AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.9.2023
COM(2023) 534 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An Chéad Tuarascáil Cur Chun Feidhme maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023DC0534
REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL First Implementation Report on the Single Digital Gateway
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE An Chéad Tuarascáil Cur Chun Feidhme maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE An Chéad Tuarascáil Cur Chun Feidhme maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach
COM/2023/534 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.9.2023
COM(2023) 534 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An Chéad Tuarascáil Cur Chun Feidhme maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach
Clár Ábhar
I. AR LÍNE ANOIS – Faisnéis, Seirbhísí Cúnaimh agus Uirlis Aiseolais maidir le Bacainní in aghaidh an Mhargaidh Aonair
A. Faisnéis a rochtain ar líne ar An Eoraip Agatsa
B. Cúnamh cáilíochta a sholáthar do ghnólachtaí agus do na saoránaigh
C. Bacainní a thuairisciú chun feabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair
II. LE TEACHT – Nósanna imeachta ar líne agus an Córas Teicniúil Aonuaire
CONCLÚID
Tá an Tairseach Aonair Dhigiteach 1 ar cheann de na tionscnaimh r‑Rialtais is uaillmhianaí de chuid an Aontais chun riarachán poiblí a dhigitiú. Cuidíonn sí go mór leis an ualach riaracháin ar ghnólachtaí, ar shaoránaigh agus ar údaráis a laghdú. Tríd an tairseach ghréasáin An Eoraip Agatsa 2 , cuireann an Tairseach Aonair Dhigiteach ionad ilfhreastail ar bun lena soláthraítear an méid seo a leanas do ghnólachtaí agus saoránaigh:
-Faisnéis atá iontaofa agus cothrom le dáta maidir le rialacha agus nósanna imeachta sa Mhargadh Aonair, ar gach leibhéal den rialtas;
-Rochtain dhíreach, láraithe agus threoraithe ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna;
-Rochtain dhíreach ar réimse leathan nósanna imeachta riaracháin atá digitithe go hiomlán, ar lena n‑aghaidh a cheadaítear leis an gCóras Teicniúil Aonuaire (OOTS) malartú uathoibrithe fianaise idir údaráis ar fud an Aontais arna iarraidh sin d’úsáideoirí;
-Uirlisí aiseolais chun tuairisciú a thabhairt maidir le cáilíocht na seirbhísí agus bacainní in aghaidh an Mhargaidh Aonair.
Leis an Tairseach Aonair Dhigiteach 3 cuirtear feabhas ar thimpeallacht Eorpach an ghnó trína chuidiú le cuideachtaí, go háirithe FBManna ar minic a bhíonn níos lú acmhainní agus saineolais acu ná eagraíochtaí níos mó, tuiscint níos fearr a fháil ar na cearta agus ar na deiseanna a thairgtear leis an Margadh Aonair agus úsáid níos fearr a bhaint astu. Baineann FBManna an-tairbhe as an simpliú riaracháin agus as an digitiú a chuirtear ar fáil tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach. Gnólachtaí, go háirithe iad siúd a oibríonn ar bhonn trasteorann, sábhálann siad a lán ama agus airgid trí úsáid a bhaint as an Tairseach Aonair Dhigiteach, go háirithe nuair a bhíonn siad ag iarraidh faisnéis a bhailiú nó nósanna imeachta riaracháin a chur i gcrích 4 .
Simplítear leis an Tairseach Aonair Dhigiteach freisin saol laethúil na saoránach i roinnt mhaith réimsí, amhail taisteal, obair agus scor, oideachas, cearta teaghlaigh agus cúram sláinte, rudaí atá ríthábhachtach chun an leas is fearr a bhaint as a gcearta saorghluaiseachta, go háirithe i gcomhthéacs trasteorann. Dá bhrí sin, cuidíonn an Tairseach Aonair Dhigiteach le leas iomlán a bhaint as an Margadh Aonair 5 agus le spriocanna an Aontais maidir le Deacáid Dhigiteach 6 a bhaint amach agus fóirithint nithiúil a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga an tráth céanna.
Tairbhíonn an Tairseach Aonair Dhigiteach de na hiarrachtaí a rinneadh i gcomhthéacs ionad ilfhreastail earnáilsonrach áirithe amhail na lárionaid náisiúnta le haghaidh gairmithe cáilithe nó na Pointí Teagmhála Aonair 7 , a bhunaítear leis an Treoir um Sheirbhísí. Is réiteach cuimsitheach comhtháite atá sa Tairseach Aonair Dhigiteach, áfach, a fhreastalaíonn ar gach riachtanas atá ag gnólachtaí agus ag saoránaigh le linn a saolré ar fad.
Cuirtear chun feidhme an Tairseach Aonair Dhigiteach i gcéimeanna mar chomhiarracht ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún araon. Seoladh in 2020 í, agus go háirithe faisnéis maidir le cearta agus nósanna imeachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta á cur ar fáil ar An Eoraip Agatsa. Faoi dheireadh 2023, beidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta riaracháin in 21 phríomhréimse inrochtana go hiomlán ar líne, lena n‑áirítear le haghaidh úsáideoirí trasteorann, agus go mbunófar OOTS ionas gur féidir na doiciméid ábhartha a mhalartú amach anseo.
Faoin Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, iarrtar ar an gCoimisiún measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, bunaithe ar an staidreamh agus ar an aiseolas a bailíodh tríd an tairseach. Cuirtear an chéad tuarascáil sin 8 i láthair mar chuid de Phacáiste Faoisimh FBM ón gCoimisiún, ós rud é gurb amhlaidh leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a rannchuidítear le cuspóirí an phacáiste maidir le simpliú rialála agus laghdú an ualaigh riaracháin. Soláthraítear measúnú léi ar chur chun feidhme na Tairsí Aonair Digití agus ar an mbealach a bhfeidhmíonn an Tairseach Aonair Dhigiteach inniu, bunaithe inter alia ar shonraí maidir le húsáid agus aiseolas úsáideoirí. Tugtar tuairisc léi ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo na chéad chéime eile, go mór mór digitiú nósanna imeachta agus OOTS. Dírítear léi freisin ar bhealaí chun tuilleadh feabhais a chur ar an Tairseach Aonair Dhigiteach agus chun í a leathnú a thuilleadh, d’fhonn borradh a chur faoi r‑Rialtas chun fónamh do Mhargadh Aonair iomaíoch agus limistéar inrochtana saorghluaiseachta le haghaidh na saoránach.
Le Cuid I dírítear ar cholúin na Tairsí Aonair Digití atá le fáil ar líne cheana ar An Eoraip Agatsa, is é sin na seirbhísí faisnéise, na seirbhísí cúnaimh agus an uirlis aiseolais maidir le bacainní in aghaidh an Mhargaidh Aonair. Le Cuid II cumhdaítear colúin na Tairsí Aonair Digití atá le teacht a bhaineann le nósanna imeachta ar líne agus OOTS.
I.AR LÍNE ANOIS – Faisnéis, Seirbhísí Cúnaimh agus Uirlis Aiseolais maidir le Bacainní in aghaidh an Mhargaidh Aonair
A.Faisnéis a rochtain ar líne ar An Eoraip Agatsa
Is é atá i gceist le tairseach An Eoraip Agatsa ionad ilfhreastail lena nasctar tairseacha agus seirbhísí de chuid an Aontais agus na rialtas náisiúnta. Tairgtear rochtain ar líne léi ar fhaisnéis ardcháilíochta maidir le rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme maidir le gnólachtaí agus saoránaigh ar gach leibhéal den rialtas (ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil).
Ar An Eoraip Agatsa, is féidir le gnólachtaí, go háirithe FBManna, an fhaisnéis uile a aimsiú a bhfuil gá acu léi chun gnó a thosú 9 , a rith nó a dhúnadh san Aontas, amhail faisnéis maidir le fostaíocht, cánacha, soláthar earraí agus seirbhísí nó rochtain ar chistiú. Mar shampla, is féidir le cuideachta atá ag lorg deiseanna chun a haistriú digiteach nó glas a chistiú fáil amach conas cistiú a rochtain; nó is féidir le cuideachta iompair ar bóthar ar mian léi tiománaithe a phostú ar an gcoigríoch na nósanna imeachta nó na rialacha is infheidhme a aimsiú, mar shampla maidir le luach saothair i ngach tír; agus is féidir le gnólacht beag ar mian leis a ghníomhaíocht turasóireachta a leathnú san Aontas faisnéis a aimsiú maidir le rialacha tírshonracha, maidir lena fhreagracht vis‑à‑vis taistealaithe faoi mhíchumas chomh maith le deiseanna le haghaidh cistiú ón Aontas. Is féidir leis na saoránaigh, óna dtaobh féin, breathnú ar conas aistriú, maireachtáil, taisteal, staidéar a dhéanamh agus post a lorg san Aontas, agus faisnéis ann ar ábhair amhail sláinte agus sábháilteacht ag an obair, doiciméid taistil, foirmiúlachtaí cónaithe, cúram sláinte ar an gcoigríoch, slándáil shóisialta, cearta tomhaltóirí agus níos mó.
Is féidir le cuairteoirí iontaoibh a bheith acu as an bhfaisnéis ar An Eoraip Agatsa, rud a thagann go díreach ó fhoinsí oifigiúla agus a thugtar cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais de réir mar a ghabhann éifeacht le reachtaíocht an Aontais. Cuirtear ar fáil í i bhformáid inrochtana agus shothuigthe, sa teanga náisiúnta nó sna teangacha náisiúnta agus i dteanga iasachta a bhfuil tuiscint choiteann uirthi. 10
Éachtaí
Cuirtear iontaoibh mhéadaitheach in An Eoraip Agatsa agus tugtar cuairt mhéadaitheach uirthi freisin. In 2022, fuair An Eoraip Agatsa thart ar 43 mhilliún cuairt, rud a d’fhág go raibh sé ar an tríú suíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin is mó ar a dtugtar cuairt, taobh thiar de shuíomh gréasáin corparáideach an Choimisiúin agus EUR‑Lex. Leanann an méid sin bliain bhuaice 2021, ar lena linn a gineadh líonta fíor‑ard cuairteoirí le scaoileadh na srianta taistil a bhain le COVID. Na leathanaigh náisiúnta chomhfhreagracha – ar thug na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu agus a bhfuil nasc chucu ó An Eoraip Agatsa – fuair siad 63 mhilliún cuairt eile anuraidh 11 . Fuair ábhar comhcheangailte na Tairsí Aonair Digití 12 níos mó ná 100 milliún cuairt in aghaidh na bliana in 2021 agus in 2022 araon 13 .
Graf 1. An líon cuairteanna chuig An Eoraip Agatsa agus chuig leathanaigh ghréasáin náisiúnta roimh sheoladh na Tairsí Aonair Digití agus ina dhiaidh sin
Le staidreamh 2022 léiríodh gur chaith úsáideoirí níos mó ná 120 000 uair an chloig ar leathanaigh ghréasáin maidir le An Eoraip Agatsa le haghaidh gnólachtaí, gan aon leathanach gréasáin eile a chur san áireamh. Le meastachán coimeádach fiú ar chostais a bhaineann le comhairleoireacht dhlíthiúil, a bhuí leis an Tairseach Aonair Dhigiteach tá thart ar EUR 2,5 milliún in aghaidh na bliana, agus cuid mhór ama, á sábháil ag na húsáideoirí sin, go háirithe FBManna 14 . Is féidir an meánleathanach a bhaineann le An Eoraip Agatsa a léamh go héasca i níos lú ná 4 nóiméad agus tugtar achoimre leis ar théacsanna dlíthiúla casta de chuid an Aontais a thógfadh níos mó ná 2 uair go leith lena léamh ar bhealach a bheadh iomlán cruinn.
Is é a tháinig as tabhairt isteach na feidhmiúlachta cuardaigh nua i mí Lúnasa 2022 (rud a chuirtear in ionad an chuardaigh saorthéacs roimhe sin) méadú suntasach ar chuardaigh a cuireadh i gcrích go rathúil 15 . In 2021 úsáideadh feidhmiúlacht chuardaigh An Eoraip Agatsa 871 104 huaire. Tháinig méadú faoi dhó ar an líon sin in 2022 agus ba é 1 784 566 iarratas a sroicheadh.
Graf 2. Éabhlóid na n‑iarratas cuardaigh a cuireadh faoi bhráid An Eoraip Agatsa ó seoladh é
Tá cumhdach An Eoraip Agatsa cuimsitheach ar bhealach méadaitheach. Ó mhí Eanáir 2023, thug na Ballstáit fógra maidir le 40 776 leathanach gréasáin faoin Tairseach Aonair Dhigiteach. Le fógraí ó na Ballstáit cumhdaíodh 80 % de na limistéir a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach 16 . Le Graf 3 léirítear an cumhdach sin de réir an Bhallstáit 17 . Le mapáil chomhchosúil tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar chumhdach faisnéise áitiúla, nach mór do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi freisin ó bhí mí na Nollag 2022 ann 18 .
Graf 3. Céatadán na faisnéise a chumhdaítear ar an Tairseach Aonair Dhigiteach de réir tíre
Léiríodh le suirbhé ó 2023 maidir le An Eoraip Agatsa 19 gur mheas 92.5 % de na freagróirí is saoránaigh agus 90.3 % de na freagróirí is gnólachtaí go raibh an tairseach sásúil nó níos fearr. Dheimhnigh 77 % de na gnólachtaí agus 76 % de na saoránaigh gur aimsigh siad an fhaisnéis a bhí á lorg acu. Dhéanfadh 88.4 % de na gnólachtaí agus 90.6 % de na saoránaigh An Eoraip Agatsa a mholadh do chairde, don teaghlach nó do chomhghleacaithe.
Tá an tairseach tagtha chun bheith níos inrochtana agus níos sofheicthe ná mar a bhí riamh. I gcás na saoránach, is iad na hábhair is mó éileamh ar An Eoraip Agatsa ‘Taisteal’ agus ‘Obair agus scor’. Is iad na hábhair is mó a chuardaíonn gnólachtaí ‘Gnó a rith’ agus ‘Cánachas’. Le réamhthorthaí léirítear torthaí inchomparáide le haghaidh leathanaigh ghréasáin náisiúnta 20 , cé nach ndearnadh na cuairteanna chuig ábhar náisiúnta maidir le An Eoraip Agatsa a rianú ach ó bhí mí Lúnasa 2022 ann nuair a seoladh an cuardach treoraithe.
Chun infheictheacht mhéadaithe a áirithiú, rinne an Coimisiún seónna bóthair digiteacha in 21 Bhallstát agus le feachtas ag a bhfuil 79 dtionchaire sroicheadh níos mó ná 9.5 milliún duine 21 .
Graf 4. Cuairteanna de réir ábhair le haghaidh ábhair a bhaineann leis an saoránach (an taobh clé) agus le gnólachtaí (an taobh deas)
I gcás teagmhais gan choinne nó géarchéim, úsáideann an Coimisiún infheictheacht An Eoraip Agatsa mar iolraitheoir chun faisnéis a sholáthar do ghnólachtaí agus saoránaigh trí ábhar nua a óstáil (e.g., Brexit) nó trí nascadh le suíomhanna gréasáin eile de chuid an Choimisiúin (e.g., an Úcráin agus faisnéis ann le haghaidh dídeanaithe, deontóirí, gnólachtaí).
Réimsí feabhsúcháin na chéad chéimeanna eile
Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint d’fheabhas a chur ar An Eoraip Agatsa agus a líonra de thairseacha náisiúnta mar an phríomh‑spriocfhoinse le haghaidh faisnéis phraiticiúil, shothuigthe, iontaofa, inrochtana maidir le rialacha, nósanna imeachta, agus deiseanna gnó ar gach leibhéal riaracháin.
Leanfaidh an Coimisiún de chumhdach, so‑aimsitheacht agus rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú le haghaidh gnólachtaí, agus FBManna go háirithe, agus le haghaidh na saoránach i réimsí atá criticiúil chun cuidiú leo an leas is fearr a bhaint as an Margadh Aonair:
-Cuirfidh sé feabhas ar sho‑aimsitheacht faisnéise i dtaca le ceanglais maidir le táirgí le haghaidh monaróirí agus miondíoltóirí. Tá an t‑ábhar sin ar cheann de na hábhair chuardaigh is mó éileamh cheana le haghaidh gnólachtaí. I bhfianaise an lín rialacha is infheidhme maidir le táirge sonrach amháin, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, de chineál táirgeshonrach agus cothrománach araon, tiocfaidh An Eoraip Agatsa chun bheith ina phointe rochtana aonair le haghaidh na gceanglas sin. Go comhthreomhar, ní mór do na Ballstáit dlús a chur leis an bhfógra faoi rialacha náisiúnta gaolmhara a cheanglaítear leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach.
-Cuirfidh sé faisnéis maidir le cánachas i láthair freisin ar bhealach soláimhsithe. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú, maidir leis an bhfaisnéis sa Bhunachar sonraí ‘Cánacha san Eoraip’ 22 agus bonneagar teicniúil an bhunachair sonraí sin, go mbeidh siad cothrom le dáta chun an fhaisnéis cheart a thairiscint do FBManna.
-Ós rud é go bhfuil níos mó faisnéise á cur isteach ag na Ballstáit, lena n‑áirítear ar an leibhéal bardasach, leanfaidh an Coimisiún den mhéid sin a chur i láthair ar bhealach níos struchtúrtha agus soláimhsithe ná riamh. Mar shampla, áirítear leis sin faisnéis i ndáil le rialacháin maidir le rochtain ar fheithiclí uirbeacha (UVARanna) amhail Saincheantair Astaíochtaí Ísle nó greamáin dola.
-Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint d’fheabhas a chur ar sho‑aimsitheacht faisnéise maidir le slándáil shóisialta, rud atá lárnach le haghaidh saoránaigh, oibrithe agus fostóirí soghluaiste agus atá ina choinníoll fíor‑riachtanach maidir le saorghluaiseacht oibrithe.
-Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag cur feabhas ar an inneall nua cuardaigh threoraithe agus de bheith á uasghrádú. Tá a rath ag brath ar an bhfaisnéis a dtugann na Ballstáit fógra fúithi freisin.
Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún de An Eoraip Agatsa a bhunú mar phríomhionstraim chun bunfhaisnéis fhíor‑riachtanach a rochtain. Maidir leis sin, tá na gnéithe atá ann faoi láthair in úsáid go forleathan cheana. Mar shampla, is féidir le saoránach nó FBM An Eoraip Agatsa a úsáid cheana chun uimhreacha CBL a sheiceáil chun a fháil amach má tá gnólacht cláraithe chun trádáil go trasteorann laistigh den Aontas, rud a bhfuil gá leis le haghaidh roinnt mhaith nósanna imeachta. Is fíor é sin freisin i gcás an Chárta Gairmí Eorpaigh. Mar an gcéanna, déanfar rialacha tráchta náisiúnta, atá ar shuíomh gréasáin ar leithligh de chuid an Aontais faoi láthair, a fhoilsiú ar An Eoraip Agatsa faoi dheireadh 2023. Fiosróidh an Coimisiún modhanna nua freisin chun faireachán a dhéanamh ar an ábhar, amhail córais tóireadóra cháilíochta uathoibrithe 23 .
Ar deireadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar úsáid samhlacha teanga móra faoi chumhacht na hintleachta saorga, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí um aitheantas teanga nádúrtha. Leis na samhlacha sin, is féidir córais soláthair faisnéise atá níos dinimiciúla, níos feasaí ar chomhthéacs agus níos pearsantaithe a chruthú lenar féidir an bealach a bhfaigheann úsáideoirí rochtain ar ábhar rialála agus a ndéileálann siad le hábhar rialála a athrú as éadan. Faoi dheireadh, is féidir go bhféadfar leis na huirlisí sin méideanna móra faisnéise a pharsáil ó fhoinsí éagsúla, lena n‑áirítear rialacha agus nósanna imeachta an Aontais agus rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta, agus iad a chur i láthair i bhformáid atá saincheaptha do riachtanais shonracha an úsáideora.
Mar fhreagairt ar mhór‑ghéarchéimeanna, deimhneoidh An Eoraip Agatsa a ról mar iolraitheoir le haghaidh faisnéis oifigiúil, amhail an ról a bhí aige mar fhreagairt ar an bpaindéim nó ar an gcogadh san Úcráin. Go ginearálta, áiritheoidh ranna an Choimisiúin go dtagrófar ar bhealach níos córasaí don suíomh gréasáin An Eoraip Agatsa nuair a leagtar síos ceanglais nua maidir le faisnéis i reachtaíocht nua an Aontais.
·Iarrtar ar na Ballstáit leanúint de bheith ag cur feabhas ar chumhdach agus cáilíocht na faisnéise a sholáthraítear don tairseach agus fógra a thabhairt faoin bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach.
·Feabhsóidh an Coimisiún so‑aimsitheacht na faisnéise agus béim ar leith á cur ar réimsí atá lárnach le haghaidh FBManna, lena n‑áirítear ceanglais maidir le táirgí agus cánachas. Deimhneoidh sé agus méadóidh sé ról an tsuímh gréasáin mar iolraitheoir tráthúil le haghaidh faisnéis oifigiúil, go háirithe i gcás teagmhais agus géarchéimeanna móra. Ar deireadh, déanfaidh sé measúnú ar úsáid samhlacha teanga móra forbartha faoi chumhacht na hintleachta saorga chun tuilleadh feabhais a chur ar an mbealach a gcomhroinntear faisnéis rialála le húsáideoirí, go háirithe FBManna.
B.Cúnamh cáilíochta a sholáthar do ghnólachtaí agus do na saoránaigh
Leis an Tairseach Aonair Dhigiteach soláthraítear tacaíocht bhreise trí sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna pearsantaithe, nuair nach leor leathanaigh faisnéise na Tairsí Aonair Digití agus/nó i gcás ina mbeidh fadhbanna ag na saoránaigh nó ag gnólachtaí le linn dóibh féachaint lena gcearta a fheidhmiú sa Mhargadh Aonair 24 .
Éachtaí
Tá an tairiscint seirbhísí á leathnú. I mí na Nollag 2020, tháinig seacht bpríomhsheirbhísí cúnaimh 25 chun bheith le fáil ar An Eoraip Agatsa i dteannta Cuardaitheoir Seirbhísí Cúnaimh 26 lena n‑éascaítear rochtain ar na seirbhísí sin. Áirítear orthu sin: (1) Pointí Teagmhála Aonair; (2) Pointí Teagmhála do Tháirgí; (3) Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta; (4) Lárionaid chúnaimh náisiúnta um cháilíochtaí gairmiúla; (5) Pointí teagmhála náisiúnta do chúram sláinte trasteorann; (6) Líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta (EURES); (7) Réiteach díospóide ar líne.
Leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach ceadaítear do sheirbhísí cúnaimh breise a bheith páirteach má bhíonn a dtairiscint comhlántach leis na seirbhísí atá ann cheana, má chomhlíonann siad na critéir cháilíochta agus mura ngearrann siad aon táille nó mura ngearrann siad ach táillí beaga 27 . Ar an mbonn sin, ghlac trí sheirbhís páirt i dtairiscint seirbhíse na Tairsí Aonair Digití agus leathnaigh siad í: An Eoraip Agatsa – Comhairle, an Gréasán SOLVIT agus Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí 28 . Tá gar do 100 % de na seirbhísí sin le fáil anois tríd an gCuardaitheoir Seirbhísí Cúnaimh.
Úsáidtear an tseirbhís go forleathan. In 2021 agus 2022 araon, sholáthair na seirbhísí cúnaimh cúnamh in 6.5 milliún cás 29 , a raibh 5.3 milliún díobh ina saoránaigh agus 1.2 milliún díobh ina ngnólachtaí. Is iad na grúpaí úsáideoirí is minice a dtacaítear leo fostóirí agus cuardaitheoirí poist (6 mhilliún), cuideachtaí soláthair seirbhíse (157 000 cás), tomhaltóirí ag a bhfuil ceisteanna faoina gcearta (120 000) nó i ndíospóidí le trádálaithe ar líne (80 000 cás 30 ) agus daoine a lorgaíonn cúram sláinte i dtír eile (63 000 cás) 31 .
Graf 5. An líon cásanna de réir an chineáil seirbhíse (barr) agus de réir ábhar (bun)
Is féidir coinne a bheith ag gnólachtaí agus ag na saoránaigh le freagairt laistigh de 2 nó 3 lá féilire. Mar sin féin, tógann aga freagartha an dá chineál pointe teagmhála do tháirgí 8 go 9 lá ar an meán. D’fhéadfadh sé gurb é is cúis leis sin castacht na gceanglas maidir le táirgí, rud a eascraíonn go minic as meascán de reachtaíocht an Aontais agus de reachtaíocht náisiúnta. Is féidir go mbeadh ról freisin ag sriantachtaí acmhainní agus sreafaí oibre líonraí. Mar sin féin, ní sheasann sé sin ach do thart ar 1 % de na cásanna uile.
Is dearfach an t‑aiseolas ó úsáideoirí. Go dtí seo, bailíodh níos mó ná 3 200 píosa aiseolais, trí lúb aischothaithe shonrach 32 , agus meánrátáil 4.3 réalta as 5 ann. Is luachmhéadú dearfach é sin ós rud é go ndéantar ró‑ionadaíocht ar úsáideoirí míshásta sa chineál córas sin 33 .
Réimsí feabhsúcháin agus na chéad chéimeanna eile
Go dtí seo, ní úsáidtear aiseolas úsáideoirí ná staidreamh cáis, ar bhonn córasach, mar uirlis chun feabhas a chur ar an tairiscint seirbhísí fhoriomlán. Oibreoidh an Coimisiún i dteannta na mBallstát agus seirbhísí cúnaimh ábhartha chun é sin a athrú. I dtéarmaí coincréiteacha, ciallaíonn sé sin go ndéanfar faireachán cuí ar mhéaduithe agus laghduithe sna cineálacha iarrataí agus aiseolais ó úsáideoirí chun a áirithiú gur féidir freastal ar an mbealach is fearr ar shaoránaigh agus gnólachtaí. Mar shampla, i gcás ina bhfaighidh Pointe Teagmhála Aonair méadú ar iarrataí ó chuideachtaí tógála a thagann ó Bhallstát eile, agus ina léirítear leis an aiseolas nach n‑aimsíonn na cuideachtaí sin an fhaisnéis atá á lorg acu, ba cheart gníomhaíocht ó na húdaráis ábhartha a spreagadh leis sin. D’fhéadfaidís feabhas a chur ar fhaisnéis ar leathanaigh náisiúnta na Tairsí Aonair Digití agus/nó iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar leathanaigh ar An Eoraip Agatsa agus/nó bearta eile a dhéanamh chun éascaíocht a dhéanamh maidir le gnó a dhéanamh ina mBallstát.
Tosóidh an Coimisiún ar rianú a dhéanamh ar conas a úsáidtear an Cuardaitheoir Seirbhísí Cúnaimh chun feabhsuithe a spriocdhíriú ar na seirbhísí is mó a úsáidtear agus chun gur féidir seirbhísí níos fearr a thairiscint do FBManna agus do na saoránaigh, seirbhísí a bheidh níos inrochtana le haghaidh úsáideoirí trasteorann.
Chun feabhas a chur ar thairiscint seirbhísí na Tairsí Aonair Digití moltar do na Lárionaid Europe Direct, na Comhlachtaí Forfheidhmithe Náisiúnta san iompar agus an Deasc Chabhrach um Chearta Maoine Intleachtúla roghnú a bheith páirteach. Thiocfadh an Tairseach Aonair Dhigiteach chun bheith ina fíorionad ilfhreastail de sheirbhísí cabhrach ar leibhéal an Aontais ar fud na n‑ábhar uile a bhaineann leis an Margadh Aonair.
Ar deireadh, cuirfidh an Coimisiún feabhas ar úsáideoirí a threorú ar leathanaigh ghréasáin na Tairsí Aonair Digití chuig na seirbhísí cúnaimh is iomchuí trí fheidhm chuardaigh aontaithe a fhorbairt le haghaidh faisnéis agus cúnamh ar líne. D’fhéadfaí réitigh faoi chumhacht na hintleachta saorga a fhiosú freisin chun gur féidir an sprioc sin a bhaint amach ar bhealach níos fearr.
·Moltar do na Ballstáit feabhas a chur ar bhailiú an aiseolais ó na húsáideoirí agus an staidrimh cáis, atá neamhiomlán go dtí seo, ionas gur féidir an t‑aiseolas sin a úsáid chun feabhas a chur ar an tseirbhís fhoriomlán le haghaidh na saoránach agus gnólachtaí.
·Molfaidh an Coimisiún go ndéanfaí réimse na seirbhísí réitigh fadhbanna a leathnú a thuilleadh. Cuirfidh sé feabhas ar an gcomharthaíocht i dtreo sheirbhísí cúnaimh na Tairsí Aonair Digití freisin.
C.Bacainní a thuairisciú chun feabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair
Is féidir le gnólachtaí agus saoránaigh a bhfuil bacainní rompu sa Mhargadh Aonair iad a thuairisciú go díreach trí An Eoraip Agatsa, ach cliceáil ar ‘bacainn a thuairisciú’ sa roghchlár uachtair. Leis sin osclaítear foirm ghréasáin chun bacainn ar ar thángthas sa Mhargadh Aonair a thuairisciú 34 , ar cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt uirthi ansin. Leis an Uirlis maidir le Bacainní in aghaidh an Mhargaidh Aonair (SMOT) bailítear na sonraí sin agus déantar anailís orthu. Tá sé de phríomhsprioc aici léargais a sholáthar maidir leis na dúshláin is práinní a bhaineann leis an margadh inmheánach ó thaobh gnólachtaí agus na saoránach 35 , agus rannchuidiú le beartas atá níos sonraíbhunaithe.
Éachtaí
Ó bhí mí na Nollag 2020 ann thuairiscigh SMOT 1 511 bhacainn cheana. Tá na bacainní a tuairiscíodh agus achoimre dheaise ar fáil i bhfíor‑am do na Ballstáit agus don Choimisiún agus foilsítear tacair sonraí anaithnidithe uair sa bhliain ar Thairseach Sonraí Oscailte an Aontais.
Baineann 80 % de na bacainní a tuairiscíodh leis na saoránaigh. A mhéid a bhaineann leis na saoránaigh, baineann na saincheisteanna is mó a léirítear (sa líon cásanna) le cearta tomhaltóirí go príomha (23 % de chásanna na saoránach), obair agus scor (16 %), agus cearta saoránach agus teaghlaigh (15 %).
Graf 6. Bacainní a tuairiscíodh ar An Eoraip Agatsa de réir ábhair, saoránaigh
Baineann 20 % de na bacainní a tuairiscíodh le gnólachtaí. Maidir le gnólachtaí, cánacha atá taobh thiar den líon is airde bacainní a tuairiscíodh (25 %), agus ina dhiaidh sin tá soláthar seirbhísí (24 %), oibriú gnó a thosú, a rith, a dhúnadh (15 %), cistiú (10 %), agus fostú oibrithe (10 %).
Graf 7. Bacainní a tuairiscíodh ar An Eoraip Agatsa de réir ábhair, gnólachtaí
Réimsí feabhsúcháin agus na chéad chéimeanna eile
Níl sé soiléir i gcónaí d’úsáideoirí An Eoraip Agatsa nach bhfuil SMOT beartaithe chun cásanna aonair a réiteach. Le haghaidh na húsáide sonraí sin, tá úsáideoirí ródaithe chuig seirbhísí cúnaimh náisiúnta nó seirbhísí a bhainistítear ar leibhéal an Aontais amhail SOLVIT 36 agus An Eoraip Agatsa – Comhairle. Is gá, dá bhrí sin, an treoraíocht le haghaidh úsáideoirí agus seicheamh aistear an úsáideora a shoiléiriú maidir leis an bpointe sin.
Go luath amach anseo, is é is aidhm don uirlis na sonraí a bailíodh trí An Eoraip Agatsa a chomhthiomsú leis an raidhse sonraí atá ann cheana maidir le bacainní ar fud foinsí éagsúla 37 , lena n‑áirítear An Eoraip Agatsa – Comhairle, SOLVIT, an Líonra Fiontar Eorpach 38 agus na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí (ECC). Beartaítear sonraí a áireamh léi freisin, ar sonraí iad arna soláthar ó eagraíochtaí gnó deonacha, amhail EUROCHAMBRES, agus sásra aiseolais FBM, ar Suirbhé de chuid an Aontais é arna oibriú ag an Líonra Fiontar Eorpach 39 . Mar a léirítear thíos, éilítear leis sin comhtháthú, caighdeánú agus léirshamhlú sonraí cliste 40 .
Graf 8. Comhpháirteanna SMOT
Chun leas a bhaint as acmhainneacht sonraí loma a thagann as comhtháthú foinsí éagsúla, éilítear anailísíocht úrscothach. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an fhéidearthacht chun úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí a fhiosrú, ar teicneolaíochtaí iad amhail Intleacht Shaorga (IS), Meaisínfhoghlaim agus Próiseáil Teanga Nádúrtha chun go gcinnfear foinse na mbacainní a tuairiscíodh (e.g. easpa faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, forfheidhmithe nó nós imeachta etc.), patrúin ábhartha agus na gníomhaíochtaí ba cheart a dhéanamh.
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht a eisiúint freisin maidir le conas is féidir na huirlisí atá ann cheana a úsáid chun na bacainní a tuairiscíodh a láimhseáil lena n‑áirítear freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát chun déileáil leis na bacainní agus ról SMOT. Is iad na huirlisí atá ar fáil, mar shampla, gníomhaíochtaí ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta, comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, imeachtaí um shárú, tograí nua ón gCoimisiún etc. D’fhéadfadh na sonraí a bheith ina gcuidiú freisin chun na bacainní is práinní atá le plé agus le réiteach a shainaithint laistigh den Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET), ar fóram ardleibhéil é ina n‑oibríonn an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun feidhmiú cuí an Mhargaidh Aonair a áirithiú.
·In 2023 déanfaidh an Coimisiún comhtháthú na sonraí maidir le bacainní arna mbailiú ar An Eoraip Agatsa a chur i gcrích agus foinsí éagsúla i gceist, go háirithe An Eoraip Agatsa – Comhairle, SOLVIT, an Líonra Fiontar Eorpach agus an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí agus sonraí eagraíochtaí gnó deonacha ar bord (is é sin EUROCHAMBRES agus sásra aiseolais FBM). Déanfaidh an Coimisiún an fhéidearthacht a fhiosrú freisin chun úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí amhail an Intleacht Shaorga (IS).
·Eiseoidh ionadaithe náisiúnta na mBallstát agus an Coimisiún treoraíocht maidir le conas na bacainní a tuairiscíodh a láimhseáil. D’fhéadfadh sonraí feabhsaithe a bheith ina gcuidiú freisin chun na bacainní is práinní ar a bhfuil aghaidh le tabhairt laistigh de SMET a shainaithint.
II.LE TEACHT – Nósanna imeachta ar líne agus an Córas Teicniúil Aonuaire
Tá sé de chuspóir fíor‑riachtanach ag an Tairseach Aonair Dhigiteach a fhágáil gur fusa do ghnólachtaí agus do na saoránaigh riarachán a dhéanamh laistigh den Mhargadh Aonair. Tá sé d’aidhm aige sin aistear an úsáideora a shimpliú ó bhonn, rómhaorlathas agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a ghearradh go mór do ghnólachtaí agus saoránaigh. Meastar freisin go mbeidh tionchar dearfach eacnamaíoch ag prionsabal na haonuaire ar bhuiséid na mBallstát. 41 .
Faoi mhí na Nollag 2023, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
a.Áiritheoidh siad gurb amhlaidh nuair is féidir le húsáideoirí náisiúnta nósanna imeachta náisiúnta a rochtain agus a líonadh isteach ar líne gur féidir le húsáideoirí trasteorann déanamh amhlaidh freisin ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach.
b.Soláthróidh siad rochtain ar líne, d’úsáideoirí náisiúnta agus trasteorann, ar 21 chineál nósanna imeachta 42 do ghnólachtaí agus saoránaigh (Tábla 1).
Déanfar na cineálacha nós imeachta uile faoi Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a thairiscint go hiomlán ar líne 43 , rud a fhágann go mbeidh úsáideoirí in ann sainaithint agus fíordheimhniú a dhéanamh, an t‑iarratas a líonadh isteach agus a shíniú ar líne, fógra a fháil go leictreonach maidir leis an nós imeachta a bheith líonta isteach agus an t‑aschur ábhartha a fháil i bhformáid dhigiteach.
|
DO GHNÓTHAÍ |
DO SHAORÁNAIGH |
|
Fógra a thabhairt faoi ghníomhaíocht ghnó agus athruithe agus foirceannadh ina dhiaidh sin 44 |
Athrú ar sheoladh a chlárú |
|
Cead a iarraidh le haghaidh gníomhaíocht ghnó |
Cruthúnas ar chónaí a iarraidh |
|
Clárú mar fhostóir le haghaidh pinsin agus slándáil shóisialta |
Teastas breithe a iarraidh |
|
Fostaithe a chlárú le haghaidh pinsin agus slándáil shóisialta |
Cinneadh na reachtaíochta slándála sóisialta a iarraidh |
|
Fógra a thabhairt faoi dheireadh conartha fostaithe le haghaidh slándáil shóisialta |
Fógra a thabhairt faoi athrú ar imthosca pearsanta chun críoch slándála sóisialta |
|
Ranníocaíocht shóisialta a íoc le haghaidh fostaithe |
Iarratas a dhéanamh ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) |
|
Cáin chorparáide a dhearbhú |
Pinsean a éileamh |
|
Faisnéis a iarraidh maidir le cearta pinsin arna bhfáil |
|
|
Cáin ioncaim a dhearbhú |
|
|
Mótarfheithiclí a chlárú |
|
|
Greamáin dola astaíochta le haghaidh mótarfheithicle a fháil |
|
|
Clárú in ollscoil |
|
|
Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú staidéir |
|
|
Aitheantas a iarraidh ar dhioplómaí acadúla |
Tábla 1. An 21 chineál nós imeachta atá le digitiú le haghaidh gnólachtaí agus le haghaidh na saoránach
Ina theannta sin, faoi mhí na Nollag 2023, déanfaidh an Coimisiún Seirbhísí Coiteanna OOTS a chur in úsáid (is é sin, an tEolaire Seirbhísí Sonraí, an Bróicéir fianaise agus an Stóras séimeantach). Áiritheoidh na Ballstáit an nasc teicniúil idir a dtairseacha nós imeachta leis na Seirbhísí Coiteanna arb é is aidhm dó sin malartú trasteorann uathoibrithe agus slán fianaise a chumasú – i bhfoirm doiciméad nó sonraí struchtúrtha – a éilítear chun na nósanna imeachta sin a líonadh isteach.
Le haghaidh nós imeachta sonrach faoin Tairseach Dhigiteach Aonair, ní bheidh nósanna imeachta éagsúla sna Ballstáit roimh úsáideoirí a thuilleadh, agus saincheisteanna ann a bhaineann le doiciméid a eisítear i mBallstáit éagsúla nó ar shuíomhanna gréasáin éagsúla chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích. Agus tús á chur lena aistear ó An Eoraip Agatsa, beidh an t‑úsáideoir in ann aon tairseach nós imeachta ar líne a fhíordheimhniú, chun na doiciméid a éilítear a shainaithint ar bhealach níos tapa agus comhroinnt doiciméad agus sonraí idir údaráis inniúla a spreagadh. Ní bheidh ar an úsáideoir doiciméid a chuardach, a aisghabháil ná a íoslódáil/a uaslódáil a thuilleadh. A bhuí le OOTS, leis an Tairseach Aonair Dhigiteach laghdófar costas na soghluaisteachta sa Mhargadh Aonair, chomh maith le hachrainn agus bacainní riaracháin, agus ní fhorchuirfear aon oibleagáid bhreise ar na saoránaigh ná ar ghnólachtaí.
Is féidir an simpliú a léiriú agus a mhíniú mar a leanas:
Mar shampla, is mian le FBM de chuid na hIodáile iarratas a dhéanamh ar chead chun oibriú sa Ghearmáin. Le OOTS cumasófar cur i gcrích nósanna imeachta trí rochtain dhíreach chuig an tairseach nós imeachta ábhartha de chuid na Gearmáine trí An Eoraip Agatsa. Chun an nós imeachta a líonadh isteach ar líne, leis an tairseach de chuid na Gearmáine iarrfar ar ionadaí (dlíthiúil) an FBM de chuid na hIodáile an fhianaise is gá a sholáthar (e.g. deimhnithe ar cháilíocht ghairmiúil a fuarthas san Iodáil agus san Ostair), atá le haisghabháil trí OOTS. Úsáidfear OOTS chun an fhianaise a éilítear a iarraidh agus a aimsiú go huathoibríoch, agus malartú uathoibrithe doiciméad oifigiúil idir údaráis á gcumasú (is é a thagann roimhe sin iarraidh shainráite agus réamhamharc fianaise ag an Úsáideoir).
Éachtaí
Le réamhfhaisnéis a bhailítear i gcomhthéacs na Tuarascála Tagarmhairc le haghaidh an r‑Rialtais 45 léirítear an dul chun cinn substaintiúil i ndigitiú na nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach: cé gur féidir le náisiúnaigh 81 % de nósanna imeachta AE27+ a líonadh isteach ar líne agus gur féidir le húsáideoirí trasteorann 46 % díobh a líonadh isteach ar líne, tá na nósanna imeachta a bhaineann leis an Tairseach Aonair Dhigiteach cothrom le 84 % agus 47 % ar an meán. Tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a tharla le linn na hoibre ar dhigitiú na nósanna imeachta ábhartha.
Maidir le malartú uathoibrithe fianaise, ghlac an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla OOTS 46 agus chuir sé sé cinn de ghrúpaí ar bun chun na príomhchúraimí seo a leanas a dhéanamh: mapáil fianaise, dearadh teicniúil, slándáil, caighdeánú, tástáil agus rialachas oibríochtúil. Tá Seirbhísí Coiteanna OOTS á bhforbairt ag an gCoimisiún agus tá sé ag tacú leis na Ballstát maidir le conas an nasc teicniúil idir a dtairseacha nós imeachta a áirithiú leis na Seirbhísí Coiteanna. Leis na teagmhais mhórscála atá á n‑eagrú ag an gCoimisiún, (ar a dtugtar Tionscadalatóin) 47 , léiríodh ullmhacht ardfheidhmiúil Sheirbhísí Coiteanna OOTS arna bhforbairt ag an gCoimisiún.
Chun idir‑inoibritheacht a áirithiú idir OOTS agus Tiachóg na Céannachta Digití ón Aontas, bhunaigh an Coimisiún freisin grúpa i gcomhar le saineolaithe ó na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar thrí chineál sineirge: maidir le heispéireas úsáideoirí, infheistíochtaí agus séimeantaic. Nuair a thiocfaidh Tiachóg na Céannachta Digití ón Aontas chun bheith oibríochtúil, tairbheoidh na húsáideoirí de roghanna nós imeachta breise. Mar shampla, beidh úsáideoirí in ann a ndoiciméid chéannachta agus a ndoiciméid leictreonacha a nochtadh óna dTiachóg Céannachta Digití ón Aontas do thairseacha nós imeachta nó úsáid a bhaint as OOTS chun doiciméid leictreonacha a fháil go díreach ón bhfoinse bharántúil faisnéise 48 . Beidh an fhianaise a aisghabhtar trí OOTS in‑íoslódáilte freisin.
Ar deireadh, beidh níos mó úsáideoirí in ann tairbhiú den Tairseach Aonair Dhigiteach (lena n‑áirítear OOTS) agus de na simplithe a thugtar leo, ós rud é gur bheartaigh an Coimisiún a raon feidhme a leathnú chuig cásanna úsáide nua mar chuid de thionscnaimh reachtacha nua. Bainfidh cuid díobh le roinnt mhaith saoránach agus gnólachtaí, mar shampla i gcomhthéacs na seirbhísí cóiríochta gearrthéarma ar cíos agus na gceadúnas tiomána 49 . Bainfidh cinn eile le ceadú le haghaidh tionscadail straitéiseacha atá fíor‑riachtanach le haghaidh Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, amhail an Gníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta agus an Gníomh maidir le hAmhábhair Chriticiúla.
Na chéad chéimeanna eile
-Garsprioc mhí na Nollag 2023 a bhaint amach
Cuirfidh an Coimisiún Seirbhísí Coiteanna OOTS ar fáil, lena n‑áirítear na comhéadain lena gceadaítear do chomhordaitheoirí náisiúnta, údaráis inniúla, ardáin idirmheánacha agus don Choimisiún an fhaisnéis atá sna seirbhísí sin a bhainistiú. Tabharfaidh an Coimisiún stóras coiteann IMI chun críche le haghaidh eisceachtaí ar nósanna imeachta ar líne agus sreabhadh oibre IMI chun barántúlacht na fianaise a fhíorú. Tabharfaidh sé cúnamh do na Ballstáit clárú na n‑údarás in IMI a chur i gcrích 50 .
Áiritheoidh na Ballstáit próiseas ionduchtaithe rianúil chun an nasc idir na tairseacha nós imeachta agus na Seirbhísí Coiteanna a chumasú. Ós rud é go mbraitheann OOTS ar fhíordheimhniú eIDAS a rialáiltear le Rialachán eIDAS, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt in am maidir le scéimeanna ríomh‑shainaitheantais agus fíordheimhniúcháin le haghaidh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha araon.
-Tairbhí nósanna imeachta ‘aonuaire’ ar líne a uasmhéadú
Fiosróidh an Coimisiún deiseanna chun raon feidhme na Tairsí Aonair Digití a leathnú chuig nósanna imeachta breise, mar shampla, i réimsí chomhordú an gheilleagair shóisialta agus na slándála sóisialta. Is féidir go rachaidh feidhmiú tírdhreachaithe níos córasaí ar nósanna imeachta chun tairbhe don iarracht sin, lena spriocdhírítear go háirithe orthu sin lena gcuidítear le cuideachtaí agus saoránaigh gnó a dhéanamh, aistriú agus oibriú i mBallstát eile.
Thairis sin, ailíniú agus simpliú forchéimnitheach ar nósanna imeachta riaracháin faoin Tairseach Aonair Dhigiteach ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún an méid sin a chur chun cinn, mar shampla trí Chleachtais Foghlama Frithpháirtí, agus leis sin rannchuidítear leis an gcuspóir a bhaineann le laghdú 25 % a dhéanamh ar cheanglais maidir le tuairisciú 51 . D’fhéadfadh údaráis phoiblí ag a bhfuil próisis riaracháin níos casta foghlaim ó na húdaráis a úsáideann cinn níos simplí agus simpliú agus comhchuibhiú riaracháin a chur chun cinn a thuilleadh.
-Tairbhí OOTS a uasmhéadú
Agus é an chéad spás sonraí trasteorann agus trasearnála uile‑Aontais idir rialtais é, lena nasctar údaráis phoiblí a ghníomhaíonn mar fhoinsí barántúla iontaofa faisnéise, is príomheilimint é OOTS de spás sonraí coiteann an Aontais atá ag teacht chun cinn. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar spás sonraí OOTS a chomhtháthú sna spásanna coiteanna sonraí Eorpacha le haghaidh riaracháin phoiblí 52 agus go mbeidh sé idir‑inoibritheach le spásanna sonraí earnála eile amhail spás sonraí sláinte an Aontais 53 . Áiritheofar leis sin rochtain trasteorann ar shonraí lastall d’earnáil shonrach.
Leanfaidh an Coimisiún d’imscrúdú a dhéanamh ar na droichid thairbhiúla uile idir OOTS agus córais eile (e.g. an Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI)) nó tionscnaimh eile de chuid an Aontais. Tá sé i mbun scrúdúcháin freisin ar conas is féidir tacú le húsáideoirí le OOTS, agus go háirithe FBManna, chun a n‑oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú, mar shampla i gcás tuairisciú iolrach.
Le haghaidh éabhlóid OOTS amach anseo, na tairbhí ionchasacha ó thionscnaimh amhail an Bonneagar Eorpach um Sheirbhísí Blocshlabhra a seoladh faoin gComhpháirtíocht Eorpach Bhlocshlabhra arb é is aidhm dó seirbhísí poiblí a thrasfhoirmiú isteach i ré web3, ba cheart iad a imscrúdú freisin.
·Áiritheoidh na Ballstáit ionduchtú rianúil chun an nasc idir na tairseacha nós imeachta agus na Seirbhísí Coiteanna a chumasú.Tabharfaidh siad fógra faoi scéim fíordheimhniúcháin eIDAS go háirithe le haghaidh daoine dlítheanacha agus tiocfaidh siad ar chomhaontuithe maidir le módúlachtaí oibríochtúla chun feidhmiú agus cothabháil éifeachtúil OOTS a áirithiú.
·Féachfaidh an Coimisiún leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a leathnú chuig nósanna imeachta breise. Spreagfaidh sé úsáid na Tairsí Aonair Digití chun simpliú agus comhchuibhiú riaracháin a bhaint amach, go háirithe trí athbhreithniú piaraí agus foghlaim fhrithpháirteach. Áiritheoidh sé go gcomhtháthóidh spás sonraí OOTS ar bhealach gan uaim i spás sonraí coiteann níos leithne an Aontais.
CONCLÚID
Is príomhionstraim r‑Rialtais í an Tairseach Aonair Dhigiteach chun feidhmiú níos fearr agus Margadh Aonair níos iomaíche a áirithiú. Cuirtear feabhas radacach léi ar thimpeallacht Eorpach an ghnó agus tá ról seanbhunaithe aici chun tacú le FBManna. Tá an Tairseach Aonair Dhigiteach á cur in úsáid go hiomlán agus tá sí ina tacú méadaitheach le gnólachtaí agus saoránaigh ar fud na hEorpa.
Moltar do na Ballstáit an Tairseach Aonair Dhigiteach a áireamh ina dtreochláir náisiúnta lena nglacadh faoin 9 Deireadh Fómhair 2023, chun spriocanna Dheacáid Dhigiteach 2030 a bhaint amach agus claochlú digiteach an Aontais a chothú 54 .
Tá deis na tuarascála seo á tapú ag an gCoimisiún chun teagmháil a dhéanamh le hionadaithe, líonraí agus páirtithe leasmhara FBM, agus a n‑aiseolas a bhailiú chun feabhas seasmhach a chur ar an ionstraim.
A bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724.
In éineacht le tionscnaimh ábhartha eile ón Aontas, amhail an Tairseach Eorpach don r‑Cheartas (europa.eu) , digitiú dhlí cuideachtaí an Aontais (Treoir (AE) 2019/1151 agus COM(2023) 177 final), nó Córas Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS) , lena nasctar cláir ghnó na mBallstát uile.
Measadh i staidéar go bhfuil na costais a bhaineann le gnólachtaí trasteorann 50 % níos airde i gcomparáid le gnólachtaí intíre, agus gurb é is cúis leis na costais bhreise do ghnólachtaí trasteorann go háirithe faisnéis a bhailiú (comhairle den chuid is mó, EUR 30 milliún), doiciméid a chur isteach (EUR 22 mhilliún, costais taistil den chuid is mó más gá iad a chur isteach go pearsanta), deimhniú (EUR 11 mhilliún) agus sonraí agus doiciméid a bhailiú (EUR 7 milliún); is féidir na costais sin a mhaolú trí thuilleadh digitithe; féach Cláir Dhoiciméid an Choimisiúin – SWD(2017)213 (europa.eu) .
I gcomhréir leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2023 (2022/2036(INI)).
Cinneadh (AE) 2022/2481.
Leis na Pointí Teagmhála Aonair, a bhunaítear le Treoir 2006/123/CE, soláthraítear faisnéis ar líne, seirbhísí cúnaimh agus rochtain ar nósanna imeachta atá ábhartha maidir le soláthar seirbhísí, i raon feidhme na Tairsí Aonair Digití. Le gníomhaíochtaí náisiúnta agus gníomhaíochtaí de chuid an Choimisiúin cuireadh feabhas suntasach ar infhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise.
Le hAirteagal 36 den Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach déantar foráil maidir le tuarascáil ar chur chun feidhme a fhoilsiú gach 2 bhliain.
De réir Threoir (AE) 2019/1151, maidir leis an bhfaisnéis faoi chuideachtaí agus brainsí a bhunú agus iad siúd ag a bhfuil clár ghnó a chlárú, ceanglaítear an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach.
Le buiséad de chuid an Choimisiúin cuidítear leis na Ballstáit rialacha náisiúnta a aistriú, go Béarla de ghnáth.
Tugann na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina suíomhanna gréasáin ina bhfuil ábhar a shonraítear sa rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach.
Lena n‑áirítear leathanaigh ghréasáin de chuid an Aontais agus leathanaigh ghréasáin náisiúnta.
Europa Analytics – an obair a dhéanann sé agus an chaoi a ndéantar an obair | An tAontas Eorpach .
Faigheann FBManna faisnéis saor in aisce. Le staidreamh cuairteoirí an Choimisiúin léirítear an méid ama a chaith cuairteoirí ar gach leathanach. In 2022 caitheadh níos mó ná 120 000 uair an chloig ar leathanaigh ghréasáin a bhaineann le An Eoraip Agatsa le haghaidh FBManna amháin. De réir Eurostat cosnaíonn comhairleoireacht dhlíthiúil EUR 23.9 in aghaidh na huaire san Aontas (le haghaidh R3 de 2022).
Is féidir torthaí cuardaigh a scagadh de réir an leibhéil inniúlachta, na teanga, an tsuímh an chineáil ábhair.
Le hIarscríbhinn I cumhdaítear faisnéis maidir le taisteal, obair agus scor, feithiclí, cónaí, oideachas agus tréimhsí oiliúna i mBallstáit eile, cúram sláinte, cearta saoránach agus teaghlaigh, cearta tomhaltóirí, cosaint sonraí, gnólachtaí a thosú, a rith agus a dhúnadh, rialacha maidir le fostaíocht, cánacha, earraí agus ceanglais maidir le táirgí, cistiú gnó, conarthaí poiblí agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair.
D’ainneoin ardleibhéal cumhdaigh, mar gheall ar na bearnaí atá fós ann, spreagadh an Coimisiún chun tacar sonraí faisnéise níos iomláine a fhorbairt. Ní i gcónaí a dhéanann na Ballstáit ceanglais an rialacháin a léirmhíniú ar an mbealach céanna agus éilítear acmhainní daonna agus airgeadais suntasacha. Is féidir go ndéanfar difear leis sin do rátaí cumhdaigh.
Chun dúbailt faisnéise a sheachaint, ní mór do chomhordaitheoirí náisiúnta na Tairsí Aonair Digití fógra a thabhairt faoi na leathanaigh ghréasáin ábhartha, agus níor cheart dóibh é sin a dhéanamh ach amháin má athraítear rialacha náisiúnta leis na cinn áitiúla.
Déantar suirbhé sásaimh ar bhonn bliantúil ar An Eoraip Agatsa.
Réimsí saincheisteanna A, B, L agus M.
Bhí 90 % de na freagróirí a d’fhéach ar an bhfíseán feachtais in ann lógó An Eoraip Agatsa a shainaithint i gceart. Le feachtais bhreise Twitter, Facebook, LinkedIn agus Google Ads gineadh níos mó ná 3 mhilliún taispeáint, níos mó ná 1 mhilliún caidreamh, 14 mhíle clic naisc, agus níos mó ná 244 000 amharc físeáin in aghaidh na míosa. Is amhlaidh atá méadú ag teacht ar an líon cuairteoirí a bhuí leis an infheictheacht ard.
Is uirlis faisnéise ar líne de chuid an Choimisiúin an bunachar sonraí ‘Cánacha san Eoraip’. Is é atá ann faisnéis maidir le thart ar 650 cáin, arna soláthar ag Ballstáit an Aontais: An Bunachar Sonraí ‘Cánacha san Eoraip’ v3 (europa.eu) .
D’fhéadfaí a áireamh leis sin ransaitheoir (bogearraí lena ndéantar ábhar suíomhanna gréasáin a innéacsú ionas gur féidir na suíomhanna gréasáin sin a thaispeáint i dtorthaí cuardaigh) chun láithreacht na faisnéise a éilítear, aistriúcháin, lógó An Eoraip Agatsa, etc. a bhrath.
Is féidir go dtarlóidh an méid sin nuair a bhíonn gníomhaíochtaí trasteorann róshonrach le haghaidh mínithe caighdeánacha ar leathanaigh ghréasáin, nó de dheasca deacrachtaí éagsúla maidir le hidirghníomhú leis na húdaráis.
De réir Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach.
Airt. 7(3) den Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach. Is féidir le seirbhísí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais roghnú a bheith páirteach sa Tairseach Aonair Dhigiteach.
Ar an leibhéal náisiúnta, ghlac Oifig na Gearmáine le haghaidh cóir chomhionann oibrithe de chuid an Aontais (ETO) páirt inti freisin. Thionscain comhlacht idir‑réitigh na Gearmáine le haghaidh iompar poiblí an próiseas.
In 2022, le An Eoraip Agatsa – Comhairle agus SOLVIT déileáladh le níos mó ná 28 000 cás (agus astu sin bhí 20 000 díobh incháilithe) agus 2 200 cás faoi seach. Le SOLVIT réitíodh 86 % de na cásanna.
Leis an bhfigiúr sin áirítear 50 000 réamhghearán, ar cainteanna díreacha iad idir an tomhaltóir agus an trádálaí tríd an ardán gan rannpháirt a thabhairt do chomhlacht um Réiteach Malartach Díospóide.
Tá na figiúirí sin bunaithe ar sheirbhísí cúnaimh in 21 Bhallstát.
Féach Airteagal 25 den Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1121. Ní mór do sholáthraithe seirbhíse iarraidh ar úsáideoirí aiseolas a thabhairt ar infhaighteacht agus cáilíocht na seirbhíse tar éis í a úsáid.
Tá an claonadh sin ag na húsáideoirí nach bhfuil chomh sásta sin, maidir le bheith níos claonta feidhmeanna aiseolais a úsáid, ina thoradh comhsheasmhach ar aiseolas a bailíodh i gcaitheamh roinnt mhaith blianta ar thairseach An Eoraip Agatsa.
Déantar gach cás a stóráil go hanaithnid in uirlis bhainistíochta na Tairsí Aonair Digití. Is féidir le comhordaitheoirí náisiúnta agus riarthóirí ón gCoimisiún staidreamh samhlaithe a rochtain ar dheais.
Airteagal 1(1)(c) agus Airteagal 26 den Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach.
Is é is SOLVIT ann seirbhís ar líne saor in aisce arb é is aidhm di réitigh a sholáthar do shaoránaigh agus gnólachtaí ar sháraigh údaráis phoiblí a gcearta.
Is é a tháinig ó chomhairliúcháin leis an Líonra Fiontar Eorpach forbairt dhá fhoirm agus dheais um ghlacadh isteach ar leith le haghaidh na saoránach agus gnólachtaí, chomh maith le modúl nua chun sonraí a ghlacadh isteach ó eagraíochtaí gnó seachtracha. Tiocfaidh na hathruithe sin chun bheith sofheicthe sna sonraí ag deireadh 2023. Infheisteoidh an Coimisiún freisin i dtuilleadh forbartha a dhéanamh ar an deais agus ar cheanglais maidir le tuairisciú, e.g. sa Tuarascáil Bhliantúil ar an Margadh Aonair.
Tacaíonn FBM le gníomhaireachtaí chun cásanna a dtuairiscíonn FBManna dóibh a chlárú ina n‑oibríocht laethúil sa chóras. Comhroinneann sásra aiseolais FBM agus SMOT sprioc choiteann chun leas níos fearr a bhaint as an aiseolas a fhaightear.
Tá comhpháirteanna teicneolaíocha SMOT comhdhéanta d’fhoirm um ghlacadh isteach sonraí ar leathanaigh An Eoraip Agatsa agus leathanaigh náisiúnta na Tairsí Aonair Digití, córas bainistithe cásanna agus deais staidrimh.
Féach Staidéar ar r-Rialtas agus Laghdú ar an Ualach Riaracháin , ina meastar go bhféadfadh Ballstát (an Danmhairg sa chás sin) suas le EUR 100 milliún a shábháil gach bliain trí phrionsabal na haonuaire a chur chun feidhme trí chlár sonrach.
Le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach liostaítear na cineálacha nós imeachta a chumhdaítear leis an Tairseach Aonair Dhigiteach.
I gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, faoi mhí na Nollag 2023 áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) réidh lena úsáid ag na Ballstáit chun fógra a thabhairt, i stóras coiteann, maidir le nósanna imeachta a bhféadfadh gá a bheith le láithreacht fhisiceach ina leith.
Mar a shonraítear in Iarscríbhinn II den Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, eisiatar na nósanna imeachta seo a leanas: nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, clárú tosaigh gníomhaíochta gnó leis an gclár gnó agus nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin a dhéanann cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE.
An Coimisiún Eorpach, eGovernment Benchmark 2022 – Insight Report, lch. 32.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1463 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022.
Arb é atá iontu tástálacha idir‑inoibritheachta agus comhlíontachta i dtimpeallacht struchtúrtha, chun tacú le forbairt agus cur in úsáid OOTS.
D’fhéadfaí sineirgí eile a bheartú amhail seirbhísí OOTS a bheith á n‑athúsáid ag Tiachóg na Céannachta Digití ón Aontas.
Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413, lena n‑éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre. COM(2023) 126
I gcomhréir le hAirteagail 6(4) agus 15 den Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach.
Mar a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen an 15 Márta 2023 ag Parlaimint na hEorpa.
Ar na spásanna sonraí eile atá ann, áirítear mar shampla spás sonraí dlíthiúil na riarachán poiblí, an spás sonraí soláthair phoiblí (féach 2023/C 98 I/01) agus spás sonraí slándála na riarachán poiblí le haghaidh nuálaíochta (SWD/2022/45 final).
COM/2022/197 final.
Deacáid Dhigiteach na hEorpa: spriocanna digiteacha do 2030 (europa.eu) .