AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 409 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme cúnaimh macrairgeadais do thríú tíortha in 2022
{SWD(2023) 244 final}
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023DC0409
REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL on the implementation of macro-financial assistance to third countries in 2022
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme cúnaimh macrairgeadais do thríú tíortha in 2022
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme cúnaimh macrairgeadais do thríú tíortha in 2022
COM/2023/409 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 409 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme cúnaimh macrairgeadais do thríú tíortha in 2022
{SWD(2023) 244 final}
CLÁR
1 Réamhrá
2 Forbairtí maicreacnamaíocha i dtíortha comhpháirtíochta
2.1 Comhpháirtíocht an Oirthir
2.2 Comharsanacht an Deiscirt
2.3 Na Balcáin Thiar
3 Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais in 2022
3.1 Comhpháirtíocht an Oirthir
An Mholdóiv: oibríocht cúnaimh macrairgeadais nua
An Úcráin: cúnamh macrairgeadais éigeandála
An Úcráin: cúnamh macrairgeadais eisceachtúil
An Úcráin: Cúnamh Macrairgeadais+
3.2 Comharsanacht an Deiscirt
An Iordáin: Cúnamh Macrairgeadais‑III
An Túinéis: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
3.3 Na Balcáin Thiar
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: Cúnamh Macrairgeadais COVID‑19
4 Úsáid cheart chistí an chúnaimh macrairgeadais a áirithiú: measúnuithe oibríochtúla, meastóireachtaí agus iniúchtaí
4.1 Measúnuithe oibríochtúla
4.2 Meastóireachtaí
5 Forbairtí ginearálta maidir leis an ionstraim cúnaimh macrairgeadais
5.1 Feidhmiú na hionstraime cúnaimh macrairgeadais
5.2 Cúnamh macrairgeadais i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021‑2027
6 Ag féachaint chun cinn – oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais agus an staid Bhuiséadach in 2023
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme cúnaimh macrairgeadais do thríú tíortha in 2022 ( 1 )
1Réamhrá
Ionstraim airgeadais de chuid an Aontais atá i gcúnamh macrairgeadais ( 2 ), ar cúnamh é a thugtar do thíortha comhpháirtíochta atá thíos le géarchéim chomhardú na n‑íocaíochtaí. Ó cuireadh tús leis an gcúnamh macrairgeadais in 1990, cuidíodh leis an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a fheabhsú i dtíortha atá i gcomharsanacht an Aontais nó atá gar don Aontas ó thaobh na tíreolaíochta de, agus moladh athchóirithe struchtúracha leis an gcúnamh an tráth céanna. Is iondúil gur comhlánú a bhíonn ann ar shocrú creidmheasa nach socrú réamhchúraim é arna chomhaontú leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), go mbíonn sé ann ar choinníoll socrú dá leithéid a bheith ann, ach rinneadh eisceacht ón réamhchoinníoll sin i leagan amach na tacaíochta eisceachtúla arna soláthar don Úcráin tar éis ionradh iomlán na Rúise i mí Feabhra 2022. Ceadaítear don tír chomhpháirtíochta a spás fioscach a mhéadú, a hinbhuanaitheacht fiachais a fheabhsú agus díriú ar athchóirithe a bhfuil gá leo a chur chun cinn nuair a mhaolaítear roinnt den bhrú atá ar an tír chomhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí. Trí chonair an choigeartaithe macrairgeadais a mhíniú, is féidir le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais tionchair shóisialta dhearfacha a bheith acu, lena dtugtar tuilleadh ama agus raon feidhme don tír aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna a géarchéime.
Is minice a bhíonn cúnamh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí, agus faigheann an Coimisiún an cistiú lena n‑aghaidh ar mhargaí caipitil agus tugann sé ar iasacht don tír is tairbhí ansin é ar na téarmaí céanna. I gcásanna áirithe, bíonn sé i bhfoirm deontas a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Uaireanta, is féidir gur teaglaim d’iasachtaí agus deontais a bhíonn i gceist.
Scaoiltear cúnamh macrairgeadais i dtráthchodanna agus ní dhéantar é sin ach amháin má dhéantar na critéir athchóirithe struchtúraigh shonracha uile – arna gcomhaontú leis an tír – a chomhlíonadh. Tá an méid sin mar bhonn taca faoi chur chun feidhme beart coigeartaithe agus athchóirithe láidir a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na géarchéime foluití, córais airgeadais phoiblí a neartú agus tacú le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach agus cruthú fostaíochta. Thairis sin, is é atá mar réamhchoinníoll chun cúnamh macrairgeadais a dheonú go mbeidh an tír is tairbhí ag cloí le sásraí daonlathacha éifeachtacha, lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí a bheith ann agus an smacht reachta a urramú, agus urraim na tíre do chearta an duine. Ar an mbealach sin, is comhlánú atá i gcúnamh macrairgeadais ar chúnamh comhair tráthrialta ón Aontas agus tá sé ina rannchuidiú leis an sprioc níos leithne a bhaineann le cobhsaíocht a chaomhnú agus rathúnas agus bunluachanna an Aontais a chur chun cinn lastall dá theorainneacha. Aithnítear cúnamh macrairgeadais go forleathan mar ionstraim éifeachtach chun freagairt do ghéarchéimeanna, rud a fhágann go mbíonn an tAontas in ann idiragairt ar bhealach infheicthe solúbtha agus giaráil bheartais ann( 3 ). Tacaítear leis sin leis na torthaí ó mheastóireachtaí neamhspleácha éagsúla ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais a críochnaíodh( 4 ) agus leis an meitimheastóireacht chomh maith leis sin a rinneadh le déanaí ar na hoibríochtaí a rinneadh le deacáid anuas( 5 ).
Tar éis thús chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, rud a bhí gan údar, b’eisceachtúil an bhliain é 2022 le haghaidh cúnamh macrairgeadais, sa mhéid gur léiríodh go láidir léi gur lean sé de bheith ábhartha agus solúbtha maidir lena cheadú don Aontas cuid mhór tacaíocht airgeadais ghearrthéarmach a leathnú chuig an Úcráin faoi imthosca urghnácha, agus tacaíocht á tabhairt an tráth céanna freisin do thíortha eile i gComharsanacht an Aontais dá ndearnadh difear mór de dheasca dhrochiarmhairt eacnamaíoch an chogaidh sin. Dá bhrí sin, tá na hoibríochtaí sin agus a n‑impleachtaí buiséadacha i measc na bpríomh‑shaincheisteanna ar a dtuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil seo.
Ullmhaítear tuarascáil 2022 i gcomhréir le hoibleagáidí faisnéise an Choimisiúin arna leagan síos sna cinntí éagsúla ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais( 6 ). Gabhann doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin léi, lena gcuirtear anailís níos sonraí ar fáil maidir leis an gcomhthéacs macrairgeadais agus cur chun feidhme oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais aonair.
2Forbairtí maicreacnamaíocha i dtíortha comhpháirtíochta
In 2022, na forbairtí eacnamaíocha i gComharsanacht an Aontais agus sna tíortha is iarrthóirí nó sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha, bhí tionchar díreach agus indíreach ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine orthu. Cé go ndearnadh an difear díreach is mó do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir leis na héifeachtaí iarmharta a tháinig dá bharr sin, bhí na hiarmhairtí le brath freisin i gComharsanacht Deiscirt an Aontais agus sna Balcáin Thiar.
Sna tíortha atá i gComhpháirtíocht an Oirthir, is é a tháinig as cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine dímheas airgeadra agus brúnna láidre ar phraghsanna bia agus fuinnimh. Rinneadh difear mór do mhuinín tomhaltóirí agus gnó freisin, agus daingníodh brúnna boilscitheacha i dtíortha áirithe mar thoradh ar shreabha imirce suntasacha sa réigiún. Rinneadh an difear is diúltaí do Phoblacht na Moldóive ós rud é gur tháinig borradh faoi bhoilsciú (lastall de na leibhéil san Úcráin), agus buaileadh muinín tomhaltóirí agus gnó. Os a choinne sin, thairbhigh an Airméin agus an tSeoirsia de na sreabha móra saoránach de chuid na Rúise agus de na haistrithe airgeadais comhlachaithe agus thairbhigh siad chomh maith leis sin den athrú i mbealaí iompair mar gheall ar an gcogadh.
I gComharsanacht an Deiscirt, d’ainneoin go raibh an neamhchosaint trádála íseal ar an bhforiomlán, bhí brú ann i bhfoirm praghsanna bia níos mó agus slándáil bia níos lú (bíonn tíortha áirithe ag brath go mór ar an Rúis agus ar an Úcráin le haghaidh a n‑allmhairí cruithneachta, príomhbhia atá criticiúil agus an‑fhóirdheonaithe) agus praghsanna fuinnimh níos mó (ach is minic a bhíonn siad an‑fhóirdheonaithe). Mar sin féin, lean tíortha uile Chomharsanacht an Deiscirt – ach amháin an Liobáin – de bheith ag leathnú go heacnamaíoch in 2022.
Sna Balcáin Thiar, mar thoradh ar mhéaduithe marthanacha ar phraghsanna fuinnimh, bia agus iompair cothaíodh tuilleadh luasghéaraithe i mboilsciú, agus laghdú á dhéanamh ar ioncam indiúscartha réadach agus tomhaltas príobháideach teaghlach. Le suaití i slabhraí soláthair idirnáisiúnta agus éileamh laghdaitheach de dheasca an ionchais fáis níos ísle maidir le mór‑chomhpháirtithe trádála, lena n‑áirítear an tAontas, cuireadh tuilleadh ualaigh ar an ionchas eacnamaíoch le haghaidh na dtrí réigiún uile, lena n‑áirítear le haghaidh onnmhairí agus infheistíocht dhíreach choigríche, agus na neamhchomhorduithe seachtracha a bhí ann cheana á ngéarú.
Sa roinn seo, déantar scrúdú ar na dúshláin réigiúnacha atá roimh thíortha chomharsanacht an Aontais agus tíortha na mBalcán Thiar, agus déantar tuilleadh scrúdaithe ar a bhfeidhmiú eacnamaíoch de réir tíre sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
2.1Comhpháirtíocht an Oirthir
In 2022, múnlaíodh forbairtí eacnamaíocha i dtíortha uile Chomhpháirtíocht an Oirthir le cogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine, fad a mheath éifeachtaí na paindéime de réir a chéile. Bhí éagsúlacht mhór sna forbairtí eacnamaíocha idir na tíortha sin, áfach. Ar thaobh amháin, chlis ar aschur eacnamaíoch (cliseadh timpeall ‑ 30 % san Úcráin) nó chrap sé go mór (titim 4.7 % in OTI sa Bhealarúis agus titim 5.9 % sa Mholdóiv). Rinneadh difear díreach do na tíortha sin (agus an Úcráin ag fulaingt de dheasca chogadh foghach brúidiúil na Rúise agus a iarmhairtí uafásacha daonnúla, sóisialta agus eacnamaíocha, lena n‑áirítear trí chaillteanas caipitil fhisicigh ollmhór agus díothú bonneagair chomh maith le líon suntasach dídeanaithe idirnáisiúnta agus inmheánacha) nó rinneadh difear dóibh trí éifeachtaí iarmharta a mhaolaigh muinín tomhaltóirí agus infheisteoirí. Ar an taobh eile, le gníomhaíocht eacnamaíoch sna trí thír i réigiún Chugais sroicheadh buaiceanna suntasacha. Le haghaidh na hAirméine agus na Seoirsia, agus fás OTI 12.6 % agus 10.1 % faoi seach i gceist leo, léiríodh leis sin insreabhadh saoránach agus gnólachtaí de chuid na Rúise tar éis thús chogadh foghach na Rúise agus an bhorrtha mhóir ar aistrithe airgeadais a bhí ag gabháil leis sin. Thairbhigh an Asarbaiseáin (fás OTI 4.6 %) de shreabha airgeadais níos airde freisin ón Rúis agus d’éifeachtaí téarmaí trádála dearfacha ar phraghsanna fuinnimh níos airde, agus thairbhigh sí chomh maith leis sin den téarnamh iarphaindéime atá fós ar siúl.
Lean boilsciú ard, ag leibhéil nach bhfacthas le deacáidí anuas i roinnt mhaith cásanna, de bheith ina shaintréith choiteann de Chomhpháirtíocht an Oirthir in 2022. Shroich fás an phraghais do thomhaltóirí a bhuaic (agus figiúirí dúbailte á sroicheadh sna tíortha uile) i lár na bliana de thoradh an tsuaite praghais (is é sin i ndáil le bia agus fuinneamh) a bhaineann le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus lagú na n‑airgeadraí áitiúla le linn na tréimhse díreach i ndiaidh na coinbhleachta. Leis na sreabha imirce suntasacha sa réigiún daingníodh freisin brúnna boilscitheacha i gcuid de na tíortha. Chun an boilsciú a chloí, lean bainc cheannais dá n‑iarrachtaí géaraithe airgeadaíochta in 2022 fiú má éascaíodh rithim na n‑arduithe ráta go mór ó lár na bliana, tar éis cobhsaíocht praghsanna tráchtearraí domhanda agus airgeadraí áitiúla.
Agus iad ag tairbhiú den ghníomhaíocht eacnamaíoch láidir, thuairiscigh na trí thír i réigiún Chugais torthaí fioscacha láidre in 2022 ós rud é go raibh na heasnaimh sa bhuiséad faoi bhun na spriocanna, agus tháinig laghdú mór ar na cóimheasa fiachais‑OTI. Os a choinne sin, i measc méaduithe géara – go háirithe i gcaiteachas cosanta – agus cliseadh ar ioncaim ón ngeilleagar intíre a bhí buailte ag an gcogadh, thaifead an Úcráin easnamh ollmhór sa bhuiséad a bhí maoinithe den chuid is mó ag comhpháirtithe idirnáisiúnta, go háirithe an tAontas. Maidir le cúrsaí seachtracha, bhí treochtaí dibhéirseacha ann chomh maith leis sin. Thaifead na trí thír i réigiún Chugais fás láidir sa trádáil, a bhain go páirteach le hathruithe i mbealaí iompair a spreagadh leis an gcogadh agus, i gcás na hAsarbaiseáine, leis an mborradh i bpraghsanna fuinnimh domhanda. Ós a choinne sin, chlis ar an trádáil san Úcráin de dheasca díothú stoic caipitil arna dhéanamh ag an Rúis agus imshuí ar phríomhbhealaí trádála, go háirithe an Mhuir Dhubh, arna dhéanamh ag an Rúis. Le smachtbhannaí cuimsitheacha an Iarthair in aghaidh na Bealarúise, rannchuidíodh leis an meath ar thrádáil na tíre. Ar an taobh dearfach, lean íocaíochtaí le comharsana an Oirthir de bheith athléimneach maidir leis an gcogadh, ar ábhar iontais é sin, agus bhí siad ina rannchuidiú leis na heasnaimh sa chuntas reatha a chaolú, rud a thacaíonn – i dteannta maoiniú oifigiúil – le tiomargadh leanúnach cúlchistí idirnáisiúnta i bhformhór na dtíortha sa réigiún.
Is é an t‑ionchas gearrthéarmach atá ann le haghaidh an réigiúin gur dócha go leanfaidh sé de bheith múnlaithe le cogadh foghach na Rúise san Úcráin. Príomhthoisc eile is ea lagú ionchasach ar an éileamh seachtrach domhanda mar gheall ar an ngéarú airgeadaíochta leanúnach arna dhéanamh ag príomhbhainc cheannais. D’fhéadfadh an méid sin a bheith fritháirithe go páirteach le beartais fhioscacha agus airgeadaíochta atá beagán níos réidhe i gcomharsana an Oirthir ós rud é gur thosaigh moill ag teacht de réir a chéile ar bhoilsciú.
2.2Comharsanacht an Deiscirt
D’ainneoin iarmhairtí chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ó thaobh praghsanna tráchtearraí agus boilsciú níos airde lenar cruthaíodh géarú ar dhálaí maoiniúcháin, lean tíortha uile Chomharsanacht an Deiscirt – ach amháin an Liobáin – de leathnú eacnamaíoch a bhrath in 2022. D’ainneoin go raibh maolú ag teacht de réir a chéile ar thionchar eacnamaíoch na paindéime, mhoilligh ar fhás eacnamaíoch agus bhí sé faoi bhun na n‑ionchas roimh an gcogadh, go háirithe sa ráithe tar éis ráig an chogaidh. Tugtar le fios le réamhshonraí gur shroich fás fíor‑OTI idir 2.0 % i Maracó agus 7.7 % in Iosrael le linn an chéad leath de 2022.
Spreagadh fás eacnamaíoch le téarnamh leanúnach na hearnála seirbhíse, go háirithe seirbhísí turasóireachta, fáilteachais, bialainne agus iompair. Thairbhigh leathnú na n‑onnmhaireoirí fuinnimh go háirithe d’éileamh láidir agus praghsanna fuinnimh idirnáisiúnta arda tar éis chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus smachtbhannaí (ón Iarthar) in aghaidh na Rúise. Tháinig an dífhostaíocht ar leibhéal seasta agus sin chuig na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim i bhformhór na dtíortha, mar gheall ar théarnamh a bheith ag teacht ar ghníomhaíocht eacnamaíoch. Tháinig luasghéarú ar bhoilsciú CPI sna tíortha uile, rud a bhí á spreagadh le praghsanna fuinnimh agus bia idirnáisiúnta. Mar fhreagairt ar an ardú i mboilsciú, ghéaraigh bainc cheannais an seasamh airgeadaíochta trí rátaí úis a ardú go háirithe in R2‑2022, tar éis a seasamh beartais réidh a choinneáil ar bun in 2021 agus go luath in 2022.
Tar éis an mheathlaithe láidir ar iarmhéideanna fioscacha le linn na paindéime in 2020, chúngaigh easnaimh sa bhuiséad sna tíortha uile. Tháinig méadú ar ioncaim, go háirithe ioncam cánach, le téarnamh gníomhaíochta eacnamaíoch agus mar gheall ar bhoilsciú ardaitheach, cé gur tháinig laghdú den chuid is mó ar chaiteachais, go háirithe ar na hearnálacha sóisialta agus sláinte, óna mbuaiceanna in 2020. Bhí an méid sin fritháirithe go páirteach le brúnna ar chaiteachais fhioscacha ó dhrochiarmhairt chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine, ós rud é go ndéanann formhór chomharsana an deiscirt cruithneacht agus/nó breosla a fhóirdheonú. Ina theannta sin, lean fiachas náisiúnta de bheith ag leibhéil a bhí níos airde ná mar a bhí riamh de dheasca riachtanais mhaoiniúcháin shubstaintiúla le linn na paindéime. Athraíonn dinimic sa chuntas reatha go mór ar fud Chomharsanacht an Deiscirt, i bhfianaise na ndifríochtaí leathana i struchtúir eacnamaíocha agus próifílí trádála. Le harduithe praghsanna le haghaidh breosla agus gáis cuireadh brú ar chuntais reatha na n‑allmhairí fuinnimh uile, rud a bhí á spreagadh le harduithe praghsanna tráchtearraí domhanda tar éis chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Bhí éifeachtaí maolaitheacha ag téarnamh na hearnála turasóireachta agus íocaíochtaí le haghaidh fhormhór na dtíortha. Lean an réigiún freisin de bheith ag tairbhiú de thacaíocht sheachtrach ó iasachtóirí institiúideacha idirnáisiúnta.
Tá tionchar freisin ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar ionchas Chomharsanacht an Deiscirt, ach ar chéim níos lú ná i gComhpháirtíocht an Oirthir. Is é a thugtar le tuiscint lena dhrochiarmhairt rioscaí suntasacha ar an taobh thíos maidir leis an téarnamh leanúnach, ós rud é go leantar de dhifear a dhéanamh do chomharsana an deiscirt le praghsanna níos airde go háirithe praghsanna bia, fuinnimh agus tráchtearraí eile, lena ndéantar boilsciú a ardú agus tomhaltas intíre a bhualadh, le linn a bheith ag cur leis an mbrú ar bhuiséid phoiblí. Le suaití ar shlabhraí soláthair agus sreabha trádála cuireadh brú mór cheana ar mhargaí, airgeadas poiblí, táirgeoirí agus tomhaltóirí ar fud an réigiúin, go háirithe ar na tíortha atá ag brath ar an onnmhairiú gráin ón Úcráin agus ón Rúis, amhail an Éigipt, an Iordáin, an Libia, an Liobáin, Maracó agus an Túinéis.
2.3Na Balcáin Thiar
Mhaolaigh an téarnamh eacnamaíoch go suntasach sna Balcáin Thiar in 2022 de dheasca na drochiarmharta ó chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, na géarchéime fuinnimh spreagtha agus an bhoilscithe aird a lean as sin. D’ainneoin athoscailt na ngeilleagar tar éis phaindéim COVID‑19 agus an téarnaimh sa turasóireacht, tháinig tuilleadh moillithe ar fhás aschuir sa tríú ráithe de 2022, agus fás 2.1 % ag teacht ar OTI an réigiúin in aghaidh na bliana, i gcomparáid le 4.3 % sna 3 mhí roimhe sin. Lean tomhaltas príobháideach agus onnmhairí de bheith ina bpríomhspreagthaí fáis ar fud an réigiúin cé gur léiríodh feidhmíocht mheasctha le hinfheistíocht, agus meath taifeadta in aghaidh na bliana i gcuid de na tíortha. Chrap an tomhaltas poiblí i dtíortha áirithe, agus tarraingt siar de réir a chéile ar bhearta tacaíochta a bhaineann leis an bpaindéim á léiriú go páirteach.
D’éirigh fás post diúltach de bheagán sna Balcáin Thiar in R3‑2022 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Dá ainneoin sin, thit rátaí dífhostaíochta nó lean siad de bheith gan athrú, lenar léiríodh laghdú ar rannpháirtíocht an lucht saothair i dtíortha áirithe. Le méaduithe láidre ar phraghsanna fuinnimh, bia agus iompair cothaíodh luasghéarú suntasach ar bhoilsciú CPI i dtíortha uile na mBalcán Thiar in 2022, rud a ghríosaigh bainc cheannais an réigiúin ag a raibh neamhspleáchas airgeadaíochta a bpríomhrátaí beartais a ardú. Agus praghsanna fuinnimh agus bia luasmhoillithe mar chuidiú leis sin, tháinig boilsciú príomha ar leibhéal seasta a bheag nó a mhór i bhformhór na dtíortha sna míonna deireanacha de 2022.
Leis an téarnamh eacnamaíoch leanúnach agus leis an mboilsciú ard tacaíodh le fás ioncam buiséid, agus tháinig tuilleadh méadaithe ar iarmhéideanna fioscacha ar fud na mBalcán Thiar sa chéad 11 mhí de 2022. I gcomhthráth leis sin, laghdaigh an cóimheas fiachais‑OTI sna tíortha uile i gcomparáid le deireadh 2021, lenar léiríodh go páirteach an t‑ardú in OTI ainmniúil. Idir mí Mheán Fómhair 2021 agus mí Mheán Fómhair 2022, bhí an t‑easnamh i gcuntas reatha an réigiúin cothrom le 6.8 % de OTI, an dara leibhéal is airde ó bhí R3‑2020 ann. Ba é ba phríomhchúis leis sin an méadú ar easnaimh sa trádáil i dtráchtearraí a bhí á spreagadh le cothromaíocht fuinnimh agus a bhí níos mó ná an téarnamh láidir a tugadh faoi deara in onnmhairí seirbhísí agus an t‑insreabhadh íocaíochtaí níos mó.
Tá rioscaí suntasacha ar an taobh thíos ann maidir le hionchas eacnamaíoch na mBalcán Thiar de dheasca chogadh foghach leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, go príomha trí thionchar an bhoilscithe aird ar ioncam indiúscartha réadach agus tomhaltas, chomh maith le coinníollacha airgeadais níos géire.
3 Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais in 2022
In earrach 2022, críochnaíodh an dá oibríocht cúnaimh macrairgeadais a bhí fágtha faoi phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID‑19( 7 ) . Cé go bhfuair an Túinéis eisíocaíocht na tráthchoda críochnaithí an 25 Bealtaine 2022, cealaíodh an dara tráthchuid le haghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine, de dheasca nár comhlíonadh seacht as naoi gcoinníoll beartais.
Nuair a críochnaíodh pacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID‑19, in 2022 aistríodh an fócas chuig bealaí a aimsiú chun cúnamh airgeadais nua a sholáthar don Úcráin, i bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise, ar bhealach réasúnta sábháilte (agus aitheantas á thabhairt don éiginnteacht eisceachtúil maidir leis na hoibríochtaí agus i bhfianaise nár comhlíonadh an gnáth‑réamhchoinníoll maidir le clár CAI lánfheidhme eisíoca a bheith ina thaca ag an oibríocht cúnaimh macrairgeadais). Tar éis thús an chogaidh, an 28 Feabhra 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh chun cúnamh macrairgeadais éigeandála a sholáthar don Úcráin le haghaidh suas le EUR 1.2 billiún in iasachtaí, agus an séú hoibríocht cúnaimh macrairgeadais san Úcráin ó bhí 2014 ann á údarú leis sin.
Agus staid san Úcráin ina raibh géarghá treisithe le cistiú, le linn an dara leath de 2022, ghlac an tAontas dhá oibríocht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúla bhreise, lenar údaraíodh EUR 6 mbilliún bhreise a eisíoc leis an tír faoi Nollaig 2022. Le haghaidh an dá oibríocht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúla, méadaíodh an ráta soláthair ó 9 %, mar a sonraíodh san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – Rialachán ‘na hEorpa Domhanda’ (Rialachán ICFCI), chuig 70 % (go sealadach, ar a laghad, agus athbhreithniú le déanamh go leathbhliantúil ar leordhóthanacht an ráta soláthair i bhfianaise na héiginnteachta maidir leis an staid agus an t‑ionchas eacnamaíochta san Úcráin fad atá an cogadh ar siúl).
Tréimhse is gairide ná 2 mhí tar éis na hiarrata ón gComhairle Eorpach an 20‑21 Deireadh Fómhair chun réiteach níos struchtúraí a bhunú chun cúnamh a sholáthar don Úcráin in 2023, tháinig an Rialachán ‘Cúnamh Macrairgeadais+’ i bhfeidhm an 17 Nollaig. Leis an ionstraim nua sin áiritheofar maoiniú níos intuartha, níos leanúnaí, níos ordúla agus níos tráthúla chun é a chur ar a cumas don Úcráin cuid mhaith dá riachtanais chistiúcháin láithreacha a chumhdach, athshlánú bonneagair chriticiúil agus tacaíocht tosaigh i dtreo atógáil iarchogaidh, d’fhonn tacú leis an tír ar a bealach i dtreo na lánpháirtíochta Eorpaí.
Thairis sin, mar a léirítear san ainm ‘Cúnamh Macrairgeadais+’, leis an ionstraim nua sin tugtar isteach athruithe áirithe ar chleachtais cúnaimh macrairgeadais chaighdeánacha chun í a oiriúnú do na himthosca urghnácha a bhaineann le tacaíocht a sholáthar do thír atá i gcogadh, go háirithe d’éiginnteacht, rioscaí agus riachtanais solúbthachta arda. Áirítear ar na hathruithe lamháltas méadaithe ar na hiasachtaí (aibíocht níos airde de suas le 35 bliana agus tréimhse chairde 10 mbliana ann agus fóirdheontas úis), solúbthacht leis an gcoinníollacht bheartais struchtúrach (ní cheanglaítear ach dul chun cinn sásúil i dtreo cur chun feidhme, le haghaidh na n‑eisíocaíochtaí uile seachas an ceann deireanach), dínascadh leanúnach ó chlár CAI eisíoca agus ceanglais tuairiscithe fheabhsaithe. Mínítear na heilimintí sin ar bhealach níos mionsonraithe i Roinn 3.1 thíos agus sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo. An 20 coinníoll beartais spriocdhírithe atá mar bhonn taca faoin oibríocht sin, dearadh go cúramach iad chun a n‑ábharthacht agus a solúbthacht a áirithiú sa staid atá ann faoi láthair. Cumhdaítear leo na ceithre réimse a bhaineann le cobhsaíocht macrairgeadais, athchóirithe struchtúracha agus dea‑rialachas, an smacht reachta agus fuinneamh.
I mí na Samhna 2021, tar éis géarchéim gháis sa Mholdóiv, a raibh tionchar mór aici ar an ngeilleagar agus lenar cothaíodh a riachtanais mhaoiniúcháin, chuir na húdaráis iarraidh ar chúnamh macrairgeadais nua isteach. Mar fhreagairt air sin, tháinig an tAontas ar chomhaontú maidir le hoibríocht nua le haghaidh na Moldóive a bhí cothrom le EUR 150 milliún, lena n‑áirítear EUR 120 milliún in iasachtaí agus EUR 30 milliún i ndeontais. Is é atá mar bhonn taca faoin oibríocht clár athchóirithe eacnamaíoch lena gcumhdaítear 15 ghníomhaíocht maidir leis an smacht reachta agus leis an éilliú a chomhrac, bainistíocht airgeadais phoiblí agus rialachas na hearnála airgeadais, feabhas a chur ar thimpeallacht an ghnó agus athchóirithe na hearnála fuinnimh. Scaoileadh an chéad tráthchuid agus an dara tráthchuid go rathúil i mí Iúil 2022 agus i mí Mhárta 2023.
Bhí tionchar mór ar leith ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar gheilleagar na Moldóive, rud a rannchuidigh lena riachtanais mhaoiniúcháin níos airde, a forbraíodh a thuilleadh leis an ngéarchéim fuinnimh leanúnach. Ina fhianaise sin, d’iarr na húdaráis tuilleadh tacaíocht idirnáisiúnta. An 10 Samhain 2022, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen pacáiste tacaíochta airgeadais breise le haghaidh na Moldóive arbh fhiú EUR 250 milliún é, rud a bhí le soláthar go páirteach trí chúnamh macrairgeadais. An 24 Eanáir 2023, ghlac an Coimisiún togra chun méadú EUR 145 mhilliún a dhéanamh ar an tacaíocht cúnaimh macrairgeadais leanúnach, lena n‑áirítear EUR 100 milliún in iasachtaí ar théarmaí lamháltais, agus EUR 45 mhilliún i ndeontais.
Cé is moite den chúnamh airgeadais a soláthraíodh le haghaidh théarnamh phaindéim COVID‑19 agus chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, cuireadh an tríú cúnamh macrairgeadais tráthrialta i bhfeidhm freisin le haghaidh na hIordáine in 2022. Tar éis chomhlíonadh gach athchóirithe de na 14 athchóiriú beartais gan réiteach seachas ceann amháin díobh, agus an coinníoll maidir le leasuithe ar an Dlí maidir le Saibhriú Aindleathach tarscaoilte i gcomhaontú le Coiste na mBallstát um Chúnamh Macrairgeadais, scaoileadh an tríú tráthchuid, agus an tráthchuid chríochnaitheach, an 31 Márta 2023.
Stádas cur chun feidhme oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais in 2022 (de réir réigiúin):
3
3.1Comhpháirtíocht an Oirthir
·An Mholdóiv: oibríocht cúnaimh macrairgeadais nua
I mí na Samhna 2021, tar éis ráig géarchéime fuinnimh lena léirítear spleáchas fuinnimh na tíre ar an Rúis, spleáchas a bhí fós láidir, d’ainneoin téarnamh eacnamaíoch iarphaindéime, d’iarr an Mholdóiv oibríocht cúnaimh macrairgeadais nua go hoifigiúil. Tar éis measúnú cúramach a dhéanamh ar na riachtanais mhaoiniúcháin, d’ullmhaigh an Coimisiún togra le haghaidh tacaíocht arbh fhiú suas le EUR 150 milliún í, lena n‑áirítear EUR 120 milliún in iasachtaí agus EUR 30 milliún i ndeontais. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh chun cúnamh macrairgeadais breise a sholáthar don Mholdóiv an 6 Aibreán 2022. Tar éis do Pharlaimint na Moldóive é a dhaingniú, tháinig an cúnamh macrairgeadais i bhfeidhm an 18 Iúil 2022. Tar éis na coinníollacha beartais a comhaontaíodh sa Mheabhrán Tuisceana (MT) a chomhlíonadh, scaoileadh an chéad tráthchuid i mí Iúil 2022 agus scaoileadh an dara tráthchuid i mí Mhárta 2023, agus EUR 50 milliún in iasachtaí agus i ndeontais i gceist leo araon. Faoin oibríocht atá ann faoi láthair, tá EUR 50 milliún fós ar fáil ag an Moldóiv, atá le heisíoc i dtráthchuid amháin. Thairis sin, an 24 Eanáir 2023, ghlac an Coimisiún togra chun méadú EUR 145 mhilliún a dhéanamh ar an tacaíocht cúnaimh macrairgeadais leanúnach. Tá an cúnamh macrairgeadais breise mar chuid de phacáiste tacaíochta níos mó ón gCoimisiún chuig an Moldóiv i bhfianaise sheasamh seachtrach géaraithe na tíre de dheasca na géarchéime fuinnimh tromchúisí i bhfómhar/geimhreadh 2022/2023. Tar éis don Chomhairle agus don Pharlaimint é a ghlacadh, tá coinne leis go mbeidh an cúnamh macrairgeadais breise eisíoctha in dhá thráthchuid le linn an dara leath de 2023, nuair a bheidh na gníomhaíochtaí beartais comhfhreagracha comhlíonta.
Tá an oibríocht cúnaimh macrairgeadais thráthrialta chomh maith leis an méadú beartaithe fós faoi réir cuntas teiste dearfach a bheith ag clár CAI le haghaidh na Moldóive maidir leis an tSaoráid Chreidmheasa Shínte/leis an tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin, a glacadh i mí na Nollag 2021 agus a méadaíodh i mí Bealtaine 2022. Tar éis an mhéadaithe, tá clár an Chiste cothrom le USD 815 mhilliún. I mí Eanáir 2023, thug CAI an dara hathbhreithniú dá chuid i gcrích go rathúil, agus dul chun cinn foriomlán an chláir á mheasúnú mar dhul chun cinn dearfach.
·An Úcráin: cúnamh macrairgeadais éigeandála
Tháinig méadú céimnitheach ar thacaíocht airgeadais an Aontais chuig an Úcráin mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise, i gcomhréim leis an staid dheacair atá ag forbairt ar an talamh agus bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine. Is é a tháinig as an gcur chuige céim ar céim sin soláthar trí oibríocht cúnaimh macrairgeadais don Úcráin in 2022, inarb é a iarradh de bharr na héiginnteachta airde agus na n‑imthosca urghnácha eilimintí núíosacha agus eisceachtúla de sholúbthacht mhéadaithe, ach soláthar níos airde freisin, mar a mhionsonraítear a thuilleadh thíos agus sa doiciméad inmheánach oibre atá i gceangal. Is é a lean oibríocht cúnaimh macrairgeadais éigeandála arbh fhiú suas le EUR 1.2 billiún í pacáiste cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil arb é a bhí ann dhá oibríocht le haghaidh suas le EUR 1 bhilliún agus EUR 5 bhilliún, faoi seach.
I gcomhthéacs na dteannas geopholaitiúil a bhí ag géarú roimh chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus mar fhreagairt ar iarraidh oifigiúil ón Úcráin an 16 Samhain 2021 ar oibríocht cúnaimh macrairgeadais níos fadtéarmaí arbh fhiú EUR 2.5 billiún í, an 1 Feabhra 2022 ghlac an Coimisiún Eorpach togra maidir le cúnamh macrairgeadais éigeandála nua a sholáthar don Úcráin le haghaidh suas le EUR 1.2 billiún in iasachtaí, le heisíoc in dhá thráthchuid chothroma. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Cinneadh go pras an 28 Feabhra 2022, agus an séú hoibríocht cúnaimh macrairgeadais san Úcráin ó bhí 2014 ann á húdarú leis sin. Shínigh an Coimisiún agus an Úcráin an Meabhrán Tuisceana (MT) gaolmhar an 3 Márta, lena cumasaíodh eisíocaíocht na chéad tráinse de EUR 600 milliún in dá thráinse an 11 agus an 18 Márta 2022. Thairis sin, cás force majeure atá in imthosca an chogaidh lenar cuireadh bac ar chríochnú éifeachtach na mbeart beartais struchtúrach – réamhchoinníoll maidir le heisíoc an dara tráthchuid den chúnamh macrairgeadais, cé go raibh bearta déanta ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt orthu uile. Mar fhreagairt eisceachtúil ar ghéar‑riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine, agus ós rud é nach bhféadfaí an choinníollacht arna comhaontú sa Mheabhrán Tuisceana a bhaint amach an chéim sin ar chúiseanna force majeure, chinn an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le Coiste na mBallstát um Chúnamh Macrairgeadais, dul ar aghaidh leis an dara tráthchuid EUR 600 milliún a eisíoc i mí Bealtaine, mar ábhar práinne.
·An Úcráin: cúnamh macrairgeadais eisceachtúil
D’éirigh an staid mhaoiniúcháin níos géire le linn shamhradh 2022 agus b’éigean don Úcráin airgead a phriontáil agus cúlchistí a tharraingt anuas i gcónaí. Mar chuid de thacaíocht urghnách an Aontais chuig an Úcráin, mhol an Coimisiún an 1 Iúil 2022 oibríocht nua cúnaimh macrairgeadais le haghaidh na hÚcráine arbh fhiú EUR 1 bhilliún í a bhí i bhfoirm iasachta lamháltachais a bhí níos fadtéarmaí (i gcomparáid le gnáthchoinníollacha – féach thíos). Is é a bhí sa togra sin an chéad chuid den tacaíocht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil arbh fhiú suas le EUR 9 mbilliún í agus a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 maidir le Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23‑24 Meitheamh 2022. Bhí sé d’aidhm ag an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil cúnamh airgeadais láithreach a sholáthar agus staid ann ina raibh géarghá le cistiú agus feidhmiú leanúnach na bhfeidhmeanna is criticiúla de stát na hÚcráine a áirithiú. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Cinneadh an 12 Iúil 2022, agus na solúbthachtaí nós imeachta uile a bhí ar fáil dóibh á n‑úsáid chun é a ghlacadh ar luas lasrach. Shínigh an Coimisiún agus an Úcráin an Meabhrán Tuisceana gaolmhar an 19 Iúil, rud a cumasaíodh eisíocaíocht mhéid iomlán an chúnaimh macrairgeadais sin in dhá thráinse go luath i mí Lúnasa 2022.
An 7 Meán Fómhair 2022, mhol an Coimisiún oibríocht cúnaimh macrairgeadais nua arbh fhiú EUR 5 bhilliún í in iasachtaí mar an dara cuid den phacáiste cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil. An 20 Meán Fómhair 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Cinneadh maidir le cúnamh macrairgeadais go han‑ghasta, agus úsáid á baint arís eile as na solúbthachtaí nós imeachta uile a bhí ar fáil chun an próiseas a bhrostú. Tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana an 4 Deireadh Fómhair, eisíocadh an chéad tráthchuid arbh fhiú EUR 2 bhilliún í leis an Úcráin an 18 Deireadh Fómhair. An 22 Samhain 2022 lean an dara heisíocaíocht arbh fhiú EUR 2.5 billiún í. An 14 Nollaig 2022 scaoileadh an tríú híocaíocht, agus an íocaíocht dheireanach, arbh fhiú EUR 500 milliún í. Na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúla, a d’fhág go raibh tacaíocht airgeadais láithreach an Aontais chuig an Úcráin ó bhí tús ionradh iomlán na Rúise ann cothrom le EUR 7.2 billiún san iomlán, bhí siad ríthábhachtach chun cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a choinneáil ar bun sa tír.
I bhfianaise na n‑imthosca urghnácha san Úcráin de dheasca chogadh foghach na Rúise in aghaidh na tíre, leis na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúla sin tugadh isteach úrnuacht áirithe, agus níor cheart a mheas gur fasach le haghaidh oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais amach anseo é sin( 8 ) . Le meánaibíocht fhoriomlán de suas le 25 bliana, i gcomparáid leis na 15 bliana traidisiúnta, agus an fhéidearthacht ann go gcumhdófaí costais ráta úis agus íocaíochtaí táille riaracháin le buiséad an Aontais, neartaíodh cineál lamháltachais an chúnaimh. Chun solúbthacht i staid urghnách an chogaidh a fheabhsú, agus murab ionann agus oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais tráthrialta, ní raibh aon nasc foirmiúil ag an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil le clár CAI eisíoca. Coinníollacht bheartais, a cruthaíodh a bheith ina príomh‑bhreisluach a bhaineann le cúnamh macrairgeadais, bhí sí teoranta do choinníollacha ábhartha a measadh a bheith féideartha agus a bhféadfadh coinne a bheith ann leis go gcuirfí chun feidhme iad go gasta agus leibhéal sách ard cinnteachta ann. Ar deireadh, tugadh isteach córas tuairiscithe ceanglas arbh é ab aidhm dó a áirithiú gur caitheadh cistí ar bhealach éifeachtúil, trédhearcach agus cuntasach.
Gheall údaráis na hÚcráine go soláthróidís tuarascálacha míosúla ar ioncaim agus caiteachais an bhuiséid stáit le haghaidh na mór‑cheannteideal caiteachais agus lena n‑áirítear mionsonraí maidir leis na bearta bainistíochta airgeadais agus riaracháin a bhí i bhfeidhm agus leis na rialuithe inmheánacha. Ina theannta sin, méadaíodh an taca le haghaidh na n‑oibríochtaí sin trí ráta soláthair 70 % seachas an gnáthráta soláthair 9 % mar a sonraíodh i Rialachán ICFCI. Leanann an 9 % caighdeánach de bheith i bhfoirm soláthar íoctha isteach agus 61 % de bheith i bhfoirm ráthaíocht dara caillteanas ó na Ballstáit. Cumhdaíodh an méid sin le buiséad an Aontais le haghaidh na chéad oibríochta, i gcomhréir leis na nósanna imeachta oibríochtúla tráthrialta, cé gurb amhlaidh le haghaidh an dara cuid a tacaíodh leis le ráthaíochtaí ó na Ballstáit (féach Bosca 1).
Leis na heilimintí núíosacha agus eisceachtúla sin, ó thaobh e.g. lamháltas méadaithe, solúbthachta agus tuairisciú feabhsaithe spreagadh freisin dearadh na hIonstraime Cúnamh Macrairgeadais+ lena soláthraítear cúnamh airgeadais don Úcráin le haghaidh 2023.
·An Úcráin: Cúnamh Macrairgeadais+
Laistigh de mhí tar éis iarraidh na Comhairle Eorpaí an 20‑21 Deireadh Fómhair cur chuige níos struchtúrtha a bhunú maidir le cúnamh a sholáthar don Úcráin le haghaidh 2023, ghlac an Coimisiún Eorpach togra chun tacaíocht arbh fhiú EUR 18 mbilliún í a sholáthar i bhfoirm iasachtaí lamháltachais don Úcráin le haghaidh 2023 trí Ionstraim Cúnamh Macrairgeadais+ nua. Leis an ionstraim nua sin áirithítear maoiniú níos intuartha, níos leanúnaí, níos ordúla agus níos tráthúla chun ranníocaíocht mhór a dhéanamh le riachtanais chistiúcháin láithreacha, athshlánú bonneagair chriticiúil agus tacaíocht tosaigh i dtreo atógáil iarchogaidh de chuid na hÚcráine, d’fhonn tacú leis an tír ar a bealach i dtreo na lánpháirtíochta Eorpaí.
Leis an Ionstraim Cúnamh Macrairgeadais+, i dteannta na heilimintí núíosacha a chomhtháthú, ar tugadh isteach iad leis an bpacáiste cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil, e.g. lamháltas neartaithe trí aibíochtaí iasachta níos faide agus fóirdheontas úis, dínascadh leanúnach ó chlár CAI eisíoca, solúbthacht mhéadaithe leis an gcoinníollacht beartais struchtúrach agus ceanglais tuairiscithe fheabhsaithe, déantar foráil maidir le ranníocaíochtaí déthaobhacha tríú páirtí a chur i dtreo atógáil bonneagair chriticiúil san Úcráin( 9 ) . Tar éis próiseas gasta eile agus úsáid á baint as na solúbthachtaí nós imeachta uile, an 14 Nollaig 2022 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán lena gcuirtear ar bun an Ionstraim Cúnamh Macrairgeadais+. Arís eile, an 20 coinníoll beartais spriocdhírithe atá mar bhonn taca faoin oibríocht sin, dearadh go cúramach iad chun a n‑ábharthacht agus a solúbthacht a áirithiú sa staid atá ann faoi láthair. Cumhdaítear leo na ceithre réimse a bhaineann le cobhsaíocht macrairgeadais – athchóirithe struchtúracha agus dea‑rialachas, an smacht reachta agus fuinneamh. Ag cur leis an taithí leis an bpacáiste cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil agus aitheantas á thabhairt don tionchar atá ag an staid urghnách leanúnach, de dheasca chogadh foghach na Rúise, ar inniúlacht na n‑údarás chun athchóirithe a chur chun feidhme, ceanglaítear dul chun cinn sásúil a dhéanamh maidir le cur chun feidhme beartais chun eisíocaíocht tráthchodanna a chumasú, ach amháin an eisíocaíocht chríochnaitheach, rud atá coinníollach ar chur chun feidhme iomlán. Leis an bhféidearthacht le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar an Meabhrán Tuisceana (MT) déantar foráil maidir le solúbthacht bhreise chun féidearthacht na gcoinníollacha sin a thástáil i bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.
Shínigh an Coimisiún agus an Úcráin an Meabhrán Tuisceana agus an Comhaontú Saoráide Iasachta an 16 Eanáir 2023, agus tháinig an dá cheann díobh i bhfeidhm an lá céanna. Rinneadh an chéad tráthchuid arbh fhiú EUR 3 bhilliún í in iasachtaí a eisíoc an 17 Eanáir 2023, agus lean an dara híocaíocht de EUR 1.5 billiún 2 mhí ina dhiaidh sin an 21 Márta. Go gcomhlíonfar an réamhchoinníoll polaitiúil, na ceanglais tuairiscithe neartaithe maidir le húsáid cistí agus tuilleadh dul chun cinn sásúil maidir le cur chun feidhme na coinníollachta beartais struchtúraí comhaontaithe, ceaptar an Ionstraim Cúnamh Macrairgeadais+ chun cúnamh a sholáthar don Úcráin ar fiú EUR 1.5 billiún é in aghaidh na míosa go deireadh 2023 (agus lenar cumasaíodh an eisíocaíocht sin an 25 Aibreán).
3.2Comharsanacht an Deiscirt
·An Iordáin: Cúnamh Macrairgeadais‑III
I ndiaidh don tríú cúnamh macrairgeadais don Iordáin de EUR 500 milliún teacht i bhfeidhm i mí Eanáir 2020, d’iarr údaráis na Iordáine cúnamh brise i mí Aibreáin 2020, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus chomhaontaigh an tAontas ar ‘bhreisiú’ de chúnamh macrairgeadais de EUR 200 milliún, in iasachtaí ar fad. Le coinníollacht bheartais an chúnaimh macrairgeadais dírítear go príomha ar fheabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, ar éilliú a chomhrac agus ar athchóirithe in earnáil na bhfóntas, sa bheartas sóisialta agus i mbeartas mhargadh an tsaothair, agus ar rialachas.
An 25 Samhain 2020 eisíocadh an chéad tráthchuid (EUR 100 milliún, móide EUR 150 milliún ón mbreisiú a bhain le COVID‑19). Tá an dara tráthchuid agus an tríú tráthchuid faoi réir na gcoinníollacha beartais áirithe a comhaontaíodh idir an Iordáin agus an tAontas in MT. Eisíocadh an dara tráinse (EUR 200 milliún agus breisiú EUR 50 milliún) an 20 Iúil 2021, rud a chuir an chuid den chúnamh a bhain le COVID-19 i gcrích go rathúil. An 31 Márta 2023 scaoileadh an tríú tráthchuid de EUR 200 milliún, tar éis measúnú dearfach ar an gcoinníollacht bheartais ghaolmhar.
Cuirfear na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais sin ar fáil i gcomhar le hacmhainní ó institiúidí airgeadais agus ó dheontóirí déthaobhacha, lena n‑áirítear CAI. An 25 Márta 2020, d’fhormheas CAI clár Saoráide Fadaithe Cistiúcháin 4 bliana leis an Iordáin arbh fhiú thart ar USD 1.3 billiún é (270 % dá chuóta), rud a méadaíodh faoi dhó in 2021/2022 chuig thart ar USD 1.49 billiún (334 % dá chuóta) chun dlús a chur le tacaíocht chun cuidiú leis an tír déileáil le tionchar na paindéime ar an daonra, agus 1.3 milliún dídeanaithe ón tSiria á n‑óstáil. Le CAI formheasadh an cúigiú hathbhreithniú ar SFC mí na Nollag 2022, agus thart ar USD 343 mhilliún á gcur ar fáil láithreach. Fágann sin go bhfuil méid iomlán eisíocaíochtaí CAI leis an Iordáin ó bhí tús 2020 ann cothrom le thart ar USD 1.7 billiún, lena n‑áirítear thart ar EUR 366 mhilliún i gcúnamh éigeandála faoin Ionstraim Mearmhaoiniúcháin i mí Bealtaine 2020 chun cuidiú leis an tír déileáil le tionchar na paindéime. Cé go raibh fiachas náisiúnta na hIordáine fós ard ag 113.2 % de OTI in 2022, rinne CAI é a mheasúnú mar fhiachas inbhuanaithe mí na Nollag 2022.
·An Túinéis: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Mar chuid de phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19 a glacadh i mí Bealtaine 2020, chomhaontaigh an tAontas ar chúnamh macrairgeadais EUR 600 milliún don Túinéis. Agus nósanna imeachta fada sa tír chomhpháirtíochta á léiriú tháinig sé chun bheith ar an oibríocht leathdheireanach a bhaineann le COVID‑19 a tháinig i bhfeidhm: síníodh MT agus an Comhaontú Saoráide Iasachta an 24 Samhain 2020, dhaingnigh Parlaimint na Túinéise iad an 15 Aibreán 2021 agus tháinig siad i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2021, nuair a foilsíodh in Iris Oifigiúil na Túinéise iad. Mar sin, lean an tréimhse infhaighteachta 12 mhí go dtí mí Bealtaine 2022. Le coinníollacht bheartais an chúnaimh macrairgeadais díríodh go príomha ar cheithre réimse théamacha, is é sin bainistíocht airgeadais phoiblí agus athchóiriú na hearnála sibhialta, athchóirithe i bhfiontair faoi úinéireacht stáit, cosaint shóisialta agus timpeallacht infheistíochta.
Soláthraíodh an cúnamh macrairgeadais in dhá thráthchuid EUR 300 milliún an ceann. Bhí an chéad tráinse faoi réir na réamhchoinníollacha ginearálta polaitiúla le haghaidh an chúnaimh macrairgeadais agus eisíocadh é an 1 Meitheamh 2021. Na hathchóirithe beartais a ceanglaíodh le haghaidh eisíocaíocht an dara tráinse, comhlíonadh iad, nó comhlíonadh cuid mhór iad, le linn 2022. D’ainneoin údair imní maidir leis na réamhchoinníollacha polaitiúla tar éis an mheathlaithe ar an staid pholaitiúil ó bhí lár 2021 ann, agus tar éis measúnú cúramach a dhéanamh ar an staid agus litir ó na húdaráis lena soláthraítear dearbhuithe agus lena leagtar amach gealltanais maidir le féilire pholaitiúil, eisíocadh an dara tráthchuid an 25 Bealtaine 2022.
Bhí an cúnamh ina chomhlánú ar acmhainní arna gcur ar fáil ag deontóirí eile, lena n‑áirítear CAI, faoina chlár Saoráide Mearmhaoiniúcháin le haghaidh na Túinéise arbh fhiú EUR 685 mhilliún é, a formheasadh an 10 Aibreán 2020.
3.3Na Balcáin Thiar
·An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: Cúnamh Macrairgeadais COVID‑19
Tar éis iarraidh oifigiúil ar chúnamh macrairgeadais ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin an 14 Aibreán 2020 chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID‑19, áiríodh EUR 250 milliún in iasachtaí le haghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine sa phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID‑19. Síníodh an Meabhrán Tuisceana agus an Comhaontú Saoráide Iasachta an 15 Eanáir 2021 agus tháinig siad i bhfeidhm an 9 Meitheamh 2021, rud a d’fhág go raibh an oibríocht sin ar an oibríocht dheireanach de na hoibríochtaí a bhain le COVID‑19 a tháinig i bhfeidhm. Próiseas cinnteoireachta fada na tíre ba chúis leis an moill shubstaintiúil sin. Bhí sé d’aidhm ag coinníollacha beartais an chúnaimh macrairgeadais le haghaidh an dara tráthchuid aghaidh a thabhairt ar chuid de na laigí i rialachas eacnamaíoch agus forbairt institiúidí, agus ar chobhsaíocht agus trédhearcacht na hearnála airgeadais chomh maith leis sin, agus tacú leis an éilliú a chomhrac agus le feidhmiú níos fearr ar an margadh saothair.
Bhí an cúnamh macrairgeadais le soláthar in dhá thráthchuid EUR 125 mhilliún an ceann. Eisíocadh an chéad tráthchuid an 7 Deireadh Fómhair 2021 gan choinníoll, cé nár eisíocadh an dara tráinse de dheasca chur chun feidhme neamh‑leordhóthanach na gcoinníollacha beartais comhaontaithe laistigh de thréimhse infhaighteachta an chúnaimh macrairgeadais, agus seacht as naoi n‑athchóiriú gan bheith críochnaithe.
Bhí an cúnamh ina chomhlánú ar acmhainní arna gcur ar fáil ag deontóirí eile, lena n‑áirítear CAI, faoina chlár Saoráide Mearmhaoiniúcháin le haghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine arbh fhiú EUR 330 milliún é, a formheasadh an 20 Aibreán 2020.
4Úsáid cheart chistí an chúnaimh macrairgeadais a áirithiú: measúnuithe oibríochtúla, meastóireachtaí agus iniúchtaí
4.1Measúnuithe oibríochtúla
I gcomhréir le Rialachán Airgeadais an Aontais, cuireann an Coimisiún measúnuithe oibríochtúla i gcrích le cabhair comhairleoirí seachtracha chun dearbhuithe réasúnach a fháil ar fheidhmiú nósanna imeachta riaracháin agus scagchuarda airgeadais sna tíortha is tairbhí.
Le measúnuithe oibríochtúla dírítear ar chórais bainistíochta airgeadais poiblí, go háirithe conas a eagraítear aireachtaí airgeadais agus bainc cheannais agus cé na nósanna imeachta a chuireann siad chun feidhme, agus – níos sonraí fós – conas a bhainistítear cuntais a fhaigheann cistí an Aontais. Tugtar aird ar leith freisin ar fheidhmiú, neamhspleáchas agus cláir oibre institiúidí iniúchta sheachtraigh, agus ar cé chomh héifeachtach atá a rialuithe. Déantar scrúdú ar nósanna imeachta soláthair phoiblí ar an leibhéal lárnach freisin.
In 2022, tionscnaíodh measúnú oibríochtúil nua ar an Úcráin i gcomhthéacs oibríocht an chúnaimh macrairgeadais+. Tháinig na sainchomhairleoirí seachtracha ar an gconclúid, d’ainneoin chogadh foghach na Rúise, go meastar go bhfuil scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta na tíre sách iomchuí chun críocha an chúnaimh macrairgeadais. Dheimhnigh siad gur cuireadh feabhas suntasach ar chórais bainistíochta airgeadais poiblí agus scagchuarda airgeadais eile de chuid na hÚcráine sna blianta tar éis mheasúnú oibríochtúil 2018 agus go leanann rialtas na hÚcráine de bheith tiomanta feabhas a chur ar chórais agus próisis, agus fianaise leordhóthanach ann lena thabhairt le fios gur tharla athchóirithe ríthábhachtacha éagsúla nó go raibh siad ar bun sular cuireadh isteach go tobann orthu le hionradh iomlán na Rúise.
4.2Meastóireachtaí
I gcomhréir le Rialachán Airgeadais an Aontais agus leis na cinntí cúnaimh macrairgeadais comhfhreagracha, déanann an Coimisiún meastóireachtaí( 10 ) nuair a chríochnaítear oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais chun a dtionchar a mheasúnú. Is iad seo a leanas an dá phríomhchuspóir a bhaineann leis na meastóireachtaí sin:
I.anailís a dhéanamh ar thionchar an chúnaimh macrairgeadais ar gheilleagar tíre is tairbhí, agus go háirithe ar inbhuanaitheacht a seasaimh sheachtraigh; agus
II.measúnú a dhéanamh ar bhreisluach ghníomhaíocht an Aontais.
I mí Mheán Fómhair 2022, tar éis an staidéar seachtrach a chríochnú in 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad inmheánach oibre lena leagtar amach torthaí na meastóireachta comhpháirtí ar na hoibríochtaí leis an Túinéis agus leis an Iordáin.
Ina theannta sin agus ag dul thar na hoibleagáidí dlíthiúla, chríochnaigh an Coimisiún meitimheastóireacht ar na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais uile le linn 2010‑2020 a cuireadh i láthair cheana i dtuarascáil na bliana seo caite, agus moltaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála á gcur san áireamh. Leis an meitimheastóireacht rinneadh measúnú ar na prionsabail agus na saintréithe lena rialaítear an Ionstraim Cúnaimh Macrairgeadais agus bhí sé d’aidhm aici ionchur a sholáthar maidir le conas feabhas a chur ar a hábharthacht, ar a héifeachtacht, ar a héifeachtúlacht, ar a breisluach agus ar a cumas chun freagairt do thosaíochtaí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Foilsíodh an doiciméad inmheánach oibre atá ag gabháil leis seo i mí Eanáir 2023.
·An Túinéis agus an Iordáin: leis an meastóireacht cumhdaíodh an oibríocht cúnaimh macrairgeadais chuig an Túinéis in 2017‑2019 agus chuig an Iordáin in 2017‑2019, rud a bhí, sa dá chás, ar an dara pacáiste tacaíochta den sórt sin chuig an tír. Suíodh léi go raibh méid, foirm agus uainiú na n‑oibríochtaí ábhartha agus iomchuí maidir le riachtanais mhaoiniúcháin na tíre, agus gur soláthraíodh breisluach AE leo. Sa dá thír, bhí tionchar dearfach ag cúnamh macrairgeadais ar inbhuanaitheacht fiachais agus bhí ról dearfach aige maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chur chun cinn. Bhí an choinníollacht ábhartha agus díríodh ar phríomhréimsí athchóirithe léi. Leis na hoibríochtaí tacaíodh le hathrú dearfach i réimsí athchóirithe áirithe, d’ainneoin dul chun cinn measctha maidir le hathchóirithe sonracha áirithe eile. Ba é sin an chéad uair a rinneadh dhá oibríocht, i bhfianaise cosúlachtaí réigiúnacha, agus tráthchláir chur chun feidhme fhorluiteacha agus coinníollacht inchomparáide ann, a ghrúpáil i meastóireacht aonair chun teacht ar chonclúidí a théann thar an oibríocht shonrach. Ón taobh réigiúnach, maidir le tionchar dearfach agus éifeachtaí iarmharta an dá oibríocht cúnaimh macrairgeadais ar réigiún an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh (MENA), ní raibh siad chomh hintomhaiste sin i bhfianaise mhéid réasúnta beag na ngeilleagar dar tugadh tacaíocht agus na lánpháirtíochta idir‑réigiúnaí ísle, agus bhain tionchair dhearfacha fhéideartha den chuid is mó le héifeacht na muiníne. Suíodh go raibh an dá oibríocht i gcomhréir le creat beartais foriomlán an Aontais, ailínithe le clár oibre athchóirithe na n‑údarás agus cláir deontóirí eile. I bhfianaise na taithí dearfaí foriomláine leis an dá oibríocht a ghrúpáil i meastóireacht aonair, beartaítear dul ar aghaidh ar an mbealach céanna le haghaidh na gcéad oibríochtaí eile, go háirithe maidir le hoibríochtaí 2017‑2020 i gComhpháirtíocht an Oirthir agus le haghaidh phacáiste COVID‑19, faoi seach, i gcás inar cosúil go bhfuil an cur chuige sin ábhartha agus go bhfuil gealladh faoi i bhfianaise an tsuaite choitinn atá mar bhonn leis an ngá le tacaíocht.
·An mheitimheastóireacht ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais 2010-2020: leis an meastóireacht cumhdaíodh 15 oibríocht cúnaimh macrairgeadais le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, tíortha Chomharsanacht an Deiscirt, tíortha réamhaontachais agus tíortha eile; bhí sí comhlánaithe le heispéiris níos déanaí le pacáiste COVID‑19 agus oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais 2022 leis an Úcráin. Suíodh léi go raibh na hoibríochtaí sin éifeachtúil, ábhartha, comhleanúnach, agus gur gineadh breisluach AE leo. Thairis sin, bhí an ionstraim cúnaimh macrairgeadais éifeachtach maidir le cuidiú le hinbhuanaitheacht sheachtrach a athbhunú agus athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn. Tacaíodh go háirithe le héifeachtacht an chúnaimh macrairgeadais (i) leis an bhfócas ar thíortha i gcomharsanacht an Aontais agus leis na naisc láidre leis na tíortha sin, (ii) leis an tosaíocht le haghaidh iasachtaí agus leis an tréimhse infhaighteachta chaighdeánach 2.5 bliain rud atá fada go leor chun athchóirithe agus a gcur chun feidhme a dhreasú, agus (iii) leis an bhfíoras gur áirithíodh le coinníollacha beartais (a suíodh a bheith ábhartha agus seicheamhaithe i gceart) iarracht athchóirithe chuimsitheach. Leis an meastóireacht deimhníodh freisin go raibh cuspóirí, dearadh agus cur chun feidhme oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais comhlántach den chuid is mó agus i gcomhréir le tionscnaimh eile de chuid an Aontais agus oibríochtaí CAI eile. Mar sin féin, cuireadh teorainneacha áirithe in iúl leis an meastóireacht freisin. Na nósanna imeachta chun oibríochtaí CAI a ghlacadh rinneadh iad a mheasúnú mar nósanna imeachta fada le haghaidh ionstraim ghéarchéime, rud a bhain an bonn óna n‑éifeachtacht beagáinín. B’amhlaidh an cás go háirithe le haghaidh nósanna imeachta cinnteoireachta caighdeánacha, agus leis na heispéiris le déanaí le pacáiste COVID‑19 agus le tacaíocht cúnaimh macrairgeadais 2022 chuig an Úcráin léiríodh gur cuidiú suntasach ba ea úsáid a bhaint as na solúbthachtaí nós imeachta uile a bhí ar fáil. De dheasca easpa solúbthachta an Mheabhráin Tuisceana ba chosúil freisin gur laghdaíodh éifeachtacht an chúnaimh macrairgeadais tráthanna athruithe troma. Leis an meastóireacht léiríodh freisin gur gá infheictheacht an chúnaimh macrairgeadais a neartú i dtíortha is tairbhithe. Ón taobh modheolaíoch, suíodh go ndearnadh na meastóireachtaí cúnaimh macrairgeadais go caighdeán ard, go háirithe tar éis theacht in éifeacht Threoirlínte 2015 maidir le rialáil níos fearr.
Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo soláthraítear faisnéis bhreise maidir leis an dá mheastóireacht.
5Forbairtí ginearálta maidir leis an ionstraim cúnaimh macrairgeadais
5.1Feidhmiú na hionstraime cúnaimh macrairgeadais
Le Dearbhú Comhpháirteach 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cúnamh Macrairgeadais( 11 ) sainaithníodh go bhfuil nádúr maicreacnamaíoch airgeadais ag an gcúnamh agus luaitear go sonrach ann go bhfuil sé d’aidhm ag an gcúnamh ‘staid inbhuanaithe a athbhunú maidir le hairgeadas seachtrach i gcás tíortha a bhfuil deacrachtaí acu le maoiniú seachtrach.’ Chun go mbeidh cúnamh macrairgeadais rathúil mar ionstraim ‘éigeandála’, dá bhrí sin, tá sé tábhachtach, é a shlógadh go héifeachtach agus in am. An tráth céanna, thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoi deara agus tugadh faoi deara leis an meitimheastóireacht thuasluaite ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais (2010‑2020) gur féidir le moilleanna ar ghlacadh cinntí cúnaimh macrairgeadais ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle laistigh den ghnáthnós imeachta reachtach a bheith ina n‑easnamh mór le haghaidh ionstraim atá ceaptha a bheith ina freagairt ar ghéarchéim chomhordú na n‑íocaíochtaí, agus dá réir sin ‘Ba cheart don Choimisiún féachaint, lena chomhreachtóirí, ar na roghanna atá ar fáil, ar roghanna iad chun nósanna imeachta formheasa clár cúnaimh macrairgeadais ina dhiaidh sin a luasghéarú, go háirithe le haghaidh cistiú éigeandála( 12 ).
Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh leis na heispéiris le pacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID‑19 agus oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais 2022 chuig an Úcráin (cúnamh macrairgeadais éigeandála, cúnamh macrairgeadais eisceachtúil, cúnamh macrairgeadais+) a léiríodh gur féidir leis an leagan amach atá ann faoi láthair maidir le cúnamh macrairgeadais foráil a dhéanamh maidir le glacadh an‑ghasta, má chomhaontaíonn na hinstitiúidí uile lánúsáid a bhaint as na solúbthachtaí nós imeachta atá ar fáil. Sna cásanna sin, d’oibrigh an Coimisiún leis an bParlaimint agus leis an gComhairle chun teacht ar chomhaontú maidir leis na nósanna imeachta práinne atá ann cheana a úsáid lena ndearnadh foráil maidir le glacadh an chúnaimh chomhfhreagraigh arna dhéanamh ag an dá chomhreachtóir laistigh de 1 mhí amháin ó na tograí faoi seach ón gCoimisiún. D’agair Parlaimint na hEorpa clásal sonrach (Riail 163) ina Rialacha Nós Imeachta, lenar ceadaíodh di an Cinneadh a ghlacadh láithreach sa Seisiún Iomlánach, gan gá a bheith ann dul tríd an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA), arb é sin an gnáthchleachtas. Ba thoradh é an próiseas tapa sin ar an bpráinn a thuig na hinstitiúidí uile le linn na tréimhse sin a bhí an-dúshlánach.
Dá réir sin, le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa déantar foráil maidir le nós imeachta luasghéaraithe is gá le haghaidh glacadh gasta i staideanna práinneacha. Trí theagmhálaithe tráthúla inchiallaithe a bheith ann bhíothas in ann próiseas glactha níos gasta a chur i bhfeidhm faoin ngnáthnós imeachta reachtach, agus rannpháirtíocht iomlán ó Pharlaimint na hEorpa, rud nach mbeadh amhlaidh dá mbeadh bearta molta ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 213 CFAE (is infheidhme maidir le cásanna ina gceanglaítear cúnamh airgeadais práinneach agus an oibríocht cúnaimh macrairgeadais gan bheith á glacadh ach ag an gComhairle).
5.2Cúnamh macrairgeadais i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021‑2027
Ós rud é go leanann Comharsanacht agus Méadú an Aontais de bheith neamhchosanta ar éiginnteacht gheopholaitiúil ard agus d’éagobhsaíocht eacnamaíoch a bhrath, rud a ghéaraítear a thuilleadh le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an gá go smaoineodh an tAontas ar chúnamh macrairgeadais a sholáthar, is dócha go leanfaidh sé de bheith ard sna blianta atá le teacht. Dá bhrí sin, is den tábhacht a áirithiú go mbeidh na coinníollacha tacaithe buiséadacha lena aghaidh i bhfeidhm.
Ráthaítear iasachtaí cúnaimh macrairgeadais leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a cruthaíodh le Rialachán ICFCI, ag ráta soláthair 9 % mar a bhí i gceist faoi CAInna roimhe sin( 13 ). I bhfianaise na riachtanas tacaíochta urghnáiche ó bhí tús CAI ann agus go háirithe tacaíocht mhór an Aontais chuig an Úcráin trí chúnamh macrairgeadais in 2022, úsáideadh cheana cuid mhór den soláthar atá ar fáil. Le Bosca 1 soláthraítear mionsonraí áirithe maidir le cóir bhuiséadach na tacaíochta chuig an Úcráin in 2022.
1.Bosca – cóir bhuiséadach ar thacaíocht chuig an Úcráin in 2022
Tacaíocht airgeadais an Aontais chuig an Úcráin mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise, tháinig éabhlóid uirthi de réir a chéile, rud a léirigh a riachtanais chistiúcháin. Ba é a tháinig as an gcur chuige céim ar chéim sin soláthar trí oibríocht cúnaimh macrairgeadais in 2022, le tabhairt isteach socruithe buiséadacha eisceachtúla núíosacha éagsúla i gcomparáid le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais tráthrialta.
Ar an gcéad dul síos, leis an gcúnamh macrairgeadais éigeandála chuig an Úcráin de suas le EUR 1.2 billiún in iasachtaí a glacadh an 28 Feabhra 2022 leanadh an pátrún tráthrialta d’oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, agus rinneadh é a sholáthar ag 9 % de luach ainmniúil na hiasachta, i gcomhréir le Rialachán ICFCI.
Ar an dara dul síos, i bhfianaise na staide urghnáiche san Úcráin, is é sin chun na riachtanais chistiúcháin láithreacha a mhaoiniú tar éis an fhogha mhíleata gan chúis gan údar ón Rúis, cinneadh go ndéanfaí na hiasachtaí chuig an Úcráin faoin gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil (EUR 6 bhilliún in dhá oibríocht de EUR 1 bhilliún agus EUR 5 bhilliún faoi seach), i bhfianaise an riosca níos airde a bhaineann leo i gcomhthéacs an chogaidh, a chumhdach le haghaidh 70 % dá luach( 14 ). I bhfianaise na hinfhaighteachta buiséadaí teoranta faoin gcúnamh macrairgeadais, is é atá i gceist leis sin soláthairtí íoctha isteach faoi bhuiséad an Aontais ag an ráta soláthair 9 % traidisiúnta agus ráthaíochtaí náisiúnta déthaobhacha inghlaoite breise ó na Ballstáit le haghaidh an 61 % atá fágtha de na méideanna.
Ar deireadh, i bhfianaise mharthanacht agus ghéarú an chogaidh, ghlac na comhreachtóirí tuilleadh tacaíochta agus í níos struchtúrtha le haghaidh na bliana 2023 arbh fhiú EUR 18 mbilliún í in iasachtaí i bhfoirm Ionstraime Cúnaimh Macrairgeadais+ nua. Chun teorainn a chur le plódú na tacaíochta móire chuig an Úcráin maidir le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais amach anseo i dtíortha comhpháirtíochta eile, cinneadh go ndéanfaí na rioscaí a bhí bainteach leis sin a chumhdach ar bhealach éagsúil. Ar bhealach níos beaichte, ráthaítear an dliteanas airgeadais comhfhreagrach leis an gcorrlach atá ar fáil faoin uasteorainn ‘acmhainní dílse’ (i.e. an ‘lamháil’). Baineann an méid sin leis an tsolúbthacht a thugtar leis an bhfíoras gur féidir acmhainní a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus suas le teorainneacha uasteorainneacha acmhainní dílse an Aontais. Leis an socrú sin ceadaítear an t‑iasachtú a dhéanamh gan an soláthar a shonraítear de ghnáth le Rialachán ICFCI.
Le forbairtí a rinneadh le déanaí dá bhrí sin fágadh poll mór i mbuiséad an chúnaimh macrairgeadais le haghaidh iasachtaí de dheasca mhéid agus chineál na tacaíochta chuig an Úcráin. Go dtí seo baineadh úsáid as níos mó ná 60 % den bhuiséad a leithdháiltear chun cumhdach a dhéanamh le haghaidh soláthar iasachtaí cúnaimh macrairgeadais faoin CAI atá ann faoi láthair, tréimhse nach bhfuil cothrom ach le 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an CAI atá ann faoi láthair. Agus cúnamh macrairgeadais ina ionstraim ghéarchéime, ní bhíonn riachtanais in‑ríomhchláraithe agus is deacair iad a thuar, ach is dócha go mbeidh cuid mhór díobh ann sa chomhthéacs atá ann faoi láthair ina bhfuil éiginnteacht gheopholaitiúil ard agus an drochiarmhairt eacnamaíoch ó chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ag cur leis na míchothromaíochtaí macraifhioscacha atá ann cheana i roinnt mhaith tíortha comhpháirtíochta. Ba chosúil gur tábhachtach a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil ionas gur féidir iarrataí incháilithe a mheas agus a fhreagairt, b’fhéidir, ar bhealach atá fabhrach agus atá comhsheasmhach ar fud na dtíortha agus le himeacht ama.
Tá an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha á bainistiú tríd an gCiste don Soláthar Coiteann. I gcomhthéacs neamhchosaint an Aontais ar an Úcráin agus an réigiún, thug an Coimisiún faoi mheasúnú ar na rioscaí atá i gceist.
6Ag féachaint chun cinn – oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais agus an staid Bhuiséadach in 2023
Ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, bhí tionchar mór aige sin ar gheilleagar na Moldóive, rud a rannchuidigh le riachtanais mhaoiniúcháin níos airde, a forbraíodh a thuilleadh leis an ngéarchéim fuinnimh leanúnach. Ina fhianaise sin, d’iarr na húdaráis tuilleadh tacaíocht idirnáisiúnta. Dá réir sin, an 10 Samhain 2022, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin pacáiste tacaíochta airgeadais breise le haghaidh na Moldóive arbh fhiú EUR 250 milliún é, rud a bhí le heisíoc go páirteach tríd an ionstraim cúnaimh macrairgeadais. An 24 Eanáir 2023, ghlac an Coimisiún togra chun méadú suas le EUR 145 mhilliún a dhéanamh ar an oibríocht cúnaimh macrairgeadais leanúnach, lena n‑áirítear suas le EUR 100 milliún in iasachtaí ar théarmaí lamháltais agus suas le EUR 45 mhilliún i ndeontais. Tá an méadú le heisíoc in dhá thráthchuid bhreise, a bheartaítear go sealadach le haghaidh R3/R4‑2023, faoi réir coinníollacha beartais nua a bheith á gcur leis an Meabhrán Tuisceana (MT) atá ann cheana. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra i mí Bealtaine 2023.
An 6 Feabhra 2023, ghlac an Coimisiún togra chun cúnamh macrairgeadais a sholáthar don Mhacadóin Thuaidh, cúnamh arbh fhiú suas le EUR 100 milliún é tar éis meathlú ar staid agus ionchas eacnamaíochta na tíre ó bhí a céad iarraidh ann i mí Aibreáin 2022. Tá coinne leis go n‑eisíocfar an cúnamh macrairgeadais in dhá thráthchuid, a bheartaítear go sealadach le haghaidh R3‑2023 agus R1‑2024, faoi seach. Beidh scaoileadh gach tráthchoda coinníollach ar dhul chun cinn a bheith á dhéanamh le cur chun feidhme roinnt bearta beartais atá le comhaontú idir an Coimisiún agus na húdaráis agus a liostaítear i Meabhrán Tuisceana, chomh maith le cuntas teiste sásúil a bheith ann i gcur chun feidhme chlár CAI agus líne réamhchúraim agus leachtachta (PLL) 24 mhí glactha ag Bord Feidhmiúcháin CAI le haghaidh na Macadóine Thuaidh arbh fhiú suas le EUR 530 milliún í an 22 Samhain 2022. I mí an Mheithimh 2023 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra cúnaimh macrairgeadais chuig an Macadóin Thuaidh.
I mí na Samhna 2022 d’iarr an Túinéis cúnamh macrairgeadais breise ón Aontais arbh fhiú EUR 1.2 billiún é chun tacú lena riachtanais mhaoiniúcháin i gcomhthéacs téarnamh iarphaindéime mall agus na drochiarmharta eacnamaíche ó chogadh foghach na Rúise san Úcráin. Lean an méid sin as an gcomhaontú ar an leibhéal foirne ar ar thángthas le CAI le haghaidh Saoráid Chreidmheasa Shínte nua (4 bliana, USD 1.9 billiún) i mí Dheireadh Fómhair 2022. Mar sin féin, níor ghlac CAI an clár fós toisc go bhfuil gá le dearbhuithe maoiniúcháin breise agus le gníomhaíochtaí roimhe sin a chríochnú. De dheasca na géarchéime géaraithe, tá bearna maoiniúcháin iarmharaigh sheachtraigh na Túinéise ag fás agus tá cur chun feidhme athchóirithe chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí na tíre tagtha chun bheith níos práinní fós. Bunaithe ar mheasúnú cúramach ar réamhchoinníollacha cúnaimh macrairgeadais agus riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh na Túinéise, tá togra á ullmhú ag an gCoimisiún chun cúnamh macrairgeadais nua a ghlacadh in 2023 nuair atá clár CAI i bhfeidhm.
Tá an Coimisiún réidh le machnamh a dhéanamh ar aon iarraidh eile ar chúnamh macrairgeadais a bheidh ann, agus más iomchuí, molfaidh sé oibríochtaí nua agus/nó leantacha do chomhpháirtíochtaí incháilithe.
I dTábla 1 tugtar forbhreathnú ar ghealltanais agus íocaíochtaí deontas cúnaimh macrairgeadais agus eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais le haghaidh 2020, 2021, 2022 agus (go sealadach) 2023.
Tábla 1: Gealltanais agus íocaíochtaí le haghaidh deontas agus eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais 2020-2023 (EUR)(
15
)
|
Leithreasuithe faoi chomhar gealltanas le haghaidh deontas sa bhuiséad |
2020 20 000 000 |
2021 227 200 |
2022 30 114 460 |
2023 56 710 579 |
|
Measúnuithe oibríochtúla, meastóireachtaí ex post Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais féideartha eile Gealltanais, san iomlán |
293 900 - 293 900 |
227 200 - 227 200 |
114 460 30 000 000 30 114 460 |
350 000 45 000 000 45 350 000 |
|
Leithdháiltí buiséid nár gealladh |
19 706 100 |
Le cinneadh |
||
|
Leithreasuithe faoi chomhar íocaíochtaí le haghaidh deontas sa bhuiséad |
27 000 000 |
362 400 |
20 868 187 |
55 350 000 |
|
Measúnuithe oibríochtúla, meastóireachtaí ex post Cúnamh macrairgeadais don tSeoirsia III (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais féideartha eile Íocaíochtaí, san iomlán |
284 600 5 000 000 10 000 000 - - 15 284 600 |
362 400 - - - - 362 400 |
- - - 15 000 000 - - |
350 000 - - 55 000 000 - 55 350 000 |
|
Leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí deontas nár úsáideadh |
11 715 400 |
5 868 187 |
||
|
Eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais Cúnamh macrairgeadais don tSeoirsia III (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Úcráin IV (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Iordáin II (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Iordáin III (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Túinéis II (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv Cúnamh macrairgeadais éigeandála don Úcráin Cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin Breisiú ar chúnamh macrairgeadais don Mholdóiv Cúnamh macrairgeadais+ don Úcráin Eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais, san iomlán |
20 000 000 20 000 000 500 000 000 - 100 000 000 - - - - - - 640 000 000 |
- - - - 200 000 000 - - - - - - 200 000 000 |
- - - - - - 35 000 000 1 200 000 000 6 000 000 000 - - 7 235 000 000 |
- - - - 200 000 000 - 35 000 000 - - 140 000 000 18 000 000 000 18 375 000 000 |
|
Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais COVID-19: |
||||
|
Cúnamh macrairgeadais don tSeoirsia (eisíocadh cuid de) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Úcráin (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Iordáin (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Túinéis (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Albáin (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin (eisíocadh cuid de) Cúnamh macrairgeadais don Chosaiv (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais do Mhontainéagró (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mhacadóin Thuaidh (críochnaithe) Eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais COVID‑19, san iomlán |
75 000 000 50 000 000 600 000 000 150 000 000 - - - 50 000 000 30 000 000 80 000 000 1 035 000 000 |
- 50 000 000 600 000 000 50 000 000 300 000 000 180 000 000 125 000 000 50 000 000 30 000 000 80 000 000 1 465 000 000 |
- - - - 300 000 000 - - - - - 300 000 000 |
- - - - - - - - - - - |
|
Eisíocaíochtaí na n‑iasachtaí cúnaimh macrairgeadais uile, san iomlán |
1 675 000 000 |
1 665 000 000 |
7 535 000 000 |
18 375 000 000 |
Tá an tuarascáil seo bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil suas le mí Aibreáin 2023.
Is é Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le haghaidh cúnamh macrairgeadais do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad seachas tíortha i mbéal forbartha. Féadfar Airteagal 213 CFAE a úsáid mar bhunús dlí i gcás ina bhfuil cúnamh airgeadais práinneach de dhíth ar an tríú tír.
Is comhlánú atá i gcúnamh macrairgeadais freisin ar ghníomhaíochtaí nó ionstraimí seachtracha eile de chuid an Aontais le haghaidh na Comharsanachta agus na mBalcán Thiar, lena n‑áirítear tacaíocht bhuiséadach ar lena haghaidh a soláthraíodh EUR 1 384 mhilliún i ndeontais do na réigiúin in 2022. Tá an tuarascáil is déanaí maidir le tacaíocht bhuiséadach ar fáil ag: https://international-partnerships.ec.europa.eu/system/files/2022-10/budget-support-trends-and-results-2022_en.pdf
Tá na meastóireachtaí uile le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin: https://ec.europa.eu/info/evaluation-reports-economic-and-financial-affairs-policies-and-spending-activities_en
COM(2023) 0016 final; Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Evaluation of Macro financial assistance to third countries (Meta‑evaluation of operations for 2010‑2020) [Meastóireacht ar chúnamh macrairgeadais chuig tríú tíortha (Meitimheastóireachtaí ar oibríochtaí le haghaidh 2010‑2020)].
Cinneadh (AE) 2022/313; Cinneadh (AE) 2022/1201; Cinneadh (AE) 2022/1628; Cinneadh (AE) 2022/2463; Cinneadh (AE) 2022/563; Cinneadh (AE) 2020/701; Cinneadh (AE) 2020/33.
Cinneadh (AE) 2020/701 lena soláthraítear EUR 3 bhilliún in iasachtaí cúnaimh macrairgeadais do 10 dtír is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha agus comharsanachta.
Ón taobh buiséadach, is é an mhór‑úrnuacht tabhairt isteach ráta cumhdaigh 70 % fhoriomláin de na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúla chuig an Úcráin, ina ndéantar an ráta soláthair 9 % traidisiúnta faoi bhuiséad an Aontais a bhreisiú le ráthaíochtaí náisiúnta déthaobhacha le haghaidh an 61 % atá fágtha den chumhdach.
Ón taobh buiséadach, is é úrnuacht mhór na hIonstraime Cúnamh Macrairgeadais+ cumhdach neamhchosaintí iasachta na hIonstraime Cúnamh Macrairgeadais+ le lamháil an bhuiséid EUR, agus dá réir sin gan aon impleacht láithreach a bheith aige sin le haghaidh na hinfhaighteachta atá fágtha de leithdháiltí buiséid faoin tréimhse CAI atá ann faoi láthair.
Tá na meastóireachtaí uile le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin: https://ec.europa.eu/info/evaluation-reports-economic-and-financial-affairs-policies-and-spending-activities_en
Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a glacadh in éineacht leis an gcinneadh lena soláthraítear tuilleadh cúnaimh macra-airgeadais don tSeoirsia (Cinneadh (AE) 2013/778 an 12 Lúnasa 2013). Le fáil ag:
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013D0778&from=EN
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa Tuarascáil Speisialta (Uimh. 03/2017) ar fáil ar: https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR17_3/SR_TUNISIA_EN.pdf .
Tháinig ionstraim ICFCI– ‘an Eoraip Dhomhanda’ i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2021, tar éis don Chomhairle agus don Pharlaimint í a ghlacadh go foirmiúil. Dá bhrí sin, cé go bhfuil ról tábhachtach ag an Rialachán i leagan amach buiséadach cúnaimh macrairgeadais, leanann an ionstraim féin de bheith ar leithligh ó ICFCI– An Eoraip Dhomhanda, agus leantar d’oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais sonracha de bheith gníomhachtaithe, mar is gá, le cinntí ad hoc ar leithligh ar bhonn bhunús dlí an Chonartha is infheidhme.
Leis an Rialachán áirítear freisin clásal athbhreithniúcháin ar an ráta soláthair, gach 6 mhí, i bhfianaise na héiginnteachta eisceachtúla de dheasca an chogaidh atá ann faoi láthair.
Leis an tábla ní chuirtear san áireamh aon togra le haghaidh oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais nua tar éis mhí Aibreáin 2023.