EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1960

Rún (AE) 2023/1960 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach – IHI (roimh an 30 Samhain 2021 Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálach 2) don bhliain airgeadais 2021

IO L 242, 29.9.2023, p. 531–535 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1960/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/531


RÚN (AE) 2023/1960 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach – IHI (roimh an 30 Samhain 2021 Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálach 2) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0069/2023),

A.

de bhrí, i mí na Samhna 2021, gur glacadh Rialachán (AE) 2021/2085 (1) ón gComhairle lena mbunaítear Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach (IHI) in ionad Thionscnamh um Chógais Leighis Nuálacha 2 (IMI2) faoin gclár Fís Eorpach don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031;

B.

de bhrí gur comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach do thaighde agus nuálaíochta sláinte é Comhghnóthas IHI; de bhrí gurb é is aidhm do Chomhghnóthas IHI cuidiú le héiceachóras taighde agus nuálaíochta sláinte uile-Aontais a chruthú lena n-éascaítear aistriú eolais eolaíoch go nuálaíochtaí inláimhsithe; de bhrí gur cheart go gcumhdódh na nuálaíochtaí sin cosc, diagnóisic, cóireáil agus bainistiú galar;

C.

de bhrí gurb iad a chomhaltaí bunaidh ná an t-Aontas, arna ionadú ag an gCoimisiún, Coiste Comhordúcháin na hEorpa um an Tionscal TF Raideolaíoch, Leictrimhíochaine agus Cúraim Shláinte, Advancing Healthcare, Cónaidhm Eorpach na dTionscal agus na gCumann Cógaisíochta lena n-áirítear Vaccines Europe (EFPIA), an Comhlachas Eorpach um Biththionscal, agus MedTech Europe (an comhlachas trádála Eorpach do thionscal na teicneolaíochta leighis lena n-áirítear diagnóisic, feistí leighis agus sláinte dhigiteach); de bhrí go leanann Comhghnóthas IHI samhail dhépháirteach, leis an gCoimisiún agus le comhaltaí príobháideacha ón tionscal agus ón taighde a dhéantar ionadaíocht ar an mbord rialaithe agus a rannchuidíonn le gníomhaíochtaí oibríochtúla Chomhghnóthas IHI;

D.

de bhrí gurb ionann buiséad iomlán Chomhghnóthas IHI don tréimhse 2021-2027 agus EUR 2.4 billiún, ar ón gclár Fís Eorpach a thagann a leath de; de bhrí go gcumhdófar le ranníocaíocht airgeadais an Aontais ó Fís Eorpach, lena n-áirítear leithreasaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, costais riaracháin agus costais oibriúcháin suas le EUR 1.2 billiún, lena n-áirítear suas le EUR 30.2 milliún le haghaidh costais riaracháin; de bhrí, idir 2021 agus 2028, go ndéanfaidh an tAontas ranníocaíocht bhreise le méid suas le EUR 22.3 milliún don bhuiséad riaracháin, rud arb ionann é agus an tabhairt anonn ó Chomhghnóthas IMI2;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

1.

á chur in iúl gur geal léi, de réir tuarascála ón gCúirt Iniúchóirí (‘tuarascáil ón gCúirt’), go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais Chomhghnóthas IHI don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2021, ar gach slí ábharach, staid airgeadais Chomhghnóthais IHI an 31 Nollaig 2021, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid thirim, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; á thabhairt chun suntais, sa bhreis air sin, de réir na tuarascála ón gCúirt, gur idirbheart dlíthiúil agus rialta é, ar gach slí ábharach, an t-idirbheart is bonn leis na cuntais;

2.

ag tabhairt dá haire go mbeartaítear le Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha do Chomhghnóthas IHI, spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh Chomhghnóthas IHI agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, e.g. i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, go bhféachfaí ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

3.

