Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0134

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, Rialachán lenar bunaíodh líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú maidir le hioncaim agus le hoibriú gnó gabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach

    COM/2023/134 final

    An Bhruiséil,10.3.2023

    COM(2023) 134 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, Rialachán lenar bunaíodh líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú maidir le hioncaim agus le hoibriú gnó gabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach


    1.RÉAMHRÁ

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ( 1 ) ón gComhairle, déantar foráil do na rialacha maidir le bunú líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú maidir le hioncaim agus le hoibriú gnó gabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach.

    Le hAirteagal 19a den Rialachán tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun ábhar an tuairiscithe breise a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin a shonrú, ar tuairisciú breise é a bhaineann le gnéithe sonracha amhail liosta na rannóg LSFC, na rialacha a shocraíonn tairseacha agus pleananna, an tréimhse thagartha le haghaidh aschuir chaighdeánacha, an cineál feirmeoireachta agus bailiú sonraí.

    2.BUNÚS DLÍ

    Ceanglaítear an tuairisc sin faoi Airteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle, Rialachán lena ndéantar foráil go dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse cúig bliana ón 20 Nollaig 2013 agus go gceanglaítear ar an gCoimisiún tuairisc a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta.

    Cuireadh an chéad tuarascáil ón gCoimisiún de bhun Airteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa an 7 Feabhra 2018( 2 ) agus cumhdaíodh an tréimhse ó 2013 go dtí 2017. I gcomhréir le hAirteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle, rinneadh tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhse cúig bliana.

    3.AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

    Sa tuarascáil seo clúdaítear an tréimhse 2018-2022. Ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe amháin sa tréimhse seo: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2497 ón gCoimisiún ( 3 ) lenar leasaíodh Iarscríbhinn I ghabhann le Rialachán (CE) 1217/2009.

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle tugadh de chumhacht don Choimisiún rialacháin tharmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha a bhaineann le sonraí chun ioncaim agus anailís gnó gabháltas talmhaíochta a chinneadh, d’fhonn creat comhchuibhithe a áirithiú chun go ndéanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a thuairisciú.

    Mar a fhoráiltear in Airteagal 3, in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 5a(1), in Airteagail 5b(2) agus (3) agus in Airteagal 8(3) den Rialachán sin, leis an ngníomh tarmligthe ba cheart rialacha a bhunú maidir leis an méid seo a leanas go háirithe:

    liosta na rannóg LSFC a uasdátú,

    na luachanna tairsí lena dteorannaítear an réimse suirbhéireachta a shocrú,

    pleananna a bhunú maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta,

    an tréimhse thagartha le haghaidh aschuir chaighdeánacha a shocrú agus na cineálacha ginearálta agus príomha feirmeoireachta a chinneadh, agus

    na príomhghrúpaí sonraí cuntasaíochta a chinneadh maidir le tuairisceáin feirme atá le bailiú chomh maith leis na rialacha ginearálta atá le leanúint maidir leis sin.

    3.1.Tarmligean na cumhachta a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 maidir le liosta na rannóg LSCF in aghaidh an Bhallstáit

    Is éard atá sna rannóga LSCF, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle, críocha Ballstáit nó aon chuid di mar a threormharcáiltear d’fhonn gabháltais chuntasaíochta a roghnú. Leagtar síos liosta maidir leis na rannóga seo in Iarscríbhinn I den Rialachán sin.

    Áirithítear le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle go bhféadfar liosta na rannóg LSCF a nuashonrú tar éis iarraidh ó Bhallstát agus go dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 19a den Rialachán thuasluaite chun an liosta in Iarscríbhinn I a leasú.

    In 2022 d’iarr an Fhrainc rannóga LFSC Guadeloupe agus Martinique a chumasc in aon rannóg LSCF amháin: Antilles françaises. Ina theannta sin, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, ní bhailítear sonraí LFSC sa tír sin ó bhliain chuntasaíochta 2021 i leith.

    Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2497 ( 4 ) lena leasaítear Iarscríbhinn I i ndáil le liosta na rannóg LFSC in aghaidh an Bhallstáit, trí rannóga na Fraince Guadeloupe agus Martinique a chumasc in aon rannóg LFSC aonfhoirmeach amháin ar a dtugtar Antilles françaises agus tríd an Ríocht Aontaithe a bhaint de liosta na rannóg LFSC.

