AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 14.3.2023
COM(2023) 146 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLIAMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an beartas straitéiseach ilbhliantúil le haghaidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip
IARSCRÍBHINN I
GNÉITHE EIBM
Tosaíochtaí beartais agus treoirlínte straitéiseacha le haghaidh gnéithe den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip
I Rialachán (AE) 2019/1896 liostaítear 15 ghné chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip (EIBM) a bhunú. I gcomhréir le Airteagal 8(2) den Rialachán, shainaithin an Coimisiún na tosaíochtaí beartais agus na treoirlínte straitéiseacha seo a leanas i ndáil leis na 15 ghné sin, agus Anailís Riosca Straitéiseach 2022 á cur san áireamh aige agus torthaí na meastóireachta téamaí ar na straitéisí náisiúnta um bainistiú comhtháite teorainneacha in 2019 agus 2020 á bhforbairt aige, agus tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, .
Gné 1.:‘rialú ag teorainneacha, lena n‑áirítear bearta chun trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, bearta a bhaineann leis an gcoireacht trasteorann a chosc agus a bhrath ag na teorainneacha seachtracha, go háirithe imircigh a smuigleáil, gáinneáil ar dhaoine, agus an sceimhlitheoireacht; agus sásraí agus nósanna imeachta chun daoine leochaileacha agus mionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint, agus chun daoine a shainaithint atá i ngá cosanta idirnáisiúnta nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, faisnéis a sholáthar do dhaoine den sórt sin, agus daoine den sórt sin a tharchur
.’
Tosaíochtaí beartais
Is gné lárnach ríthábhachtach de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip é rialú ag teorainneacha (seiceálacha teorann ag pointí trasnaithe teorann agus faireachas ar theorainneacha idir pointí trasnaithe teorann) ar bhonn anailís riosca. Ba cheart an acmhainneacht dhlíthiúil, institiúideach, riaracháin agus oibríochtúil a bheith ag Frontex agus ag údaráis bainistithe teorainneacha na mBallstát, arb iad i dteannta a chéile a chomhdhéanann an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, mar aon leis na hacmhainní is gá chun rialú teorann éifeachtach éifeachtúil a dhéanamh beag beann ar na himthosca.
Tá cuspóirí iomadúla ag an rialú ag teorainneacha. Ar an gcéad dul síos, déanann seiceálacha teorann ag pointí trasnaithe teorann ainmnithe éascaíocht do thrasnuithe teorann dlisteanacha ag daoine agus don trácht trasteorann. An tráth céanna, le faireachas ar theorainneacha a dhéantar sna limistéir teorann idir pointí trasnaithe teorann cuirtear cosc ar thrasnuithe neamhúdaraithe teorainneacha seachtracha. Neartaíonn sé slándáil inmheánach an Aontais trína bheith ag rannchuidiú le cineálacha éagsúla coireachta trasteorann a chosc, a bhrath agus a chomhrac, amhail sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar airm thine nó gáinneáil ar dhaoine, agus táthar in ann bearta a dhéanamh dá thairbhe i leith daoine a thrasnaigh an teorainn go neamhdhleathach.
Amach anseo, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán maidir le Scagadh, nuair a bheidh sé glactha, go gcumhdófar freisin le rialú ag teorainneacha an réamhscagadh is infheidhme maidir leis na náisiúnaigh tríú tír uile atá i láthair ag na teorainneacha seachtracha nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach nó a cuireadh ó bhord tar éis oibríocht cuardaigh agus tarrthála. Dá réir sin, na daoine uile a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh, beidh siad faoi réir sásra atreoraithe (i.e. bearta scagtha agus faisnéisithe, sainaithint, tógáil méarlorg).
Ba cheart do Frontex tacú leis na Ballstáit, agus iad ag déanamh a gcúraimí de réir riachtanais an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, mar a chomhaontaítear go leithleach leis na Ballstáit.
Ceanglaítear le dlí an Aontais go ndéanfar rialú ag teorainneacha ar bhealach ina n‑urramaítear cearta bunúsacha gach duine, bídís ag lorg cosaint idirnáisiúnta nó ná bídís. Ní mór rochtain éifeachtach a sholáthar do dhaoine aonair a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu ar na nósanna imeachta chun an chosaint sin a dheonú, lena n‑áirítear ag na teorainneacha seachtracha nó i limistéir idirthurais na mBallstát. Daoine aonair nach bhfuil cosaint á lorg acu, tagann siad mar sin féin faoi chosaint dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, lena n‑áirítear prionsabal annon‑refoulement.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Mar phointe tosaigh, ní mór an acmhainneacht dhlíthiúil, struchtúrach, riaracháin agus theicniúil a bheith ag na Ballstáit chun seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen (SBC)
agus chun trasnuithe dlisteanacha teorann ag daoine agus ag feithiclí a éascú. An líon pointí trasnaithe teorann ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart acmhainneachtaí (acmhainní agus bonneagar), cineálacha teorann (talún, farraige agus aeir) agus dúshláin chothrománacha (amhail sreabh paisinéirí, coireacht trasteorann, nó ionstraimiú imirceach) a chur san áireamh leo.
2.Ba cheart do na Ballstáit trasnuithe teorann atá slán saoráideach a ráthú do phaisinéirí agus d’fheithiclí ag na pointí trasnaithe teorann.
3.Ba cheart an réamhbhailiú faisnéise don fheidhm seiceála teorann (faisnéis réamhtheachta mar eilimint lárnach den fheidhm seiceála teorann) a úsáid go córasach agus a fhorbairt a thuilleadh trí úsáid éifeachtach a bhaint as an gcóras Réamhfhaisnéise faoi Phaisinéirí (API).
4.Ba cheart an nós imeachta um sheiceálacha teorann a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen; agus ba cheart feabhas a chur air agus é a bharrfheabhsú trí chórais faisnéise AE le haghaidh imirce, teorainneacha agus slándála (EES, ETIAS, VIS, Eurodac, Córas Faisnéise Schengen agus ECRIS‑TCN) agus a n‑idir‑inoibritheacht a chur chun feidhme go cuimsitheach. Méadóidh sé sin an méid faisnéise agus cáilíocht na faisnéise atá ar fáil chun críocha seiceálacha teorann. Thairis sin, cuirfear tuilleadh feabhais ar an bpróiseas le haghaidh trasnuithe teorann seachtraí má dhéanfar doiciméid taistil a dhigitiú amach anseo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na córais faisnéise nua agus athnuaite chun feidhme go tráthúil agus i gceart ag a dteorainneacha. Ba cheart rochtain ar Chóras Faisnéise Schengen a bheith ag foireann an Bhuanchóir fad a bheidh siad imscartha chun oibríochta.
5.Ba cheart feasacht staide iontaofa chuimsitheach ag na teorainneacha a choinneáil ar bun ar gach leibhéal chun ardchumas a ráthú chun na bearta is gá a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart léirithe staide náisiúnta agus Eorpacha neas‑fhíorama cuimsitheacha a choinneáil ar bun, a roinnt agus a fhorbairt a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil agus leis na riachtanais oibríochtúla.
6.Ba cheart feasacht staide leanúnach (24/7) a bheith mar bhonn do chumas freagartha iomchuí chun caoi a thabhairt don fhreagairt éifeachtach ar gach teagmhas teorann, lena n‑áirítear athruithe gan choinne ag na teorainneacha seachtracha agus staideanna inimirce neamhrialta ar mhórscála. Ba cheart an cumas sin a áirithiú i ngach cás ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart cumas náisiúnta agus cumas Aontais a fhorbairt chun an rialú teorann a neartú go tapa, i gcás inar gá sin, ag aon phointe trasnaithe teorann agus ag aon chuid de na teorainneacha seachtracha. Ba cheart tástáil thráthrialta a dhéanamh ar chumas freagartha agus ar an bpleanáil teagmhasachta agus ba cheart iad a oiriúnú a thuilleadh don chás, go háirithe má bhíonn ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh. Ba cheart athbhreithniú leanúnach a dhéanamh dá réir ar Frontex a bheith i láthair ag na teorainneacha seachtracha agus á chur in úsáid.
7.Ba cheart do Frontex a áirithiú go dtógfar an córas do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO) ar lámh ó Ardrúnaíocht na Comhairle go luath amach anseo. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát, mar chuid de EBCG, tacaíocht iomlán a thabhairt do Frontex san iarracht sin agus rannchuidiú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcóras agus ar an Ionad Barr Feabhais um Chalaois Doiciméad a Chomhrac, trí fhaisnéis maidir le hearraí góchumtha agus doiciméid bhrionnaithe a braitheadh a mhalartú leis an Ionad ar bhonn níos gníomhaí. Ba cheart do Frontex a shainordú iomlán sa spás slándála doiciméad a oibríochtú freisin trína bheith ag cur lena chumais tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit measúnuithe agus tástálacha comhlíontachta a dhéanamh ar dhoiciméid taistil arna n‑eisiúint ag na Ballstáit.
8.Ba cheart acmhainneacht chobhsaí (eagraíochtúil, riaracháin agus theicniúil) a bheith ag córais chomhtháite náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha a bhfuil anailís riosca mar bhonn leo agus ba cheart dóibh a bheith i staid leanúnach foláirimh. Is gá sin chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc agus a bhrath, chun daoine a thrasnaigh an teorainn go neamhdhleathach a ghabháil agus chun a áirithiú go mbeidh na daoine sin faoi réir nósanna imeachta atreoraithe comhleanúnacha cuimsitheacha (i.e. nósanna imeachta um scagadh) lena n‑urramaítear dá gcearta bunúsacha, chun modhanna iompair a thascradh, amhail soithí a úsáideadh chun an teorainn a thrasnú go neamhdhleathach, chun an choireacht trasteorann a chomhrac, amhail an smuigleáil, an gháinneáil ar dhaoine agus an sceimhlitheoireacht, agus chun freagairt do bhagairtí de chineál hibrideach.
9.Gníomhaíochtaí faireachais fheabhsaithe ag gach cuid den teorainn sheachtrach talún agus farraige, lena n‑áirítear limistéir réamhtheorann, ba cheart iad a bheith comhfhreagrach don leibhéal tionchair a shanntar dóibh trí chórais chomhtháite faireachais, trealamh soghluaiste agus patróil (aonaid) shoghluaiste a úsáid agus trí fhorbairt a dhéanamh ar thorthaí na hanailíse riosca. Ba cheart na leibhéil tionchair a shainaithint ar bhealach comhchuibhithe ar fud an Aontais.
10.Ba cheart faireachán seasmhach (24/7) a dhéanamh ar an teorainn sheachtrach. Ba cheart gníomhaíochtaí faireachais ag na teorainneacha agus i limistéir réamhtheorann a dhéanamh, ag úsáid uirlisí éagsúla, agus é mar aidhm acu sásra luathrabhaidh a bhunú, faisnéis inghníomhaithe a roinnt agus feabhas a chur ar an gcumas freagartha, lena n‑áirítear trí acmhainní a leithdháileadh ar bhealach inscálaithe.
11.Ba cheart go mbeadh cumais faireachais choiteanna idir‑inoibritheacha Eorpacha ann chun tacú leis na córais náisiúnta faireachais chomhtháite. Ba cheart an faireachas teorann (lena n‑áirítear i limistéir réamhtheorann) a eagrú i gcomhréir le Rialachán EBCG agus le Cód Teorainneacha Schengen. I gcás ina bhfuil níos mó ná seirbhís amháin páirteach san fhaireachas teorann ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann an t‑údarás inniúil náisiúnta atá i gceannas ar an maoirseacht ghinearálta agus ar na sásraí ceannais, comhair agus comhordaithe is gá a shainaithint, agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil freagrachtaí na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí éagsúla á rialú le reachtaíocht nó le comhaontuithe comhair. Ba cheart go mbeadh na cumais faireachais náisiúnta ar faoi úinéireacht údarás éagsúil iad ag feidhmiú i gcomhréir le Rialachán EBCG agus le Lámhleabhar nuashonraithe EUROSUR.
12.Ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart sonraí arna mbailiú ag údaráis éagsúla, má theastaíonn siad ó údaráis Ballstát eile, a roinnt trí na lárionaid náisiúnta comhordúcháin.
13.Ní mór don chóras faireachais teorann farraige a bheith in ann gach soitheach a thagann isteach sna huiscí teorann a bhrath, a shainaithint agus, más gá, a rianú agus a thascradh agus ní mór don chóras cuidiú lena áirithiú go ndéanfar beatha daoine a chosaint agus a shábháil ar muir beag beann ar na dálaí aimsire agus le líon na ndaoine atá ag teacht go neamhrialta chuig an Aontas a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cumais faireachais a chuireann Frontex ar fáil chun acmhainneachtaí náisiúnta agus an fheasacht staide fhoriomlán a mhéadú. Tá dlúthchomhar idirghníomhaireachta idir údaráis náisiúnta inniúla EBCG, Frontex, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), chomh maith le comhar le Lárionaid Comhordúcháin Tarrthála Muirí, ríthábhachtach chun comhar feabhsaithe a áirithiú ina leith sin.
14.Ní mór don chóras faireachais teorann talún a bheith in ann gach trasnú teorann neamhúdaraithe a nochtadh agus gach duine a thrasnaíonn an teorainn go neamhdhleathach i limistéir ardriosca a thascradh i gcúinsí ar bith. D’fhéadfaí cumais agus bonneagar soghluaiste nó do‑aistrithe, agus foireann oilte speisialaithe, a áireamh i gcórais faireachais ar theorainneacha talún. Ba cheart tús áite a thabhairt do theicneolaíochtaí úrscothacha agus do threalamh agus réitigh theicniúla éagsúla (i.e. ladrainn a úsáid). Sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ar bhealach eile trí bhíthin teicneolaíochtaí den sórt sin, ní mór foráil maidir leis sin a dhéanamh le dlí, agus ní mór é a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n‑áirítear maidir le cosaint sonraí pearsanta.
