AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.1.2023
COM(2023) 36 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
maidir le cur chun feidhme, torthaí agus measúnú foriomlán Bhliain Eorpach an Iarnróid 2021
1.Réamhrá
Ainmníodh 2021 mar Bhliain Eorpach an Iarnróid le Cinneadh (AE) 2020/2228 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 (‘an Cinneadh maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid’). Ba é cuspóir ginearálta Bhliain Eorpach an Iarnróid spreagadh a thabhairt do na hiarrachtaí ón Aontas, ó na Ballstáit, ó na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus ó eagraíochtaí eile, agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun an sciar de phaisinéirí agus de lasta a iompraítear d’iarnród a mhéadú. Rinneadh an cuspóir ginearálta a mhiondealú i roinnt cuspóirí sonracha.
Sa tuarascáil seo tá forbhreathnú ar an gcur chun feidhme, ar na torthaí, agus ar an measúnú foriomlán ar na tionscnaimh a rinneadh faoi chuimsiú Bhliain Eorpach an Iarnróid 2021, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chinneadh maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid. Déantar measúnú sa tuarascáil ar conas a d’éirigh leis na gníomhaíochtaí cumarsáide agus ardaithe feasachta an spriocphobal a shroicheadh. Chun meastóireacht a dhéanamh ar na tionscnaimh sin, shainaithin an Coimisiún na critéir seo a leanas ar leibhéal an fheachtais, critéir a ndearnadh eochairtháscairí feidhmíochta intomhaiste díobh le cabhair ó chonraitheoir seachtrach, mar a leanas:
-Aimsiú an spriocphobail: an spriocphobal ábhartha a shroicheadh trí bhealaí ábhartha, rud a thomhaistear de réir líon na ndaoine a bhfuil ábhar a bhaineann le Bliain Eorpach an Iarnróid feicthe acu (de réir bealaí cumarsáide agus líonta iomlána);
-Rannpháirtíocht: rannpháirtíocht maidir le hábhair agus teachtaireachtaí an fheachtais, agus iad a chur ar aghaidh, rud a thomhaistear de réir líon na n-idirghníomhaíochtaí a bhí ag daoine le hábhar Bhliain Eorpach an Iarnróid (lorg digiteach shuíomh gréasáin, nuachtlitir, ábhar meán sóisialta agus imeachtaí Bliain Eorpach an Iarnróid);
-Feasacht: rud a thomhaistear de réir líon na n-uaireanta a luaitear é ar na spriocmheáin, táscairí meán sóisialta, agus taighde deisce (mar thoradh ar imeachtaí Bhliain Eorpach an Iarnróid).
2.Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 a chur chun feidhme
2.1.Rialachas
De réir mar a rinneadh i gcás Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha in 2018, glacadh le cur chuige díláraithe chun Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCinneadh maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid.
Ar an leibhéal náisiúnta, d’áirithigh teagmhálaithe náisiúnta gur comhordaíodh gníomhaíochtaí a bhí nasctha le Bliain Eorpach an Iarnróid, teagmhálaithe a rinne ionadaíocht ar na Ballstáit uile. Bhí roinnt tionscnamh a bhain le Bliain Eorpach an Iarnróid ar siúl freisin i dtíortha nach bhfuil san Aontas, amhail an Iorua, an Eilvéis agus an Tuirc.
Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, comhiarracht a bhí i gcur chun feidhme Bhliain Eorpach an Iarnróid, idir an Coimisiún Eorpach (lena n-áirítear roinnt ard-stiúrthóireachtaí agus ionadaíochtaí sna Ballstáit), na Ballstáit, comhpháirtithe institiúideacha agus páirtithe leasmhara.
Chomhordaigh an Coimisiún Bliain Eorpach an Iarnróid ar leibhéal an Aontais, agus thionóil sé ocht gcruinniú idir na teagmhálaithe náisiúnta, cruinnithe ar ghlac ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa páirt iontu mar bhreathnóirí. Thionóil an Coimisiún ceithre chruinniú de ghrúpa príomhpháirtithe leasmhara, grúpa ina raibh ionadaithe ar eagraíochtaí nó comhlachtaí atá gníomhach in iompar iarnróid agus ar léiriú é ar éagsúlacht na hearnála. Go ginearálta, ghlac an Coimisiún páirt i gcruinnithe aontaobhacha agus iltaobhacha gan áireamh leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara éagsúla a bhí tiomanta do ghníomhaíochtaí Bhliain Eorpach an Iarnróid, amhail oibreoirí iarnróid (na hoibreoirí reatha agus na hiontrálaithe nua), bainisteoirí bonneagair, eagraíochtaí lóistíochta, an tionscal soláthair iarnróid, comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar phaisinéirí, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas agus iad atá faoi mhíchumas luaineachta, ceardchumainn, páirtithe leasmhara atá gníomhach i réimse an oideachais, an chultúir agus na turasóireachta, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.
2.2.Acmhainní
Ós rud é gur glacadh Cinneadh maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid go déanach, níorbh fhéidir buiséad tiomnaithe a fháil le haghaidh Bhliain Eorpach an Iarnróid in 2021 agus, mar sin, níorbh fhéidir aon tograí a chistiú a d’fhéadfadh tacú le tionscnaimh roghnaithe ó na páirtithe leasmhara. Ina ainneoin sin, shlóg an Coimisiún acmhainní a mhéid ab fhéidir ó na cláir a bhí ann cheana, faoi nósanna imeachta buiséadacha 2020 agus 2021, agus de réir an chreata airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027. Leithdháileadh cistiú ó bhuiséad AS MOVE, go háirithe ar na nithe seo a leanas: feachtas cumarsáide Bhliain Eorpach an Iarnróid; an Connecting Europe Express; imeachtaí amhail an searmanas do Ghradam na mBan in Earnáil an Iarnróid; agus staidéir féidearthachta. Roinnt ard-stiúrthóireachtaí eile, ionadaíochtaí an Choimisiúin sna Ballstáit, Comhghnóthas Shift2Rail agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, chuir siad leis an gcomhiarracht freisin. Níl faisnéis mhionsonraithe ag an gCoimisiún maidir leis na hacmhainní a chaith na Ballstáit nó na páirtithe leasmhara ar Bhliain Eorpach an Iarnróid.
3.Meastóireacht ar phríomhghníomhaíochtaí Bhliain Eorpach an Iarnróid
3.1. Feachtas cumarsáide Bhliain Eorpach an Iarnróid ar leibhéal an Aontais
Eagraíodh feachtas cumarsáide ar leibhéal an Aontais arbh é ab aidhm dó úsáid an iarnróid a spreagadh. Ar phríomh-spriocphobail an fheachtais seo, toisc gur pobail iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcustaiméirí le haghaidh seirbhísí iompair iarnróid, bhí: saoránaigh óga AE (idir 16-25 bliana d’aois), an lucht saoire, comaitéirí, taistealaithe gnó, agus gnólachtaí. Bhí an feachtas cumarsáide ag brath ar éascaitheoirí amhail na páirtithe leasmhara institiúideacha agus earnála ar an leibhéal Eorpach agus an leibhéal náisiúnta, chomh maith leis na meáin.
Cuireadh an t-ábhar cumarsáide ar fáil do Bhallstáit uile den Aontas agus do pháirtithe leasmhara ba chomhpháirtithe, agus bhí na príomhábhair ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais (cé is moite den Ghaeilge). Áiríodh air sin: Sainaitheantas físeach a dearadh go sonrach do Bhliain Eorpach an Iarnróid; sluán (‘Hop On!’); an haischlib #EUYearofRail; príomhtheachtaireachtaí; grafaicí faisnéise maidir leis an iarnród; íomhánna meán sóisialta; scagairí Instagram; físeáin; agus GIFanna. Bhíothas in ann na rudaí sin uile a úsáid saor in aisce mar chuid de ghníomhaíochtaí a bhain le Bliain Eorpach an Iarnróid. Chruthaigh agus bhainistigh an Coimisiún suíomh gréasáin tiomnaithe le linn Bhliain Eorpach an Iarnróid. Bhí faisnéis ar fáil ann faoi na tionscnaimh éagsúla agus léiríodh teachtaireachtaí an fheachtais le ‘Scéalta Bhliain Eorpach an Iarnróid’ – arbh éard a bhí iontu teistiméireachtaí, gearrthóga físe agus ailt a bhain le gairmeacha san iarnród agus le spreagadh taistil. Bunaíodh nuachtlitir chun comhpháirtithe agus éascaitheoirí Bhliain Eorpach an Iarnróid a choinneáil ar an eolas faoi bhuaicphointí an fheachtais agus bhí 1 341 síntiúsóir aici.
Mar imeacht suaitheanta, d’eagraigh an Coimisiún traein speisialta AE a thaistil fud fad na mór-roinne ar feadh 5 seachtaine (an ‘Connecting Europe Express’, féach Roinn 3.3). Mar chuid d’fheachtas tionchairí, thaisteal 11 thionchaire ar fud na mór-roinne ar an traein, 9 díobh ar an Connecting Europe Express. Chuir na tionchairí sin a lucht leanúna ar an eolas faoi na deiseanna taistil iarnróid san Eoraip agus spreag siad iad an traein a thógáil níos minice. Tugadh cuireadh do roinnt iriseoirí teacht ar thuras an Connecting Europe Express.
Bunaíodh comhpháirtíochtaí meán le Reuters agus le Politico. In alt urraithe ar Reuters, scaipeadh príomhtheachtaireachtaí Bhliain Eorpach an Iarnróid, agus le meirgí ar shuíomh gréasáin Politico cuireadh léitheoirí i dtreo phlean gníomhaíochta an Choimisiúin borradh a chur faoin iarnród fadraoin agus trasteorann do phaisinéirí, rud a cuireadh i láthair ag deireadh Bhliain Eorpach an Iarnróid. Tá forbhreathnú ar fheachtas cumarsáide Bhliain Eorpach an Iarnróid le fáil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo.
De réir na meastóireachta a rinne an conraitheoir (mc Group), shroich an feachtas meán sóisialta thart ar 64 mhilliún duine, ar dhaoine óga cuid mhór díobh (ba dhaoine idir 16-25 thart ar 64 % de na daoine a sroicheadh). In 2021, bhí an haischlib #EUYearofRail le feiceáil 26 064 huaire ar na hardáin meán sóisialta (Twitter, Instagram agus Facebook). Comhtháthaíodh feachtas Bhliain Eorpach an Iarnróid i ngníomhaíochtaí cumarsáide corparáidí an Choimisiúin. Mar shampla, léiríodh Bliain Eorpach an Iarnróid i dtaispeántas fíorúil mar chuid de Lá na hEorpa 2021, agus bhí balla faisnéise idirghníomhach ann mar aon le tráth na gceist a bhí dírithe ar dhaoine óga. D’eagraigh cuntais meán sóisialta lárnacha an Choimisiúin beoshruthanna le tionchairí Bhliain Eorpach an Iarnróid ar Instagram. Scaipeadh tráth na gceist agus comórtas grianghrafadóireachta Bhliain Eorpach an Iarnróid ar chainéal Instagram ‘European Youth’ de chuid AS EAC, agus tugadh amach dearbháin Interrail. Scaipeadh dréachtphostálacha meán sóisialta ar na hard-stiúrthóireachtaí ábhartha uile. Cruthaíodh seinnliosta Bhliain Eorpach an Iarnróid ina raibh 26 amhrán in 24 theanga oifigiúla ar chuntas Spotify an Aontais. Bhí meirge Bhliain Eorpach an Iarnróid le feiceáil freisin ar fhoirgneamh Charlemagne an Choimisiúin i mí Eanáir agus i mí Feabhra 2021.
An feachtas cumarsáide Bhliain Eorpach an Iarnróid, a bhí ar siúl ar feadh 13 mhí ó mhí Eanáir 2021 go dtí mí Eanáir 2022, rinneadh measúnú air ar bhonn na n-eochairtháscairí feidhmíochta thuasluaite, de réir na hanailíse a rinne an conraitheoir. Leagtar amach torthaí an mheasúnaithe sna pointí urchair thíos.
-Aimsiú an spriocphobail: shroich an feachtas meán sóisialta 64 mhilliún úsáideoir ar leith, ar an iomlán, úsáideoirí a chonaic ábhar an fheachtais ar fud na gcainéal meán sóisialta uile a bhí ag an bhfeachtas: Facebook, Instagram agus Twitter.
-Rannpháirtíocht: 230 000 ba ea é líon iomlán na ndaoine a ghlac páirt ghníomhach i gcainéil meán sóisialta an fheachtais, trí ‘is maith liom’ a thabhairt do phostálacha, iad a roinnt, trácht a dhéanamh orthu, nó trí chliceáil orthu. Bhíodh an rannpháirtíocht ag athrú ó mhí go mí, agus bhí an leibhéal rannpháirtíochta is airde ann i mí Mheán Fómhair 2021, nuair a ghlac 86 000 duine páirt (rud a bhí nasctha le feachtas sonrach faoin Connecting Europe Express).
-Feasacht: bá é 87 milliún an líon iomlán ‘taispeáintí’, is é sin líon iomlán na n-uaireanta a chonaic úsáideoirí meán sóisialta ábhar an fheachtais (is cuma cé acu ar íocadh nó nár íocadh as na hamhairc sin). Bhí an líon ab airde taispeáintí meán sóisialta ann i mí Mheán Fómhair, i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2021, a bhuí leis an bhfeachtas tionchairí le haghaidh an Connecting Europe Express, agus bhí 17 milliún taispeáintí ann in aghaidh na míosa sna trí mhí sin. Bhí méadú eile ann i mí na Nollag 2021 agus i mí Eanáir 2022, nuair a chuir an Coimisiún plean cumarsáide tiomnaithe chun feidhme, plean a raibh feachtas ‘orgánach’ meán sóisialta (i.e. nuair nach n-íoctar as fógraíocht) agus feachtas meán íoctha mar chuid de. Beagnach 89 milliún a bhí i líon iomlán na dtaispeáintí agus na feasachta, ní hamháin ar na meáin shóisialta ach sna meáin íoctha as líne (na meáin chlóite) agus ar líne/dhigiteacha (suímh ghréasáin, blaganna, comhpháirtíochtaí meán íoctha le Reuters agus Politico, cuir i gcás), chomh maith leis na meáin ‘faoi úinéireacht’ (i.e. faoi úinéireacht an Choimisiúin agus ar shuíomh gréasáin an fheachtais, cuir i gcás).
3.2. Imeachtaí seolta agus clabhsúir Bhliain Eorpach an Iarnróid
Seoladh Bliain Eorpach an Iarnróid go hoifigiúil ar leibhéal an Aontais le linn imeacht lae a eagraíodh an 29 Márta 2021 i Liospóin, i bhformáid hibrideach, mar chuid d’Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach. Bhí roinnt cainteoirí ardleibhéil ó institiúidí an Aontais agus ó na Ballstáit ar an gclár, chomh maith le hionadaithe ón earnáil tionsclaíochta agus ón tsochaí shibhialta. Go háirithe, d’fhógair an Coimisinéir Iompair Adina Vălean an ‘Connecting Europe Express’ an lá sin (féach Roinn 3.3). Bhí an rannpháirtíocht ar na meáin sóisialta an-ard i rith an lae, agus bhí haischlib an fheachtais #EUYearofRail ag treochtáil ar Twitter sa Bheilg (ar feadh píosa, ba é an haischlib ba mhó a bhí ag treochtáil ar Twitter na Beilge).
Bhí clabhsúr oifigiúil Bhliain Eorpach an Iarnróid ar siúl ag Cruinniú Mullaigh an Iarnróid an 21 Feabhra 2022, gar do Pháras, i bhformáid hibrideach freisin, mar chuid d’Uachtaránacht na Fraince ar an Aontas Eorpach. Deis a bhí ann machnamh a dhéanamh ar a raibh bainte amach ag Bliain Eorpach an Iarnróid agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh, an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa a sheoladh, agus an cúram a fhágáil ag Bliain Eorpach na hÓige 2022.
3.3. An Connecting Europe Express
An Connecting Europe Express, ar traein speisialta í a chuaigh trí 26 thír i dtréimhse 5 seachtaine idir mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair 2021, ba é tionscnamh suaitheanta Bhliain Eorpach an Iarnróid agus ba é an Coimisiún a chur tús leis. Comhéacht Eorpach amach is amach a bhí ann, mar tharraing sé le chéile údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, an tsochaí i gcoitinne, agus an earnáil iarnróid (idir oibreoirí nua agus oibreoirí reatha, bhainisteoirí bonneagair agus thionscal an trealaimh iarnróid agus rothstoic). Chuaigh níos mó ná 40 comhpháirtí ón earnáil i bpáirt le chéile chun carráiste codlata de chuid na hOstaire a thabhairt le chéile le carráiste bia de chuid na hIodáile, carráiste lánléargais de chuid na hEilvéise, carráiste suí de chuid na Gearmáine, carráiste comhdhála de chuid na Fraince agus carráiste taispeántais de chuid na hUngáire. Leis na carráistí sin, a bhí ag dul ar leithid chaighdeánacha Eorpacha, cuireadh traein a bhí ag dul ar an leithead Ibéarach agus traein eile a bhí ag dul ar an leithead Baltach. Chomhordaigh Comhphobal Eorpach na mBainisteoirí Iarnróid agus Bonneagair na gnéithe teicniúla agus oibríochtúla a bhain leis na traenacha a rith, agus bhí os cionn 40 gníomhaí iarnróid páirteach ann.
Le linn a turais agus ag os cionn 200 stad, d’óstáil an traein roinnt comhdhálacha agus taispeántas soghluaiste. Cuireadh fáilte freisin roimh ranganna scoile, an lucht déanta beartas, páirtithe leasmhara, agus daoine den phobal ar bord, thart ar 1 500 paisinéir san iomlán i rith na 5 seachtaine. Eagraíodh a lán comhdhálacha agus imeachtaí fáiltithe feadh an bhealaigh, agus stopadh nuair a bhí príomhimeachtaí ar siúl, amhail cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí iompair agus fuinnimh in Brdo na Slóivéine, chomh maith leis an gcéad Chruinniú Mullaigh um Iarnród do na Balcáin Thiar i mBéalgrád. Chonaic paisinéirí cúpláil uathoibríoch dhigiteach le haghaidh vaigíní lastais in Halle (Saale) na Gearmáine, chomh maith le hoibríochtaí idirmhódúla ag críochfort Bettembourg i Lucsamburg. D’ardaigh an Connecting Europe Express feasacht freisin maidir leis na bacainní atá fós ann ar iarnród trasteorann. Mar shampla, ba í an chéad traein a rinne an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin a nascadh le chéile le blianta beaga anuas, ós rud é nár tharla aon turas den sórt sin le breis agus 20 bliain.
D’eagraigh an Coimisiún comhdhálacha téamacha freisin, lena n-áirítear: (i) i Liospóin, maidir le naisc iarnróid idir cathracha; (ii) i mBúcairist, maidir le tionscadail iarnróid a chistiú agus a mhaoiniú; (iii) in Brdo, maidir leis an athbhreithniú ar an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T); (iv) i mBeirlín, maidir le seirbhísí iarnróid fadraoin Eorpacha; agus (v) in Bettermbourg, maidir le lasta iarnróid.
Chun an infheictheacht is mó a chur ar fáil ar fud na hEorpa, cumhdaíodh an traein ar fad le greamáin a raibh sainaitheantas físeach Bhliain Eorpach an Iarnróid orthu. Taobh amuigh de chuntas Twitter AS MOVE, tuairiscíodh gach lá ar thuras an Connecting Europe Express agus imeachtaí gaolmhara ar shuíomh gréasáin agus blag tiomnaithe. Chomh maith leis sin, bhí naonúr tionchairí de chuid Bhliain Eorpach an Iarnróid ar bord na traenach agus thaifead siad a dtaithí. Le tacaíocht ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, d’fhéadadh daoine den phobal a raibh suim acu turas na traenach a leanúint trí úsáid a bhaint as uirlis rianaithe beo. Bhí bosca uirlisí cumarsáide, lena n-áirítear teimpléid agus íomhánna, ar fáil do chomhpháirtithe lena úsáid. Chabhraigh malartuithe rialta agus comhroinnt faisnéise le saineolaithe cumarsáide ó eagraíochtaí agus gnólachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla spriocghrúpaí níos leithne a shroicheadh tríd an bpreas agus na meáin shóisialta.
Deis iontach a bhí sa Connect Europe Express teagmháil dhíreach a dhéanamh le pobal na hEorpa agus cuidiú le muinín a chothú arís san iompar comhroinnte i gcomhthéacs phaindéim COVID-19. Saotharlann leanúnach a bhí ann freisin, lenar léiríodh i bhfíor-am an méid atá bainte amach ag an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid agus ag gréasán TEN-T, chomh maith leis an méid a d’fhéadfaí a bhaint amach fós san earnáil iarnróid. Leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón turas, tá eolas á chur ar fáil d’obair an Choimisiúin maidir le tionscnaimh a bhaineann leis an iarnród in 2021 agus ina dhiaidh sin.
3.4. Imeachtaí agus tionscnaimh eile ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil
D’ainneoin na ndeacrachtaí a bhí ann mar gheall ar phaindéim COVID-19, chuir raon leathan páirtithe leasmhara fáilte mhór roimh Bhliain Eorpach an Iarnróid, go háirithe earnáil an iarnróid, a rinne gach iarracht a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéil éagsúla chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhain le Bliain Eorpach an Iarnróid. Fuair an Coimisiún breis agus 350 togra le haghaidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí ó pháirtithe leasmhara agus údaráis ar fud na hEorpa, lena n-áirítear uathu nach bhfuil baint acu leis an iarnród. Tháinig breis agus 70 de na tograí sin ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha, rud a chuireann leis an gcomhar a chuir an Coimisiún ar bun le Coiste na Réigiún. Cé go raibh an chuid is mó de na himeachtaí sa chéad leath de Bhliain Eorpach an Iarnróid ar siúl i bhformáid dhigiteach, bhíothas in ann níos mó imeachtaí hibrideacha agus fisiciúla a chur ar siúl ó shamhradh 2021 ar aghaidh de bharr an feachtas vacsaínaithe a rolladh amach. Ós rud é gur ghá roinnt imeachtaí go luath in 2021 a chur ar atráth mar gheall ar an bpaindéim, agus mar gheall ar iarrataí ó go leor páirtithe leasmhara, tugadh roinnt solúbthachta ionas go bhféadfaí imeachtaí athbhreithnithe a eagrú sa chéad leath de 2022.
Eagraíodh a lán imeachtaí agus tionscnamh spéisiúil i gcomhpháirtíochtaí nó ina n-aonar i gcomhthéacs Bhliain Eorpach an Iarnróid. Tugtar tuairisc ar roinnt díobh sna pointí urchair thíos.
-Reáchtáladh taispeántais agus féilte a dhírigh ar oidhreacht an iarnróid agus ar thodhchaí an iarnróid. Áiríodh orthu sin taibhithe i stáisiúin traenach agus feadh rianta iarnróid. Mar shampla, ba éard a bhí in eagrán 2021 d’fhéile Europalia dar teideal ‘Trains & Tracks’ níos mó ná 70 tionscadal ildisciplíneacha ar fud institiúidí ealaíne, stáisiún agus traenacha sa Bheilg agus i dtíortha comharsanachta. Mar chuid de Europalia bhí cainteanna beartais le daoine óga agus ionadaithe ar institiúidí an Aontais. Ba é buaicphointe fhéile Europalia an taispeántas ‘Tracks to Modernity’ ag Músaeim Ríoga na Mínealaíon sa Bhruiséil.
-Bhí comórtais agus gradaim ar siúl, amhail: (i) Gradam na mBan in Earnáil an Iarnróid; (ii) an Gradam RegioStars, nuair a roghnaíodh Bliain Eorpach an Iarnróid mar thopaic na bliana; (iii) Gradaim ERCI um an Nuálaíocht; (iv) an gradam don Fheachtas Eorpach Is Fearr maidir le Turasóireacht Iarnróid 2021; agus (v) an Gradam Eorpach um an Iarnród. Eagraíodh ‘haiceatóin’ freisin, mar shampla na cinn a d’óstáil Shift2Rail agus ag UNIFE. Reáchtáladh comórtais do dhaltaí, amhail an dúshlán nuálaíochta iarnróid a reáchtáil Fer de France nó an comórtas do dhaoine óga a sheol cúige Pomerania sa Pholainn. Is fiú a thabhairt faoi deara freisin gur mhéadaigh eagrán 2021 DiscoverEU, gníomhaíocht de chuid an chláir Erasmus+ a chuireann an taisteal inbhuanaithe chun cinn, líon na bpasanna saorthaistil a bhronntar ar dhaoine óga, agus gur tugadh amach 60 000 ticéad. Ina theannta sin, bhí ar an 333 758 duine óg a chuir isteach ar phas taistil DiscoverEU in 2021 ceist a fhreagairt faoi Bhliain Eorpach an Iarnróid le bheith roghnaithe. Ar deireadh, mar chuid de chruinniú DiscoverEU dhá lá sa Bhruiséil, ar imeacht é a eagraíodh i gcomhar le Europalia i mí an Mhárta 2022, cruinníodh 100 duine le chéile, idir dhaoine óga agus daoine den lucht ceaptha beartas.
-Cuireadh a lán feachtais bholscaireachta i bhfeidhm. Mar shampla, cuireadh póstaeir feachtais in airde i 30 stáisiún traenach ar fud na Gearmáine, agus suiteáladh coimeádáin faoi bhranda Bhliain Eorpach an Iarnróid in áiteanna lárnacha i seacht gcathair mhóra sa Ghearmáin chun an lasta iarnróid a chur chun cinn. Sa Chróit, cuireadh sainaitheantas físeach Bhliain Eorpach an Iarnróid ar chúig thraein, agus d’eisigh oifig an phoist sa Pholainn stampaí agus cártaí beannachta faoi Bhliain Eorpach an Iarnróid. Sa Bheilg táirgeadh boinn chuimhneacháin agus sheol earnáil iarnróid na Beilge feachtas meán sóisialta do Bhliain Eorpach an Iarnróid. Sa Spáinn, d’eisigh an crannchur náisiúnta ticéad crannchuir i dtaca le Bhliain Eorpach an Iarnróid, ticéad a luadh le linn clár nuachta teilifíse príomh-ama de chuid chraoltóir náisiúnta na Spáinne (RTVE). Chomh maith leis sin, bhí roinnt eagráin speisialta de sheónna teilifíse le feiceáil ar bord traenacha.
-Seoladh tionscnaimh chun na bearnaí scileanna agus na scileanna a theastóidh ó oibrithe iarnróid an lae amárach a shainaithint, trí thionscadail éagsúla a fuair cistiú ón Aontas. Ar na tionscadail sin bhí: Infhostaitheacht in Earnáil an Iarnróid i bhfianaise an Digitithe agus an Uathoibrithe (EDA Rail); agus an Comhaontas Oiliúna Scileanna don Chóras Eorpach Iarnróid sa Todhchaí (tionscadal STAFFER Blueprint). Bhí tionscnaimh eile ann arbh é ab aidhm dóibh níos mó ban a mhealladh isteach i ngairm an iarnróid, mar a léirítear leis an gComhaontú maidir le Mná san Iarnród a shínigh na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha i mí na Samhna 2021. D’eagraigh an earnáil turais threoraithe ‘doirse oscailte’ freisin in ionaid rialaithe iarnróid agus i gcríochfoirt, go háirithe chun go gcuirfeadh mic léinn eolas ar ghairmeacha iarnróid.
-Comhdhálacha agus díospóireachtaí ar ghnéithe éagsúla d’earnáil an iarnróid, lena n-áirítear le speisialtóirí neamh-iarnróid agus le daoine óga.
-Léirithe tionscadail chun fréamhshamhlacha nuálacha a chur i láthair.
-Turais traenach chuig imeachtaí, mar shampla an ‘traein aeráide’ chuig comhdháil COP26.
-Naisc nua iarnróid a nochtadh chun réigiúin a nascadh, thar theorainneacha.
Chuir na himeachtaí agus na tionscnaimh sin uile an t-iarnród chun cinn i measc spriocphobail éagsúla, go háirithe daoine óga, ar bhealach nuálach tarraingteach. Murab ionann agus an feachtas cumarsáide, bhí sé deacair measúnú a dhéanamh ar imeachtaí agus tionscnaimh a bhain le Bliain Eorpach an Iarnróid a d’eagraigh páirtithe leasmhara, de réir na n-eochairtháscairí thuasluaite. Is é is cúis leis sin an ráta freagartha íseal i measc na n-eagraithe ar an gceistneoir a scaip an conraitheoir nuair a bhí deireadh leis na himeachtaí agus na tionscnaimh. Ní chumhdaigh na freagraí ach 23 % de na himeachtaí, agus níl sé sin ionadaíoch go leor chun teacht ar chonclúidí fiúntacha ar an mbonn sin amháin.
4.Staidéir féidearthachta
Sa Chinneadh maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid, d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh.
Breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas a thionscnamh, le linn na Bliana Eorpaí: (a) staidéar faoina indéanta atá sé lipéad Eorpach a chruthú chun earraí agus táirgí a iompraítear d’iarnród a chur chun cinn ionas go spreagfar gnólachtaí a modhanna iompair a athrú chuig iompar ar iarnród; agus (b) staidéar féidearthachta d’fhonn innéacs nascachta iarnróid a thabhairt isteach agus é mar aidhm aige an leibhéal comhtháthaithe arna bhaint amach trí úsáid sheirbhísí ar an líonra iarnróid a aicmiú agus acmhainneacht na n-iarnród chun dul in iomaíocht le modhanna eile iompair a léiriú. Faoin 31 Márta 2021, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoina phleananna.
De réir mar a chuir an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an 30 Márta 2021, an smaoineamh maidir leis an lipéad Eorpach d’iarnród, bhain sé sin le tionscnamh nua ón gCoimisiún i dtaca leis an gcreat comhchuibhithe um chuntasaíocht na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa (atá nasctha le gníomhaíochtaí 28, 33 agus 34 den straitéis um an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste). Is é is aidhm don tionscnamh, dá dtagraítear ‘CountEmissionsEU’, éascaíocht a dhéanamh ar athrú iompraíochta i dtreo réitigh iompair ar fud na modhanna uile a astaíonn níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa, sna deighleoga lastais agus paisinéirí araon. Tá an tionscnamh bunaithe ar mhodheolaíocht tagartha choiteann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh. Tá torthaí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte maidir le ‘CountEmissionsEU’ á bpróiseáil, agus tá an togra ón gCoimisiún beartaithe do 2023.
Fuair an Coimisiún staidéar freisin ar indéantacht innéacs nascachta iarnróid, chun obair leantach a dhéanamh ar an staidéar ar iarnród fadraoin do phaisinéirí. Rinneadh scrúdú sa staidéar ar na gnéithe inmhianaithe a bheadh innéacs nascachta iarnróid agus cruthaíodh fréamhshamhail d’innéacs den sórt sin lena ndéantar, i gcás fhormhór na réigiún NUTS3 san Eoraip, nascacht an réigiúin a chainníochtú bunaithe ar an méid seo a leanas: (i) minicíocht na seirbhísí; (ii) an fad ama a thógtar chun taisteal chuig réigiúin eile NUTS3; (iii) an daonra is féidir a shroicheadh; agus (iv) líon na n-aistrithe is gá. Tá na figiúirí bunaithe ar amchláir iarnróid 2022. Tá an tuarascáil deiridh ón staidéar seo á tabhairt chun críche faoi láthair agus pléifear torthaí na tuarascála sin chun na chéad chéimeanna eile a shainiú.
5.Comhthéacs beartais ar leibhéal an Aontais
Le linn Bhliain Eorpach an Iarnróid, thug an Coimisiún faoi roinnt tionscnamh i réimse an iompair d’iarnród, i gcomhréir leis an straitéis um an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste. Go háirithe, an 14 Nollaig 2021, thíolaic an Coimisiún an pacáiste maidir le soghluaisteacht éifeachtúil agus ghlas. Áiríodh ar an bpacáiste sin plean gníomhaíochta chun borradh a chur faoi iarnród fadraoin agus trasteorann do phaisinéirí, plean atá ina phríomhdhoiciméad maidir le beartas iarnróid an Aontais sna blianta atá amach romhainn agus a d’eascair go díreach as an bplé a rinneadh agus as an taithí a fuarthas le linn Bhliain Eorpach an Iarnróid. Sainaithnítear sa phlean gníomhaíochta na bacainní atá ar sheirbhísí iarnróid faoi láthair, agus moltar tograí chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin, mar shampla tríd an méid seo a leanas: toilleadh bonneagair a bhainistiú ar bhealach níos fearr; amchláir a chomhordú; ticéadú a thacaíonn níos fearr le custaiméirí; agus feabhas a chur ar bhonneagar. Áiríodh ar an bpacáiste freisin an togra le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán TEN-T, arb é is aidhm dó bonneagar iarnróid d’ardchaighdeán a áirithiú do lastas agus do phaisinéirí.
Na ceachtanna a foghlaimíodh ó Bhliain Eorpach an Iarnróid, cuireadh san áireamh iad freisin in obair an Choimisiúin maidir le tionscnaimh bhreise chun feabhas a chur ar na coinníollacha creata le haghaidh seirbhísí iarnróid Eorpacha, rud a nochtfar in 2023. Áirítear orthu sin tionscnamh chun an toilleadh iarnróid a fheabhsú agus athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir na dTiománaithe Traenach.
6.Conclúid
D’ainneoin na ndúshlán ar fad a bhí ann in 2021, go háirithe paindéim COVID-19, d’éirigh le Bliain Eorpach an Iarnróid an t-iompar d’iarnród a chur chun cinn mar mhodh iompair inbhuanaithe, nuálach, idirnasctha, idirmhódúil, sábháilte agus inacmhainne. D’éirigh le Bliain Eorpach an Iarnróid freisin dea-chaidreamh a chothú agus a fhorbairt idir an tAontas agus na tíortha comharsanachta. Chuir sí i dtábhacht freisin gné thrasteorann Eorpach an iarnróid agus an méid a chuireann an t-iarnród le geilleagar, tionscal agus sochaí an Aontais. Trí na himeachtaí agus na tionscnaimh éagsúla a bhí ar siúl in 2021, rannchuidigh Bliain Eorpach an Iarnróid leis an dearcadh dearfach ar an iarnród, tríd is tríd. Chruthaigh sí freisin móiminteam polaitiúil nach beag, agus tharraing sí le chéile údaráis phoiblí, polaiteoirí agus páirtithe leasmhara ar na leibhéil uile agus ó Bhallstát go chéile, agus é mar aidhm chomhchoiteann acu an t-iarnród a neartú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go raibh líon páirtithe leasmhara nach bhfacthas roimhe ag glacadh páirt i gclár Bhliain Eorpach an Iarnróid, amhail oibreoirí iarnróid (na hoibreoirí reatha agus na hiontrálaithe nua), bainisteoirí bonneagair, eagraíochtaí lóistíochta, an tionscal soláthair iarnróid, comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar phaisinéirí, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas agus iad atá faoi mhíchumas luaineachta, ceardchumainn, páirtithe leasmhara atá gníomhach i réimse an oideachais, an chultúir agus na turasóireachta, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Na hiarrachtaí nach beag a rinne na páirtithe uile maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le Bliain Eorpach an Iarnróid agus ábharthacht an phlé a rinneadh ar na hócáidí sin, bhí siad sin thar a bheith úsáideach chun cuspóirí na Bliana a bhaint amach. Tá iarrachtaí sa bhreis ag teastáil anois ar na leibhéil uile chun feabhas a chur ar na coinníollacha creata le haghaidh an iarnróid, an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a thabhairt chun críche, agus tarraingteacht agus úsáid an limistéir sin a mhéadú amach anseo.