    In Iarscríbhinn I, cuireadh an méid seo a leanas in áit liosta na rannóg LFSC a bhaineann leis an bhFrainc:

    ‘An Fhrainc

    1. Île-de-France

    2. Champagne-Ardenne

    3. Picardie

    4. Haute-Normandie

    5. Centre

    6. Basse-Normandie

    7. Bourgogne

    8. Nord-Pas de Calais

    9. An Lorraine

    10. Alsace

    11. Franche-Comté

    12. Pays de la Loire

    13. Bretagne

    14. Poitou-Charentes

    15. Aquitaine

    16. Midi-Pyrénées

    17. Limousin

    18. Rhône-Alpes

    19. Auvergne

    20. Languedoc-Roussillon

    21. Provence-Alpes-Côte d'Azur

    22. Corse

    23. Antilles françaises

    24. La Réunion’.

    Ghlac an Coimisiún rialachán tarmligthe (AE) 2022/2497 an 12 Deireadh Fómhair 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 23 Nollaig 2022. Bhí sé i bhfeidhm ó bhliain chuntasaíochta 2023 le haghaidh Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme.

    3.2.Tarmligean na cumhachta a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 maidir leis na rialacha maidir leis an tairseach a shocrú don mhéid eacnamaíoch

    Le Rialachán Tarmligthe (CE) 1198/2014 ( 5 ) déantar foráil maidir le rialacha maidir le tairseach a shocrú don aicme eacnamaíoch. Ní dhearnadh aon leasú ar an ngníomh tarmligthe sin le linn na tréimhse ó 2018 go dtí 2022.

    3.3.Tarmligean na cumhachta a leagtar síos in Airteagal 5a de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 maidir leis na rialacha maidir le plean a tharraingt suas d’fhonn gabháltais chuntasaíochta a roghnú do gach Ballstát

    Le Rialachán Tarmligthe (CE) 1198/2014 ( 6 ) déantar foráil maidir le rialacha maidir leis an bplean roghnúcháin a tharraingt suas do gach Ballstát. Ní dhearnadh aon leasú ar an ngníomh tarmligthe sin le linn na tréimhse ó 2018 go dtí 2022.

    3.4.Tarmligean na cumhachta a leagtar síos in Airteagal 5b de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 maidir leis an tréimhse thagartha a shocrú don aschur caighdeánach agus maidir le cineálacha ginearálta agus príomha feirmeoireachta a chinneadh

    Le Rialachán Tarmligthe (CE) 1198/2014 ( 7 ) déantar foráil maidir leis an tréimhse thagartha le haghaidh an aschuir chaighdeánaigh. Ní dhearnadh aon leasú ar an ngníomh tarmligthe sin le linn na tréimhse ó 2018 go dtí 2022.

    3.5.Tarmligean na cumhachta a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 maidir le príomhghrúpaí de shonraí cuntasaíochta atá le bailiú agus na rialacha ginearálta maidir le bailiú sonraí a chinneadh

    Leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (CE) 1198/2014 ( 8 ) príomhghrúpaí de shonraí cuntasaíochta atá le bailiú sa tuairisceán feirme. Ní dhearnadh aon leasú ar an ngníomh tarmligthe sin le linn na tréimhse ó 2018 go dtí 2022.

    4.CONCLÚID

    D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe i gceart sa tréimhse ó 2018 go dtí 2022 agus iarann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n-aire.

    (1) ()    Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 27).
    (2) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, Rialachán lenar bunaíodh líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú maidir le hioncaim agus le hoibriú gnó gabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach COM (2018) 57 final.
    (3) ()    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2497 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 lenar leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rannóga na Fraince agus na Ríochta Aontaithe sa Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme san Aontas (IO L 325, 20.12.2022, lch 13).
    (4) ()    Féach fonóta3.
    (5) ()    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1198/2014 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2014 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú maidir le hioncaim agus le hoibriú gnó gabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach (IO L 321, 7.11.2014, lch. 2).
    (6) ()    Féach fonóta5.
    (7) ()    Féach fonóta5.
    (8) ()    Féach fonóta5.
    Top