15.Ba cheart scagadh a dhéanamh go córasach ar na daoine sin a thrasnaigh an teorainn sheachtrach gan bheith faoi réir seiceálacha teorann. Tá sé de chuspóirí ag an scagadh inter alia daoine a shainaithint, seiceálacha slándála agus sláinte a dhéanamh agus na daoine a ndearnadh scagadh orthu a atreorú chuig na nósanna imeachta iomchuí.
16.Ba cheart an acmhainneacht chun coireacht trasteorann agus sceimhlitheoireacht a chosc nó a bhrath ag na teorainneacha seachtracha a neartú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Is féidir leis na húdaráis inniúla rialaithe ag teorainneacha, i gcomhar le húdaráis ábhartha eile forfheidhmithe dlí agus gníomhaireachtaí Aontais forfheidhmithe dlí, amhail Europol agus Frontex, rannchuidiú leis an gcoireacht trasteorann a bhrath agus a chosc ag na teorainneacha seachtracha, agus go háirithe le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta nó lucht coireachta trasteorann, amhail smuigléirí agus gáinneálaithe ar airm thine, a bhrath.
17.Lámhleabhar Frontex maidir le hairm thine a bhrath, is príomhuirlis é chun gardaí teorann agus údaráis chustaim a oiliúint san Aontas agus i dtíortha comharsanachta.
18.Ba cheart do ghardaí teorann a bheith réidh freisin chun íospartaigh na coireachta a shainaithint agus chun céadchúnamh a thabhairt dóibh, go háirithe íospartaigh gáinneála ar dhaoine, agus iad a tharchur chuig seirbhísí iomchuí.
19.Ba cheart acmhainneacht, sásraí agus nósanna imeachta leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm ag na gardaí teorann chun daoine leochaileacha agus mionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint, agus chun daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint den sórt sin a shainaithint, ionas gur féidir na daoine sin a tharchur chuig na nósanna imeachta agus na húdaráis ábhartha.
20.I gcás bagairt thromchúiseach ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach i mBallstát, tugann Cód Teorainneacha Schengen cead don Bhallstát lena mbaineann rialuithe a thabhairt isteach an athuair go sealadach ag na teorainneacha inmheánacha mar rogha dheiridh. Ceanglaítear ar na Ballstáit ar dtús, áfach, an gá atá leis na bearta sin agus a gcomhréireacht a áirithiú, lena n‑áirítear, sa chéad chás, scrúdú a dhéanamh ar bhearta malartacha a d’fhéadfaí a dhéanamh, amhail seiceálacha póilíneachta a dhéanamh i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá rialú ag teorainneacha a thabhairt isteach an athuair go sealadach, ba cheart do na Ballstáit bearta maolaithe a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar thaisteal laistigh de limistéar Schengen a íoslaghdú.
Gné 2.: ‘Oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine i nguais ar muir a sheolfar agus a dhéanfar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, ar oibríochtaí iad a tharlaíonn i gcásanna a thiocfadh chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorainneacha ar muir
.’
Tosaíochtaí beartais
Príomhthosaíocht den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip is ea beatha daoine a chosaint agus a shábháil ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart an acmhainneacht agus an ullmhacht oibríochtúil chun oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh, mar aon leis an gcomhar eatarthu siúd uile atá páirteach iontu, a bheith ina gcuid thábhachtach lárnach d’oibríochtaí faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha, chun oibleagáidí cuardaigh agus tarrthála na mBallstát a eascraíonn as dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis chuardaigh agus tarrthála na mBallstát, agus le húdaráis eile a d’fhéadfadh baint a bheith acu le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, lena n‑áirítear trí idirphlé leis na gníomhaithe ábhartha uile sa réimse sin a chothú. Tá sé sin d’fhonn básanna ar muir a laghdú, sábháilteacht na loingseoireachta a chothú agus bainistíocht éifeachtach na himirce a áirithiú, i gcomhréir leis na hoibleagáidí dlíthiúla ábhartha agus le Moladh (AE) 2020/1365 ón gCoimisiún
.
2.Ba cheart cur chuige níos comhordaithe a ghlacadh i leith cuardaigh agus tarrthála, inar cheart don Ghrúpa Eorpach Teagmhála um Chuardach agus Tarrtháil feabhas a chur ar an modh comhair agus comhordúcháin idir na stáit bhrataí agus na stáit chósta agus dea‑chleachtas a fhorbairt maidir le faisnéis a chomhroinnt go tráthúil agus go hiomlán.
3.Ba cheart d’údaráis an Aontais agus na mBallstát a gcomhar le tríú tíortha tosaíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a neartú, lena n‑áirítear tríd an gcomhar oibríochtúil idir údaráis tríú tíortha agus gníomhaireachtaí Aontais a fheabhsú.
4.Ba cheart freagracht na mBallstát maidir le cuardach agus tarrtháil a chur san áireamh go hiomlán i ngach céim den phleanáil oibríochtúil agus de chur chun feidhme na n‑oibríochtaí faireachais teorann farraige ag an nGníomhaireacht agus ag na Ballstáit. Ba cheart socruithe caighdeánaithe agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le húdaráis chuardaigh agus tarrthála na mBallstát (Ionad Comhordaithe Tarrthála Muirí), leis an Ionad Comhordaithe Náisiúnta (NCC) agus leis an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta a bhunú agus a thástáil go rialta. Ba cheart roghanna i dtaobh sásraí comhordúcháin comhchosúla a bhunú idir na Ballstáit agus tíortha comhpháirtíochta a fhiosrú freisin. Ba cheart gach patról agus gach acmhainn theicniúil atá rannpháirteach san fhaireachas ar theorainneacha muirí, lena n‑áirítear oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann ar muir a gcomhordaíonn Frontex iad, a bheith oilte go hiomchuí agus ba cheart iad a bheith feistithe mar is ceart le haghaidh idirghabhálacha cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n‑áirítear an cumas a bheith acu gníomhú mar chomhordaitheoirí ar an láthair más gá.
5.Ba cheart an acmhainneacht chun tacú le hidirghabhálacha cuardaigh agus tarrthála a fheabhsú a thuilleadh tríd an oiliúint is gá a sholáthar don phearsanra a ghlacann páirt in oibríochtaí faireachais ar theorainneacha farraige ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Ghníomhaireacht measúnú ar riachtanais a dhéanamh agus tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil mhéadaithe a sholáthar do na Ballstáit, i gcomhréir lena sainordú, lena n‑áirítear acmhainní a chur á n‑úsáid, chun feabhas a chur ar a gcumais agus, dá réir sin, rannchuidiú le beatha daoine a shábháil ar muir.
6.Ba cheart acmhainneacht EUROSUR chun tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála agus le beatha daoine a shábháil ar muir i gcásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríochtaí faireachais ar theorainneacha ar muir a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go hiomlán i gcomhréir le Rialachán EBCG agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/581 ón gCoimisiún
.
Gné 3: “Anailís ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha.
.’
Tosaíochtaí beartais
Ba cheart bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a bheith ar bonn anailís riosca. Ba cheart anailísí riosca atá iontaofa, cuimsitheach agus comhtháite a bheith ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ba cheart iad a úsáid le haghaidh pleanáil agus cinnteoireacht pholaitiúil, straitéiseach agus oibríochtúil. Ba cheart torthaí anailíseacha agus moltaí le haghaidh coincheapa agus gníomhaíochtaí coincréiteacha (idir dhlíthiúil, theicniúil, agus oibríochtúil) a bheith le fáil ó anailís riosca chun maolú a dhéanamh in am trátha ar rioscaí agus leochaileachtaí atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a bhaineann le raon feidhme iomlán an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ní mór do na Ballstáit uile an chomhshamhail Eorpach le haghaidh anailís chomhtháite riosca, arna glacadh ag Bord Bainistíochta Frontex
, a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus ní mór í a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
2.Chun tacú le gníomhaíocht chomhbheartaithe an Aontais chun feabhas a chur ar bhainistiú teorainneacha seachtracha agus chun an tslándáil inmheánach a choinneáil ar bun, ba cheart do na Ballstáit an acmhainneacht náisiúnta is gá (idir acmhainneacht eagraíochtúil, riaracháin agus theicniúil) a bhunú chun anailísí riosca aontaithe, pleanáil teagmhasachta agus measúnuithe leochaileachta a dhéanamh. Ba cheart na táirgí agus nósanna imeachta anailíse riosca a sholáthraíonn Frontex a chomhtháthú sa phróiseas náisiúnta chun anailís riosca a thiomsú le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha, lena gcumhdófaí gach ciseal den tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal.
3.Ba cheart struchtúir speisialaithe anailíse riosca, a mbeidh sé de chumhacht acu sonraí ábhartha ó na hinstitiúidí náisiúnta uile a bhfuil baint acu le bainistiú comhtháite na dteorainneacha a bhailiú agus a thiomsú, a bhunú agus ba cheart go n‑oibreodh líon leordhóthanach foirne speisialaithe oilte iad.
4.Cé gur cheart measúnuithe riosca a dhéanamh i gcónaí roimh chomhghníomhaíochtaí oibríochtúla a chomhordaíonn Frontex agus le linn na ngníomhaíochtaí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a cumas chun táirgí anailíse riosca ad hoc a eisiúint, táirgí lena gcumhdófar bagairtí atá ag teacht chun cinn agus lena dtacófaí le próisis bainistithe géarchéime.
5.Comhar idir comhlachtaí ábhartha Aontais agus comhlachtaí ábhartha náisiúnta, amhail údaráis chustaim, go háirithe comhar le Frontex, Europol, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus an Coimisiún (lena n‑áirítear OLAF i gcás inarb iomchuí), agus comhar idir na comhlachtaí sin, ba cheart é a neartú a thuilleadh i réimse na hanailíse riosca. Is é is aidhm don mhéid sin anailís níos cuimsithí ar na rioscaí ar shláine na dteorainneacha seachtracha a ráthú, agus ar mhaithe leis an tslándáil inmheánach, lena n‑áirítear dea‑fheidhmiú limistéar Schengen. Ba cheart comhar níos dlúithe idir Europol agus Frontex a chur i bhfeidhm agus Measúnú an Aontais Eorpaigh ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe (SOCTA AE) agus tuarascálacha eile á n‑ullmhú, i bhfianaise an luacha bhreise a fhéadann anailís riosca Frontex a sholáthar i ndáil leis an gcoireacht trasteorann a shainaithint agus a imscrúdú ag na teorainneacha seachtracha. Le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh gáinneáil ar airm thine 2020‑2025, fógraíodh an leasú ar Rialachán (AE) 258/2012. Ghlac an Chomhairle togra i mí Dheireadh Fómhair 2022 maidir le hathmhúnlú an Rialacháin sin chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras arm tine sibhialtach. I measc nithe eile, leis an togra maidir le hathmhúnlú, dírítear ar anailís riosca níos fearr trí fhaisnéis a mhalartú i measc údaráis éagsúla a bhfuil baint acu le hallmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras arm tine sibhialtach, comhpháirteanna riachtanacha agus armlóin. Le Plean Gníomhaíochta agus Straitéis an Aontais Eorpaigh um Dhrugaí 2021‑2025, glactar cur chuige fianaisebhunaithe comhtháite cothromaithe ildisciplíneach i leith fheiniméan na ndrugaí ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus cuirtear bearta láidre laghdaithe soláthair chun cinn, lena n‑áirítear chun an mhórgháinneáil aindleathach ar dhrugaí agus réamhtheachtaithe drugaí a bhrath níos fearr ag pointí dul isteach san Aontas agus pointí imeachta uaidh, agus chun aghaidh a thabhairt ar naisc le bagairtí slándála eile.
6.Ba cheart don Ghníomhaireacht a cumas réamhaisnéise a neartú tuilleadh trí úsáid a bhaint as na foinsí is leithne is féidir d’fhaisnéis iontaofa, ábhartha, agus riachtanach.
7.I gcomhthéacs níos straitéisí, is uirlis fhíor-riachtanach í an anailís dhébhliantúil riosca straitéisigh lenar cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann tuiscint fhadtéarmach a fhorbairt ar shreabha imirce i dtreo an Aontais agus laistigh de ó thaobh threochtaí, líonta agus bhealaí na himirce de. Cuideoidh sé freisin le dúshláin a shainaithint ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de limistéar Schengen, lena n‑áirítear úsáid a bheith á baint as doiciméid taistil chalaoiseacha agus ghóchumtha, agus dúshláin a bhaineann leis an bhfilleadh, agus tacóidh sé dá bhrí sin le cinnteoireacht pholaitiúil agus le forbairt cumas fadtéarmach. Leis na dúshláin a shainaithnítear ba cheart díriú ar fheiniméin ar bheagán dóchúlachta ach mórán tionchair, amhail paindéimí agus na bagairtí sláinte a thagann astu. Ba cheart an anailís is déanaí atá ar fáil a léiriú i gcónaí i gcur chun feidhme thimthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, atá le cur san áireamh ag an nGníomhaireacht sa Straitéis Theicniúil agus Oibríochtúil um bainistiú comhtháite teorainneacha agus ag na Ballstáit ina straitéisí náisiúnta.