ag tabhairt dá haire gur EUR 11.0 milliún i leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus EUR 210.4 milliún i leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí in ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí go dtí an chéad bhliain eile a bhí sa bhuiséad críochnaitheach a bhí ar fáil do Chomhghnóthas IHI le haghaidh 2021, lena n-áirítear leithreasaí na mblianta roimhe sin nár úsáideadh a chuir an Comhghnóthas isteach arís i mbuiséad na bliana reatha; ag tabhairt dá haire gur shroich feidhmiú buiséid na leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíocht 75,91 % (98.66 % in 2020) agus 95,39 % (97,08 % in 2020) faoi seach;

4.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar ‘chostais riaracháin’ i measc na gComhghnóthas, ar bonn é chun ranníocaíochtaí airgeadais a chomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun críche figiúirí inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna ionas go nglacfaidh gach Comhghnóthas cur chuige comhchuibhithe maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailísí, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

5.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil leibhéal sách íseal spriocanna ranníocaíochta na gcomhaltaí á bhaint amach ag Comhghnóthas IHI; ag tabhairt dá haire, áfach, gurb é is cúis leis sin fad an tionscadail a éilítear de bharr chineál thaighde Chomhghnóthas IHI i réimse na sláinte nuálaí, agus scála na dtionscadal domhanda lena gcuirtear chun feidhme cuibhreannais; ag tabhairt dá haire go bhfuil ar Chomhghnóthas IHI EUR 84.3 milliún a íoc fós as tionscadail leanúnacha an Seachtú Clár Réime sna blianta amach romhainn;

6.

ag tarraingt aird ar an mbaol atá ann, mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar líon na dtionscadal atá ar siúl ón iliomad Creataí Airgeadais Ilbhliantúla a bheith atá á gcur chun feidhme ag an am céanna, nár leor na hacmhainní riaracháin is gá chun na cistí sin a bhainistiú go héifeachtúil; á chur in iúl gur geal léi, má thoradh ar an obair leantach a rinneadh ar urscaoileadh 2020, go bhfuil gníomhaíochtaí ag tabhairt aghaidh ar an tsaincheist sin agus go dtuairisceoidh Comhghnóthas IHI ar mhionsonraí an phróisis sa Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí le haghaidh 2022;

7.

ag tabhairt dá haire, maidir le hoibleagáidí oibríochtúla Chomhghnóthas IHI ag deireadh 2021, go raibh EUR 966 milliún de ranníocaíocht uasta ón Aontas geallta go hiomlán ag Comhghnóthas IHI le haghaidh comhaontuithe deontais an Seachtú Clár Réime a síníodh, as a bhfuil thart ar EUR 84.3 milliún (nó 8,7 %) fós le híoc sna blianta atá le teacht; ag tabhairt dá haire gur sholáthair comhaltaí príobháideacha ranníocaíochtaí comhchineáil ar an leibhéal céanna. ag tabhairt dá haire gurbh é 80 % an ráta cur chun feidhme do bhuiséad íocaíochta 2021 Chomhghnóthas IHI atá ar fáil do thionscadail an Seachtú Clár Réime; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ar éigean a bhí aon leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí oibríochtúla 2021 ag Comhghnóthas IHI, toisc go raibh a ghlao deireanach ar thograí críochnaithe aige faoi dheireadh 2014;

8.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, go raibh EUR 1 452,1 milliún nó 91 % geallta ag Comhghnóthas IHI, arb ionann é agus EUR 1 595,4 milliún de ranníocaíocht uasta an Aontais le haghaidh comhaontuithe deontais faoi Fís 2020 a síníodh; ag tabhairt dá haire gurbh é ba chúis leis sin nárbh fhéidir leis an nglao ar thograí in 2019 gach topaic a bhí beartaithe a chumhdach agus gur laghdaíodh buiséad an Aontais dá réir le cinneadh ón mbord rialaithe. ag tabhairt dá haire, as an méid geallta sin, go bhfuil thart ar EUR 616.8 milliún (nó 42,5 %) fós le híoc sna blianta amach romhainn; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh gealltanas dlíthiúil tugtha ag comhaltaí príobháideacha Chomhghnóthas IHI ranníocaíochtaí comhchineáil EUR 1 520,7 milliún a sholáthar;

9.

á chur i bhfios go láidir gurb é 97 % an ráta cur chun feidhme do bhuiséad íocaíochta 2021 Chomhghnóthas IHI a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020 agus nach raibh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas oibríochtúil 2021 ag Comhghnóthas IHI, ós rud é gur ceanglaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 (2) go dtabharfaí na gealltanais uile roimh dheireadh 2020, agus nár tháinig Rialachán (AE) 2021/2085 i bhfeidhm ach amháin ag deireadh 2021, nár seoladh aon ghlaonna in 2021;

Feidhmíocht

10.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil, gur baineadh amach in 2021 tabhairt chun críche phunann tionscadal Chomhghnóthas IMI2, le síniú na gcomhaontuithe deontais tionscadail is déanaí de chuid Chomhghnóthas IMI2; ag tabhairt dá haire go bhfuil buiséad iomlán EUR 413 mhilliún ag na 15 thionscadal nuachruthaithe, agus go dtagann thart ar a leath den mhéid sin ó chlár Fís 2020 an Aontais, agus go dtagann an chuid eile ó ranníocaíochtaí EFPIA agus ó chomhpháirtithe comhlachaithe Chomhghnóthas IMI2 chomh maith le foinsí eile;

11.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur ghin tionscadail Chomhghnóthas IHI 275 shócmhainn a bhain garsprioc shuntasach amach le linn shaolré an tionscadail (ba é 50 an sprioc); ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na sócmhainní sin, i measc nithe eile, uirlisí, modheolaíochtaí, próisis, seirbhísí, ábhair oiliúna; ag tabhairt dá haire gur samplaí de gharspriocanna iad: príomhchéimeanna trialach cliniciúla, samhlacha ainmhithe, fréamhshamhlacha, tráchtálú, paitinní agus foilseacháin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil rannpháirtithe tionscail i gcuid mhór de thionscadail Chomhghnóthas IHI ag baint úsáid as uirlisí agus próisis nua arna nginiúint ag na tionscadail, amhail samhlacha ainmhithe, caighdeáin, bithmharcóirí, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha, ardáin scagtha a úsáid, líonraí trialacha cliniciúla;

12.

ag tabhairt chun suntais, maidir le hinfheictheacht, gur lean Comhghnóthas IHI de bhreisluach an Aontais a léiriú trí chumarsáid threallúsach le spriocghrúpaí agus béim á leagan ar oscailteacht, trédhearcacht, ábharthacht agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí Chomhghnóthas IHI; ag tabhairt dá haire gur lean sé de thorthaí agus de scéalta ratha an tionscadail a scaipeadh trí bhorradh a chur faoi éagsúlacht a n-aschur chun breis agus 100 alt scríofa a chur san áireamh i stíleanna éagsúla, chomh maith le físeáin ghearra, inrochtana lena gcur chun cinn trí na meáin shóisialta, agus ina theannta sin, gur cuireadh bileoga eolais thionscadail uile Chomhghnóthas IMI2 le hinneachar shuíomh gréasáin nuachruthaithe Chomhghnóthas IHI, chun a gcur chun cinn a éascú amach anseo; ag moladh do Chomhghnóthas IHI aon straitéisí infheictheachta rathúla a roinnt le Comhghnóthais eile chun a mbreisluach a chur in iúl do shaoránaigh;

Earcaíocht agus foireann

13.

ag tabhairt dá haire go ndéantar foráil leis an bplean bunaíochta foirne do 39 ngníomhaire shealadacha, 15 ghníomhaire ar conradh agus 2 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (SNEanna), is é sin 56 bhall foirne san iomlán; ag tabhairt dá haire go raibh 50 duine i bpoist an 31 Nollaig 2021: 36 as 39 ngníomhaire shealadacha (GSanna) (92,30 %), 13 as 15 ghníomhaire ar conradh (86,70 %) agus 1 as 2 SNE (50 %); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le GSanna, go raibh na poist fholmha le líonadh in 2022 toisc go raibh dhá nós imeachta roghnúcháin fós ar siúl agus, in 2022, go raibh 1 phost SNE le ciorrú;

14.

á chur in iúl gur geal léi gur choinnigh Comhghnóthas IHI dea-chothromaíocht gheografach (20 tír éagsúla) agus cothromaíocht mhaith inscne (22 bhean, 17 bhfear) nuair a chuathas i gcomhairle le saineolaithe seachtracha;

15.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh meánráta bliantúil na foirne eatramhaí fós ard i ngach Comhghnóthas le linn na tréimhse ó 2018 go 2021, agus é ag thart ar 11 % den fhoireann reachtúil; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe foirne Chomhghnóthas IHI a bheith mar thoradh ar ardleibhéal na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé, murach sin, tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht Chomhghnóthas IHI ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle;

16.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021 go bhfuil cothromaíocht iomchuí inscne ann agus gur mná iad 66 % den fhoireann: is mná iad 50 % de chomhaltaí an bhoird rialaithe, 61,5 % de na hainmnithigh cheaptha ag grúpa ionadaithe na Stát agus 41,7 % de chomhaltaí iomlána an choiste eolaíochta; ag moladh do Chomhghnóthas IHI an chothromaíocht sin a choinneáil;

17.

á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh na deacrachtaí a bhaineann le tréimhse phaindéim COVID-19 a shárú mar thoradh ar na feabhsuithe leanúnacha ar shreabhadh oibre an bhainistithe tionscadail agus ar an iarracht chomhordaithe a rinne foireann Chomhghnóthas IHI, agus ar an gcaoi sin, go ndearnadh leanúnachas gnó a áirithiú, agus 96,04 % den bhuiséid oibríochtúil fheidhmiú mar thoradh air sin;

18.

ag tabhairt dá haire nach ndearna na Comhghnóthais ranníocaíochtaí fostóirí d’fhoireann na gComhghnóthas a íoc le scéim pinsin an Aontais ó 2016 i leith, ar rannaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chóimheas a n-ioncam fóirdheonaithe nach ioncam de chuid an Aontais iad agus a n-ioncam iomlán, ós rud é nach ndearna an Coimisiún foráil don chaiteachas sin i mbuiséad na gComhghnóthas ná nár iarr sé na híocaíochtaí go foirmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

Córais rialaithe inmheánaigh

19.

ag tabhairt dá haire, i gcás an Seachtú Creatchlár íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh, go ndéanann Comhghnóthas IHI iniúchtaí ex-post, agus i gcás íocaíochtaí Fís 2020, gurb í an Chomhsheirbhís Iniúchóireachta in Ard-Stiúrthóireacht RTD an Choimisiúin atá freagrach as na hiniúchtaí ex post; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na torthaí iniúchóireachta ex-post a bhí ar fáil ag deireadh 2021, gur thuairiscigh Comhghnóthas IHI ráta earráide ionadaíoch 1,9 % (2,16 % in 2020) agus ráta earráide iarmharach 0,8 % (1,14 %) dá Seachtú Clár Réime, agus ráta earráide ionadaíoch 0.97 % (1,13 % in 2020) agus ráta earráidí iarmharach 0,6 % (0,74 % in 2020) do thionscadail Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh);

20.

ag tabhairt dá haire, chun measúnú a dhéanamh ar rialuithe íocaíochta oibríochtúla Chomhghnóthas IHI, go ndearna an Chúirt iniúchadh randamach ar íocaíochtaí Fís 2020 a rinneadh in 2021, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex-post; ag tabhairt dá haire, i gcás amháin, gur aimsigh agus gur chainníochtaigh an Chúirt earráid chórasach a bhain le costais phearsanra a d’eascair as úsáid rátaí míchearta in aghaidh na huaire nach raibh bunaithe ar bhliain airgeadais iomlán, agus i gcás eile, earráid a d’eascair as easpa fianaise tacaíochta iomchuí maidir le trealamh dearbhaithe agus costais taistil;

21.

ag cur béim ar an bhfíoras gur deimhníodh earráidí sistéamacha leanúnacha i gcinneadh na Cúirte maidir le costais phearsanra dhearbhaithe agus, go háirithe, go bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus tairbhithe nua i mbaol níos mó earráidí ná tairbhithe eile; á thabhairt chun suntais gur tuairiscíodh na hearráidí sin go rialta sna tuarascálacha bliantúla ón gCúirt roimhe seo ó 2017 i leith; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú a dhéanamh ar rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe chun rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart do Chomhghnóthas IHI a chórais rialaithe inmheánaigh a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe i dtaca le FBManna agus tairbhithe nua agus a mholadh go láidir do chatagóirí áirithe tairbhithe a bhfuil baol níos ag baint leo, amhail FBManna agus tairbhithe nua, úsáid a bhaint as an draoi ríofa costas pearsanra; á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na Comhghnóthais uile, in 2022, ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe;

22.

ag tabhairt dá haire, i bhfianaise chineál ilbhliantúil na gclár agus na dtionscadal taighde aonair araon, gur le ráta na n-earráidí iarmharacha arna ríomh ar fhad an chláir a thugtar an léiriú is fónta ar thionchar airgeadais na n-earráidí agus go gcuirtear san áireamh ann na ceartúcháin a rinne Comhghnóthas IHI agus go ndéanann Comhghnóthas IHI torthaí córasacha na n-iniúchtaí a eachtarshuí, rud a mhéadaíonn go suntasach éifeacht ghlantacháin na n-iniúchtaí; á thabhairt chun suntais, thairis sin, de réir mar a théann na cláir chun cinn, go bhfoghlaimíonn tairbhithe óna n-earráidí agus, ag baint leas as ar foghlaimíodh ó thorthaí na n-iniúchtaí, go n-oibríonn Comhghnóthas IHI go leanúnach freisin chun tairbhithe a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi aon cheapa tuisle chun cuidiú leo a gcostais a thuairisciú i gceart, agus ar an gcaoi sin, earráidí a chosc;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus straitéis frithchalaoise

23.

ag tabhairt dá haire go bhfuil Straitéis Frithchalaoise ag Comhghnóthas IHI atá ailínithe le straitéis frith-chalaoise an Choimisiúin (CAFS 2019) agus leis an gComhstraitéis frith-chalaoise don teaghlach taighde (RAFS 2019), arna comhlánú le gníomhaíochtaí frithchalaoise breise a bhaineann le bainistiú agus riarachán conarthaí seirbhíse;

24.

ag tabhairt dá haire go ndéantar gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme maidir le deontais agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a chomhordú le AS RTD agus le gníomhaireachtaí taighde eile trí phlean gníomhaíochta ilbhliantúil arna chomhordú ag an gCoiste Calaoise agus neamhrialtachta sa taighde (FAIR);

25.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur chumhdaigh gníomhaíochtaí frithchalaoise Chomhghnóthas IMI 2 comhar le gníomhaíochtaí Choiste FAIR, rud a mhéadaigh feasacht foirne maidir le frith-chalaois, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcomhdháil na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise ‘Aontaithe i gcoinne an éillithe – Seasamh le caighdeáin eiticiúla institiúidí AE’, agus i gcleachtadh measúnaithe riosca calaoise; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur dhá chúram a bhí i gceist: ceann amháin a bhí leabaithe sa timthriall frithchalaoise bliantúil agus ceann amháin, níos fairsinge agus níos mionsonraithe, chun bunús a leagan síos don athbhreithniú ar an straitéis frithchalaoise fhoriomlán do do Chomhghnóthas IHI;

26.

á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur cuireadh in iúl d’fhoireann iomlán Chomhghnóthas IHI faisnéis rialta faoi rioscaí a bhaineann leis an gcalaois agus faoi na nósanna imeachta atá le húsáid i gcás amhras faoi chalaois/neamhrialtachtaí agus gur tugadh aird ar shaincheisteanna trasghearrthacha amhail rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, tarmligean údaráis, agus deighilt dualgas.

(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(2)   IO L 169, 7.6.2014, lch.. 54.


Top