Straitéiseach um Théarnamh agus Claochlú Eacnamaíoch maidir le micrileictreonaic agus leathsheoltóirí (PERTE Chip) chun dearadh agus acmhainneacht táirgeachta an tionscail sa Spáinn a neartú chun ceannasacht straitéiseach náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chothú. Bíonn an tír rannpháirteach sa Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an Micrileictreonaic agus le Teicneolaíochtaí Cumarsáide agus tá 11 rannpháirtí dhíreacha gníomhach i réimsí éagsúla (ábhar, dearadh foinse oscailte, trealamh, pacáistiú, nascacht, fótónaic). Tá roinnt beart á gcur chun feidhme ag an Spáinn faoi láthair a d’fhéadfadh cuidiú leis an gcéad ríomhaire san Eoraip le luasghéarú candamach a bhaint amach faoi 2025.
Ba cheart don Spáinn leanúint dá beartais maidir le bonneagar digiteacha chur chun feidhme, agus dlús a chur le cumhdach 5G go sonrach.Ba cheart di dlús a chur le bunú éiceachórais 5G i gcathracha, i monarchana agus i gcriosanna tuaithe ábhartha, agus, sa chomhthéacs sin, comhpháirtíochtaí idir cuideachtaí nuálacha agus cuideachtaí mórscála a sholáthraíonn an bonneagar atá le himlonnú a spreagadh. Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an Spáinn i réimse na leathsheoltóirí agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá céatadán na FBManna a bhfuil leibhéal déine digití atá bunúsach ar a laghad acu beagán faoi bhun mheán an Aontais (68 % vs 69 %), cé go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag údaráis na Spáinne feabhas a chur ar dhigiteáil na bhfiontar. Maidir le comhtháthú na n‑ardteicneolaíochtaí, léiríonn sonraí 2022 dul chun cinn substaintiúil mar go n‑úsáideann 12,3 % d’fhiontair IS agus úsáideann 14,3 % díobh Mórshonraí le haghaidh anailís inmheánach. I bhfianaise a líon mór FBManna agus a sciar tábhachtach i ngeilleagar na Spáinne, beidh tionchar indíreach iolraitheora ag na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá dírithe ar inscálaitheacht agus digiteáil FBManna a fheabhsú. Sheol an Spáinn an tionscnamh Digital Kit chun sásraí comhair inscálaithe, ardtionchair agus poiblí‑príobháideacha a chur chun cinn chun dlús a chur le digiteáil FBManna, agus an clár Gníomhaithe don Athrú chun deontais a thabhairt do FBManna chun saineolaithe claochlaithe digiteacha a fhostú. Faoi Straitéis Náisiúnta IS na Spáinne, tá bearta tábhachtacha glactha ag an tír maidir le IS ar cheart dóibh tacú le forbairt bhreise na dteicneolaíochtaí sin agus a nglacadh ag fiontair a mhéadú. Glacann an tír páirt freisin san IPCEI maidir le Bonneagar agus Seirbhísí Néalríomhaireachta na Chéad Ghlúine Eile. Ina theannta sin, seoladh roinnt beart chun timpeallacht fhabhrach a spreagadh do chuideachtaí agus aonbheannaigh atá ag teacht chun cinn, go háirithe an Dlí um Ghnólachtaí Nuathionscanta.
Ba cheart don Spáinn leanúint dá beartais sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí a chur chun feidhme. Go háirithe, ba cheart di leanúint de bheith ag tacú le forbairt agus le cur in úsáid ardteicneolaíochtaí, go sonrach maidir le FBManna, agus le creatdálaí tacaíochta a sholáthar do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá an Spáinn ar thús cadhnaíochta na r‑sheirbhísí rialtais agus na seirbhísí digiteacha poiblí san Aontas agus leanann sí ag tabhairt cothrom le dáta a cuid seirbhísí agus bonneagair chun iad a thabhairt i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta tapa agus le riachtanais na saoránach agus na ngnólachtaí. Feidhmíonn an Spáinn i bhfad os cionn mheán an Aontais maidir leis na táscairí a thomhaiseann an líon scimeálaithe ar an Idirlíon a úsáideann r‑sheirbhísí rialtais (84 % vs 74 %) ó thaobh seirbhísí poiblí digiteacha do shaoránaigh (86) agus do ghnólachtaí de (91), agus i ndáil le rochtain ar thaifid ríomhshláinte (83). Tá modh ríomh‑shainaitheantais amháin ag an Spáinn, an cárta aitheantais Spáinneach (DNIe) a fógraíodh faoi Rialachán eIDAS. Tá dul chun cinn déanta ag an Spáinn maidir le hidir‑inoibritheacht na seirbhísí poiblí digiteacha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.
