Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0485

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu

COM/2023/485 final

An Bhruiséil,11.8.2023

COM(2023) 485 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu










1.RÉAMHRÁ

An 19 Márta 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/517 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu 1 (FBL). Tá an Rialachán á chur chun feidhme ó 13 Deireadh Fómhair 2022 i leith cé is moite d’Airteagal 20 atá á chur chun feidhme ó 19 Deireadh Fómhair 2019 i leith.

Dearadh Rialachán (AE) 2019/517 chun feabhas a chur ar acmhainneacht an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu trí sholúbthacht agus inoiriúnaitheacht na rialacha do mhargadh na n‑ainmneacha fearainn atá ag athrú go mear (dá ngairtear rialachán ‘prionsabalbhunaithe’) a mhéadú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún leis an Rialachán gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh atá ríthábhachtach maidir le Clárlann ainmneacha fearainn barrleibhéil arb é .eu agus maidir lena hoibriú. Ar dhóigh níos sonraí, tugtar de chumhacht don Choimisiún leis an Rialachán gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta le haghaidh ainmniú na Clárlainne a bhunú don FBL .eu.

2.BUNÚS DLÍ

De bhun Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2019/517, tugadh de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh le haghaidh tréimhse 5 bliana ó 18 Aibreán 2019 i leith.

Déantar an cumhachtú sin a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Foráiltear ina theannta sin le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2019/517 go gceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana (i.e., 18 Iúil 2023). Comhlíonann an Tuarascáil seo an ceanglas sin.

3.AN TARIMLIGEAN A FHEIDHMIÚ SA TRÉIMHSE REATHA

Le linn na tréimhse tuairiscithe (18 Aibreán 2018 - 18 Iúil 2023), d’fhorfheidhmigh an Coimisiún an chumhacht atá aige an gníomh tarmligthe seo a leanas a ghlacadh de bhun Airteagal 8(1) den Rialachán:

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta a bhunú maidir le Clárlann i dtaca leis an ainm fearainn barrleibhéil .eu a ainmniú

Cuireann Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/517 d’oibleagáid ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta le haghaidh ainmniú na Clárlainne a bhunú. Glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún i gcomhréir leis na ceanglais agus laistigh den sprioc-am a leagadh síos le Rialachán (AE) 2019/517.

De réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2019/517, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag na Ballstáit sular glacadh an Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún. Níos sonraí, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit i réimse rialachas an idirlín i gcomhthéacs an Ghrúpa Ardleibhéil um Rialachas an Idirlín (HLIG). Feidhmíonn an HLIG mar ardán trína malartaíonn an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis agus trína n‑ailíníonn siad a seasaimh ar raon leathan saincheisteanna maidir le rialachas an idirlín. Iarradh freisin ar ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle páirt a ghlacadh i gcruinnithe den HLIG nuair a pléadh an togra maidir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún.

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún, leagtar amach an incháilitheacht agus na critéir roghnúcháin don Chlárlann arna gcur de chúram ar an eagraíocht chomh maith leis an nós imeachta maidir le Clárlann a eagrú, riar agus bainistíocht an FBL .eu i gcomhréir le prionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe.

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún, leagtar amach critéir incháilitheachta a áirithíonn gur eagraíocht neamhbhrabúis í an Chlárlann, a bunaíodh i gcomhréir leis an dlí i mBallstát den Aontas Eorpach. Ina theannta sin, áirithíonn na critéir go bhfuil a oifig chláraithe, riarachán lárnach agus príomháit ghnó laistigh den Aontas ag an gClárlann, agus gur laistigh den Aontas a lonnaítear an bonneagar is gá le croí-fheidhmeanna na clárlainne a chomhlíonadh freisin.

Leagtar amach freisin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún na critéir roghnúcháin agus a n‑ualú féin i marc meastóireachta (TEC) na n‑iarratasóirí. Leis an gcritéar ‘cáilíocht seirbhíse’ (ar fiú 40% den TEC é) ceanglaítear ar iarratasóirí barr feabhais oibríochtúil a shaothrú agus cáilíocht ard seirbhíse a chinntiú ar phraghsanna iomaíocha. Leis an gcritéar ‘acmhainní daonna agus teicniúla’ (ar fiú 30% den TEC é) ceanglaítear ar iarratasóirí a áirithiú go bhfuil a n‑acmhainní leordhóthanach chun na feidhmeanna is gá d’eagrú, do riar agus do bhainistíocht an FBL .eu a chomhlíonadh, agus go n‑áirithíonn na seirbhísí a chuireann siad ar fáil ardcháilíocht, trédhearcacht, slándáil, cobhsaíocht, intuarthacht, iontaofacht, inrochtaineacht, éifeachtúlacht, neamh-idirdhealú, coinníollacha córa iomaíochta agus cosaint tomhaltóirí. Leis an gcritéar ‘seasamh agus comhlíontacht airgeadais’ (ar fiú 30% den TEC é). ceanglaítear ar iarratasóirí a léiriú go bhfuil slándáil agus cobhsaíocht airgeadais acu atá leormhaith chun cúraim na Clárlainne a chomhlíonadh.

Na critéir a bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún, cuireadh i bhfeidhm iad le linn dhearadh agus stiúradh an nós imeachta maidir leis an gClárlann nua a roghnú. I bhfianaise thorthaí an nós imeachta roghnúcháin, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1878 an 25 Deireadh Fómhair 2021 2 maidir le Clárlann i dtaca leis an bhfearann barrleibhéil .eu a ainmniú agus ina dhiaidh sin shínigh an Coimisiún an conradh maidir le lamháltas seirbhíse i dtaca le riar agus bainistíocht an FBL .eu le Clárlann Eorpach um Fhearainn Idirlín, EURid vzw. Tháinig an conradh i bhfeidhm an 12 Deireadh Fómhair 2022 ar feadh tréimhse 5 bliana.

4.CONCLÚIDÍ

D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe go hiomchuí faoi Rialachán (AE) 2019/517. Iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an Tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

Measann an Coimisiún gur cheart na cumhachtaí tarmligthe a bheith aige go fóill de bhun Rialachán (AE) 2019/517, ós rud é go bhfuil oibleagáid air athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme, ar éifeachtacht agus ar fheidhmiú an FBL .eu, de bhua Airteagal 16(1) den Rialachán. Is é an 13 Deireadh Fómhair 2027 an spriocdháta don chéad athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2019/517.

Ina theannta sin, féadfaidh sé go mbeidh ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh amach anseo chun tús a chur le nós imeachta nua maidir leis an gcéad Chlárlann .eu eile a ainmniú.

(1)

Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (IO L 91, 29.3.2019, lch. 25-35).

(2)

  IO L 378/22

Top