AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.9.2023
COM(2023) 526 final
2023/0318(NLE)
Togra le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Treoirphlean chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais do shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leis
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, arb é na saintréithe atá aige éagobhsaíocht mhéadaitheach, go háirithe de dheasca chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus castacht mhéadaitheach bagairtí slándála, chomh maith le héifeachtaí an athraithe aeráide amhail méadú ar theagmhais aeráide neamhghnácha nó ganntanas uisce, ní mór don Aontas leanúint de bheith airdeallach agus oiriúnú go seasta. Braitheann saoránaigh, cuideachtaí agus údaráis san Aontas ar bhonneagar criticiúil mar gheall ar na seirbhísí fíor‑riachtanacha a sholáthraíonn na heintitis a oibríonn an bonneagar sin. Tá na seirbhísí sin ríthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, sláinte phoiblí agus sábháilteacht nó an comhshaol a choinneáil ar bun, agus ní mór iad a sholáthar ar bhealach gan bhac sa mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, de bharr thábhacht na seirbhísí fíor‑riachtanacha sin le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh agus, dá réir sin, an ghá chun bonneagar criticiúil a dhéanamh níos athléimní agus, ar bhonn níos leithne, chun athléimneacht na n‑eintiteas criticiúil a sholáthraíonn na seirbhísí sin a áirithiú, ní mór don Aontas bearta a dhéanamh chun an athléimneacht sin a fheabhsú agus aon suaitheadh ar sholáthar na seirbhísí fíor‑riachtanacha sin a mhaolú. Is féidir, ar bhealach eile, go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an suaitheadh sin ar na saoránaigh san Aontas, ar ár ngeilleagair agus ar iontaobhas inár gcórais dhaonlathacha agus is féidir go ndéanfar difear leo d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe i gcomhthéacs idirthuilleamaíochtaí méadaitheacha idir earnálacha agus thar theorainneacha.
Tá roinnt beart déanta ag an Aontas cheana chun cosaint an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann le bonneagar trasteorann, agus athléimneacht eintiteas criticiúil, chun na héifeachtaí atá ag suaitheadh ar na seirbhísí fíor‑riachtanacha a sholáthraíonn siad sa mhargadh inmheánach a sheachaint nó a mhaolú.
Bhí Treoir 2008/114/CE maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú (‘Treoir ECI’) ar an gcéad ionstraim dlí chun nós imeachta uile‑Aontais a bhunú chun bonneagair chriticiúla Eorpacha agus cur chuige coiteann ón Aontas a shainaithint agus a ainmniú chun measúnú a dhéanamh ar an ngá chun feabhas a chur ar chosaint an bhonneagair sin ar bhagairtí de dhéanamh an duine – atá intinniúil agus tionóisceach araon – chomh maith le tubaistí nádúrtha. Mar sin féin, níor díríodh ach ar earnálacha an fhuinnimh agus an iompair léi agus ar chosaint an bhonneagair chriticiúil agus ní dhearnadh foráil léi maidir le bearta níos leithne chun athléimneacht na n‑eintiteas a oibríonn an bonneagar sin a fheabhsú.
Mar gheall ar chineál idirnasctha agus trasteorann méadaitheach oibríochtaí sa mhargadh inmheánach, ba ghá níos mó ná dhá earnáil a chumhdach agus dul thar bhearta cosanta sócmhainní aonair. Is é sin an fáth a glacadh in 2022 Treoir (AE) 2022/2557 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (‘Treoir CER’), in éineacht le Treoir (AE) 2022/2555 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (‘an Dara Treoir NIS 2’). Is é is aidhm dó sin leibhéal cuimsitheach athléimneachta fisicí agus digití eintiteas criticiúil a áirithiú. Tháinig Treoir CER i bhfeidhm an 16 Eanáir 2023 agus is é is aidhm di cuidiú leis na Ballstáit athléimneacht fhoriomlán eintiteas criticiúil a fheabhsú, agus comhordú á atreisiú ar leibhéal an Aontais. Cuirfear in ionad Threoir ECI í ón 18 Deireadh Fómhair 2024, agus is faoin dáta sin a bheidh ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun Treoir CER a chomhlíonadh. Tá feidhm ag Treoir CER maidir le 11 earnáil. Léi sin athraítear an fócas ó chosaint an bhonneagair chriticiúil chuig an coincheap níos leithne a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil a oibríonn an bonneagar criticiúil sin, lena gcumhdaítear an tráth roimh theagmhas, lena linn agus ina dhiaidh. Tháinig Treoir NIS 2 i bhfeidhm an 16 Eanáir 2023 freisin agus léi sin déantar an creat dlíthiúil atá ann cheana a nuachóiriú chun oiriúnú don digitiú méadaithe agus timpeallacht bagartha cibearshlándála atá ag teacht chun cinn. Leis an Dara Treoir NIS leathnaítear freisin raon feidhme na rialacha cibearshlándála chuig earnálacha agus eintitis nua agus cuirtear feabhas ar an athléimneacht agus na hacmhainneachtaí freagartha ar theagmhais atá in eintitis phoiblí agus phríobháideacha, in údaráis inniúla agus san Aontas ina iomláine.
Le Treoir CER cuimsítear forálacha maidir le fógra a bheith á thabhairt ag an eintiteas criticiúil don údarás náisiúnta inniúil maidir leis an teagmhas, fógra a bheith á thabhairt ag an údarás náisiúnta inniúil do Bhallstáit (ionchasacha) eile dá ndéantar difear agus fógra don Choimisiún má dhéantar difear leis an teagmhas do shé Bhallstáit nó níos mó. Le Treoir CER ní shonraítear ach oibleagáidí áirithe maidir le fógra a thabhairt maidir le teagmhas i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ag an teagmhas, nó ina bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige, ar eintitis chriticiúla agus an leanúnachas maidir le seirbhísí fíor‑riachtanacha a sholáthar do Bhallstát amháin eile nó níos mó nó i mBallstát amháin eile nó níos mó.
Mar a léirigh an tsabaitéireacht a rinneadh ar phíblínte gáis Nord Stream i mí Mheán Fómhair 2022, tháinig athrú suntasach ar an gcomhthéacs slándála ina n‑oibríonn an bonneagar criticiúil agus tá gá le gníomhaíocht phráinneach bhreise ar leibhéal an Aontais chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú, ní hamháin a mhéid a bhaineann le hullmhacht ach a mhéid a bhaineann le freagairt chomhordaithe freisin.
Sa chomhthéacs sin, tar éis togra ón gCoimisiún, glacadh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (‘an Moladh maidir le hAthléimneacht an Bhonneagair Chriticiúil’) an 8 Nollaig 2022. Leis an Moladh sin cuirtear i dtábhacht, i measc nithe eile, an gá chun freagairt chomhordaithe agus éifeachtach a áirithiú ar leibhéal an Aontais ar na riosca atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le soláthar seirbhísí fíor‑riachtanacha. Ar bhealach níos sonraí, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún ‘Treoirphlean a dhréachtú maidir le freagairt chomhordaithe ar shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis’. Leis an Moladh luaitear gur cheart an Treoirphlean a bheith comhleanúnach le Prótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, gur cheart Moladh 2017/1584 ón gCoimisiún maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (‘Cibir‑Threoirphlean’) a chur san áireamh ann agus socruithe Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (‘IPCR’) a urramú.
Ina fhianaise sin, tá Treoirphlean le fáil sa togra atá ann faoi láthair le haghaidh Moladh breise ón gComhairle. Is é is aidhm don togra an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair a chomhlánú trí thuairisc a thabhairt ar an bhfreagairt chomhordaithe ar leibhéal an Aontais a mhéid a bhaineann le suaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus úsáid á baint as na socruithe atá ann cheana ar leibhéal an Aontais. Go coincréiteach, leis an togra tugtar tuairisc ar an raon feidhme agus cuspóirí an Treoirphlean, maille leis na gníomhaithe, na próisis agus na huirlisí atá ann cheana a d’fhéadfaí a úsáid chun freagairt, ar bhealach comhordaithe ar leibhéal an Aontais, ar theagmhas suaiteach maidir leis an mbonneagar criticiúil ag a bhfuil éifeacht trasteorann shuntasach, agus tugtar tuairisc ar na modhanna comhair idir na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais sna staideanna sin.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
An togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle tá sé i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, agus tá sé ina chomhlánú air sin, ar creat é maidir le cosaint an bhonneagair chriticiúil agus athléimneacht eintiteas criticiúil – Treoir ECI agus Treoir CER faoi seach, chomh maith leis an Moladh maidir le hAthléimneacht an Bhonneagair Chriticiúil – ós rud é gurb é is aidhm dó, ar bhealach comhlántach, an comhordú a áirithiú idir na Ballstáit, agus idir eatarthu agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhéid a bhaineann le freagairt do theagmhais lena gcruthaítear suaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus soláthar seirbhísí fíor‑riachtanacha. Leis an togra baintear úsáid as na struchtúir agus na sásraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear iad sin a bhunaítear le Treoir CER, is é sin an comhar idir údaráis inniúla agus an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, ar grúpa é a bhunaítear le Treoir CER chun tacú leis an gCoimisiún agus an comhar i measc na mBallstát agus malartú faisnéise maidir le saincheisteanna a bhaineann le Treoir CER a éascú.
Tá an togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle i gcomhréir freisin le creat an Aontais maidir le cibearshlándáil a leagtar síos le Treoir NIS 2, agus tá sé ina chomhlánú air sin.
Is é is aidhm don togra atá ann faoi láthair, Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil atá comhchosúil leis an gCibir‑Threoirphlean a chur ar aghaidh, i réimse athléimneachta eintiteas criticiúil agus chosaint an bhonneagair chriticiúil.
Le pointe 4(b) de Chuid I den Iarscríbhinn mínítear freisin na hidirnaisc leis an gCibir‑Threoirphlean, ag a bhfuil feidhm maidir le teagmhais chibearshlándála mhórscála lena gcruthaítear suaitheadh atá rófhairsing chun go bhféadfaidh Ballstát lena mbaineann déileáil leis ar a thionscnamh féin nó lena ndéantar difear do dhá Bhallstát nó institiúid de chuid an Aontais nó níos mó ag a bhfuil tionchar lena mbaineann suntas teicniúil nó polaitiúil atá chomh fairsing agus chomh suntasach sin go n‑éilítear comhordú agus freagairt bheartais tráthúil ar leibhéal polaitiúil an Aontais leo. Sainmhínítear teagmhas i dTreoir NIS 2 mar ‘aon imeacht lena ndéantar infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí stóráilte, tarchurtha nó próiseáilte a chur i mbaol nó lena ndéantar infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht na seirbhísí a thairgtear, nó is féidir a rochtain, trí chórais gréasán agus faisnéise a chur i mbaol’ (‘cibirtheagmhas’).
Tá d’oibleagáid ar údaráis inniúla faoi Threoir CER agus faoi Threoir NIS 2 dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú maidir le teagmhais chibearshlándála agus teagmhais lena ndéantar difear d’eintitis chriticiúla, lena n‑áirítear maidir le bearta ábhartha arna ndéanamh. I staid ina ndéantar difear don eintiteas céanna le teagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil agus teagmhas cibearshlándála mórscála, ba cheart comhordú a bheith ann maidir le freagairtí féideartha idir na gníomhaithe ábhartha.
Tá an togra i gcomhréir le Prótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, agus an Prótacal sin infheidhme i gcás teagmhais hibrideacha. Le pointe 4(a) de Chuid I den Iarscríbhinn mínítear na hidirnaisc le Prótacal an Aontais, lena n‑áirítear na hionstraimí ag a bhfuil feidhm i gcás teagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil ag a bhfuil gné hibrideach.
Tá an togra comhleanúnach freisin le sásraí bainistithe géarchéime eile atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, amhail socruithe IPCR ón gComhairle, próiseas comhordúcháin géarchéimeanna inmheánach an Choimisiúin, ARGUS agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (‘UCPM’) lena dtacaítear lena Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (‘ERCC’), agus an Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí.
Tá an togra i gcomhréir freisin le reachtaíocht earnála ábhartha eile, agus go háirithe le bearta sonracha atá inti lena rialaítear gnéithe áirithe de fhreagairt do shuaitheadh ó eintitis a oibríonn in earnálacha lena mbaineann.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), lena mbaineann comhfhogasú dlíthe chun an margadh inmheánach a fheabhsú, i dteannta Airteagal 292 CFAE, lena leagtar síos na rialacha ábhartha maidir le Moltaí a ghlacadh.
Tá údar le rogha Airteagal 114 CFAE mar an bunús dlí substainteach ós rud é gurb é is aidhm don Mholadh beartaithe ón gComhairle freagairt chomhordaithe a áirithiú i gcás suaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis. Leis an suaitheadh sin déantar difear do Bhallstáit éagsúla agus tá riosca ann go mbeidh tionchar aige ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar na hidirthuilleamaíochtaí méadaitheacha idir an bonneagar agus earnálacha i ngeilleagar an Aontais atá ag éirí níos idirspleáiche i gcónaí. Ach freagairt fheabhsaithe a thabhairt ar shuaitheadh seachnófar, ar a seal, suaitheadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ós rud é go bhfuil an bonneagar criticiúil sin agus na seirbhísí fíor‑riachtanacha a sholáthraítear leis ríthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, sláinte phoiblí agus slándáil, nó an comhshaol, a choinneáil ar bun.
Bheadh an togra ina chomhlánú ar Threoracha ECI agus CER, atá bunaithe freisin ar Airteagal 114 CFAE. Tá an Moladh maidir le hAthléimneacht an Bhonneagair Chriticiúil, ar nós an Mholta a bheartaítear anois, bunaithe freisin ar Airteagail 114 agus 292 CFAE.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Maidir le freagairt do shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil nó ar na seirbhísí arna soláthar ag na heintitis chriticiúla a oibríonn an bonneagar criticiúil sin cé gurb amhlaidh is iad na Ballstáit atá freagrach as sin thar aon ní eile, tá ról tábhachtach ag an Aontas i gcás suaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leis, ós rud é go bhféadfaidh tionchar a bheith ag an suaitheadh sin ar chodanna éagsúla nó ar na codanna uile fiú de ghníomhaíocht eacnamaíoch laistigh de mhargadh aonair, slándáil agus caidreamh idirnáisiúnta an Aontais. D’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a dhaingniú, an comhordú, ar leibhéal an Aontais, i gcás suaitheadh ar an mbonneagar criticiúil ag a bhfuil éifeacht trasteorann shuntasach tá an méid sin iomchuí ach ní hamháin sin tá gá leis sin ós rud é go dtacófar leis an bhfreagairt chomhordaithe sin ar leibhéal an Aontais le freagairt na mBallstát ar an suaitheadh trí fheasacht staide chomhroinnte, cumarsáid phoiblí chomhordaithe agus iarmhairtí an tsuaite ar an margadh inmheánach a mhaolú.
•Comhréireacht
Tá an togra reatha i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Ní théann ábhar ná foirm an Mholta bheartaithe seo ón gComhairle thar a bhfuil gá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. Na gníomhaíochtaí a bheartaítear tá siad comhréireach leis na cuspóirí a shaothraítear, lena ndírítear ar fhreagairt chomhordaithe a áirithiú ar leibhéal an Aontais i gcás suaitheadh ar an mbonneagar criticiúil nó ar na seirbhísí arna soláthar ag na heintitis chriticiúla a oibríonn an bonneagar criticiúil sin agus a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis. Tá an fhreagairt chomhordaithe bheartaithe comhréireach le sainphribhléidí agus oibleagáidí na mBallstát faoin dlí náisiúnta. Teagmhais lena gcuirtear isteach ar bhonneagar criticiúil nó soláthar seirbhísí fíor‑riachtanacha ó eintitis chriticiúla, is minic a thiteann siad faoin tairseach a bhaineann le teagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil agus is féidir aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, úsáid an tsásra a ndéantar foráil leis an togra seo maidir leis tá sé teoranta do mhórshuaitheadh a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leis lena ndéantar difear do Bhallstáit éagsúla.
•An rogha ionstraime
Chun na cuspóirí dá dtagraítear thuas a bhaint amach, foráiltear le CFAE go nglacfaidh an Chomhairle Moltaí go háirithe in Airteagal 292 de, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún. I gcomhréir le hAirteagal 288 CFAE, níl brí cheangailteach le Moltaí. Is ionstraim iomchuí é Moladh ón gComhairle sa chás sin ós rud é gurb é a léirítear leis gealltanas na mBallstát maidir leis na bearta a áirítear ann agus go soláthraítear bunús láidir leis le haghaidh an chomhair i réimse freagartha chomhordaithe i gcás suaitheadh suntasach ar an mbonneagar criticiúil. Ar an mbealach sin, bheadh an Moladh beartaithe ina chomhlánú ar an gcreat dlíthiúil ceangailteach (go háirithe Treoir CER), agus ar an Moladh maidir le hAthléimneacht an Bhonneagair Chriticiúil a glacadh roimhe sin, lena n‑éilítear na bearta comhlántacha sin, agus freagrachtaí na mBallstát sa réimse atá i dtrácht á n‑urramú go hiomlán.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Agus an togra seo á fhorbairt, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, agus le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Ina theannta sin, tuairimí shaineolaithe na mBallstát a cuireadh in iúl ag an gceardchumann an 24 Aibreán 2023 agus a seoladh i scríbhinn tar éis na ceardlainne sin, cuireadh san áireamh iad.
Bhí comhdhearcadh foriomlán ann maidir le húsáideacht níos mó comhordúcháin sa fhreagairt ar leibhéal an Aontais do shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis i gcomhthéacs na bagartha atá ann faoi láthair, agus inniúlacht na mBallstát sa réimse sin agus rúndacht faisnéise íogaire á n‑urramú. Bhí comhdhearcadh ann freisin maidir leis an ngá chun dúbailt ionstraimí a sheachaint agus úsáid mhaith a bhaint as na sásraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais le haghaidh comhordú, comhroinnt faisnéise agus freagartha.
Cé go raibh tuairim dhearfach ag Ballstáit áirithe a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme níos leithne atá ag an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil, mheas Ballstáit eile go raibh an tairseach de shé Bhallstát nó níos mó a sholáthraítear i dTreoir CER leordhóthanach a mhéid a bhaineann le heintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo a shainaithint agus nár ghá an dara cineál teagmhais a áireamh sa raon feidhme. Thug cúpla Ballstát barúil maidir leis an tábhacht a bhaineann, i gcás inarb iomchuí, le baint a bheith ag oibreoirí an bhonneagair chriticiúil a sholáthraíonn seirbhísí fíor‑riachtanacha, mar gheall ar a saineolas agus an tábhacht a bhaineann leis an gcibirghné a chur san áireamh.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is é atá sa togra le haghaidh Moladh ón gComhairle príomhchuid agus Iarscríbhinn.
11 phointe atá sa phríomhchuid mar a leanas:
I bpointe (1), leagtar amach an gá atá le comhar feabhsaithe i ndáil le freagairt ar theagmhais shuntasacha maidir leis an mbonneagar criticiúil, i gcomhréir leis an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil atá sa Mholadh seo atá beartaithe, lena n-áirítear na codanna ábhartha den Iarscríbhinn a ghabhann leis.
I bpointe (2) sonraítear raon feidhme an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil, lena dtagraítear do dhá chineál staideanna de theagmhais shuaiteacha lena spreagfadh cur i bhfeidhm an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil: tá éifeacht shuaiteach shuntasach ag an teagmhas ar sholáthar seirbhísí fíor‑riachtanacha do shé Bhallstát nó níos mó nó i sé Bhallstát nó níos mó; nó tá éifeacht shuaiteach shuntasach aige in dhá Bhallstát nó níos mó agus tá comhaontú ann i measc na ngníomhaithe ábhartha a luaitear ann maidir leis an ngá atá le comhordú ar leibhéal an Aontais mar gheall ar thionchar suntasach an teagmhais.
Le pointe (3) tagraítear do shainaithint na ngníomhaithe ábhartha a bhfuil baint le bheith acu sa Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil agus na leibhéil ag a n‑oibreoidh an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil (oibríochtúil, straitéiseach/polaitiúil). Mínítear an méid sin a thuilleadh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh.
I bpointe (4) moltar an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hionstraimí ábhartha eile dtugtar tuairisc orthu san Iarscríbhinn.
Le pointe (5) moltar do na Ballstáit freagairt go héifeachtach, ar an leibhéal náisiúnta, do shuaitheadh suntasach ar an mbonneagar criticiúil.
Le pointe (6) moltar go mbunóidh nó go n‑ainmneoidh na gníomhaithe ábhartha pointí teagmhála ar cheart dóibh tacú le húsáid an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil. I gcás inar féidir, ba cheart na pointí teagmhála sin a bheith mar an gcéanna leis na pointí teagmhála aonair faoi Threoir CER.
Le pointe (7) tagraítear don sreabhadh faisnéise i gcás teagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil.
I bpointe (8) mínítear conas ba cheart an malartú faisnéise a dhéanamh.
Le pointe (9) moltar feidhmiú an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil a thástáil trí chleachtaí.
Le pointe (10) moltar gur cheart ceachtanna sainaitheanta a phlé sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, ar cheart dó tuarascáil a ullmhú, lena n‑áirítear moltaí. Ba cheart don Choimisiún an tuarascáil a ghlacadh.
Le pointe (11) moltar do na Ballstáit an tuarascáil a phlé sa Chomhairle.
Leis an Iarscríbhinn tugtar tuairisc ar na cuspóirí, na prionsabail, na príomhghníomhartha, an t‑idirghníomhú leis na sásraí freagartha ar ghéarchéimeanna atá ann cheana agus feidhmiú an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil agus an dá mhodh comhair atá aige: an malartú faisnéise agus an fhreagairt.
2023/0318 (NLE)
Togra le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Treoirphlean chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais do shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leis
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 292 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An spleáchas ar bhonneagar criticiúil athléimneach agus eintitis chriticiúla athléimneacha a sholáthraíonn seirbhísí atá ríthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, sláinte phoiblí agus sábháilteacht, nó an comhshaol, a choinneáil ar bun, tá sé bunúsach le haghaidh fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus na sochaí ina hiomláine.
(2)Sa timpeallacht riosca atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise idirthuilleamaíochtaí méadaitheacha idir an bonneagar agus earnálacha agus, ar bhealach níos leithne, idirnaisc ar fud earnálacha agus teorainneacha, is gá aghaidh a thabhairt, ar bhealach cuimsitheach agus comhordaithe, ar chosaint an bhonneagair chriticiúil agus athléimneacht eintiteas criticiúil a oibríonn an bonneagar sin, agus is gá an méid sin a fheabhsú.
(3)Teagmhas lena gcuirtear isteach ar bhonneagar criticiúil agus lena ndíchumasaítear soláthar seirbhísí fíor‑riachtanacha nó lena gcuirtear isteach go mór ar sholáthar seirbhísí fíor‑riachtanacha, is féidir go mbeidh éifeachtaí trasteorann suntasacha aige sin agus drochthionchar aige ar an margadh inmheánach. Chun cur chuige spriocdhírithe, comhréireach agus éifeachtach a áirithiú, ba cheart bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar theagmhais shuntasacha maidir leis an mbonneagar criticiúil, mar a shonraítear sa Mholadh seo, lena gcumhdaítear mar shampla staideanna ina maireann an suaitheadh a chruthaítear de dheasca an teagmhais tréimhse fhada nó inar féidir go mbeidh éifeachtaí cascáideacha suntasacha aige sin san earnáil chéanna nó in earnálacha nó Ballstáit eile.
(4)Tá freagairt chomhordaithe ar theagmhais shuntasacha maidir leis an mbonneagar criticiúil fíor‑riachtanach chun mórshuaitheadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus athbhunú sholáthar na seirbhísí fíor‑riachtanacha sin a áirithiú a luaithe is féidir, ós rud é gur féidir go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag na teagmhais sin ar an ngeilleagar agus na saoránaigh san Aontas. Chun freagairt thráthúil agus éifeachtach a thabhairt ar leibhéal an Aontais ar na teagmhais sin éilítear comhar tapa agus éifeachtach i measc na ngníomhaithe ábhartha uile agus gníomhaíocht chomhordaithe lena dtacaítear ar leibhéal an Aontais. Tá an fhreagairt sin, dá bhrí sin, ag brath ar nósanna imeachta agus sásraí comhair a bheith ann a bunaíodh roimhe sin agus, a mhéid is féidir, iad dea‑chleachta, agus róil agus freagrachtaí sonracha ag na príomhghníomhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
(5)Cé gurb iad na Ballstáit agus na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil agus a sholáthraíonn seirbhísí fíor‑riachtanacha is mó atá freagrach as freagairt do theagmhais shuntasacha maidir leis an mbonneagar criticiúil a áirithiú, is iomchuí comhordú méadaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais i gcás suaitheadh a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis. Tá freagairt thráthúil agus éifeachtach ag brath ní hamháin ar shásraí náisiúnta a bheith á gcur in úsáid ag na Ballstáit ach freisin ar ghníomhaíocht chomhordaithe lena dtacaítear ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear comhar ábhartha a bheith ann ar bhealach tapa agus éifeachtach.
(6)Déantar cosaint an bhonneagair chriticiúil Eorpaigh a rialáil faoi láthair le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle, nach gcumhdaítear ach dhá earnáil léi, is é sin earnálacha an iompair agus an fhuinnimh. Leis an Treoir sin bunaítear nós imeachta chun bonneagar criticiúil Eorpach a shainaithint agus a ainmniú agus cur chuige coiteann maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá chun feabhas a chur ar chosaint an bhonneagair sin. Is cuid lárnach í den Chlár Eorpach um Chosaint an Phríomhbhonneagair (‘EPCIP’), rud a ghlac an Coimisiún in 2006 lenar leagadh amach creat uile‑ghuaise ar an leibhéal Eorpach le haghaidh chosaint an bhonneagair chriticiúil.
(7)Chun dul thar chosaint an bhonneagair chriticiúil agus chun athléimneacht na n‑eintiteas criticiúil a oibríonn an bonneagar sin lena soláthraítear seirbhísí fíor‑riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ar bhealach níos leithne, cuirfear Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in ionad Threoir 2008/114/CE ón 18 Deireadh Fómhair 2024. Le Treoir (AE) 2022/2557 cumhdaítear 11 earnáil agus déantar foráil maidir le hoibleagáidí feabhsaithe athléimneachta le haghaidh na mBallstát agus eintitis chriticiúla, comhar idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún chomh maith le tacaíocht ón gCoimisiún le haghaidh údaráis náisiúnta agus eintitis chriticiúla agus tacaíocht ó na Ballstáit le haghaidh na n‑eintitis criticiúil.
(8)Tar éis shabaitéireacht phíblínte gáis Nord Stream, tá gá le níos mó bearta feabhsaithe athléimneachta chun an bonneagar criticiúil a ghlacadh ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (‘Moladh 2023/C 20/01’), arb é is aidhm leis ullmhacht, freagairt agus comhar idirnáisiúnta a fheabhsú sa réimse sin. Leis an Moladh sin cuireadh i dtábhacht, go háirithe, an gá chun freagairt chomhordaithe agus éifeachtach a áirithiú ar leibhéal an Aontais ar na riosca maidir le soláthar seirbhísí fíor‑riachtanacha.
(9)Dá bhrí sin, is gá an creat dlíthiúil atá ann cheana a chomhlánú le Moladh breise ón gComhairle lena leagtar amach Treoirphlean maidir le freagairt chomhordaithe ar shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis (‘an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil’), agus úsáid á baint as na socruithe atá ann cheana ar leibhéal an Aontais.
Ba cheart an Moladh seo a ailíniú le Moladh 2023/C 20/01, chun comhsheasmhacht a áirithiú agus dúbailt a sheachaint. Dá bhrí sin, leis an Moladh seo níor cheart, dá réir, eilimintí eile den timthriall bainistithe géarchéime a chumhdach, is é sin cosc, ullmhacht agus téarnamh.
(11)Ba cheart an Moladh seo a bheith mar chomhlánú ar Threoir (AE) 2022/2557, go háirithe ó thaobh freagairt chomhordaithe, agus ba cheart é a chur chun feidhme agus comhleanúnachas leis an Treoir sin agus aon riail is infheidhme eile de chuid dhlí an Aontais á n‑áirithiú. Dá bhrí sin, leis an Moladh seo, ba cheart a bheith ag brath freisin, a mhéid is féidir, ar choincheapa, uirlisí agus próisis na Treorach sin, amhail an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, ag gníomhú laistigh de theorainneacha a chúraimí a leagtar amach sa Treoir sin, agus pointí teagmhála, agus ba cheart úsáid a bhaint astu sin, a mhéid is féidir, leis an Moladh seo freisin. Ina theannta sin, an coincheap ‘bonneagar criticiúil’ a úsáidtear sa Mholadh seo, ba cheart é a thuiscint ar an mbealach céanna a leagtar amach in aithris 7 de Mholadh 2023/C 20/01, is é sin, mar bhonneagar criticiúil ábhartha comhréitigh arna shainaithint ag Ballstát ar an leibhéal náisiúnta nó a ainmnítear mar bhonneagar criticiúil Eorpach faoi Threoir 2008/114/CE, chomh maith le heintitis chriticiúla atá le sainaithint faoi Threoir (AE) 2022/2557. Dá bhrí sin, chun comhsheasmhacht le Treoir (AE) 2022/2557 a áirithiú, ba cheart na coincheapa a úsáidtear sa Mholadh seo a léirmhíniú mar choincheapa ag a bhfuil an bhrí chéanna atá acu sa Treoir sin. Mar shampla, maidir le coincheap na hathléimneachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2, den Treoir sin, ba cheart é a thuiscint freisin mar thagairt do chumas bonneagair chriticiúil teagmhais a chuireann isteach go mór ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a chosc, cosaint i gcoinne na dteagmhas sin, freagairt dóibh, cur ina gcoinne, iad a mhaolú, iad a ionsú, freastal orthu nó téarnamh uathu, nó ar féidir leo cur isteach go mór ar sholáthar na seirbhísí sin, ar seirbhísí iad atá ríthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha agus eacnamaíocha ríthábhachtacha, an tsábháilteacht agus an tslándáil phoiblí, sláinte an daonra nó an comhshaol a chothabháil.
(12)Ina theannta sin, an coincheap ‘éifeacht shuaiteach shuntasach’ ba cheart é a thuiscint i bhfianaise na gcritéar a sholáthraítear le hAirteagal 7(1) de Threoir (AE) 2022/2557, lena dtagraítear don mhéid seo a leanas: i) an líon úsáideoirí a bhíonn ag brath ar an tseirbhís fhíor-riachtanach a sholáthraíonn an t-eintiteas lena mbaineann; ii) a mhéid a bhraitheann earnálacha agus fo‑earnálacha eile a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir ar an tseirbhís fhíor‑riachtanach i gceist; iii) an tionchar a d’fhéadfadh teagmhais a imirt, ó thaobh méide agus fad tréimhse de, ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar an gcomhshaol, ar an tsábháilteacht agus ar an tslándáil phoiblí, nó ar shláinte an phobail; iv) an sciar den mhargadh atá ag an eintiteas sa mhargadh le haghaidh na seirbhíse riachtanaí nó na seirbhísí riachtanacha lena mbaineann; v) an limistéar geografach a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann, agus an leochaileacht a bhaineann leis an leibhéal leithlisithe de chineálacha áirithe ceantar geografach, amhail réigiúin oileánacha, réigiúin iargúlta nó ceantair shléibhe, á cur san áireamh; vi) an tábhacht a bhaineann leis an eintiteas maidir le leibhéal leordhóthanach na seirbhíse fíor-riachtanaí a choinneáil ar bun, agus an fháil a bheith ar mhodhanna malartacha chun an tseirbhís fhíor-riachtanach sin a sholáthar á cur san áireamh.
(13)Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus éifeachtacht, ba cheart an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil a bheith go hiomlán comhleanúnach agus idir‑inoibritheach leis an bprótacal oibríochtúil athbhreithnithe ón Aontas chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus ba cheart an Treoirphlean atá ann cheana a chur san áireamh leis, ar Treoirphlean é maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála trasteorann mórscála a leagtar síos le Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún (‘Cibir‑Threoirphlean’), agus sainordú an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (‘EU‑CyCLONe’) a leagtar síos i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus dúbailt struchtúr agus gníomhaíochtaí a sheachaint. Leis sin ba cheart socruithe Chomhtháite na Comhairle maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (‘IPCR’) chun an fhreagairt a chomhordú a urramú go hiomlán freisin.
(14)Leis an Moladh seo cuirtear le sásraí bainistithe géarchéime bunaithe an Aontais, agus tá sé comhsheasmhach agus comhlántach leo, ar bhealach níos leithne, go háirithe socruithe IPCR ón gComhairle, próiseas comhordúcháin géarchéimeanna inmheánach an Choimisiún ARGUS agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (‘UCPM’), lena dtacaítear le Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (‘ERCC’), Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’), chomh maith le hIonstraim Éigeandála an Mhargaidh Aonair, ar féidir ról a bheith acu uile chun freagairt do mhórshuaitheadh ar oibríochtaí an bhonneagair chriticiúil.
(15)Mar fhreagairt do theagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil, is féidir na huirlisí nó na sásraí thuas ar leibhéal an Aontais a úsáid, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leo, agus leis an Moladh seo ba cheart iad a chomhlánú ach a fhágáil gan difear a dhéanamh dóibh. Mar shampla, tá socruithe IPCR ón gComhairle ar an bpríomhuirlis i gcónaí chun an fhreagairt a chomhordú ar leibhéal polaitiúil an Aontais i measc na mBallstát. Déantar comhordú inmheánach sa Choimisiún faoi chuimsiú an phróisis comhordúcháin géarchéimeanna trasearnála ARGUS. Má bhaineann gné sheachtrach nó gné maidir leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta (‘CBSC’) leis an ngéarchéim, is féidir Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna SEGS a úsáid. I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (‘UCPM’), freagairtí oibríochtúla faoi UCPM ar thubaistí nádúrtha nó antrapaigineacha atá iarbhír nó ar tí tarlú laistigh agus lasmuigh den Aontas (lena n‑áirítear iad sin lena ndéantar difear don bhonneagar criticiúil) eagraíonn ERCC iad, mol oibríochtúil 24/7 aonair an Choimisiúin lena mbainistítear freagairtí ar ghéarchéimeanna. Sna cásanna sin, is féidir le ERCC luathrabhadh, fógra agus anailís a sholáthar agus tacaíonn sé le comhroinnt faisnéise agus, i gcás gníomhachtú UCPM de chuid Ballstáit, imscaradh cúnaimh oibríochtúil agus saineolaithe chuig limistéir dá ndéantar difear. Ina theannta sin, is féidir le ERCC comhordú earnála agus trasearnála a éascú ar leibhéal an Aontais agus idir an tAontas agus údaráis náisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear na cinn atá freagrach as cosaint shibhialta agus athléimneacht an bhonneagair chriticiúil.
(16)Cé gur cheart na próisis a leagtar síos sa Mholadh seo a mheas, i gcás inarb iomchuí, i dtaca leis na huirlisí nó sna sásraí eile sin fad a úsáidtear iad, leis an Moladh seo ba cheart tuairisc a thabhairt freisin ar na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais a mhéid a bhaineann le feasacht staide chomhroinnte, cumarsáid phoiblí chomhordaithe agus freagairt éifeachtach lasmuigh de chreat na sásraí sin ón Aontas um chomhordú géarchéime, i gcás nach n‑úsáidtear iad.
(17)Chun an fhreagairt a chomhordú ar bhealach níos fearr i gcás teagmhais shuntasacha maidir leis an mbonneagar criticiúil, ba cheart comhar feabhsaithe a bheith ann idir na Ballstáit agus institiúidí, gníomhaireachtaí, comhaltaí agus oifigí ábhartha de chuid an Aontais a oibríonn trí na socruithe atá ann cheana, i gcomhréir le creat an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil. Dá bhrí sin, an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil, ba cheart feidhm a bheith aige nuair a bhaintear amach an tairseach de shé Bhallstát nó níos mó a ndéantar foráil maidir léi i dTreoir (AE) 2022/2557 a mhéid a bhaineann le heintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo a shainaithint, agus chomh maith leis sin nuair a tharlaíonn teagmhais a bhaineann do líon níos lú Ballstát toisc go bhféadfadh tionchar forleathan a bheith ag na teagmhais sin, mar gheall ar éifeachtaí cascáideacha thar theorainneacha agus dá bhrí sin ba thairbhiúil comhordú freagartha ar leibhéal an Aontais.
(18)Cé go meastar go bhfuil gá le creat comhair ar leibhéal an Aontais le haghaidh freagairt chomhordaithe ar theagmhais shuntasacha maidir leis an mbonneagar criticiúil, níor cheart acmhainní eintiteas criticiúil ná údarás inniúil a atreorú ó láimhseáil teagmhas leis, rud ar cheart tosaíocht a thabhairt dó.
(19)Na gníomhaithe ábhartha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil ba cheart iad a shainaithint go soiléir ionas go mbeidh forbhreathnú soiléir agus cuimsitheach ann ar na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí, na gníomhaireachtaí agus na húdaráis a d’fhéadfadh a bheith ag freagairt do theagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil.
(20)Freagairt do theagmhais maidir leis an mbonneagar criticiúil, lena n‑áirítear cinn shuntasacha, is é sin an phríomhfhreagracht atá ar údaráis inniúla na mBallstát. Leis an Moladh seo níor cheart difear a dhéanamh do fhreagracht na mBallstát maidir le slándáil agus cosaint náisiúnta a chosaint ná dá gcumhacht chun feidhmeanna fíor‑riachtanacha eile de chuid an Stáit a chosaint, go háirithe maidir le slándáil phoiblí, iomláine chríochach agus cothabháil an oird phoiblí, i gcomhréir le dlí an Aontais. Thairis sin, leis an Moladh seo níor cheart difear a dhéanamh do phróisis náisiúnta, amhail cumarsáid agus idirchaidreamh oibreoirí an bhonneagair chriticiúil leis na húdaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag an Moladh seo gan difear a dhéanamh do shocruithe déthaobhacha ná iltaobhacha ábhartha a thugtar i gcrích idir na Ballstáit.
(21)Tá sé fíor‑riachtanach go ndéanfaidh na gníomhaithe ábhartha pointí teagmhála a ainmniú nó a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach agus tráthúil faoi chuimsiú an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil. Chun comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit an fhéidearthacht a mheas na pointí teagmhála aonair atá le hainmniú nó le bunú faoi chuimsiú Threoir (AE) 2022/2557 a bheith acu mar na pointí teagmhála a ainmnítear nó a bhunaítear laistigh den chreat sin.
(22)Ar mhaithe le héifeachtacht, an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil a thástáil agus a chleachtadh, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh tar éis a chur i bhfeidhm a thuairisciú agus a phlé, ba cheart é a bheith ina chuid fíor‑riachtanach d’ardleibhéal ullmhachta a choinneáil ar bun i gcás teagmhais shuntasacha maidir leis an mbonneagar criticiúil agus den chumas a áirithiú freagairt thapa agus dhea‑chomhordaithe a sholáthar, agus baint ag na gníomhaithe ábhartha ann.
(23)I bhfianaise struchtúr Shásra IPCR um chomhordú géarchéime ón gComhairle agus gníomhachtú ionchasach na sásraí um chomhordú géarchéime á chur san áireamh, ar bhealach níos leithne, ar sásraí iad atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, leis an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil ba cheart dhá mhodh comhair a chuimsiú chun freagairt do theagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil. Is é ba cheart a bheith sa chéad cheann malartú faisnéise lena mbaineann na gníomhaithe ábhartha uile, comhordú cumarsáide poiblí agus, má úsáidtear sin, comhordú trí na sásraí atá ann cheana amhail socruithe IPCR sa Chomhairle, nó comhordú ARGUS laistigh den Choimisiún, lena dtacaítear le ERCC mar phointe teagmhála 24/7 oibríochtúil, agus Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna SEGS. Is é ba cheart a bheith sa dara ceann gníomhaíocht freagartha bhreise mar gheall ar scála an teagmhais. Leis an gcomhar sin ba cheart baint a bheith ag rannpháirtíocht ar leibhéil oibríochtúla, straitéiseacha/polaitiúla, lena léirítear na leibhéil i Moladh 2017/1584 agus Prótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, chun gníomhaíochtaí a chomhordú agus freagairt do theagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Bunaithe ar phrionsabail na comhréireachta, na coimhdeachta, na rúndachta faisnéise agus na comhlántacha agus chun comhar éifeachtach a áirithiú, leis an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil ba cheart tuairisc a thabhairt ar conas a dhéanann na gníomhaithe ábhartha feasacht staide chomhroinnte, chomh maith le cumarsáid phoiblí chomhordaithe agus freagairt éifeachtach.
(24)An malartú faisnéise de bhun an Mholta seo ba cheart é a dhéanamh gan slándáil náisiúnta ná leasanna slándála agus tráchtála eintiteas a oibríonn an bonneagar criticiúil a chur i gcontúirt. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis íogair a rochtain, a mhalartú agus a láimhseáil go stuama, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, agus aird ar leith á tabhairt ar na bealaí tarchurtha agus na toilltí stórála a úsáidtear,
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
(1)Ba cheart do na Ballstáit, don Chomhairle, don Choimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’), mar aon le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, dul i gcomhar le chéile faoi chuimsiú an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil atá sa Mholadh seo, chun na cuspóirí a leagtar amach i Roinn 1 de Chuid I den Iarscríbhinn a bhaint amach agus, le linn na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 de Chuid I den Iarscríbhinn a chur san áireamh, freagairt chomhordaithe a sholáthar ar theagmhais shuntasacha maidir leis an mbonneagar criticiúil.