Ba cheart don Spáinn leanúint dá beartais a chur chun feidhme chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil. Go háirithe, ba cheart di leanúint dá hiarrachtaí chun cineálacha breise soláthraithe cúraim sláinte a nascadh le ríomhthaifid sláinte go dtí go mbaintear cumhdach iomlán amach. Ba cheart don Spáinn leanúint de bhearta a ghlacadh freisin chun a áirithiú go soláthrófar cáilíocht inchomparáide seirbhíse agus iomláine na sonraí leictreonacha sláinte ar an leibhéal réigiúnach.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Spáinne
|
|
Tiomnaíonn Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Spáinne EUR 19,6 billiún (28,2 %) don chlaochlú digiteach, agus tá coinne leis go rannchuideoidh EUR 18,8 billiún de sin leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach. D’éirigh leis an Spáinn trí iarratas ar íocaíocht a chur isteach, a chumhdaíonn roinnt mhaith garspriocanna agus spriocanna tábhachtacha do bhearta digiteacha, lena n‑áirítear: (i) an
straitéis chun teicneolaíocht 5G a chur chun cinn
; (ii) an
Plean um Dhigiteáil FBManna
le haghaidh 2021‑2025; (iii) an straitéis náisiúnta um IS; sannadh an bhanda 700 MHz agus an ghnímh dlí maidir le cánacha ar an speictream 5G a laghdú; (v) teacht i bhfeidhm Dhlí Ginearálta Teileachumarsáide
na Spáinne 11/2022 an 28 Meitheamh
; (vi) Clár Tacaíochta an Tionscail Cibearshlándála Náisiúnta; agus (vii)
Dlí Orgánach 3/2022 an 31 Márta 2022
maidir le gairmoiliúint a eagrú agus a chomhtháthú. I mí an Mheithimh 2023, chuir an Spáinn isteach a haguisín a ghabhann lena Plean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP), ag neartú a gné dhigiteach, atá á hathbhreithniú ag an gCoimisiún.
|
Tuarascáil 2023 ar an Deacáid Dhigiteach de réir Tíre: An tSualainn
Tá coinne leis go gcuirfidh an tSualainn go mór leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tháinig an tSualainn le bheith digitithe ag céim luath agus tá stair fhada d’ardnascacht aici agus úsáid á baint as uirlisí digiteacha. Agus í ina tír atá aibí go digiteach, leanann an tSualainn de bheith ag feidhmiú go maith thar gach gné den Deacáid Dhigiteach. Mar sin féin, tá moilliú tagtha ar an dul chun cinn maidir le nascacht agus tá an tSualainn fós go mór chun deiridh a mhéid a bhaineann le cumhdach 5G. Tá ardleibhéal inniúlachtaí agus scileanna digiteacha ag an daonra, ach is dúshlán é freastal ar éileamh ard an tionscail ar speisialtóirí TFC. Cuireann an straitéis um dhigiteáil 2017 i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le lucht saothair atá inniúil go digiteach; ní shonraítear spriocanna ar bith sa straitéis, áfach.
SCILEANNA DIGITEACHA
Tá ardleibhéal scileanna digiteacha ag daonra na Sualainne agus tá coinne leis go gcuirfidh sé go mór leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. In 2023, bhí scileanna digiteacha a bhí bunúsach ar a laghad ag 67 % de dhaoine idir 16‑74 sa tSualainn, os cionn mheán an Aontais de 54 %. Féachann roinnt tionscnaimh leanúnacha le feabhas breise a chur ar leibhéal scileanna digiteacha dhaonra na Sualainne.
Ag 8,6 %, tá sciar na speisialtóirí TFC mar chuid den fhostaíocht iomlán i bhfad os cionn mheán an Aontais (4,6 %). An sciar de mhná i measc speisialtóirí TFC, ag 22,9 %, tá sé os cionn mheán an Aontais (18,9 %) freisin. Mar sin féin, cuireann an tionscal i dtábhacht go láidir nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh ar speisialtóirí TFC go fóill. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh an tSualainn dlús lena hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo, i bhfianaise rannchuidiú leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach ar speisialtóirí TFC freisin.
Ba cheart don tSualainn leanúint dá beartais a chur chun feidhme i réimse na scileanna digiteacha. Chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar speisialtóirí TFC, ba cheart don tSualainn dlúthfhaireachán a dhéanamh ar phleananna chun níos mó mac léinn a spreagadh chun speisialtóireacht i TFC trí ghníomhartha sonracha, a bhfuil teorainn ama leo, agus intomhaiste a chur chun feidhme a fheabhsódh inrianaitheacht, meastóireacht, agus bearta leantacha na gclár agus a dtionchar ar an daonra.
BONNEAGAR DIGITEACH
Leanann an tSualainn le dul chun cinn a dhéanamh maidir le nascacht fhosaithe. Mar sin féin, tá sé ag titim chun deiridh mheán foriomlán an Aontais. Cé go bhfuil rochtain ag formhór na dteaghlach ar líonraí fíor‑ardacmhainneachta (85 % vs. 73 % san Aontas ar an bhforiomlán), tá moilliú tagtha ar rolladh amach snáithíní tar éis buaicphointe in 2016 agus is gá aghaidh a thabhairt fós ar bhearnaí sa rochtain gigighiotáin, go háirithe i limistéir thuaithe (76 % na dteaghlach cumhdaithe). Níl an glacadh le nascacht ghigighiotáin ach ag 6,1 %, faoi bhun mheán an Aontais de 13,8 %. Maidir le nascacht mhóibíleach, tá méadú tagtha ar rolladh amach líonra 5G tar éis moille ar cheant an speictrim ábhartha, ach tá an tSualainn fós go mór chun deiridh mheán an Aontais maidir le cumhdach (20 % vs. 81 %) agus maidir le glacadh. Ní mór níos mó a dhéanamh chun sannadh speictrim raidió thar téarma i gcuid de na bannaí ceannródaíocha 5G a thabhairt i gcrích.
A mhéid a bhaineann le bonneagair dhigiteacha eile, glacann an tSualainn páirt i dtionscadail ilnáisiúnta maidir le sár‑ríomhairí agus ríomhairí candamacha a fháil. Tá tionscnaimh i bhfeidhm freisin chun tacú le táirgeadh leathsheoltóirí agus le cur in úsáid nód ciumhais, i gcomhréir leis na spriocanna don Deacáid Dhigiteach.
Ba cheart don tSualainn dlús a chur lena cuid iarrachtaí i ndáil le bonneagar nascachta. Go sonrach, ba cheart don tSualainn dlús a chur le rolladh amach 5G i gcomhréir le héileamh an mhargaidh atá ag teacht chun cinn agus tríd an speictream atá fágtha a shannadh i mbandaí ceannródaithe 5G. Go sonrach, ba cheart don tSualainn measúnú tráthrialta a dhéanamh ar éileamh an mhargaidh atá ag teacht chun cinn ar an speictream neamhshannta atá fágtha sa bhanda 26 GHz (chun cur in úsáid seirbhísí 5G a dhreasú agus a éascú le haghaidh ardfheidhmeanna) agus é a shannadh nuair a thiocfaidh an t‑éileamh chun cinn. Thairis sin, ba cheart don tSualainn an speictream atá fágtha sna bandaí 2,1 agus 2,6 GHz agus banda 900 MHz a shannadh gan a thuilleadh moille.
Ba cheart leanúint de na bearta arna ndéanamh ag an Sualainn i réimse na leathsheoltóirí, na himeall‑ríomhaireachta agus na ríomhaireachta candamaí chun cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina ghníomhaí láidir ar an margadh sna réimsí sin.
DIGITEÁIL GNÓLACHTAÍ
Tá an tSualainn ar thús cadhnaíochta an Aontais maidir le haonbheannaigh (37), agus tá coinne leis go gcuirfidh sí go mór leis na spriocanna uile don Deacáid Dhigiteach sa ghné a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. In 2022, bhí leibhéal déine digití a bhí bunúsach ar a laghad bainte amach ag 87 % de FBManna na Sualainne (i gcomparáid le meán an Aontais de 69 % in 2022), ag druidim le sprioc 2030 de 90 %. Idir 2021‑2024, tá bearta á gcur chun feidhme ag Gníomhaireacht na Sualainne um Fhás Eacnamaíoch agus Réigiúnach chun micreaghnólachtaí agus gnólachtaí beaga i limistéir thuaithe a neartú trí na féidearthachtaí a bhaineann le digiteáil.
Cé go bhfuil céatadán na bhfiontar sa tSualainn a bhfuil ardteicneolaíochtaí digiteacha glactha acu os cionn mheán an Aontais ar an bhforiomlán, tá gá le níos mó iarrachtaí chun cuidiú leis an sprioc don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach, go sonrach maidir le glacadh IS (10 % in 2021) agus mórshonraí (19 % in 2020).
Ba cheart don tSualainn leanúint dá beartais a chur chun feidhme sa réimse a bhaineann le digiteáil gnólachtaí. Go sonrach, ba cheart don tSualainn leanúint de bheith ag tacú le forbairt agus le cur in úsáid ardteicneolaíochtaí, lena n‑áirítear IS, mórshonraí agus néalríomhaireacht, go sonrach trí pháirt a ghlacadh i dtionscadail ábhartha ilnáisiúnta.
DIGITEÁIL SEIRBHÍSÍ POIBLÍ
Tá scór atá os cionn mheán an Aontais ag an tSualainn i dtéarmaí foráil ar líne príomhsheirbhísí poiblí do shaoránaigh agus gnólachtaí (88/100 don dá cheann). Tá idirghníomhaíochtaí ar líne á dtairiscint ag formhór na riarachán poiblí. Tá fógra tugtha ag an tSualainn faoi thrí mhodh ríomh‑shainaitheantais faoi scéim ríomh‑shainaitheantais na Sualainne (Svensk e‑legitimation). I mí an Mheithimh 2022, chuir an Rialtas de chúram ar an nGníomhaireacht um Rialtas Digiteach (Digg) anailís a dhéanamh ar thograí agus iad a chur isteach chun ríomh‑shainaitheantas rialtais a tháirgeadh agus a oibriú. Thug Digg breac‑chuntas ina dhiaidh sin ar thogra le haghaidh réiteach teicniúil i gcomhair ríomh‑shainaitheantas nua. Le scór ilchodach de 70 as 100, feidhmíonn an tSualainn dhá phointe faoi bhun mheán an Aontais (72) maidir le rochtain ar líne ag saoránaigh ar a ríomhthaifid sláinte. Tá an tSualainn ag bailiú sonraí oscailte ó ghníomhaithe poiblí chun sonraí den sórt sin a chur ar fáil do ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon.
Ba cheart don tSualainn leanúint dá beartais chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil a chur chun feidhme. Go sonrach, ba cheart di a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach duine ar scéim ríomh‑shainaitheantais. Ba cheart don tSualainn a cuid infheistíochtaí a mhéadú freisin chun tacú le hardteicneolaíochtaí digiteacha ina seirbhísí poiblí.
|
Digiteáil i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Sualainne
|
|
Is é EUR 3,3 billiún atá i gceist le plean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne agus, tá EUR 650 milliún de sin tiomnaithe do na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Go sonrach, cuirfidh an plean téarnaimh agus athléimneachta leathnú leathanbhanda chun cinn trí níos mó teaghlach a nascadh idir 2023‑2025, le hinfheistíocht de EUR 464 mhilliún. Thairis sin, áirítear sa phlean infheistíochtaí sa ghairmoideachas agus san ardoideachas (EUR 165 mhilliún), agus fócas ar leith ann ar scileanna digiteacha chun freastal ar riachtanais mhargadh an tsaothair amach anseo. Leithdháileann an plean téarnaimh agus athléimneachta freisin EUR 21 mhilliún ar uasghrádú na seirbhísí digiteacha sa riarachán poiblí, lena n‑áirítear bonneagar digiteach comhpháirteach. Níl a céad iarratas ar íocaíocht curtha isteach ag an tSualainn go fóill faoi RRP. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar an aguisín a ghabhann leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta a chuir an tSualainn isteach an 24 Lúnasa 2023.
|