8.Tar éis fhoilsiú gach anailíse riosca straitéisí, ba cheart don Ghníomhaireacht plé a dhéanamh leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún maidir le conas is féidir feabhas a chur ar cháilíocht agus feidhmiúlacht na hanailíse débhliantúla sin.
9.Ba cheart sásra foirmiúil a bhunú chun eolas agus faisnéis a mhalartú le tríú tíortha, go háirithe le tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina dtíortha tionscnaimh agus le tíortha idirthurais ábhartha, i gcomhréir le Rialachán EBCG agus lánurraim á tabhairt do cheanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart do na Ballstáit agus do Frontex é a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh chun an anailís riosca agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a bheidh níos spriocdhírithe a fheabhsú.
Gné 4 ‘Malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chomh maith le malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, lena n‑áirítear tacaíocht arna comhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta
.”
Tosaíochtaí beartais
Ba cheart cumais Eorpacha agus náisiúnta a chur ar bun, a úsáid agus a fhorbairt ar bhealach comhordaithe comhtháite chun cur chun feidhme éifeachtach agus aontaithe gach gné de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a ráthú i ngach cúinse agus ar gach ciseal den tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal. Ba cheart ullmhacht sheasmhach thástáilte a bheith ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, atá comhdhéanta den Ghníomhaireacht agus d’údaráis na mBallstát um an ngarda teorann agus um fhilleadh, chun freagairt do gach teagmhas a d‘fhéadfadh tarlú ag an teorainneacha seachtracha agus d’aon fheiniméan nua a dhéanann difear d’fheidhmiú an rialaithe teorann agus an fhillte. Ba cheart go mbeadh acmhainneacht mhearfhreagartha ann mar aon leis na cumais riachtanacha chun cineálacha éagsúla comhoibríochtaí a sheoladh go héifeachtach ag gach cuid de na teorainneacha seachtracha. Ba cheart an malartú faisnéise, de réir na brí atá leis faoin ngné seo, a dhéanamh go tráthúil.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart do na Ballstáit sásra comhordúcháin náisiúnta éifeachtach agus próisis oibre éifeachtacha a bhunú le haghaidh fheidhmeanna agus ghníomhaíochtaí uile an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, chun éifeachtúlacht ar an leibhéal náisiúnta agus éifeachtúlacht an chomhair le Frontex a áirithiú. Ba cheart pointe teagmhála náisiúnta freagrach a bheith ag na Ballstáit (24/7) le haghaidh gach ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, mar a shonraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán EBCG. Ba cheart don phointe teagmhála náisiúnta ionadaíocht a dhéanamh ar na húdaráis náisiúnta ar fad atá rannpháirteach i mbainistiú na dteorainneacha agus san filleadh. Ba cheart an pointe teagmhála náisiúnta a bheith ar leithligh ón Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin atá freagrach as faisnéis a mhalartú in EUROSUR.
2.Ba cheart feasacht staide, cumas freagartha agus ról an lárionaid náisiúnta comhordúcháin (LNC) a neartú a thuilleadh agus a chomhtháthú i gcomhréir le Rialachán EBCG agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/581 ón gCoimisiún. Ní mór do gach Ballstát Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin lánfheidhmiúil a bheith i bhfeidhm aige, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán EBCG.
3.Ba cheart an fhaisnéis a bhailítear le huirlisí faireachais, agus í tiomsaithe agus dáilte a thuilleadh ag na LNCanna, a úsáid chun cur leis an gcumas freagartha fíor-ama (e.g. tascradh) agus chun anailís riosca a dhéanamh.
4.Ba cheart úsáid iomlán a bhaint as na huirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe EUROSUR. Sa chomhthéacs sin, ba cheart comhar agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh agus le Frontex é féin. Ba cheart an comhar agus an comhordú sin a dhéanamh faoi chuimsiú EUROSUR, go háirithe i ngach Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin.
5.Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá maidir leis an staid atá ann, na treochtaí agus na bagairtí a d’fhéadfadh teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha agus maidir le filleadh a roinnt go tráthrialta leis an nGníomhaireacht. Níor cheart an fhaisnéis sin a dhúbláil. Dá bhrí sin, ba cheart sásra a bheith i bhfeidhm lena n‑áiritheofar idir‑inoibritheacht bealaí faisnéise éagsúla chun malartú faisnéise a éascú agus chun feabhas a chur ar an bhfeasacht staide.
6.Ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá a leithdháileadh agus ullmhacht oibríochtúil leanúnach a bheith acu chun go gcomhlíonfaidh siad a n‑oibleagáid dhlíthiúil chun rannchuidithe éigeantacha a sholáthar, agus chun rannchuidithe deonacha a sholáthar do na cumais chomhchoiteanna Eorpacha a ndéanann Frontex comhordú orthu, go háirithe do bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh agus don chomhthiomsú de threalamh teicniúil.
7.Ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht a áirithiú go dtiocfaidh fás de réir a chéile ar an mbuanchór chun a lánacmhainneacht, eadhon 10 000 oifigeach, a bhaint amach faoi 2027. Tá foireann oiriúnach agus acmhainneacht freagartha ina dtosca fíor‑riachtanacha chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an imirce neamhrialta agus ar bhagairtí slándála teorann, chun caoi a thabhairt do fhreagairt thapa agus d’acmhainneacht bhreise ag na codanna den teorainn lena mbaineann.
8.Ba cheart don Ghníomhaireacht coincheap oibríochtúil cuimsitheach a fhorbairt inar cheart a áireamh, ar a laghad, coincheap imscaradh an bhuanchóir, a fheidhmíocht oibríochtúil agus a cheanglais chumais i leith bagairtí agus timpeallachtaí oibríochtúla éagsúla, struchtúir shoiléire cheannais agus bhainistíochta, tacaíocht lóistíochta agus sásra rialaithe cáilíochta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 62(10) de Rialachán EBCG.
9.Chun éifeachtúlacht bhreise na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart do Bhord Bainistíochta Frontex an coincheap oibríochtúil don bhuanchór a ghlacadh agus a athbhreithniú go tráthrialta. Beifear in ann cur chun feidhme chúraimí oibríochtúla agus teicniúla na Gníomhaireachta a stiúradh níos fearr dá thairbhe sin, go háirithe maidir le mear‑idirghabhálacha teorann a sheoladh i gcásanna géarchéime sonracha, lena n‑áirítear cásanna ionstraimithe, agus chun a áirithiú go n‑imscarfar an buanchór agus trealamh in am trátha aon am a tharlaíonn géarchéim den sórt sin.
10.Ba cheart acmhainneacht óstála tástáilte a bheith ag na Ballstáit chun tacaíocht a fháil trí bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh, más gá.
11.Ba cheart acmhainneacht éifeachtach pleanála, comhordaithe agus cur chun feidhme a bheith ag na Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht chun oibríochtaí a eagrú, ar bhonn anailíse riosca, ag na teorainneacha seachtracha agus/nó i dtríú tíortha, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán EBCG. Ba cheart an próiseas pleanála faisnéis-bhunaithe a chomhordú agus a shioncrónú idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit ionas go n‑áiritheofar úsáid éifeachtach na n‑acmhainní.
12.Ba cheart don Ghníomhaireacht coincheap na n‑oibríochtaí comhpháirteacha a fhorbairt a thuilleadh ionas go n‑áiritheofar solúbthacht leordhóthanach agus an acmhainn samhlacha éagsúla a chur i bhfeidhm, ag brath ar an gcás oibríochtúil sonrach.
13.Ba cheart do FRONTEX tuilleadh feabhais a chur ar chomhtháthú thorthaí na measúnuithe leochaileachta sa mheasúnú ar ullmhacht, pleanáil theagmhasach agus riachtanais. Áiritheofar leis sin go mbeidh sé d’acmhainn ag na Ballstáit ní hamháin a dteorainneacha seachtracha a dhaingniú ach a gcion féin a chur leis an mbuanchór, lena n‑áirítear rannchuidithe le mear-idirghabhálacha agus leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil. Sa phróiseas sin, ba cheart don Ghníomhaireacht na sineirgí idir sásra meastóireachta Schengen agus measúnú leochaileachta a chur san áireamh.
14.Tá malartú na faisnéise ar cheann de na príomhghnéithe den chomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus Frontex. Ní mór é a dhéanamh ar bhealach slán tríd an líonra cumarsáide tiomnaithe, go háirithe i gcás ina gcumhdófar leis an malartú sin faisnéis rúnaicmithe suas le leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus ní mór do na Ballstáit agus do Frontex ceanglais reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí agus slándáil faisnéise ina n‑iomláine a chomhlíonadh i gcónaí i gcomhréir leis na rialacha slándála a leagann an Ghníomhaireacht síos.
15.Ní mór don Ghníomhaireacht faireachán agus feasacht staide leanúnach a áirithiú agus an fhaisnéis sin a roinnt leis na LNCanna trí EUROSUR, go háirithe chun tuairisciú fíor-ama a sholáthar faoin limistéar teorann agus faoin limistéar réamhtheorann comhfhreagrach a mbaineann an ghéarchéim leo.
16.Ba cheart go bhfeidhmeodh an straitéis ilbhliantúil maidir le cumais theicniúla na Gníomhaireachta a fháil agus a fhorbairt, chomh maith leis an bplean cur chun feidhme gaolmhar, mar uirlis sholúbtha chun réitigh fhadtéarmacha a sholáthar chun acmhainní teicniúla a chur ar fáil don bhuanchór, lena n‑áirítear an fhéidearthacht roghanna malartacha a ghníomhachtú do na riachtanais is criticiúla (i.e. aerfhaireachas).
17.Ba cheart coincheap na bpointí fócasacha a fhorbairt a thuilleadh trí dhíriú ar fhreagairt oibríochtúil éifeachtach a áirithiú, go háirithe i dteophointí ag na teorainneacha seachtracha agus na pointí trasnaithe teorann, lena n‑áirítear eilimint fothaithe acmhainní.
18.Ba cheart do phobal uile EBCG caighdeáin theicniúla na Gníomhaireachta maidir le trealamh agus malartú faisnéise, lena n‑áirítear maidir le hidirnascadh córas agus líonraí, a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach. Ba cheart do EBCG oibriú le chéile ar phróiseas caighdeánaithe chun idir-inoibritheacht agus comhoiriúnacht an trealaimh a úsáidtear leis na córais ábhartha faisnéise agus cumarsáide, agus le EUROSUR, a áirithiú.
19.Laistigh dá n‑inniúlachtaí faoi seach, ba cheart do Frontex agus do na Ballstáit, le cúnamh eu‑LISA, modhanna iomchuí a fhorbairt (staidreamh, próifílí, malartú modus operandi) chun mí‑úsáid bealaí dlíthiúla a chosc agus faireachán a dhéanamh ar iar‑léirscaoileadh víosaí, lena n‑áirítear trí úsáid éifeachtach a bhaint as uirlisí ábhartha sna córais nua faisnéise (VIS, ETIAS, EES, etc.).
Gné 5:: ‘Comhar idirghníomhaireachta i measc na n‑údarás náisiúnta i ngach Ballstát atá freagrach as rialú ag teorainneacha nó as cúraimí eile a dhéantar ag an teorainn, agus idir na húdaráis atá freagrach as an bhfilleadh i ngach Ballstát, lena n‑áirítear malartú rialta faisnéise trí na huirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhar le comhlachtaí náisiúnta a bhfuil cosaint ceart bunúsach faoina gcúram
.’
Tosaíochtaí beartais
Ba cheart bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a bheith bunaithe ar an gcomhar. Ba cheart comhar idirghníomhaireachta a bheith seanbhunaithe ar an leibhéal náisiúnta chun cur chun feidhme cuimsitheach trasearnálach comhleanúnach costéifeachtach an bhainistithe chomhtháite teorainneacha a ráthú, lena n‑áirítear i measc na gcomhlachtaí náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu cearta bunúsacha a chosaint, amhail Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, institiúidí Ombudsman, Sásraí Náisiúnta Coisctheacha agus, i gcás inarb infheidhme, sásraí náisiúnta faireacháin. Ba cheart roinnt na hoibre, na struchtúir chomhair, úsáid chomhroinnte na n‑acmhainní, bealaí cumarsáide agus nósanna imeachta oibre sioncrónaithe a shainiú go soiléir agus a chomhdhlúthú.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Comhar idirghníomhaireachta idir na húdaráis náisiúnta ábhartha uile a bhfuil baint acu le bainistiú teorainneacha, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le rialacha agus próisis arna sainiú go soiléir. Ba cheart sainiúlachtaí institiúideacha agus riaracháin na mBallstát faoi seach a chur san áireamh sa chreat lena rialaítear an comhar sin. Ba cheart é a chur i bhfeidhm trí bhíthin comhaontuithe comhair lena leagtar síos cineálacha coincréiteacha comhair chomh maith le gníomhaíochtaí coincréiteacha.
2.Ba cheart a áireamh ar na príomhréimsí comhair malartú éifeachtach faisnéise, anailís riosca chomhpháirteach, oibríochtaí comhpháirteacha agus úsáid chomhroinnte na gcumas Eorpach agus náisiúnta i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí, oiliúint, chomh maith le cosaint agus cur chun cinn na gceart bunúsach ar fud na ngníomhaíochtaí agus na n‑oibríochtaí bainistithe teorainneacha uile. I ndáil le teorainneacha muirí, tá bunú CISE oibríochtúil (Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise) le haghaidh 2024 ábhartha freisin chun feasacht ar réimsí muirí a choinneáil ar bun. Le CISE tabharfar caoi don mhalartú slán faisnéise, trasearnálach agus trasteorann, idir údaráis éagsúla faireachais mhuirí de chuid an Aontais agus Ballstáit CSTE, amhail gardaí cósta, gardaí teorann, údaráis chustaim, údaráis ghinearálta forfheidhmithe dlí, údaráis rialaithe iascaigh, etc.