(2)Ba cheart do na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, SEGS agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil a chur i bhfeidhm gan moill mhíchuí aon uair a tharlaíonn teagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil, is é sin, teagmhas lena mbaineann bonneagar criticiúil ag a bhfuil ceann amháin de na héifeachtaí seo a leanas:
(a)éifeacht shuaiteach shuntasach ar sholáthar seirbhísí fíor‑riachtanacha do shé Bhallstát nó níos mó nó i sé Bhallstát nó níos mó, lena n‑áirítear nuair a dhéantar difear léi sin d’eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis de réir bhrí Airteagal 17 de Threoir (AE) 2022/2557 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil; nó
(b)éifeacht shuaiteach shuntasach ar sholáthar seirbhísí fíor‑riachtanacha in dhá Bhallstát nó níos mó, ina measann an Ballstát ag a bhfuil Uachtaránacht rothlach na Comhairle, i gcomhaontú leis na Ballstáit eile sin agus i gcomhairle leis an gCoimisiún, go n‑éilítear comhordú tráthúil sa fhreagairt ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar thionchar fairsing agus suntasach an teagmhais a bhfuil ábharthacht theicniúil nó pholaitiúil ag baint leis.
(3)Gníomhaithe ábhartha an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil, a shainaithnítear ar leibhéil oibríochtúla, straitéiseacha/polaitiúla i gcomhréir le Roinn 3 de Chuid I den Iarscríbhinn, ba cheart dóibh féachaint le hidirghníomhú agus dul i gcomhar i gcomhlántacht le chéile. Ba cheart dóibh malartú faisnéise leordhóthanach agus tráthúil a áirithiú, lena n‑áirítear comhordú cumarsáide poiblí, agus an fhreagairt chomhordaithe a leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn.
(4)Ba cheart an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil a chur i bhfeidhm ag féachaint d’ionstraimí ábhartha eile agus i gcomhréir leis na hionstraimí sin, i gcomhréir le Roinn 4 de Chuid I den Iarscríbhinn. I gcás ina ndéanann teagmhas difear do ghnéithe fisiceacha agus do chibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil, ba cheart sineirgí a áirithiú le próisis ábhartha arna mbunú sa Chibir‑Threoirphlean.
(5)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfreagróidh siad go héifeachtach, ar an leibhéal náisiúnta, agus i gcomhréir le dlí an Aontais, do shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil tar éis teagmhais shuntasacha maidir leis an mbonneagar criticiúil.
(6)Ba cheart do na Ballstáit, an Chomhairle, SEGS, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, chomh maith leis an gCoimisiún, pointe teagmhála a ainmniú nó a bhunú le haghaidh ábhair a bhaineann leis an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil. Ba cheart do na pointí teagmhála tacú le cur i bhfeidhm an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil tríd an bhfaisnéis is gá a sholáthar agus bearta comhordúcháin a éascú lena bhfreagraítear do theagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil. Le haghaidh na mBallstát, i gcás inar féidir, ba cheart na pointí teagmhála sin a bheith mar an gcéanna leis na pointí teagmhála aonair atá le hainmniú nó le bunú de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2022/2557. Le haghaidh an Choimisiúin, áirithíonn ERCC acmhainneacht agus teagmháil oibríochtúil 24/7 agus déanann sé comhordú, faireachán agus tacaíocht i bhfíor-am ar an bhfreagairt ar éigeandálaí ar leibhéal an Aontais, agus é ag freastal ag an am céanna ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún mar mhol oibríochtúil don fhreagairt ar ghéarchéimeanna lena gcuirtear cur chuige trasearnála maidir le bainistiú tubaistí chun cinn.
(7)Ba cheart don Bhallstát ag a bhfuil Uachtaránacht rothlach na Comhairle, i gcomhaontú leis na Ballstáit dá ndéantar difear, na gníomhaithe ábhartha uile a chur ar an eolas, trí na pointí teagmhála dá dtagraítear i bpointe 6, maidir leis an teagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil agus cur i bhfeidhm an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil. Malartú faisnéise maidir le teagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil ba cheart dó tarlú trí bhealaí cumarsáide iomchuí, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, an t‑ardán Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (‘IPCR’) agus ERCC tríd an gComhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (‘CECIS’), feidhmchlár foláirimh agus fógra gréasáin lena gcumasaítear malartú faisnéise fíor‑ama.
(8)Más gá, le bealaí tarchurtha ba cheart cinn dhaingnithe a áireamh ionas nach gcuirfear slándáil náisiúnta ná slándáil agus leasanna tráchtála na n‑eintiteas lena mbaineann i gcontúirt. Maidir leis an malartú faisnéise ar a dtugtar tuairisc i Roinn 1 de Chuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo, ba cheart é a dhéanamh freisin gan slándáil náisiúnta ná slándáil agus leasanna tráchtála eintiteas criticiúil a chur i gcontúirt agus i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Go háirithe, ba cheart faisnéis íogair a rochtain, a mhalartú agus a láimhseáil go stuama. Na huirlisí creidiúnaithe atá ar fáil chomh maith le bearta slándála leordhóthanacha ba cheart iad a úsáid chun faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil agus a mhalartú.
(9)Ba cheart do na gníomhaithe ábhartha feidhmiú an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil agus a bhfreagairt chomhordaithe ar theagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil a chleachtadh agus a thástáil go tráthrialta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, mar shampla i gcomhthéacs cleachtaí. Ar na cleachtais agus na tástálacha sin féadfar a áireamh, de réir mar is iomchuí, eintitis de chuid na hearnála príobháidí. Cleachtadh ar leibhéal an Aontais lena gcorpraítear gnéithe fisiceacha agus cibirghnéithe ba cheart dóibh tarlú faoin [dáta a ghlactar an Moladh seo + 12 mhí].
(10)Tar éis chur i bhfeidhm an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil i leith teagmhas suntasach maidir leis an mbonneagar criticiúil, ba cheart don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 19 de Threoir (AE) 2022/2557 plé a dhéanamh leis na gníomhaithe ábhartha, ar bhealach tráthúil, ar na ceachtanna sainaitheanta lena bhféadfar bearnaí agus réimsí a léiriú ina bhfuil gá le feabhsuithe agus ina dhiaidh sin tuarascáil a ullmhú, lena n‑áirítear moltaí chun na feabhsuithe sin a bhaint amach. Ba cheart do na gníomhaithe ábhartha a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil tacú le hullmhú na tuarascála sin. Ba cheart don Choimisiún an tuarascáil a ghlacadh.
(11)Ba cheart do na Ballstáit an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe 10 a phlé i gcomhlachtaí ullmhúcháin ábhartha na Comhairle nó sa Chomhairle.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán