Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0457

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Misin an Aontais 2 bhliain níos déanaí: measúnú ar an dul chun cinn agus ar an mbealach chun cinn

COM/2023/457 final

An Bhruiséil,19.7.2023

COM(2023) 457 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Misin an Aontais 2 bhliain níos déanaí: measúnú ar an dul chun cinn agus ar an mbealach chun cinn

{SWD(2023) 260 final}


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Misin an Aontais 2 bhliain níos déanaí: measúnú ar an dul chun cinn agus ar an mbealach chun cinn

1.Ionstraim nua sa chlár Fís Eorpach

Tá aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar dhúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, i gcomhthéacs an athraithe ghasta agus bagairtí atá ag méadú, ach deiseanna chomh maith céanna. Tá géarghá le réitigh nuálacha ar na dúshláin sin, lena n‑áirítear cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tionchair an athraithe aeráide, díghrádú comhshaoil, éigeandálaí sláinte, brúnna déimeagrafacha, agus éagothromaíochtaí atá ag dul i méid. An cumas atá ag an Aontas aghaidh a thabhairt orthu, múnlóidh sé ár dtodhchaí chomhchoiteann, ach chomh maith leis sin múnlóidh sé an tuiscint atá againn ar éifeachtacht ár gcórais dhaonlathaigh agus a luachanna.

Is cur chuige nua a bhfuil gealladh faoi é beartas poiblí atá bunaithe ar mhisean chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha. Is é atá i gceist leis spriocanna uaillmhianacha agus sonracha atá insroichte mar sin féin a leagan síos agus acmhainní poiblí agus príobháideacha, iarrachtaí taighde agus nuálaíochta (T&N) a stiúradh, agus rannpháirtíocht phoiblí chun iad a bhaint amach laistigh de thréimhse shonraithe ama. Cuireadh tús leis an gcur chuige sa chlár Fís Eorpach 1 , clár cistiúcháin an Aontais do thaighde agus don nuálaíocht (T&N) mar chuid dá bhosca uirlisí ionstraimí leathnaithe.

Comhlánaíonn Misin an Aontais T&N traidisiúnta agus cuireann siad leis ar roinnt bealaí uathúla. Is é is aidhm dóibh torthaí sochaíocha coincréiteacha agus nithiúla a bhaint amach, ach tá formhór na n‑ionstraimí eile dírithe ar thionchair eolaíocha agus/nó eacnamaíocha. Chomh maith le tacaíocht airgeadais T&N a chur ar fáil, comhordaíonn siad freisin le gnéithe ábhartha rialála agus beartais. Tá tréimhsí ama 10 mbliana níos fadtéarmaí acu, ach iad socraithe mar sin féin. Leis sin, dírítear iarrachtaí agus spreagtar fuadar an tasc a chríochnú. Díríonn siad go láidir ar rannpháirtíocht na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara ón tús, rud a fhágann gur dlúthchuid den tsamhail é glacadh agus cuimsitheacht na teicneolaíochta. Cé go bhfuil siad fréamhaithe in T&N, sáraíonn siad taighde bunúsach agus taighde feidhmeach chun cur chuige leathan a ghlacadh i leith na nuálaíochta (lena n‑áirítear nuálaíocht shóisialta agus eagraíochtúil) agus chun luach a chur ar an eolas atá ann cheana, agus raon iomlán ghníomhaíochtaí an chláir Fís Eorpach á nascadh le chéile. Ní fhorordaítear le Misin na modhanna chun a gcuspóirí a bhaint amach, rud a fhágann go bhfuil siad trasdisciplíneach trí dhearadh, agus éilíonn siad cur chuige punainne a chothaíonn sineirgí agus comhlántachtaí i bhforbairt agus in imscaradh réiteach.

Shainaithin Fís Eorpach cúig Réimse Misin ina bhféadfaí aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin i gcur chuige bunaithe ar mhisean. Is iad seo a leanas na Réimsí sin: Oiriúnú don Athrú Aeráide, lena náirítear an Claochlú Sochaíoch; Ailse; Aigéin, Farraigí, Uiscí Cósta agus Uiscí Intíre Sláintiúla; Cathracha Aeráidneodracha Cliste; agus Sláinte Ithreach agus Bia. Go dtí seo, sheol an Coimisiún cúig Mhisean de chuid an Aontais 2 , bunaithe ar thuarascálacha ó Bhoird Mhisin thiomnaithe a rinne measúnú ar aibíocht na nuálaíochta teicneolaíche agus sóisialta sna réimsí sin. Maidir le gach Misean, rinneadh Pleananna mionsonraithe maidir le Cur Chun Feidhme na Misean a dhréachtú, agus úsáid á mbaint as critéir Mhisin bhunús dlí an chláir Fís Eorpach mar thúsphointe.

Ceanglaítear leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach 3 go ndéanfar measúnú ar mhisin an Aontais tráth nach déanaí ná 2023. Tá an measúnú sin chomh lárnach do na Misin aonair le hionstraim na Misean, agus le hathbhreithniú ar na Réimsí Misin. Sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, cuirtear torthaí an mheasúnaithe sin i láthair agus cuirtear ‘féinmheasúnuithe’ ar fáil do gach Misean a eagraítear de réir na gcritéar seo a leanas:

·Sprioc Misin uaillmhianach ach indéanta;

·Breisluach;

·Ábhar T&N;

·A áirithiú go bhfuil cur chun feidhme indéanta, intomhaiste agus faoi cheangal ama;

·Ceannach isteach a áirithiú;

·Buiséad;

·Rannpháirtíocht na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara;

·Dul chun cinn, éachtaí agus garspriocanna. 

Sainaithníodh bearnaí sa mheasúnú ar an bpróiseas roghnúcháin freisin agus spreag sé machnamh ar an bhféidearthacht Misin bhreise a sheoladh ar fud na gcúig Réimse. Sa Teachtaireacht seo, leagtar amach príomhthorthaí an mheasúnaithe chríochnúil ar Mhisin an Aontais agus déantar cur síos ar an mbealach chun cinn maidir leis an ionstraim seo.

2.Na príomhéachtaí a baineadh amach go dtí seo

Níos lú ná 2 bhliain ó cuireadh chun feidhme iad, tá acmhainneacht na gcúig Mhisean de chuid an Aontais atá ann faoi láthair cruthaithe acu ina n‑aonar agus i dteannta a chéile. Tugtar forléargas sa roinn seo ar na príomhéachtaí a sainaithníodh sa mheasúnú do gach ceann de na cúig Mhisean atá ann faoi láthair, chomh maith le measúnú foriomlán ar na ceachtanna dearfacha a foghlaimíodh. Sa roinn seo, dírítear ar na teorainneacha a sainaithníodh agus moltar gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt orthu agus chun ionstraim na Misean a fhorbairt agus a fheabhsú a thuilleadh sna blianta amach romhainn.

Oiriúnú don Athrú Aeráide

Is é is aidhm don Mhisean tacú le 150 réigiún Eorpach ar a laghad a bheith athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide faoi 2030. Forbraíodh an Misean i gcomhthreo le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú 4 agus tá nasc idir é agus sprioc na Straitéise maidir leis an Eoraip a bheith athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide faoi 2050. Ceaptar é chun dlús a chur leis an oiriúnú don athrú aeráide agus chun tús a chur leis an athrú ó bhonn san Eoraip, rud a chuirfidh le ceapadh beartas níos sistéamaí bunaithe ar an eolas, ar na teicneolaíochtaí agus ar na sonraí is déanaí arna nginiúint ag T&N.

Go sonrach, tá sé ag cabhrú le réigiúin agus le húdaráis áitiúla trí thacaíocht dhíreach a chur ar fáil agus trí rochtain ar eolas a éascú sa trí réimse seo a leanas: 1) tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí aeráide atá rompu agus a bheidh rompu; 2) conairí i dtreo na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide a shainiú do 150 réigiún ar a laghad trí thurgnamh a dhéanamh le todhchaíochtaí éagsúla; agus 3) athléimneacht a thógáil le, ar a laghad, 75 thaisealbhadh ar mhórscála.

Ó seoladh an Misean i mí Mheán Fómhair 2021, shínigh 308 n‑údarás réigiúnach agus áitiúil an Chairt Mhisin, lena léirítear gealltanas polaitiúil soiléir oibriú i dtreo chuspóirí an Mhisin. I mí Eanáir 2023 seoladh Ardán Cur Chun Feidhme an Mhisin, lena dtugtar cúnamh teicniúil do réigiúin, agus Pobail Cleachtais an Mhisin. Mar aon leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), thosaigh an Misean ag dul i dteagmháil le réigiúin chun píblíne de thionscadail oiriúnaithe iontaofa ó thaobh brabúis de a shainaithint. I gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde agus le Pobal Eolais agus Nuálaíochta Aeráide na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, tá conairí nuálaíochta oiriúnaithe á bhforbairt, ag tógáil ar speisialtóireacht chliste agus ar na comhpháirtíochtaí don nuálaíocht réigiúnach.

Tá na chéad thionscadail de Mhisean an chláir Fís Eorpach ag cabhrú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha measúnuithe riosca aeráide agus measúnuithe ar leochaileacht a dhéanamh, réitigh nuálacha a léiriú (amhail foirgnimh atá díonta ar thuilte, níos mó barr atá frithsheasmhach in aghaidh triomaigh, agus táirgí árachais nuálacha) nó tacú leo le huirlisí chun saoránaigh a spreagadh ar bhealach rannpháirteach. I gcás taisealbhadh a chomhlíonann na critéir roghnúcháin ach nach féidir tosaíocht a thabhairt dóibh, bronntar Séala Barr Feabhais chun a nglacadh ag cláir chistiúcháin eile a éascú.

Ailse

Tá an sprioc fhoriomlán leagtha síos ag an Misean Ailse feabhas a chur ar shaol níos mó ná 3 mhilliún duine faoi 2030, trí chosc, leigheas, agus dóibh siúd atá thíos le hailse, lena n‑áirítear a dteaghlaigh, saol níos faide agus níos fearr a bheith acu. Díríonn an Misean ar cheithre chuspóir shonracha: (1) tuiscint níos fearr ar ailse a chur ar fáil, (2) cosc a mhéadú, lena n‑áirítear trí scagthástáil agus trí luathbhrath, (3) diagnóis agus cóireáil a fheabhsú, agus (4) cáilíocht saoil na n‑othar agus a dteaghlach a fheabhsú.

Tá an Misean Ailse ina chuid thábhachtach d’infheistíocht an Aontais i dtaighde agus i nuálaíocht ailse chun an Plean Ailse agus go leor dá phríomhghníomhaíochtaí a chur i gcrích go rathúil, mar chuid d’Aontas Sláinte Eorpach láidir. Chun comhtháthú T&N agus beartas sláinte a éascú, comhfhorbraíodh an Misean Ailse agus Plean Sáraithe Ailse na hEorpa 5 ón tús. Tá a gcuid cuspóirí ailínithe, comhaontaíodh tionscnaimh shuaitheanta chomhlántacha, agus bunaíodh rialachas comhpháirteach.

Ar leibhéal an Aontais, chothaigh an Misean Ailse agus an Plean Ailse idirphlé nua leis na Ballstáit maidir le hailse agus tugadh aireachtaí sláinte agus taighde le chéile chun oibriú le chéile i bhfoghrúpa comhpháirteach ailse den Ghrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí 6 . Tá sé sin ag cruthú na timpeallachta cirte d’fhianaise taighde chun bonn córasach a chur faoi fhorbairt beartais. Leis an Misean Ailse, éascaíodh rannpháirtíocht luath an Ghrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí, rud a chuidigh leis an Moladh nuashonraithe ón gComhairle maidir le scagthástáil ailse 7 a mhúnlú, lena leathnófaí scagthástáil go dtí ailse próstataigh, scamhóg agus ghastrach sa bhreis ar ailse cíche, ailse chalaireachtach agus ailse ceirbheacs. Tríd an gcur chuige comhtháite sin maidir le beartais sláinte agus taighde a mhacasamhlú, cothóidh Moil Náisiúnta an Mhisin Ailse a seoladh le déanaí idirphlé trasbheartais le páirtithe leasmhara náisiúnta maidir le cosc agus rialú ailse.

Tá ról lárnach ag an Misean maidir le forbairt UNCAN.eu, mol sonraí Eorpach maidir le hailse, chun cabhrú letaighdeoirí anailís a dhéanamh ar thaighde comhcheangailte, ar shonraí sláinte agus ar shonraí ábhartha eile ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, lena gcuirfear borradh faoi stóinseacht na sonraí agus lena gcruthófar deiseanna nua taighde. Tá tionscnaimh eile de chuid an Aontais á gcumasú ag an Misean freisin: tacaíonn sé leis an Lárionad Digiteach Eorpach um Othair Ailse, rud a chuirfidh ar a gcumas d’othair a sonraí a roinnt agus ‘dul i ngleic’ leis na córais sláinte ar bhealach níos fearr, rud a fhágfaidh go mbeidh an Spás Eorpach Sonraí Sláinte a bheidh ann amach anseo ina shochair nithiúla do thaighdeoirí agus do shaoránaigh. Ina theannta sin, seoladh idirphlé le daoine óga a tháinig slán ón ailse, rud lena dtugtar deis dóibh a dtaithí a roinnt, a riachtanais shonracha a chur in iúl, agus tionscnaimh chomhchruthaithe a chabhróidh le haghaidh a thabhairt orthu.

Ár nAigéin agus ár nUiscí a Athchóiriú faoi 2030

Is é is aidhm don Mhisean cosaint agus athchóiriú éiceachóras muirí agus fionnuisce a réiteach leis an mbrú méadaitheach ar acmhainní uisceacha. Cuidíonn an misean go díreach leis an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú chuig geilleagar gorm inbhuanaithe ciorclach agus chun dlús a chur leis an rabharta nua nuálaíochta atá ag teastáil chun an t‑aistriú sin a dhéanamh.

Mar thionscnamh cuimsitheach córasach agus claochlaitheach lena gcuirtear le chéile na hiarrachtaí atá á ndéanamh cheana ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, cuidíonn an Misean chun creataí rialachais ilroinnte a shárú agus tacaíonn sé le reachtaíocht agus le beartais thábhachtacha an Aontais 8 i réimsí na mara, na muirí agus an fhionnuisce chomh maith le réimsí gaolmhara.

ceithre ‘theach solais’ de chuid an Mhisin 9 curtha ar bun ag an Misean i mór-imchuacha farraige agus abhantracha na hEorpa mar láithreáin chun na réitigh is gá a phíolótú, a léiriú agus a úsáid ar mhórscála, agus iad a chur ar fáil do bhreis agus 100 réigiún comhlachaithe san Eoraip. Gealladh breis agus 480 gníomhaíocht faoi Chairt an Mhisin lenar slógadh EUR 3.72 billiún san iomlán 10 . Tríd an gCairt a fhormhuiniú, tá 11 tacaíocht láidir pholaitiúil á cur in iúl ag na Ballstáit, ag réigiúin, ag údaráis áitiúla, ag comhpháirtithe idirnáisiúnta agus ag go leor páirtithe leasmhara éagsúla, agus bearta nithiúla á ndéanamh acu agus leas á bhaint as gníomhaíochtaí agus acmhainní ón mbun aníos. Tá príomhphobail gníomhaithe (e.g. calafoirt, úinéirí cabhlaigh, cathracha cósta, oileáin, pobail iascaireachta agus caomhnaithe) á mbunú faoi thithe solais an Mhisin chun cathracha cósta, oileáin, pobail iascaireachta agus caomhnaithe, calafoirt agus úinéirí cabhlaigh a thabhairt le chéile. Seoladh Ardán Cur Chun Feidhme chun tacaíocht a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara atá tiomanta don Mhisean a chur chun feidhme.

Bealach amháin chun teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara is ea Leathchúpla Digiteach Eorpach an Aigéin a bheidh i bhfeidhm in 2024. Cuireann sé eolas faoi na haigéin ar fáil go héasca do shaoránaigh, d’fhiontraithe, d’eolaithe agus do lucht ceaptha beartas, rud a fhágann gur féidir tuartha agus cinntí eolasacha a dhéanamh. Tá cuir chuige rannpháirtíochta á gcur chun feidhme ag an Misean freisin, mar aon le rannpháirtíocht na saoránach amhail gníomhaíochtaí eolaíochta agus litearthachta ar na haigéin, fiontair faoi stiúir an phobail d’fheirmeoireacht na n‑aigéan agus feachtais fhreagracha tomhaltais táirgí mara.

Tá an Misean ag feidhmiú mar chatalaíoch le haghaidh sineirgí agus comhlántachtaí ar fud cláir éagsúla de chuid an Aontais, cláir éagsúla náisiúnta agus cláir éagsúla réigiúnacha, agus cistí á gcomhthiomsú cheana féin thar T&N, is é sin pleananna náisiúnta CEMID 12 , BlueInvest le EUR 1.5 billiún i maoiniú riosca, Cistí Téarnaimh agus Athléimneachta, Interreg agus Copernicus.

100 Cathair Aeráidneodrach agus Chliste faoi 2030

Is iad an dá sprioc atá ag an Misean 100 Cathair Aeráidneodrach agus Chliste Eorpach a bhaint amach faoi 2030 agus a áirithiú go mbeidh na cathracha sin ina moil don turgnamhaíocht agus nuálaíocht chun cathracha uile na hEorpa a chur in inmhe a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Bhí spéis sa Mhisean láidir ón tús agus rinne níos mó ná 377 gcathair iarratas chun bheith sa Mhisean.

pobal cathracha uaillmhianacha cruthaithe 13 ag an Misean. Le tacaíocht ó Ardán an Mhisin, tá rochtain ag cathracha rannpháirteacha ar thairseach ar líne lena gcuirtear ar a gcumas dóibh oibriú i ngrúpaí, taithí a mhalartú agus stór eolais a rochtain chun dlús a chur le réitigh aeráidneodracha. Faoi láthair, tá níos mó ná 1,400 úsáideoir gníomhach ag an tairseach.

Is misean cuimsitheach é an Misean ina mbíonn Ballstáit uile an Aontais agus ocht dtír chomhlachaithe rannpháirteach. Tá na Ballstáit á núsáid go córasach trí chuairteanna tíre agus tríd an tionscadal CapaCITIES 14 , tionscadal a thacaíonn le líonraí náisiúnta agus a nascann le chéile iad. Tá gach cathair tar éis tús a chur lena gConradh Cathrach maidir leis an Aeráid (CCC) a chomhchruthú leis an bpobal áitiúil agus leis na saoránaigh, le tacaíocht ó Chomhairleoirí Cathrach tiomnaithe.

Tacaíonn BEI le gníomhaíochtaí Misin lena náirítear feachtas feasachta spriocdhírithe do chathracha agus rannchuidiú le próiseas athbhreithnithe CCC. Roghnaíodh 53 chathair phíolótacha 15 chun deontais a fháil (idir EUR 0.5 agus 1.5 milliún) chun réitigh nuálacha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe aeráide. Bainfidh 50 cathair eile tairbhe go luath as an obair a rinneadh sna scéimeanna píolótacha trí thaithí agus meantóireacht a mhalartú leis na cathracha píolótacha.

Tá an athghiniúint uirbeach i gcroílár glao comhpháirteach ón gclár Fís Eorpach a eagraítear idir Misean na gCathracha agus an Misean um Oiriúnú don Athrú Aeráide. Le gníomhaíocht thiomnaithe faoin gclár Fís Eorpach, beifear in ann cathracha na hÚcráine a nascadh leis an Misean freisin. Bunaíodh sineirgí le cláir agus tionscnaimh de chuid an Aontais, lena náirítear an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE), an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), Tionscadail Chomhtháite Straitéiseacha LIFE agus na Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha 16 .

Tá go leor Ballstát nó réigiún ag tagairt do Mhisean na gCathracha ina gcláir oibríochtúla réigiúnacha agus sainaithníodh sruthanna tiomnaithe cistiúcháin ar an leibhéal náisiúnta, mar shampla sa Ghréig agus sa Spáinn. Tá glao comhpháirteach ag an Misean freisin i gclár oibre 2023-2024 an chláir Fís Eorpach leis na Comhpháirtíochtaí maidir le soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha (2Zero) agus le haghaidh soghluaisteacht nasctha, chomhoibritheach agus uathoibritheach (CCAM) le buiséad comhcheangailte dar luach EUR 50 milliún. Tacaíonn Lárionad um Aistrithe Uirbeacha  17 le gníomhaíochtaí for-rochtana idirnáisiúnta Mhisean na gCathracha agus le naisc le Misean Domhanda na nAistrithe Uirbeacha um Nuálaíocht Mhisin.

Comhaontú um Ithir don Eoraip

Agus é mar sprioc aige 100 Saotharlann Bheo agus Teach Solais a bhunú faoi 2030, is é is aidhm don Mhisean réitigh a chur ar fáil chun ithreacha a bhainistiú agus a athbhunú ar bhealach inbhuanaithe i gceantair thuaithe agus uirbeacha. Meastar go bhfuil thart ar 60 % d’ithreacha an Aontais míshláintiúil 18 , i.e. go bhfuil siad ag cailleadh a nacmhainneacht chun tacú le táirgeadh bia, leis an mbithéagsúlacht agus le rialáil timthriallta uisce, cothaitheach agus carbóin. Mar aon leis an Straitéis Ithreach do 2030, an togra le haghaidh Treoir maidir le Faireachán agus Athléimneacht Ithreach, agus Faireachlann Ithreach an Aontais, is cuid de chreat daingean é an Misean maidir le cosaint agus athchóiriú ithreach, mar a d’aithin Parlaimint na hEorpa freisin 19 .

Shainaithin dosaen straitéisí, teachtaireachtaí agus pleananna gníomhaíochta maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip an Misean mar uirlis chun a nuaillmhianta beartais a bhaint amach 20 . Faigheann an Misean tacaíocht ó fhoinsí amhail clár LIFE agus Comhghnóthas Eorpach an Bhithgheilleagair Chiorclaigh 21 , PRIMA 22 agus CNE. Trí oideachas ithreach a chur chun cinn, tá an Misean ag tacú le Bliain Eorpach na Scileanna. Chun acmhainní airgeadais breise a ghiaráil, tá píblíne á forbairt ag BEI le haghaidh infheistíochtaí ithreach ar mhórscála i ndáil le InvestEU.

Ar an iomlán, thuairiscigh na Ballstáit breis agus 200 gníomhaíocht chomhlántach chun tacú le cuspóirí an Mhisin. Comhtháthaítear an Misean in 18 gcinn de Phleananna Straitéiseacha as 28 mBallstát faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) 23 , rud a chruthaíonn naisc idir nuálaíochtaí i mbainistiú ithreach, i gcleachtais feirmeoireachta agus i leithdháileadh chistí CBT. Leis na sineirgí sin, beifear in ann réitigh a forbraíodh faoin Misean a úsáid agus a mhacasamhlú i mbreis agus 1,000 láithreán tástála breise. Faoin Misean, tá Comhaontuithe Críochacha um Bainistiú Ithreach á bhforbairt ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh sláinte ithreach. Feidhmíonn Ardán Misin Ithreach 24 mar ionad ilfhreastail le haghaidh faisnéise agus rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí Misin.

Tá faireachán comhchuibhithe ithreach á chur chun feidhme ag an Aontas agus tá straitéisí maidir le dí-éilliú agus athghiniúint ithreach á bhforbairt aige chomh maith le samhlacha nua gnó do shlabhraí luacha atá neamhdhíobhálach don ithir agus aeráidneodrach. Tríd an tacaíocht a thugann sé d’fheirmeoireacht carbóin, cuireann an Misean Ithreach chun cinn uirlisí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe atá cost‑iomaíoch le haghaidh aistrithe carbóin san ithir.

Cuirfear tús leis na chéad Saotharlanna Beo faoin Misean in 2024 agus beidh níos mó ná 200 láithreán tástála ann le haghaidh turgnamh áitiúil i gceantair uirbeacha agus thuaithe mar thoradh air sin. Tá an Misean ag dul i dteagmháil le lucht féachana éagsúla ar bhealaí nua, e.g. trí pháirt a thabhairt do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha agus tríd an bhForógra Misin a chur chun cinn 25 . Agus é ag breathnú lasmuigh den Eoraip, tá an Misean anois ina mhórthionscadal suaitheanta don chomhar idirnáisiúnta leis an gComhpháirtíocht Dhomhanda um Ithir 26 , le tionscnamh an Mhisin um Nuálaíocht Talmhaíochta don Aeráid 27 , nó le comhpháirtithe idirnáisiúnta T&N amhail an tSeapáin, na Stáit Aontaithe, Ceanada agus tíortha na hAfraice.

Measúnú foriomlán ar Mhisin an Aontais

Déantar achoimre san fhoroinn seo ar an measúnú ó thaobh na hionstraime Misin de, agus tá roinnt conclúidí cothrománacha sna cúig Mhisean maidir leis na gnéithe a cheanglaítear leis an mbunús dlí: próiseas roghnúcháin, rialachas, buiséad, fócas agus dul chun cinn go dtí seo. Ó bunaíodh iad, tá acmhainneacht shoiléir léirithe ag Misin an Aontais chun dlús a chur leis an athrú. Le cabhair ó chistiú an chláir Fís Eorpach, tá beartais agus cláir ar fud an Aontais nasctha ag Misin an Aontais agus tacaíocht á tabhairt acu dóibh le rannpháirtíocht agus cur chun feidhme an phobail áitiúil. Deimhnítear sa mheasúnú gur tionscnaimh thráthúla spreagthacha iad na Misin lena dtugtar spreagadh nua do thosaíochtaí tábhachtacha beartais an Aontais agus lena cuidítear le hiarrachtaí maidir le beartais AE, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a ailíniú le spriocanna comhroinnte.

Próiseas roghnúcháin: Is é toradh an mheasúnaithe gur cuireadh deiseanna luachmhara ar fáil le próiseas forbartha an Mhisin, a mhair ar feadh na bliana do phríomh-shaineolaithe agus do raon leathan páirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i gcomhchrúthú Misean, mar shampla trína rannpháirtíocht sna Boird Mhisin agus sna painéil saoránach. Deimhníodh leis freisin ábharthacht leanúnach na Réimsí Misin agus Mhisin an Aontais iad féin.

Rialachas: Tá sásraí rialachais ar leibhéal an Aontais san áireamh i ngach Misean. Tá tábhacht ar leith ag baint le rialachas i gcás ionstraime nua, agus níos mó ná sin i gcás ceann den chastacht seo, a bhfuil sé mar aidhm léi toghlaigh éagsúla, leibhéil rialtais, disciplíní eolaíocha agus foinsí éagsúla cistiúcháin a thabhairt le chéile. Áirítear ar na sásraí sin comhlachtaí trasearnála tiomnaithe stiúrtha agus comhordúcháin lena gcumasaítear cineálacha nua comhair ar fud sheirbhísí an Choimisiúin agus ar fud leibhéil rialtais. Ceapadh Bainisteoirí Misin agus Leas‑Bhainisteoirí Misin chun gach Misean a stiúradh le tacaíocht ó rúnaíochtaí Misean. Roghnaíodh dhá bhabhta de Bhoird Mhisin chun comhairle agus saineolas straitéiseach a chur ar fáil (ceann amháin le haghaidh chéim an deartha agus ceann amháin le haghaidh cur chun feidhme). Tá dul chun cinn tábhachtach déanta freisin maidir le rialachas ar an leibhéal náisiúnta: bhunaigh roinnt Ballstát tascfhórsaí idir-aireachta agus grúpaí náisiúnta scáthánacha chun idirchaidreamh níos fearr a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme náisiúnta. Tá cláir de chuid an Aontais slógtha ag na Ballstáit faoi bhainistíocht chomhroinnte chun tacú leis na Misin. Fuarthas amach sa mheasúnú freisin go bhfuil rialachas an Mhisin ag briseadh bacainní eagraíochtúla agus ag tabhairt eagraíochtaí éagsúla níos gaire dá chéile chun na spriocanna comhroinnte, faoi cheangal ama, a bhaint amach.

Buiséad: Rinneadh infheistíochtaí tábhachtacha faoin gclár Fís Eorpach chun gur féidir eolas agus réitigh nuálacha a fhorbairt chun cabhrú leis na spriocanna atá leagtha síos ag Misin an Aontais a bhaint amach. Go dtí seo, tá EUR 1.8 billiún san iomlán curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach in dhá chlár oibre ina dhiaidh sin (Clár Oibre 2021-2022 agus Clár Oibre 2023-2024), atá comhfhreagrach do 10 % de bhuiséad Cholún 2 an chláir Fís Eorpach le haghaidh na mblianta 2021-23. D’éirigh le gach misean leibhéal áirithe spéise agus gealltanais a fháil ó fhoinsí cistiúcháin lasmuigh den chlár Fís Eorpach, lena n‑áirítear an earnáil phríobháideach (trí BEI den chuid is mó).

Fócas agus dul chun cinn go dtí seo:: Chuidigh an líon mór tionscnamh rannpháirtíochta ó na saoránaigh a eagraíodh le linn chéim ullmhúcháin dhearadh na Misean úinéireacht shochaíoch a fhorbairt agus rannpháirtíocht leathan phobail na bpáirtithe leasmhara a spreagadh. Tugtar le fios sa mheasúnú go bhfuil na Misin ag rannchuidiú leo ar bhealach fiúntach trí dhíriú go docht ar bheartais agus ar straitéisí an Aontais agus iad a ailíniú go dlúth leo. Lasmuigh de leibhéal an Aontais, d’éirigh le Misin an Aontais pobail mhóra páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile, lena n‑áirítear trí phobail a thógáil agus a mhealladh ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Ina theannta sin, tugtar le fios sa mheasúnú go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar an iomlán ag na Misin i gcomhréir lena bpleananna cur chun feidhme agus gur cosúil go bhfuil siad ar an mbóthar ceart chun a gcuid spriocanna do 2030 a bhaint amach.

3.Dúshláin atá ann fós agus feabhsuithe atá le déanamh

Mar ionstraim nua, tá tacaíocht pholaitiúil chomh maith le leanúnachas agus intuarthacht ag teastáil ó Mhisin, mar aon le fíormheastóireacht agus fíorfheabhsú. Aithnítear na teorainneacha sin sa mheasúnú, agus tá an Coimisiún tiomanta aghaidh a thabhairt orthu, ós rud é go bhfuil gealltanas tosaigh ionstraim na Misean fós láidir, agus go léiríonn na cúig Mhisean go bhfuil siad ag obair go maith. Is toradh iad na moltaí sa roinn seo ar mhachnamh idir seirbhísí an Choimisiúin, Cathaoirligh na mBord Misin agus Bainisteoirí Misin.

Sa bhreis ar an méid spreagúil a baineadh amach go luath, mar a leagtar amach thuas, tá roinnt dúshlán tábhachtach le sárú ag Misin an Aontais. Tá roinnt réimsí ann inar féidir feabhsuithe a dhéanamh, lena n‑áirítear an leagan amach rialachais atá amscaí ó am go céile, an ghiaráil atá measartha teoranta go dtí seo lasmuigh den chlár Fís Eorpach, na sineirgí fo-optamacha le hionstraimí eile de chuid an Aontais, rannpháirtíocht íseal na hearnála príobháidí, agus iarrachtaí cumarsáide agus for-rochtain do pháirtithe leasmhara agus do shaoránaigh. Tá céimeanna glactha ag gach Misean chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, ach tá gá le hiarrachtaí breise — ar leibhéal cothrománach freisin. Beidh sé níos tábhachtaí fós aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin nuair a bhogann cur chun feidhme an Mhisin chun tosaigh agus de réir mar a dhírítear níos mó ar an imscaradh agus ar an tionchar.

Rialachas agus stiúradh polaitiúil a fheabhsú

Teastaíonn stiúradh fónta agus córas láidir rialachais ó Mhisin an Aontais chun go mbeidh siad éifeachtach. Cé gur léirigh an measúnú go bhfuil an córas a bunaíodh le haghaidh Mhisin an Aontais ag cur naisc chun cinn ar fud réimsí beartais agus ar fud eagraíochtaí, is féidir feabhas a chur ar roinnt feidhmeanna rialachais eile. Measann go leor páirtithe leasmhara go bhfuil an córas rialachais amscaí, casta agus go bhfuil easpa trédhearcachta ann. Thairis sin, níor tháinig an córas rialachais ar chóras comhleanúnach comhsheasmhach faireacháin do na Misin, ina n‑aonar ná mar ionstraim. Tá an córas rialachais dírithe go mór ar chur chun feidhme agus níl spás ann faoi láthair chun anailís agus machnamh a dhéanamh ar an (easpa) dul chun cinn agus ar fhorbairt bhreise ionstraimí agus beartas. Ina theannta sin, níl dóthain spáis sa chóras rialachais le haghaidh plé polaitiúil ardleibhéil maidir le dul chun cinn agus maidir leis an atreorú i gcás inar gá.

Tá gá le rialachas riaracháin níos láidre agus níos comhordaithe chun é a chur ar a gcumas do na Misin a bheith éifeachtach. Is gá sineirgí trasbheartais ar mhórscála a fhorbairt thar thréimhsí fada agus ar fud an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun go n‑éireoidh leis an gcineál sin tionscnamh uaillmhianach uile-rialtais ar nós Mhisin an Aontais. Mar shampla, ba cheart sásraí comhordúcháin idir ionadaithe Misin ar leibhéal an Aontais agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a threisiú chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí na Misean a imscaradh chomh gar agus is féidir do shaoránaigh den Aontas. Is léir freisin gur cheart don cheannaireacht pholaitiúil neartaithe gníomhú mar chomhartha soiléir chun rochtain ar acmhainní (lena n‑áirítear cistiú) agus gníomhaíochtaí a éascú chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo chuspóirí an Mhisin. Ba cheart, dá bhrí sin, stiúradh Mhisin an Aontais a neartú a thuilleadh ar an leibhéal riaracháin.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Tabharfaidh sé cuireadh do na gníomhaithe polaitiúla uile lena mbaineann, lena náirítear na Ballstáit, chun ionadaithe ardleibhéil a ainmniú chun dul i bpáirt leis na Coimisinéirí atá freagrach as Misin an Aontais maidir leis na Misin a chur chun cinn do shaoránaigh, cistí náisiúnta a shlógadh etc.

·Cuirfidh sé dlús leis an bplé, go háirithe leis na Ballstáit, maidir leis an gcaoi rialachas Mhisin an Aontais a chuíchóiriú chun é a dhéanamh níos éifeachtúla, níos cuimsithí agus níos éifeachtaí.

·Déanfaidh sé infheistíocht mhór chun feidhmeanna tacaíochta comhpháirteacha (‘cúloifig’) a neartú do Mhisin uile an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus chun aghaidh a thabhairt ar na teorainneacha a shainaithnítear sa Teachtaireacht seo.

·Cuirfidh sé tús le díospóireacht bhliantúil ar chur chun feidhme Mhisin an Aontais i bhfoirmíochtaí téamacha na Comhairle agus i gcoistí Pharlaimint na hEorpa atá ábhartha do gach Misean de chuid an Aontais.

Comhinfheistíocht níos mó agus níos fearr a dhaingniú, lena n‑áirítear ón earnáil phríobháideach

Ní mór punann ionstraimí níos leithne a shlógadh, agus glaonna an chláir Fís Eorpach ag feidhmiú mar shíolchistiú agus mar chomhordaitheoirí amháin seachas mar phríomhionstraimí imscartha. Leis an gcur chuige comhtháite maidir le Misin, tá gá le comhúinéireacht láidir ar fud an Choimisiúin agus an Aontais, ina mbeidh na gníomhaithe agus na páirtithe leasmhara uile rannpháirteach, lena n‑áirítear in úsáid a n‑ionstraimí cistiúcháin, ós rud é nach mór do Mhisin an slabhra nuálaíochta iomlán a chumhdach ón tsaotharlann go dtí an t‑imscaradh ar scála. Le cineál idirdhisciplíneach na sásraí rialachais, cuirtear neart deiseanna ar fáil chun sineirgí a fhorbairt idir Misin an Aontais agus codanna eile den chlár Fís Eorpach, idir Misin an Aontais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus idir Misin an Aontais agus beartais agus cláir chistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Leis an bhfianaise a bailíodh sa mheasúnú seo, léirítear nár baineadh leas iomlán as na deiseanna sin go fóill.

Ní mór clársceidealú chistiú AE na mBallstát a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le Misin an Aontais. Is gné lárnach é sin d’fhorbairt sineirge, mar shampla trí úsáid níos córasaí a bhaint as an mbeartas Comhtháthaithe do Mhisin an Aontais. Dá bhrí sin, is príomhdhúshlán eile é éagsúlú a dhéanamh ar fhoinsí cistiúcháin agus maoiniúcháin chun tacú le píblíne gníomhaíochtaí ón taighde go dtí an t‑imscaradh. Chuige sin, ba cheart dlúth-theagmháil a bhunú idir seirbhísí an Choimisiúin agus údaráis bhainistíochta agus cur chun feidhme na mBallstát.

Go dtí seo, tá cur chun feidhme Mhisin an Aontais á chistiú go príomha ag Fís Eorpach agus ag foinsí cistiúcháin poiblí eile. Mar sin féin, chun tionchar iomlán a bhaint amach faoi 2030, ní mór na cistí sin a chomhlánú le hinfheistíochtaí móra ón earnáil phríobháideach agus ó eagraíochtaí daonchairdiúla chun imscaradh agus macasamhlú réiteach ar scála a áirithiú. Cé go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh sa treo sin, ba cheart borradh a chur faoi leibhéal infheistíochta agus rannpháirtíochta na ngníomhaithe sin.

Tá comhar méadaithe le BEI ríthábhachtach chun spriocanna Mhisin an Aontais a bhaint amach. Le linn na gcéimeanna ullmhúcháin agus cur chun feidhme, tá Misin an Aontais ag obair go dlúth le BEI, a chuir seirbhísí comhairleacha ar fáil chun tacú le cláir oibre infheistíochta Phleananna Cur Chun Feidhme na Misean a fhorbairt. Ba cheart an comhar sin a mhéadú, go háirithe i bhfianaise ailíniú láidir spriocanna roinnt Misean agus chuspóirí BEI.

Tá gá le tuilleadh iarrachta chun leas na hearnála príobháidí i ngníomhaíochtaí Mhisin an Aontais a ardú. Níor féachadh go hiomlán ar an úsáid a bhaintear as ionstraimí nuálacha atá ceaptha don earnáil phríobháideach, amhail soláthar poiblí na nuálaíochta. Thairis sin, is léir ón taithí a fuarthas gur bealaí éifeachtacha iad teagmháil a dhéanamh leis na Comhpháirtíochtaí Eorpacha, agus go háirithe iad siúd a bhfuil rannpháirtíocht láidir tionscail acu, chun leas na hearnála tionsclaíochta a mhéadú i dtosaíochtaí beartais an Aontais agus an chaoi ar féidir leo rannchuidiú leo. Seoladh cheana féin glaonna comhpháirteacha idir Misin an Aontais agus roinnt de na Comhpháirtíochtaí Eorpacha comh-chlársceidealaithe. Dá ndéanfaí glaonna atá dírithe ar Mhisin agus atá nasctha le Misin a sheoladh faoi chuimsiú na gComhpháirtíochtaí Eorpacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, chruthófaí tuilleadh deiseanna chun dul i dteagmháil leis an tionscal. Comhlánófar é sin le hidirphlé struchtúrtha le príomhghrúpálacha leasmhara na hearnála tionsclaíochta agus na n‑eagraíochtaí daonchairdiúla araon.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Cuirfidh sé dlús leis an obair maidir le punann Mhisean an Aontais a fhorbairt agus a bhainistiú chun uirlisí cliste faireacháin agus idirghabhála a chur ar fáil do na Bainisteoirí Misin.

·Déanfaidh sé punann ionstraimí níos leithne a shlógadh, lena náirítear comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus soláthar poiblí na nuálaíochta.

·Cuirfidh sé dlús leis an bplé maidir le clársceidealú na mBallstát i leith cistiú ón Aontas a ailíniú le Misin an Aontais.

·Iarrfaidh sé ar mholtaí agus ar chomhairle maidir leis an gcaoi rannpháirtíocht na hearnála príobháidí i Misin an Aontais agus a rannchuidiú leo a mhéadú.

Rannpháirtíocht na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara a fheabhsú

Beidh baint amach spriocanna Mhisin aonair an Aontais (agus uaillmhianta an Aontais go ginearálta) ag brath, i ndeireadh na dála, ar an tacaíocht leathan a thugann an pobal do na haistrithe glasa agus digiteacha is gá agus ar ghlacadh an phobail leo. Cé go raibh rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a bhí rannpháirteach go díreach sna Misin sách éifeachtach, tá deis ann fós feasacht níos leithne a spreagadh ar fud an phobail i gcoitinne agus rannpháirtíocht dhíreach eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus sóisialta a spreagadh, agus ar an gcaoi sin cloí le gealltanas agus le hacmhainneacht na Misean. Tá gá le hiarrachtaí breise chun feasacht a mhúscailt maidir le spriocanna agus tionchar na Misean, chun sásraí aiseolais na bpáirtithe leasmhara a neartú agus chun infheictheacht na Misean agus a ngníomhaíochtaí coincréiteacha ar an talamh a mhéadú. Chuige sin, ní mór iarrachtaí cumarsáide i dtreo grúpaí páirtithe leasmhara agus saoránaigh aonair a mhéadú go mór.

Tá easpa feasachta fós ann maidir le tairbhí agus acmhainneacht Mhisin an Aontais mar ionstraim don phobal. Tá an méid sin in ainneoin an ratha atá ar Mhisin aonair an Aontais, a bhí gníomhach i gcumarsáid agus i múscailt feasachta agus i dteagmháil a dhéanamh leis na pobail páirtithe leasmhara dá ndéantar difear. Éascaíonn infheictheacht branda do Mhisin mar ionstraim rannpháirtíocht na Misean aonair. Tá rannpháirtíocht ghníomhach agus leanúnach Pharlaimint na hEorpa, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Choiste na Réigiún ríthábhachtach freisin chun feasacht an phobail a mhéadú agus chun saoránaigh a shlógadh.

Cuirfidh an Coimisiún dlús le húsáid gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun tacú go comhpháirteach le Misin, lena n‑áirítear maidir le múscailt feasachta agus cumarsáid. Neartóidh sé freisin an córas faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme Mhisean an Aontais ar bhealach níos cainníochtúla agus níos éasca a thuiscint. Ullmhóidh sé comhairle bheartais freisin maidir le todhchaí Mhisin an Aontais, lena n‑áirítear maidir le straitéisí aistrithe i dtreo an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile de chuid an Aontais. Léirigh taithí an mheasúnaithe reatha, de facto go han‑luath le linn shaolré na Misean, a thábhachtaí atá forbhreathnú leanúnach ar pharaiméadair cur chun feidhme. Tá an Coimisiún tiomanta do thuarascáil mheasúnaithe bhreise a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme Mhisin an Aontais in 2025 chun an dul chun cinn a mheas, measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an chistiúcháin, éachtaí le haghaidh scaipeadh amach anseo a shainaithint agus réitigh nuálacha a eascraíonn ó Mhisin a mhacasamhlú.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Déanfaidh sé tuilleadh teagmhála le gairmithe cumarsáide a mhéid a bhaineann le straitéis le haghaidh cur chuige i leith Mhisin an Aontais atá bunaithe níos mó ar shaoránaigh.

·Tabharfaidh sé faoi ghníomhaíochtaí spriocdhírithe chun tacú le hiarrachtaí cumarsáide áitiúla agus náisiúnta chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht saoránach agus chun feasacht an phobail ar Mhisin an Aontais a ardú.

·Foilseoidh sé tuarascáil nua maidir le cur chun feidhme Mhisin an Aontais in 2025.

·Eagróidh sé díospóireacht phoiblí maidir leis na tuarascálacha cur chun feidhme chun ceachtanna a fhoghlaim, an dul chun cinn a phlé agus an méid atá bainte amach ag Misin an Aontais a chur in iúl.

4.Spreagadh athnuaite

Tá rochtain mhór bainte amach ag na cúig Mhisin de chuid an Aontais atá ann faoi láthair ar an láthair agus oibreoidh siad tuilleadh chun na dúshláin atá fós ann a chomhdhlúthú agus chun dul i ngleic leo. Mar sin féin, cuireadh i dtábhacht sa mheasúnú freisin an deis punann na Misean a leathnú, agus an gá atá ann tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais don ionstraim a athdhearbhú.

Misean nua de chuid an Aontais maidir le Bauhaus Eorpach Nua a sheoladh

Breis agus 2 bhliain tar éis a sheolta, tá dul chun cinn mór déanta ag an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua 28 maidir leis an sprioc atá aige an Comhaontú Glas don Eoraip a nascadh lenár spásanna maireachtála agus lenár neispéiris. Tá a Chomhphobal féin aige ina bhfuil breis agus 1 000 ball gníomhach ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, grúpa comhairleach atá comhdhéanta de phearsana measúla i réimsí na hailtireachta, an chultúir, an deartha agus na hinbhuanaitheachta. Agus is spreagadh é do thionscadail agus tionscnaimh ón mbun aníos lena dtástáiltear agus lena léirítear smaointe agus gníomhaíochtaí Bauhaus Eorpach Nua.

Comhroinneann Bauhaus Eorpach Nua roinnt saintréithe cheana féin le Misin an Aontais. Leis an gcleachtadh measúnaithe atá ann faoi láthair agus leis na dúshláin a shainaithin sé, chomh maith leis an machnamh a rinneadh i bpobal Bauhaus Eorpach Nua agus glaonna ó Pharlaimint na hEorpa 29 , léirítear go bhfuil sé tráthúil anois do thionscnamh Bauhaus Eorpach Nua a dhul chun cinn a chomhdhlúthú, chun a fhócas agus a fhréamhú in T&N a chomhdhlúthú, agus chun fócas a bhaint amach i bhfoirm Misean nua tiomnaithe de chuid an Aontais.

Maidir le seoladh Mhisean tiomnaithe Bauhaus Eorpach Nua, leanfar an próiseas céanna a bhí ann don chéad chúig Mhisean. Áirítear leis sin Bord Misin a cheapadh, agus Plean Cur Chun Feidhme Misin a dhréachtú, rud a chuideoidh le spriocanna beachta agus garspriocanna an Mhisin a shainiú, mar a rinneadh leis an gcéad chúig Mhisean. Leis sin, chuirfí an méid atá bainte amach ag tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua go dtí seo san áireamh, chomh maith leis an measúnú a rinneadh ar Mhisin an Aontais.

Dhéanfadh an Misean nua obair na Misean atá ann cheana a chomhlánú agus a chur chun cinn. Mar shampla, leis an Misean um Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Misean maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste, d’fhéadfaí sineirgí breise a chruthú idir ionstraimí cistiúcháin éagsúla agus infheistíocht ón earnáil phríobháideach. D’fhéadfadh sé an dá Mhisean sin a chomhlánú freisin trí chur chuige iomlánaíoch agus níos doimhne a ghlacadh i leith na timpeallachta tógtha. Mar shampla, trí fhéachaint, le T&N, ar an gcaoi ar féidir comharsanachtaí a bheith ina linnte carbóin, iad a chomhtháthú in éiceachóras ciorclach, iad a dhéanamh níos athléimní i gcoinne an athraithe aeráide, agus ligean dóibh acmhainní a thabhairt ar ais don dúlra trí dhearadh athghiniúnach. Tá gné láidir nuálaíochta sóisialta ag Bauhaus Eorpach Nua freisin, ós rud é go gcothaíonn sé forbairt na gcineálacha cur chuige nuálacha rialachais agus ceaptha beartas chun solúbthacht, luas agus ciorclaíocht na sreafaí cinnteoireachta a mhéadú i gcomparáid le próisis chlasaiceacha. Ina raon feidhme, d’áiritheodh Misean Bauhaus Eorpach Nua sineirgí comhlántachtaí le tionscnaimh ábhartha amhail Comhpháirtíocht Built4People. Rachadh Misean Bauhaus Eorpach Nua i dteagmháil le daoine chun glacadh sóisialta níos fearr a chothú le haghaidh bheartais an Chomhaontaithe Ghlais, lena gcuirfí úinéireacht shóisialta ar réitigh ghlasa chun cinn agus lena spreagfaí athruithe iompraíochta a bhfuil gá leo chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Dhéanfaí é sin trí dhíriú ar an inbhuanaitheacht in éineacht le critéir eile, lena n‑áirítear inrochtaineacht, inacmhainneacht agus cáilíocht na taithí a chuirtear ar fáil.

Tá sineirgí forbartha cheana féin ag Bauhaus Eorpach Nua idir infheistíochtaí T&N, ionstraimí cistiúcháin eile 30 agus infheistíocht ón earnáil phríobháideach. Tá gealltanas tugtha ag gach ceann de na 27 mBallstát do Bauhaus Eorpach Nua i mbreis agus 220 clár beartais chomhtháthaithe. Tá acmhainneacht mhór aige anois réitigh nuálacha a mhéadú agus a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Tá an Banc Eorpach Infheistíochta i mbun oibre freisin agus é mar aidhm aige treoirlínte infheistíochta Bauhaus Eorpach Nua a fhorbairt chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta agus le tionscnóirí tionscadal. In 2023, tá dhá dhúshlán ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach ag rannchuidiú le soláthar Bauhaus Eorpach Nua. Ó bhí 2021 ann, tá cúig Phobal Eolais agus Nuálaíochta agus a líonraí faoi seach ar fud an ghnó, an oideachais agus an taighde á slógadh ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht tríd an dtionscnamh, Bauhaus Eorpach Nua Chomhphobal na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht. Is uirlis iomchuí é Misean de chuid an Aontais chun sineirgí den sórt sin a threisiú, scála a thógáil agus an tionchar is mó is féidir a áirithiú. 

Maidir leis an gCoimisiún:

·Molfaidh sé Misean nua de chuid an Aontais atá tiomnaithe do Bauhaus Eorpach Nua.

·Cuirfidh sé tús leis na hullmhúcháin chun é a mhéadú, lena náirítear Bord Misin a bhunú agus Plean Cur Chun Feidhme Misin a dhréachtú.

Tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais a athdhearbhú

I bhfianaise a n‑uaillmhianta, teastaíonn iarracht leanúnach chomhordaithe le linn tréimhse níos faide ná 10 mbliana ó Mhisin an Aontais. Cé go bhfuil siad fós ag céim luath den chur chun feidhme, tá aird agus tacaíocht mhór faighte ag Misin an Aontais ó Institiúidí an Aontais, ó na Ballstáit, ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus ó réimse leathan páirtithe leasmhara. Ní mór tuilleadh tacaíochta a thabhairt don mhóiminteam sin chun a áirithiú go mbainfidh misin an Aontais a gcuid spriocanna amach san fhadtéarma.

Chun go gcomhlíonfaidh Misin an Aontais a ngealltanas ina niomláine, ní mór dóibh gealltanas soiléir a thabhairt maidir le tacaíocht leanúnach airgeadais sa chlár Fís Eorpach le linn bhuiséad fadtéarmach an Aontais atá ann faoi láthair. Dá réir sin, measann an Coimisiún gur cheart tacaíocht ón gclár Fís Eorpach do Mhisin an Aontais tar éis 2023 a shocrú ar leibhéal 11 % de Cholún 2 31 . Leis an gcistiú sin, ráthófar leanúnachas agus cuideofar le luas an chur chun feidhme a choinneáil sna Misin atá ann cheana. An tráth céanna, dreasóidh sé iad chun foinsí cistiúcháin a ghiaráil lasmuigh den chlár Fís Eorpach, agus ag an am céanna freastalóidh sé ar sheoladh Misin nua.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Déanfaidh sé a ghealltanas polaitiúil agus a thacaíocht pholaitiúil do Mhisin an Aontais a athdhearbhú.

·Déanfaidh sé Misin an Aontais a choinneáil ar bun mar mhisin shuaitheanta ar chur chun feidhme an chláir Fís Eorpach agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. 

·Déanfaidh sé buiséad Fís Eorpach a mholadh do Mhisin an Aontais dar luach 11 % de Cholún 2 go dtí 2027.

5.Conclúid

Leis an taithí a fuarthas le 2 bhliain de chur chun feidhme cúig Mhisean de chuid an Aontais, deimhníodh go ndreasaítear rannpháirtíocht pobal leathan díograiseach páirtithe leasmhara leis an gcur chuige bunaithe ar mhisean mar ionstraim den chlár Fís Eorpach. Trína chumas turgnamh, comhordú agus uas‑scálú imscartha a chur chun cinn, is féidir ról lárnach a bheith ag ionstraim Mhisean an Aontais sna haistrithe sochaíocha is gá ar fud réimsí éagsúla.

Bunaithe ar mheasúnú agus ar anailís Mhisin an Aontais a shonraítear sa Doiciméad Inmheánach Oibre, is é conclúid na Teachtaireachta seo gur cheart leanúint de chur chun feidhme na gcúig Mhisean atá ann faoi láthair, agus gur cheart an tacaíocht a mhéadú, go polaitiúil agus ó thaobh airgeadais de araon. Déanfaidh Misean nua ar Bauhaus Eorpach Nua na Misin atá ann faoi láthair a chomhlánú agus a neartú, rud a chuirfidh deiseanna nua ar fáil chun tairbhí nithiúla T&N a thabhairt don Eoraip.

Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas freisin, chun a hacmhainneacht a bhaint amach go hiomlán, nach mór don ionstraim Mhisin aghaidh a thabhairt ar roinnt dúshlán atá fós ann, go háirithe maidir le feasacht an phobail, rialachas agus cumas na hionstraime foinsí eile cistiúcháin a ghiaráil, lena n‑áirítear cistiú príobháideach. Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht seo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá fós roimh Mhisin an Aontais, i gcomhchruthú le hinstitiúidí uile an Aontais, leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ar fud an Aontais, chun uirlis an‑rathúil a dhéanamh den uirlis chlaochlaitheach sin.

(1)

Féach Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach, Aithris 2.

(2)

COM(2021) 609 final.

(3)

Airteagal 8(5) agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha do rannpháirtíocht agus do scaipeadh, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013, IO L 170, 12.5.2021.

(4)

COM(2021) 82 final.

(5)

COM/2021/44 final

(6)

  https://health.ec.europa.eu/latest-updates/commission-expert-group-public-health-2022-12-08_ga

(7)

  https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2022/12/09/council-updates-its-recommendation-to-screen-for-cancer/  

(8)

Amhail an togra le haghaidh an Dlí maidir le hAthchóiriú Dúlra, Straitéis na Réigiún is Forimeallaí, straitéis an Artaigh, Straitéis na nAlgaí, Plean Gníomhaíochta an Aontais chun éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athchóiriú d’iascaigh inbhuanaithe athléimneacha.

(9)

Is iad sin: teach solais imchuach an Atlantaigh agus an Artaigh; teach solais imchuach Mhuir Bhailt agus imchuach na Mara Thuaidh; teach solais imchuach na Meánmhara agus teach solais abhantrach na Danóibe.

(10)

Is creat simplí, cuimsitheach agus spreagúil í Cairt an Mhisin um Aigéin agus Uiscí, lena n‑iarrtar gníomhaíochtaí nithiúla chun feabhas a chur ar an gcomhar chun cuspóirí an Mhisin a bhaint amach. Tá sé ar oscailt d’aon pháirtí leasmhar poiblí nó príobháideach. Cumhdaítear T&N, eolas agus sonraí, rannpháirtíocht saoránach, méadú/imscaradh réiteach, oideachais agus oiliúna le gníomhaíochtaí misin.

(11)

Dearbhú Aireachta an Aontais don Réigiún Meánmhuirí, mí an Mheithimh, 2022.

(12)

An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe

(13)

100 cathair ó Bhallstáit agus 12 chathair ó thíortha comhlachaithe le Fís 2020.

(14)

  https://cordis.europa.eu/project/id/101056927  

(15)

  https://netzerocities.eu/wp-content/uploads/2023/03/Pilot-Cities-Announcement-Press-Release-Mar-2023-Final.pdf  

(16)

  https://www.urban-initiative.eu/innovative-actions-greening-cities

(17)

 https://research-and-innovation.ec.europa.eu/news/all-research-and-innovation-news/local-action-global-impact-urban-transitions-mission-centre-starts-its-activities-2022-12-13_ga

(18)

  https://esdac.jrc.ec.europa.eu/esdacviewer/euso-dashboard/

(19)

  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 maidir le cosaint ithreach (2021/2548(RSP) .

(20)

  An Straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ ; Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030; ; Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide ; Straitéis Foraoise an Aontais le haghaidh 2030; ; Plean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú ; Plean gníomhaíochta um tháirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas Eorpach ; Fís fhadtéarmach le haghaidh Cheantair Thuaithe an Aontais ; Straitéis Ithreach an Aontais do 2030 ; Teachtaireacht maidir le timthriallta inbhuanaithe carbóin; ; Teachtaireacht 'An tslándáil bia a chosaint agus athléimneacht na gcóras bia a threisiú' ; Teachtaireacht 'Infhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán a áirithiú' ; Creat Reachtach le haghaidh Córas Bia Inbhuanaithe de chuid an Aontais ; Teachtaireacht maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’.

(21)

  https://www.cbe.europa.eu/

(22)

  https://prima-med.org/

(23)

  https://agriculture.ec.europa.eu/cap-my-country/cap-strategic-plans_ga

(24)

  https://mission-soil-platform.ec.europa.eu/

(25)

Faoi lár mhí an Mheithimh 2023 bhí os cionn 1400 sínitheoir ag an bhForógra, lena n‑áirítear 100 institiúid phoiblí agus phríobháideach.

(26)

  https://www.fao.org/global-soil-partnership/en/

(27)

  https://www.aimforclimate.org/  

(28)

  https://new-european-bauhaus.europa.eu/index_ga  

(29)

https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/A-9-2022-0213_GA.html

(30)

 Fís Eorpach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste um Aistriú Cóir, LIFE, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Clár an Mhargaidh Aonair, Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide, Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

(31)

Déanfar dáileadh an rannchuidithe i measc na mbraislí éagsúla de Cholún 2 a dhifreáil thar bhraislí, lena léireofar cuspóirí na Misean agus an nasc atá acu leis an mbraisle ar leith. Ní bhainfidh sé an bonn den tacaíocht do ghlacadh agus do mhéadú ar fhorbairt agus ar mhonarú teicneolaíochtaí straitéiseacha san Aontas, mar a bhunaítear i mbeartas tionsclaíoch an Aontais agus sa togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Top