3.Ba cheart an sásra láraithe a chur ar bun le gach straitéis náisiúnta IBM chun comhordú éifeachtúil a áirithiú idir an t‑údarás náisiúnta atá i gceannas ar an bhformhaoirseacht ghinearálta ar bhainistiú comhtháite teorainneacha agus na húdaráis náisiúnta uile a bhfuil freagrachtaí orthu i mbainistiú na dteorainneacha agus a macasamhla i mBallstáit eile.
Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhar oibríochtúil déthaobhach agus iltaobhach idir na Ballstáit i gcás ina mbeidh comhar den sórt sin comhoiriúnach le cúraimí na Gníomhaireachta. Ba cheart tacaíocht na Gníomhaireachta agus acmhainní agus ionstraimí coiteanna Eorpacha (e.g. EUROSUR) a úsáid ina n‑iomláine.
4.Ní cuid de acquis Schengen é an rialú custaim agus ní comhaltaí den Aontas Custaim iad gach ceann de Thíortha Comhlachaithe Schengen. Dá bhrí sin, níl an rialú custaim go díreach ina chuid de choincheap EIBM. Tá baint ag cúraimí custaim i réimse na slándála inmheánaí agus ag údaráis eile a oibríonn ag na teorainneacha seachtracha, áfach, le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip trí ghné an comhair idirghníomhaireachta. Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhar idir gardaí teorann agus lucht custaim mar chomhpháirtithe straitéiseacha ar gach leibhéal chun rialú na ndaoine agus na n‑earraí a chomhtháthú ar bhealach níos fearr agus chun trasnuithe teorann sreabhacha agus slána a ráthú. I dtéarmaí nithiúla, ciallaíonn sé sin gur cheart creat dlíthiúil soiléir a bheith ann le haghaidh an chomhair idir gardaí teorann agus údaráis chustaim, creat a mbeadh roinnt oibre dhea-shainithe, struchtúir chomhair fheidhmiúla, agus timpeallacht theicniúil idir-inoibritheach i gceist leis, agus lena n‑áiritheofaí an dlúthchomhar praiticiúil ar gach leibhéal.
5.Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ar an gcomhar maidir le forfheidhmiú an dlí agus ar an gcomhar míleata a bhaineann le tacú le bainistiú na dteorainneacha agus leis an gcoireacht trasteorann a chomhrac. Áiritheofar leis sin comhordú níos fearr agus úsáid éifeachtach chostéifeachtach na faisnéise, na gcumas agus na gcóras. Tá gá leis sin chun an choireacht trasteorann, an sceimhlitheoireacht agus an inimirce neamhrialta a chosc agus a bhrath agus chun rannchuidiú le beatha imirceach a shábháil. Ba cheart bunús dlí soiléir a bheith leis an gcomhar sin, trí shocruithe nó comhaontuithe comhair agus buan‑nósanna imeachta oibríochta. Is é an t‑údarás náisiúnta inniúil ba cheart cúraimí rialaithe ag teorainneacha a dhéanamh i gcónaí.
6.Ba cheart comhar a éascú agus a fhorbairt freisin laistigh den Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), ar ionstraim bhuan agus creat stóinseach é lena dtugtar údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus raon leathan comhpháirtithe ildisciplíneacha le chéile chun an choireacht thromchúiseach eagraithe a chomhrac.
Gné 6: ‘Comhar idir na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha sna réimsí a chumhdaítear le Rialachán EBCG, lena n‑áirítear trí fhaisnéis a mhalartú go tráthrialta.
.’
Tosaíochtaí beartais
Ba cheart bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a bheith bunaithe ar an gcomhar. Ba cheart comhar idirghníomhaireachta seanbhunaithe a bheith ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach le páirtithe leasmhara Eorpacha eile chun a áirithiú go gcuirfear bainistiú comhtháite teorainneacha chun feidhme ar bhealach cuimsitheach trasearnálach comhleanúnach costéifeachtach.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Mar thús, tá an comhar idirghníomhaireachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le hoibríochtú trí shocruithe comhair, agus go háirithe trí shocruithe oibre arna dtabhairt i gcrích ag Frontex le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán EBCG. Baineann na príomhréimsí comhair le malartú éifeachtach faisnéise, anailís riosca chomhpháirteach, oibríochtaí comhpháirteacha agus úsáid chomhroinnte na gcumas Eorpach i gcomhréir lena n‑inniúlacht. Ba cheart coincheap na n‑oibríochtaí ilchuspóireacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar anailís riosca, a fhorbairt a thuilleadh , agus príomhchúraimí agus príomhfhreagrachtaí na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais a bhfuil baint acu leis na hoibríochtaí sin á n‑urramú ina n‑iomláine.
2.Ba cheart acmhainneacht iomlán na n‑uirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe EUROSUR, a bheith in úsáid oibríochtúil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ba cheart bailiú na faisnéise ag seirbhísí cumaisc EUROSUR a fhorbairt a thuilleadh trí bhíthin socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích idir Frontex agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais faoi seach a chur i bhfeidhm, d’fhonn seirbhísí faisnéise breisluacha a bhaineann le EIBM a chur ar fáil do na Ballstáit agus do Frontex.
3.Ba cheart an comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta a fhorbairt a thuilleadh chun an fheasacht staide ar muir a mhéadú chomh maith leis an gcumas freagartha, agus chun tacú le gníomhaíocht chomhleanúnach chost‑éifeachtúil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart lámhleabhar praiticiúil faoin gcomhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta a chur i bhfeidhm go forleathan chun cur chun feidhme comhchuibhithe an chomhair sin a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta
.
4.Ba cheart an idir‑inoibritheacht idir córais faisnéise ábhartha uile‑Aontais (EES, ETIAS, SIS, VIS, Eurodac agus ECRIS-TCN), a chur chun feidhme go tráthúil agus, más gá, a fhorbairt a thuilleadh chun úsáid níos éifeachtaí ionstraimí éagsúla a ráthú. Déanfaidh ceithre ghné nua idir‑inoibritheachta − an tairseach chuardaigh Eorpach (ESP), an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha (sBMS), an stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) agus an brathadóir ilchéannachtaí (MID) − an t‑ollstruchtúr córais a chomhtháthú chun tacú lena n‑oibríochtaí agus a áirithiú an tráth céanna go sainaithneofar daoine i gceart, go ndéanfar an chalaois chéannachta a chomhrac agus go gcuíchóireofar na coinníollacha rochtana d’údaráis ainmnithe.
5.Ba cheart coincheap an teophointe, lena n‑áirítear nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha, a chur i bhfeidhm nuair is ábhartha. Ba cheart do na gníomhaireachtaí ábhartha uile (Frontex, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, Europol agus FRA) a bheith réidh i gcónaí chun tacú le teophointí i gcomhréir leis an gcoincheap a ghlactar. Ba cheart go mbeadh ullmhacht dhlíthiúil agus oibríochtúil ag na Ballstáit chun óstáil a dhéanamh ar theophointí Eorpacha nó chun tacú leo. I gcás inar féidir agus ina ndéantar Foirne Tacaíochta don Bhainistiú Imirce a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán EBCG, comhordóidh an Coimisiún na foirne mar a fhoráiltear sa Rialachán.
6.Ba cheart comhordú agus comhar idir Europol, Eurojust, Frontex agus na húdaráis náisiúnta inniúla, faoi chuimsiú EMPACT, an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla, a fheabhsú ag gach céim den phróiseas. Leis an gcomhar idir Frontex agus Europol, ba cheart féachaint le sainaithint daoine a bhfuil amhras orthu i leith coireacht trasteorann a éascú, agus lánurraim á tabhairt do na rialacha lena sainítear cúraimí an dá Ghníomhaireacht agus do reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.
7.Is ar na réimsí tosaíochta straitéisí sin a bhaineann go díreach le teorainneacha seachtracha agus le cúraimí rialaithe ag teorainneacha ba cheart rannpháirtíocht ghníomhach Frontex agus na n‑údarás garda teorann náisiúnta a bheith dírithe go príomha, agus sin i gcomhréir i gcónaí lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacháin lena rialaítear iad.
8.Ba cheart do FRONTEX dul i mbun comhair leis an gCoimisiún (lena n‑áirítear OLAF) freisin, go háirithe chun comhairle a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí bainistithe teorainneacha a fhorbairt i dtríú tíortha agus, i gcás inarb ábhartha, leis na Ballstáit agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i ngníomhaíochtaí a bhaineann le réimse an chustaim, lena n‑áirítear bainistíocht an riosca agus comhrac na calaoise, i gcás ina gcomhlánaíonn na gníomhaíochtaí sin a chéile.
Gné 7: ‘Comhar le tríú tíortha sna réimsí arna gcumhdach leis an Rialachán seo, ag díriú go háirithe ar thríú tíortha comharsanachta agus ar na tríú tíortha sin a sainaithníodh trí anailís riosca mar thíortha tionscnaimh nó idirthurais i dtaca le hinimirce neamhdhlíthiúil
.’
Tosaíochtaí beartais
Ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht dul i gcomhar le tríú tíortha chun críoch an bhainistithe chomhtháite teorainneacha agus bheartas imirce an Aontais. An comhar praiticiúil i réimse an bhainistithe chomhtháite teorainneacha le tríú tíortha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CFSP) agus ní mór dó dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n‑áirítear cearta bunúsacha agus prionsabal an non‑refoulement, chun an inimirce neamhrialta a chosc agus a chomhrac, filleadh éifeachtach a fheabhsú, an choireacht trasteorann a chosc, agus taisteal dlisteanach a éascú.
An comhar le tríú tíortha maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha a chur chun cinn, fónann sé go háirithe chun a n‑acmhainneachtaí straitéiseacha, oibríochtúla agus comhair a fhorbairt i réimsí an rialaithe ag teorainneacha, na hanailíse riosca, agus an fhillte agus an athligin isteach, agus caidrimh fhoriomlána an Aontais leis na tíortha sin á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach luachanna agus caighdeáin na hEorpa a chur chun cinn i dtríú tíortha. Ba cheart tús áite a thabhairt do thíortha comharsanachta an Aontais, agus do thíortha tionscnaimh agus idirthurais na hinimirce neamhrialta. Cumas agus toilteanas na dtíortha sin an imirce neamhrialta a chosc, bainistiú teorainneacha éifeachtach a choinneáil ar bun agus rialú éifeachtach a dhéanamh ar shreabha imirce i dtreo an Aontais, tá siad sin fíor‑riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an imirce ar bhealach éifeachtach. Rannchuidíonn sé sin le forbairt comhpháirtíochtaí imirce frithpháirteacha cuimsitheacha le tíortha tionscnaimh agus idirthurais.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart an comhar le tríú tíortha i réimse an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip a bheith bunaithe ar shocruithe agus/nó comhaontuithe agus ní mór dó a bheith i gcomhréir go hiomlán le dlí an Aontais, lena n‑áirítear an dlí maidir le cosaint sonraí pearsanta, leis an urraim do chearta bunúsacha, agus leis an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear prionsabal an non‑refoulement. Leis na comhaontuithe sin (lena n‑áirítear comhaontuithe stádais agus socruithe oibre), ba cheart na húdaráis inniúla, na struchtúir chomhair agus raon feidhme an chomhair a shainaithint agus rialacha a leagan síos maidir le leithdháileadh freagrachtaí.
2.Spreagtar an comhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus tríú tíortha, cibé cás ina bhfuil comhar den sórt sin comhoiriúnach le sainordú agus feidhmiú Frontex agus le baint amach a chuspóirí, agus le caidrimh fhoriomlána an Aontais leis na tíortha sin.
3.Ba cheart malartú faisnéise, go háirithe maidir le EUROSUR, idir na Ballstáit agus tríú tíortha a sholáthar faoi chuimsiú comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit an Moladh ón gCoimisiún maidir leis na forálacha múnla le haghaidh malartú faisnéise faoi chuimsiú EUROSUR i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de Rialachán EBCG a leanúint
.
4.Chun an trédhearcacht a fheabhsú, ba cheart do Frontex forléargas ar leibhéal an Aontais a tharraingt suas i gcónaí maidir leis an gcomhar oibríochtúil atá ann cheana le tríú tíortha i réimse an bhainistithe teorainneacha agus an fhillte, i gcomhréir le straitéis comhair idirnáisiúnta na Gníomhaireachta. Ba cheart é sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear go háirithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó ghníomhaireachtaí Aontais.
5.Agus léiriú staide sonrach á bhunú le tríú páirtithe in EUROSUR, ba cheart do na Ballstáit agus do Frontex na caighdeáin theicniúla agus oibríochtúla maidir le malartú faisnéise arna bhforbairt ag Frontex a chomhlíonadh agus a chur chun cinn.
6.Tá gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanann Frontex i dtríú tíortha le pleanáil agus le cur chun feidhme i gcomhréir le comhaontuithe stádais arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír ábhartha agus/nó i gcomhréir le socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích ag Frontex agus ag údaráis inniúla na dtríú tíortha. Ba cheart go mbeadh na comhaontuithe stádais agus na socruithe oibre araon bunaithe ar na samhlacha faoi seach arna nglacadh ag an gCoimisiún
.
7.Ní mór dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear noirm agus caighdeáin ar cuid de dhlí an Aontais iad, a chomhlíonadh agus comhar á dhéanamh le tríú tíortha agus nuair a dhéantar comhar le tríú tíortha lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh. Ní mór ceanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta á malartú le tríú tíortha.
8.Ba cheart an comhar iltaobhach agus réigiúnach le tríú tíortha a neartú. Ba cheart lárionaid náisiúnta chomhordúcháin na mBallstát a úsáid mar phointí teagmhála chun faisnéis a mhalartú le tíortha comharsanachta agus le tíortha ábhartha eile.
9.I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta athnuaite an Aontais Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach, ba cheart an comhar le tríú tíortha príomha a neartú chun smuigleáil imirceach a chosc agus a bhrath, lena n‑áirítear trína bheith ag seoladh Comhpháirtíochtaí Oibríochtúla in aghaidh Smuigleála. Tacaíonn gníomhaireachtaí Aontais leis an gcomhar sin, go háirithe Frontex, Europol, Eurojust agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), i gcomhréir lena sainorduithe, chomh maith le comhar oibríochtúil a dtacaíonn cúnamh airgeadais an Aontais leis.
10.I gcás ina bhfuil acmhainneacht inaitheanta ag líonraí oifigeach idirchaidrimh (OInna) chun rannchuidiú le feidhmeanna éagsúla a bhaineann le IBM ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart iad a chomhordú go héifeachtach agus tacaíocht mhaith a thabhairt dóibh chun a gcumais oibríochtúla agus a n‑éifeachtacht oibríochtúil a uasmhéadú. Ba cheart go mbeadh na bealaí agus foirmeacha comhair agus tuairiscithe soiléir ar gach leibhéal. Ba cheart go mbeadh acmhainn bhuan sholúbtha ann chun foirne saineolaithe, nó oifigigh idirchaidrimh a bhfuil na scileanna ábhartha acu, a imscaradh chuig áiteanna éagsúla i gcás ina mbeidh riachtanais oibríochtúla ann. Ba cheart go mbeadh léiriú staide iomlán ag Frontex de chineálacha éagsúla na n‑oifigeach idirchaidrimh Eorpach (OInna Frontex, OInna Imirce na hEorpa, OInna na hEorpa um Fhilleadh, OInna gníomhaireachtaí eile) agus OInna inimirce náisiúnta, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit agus ag comhlachtaí Eorpacha ábhartha eile. Ba cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis a bhaileofar leis an anailís riosca agus leis an bhfeasacht staide ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear an léiriú ar an bhfaisnéis réamhtheorann. Ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh Frontex gach faisnéis ábhartha a mhalartú le Toscaireacht an Aontais ina dtír imlonnaithe, faoi chuimsiú chomhordú foriomlán bheartas an Aontais sa tír sin. Ba cheart úsáid iomlán a bhaint as an líonra Oifigeach Idirchaidrimh Inimirce (ILO) chun comhar agus comhordú i measc oifigigh idirchaidrimh inimirce i dtríú tíortha a fheabhsú.
11.Ba cheart don Aontas fothú acmhainneachta a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha, cuairteanna oibre ar thríú tíortha, comhairle theicniúil, oiliúint nó tacaíocht le trealamh teicniúil a chomhordú agus faireachán a dhéanamh orthu sin. Ba cheart do Frontex leanúint de thionscadail fothaithe acmhainneachta agus cláir a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha arna gcistiú ag an Aontas a chur chun feidhme i dtíortha is iarrthóirí Aontais iad agus i dtríú tíortha tosaíochta eile, agus leanúint den Choimisiún a chur ar an eolas fúthu, go háirithe i gcás ina bhfónann na cláir sin chun acmhainneachtaí na dtríú tíortha a fhorbairt i réimsí an rialaithe ag teorainneacha, na hanailíse riosca, agus an fhillte agus an athligin isteach. Ba cheart do Frontex comhoibriú go dlúth freisin le comhpháirtithe cur chun feidhme eile de chuid an Choimisiúin chun comhairle a thabhairt agus gníomhaíochtaí bainistithe teorainneacha á gcur chun feidhme sa chomharsanacht agus i dtríú tíortha tosaíochta eile; agus moltar do chomhpháirtithe cur chun feidhme an Choimisiúin comhairliúchán a lorg leis an nGníomhaireacht maidir leis na hábhair sin ar fud an tionscadail ina iomláine. Ba cheart tionscadail atá faoi stiúir na mBallstát a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le Frontex; ba cheart lánacmhainneacht shaineolas na Gníomhaireachta a úsáid i ngach céim de na tionscadail. Ba cheart don Ghníomhaireacht forbhreathnú cuimsitheach a fhorbairt freisin ar thionscadail fothaithe acmhainneachta agus ar chuairteanna oibre a bhaineann le IBM atá ar siúl agus atá beartaithe i dtríú tíortha.
12.Ba cheart comhar agus comhlántacht idir misin shibhialtacha de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta a bhfuil gné bainistithe teorainneacha acu agus Frontex a fhorbairt a thuilleadh chun feasacht staide a áirithiú agus chun tacú le hanailís riosca agus le cur chun cinn caighdeán bainistithe chomhtháite teorainneacha, agus bearta á ndéanamh chun gníomhaíochtaí forluiteacha a sheachaint. Ba cheart a áirithiú leis sin freisin malartú tráthrialta faisnéise agus comhordú a bhaineann leis an gcistiú arna soláthar ag na gníomhaithe uile atá páirteach ann, amhail an Coimisiún, Frontex, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ag gníomhaithe sibhialtacha an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta ar an talamh.
Gné 8:: ‘Bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bhaineann le rialú ag teorainneacha agus atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar inimirce neamhdhlíthiúil agus aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr leis an gcoireacht trasteorann
.’
Tosaíochtaí beartais
Ba cheart an leanúnachas agus idir-inoibritheacht oibríochtúil idir an rialú ag teorainneacha seachtracha agus bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bheith deabhunaithe chun freagairt éifeachtach a ráthú ar ghluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe, ar an imirce neamhrialta agus ar an gcoireacht trasteorann a bhaineann le teorainneacha seachtracha.
Ba cheart acmhainneacht náisiúnta a chur i bhfeidhm (ullmhacht) chun dlús a chur le seiceálacha póilíneachta a bhaineann le himirce neamhrialta laistigh den chríoch, lena n‑áirítear i limistéir teorann intíre, le tacaíocht ó bhearta malartacha eile atá ar fáil do na Ballstáit, rud a chuireann srian ar an ngá atá le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach an athuair.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, ba cheart léiriú staide cuimsitheach agus anailís riosca a dhéanamh ar an teacht isteach neamhrialta agus ar ghluaiseachtaí tánaisteacha náisiúnach tríú tír laistigh den Aontas, mar bhonn do bhearta spriocdhírithe comhréireacha a bheidh le glacadh. Ba cheart do Frontex léiriú staide Eorpach a ullmhú le tacaíocht iomlán ó na Ballstáit agus i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart EUROSUR a úsáid mar phríomhardán don fheidhm sin, in éineacht le córais bailithe sonraí éifeachtacha agus aontaithe eile. Ba cheart comhar, amhail an comhar idir Frontex, Europol agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann chun tuarascálacha tráthrialta a ullmhú, agus comhordú feabhsaithe a fhorbairt a thuilleadh, lena n‑áirítear anailís riosca chomhpháirteach, cleachtais oibríochtúla agus malartú líofa faisnéise idir gardaí teorann agus údaráis eile a oibríonn ag an teorainn sheachtrach, i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus lánurraim á tabhairt don reachtaíocht maidir le cosaint sonraí. Áirítear orthu sin na LNCanna, na húdaráis atá ag obair laistigh de limistéar Schengen, agus lárionaid um chomhar póilíneachta agus custaim agus lárionaid ábhartha eile. Ba cheart córais faisnéise éagsúla uile‑Aontais a bheith in úsáid go héifeachtach ag na húdaráis fhreagracha uile dár deonaíodh rochtain ar na córais sin go dlíthiúil.
2.Ba cheart an comhar oibríochtúil idir oibríochtaí comhpháirteacha a chomhordaíonn Frontex agus na lárionaid ábhartha um chomhar póilíneachta agus custaim a fhorbairt agus a chomhdhlúthú a thuilleadh.
3.Ba cheart acmhainneacht leordhóthanach a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta chun seiceálacha póilíneachta a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach ar fud na críche ar fad a threisiú agus chun seiceálacha póilíneachta agus rialú imirce a dhéanamh ar na príomhbhóithre iompair, lena n‑áirítear limistéir teorann bunaithe ar anailís riosca.
Gné 9: ‘Náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n‑eisiúint ag Ballstát a fhilleadh
.’
Tosaíochtaí beartais
Cur chun feidhme éifeachtach na bhfilltí i gcás náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh, ba cheart go n‑áiritheofaí leis go bhfágfaidh gach duine nach bhfuil an ceart aige fanacht san Aontas an tAontas Eorpach. Ba cheart a áirithiú freisin le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip gurb iad saineolaithe a bhfuil oiliúint chuí orthu a dhéanfaidh an nós imeachta um fhilleadh ar bhealach daonnachtúil díniteach inbhuanaithe, a chomhlíonfaidh go hiomlán cearta bunúsacha fillithe agus go háirithe prionsabal an non‑refoulement, i gcomhréir leis an gCeart um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha, leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais.
Ba cheart acmhainneacht riaracháin, theicniúil agus oibríochtúil a bheith ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun próisis um fhilleadh a chur chun feidhme, lena n‑áirítear fillteacha éigeantais agus deonacha, go héifeachtach agus ar bhealach aontaithe a rannchuidíonn le córas coiteann AE um fhilleadh mar a leagtar amach sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann. Tá struchtúir níos láidre laistigh den Aontas le comhcheangal le comhar níos éifeachtaí le tríú tíortha. Áirítear leis sin freisin an treoir a leanúint agus na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme mar a leagtar amach i Straitéis an Aontais Eorpaigh um fhilleadh deonach agus ath‑lánpháirtiú ó mhí Aibreáin 2021 iad, lena gcuirtear filleadh deonach agus ath‑lánpháirtiú chun cinn mar dhlúthchuid den chóras um fhilleadh.
Ba cheart do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as an tacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus phraiticiúil is féidir le Frontex a sholáthar i réimse an fhillte, go háirithe úsáid a bhaint as Iarratas Frontex ar Fhilleadh (FAR) le haghaidh eitiltí sceidealaithe agus cairteitiltí, uirlis dhigiteach an chórais bainistithe cásanna fillte (RECAMAS), Seirbhísí Ath‑Lánpháirtithe Comhpháirteacha Frontex (JRS) agus tacaíocht Frontex maidir le comhairleoireacht um fhilleadh agus ath‑lánpháirtiú.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart acmhainneacht agus ról Frontex, mar an ghéag oibríochtúil a thacaíonn leis na Ballstáit i ngach céim den phróiseas fillte, a neartú a thuilleadh sa chleachtas agus ba cheart do na Ballstáit an úsáid a bhaineann siad as seirbhísí Frontex a mhéadú.
2.Cumas na mBallstát náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh go haontaobhach nó go comhpháirteach, ba cheart é a mhéadú trí chóras náisiúnta comhtháite comhordaithe um fhilleadh a fhorbairt, córas a bheidh bunaithe ar shamhail an chórais bainistithe cásanna fillte arna forbairt ag an nGníomhaireacht agus a bheidh comhoiriúnach don bheartas Eorpach um fhilleadh. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na dúshláin comhtháthaithe agus idir‑inoibritheachta atá fós ann mar gheall ar na teicneolaíochtaí éagsúla a úsáideann córais náisiúnta um fhilleadh agus ba cheart naisc le huirlisí digiteacha ar leibhéal an Aontais a chumasú.
3.Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bhFeidhmchlár Bainistíochta Comhtháite maidir le Filleadh (IRMA) chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le hoibríochtaí fillte agus maidir le hathligean isteach. Éascófar leis sin an phleanáil, malartú na faisnéise oibríochtúla ábhartha, an t‑eagrú agus an cur chun feidhme a dhéanann na Ballstáit maidir le gníomhaíochtaí fillte, athligin isteach agus ath-lánpháirtithe. Cuirfidh sé ar a chumas do Frontex ról níos réamhghníomhaí a ghlacadh agus é ag tacú le pleanáil agus eagrú oibríochtaí fillte, lena n‑áirítear cúnamh roimh fhilleadh agus an t‑ath‑lánpháirtiú.
4.Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bhFeidhmchlár Bainistíochta Comhtháite maidir le Filleadh (IRMA) atá ag Frontex sa chaoi go mbeidh sé idir‑inoibritheach leis na córais TF um fhilleadh atá ag na Ballstáit agus le huirlisí TF ábhartha eile le haghaidh filleadh, athligean isteach agus ath‑imeascadh a chur chun feidhme.
5.Ba cheart do na páirtithe leasmhara uile (an Coimisiún, Frontex, na Ballstáit) obair a dhéanamh chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí a bhaineann le filleadh, ath‑imeascadh agus athligean isteach agus chun anailísíocht, anailís agus táirgí feasachta staide maidir le feidhmiú an fhillte a fhorbairt, cinn atá oiriúnach dá gcuspóirí, chun gur féidir filleadh agus athligean isteach a phleanáil go réamhghníomhach.
6.Ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i struchtúir chomhairleoireachta um fhilleadh agus ath‑lánpháirtiú, agus iad ag áirithiú go mbíonn an chomhairleoireacht ar fáil ar gach céim den phróiseas um fhilleadh agus go bhfuil an oiliúint iomchuí ar na comhairleoirí. Ba cheart comhairleoireacht, i gcomhréir le creat an Aontais um chomhairleoireacht maidir le filleadh, a chur ar fáil le linn nósanna imeachta um fhilleadh deonach agus éigeantach (lena n‑áirítear duine faoi choinneáil) chun an filleadh a spreagadh agus a eagrú. Tá plean oibre forbartha ag Frontex chun tacú leis na Ballstáit i réimse na comhairleoireachta maidir le filleadh agus ath‑lánpháirtiú, atá le cur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.
7.Maidir le filleadh deonach agus ath‑lánpháirtiú a chur chun cinn, agus úsáid níos mó a bhaint as, is cuid lárnach de chóras coiteann an Aontais um fhilleadh é sin, i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le filleadh deonach agus ath‑lánpháirtiú. Leis an tacaíocht le haghaidh ath‑lánpháirtiú, spreagfar comhar na bhfillithe agus cuirfear chun cinn comhar le tríú tíortha, lena gcothófar an úinéireacht atá acu i ndáil le filleadh, athligean isteach agus ath‑lánpháirtiú a náisiúnach.
8.Tá na Seirbhísí Ath‑Lánpháirtithe Comhpháirteacha (JRS) forbartha ag Frontex, lena soláthraítear seirbhísí um fhilleadh agus ath‑lánpháirtiú do na Ballstáit. Ba cheart líon na dtíortha a chumhdaítear leis na Seirbhísí Ath‑Lánpháirtithe a leathnú chun riachtanais na mBallstát a chomhlíonadh agus ba cheart do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as na seirbhísí agus iad a chur ar fáil d’fhillithe deonacha agus éigeantacha araon. Ba cheart sineirgí agus leanúnachas a lorg idir na seirbhísí um ath‑lánpháirtiú a sholáthraíonn Seirbhísí Ath‑Lánpháirtithe Comhpháirteacha Frontex agus struchtúir agus sásraí náisiúnta tríú tíortha ábhartha, i gcás ina mbíonn siad ar fáil.
9.Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go hiomlán go bhfuil acmhainneacht acu chun rannchuidiú le hoibríochtaí fillte Eorpacha a chomhordaíonn nó a eagraíonn Frontex, lena n‑áirítear i réimse an fhaireacháin ar fhilleadh. Ba cheart do na Ballstáit agus Frontex a gcuid acmhainneachta, maidir le faireachán ar na hoibríochtaí uile um fhilleadh, a fhorbairt a thuilleadh.
10.Ní mór do na Ballstáit acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú chun sonraí a bhailiú maidir leis an riosca éalaithe agus chun anailís riosca a fhorbairt chun coinneáil agus roghanna malartacha ar choinneáil a chur i bhfeidhm chun gluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú chomh maith le hacmhainneacht theicniúil a fhorbairt le haghaidh coinneála agus roghanna malartacha ar choinneáil. Ba cheart coinníollacha coinneála a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais. D’fhonn an próiseas um fhilleadh a éascú agus a bhrostú, moltar do na Ballstáit a áirithiú go n‑aithneofar cinntí um fhilleadh a chéile.
11.Anuas ar an doiciméad beartais i dtreo straitéis oibríochtúil i gcomhair fillteacha níos éifeachtacha arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 24 Eanáir 2023, ba cheart do na páirtithe leasmhara ábhartha uile lán úsáid a bhaint as an gComhordaitheoir um Fhilleadh agus an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh chun comhar praiticiúil idir na Ballstáit, an Coimisiún agus Frontex a chothú agus a chur chun cinn.
12.I gCóras Faisnéise Schengen athnuaite beidh foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh, ar uirlis thábhachtach nua í a bheidh ar fáil do na Ballstáit gur féidir leo faireachán a dhéanamh ar chinntí um fhilleadh agus iad a fhorfheidhmiú, rud a réiteoidh an bealach le haghaidh comhar níos mó, lena n‑áirítear maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh, agus gluaiseacht thánaisteach neamhrialta in Schengen a dhíspreagadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear an beart sin chun feidhme go hiomchuí i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún.
Gné 10:: “‘Teicneolaíocht úrscothach a úsáid, lena n‑áirítear córais faisnéise ar mhórscála’.”
.
Tosaíochtaí beartais
Ba cheart tacaíocht a bheith ag bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip, agus go háirithe ag seiceálacha teorann agus faireachas teorann, ó chórais theicniúla agus réitigh theicniúla Eorpacha, córais a bheidh sofaisticiúil soghluaiste idir‑inoibrithe agus a bheidh comhoiriúnach do chórais mhórscála TF de chuid an Aontais. Is é is aidhm don mhéid sin rialú teorann níos éifeachtúla agus níos iontaofa a chinntiú. Ba cheart go mbeadh sé d’acmhainn ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíochtaí úrscothacha, lena n‑áirítear sásraí chun sonraí a dhaingniú.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart cáilíocht na faisnéise a úsáidtear i gcomhair seiceálacha teorann sna córais atá ann cheana a fheabhsú trí bhearta praiticiúla a ghlacadh chun cruinneas na sonraí a áirithiú, lena n‑áirítear meastóireacht thréimhsiúil a dhéanamh orthu agus teicneolaíocht úrscothach a chur chun feidhme.
2.Mar a deirtear i dtreoirlíne straitéiseach 5 den ghné maidir le comhar ar leibhéal an Aontais, ba cheart idir‑inoibritheacht na gcóras mórscála TF atá ann cheana agus na gcóras mórscála TF nua (EES, VIS, ETIAS, Córas Faisnéise Schengen athnuaite) a áirithiú, agus go háirithe cur chun feidhme iomlán agus cuimsitheach na gcóras sin a athnuadh le déanaí.
3.Is é príomhchuspóir eu-LISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, na comhpháirteanna lárnacha de chórais faisnéise mhórscála a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a oibriú.
4.Ba cheart acmhainneacht na réiteach teicniúil cliste nua (e.g. geataí seiceálacha teorann uathoibrithe) agus leas a bhaint as idir‑inoibritheacht na gcóras faisnéise éagsúla (e.g. FADO agus Córais Doiciméid Leabharlann Leictreonach Interpol Frontex) a bhaineann leis na teorainneacha agus leis an tslándáil chun feabhas a chur ar shlándáil na saoránach, chun seiceálacha teorann agus trasnuithe teorainneacha seachtracha a éascú, agus chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht trasteorann a chomhrac, ar bhealach a n‑áirithíonn urramú iomlán chearta na saoránach agus na náisiúnach tríú tír araon.
5.Ba cheart lánacmhainneacht na teicneolaíochta nua‑aimseartha a úsáid chun cumas faireachais agus freagartha na hEorpa a mhéadú ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart an úsáid a bhaintear as acmhainní faireachais Eorpacha (e.g. seirbhísí satailíte) a fhorbairt a thuilleadh chun léiriú staide cuimsitheach a chruthú.
6.Ba cheart acmhainneacht faireachais na gcóras faireachais teicniúil (do-aistrithe agus soghluaiste) a úsáidtear ag na teorainneacha muirí agus talún a fhorbairt a thuilleadh. Ba cheart go gcumhdódh sin réitigh theicniúla agus próisis oibre a úsáidtear i lárionaid oibríochtúla éagsúla (LNS, Lárionaid Chomhordúcháin Tarrthála agus Lárionaid Chomhordúcháin Áitiúla) agus in aonaid mhóibíleacha.
7.Maidir leis an rannchuidiú a dhéanann an Garda Teorann agus Cósta Eorpach le neamhspleáchas Eorpach sa teicneolaíocht chriticiúil
, tá an Garda Teorann agus Cósta Eorpach le háirithiú go gcuirfear san áireamh ina phleanáil forbartha cumais an cuspóir maidir le spleáchas ar theicneolaíochtaí criticiúla ó thríú tíortha a laghdú, lena n‑áirítear leas a bhaint as torthaí taighde agus nuálaíocht na hEorpa maidir le bainistiú teorainneacha.
8.Maidir le próiseáil sonraí pearsanta trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua, ní mór don phróiseáil sin ceanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear i ndáil le húsáid na teicneolaíochta úrscothaí, chun sonraí pearsanta a shlánú. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar le eu‑LISA, plean gníomhaíochta agus réitigh theicniúla a fhorbairt chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit méideanna móra sonraí a láimhseáil agus a phróiseáil le cabhair ó theicneolaíochtaí nua úrscothacha.
Gné 11: ‘Sásra rialaithe cáilíochta, go háirithe sásra meastóireachta Schengen, an measúnú leochaileachta agus aon sásra náisiúnta atá ann, chun cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha a áirithiú’
.
Tosaíochtaí beartais
Ba cheart córas cuimsitheach Eorpach um rialú cáilíochta a bheith i bhfeidhm chun síorfheasacht a áirithiú maidir le cur chun feidhme agus cáilíocht bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil. Ba cheart torthaí an rialaithe cáilíochta a úsáid mar bhonn agus córais agus feidhmeanna Eorpacha agus náisiúnta á bhforbairt a thuilleadh.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart sásra rialaithe cáilíochta Eorpach, a chomhdhéanfar, go háirithe, de shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, na measúnuithe leochaileachta arna ndéanamh ag Frontex, agus sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta a chur i ngníomh go hiomlán. Sa chreat sin, ba cheart do Frontex forbairt a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí teicniúla chun measúnuithe agus seiceálacha a dhéanamh maidir le comhlíonadh ar dhoiciméid taistil arna n‑eisiúint ag na Ballstáit, chun a áirithiú go gcomhlíonann na gnéithe slándála na caighdeáin a bhunaítear ar leibhéal an Aontais.
2.Bunaithe ar mhalartú rialta faisnéise, ba cheart an leas is mó is féidir a bhaint as sineirgí idir an measúnú leochaileachta agus sásra meastóireachta Schengen d’fhonn léargas níos fearr a fháil ar fheidhmiú limistéar Schengen. Ba cheart go seachnófaí leis sin, a mhéid is féidir, dúbláil iarrachtaí ag na Ballstáit, agus go n‑áiritheofaí úsáid níos comhordaithe na n‑ionstraimí airgeadais AE ábhartha a thacaíonn le bainistiú na dteorainneacha seachtracha.
3.Ba cheart torthaí an tsásra rialaithe cáilíochta a úsáid nuair a bheidh an córas náisiúnta um bainistiú teorainneacha á fhorbairt agus nuair a bheidh tosaíochtaí á sannadh ar úsáid ionstraimí cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais (e.g. an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL), na cláir náisiúnta faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) an Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, nó saoráidí téamacha IBTV uaireanta), go háirithe agus measúnú á dhéanamh ar aon togra cistiúcháin a sholáthraíonn an Coimisiún.
4.Ba cheart do na Ballstáit sásra náisiúnta um rialú cáilíochta (‘meastóireacht Schengen’ náisiúnta) a bhunú, lena gcumhdófaí gach cuid agus gach feidhm den chóras náisiúnta bainistiú comhtháite teorainneacha agus lena n‑áireofaí na húdaráis uile a bhfuil baint acu le bainistiú comhtháite na dteorainneacha.
5.Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena n‑oibleagáidí faoi rialacháin meastóireachta Schengen agus Rialachán EBCG, páirt ghníomhach a ghlacadh i gcuairteanna meastóireachta Schengen a chomhordaíonn an Coimisiún agus sonraí ar ardcháilíocht a sholáthar go tráthúil do na measúnuithe leochaileachta a dhéanann Frontex.
6.I gcomhréir le rialachán meastóireachta Schengen, ba cheart a chuimsiú faoi mheastóireachtaí Schengen aschur oibríochtúil an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh ar fad, lena gcumhdófaí freisin meastóireacht ghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta laistigh de na Ballstáit.
Gné 12.: ‘Sásraí dlúthpháirtíochta, go háirithe ionstraimí cistiúcháin an Aontais’
.
Tosaíochtaí beartais
Bainfear amach cur chun feidhme straitéis EIBM le tacaíocht ó chistiú tiomnaithe ón Aontas, go háirithe ón Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Beartas Víosaí (IBTV) agus CTIL. Tacóidh cistí an Aontais le gníomhaíochtaí um bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le forálacha dlí an chiste áirithe de chuid an Aontais. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit a dtosaíochtaí cistiúcháin a shocrú chun a áirithiú go gcumhdaítear na heilimintí uile a bhaineann le bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a thagann ó dhlínse an Aontais agus a shainítear le dlí an Aontais d’fhonn an breisluach AE is mó is féidir a bhaint amach. Na gnéithe de bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip atá rialaithe leis an dlí náisiúnta, ba cheart go gcumhdófaí iad le hacmhainní náisiúnta, más féidir.
Faigheann gníomhaíochtaí Frontex tacaíocht ó bhuiséad tiomnaithe na Gníomhaireachta as buiséad foriomlán an Aontais. Féadfaidh an Ghníomhaireacht tairbhiú de chistiú ón Aontas freisin, cistiú le haghaidh tionscadail cúnaimh theicniúil i dtríú tíortha, i gcomhréir lena shainordú agus le forálacha na n‑ionstraimí cistiúcháin ábhartha (Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Domhanda, NDICI‑GE, agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, IPA III) a thacaíonn le cur chun feidhme bheartas seachtrach imirce an Aontais.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart an úsáid a bhaintear as ionstraimí cistiúcháin de chuid an Aontais (e.g. cláir náisiúnta faoi IBTV) a ailíniú le straitéisí IBM náisiúnta, le pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus pleanáil náisiúnta cumais. Ba cheart tosaíochtaí náisiúnta soiléire mionsonraithe a bheith ann (e.g. EUROSUR, forbairt cumais), bunaithe ar thosaíochtaí an Aontais, ag uasmhéadú chomhlántacht agus bhreisluach chistí an Aontais.
2.Ba cheart torthaí shásra meastóireachta Schengen agus an mheasúnaithe leochaileachta a chur san áireamh chun tosaíochtaí a shannadh ar úsáid chistí an Aontais ar an leibhéal náisiúnta.
3.Le dlúthchomhar idir an Coimisiún agus Frontex, ba cheart sineirgí a áirithiú idir gníomhaíochtaí Frontex agus gníomhaíochtaí a mhaoinítear le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais agus an maoiniú dúbailte a sheachaint.
4.Le cistiú tiomnaithe ón Aontas faoin gCiste Slándála Inmheánaí (Teorainneacha) agus gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le IBTV, ba cheart go dtacófaí leis na Ballstáit an trealamh is gá a fháil d’fhonn é a chur ar fáil do Frontex i gcomhréir le hAirteagal 64(14) de Rialachán EBCG. Leis sin, comhdhlúthófar cumas na Gníomhaireachta tacú leis na Ballstáit sin a bhfuil cúnamh de dhíth orthu.
Gné 13.: ‘Cearta bunúsacha
‘.
Tosaíochtaí beartais
Tá urramú, cosaint agus cur chun cinn na gceart bunúsach ag croílár bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip. Ní mór don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a ráthú go gcosnófar na cearta bunúsacha agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige mar oibleagáid dhlíthiúil uileghabhálach, i gcomhréir lena shainordú, agus bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip á chur chun feidhme aige.
Ba cheart gníomhaíochtaí ghníomhaithe an Aontais agus gníomhaithe náisiúnta laistigh den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a dhéanamh i gcomhréir iomlán le dlí ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an dlí ábhartha idirnáisiúnta. Áirítear leis an méid sin Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951 agus Prótacal 1967 a ghabhann leis agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh. Na hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar an gcosaint idirnáisiúnta, agus go háirithe le prionsabal an non‑refoulement, ní mór lán‑urraim a thabhairt dóibh siúd freisin.
Ina thogra le haghaidh rialachán maidir le scagadh a náisiúnach tríú tír
, mhol an Coimisiún go mbunódh gach Ballstát sásra faireacháin neamhspleách chun a áirithiú go gcloítear le cearta bunúsacha i ndáil le is an scagadh ag na teorainneacha seachtracha agus go ndéanfaí imscrúdú ceart ar aon líomhaintí maidir le sárú ar chearta bunúsacha. Bheadh an sásra faireacháin sin mar chuid de rialachas agus d’fhaireachán staid na himirce dá bhforáiltear sa togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán nua maidir le tearmann agus bainistiú imirce
.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart cloí go docht leis an Straitéis um Chearta Bunúsacha agus leis an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann léi, arna nglacadh ag Bord Bainistíochta Frontex, i ngníomhaíochtaí uile an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ar an leibhéal náisiúnta, féadfar é sin a bhaint amach le forbairt straitéise saincheaptha náisiúnta agus plean gníomhaíochta um chearta bunúsacha, nó lena gcuimsiú cuimsitheach sa straitéis náisiúnta le haghaidh EIBM.
2.Ba cheart do Frontex agus do na Ballstáit cultúr EIBM a chothú arb é atá i gceist leis oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n‑áirítear prionsabal an non‑refoulement, trí lánurraim a thabhairt do chearta bunúsacha, agus trí na prionsabail a bhaineann le comhionannas agus neamh‑idirdhealú, meas frithpháirteach, trédhearcacht agus dea‑riarachán, agus comhar frithpháirteach a chosaint agus a chur chun cinn. Ós rud é gur gné chothrománach nó thrasnach de bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip é urramú na gceart bunúsach, ba cheart do Frontex agus d’údaráis ábhartha na mBallstát coimircí na gceart bunúsach a chomhtháthú ar fud a ngníomhaíochtaí uile, lena n‑áirítear i ngníomhaíochtaí oibríochtúla, anailís agus measúnuithe riosca, gníomhaíochtaí pleanála, gníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh, oiliúint agus forbairt, chomh maith le i gcomhar agus rannpháirtíocht le comhpháirtithe seachtracha. Thairis sin, ba cheart do Frontex agus do na Ballstáit gníomhú i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha le linn thimthriall iomlán oibríochtúil na ngníomhaíochtaí uile a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus filleadh.
3.Ba cheart aird faoi leith a thabhairt do chearta agus riachtanais daoine leochaileacha nó grúpaí agus daoine ar leochaileach a gcásanna, lena n‑áirítear leanaí agus mionaoisigh neamhthionlactha. Ba cheart béim a chur ar fhorbairt na hacmhainneachta i ndáil le sainaithint luath, tacaíocht, idirghabháil chultúrtha, ateangaireacht agus atreorú leordhóthanach chuig sásamh nó sásraí cosanta de réir mar is ábhartha. I ndáil le leanaí, ba cheart leas an linbh a bheith i dtús áite ag Frontex agus ag na Ballstát agus aon chinnteoireacht á déanamh a dhéanfadh difear do leanaí. Ba cheart do na Ballstáit sásra náisiúnta faireacháin ar chearta bunúsacha a fhorbairt agus a choinneáil ar bun go hoibríochtúil i ndáil le bainistiú na dteorainneacha agus leis an bhfilleadh. Ba cheart an sásra sin a bheith feistithe le hacmhainní agus acmhainneacht le bheith in ann comhairle a sholáthar maidir le comhlíonadh ceart bunúsach, imscrúduithe a dhéanamh maidir le sáruithe líomhnaithe, oiliúint maidir le cearta bunúsacha a sholáthar, maoirseacht a dhéanamh ar mheicníochtaí comhshásaimh atá ann cheana nó cur leo (amhail tuairisciú teagmhais nó sásraí gearáin) agus comhlíontacht oibríochtúil fhoriomlán na ngníomhaíochtaí i ndáil le Cairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, dlí an Aontais agus dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear cearta bunúsacha, a áirithiú. Ba cheart údaráis inniúla na mBallstát a spreagadh chun pointe fócasach le haghaidh cearta bunúsacha a cheapadh sna ranna uile chun éifeachtúlacht, comhordú agus comhchuibhiú na comhairle, na hoiliúna agus na formhaoirseachta i ndáil le cearta bunúsacha a áirithiú.
4.Tá lucht faireacháin ar chearta bunúsacha chun bheith rannpháirteach go gníomhach maidir le hurraim do chearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn mar eilimint lárnach de ghníomhaíochtaí uile EBCG, faoi gach gné de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Ba cheart an rochtain chéanna ar limistéir oibríochtúla atá ag na baill foirne imscartha uile a dheonú don lucht faireacháin. Ba cheart don lucht faireacháin a bheith ar fáil agus ina fhoinse réamhghníomhach comhairle, aiseolais agus tacaíochta in iarracht chomhpháirteach EBCG chun an urraim do dhlí an Aontais agus don dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear cearta bunúsacha, a dhearbhú.
5.Ba cheart na cearta bunúsacha a bheith ina gcuid ríthábhachtach den siollabas oiliúna ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh gach duine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an rialú ag teorainneacha nó filleadh. Ba cheart díriú go sonrach leis na bearta oiliúna sin ar dhaoine leochaileacha, lena n‑áirítear leanaí agus mionaoisigh neamhthionlactha, a chosaint.
6.Le linn na meastóireachtaí a dhéantar faoi Shásra athbhreithnithe Faireacháin agus Meastóireachta Schengen, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an urraim do chearta bunúsacha a fhíorú agus acquis Schengen á chur i bhfeidhm.
Gné 14: ‘‘Oideachas agus oiliúint
‘.
Tosaíochtaí beartais
Ba cheart a áirithiú go mbeidh fáil ar líon leordhóthanach ball foirne inniúil a bhfuil oiliúint shonrach orthu i ngach réimse de bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, trí dhlúthchomhar idir acadaimh oiliúna sna Ballstáit agus Frontex.
Ba cheart an t‑oideachas agus an oiliúint a bhunú ar chomhchaighdeáin chomhchuibhithe deacháilíochta oiliúna don bhuanchór, agus na riachtanais oibríochtúla, na cúraimí agus an inniúlacht dhlíthiúil á gcur san áireamh agus béim á leagan ar thuiscint shoiléir ar na luachanna atá cumhdaithe sna Conarthaí. Ba cheart dóibh na caighdeáin is airde agus dea‑chleachtais a chur chun cinn i gcur chun feidhme dhlíthe an Aontais maidir le teorainneacha agus filleadh, agus béim ar leith á leagan ar fhaisnéis ábhartha maidir le cosaint idirnáisiúnta, daoine leochaileacha, lena n‑áirítear leanaí agus mionaoisigh neamhthionlactha, a chosaint agus ar an urraim do na cearta bunúsacha, agus ba cheart di cultúr coiteann a chruthú bunaithe ar an urraim do na cearta bunúsacha.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart na lárchuraclaim choiteanna agus na huirlisí oiliúna is gá le haghaidh bainistiú teorann agus filleadh, lena n‑áirítear maidir le leanaí agus daoine eile ar leochaileach a gcás a chosaint, eolas na ngardaí teorann le linn seiceálacha teorann chun doiciméid bhréagacha agus doiciméid fhalsaithe, chomh maith le pasadóirí agus daoine ar cosúil an dealramh atá orthu, a fhorbairt a thuilleadh agus ba cheart iad a bhunú ar chreat tagartha foriomlán coiteann do cháilíochtaí arna bhforbairt don earnáil (creat earnálach cáilíochtaí don ghardáil teorann agus cósta). Ba cheart treochlár cumais an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, a fhormheasann an Bord Bainistíochta gach bliain, a chur san áireamh sna táirgí sin. Ina theannta sin, ba cheart dóibh cúrsaí breise oiliúna agus seimineáir a bhaineann le cúraimí comhtháite bainistithe teorann a chur ar fáil don bhuanchór agus d’oifigigh de chuid na n‑údarás inniúil náisiúnta araon.
2.Ba cheart do Frontex, lena n‑áirítear a Oifigeach um Chearta Bunúsacha, leanúint d’uirlis shonrach oiliúna don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a fhorbairt agus a shaibhriú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an gCoimisiún, le FRA, le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus le páirtithe leasmhara eile, agus torthaí ábhartha taighde agus dea‑chleachtais á gcur san áireamh.
3.Ba cheart bearta oiliúna speisialaithe a bhaineann le cúraimí agus le cumhachtaí bhaill an bhuanchóir, a fhorbairt a thuilleadh le haghaidh lucht faireacháin ar an bhfilleadh éigeantach agus ar chearta bunúsacha, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oibríochtúla. Ba cheart freachnaimh a dhéanamh go tráthrialta leis na gardaí teorann sin agus le baill eile de na foirne, i gcomhréir leis an sceideal oiliúna speisialaithe.
4.Ba cheart leibhéal comhionann d’oiliúint a bhaineann le gardáil na dteorainneacha agus leis an bhfilleadh a sholáthar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta do gach ball den bhuanchór a imscarfar le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla, beag beann ar a gcatagóir. Ionas go n‑áiritheofar gur gairmithe iad gardaí teorann agus cósta uile na hEorpa agus oiliúint chuí orthu de réir a speisialtóireachta.
5.Ba cheart do Frontex sásra rialaithe cáilíochta inmheánach a chur chun feidhme, i gcomhréir le caighdeáin agus treoirlínte Eorpacha maidir le hoideachas agus oiliúint, chun ardleibhéal oiliúna, saineolais agus gairmiúlachta a áirithiú don fhoireann reachtúil a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta. Ba cheart tuairisc a thabhairt sa tuarascáil mheastóireachta bhliantúil ar staid chur chun feidhme an tsásra sin agus ba cheart é a chur i gceangal leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí.
6.Ba cheart a spreagadh go bhfaighfí eolas nó saineolas sonrach ó thaithí agus ó dhea‑chleachtais ar an gcoigríoch le linn misean, agus oibríochtaí a bhaineann leis an bhfilleadh, i mBallstát eile. Ba cheart, go háirithe, an deis sin a chur ar fáil trí chlár malartaithe do ghardaí teorann a ghlacann páirt in idirghabhálacha fillte de chuid Frontex.
7.Ba cheart don Ghníomhaireacht coincheap oiliúna inbhuanaithe cuimsitheach a fhorbairt, ceann lena gcuimhneofaí ar an bhféidearthacht i ndáil le hionad oiliúna a bhunú laistigh de Frontex, ag tógáil ar chomhar agus sineirgí níos fearr le hinstitiúidí oiliúna náisiúnta na mBallstát agus á gcur san áireamh mar is cuí. Is é an aidhm forbairt, soláthar agus deimhniú oideachais agus oiliúna gardaí teorann agus cósta a chomhordú agus a chuíchóiriú, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha maidir le dearbhú cáilíochta, agus cuimsiú cultúir choitinn Eorpaigh san oiliúint a chuirtear ar fáil a éascú tuilleadh.
Gné 15: ‘Taighde agus nuálaíocht
’.
Tosaíochtaí beartais
Tá taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach chun tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha le réitigh, teicneolaíocht agus eolas úrscothach.
Le taighde agus nuálaíocht Eorpach a mhaoinítear ón mbraisle ‘an tSlándáil Shibhialta don tSochaí’ d’Fhís Eorpach, forbraíodh, agus forbraítear fós, acmhainneachtaí a thacaíonn leis an dá ghné théamacha déag de bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip, amhail an cumas seiceálacha sainaitheantais, sláinte agus slándála a dhéanamh ag teorainneacha, feidhmiú limistéar Schengen a chosaint fad a éascaítear taisteal taistealaithe bona fide, ag urramú ceart agus leochaileachtaí féideartha daoine. Le taighde agus nuálaíocht forbraítear freisin acmhainneachtaí chun faireachas ar theorainneacha agus feasacht staide a sholáthar; chun calaois chéannachta agus calaois doiciméad a chomhrac; chun tacú le réitigh úrscothacha don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, idir‑inoibritheacht agus feidhmíocht malartú sonraí agus anailís an Aontais; chun feabhas a chur ar bhrath riosca, freagairt ar theagmhais agus cosc coireachta; chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí sibhialta na hEorpa le haghaidh slándáil mhuirí, lena n‑áirítear cuardach agus tarrtháil. Chomh maith leis sin, tá ról lárnach aige i gcomhrac grúpaí coireachta eagraithe agus sceimhlitheoirí, a bhíonn nuálach go minic agus a nglacann le teicneolaíocht nua go luath.
Tá taighde agus nuálaíocht le haghaidh bainistiú teorainneacha ábhartha ó thaobh neamhspleáchas oscailte straitéiseach na hEorpa de freisin, lena n‑áirítear i réimsí teicneolaíochtaí criticiúla mar a thuairiscítear i bPlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Sinéirgí idir Tionscail na Slándála Sibhialta, na Cosanta agus an Aeraspáis, agus arna measúnú ag Faireachlann an Aontais Eorpaigh um Theicneolaíochtaí Criticiúla.
Ba cheart infheistíocht thráthúil dhea‑chomhordaithe sa taighde agus sa nuálaíocht i ndáil le bainistiú teorainneacha a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta. Go háirithe, baineann sé seo le Fís Eorpach; Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa; staidéir taighde agus tionscadail phíolótacha arna ndéanamh ag Frontex; agus cláir náisiúnta um thaighde agus nuálaíocht. Maidir le deiseanna sineirgí idir taighde agus nuálaíocht an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha agus ionstraimí náisiúnta agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a thacaíonn le soláthróirí agus úsáideoirí Eorpacha leas a bhaint as réitigh nuálacha le haghaidh bainistiú teorainneacha, ba cheart na deiseanna sin a thapú. An ní atá i gceist go príomha ansin is ea an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) ach áirítear ann freisin ionstraimí amhail an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla nó Eoraip Dhigiteach.
Treoirlínte straitéiseacha
1.Ba cheart d’oibríochtaí um bainistiú teorainneacha tairbhiú den taighde agus nuálaíocht, agus a bheith páirteach ann, chun a bheith níos idir‑inoibrithí, níos éifeachtaí ó thaobh costais de agus níos inbhuanaithe. Ba cheart d’údaráis teorann na mBallstát, Frontex agus eu‑LISA faireachán a dhéanamh ar thaighde agus nuálaíocht (a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta, leibhéal an Aontais agus leibhéal an tionscail chomh maith le taighde agus nuálaíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí eile) sna réimsí a chumhdaítear faoi IBM, forbairtí teicneolaíochta agus dúshláin a bhfuil coinne leo, agus leas a bhaint as réitigh nuálacha atá ar fáil.
2.Ba cheart an comhar idir Gníomhaireachtaí an Aontais agus aonaid taighde agus nuálaíochta údaráis teorann na mBallstát a fhorbairt a thuilleadh i réimsí tosaíochta, lena n‑áirítear le hobair Mhol Nuálaíochta an Aontais maidir leis an tSlándáil Inmheánach, ar líonra comhair de shaotharlanna nuálaíochta é a thacaíonn le obair na ngníomhairí slándála inmheánaí san Aontas agus ina Bhallstáit.
3.Nuair a phleanálfar taighde agus nuálaíocht maidir le bainistiú teorainneacha, cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit san áireamh gnéithe fadtéarmacha Threochlár Cumais an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh.
4.Ba cheart do Frontex cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún creatchláir ábhartha an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le IBM, i.e. ‘an tSlándáil Shibhialta don tSochaí’ d’Fhís Eorpach.
5.Ba cheart do Frontex cúnamh a thabhairt do na Ballstáit réitigh nuálacha a thagann ón taighde agus nuálaíocht a shainaithint, a mheasúnú, agus a n‑úsáid a chur chun cinn (bailíochtú, tástáil, aistriú, comhtháthú agus/nó imscaradh), lena n‑áirítear trí Bhallstáit a thabhairt isteach go líonraí maidir leis an nuálaíocht.
6.Cuirfidh an Coimisiún na torthaí maidir le taighde agus nuálaíocht an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha chun cinn, lena n‑áirítear i gcomhthéacs Phobal Eorpach an Taighde agus na Nuálaíochta le haghaidh na Slándála (CERIS) agus an Imeachta bhliantúil le haghaidh Taighde Slándála (SRE).
7.Ba cheart d’Fhaireachlann an Aontais Eorpaigh um Theicneolaíochtaí Criticiúla faireachán agus anailís ar theicneolaíochtaí criticiúla a sholáthar do bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip, a bhfeidhmeanna féideartha, slabhraí luacha, bonneagar tástála a theastaíonn, bearnaí agus spleáchais atá ann cheana, agus ionchuir le haghaidh treochláir teicneolaíochta a sholáthar.
8.Ní mór do réitigh nuálacha le haghaidh bainistiú teorainneacha, a chuirtear i bhfeidhm tar éis taighde agus nuálaíochta, ceanglais dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chomhlíonadh; cearta bunúsacha taistealaithe (saoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh tríú tír araon) a chur chun cinn agus a urramú, lena n‑áirítear cosaint sonraí pearsanta, eitic taighde, agus ní mór don tsochaí na réitigh a thuiscint agus glacadh leo.
9.Ba cheart deiseanna a thugann Intleacht Shaorga a thapú agus ba cheart réitigh agus dea‑chleachtais a mhalartú. D’fhéadfaí a mheas gur réitigh íogaire agus casta iad réitigh a úsáideann Intleacht Shaorga, nó go bhféadfaí riosca a bheith ag baint leo. Ba cheart eitic agus iontaofacht uirlisí Intleachta Saorga a bheith i dtús áite taighde agus nuálaíocht, a chistíonn an Aontais, maidir le bainistiú teorainneacha, agus ba cheart do réitigh le haghaidh bainistiú teorainneacha a úsáideann Intleacht Shaorga na coimircí uile is gá i bhfeidhm, lena n‑áirítear iad siúd a shainordaítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga a mholtar, nuair a chomhaontóidh na comhreachtóirí.
IARSCRÍBHINN II
Cur chun feidhme an timthrialla beartais ilbhliantúil maidir le EIBM
Ní mór beartas straitéiseach EIBM a chur chun feidhme tríd an straitéis theicniúil agus oibríochtúil le haghaidh EIBM a ghlac Bord Bainistíochta Frontex chomh maith leis na straitéisí náisiúnta atá le suí ag na Ballstáit
. Léirítear i bhFíor 1 na céimeanna éagsúla i dtimthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil le haghaidh EIBM.
Fíor 1: Timthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil le haghaidh EIBM
a) Straitéis theicniúil agus oibríochtúil Frontex maidir le EIBM
I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán EBCG, cuirtear de chúram ar Frontex straitéis theicniúil agus oibríochtúil a bhunú le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip, le cinneadh óna Bhord Bainistíochta agus ar bhonn togra ó stiúrthóir feidhmiúcháin Frontex. Caithfear an straitéis sin a ullmhú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus ní mó dó a bheith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán EBCG. Cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh, má tá údar maith leis, staid shonrach na mBallstát, go háirithe an suíomh geografach ina bhfuil siad. Ní mór don straitéis theicniúil agus oibríochtúil cur leis an Teachtaireacht seo ní hamháin, ach ní mór dó ceanglais ábhartha reachtaíocht Schengen atá i bhfeidhm cheana a chur san áireamh freisin.
|
Ceanglais maidir leis an straitéis theicniúil agus oibríochtúil le haghaidh BEIM
|
|
·Bord Bainistíochta Frontex agus a mheitheal thiomnaithe um BEIM chun forbairt na straitéise agus an phróisis cur chun feidhme a threorú agus maoirseacht a dhéanamh uirthi;
·I gcomhréir le Conclúidí ón gComhairle in 2020, ba cheart don straitéis theicniúil agus oibríochtúil le haghaidh EIBM tógáil ar na torthaí agus moltaí a eisítear i meastóireacht théamach Schengen 2019-2020 ar na straitéisí náisiúnta le haghaidh EIBM;
·Ba cheart don straitéis a bheith bunaithe ar na 15 ghné in Airteagal 3 de Rialachán EBCG;
·Ba cheart don straitéis a bheith i gcomhréir leis an stiúir pholaitiúil ó institiúidí an Aontais;
·Straitéis aontaithe le haghaidh EBCG, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le Frontex agus le húdaráis náisiúnta bainistithe teorann na mBallstát araon;
·Gníomhaíochtaí a chumhdach ní hamháin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ach ar an leibhéal náisiúnta freisin, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí atá dírithe ar chleachtais a chomhchuibhiú, ar mhodhanna teicniúla a chaighdeánú agus ar an idir-inoibritheacht oibríochtúil;
·Ba cheart don straitéis 5 bliana a chumhdach, agus timthriall clársceidealaithe an chreata airgeadais ilbhliantúil a chur san áireamh más féidir;
·Ba cheart plean gníomhaíochta a bheith ag gabháil léi ina leagfar amach na príomhbhearta, an t‑amchlár, na garspriocanna, na hacmhainní is gá agus na socruithe faireacháin.
|
b) straitéisí náisiúnta le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip
Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach go príomha as bainistíocht a dteorainneacha seachtracha chun a leasa féin agus chun leasa na mBallstát uile. Dá dheasca sin, ní mór straitéisí a ghlactar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a aistriú go dtí an leibhéal náisiúnta chun bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme go héifeachtach. Dá bhrí sin, ceanglaítear le hAirteagal 8(6) de Rialachán ECGB go mbunóidh na Ballstáit straitéisí náisiúnta dá gcuid féin le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip.
|
Ceanglais maidir le straitéisí náisiúnta le haghaidh EIBM
|
|
·Ba cheart straitéis náisiúnta amháin a bheith ann le haghaidh gach Ballstáit;
·Ba cheart a bhunú léi struchtúr rialachais láraithe náisiúnta le haghaidh EIBM, lena ndéanfar comhordú idir na húdaráis ábhartha uile a bhfuil baint acu le bainistiú na dteorainneacha agus leis an bhfilleadh, agus chuireann san áireamh impleachtaí beartas eile de chuid an Aontais a chuireann na húdaráis inniúla náisiúnta chun feidhme ag teorainneacha seachtracha na mBallstát laistigh dá n‑inniúlachtaí faoi seach, amhail póilíní, údaráis chustaim agus údaráis rialaithe sláintíochta;
·Ní mór an straitéis náisiúnta a fhorbairt i gcomhréir leis an straitéis pholaitiúil arna cinneadh ag institiúidí an Aontais, le straitéis theicniúil agus oibríochtúil na Gníomhaireachta agus le ceanglais acquis Schengen;
·Tógfaidh sí ar na torthaí agus moltaí a eisítear i meastóireacht théamach Schengen 2019-2020 ar na straitéisí náisiúnta;
·Ba cheart don straitéis a bheith bunaithe ar na 15 ghné in Airteagal 3 de Rialachán EBCG, ach féadfar a chumhdach léi réimsí d’inniúlacht náisiúnta, má mheastar go bhfuil sé sin iomchuí;
·Ba cheart a leagan amach leis an straitéis náisiúnta struchtúir comhordúcháin náisiúnta maidir le bainistiú na dteorainneacha chomh maith leis an rannpháirtíocht an Bhallstáit i sásraí ábhartha an Aontais a ndéanann Frontex agus gníomhaithe ábhartha eile de chuid an Aontais comhordú orthu;
·An leithdháileadh reatha agus beartaithe d’acmhainní daonna agus airgeadais a leagan amach go soiléir, mar aon leis na príomhchéimeanna chun an bonneagar is gá a fhorbairt;
·Ba cheart a bhunú léi sásra athbhreithnithe agus faireacháin;
·Ba cheart raon feidhme ilbhliantúil a bheith ag an straitéis náisiúnta, agus timthriall clársceidealaithe an chreata airgeadais ilbhliantúil á chur san áireamh más féidir;
·Ba cheart plean gníomhaíochta a bheith ag gabháil léi ina dtugtar breac‑chuntas ar na príomhbhearta, an t‑amchlár, na garspriocanna, na hacmhainní is gá agus na socruithe faireacháin.
|
c) Meastóireacht ar thimthriall BEIM
Ceithre bliana tar éis ghlacadh na Teachtaireachta seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnúil ar chur chun feidhme an bheartais ag na páirtithe leasmhara uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn an chéad timthriall eile den bheartas straitéiseach ilbhliantúil a ullmhú. Déanfar measúnú leis an meastóireacht ar éifeachtacht an bhealaigh a chuireann an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit an bheartais straitéisigh ilbhliantúil le haghaidh EIBM chun feidhme, agus urraim á tabhairt do chur chuige comhleanúnach, comhtháite, córasach agus breisluach AE á chur san áireamh. Nuair a dhéanfar amhlaidh, beidh méid an chóineasaithe le tosaíochtaí beartais agus treoirlínte straitéiseacha gnéithe EIBM thar a bheith tábhachtach. Cuirfidh an obair maidir le timthriall Schengen, lena n‑áirítear an tuarascáil ar Staid Schengen, leis an meastóireacht sin, a chomhlánófar le faisnéis a bheidh le soláthar ag na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht.