Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1887

    Rún (AE) 2023/1887 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021

    IO L 242, 29.9.2023, p. 309–314 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1887/oj

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 242/309


    RÚN (AE) 2023/1887 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

    an 10 Bealtaine 2023

    ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2021,

    ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2023),

    A.

    de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachais (1), gur EUR 32 839 626 a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2021, rud a léirigh méadú 15,69% i gcomparáid le 2020; de bhrí go bhfuil an tÚdarás á maoiniú le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 12 140 600, arb ionann agus 36,96%) agus le ranníocaíochtaí ó údaráis faireacháin náisiúnta ó na Ballstáit (EUR 20 258 026, arb ionann é agus 61,69%);

    B.

    de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla an Údaráis beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

    Bainistiú buiséid agus airgeadais

    1.

    ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021 ráta cur chun feidhme buiséadach 99,98%, léiriú ar laghdú 0,02% i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, áfach, gur ráta forfheidhmithe 79,12% a bhí ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, léiriú ar laghdú 3,67% i gcomparáid le 2020; á iarraidh ar an Údarás a ráta forfheidhmithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a fheabhsú;

    Feidhmíocht

    2.

    ag tabhairt dá haire go mbaineann an tÚdarás úsáid as bearta áirithe amhail eochairtháscairí feidhmíochta chun meastóireacht a dhéanamh ar an luach breise arna sholáthar lena ghníomhaíochtaí agus bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a bhuiséid; ag tabhairt dá haire gur shocraigh an tÚdarás in 2021 ceithre sprioc feidhmíochta dhéag ar leibhéal straitéiseach ar fud a sheacht bpríomhréimse oibre; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur éirigh leis an Údarás dhá cheann déag de na spriocanna sin a bhaint amach nó a shárú agus go bhfuil an dá eochairtháscaire feidhmíochta eile á mbaint amach;

    3.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás 304 tháirge agus seirbhís, nó 88 % den iomlán, a sholáthar in am, go raibh moill bheag ann i gcás 35 tháirge agus seirbhís eile agus go raibh 8 gcinn nár tugadh ar aghaidh, go minic mar gheall ar thús áite a thabhairt d’éilimh phráinneacha eile mar thoradh ar chinntí polaitiúla, ar thionchar ghéarchéim COVID-19, ar cheangal le tionscnaimh eile agus easpa acmhainní;

    4.

    ag moladh an Údaráis as na móréachtaí a bhain sé amach in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil caighdeáin theicniúla á bhforbairt chun ‘glas-snasú’ táirgí airgeadais a chomhrac agus doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach maidir leis na táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a dhéanamh níos inrochtana d’infheisteoirí miondíola; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur fhoilsigh an tÚdarás in 2021 na critéir le haghaidh neamhspleáchas na n-údarás maoirseachta, inar tugadh aghaidh ar chóineasú maoirseachta i réimsí amhail cleachtais mhaoirseachta agus ionchais i gcás sárú; á chur in iúl gur geal léi gur forbraíodh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach lena dtugtar deis don Údarás agus dá chomhaltaí tuairim a fhorbairt maidir le treochtaí agus forbairtí sa mhargadh árachais Eorpach agus maidir leis an riosca sistéamach féideartha;

    5.

    ag tabhairt dá haire gur athdháil an tÚdarás acmhainní daonna in 2021 chun tacaíocht a thabhairt don chóineasú maoirseachta; ag tabhairt dá haire gur lean an leithdháileadh sin as moladh a bhí déanta ag an gCúirt i dTuarascáil Speisialta Uimh. 29/2018 uaithi maidir leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde; á aithint go ndearna an tÚdarás iarrachtaí maidir leis an gclaochlú digiteach chun méadú ar an éifeachtúlacht trí uasghrádú a dhéanamh ar an gcroíbhonneagar teicniúil, trí thionscnaimh chun spreagadh a thabhairt d’uathoibriú na bpróiseas gnó agus go ndearnadh feabhsuithe ar an Eislíon, i measc nithe eile;

    Beartas foirne

    6.

    ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 99 % ar an 31 Nollaig 2021, go raibh ceapacháin déanta i gcás 137 ngníomhaire shealadacha as 138 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 127 post údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 33 ghníomhaire ar conradh agus 23 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Údarás in 2021;

    7.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an Údarás i dtreo cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach maidir leis an bhfoireann; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an tÚdarás maidir leis an miondealú inscne in 2021 go raibh cúigear fear (63%) agus triúr ban (38%) sna poist ardbhainistíochta, go raibh triúr fear (43%) agus ceathrar ban (57%) ar a bhord bainistíochta, agus 98 bhfear (52 %) agus 89 mbean (48%) ina fhoireann fhoriomlán; á iarraidh ar an Údarás leanúint de bheartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoraíocht ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú ionas chun go mbeadh ionadaíocht iomchuí ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

    8.

    á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tÚdarás, agus é i mbun cianoibre, a chuid earcaíochta go cianda freisin, gur dhírigh sé ar na próifílí cuí a bheith aige lena chinntiú go leanfaí de shainordú an Údaráis a chomhlíonadh, agus gur lean an tÚdarás de dhaoine nua a lánpháirtiú ar feadh na bliana trí sheisiúin ionduchtúcháin shonracha a chur ar fáil dóibh chomh maith leis an tacaíocht riachtanach do dhaoine a thosaíonn ag obair leis an Údarás go cianda;

    9.

    ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás oiliúint dhílsithe ar fáil don fhoireann agus don bhainistíocht in 2021 chun déileáil leis an staid nua oibre, amhail foirne hibrideacha agus cianobair; ag tabhairt dá haire go háirithe go raibh feabhsú scileanna ceannaireachta agus bainistíochta na foirne bainistíochta i gcroílár na hoiliúna a cuireadh ar an bhfoireann bainistíochta in 2021;

    10.

    ag tabhairt dá haire agus is mór aici go ndearna an tÚdarás iarracht le linn 2021 ardú próifíle a thabhairt d’árachas agus pinsin mar rogha ghairme thairbheach do mhná, go háirithe sna poist cheannasacha, trí shraith próifílí a fhoilsiú de mhná i róil cheannasacha agus éagsúlacht na gcainteoirí a thugann cainteanna ag ócáidí poiblí á cur san áireamh mar thoisc chinntitheach;

    11.

    ag tabhairt dá haire go ndearnadh comhdhéanamh an bhoird achomhairc a athnuachan ar an 1 Nollaig 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gur bhain an athnuachan sin le cúig chomhalta agus cúig chomhalta ionaid a rithfidh a dtéarma go dtí an 30 Samhain 2026, ar téarma é a bheidh inathnuaite aon uair amháin;

    12.

    á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an beartas faoina dtugtar cosaint do dhínit an duine in aghaidh ciapadh síceolaíoch agus gnéasach; ag tabhairt dá haire gur bunaíodh nós imeachta mionsonraithe lena n-áiritheofar go gcuirfear an beartas chun feidhme; ag moladh an Údaráis as an líonra inmheánach comhairleoirí rúnda atá aige ar comhairleoirí iad atá oilte chun comhairle a chur ar an bhfoireann agus chun a bheith rannpháirteach i nós imeachta neamhfhoirmiúil maidir le ciapadh, dá dtiocfadh a leithéid i gceist; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an cinneadh múnla maidir le fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta; ag tabhairt dá haire go gcuireann an cinneadh múnla sin leis na bearta cosantacha le haghaidh íospartaigh líomhnaithe an chiaptha;

    13.

    ag moladh an Údaráis as a thiomantas do chur chuige réamhghníomhach i leith bainistiú éagsúlachta a bhfuil níos mó i gceist leis ná a áirithiú go ndéantar neamh-idirdhealú agus rialacha maidir le comhionannas a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú agus an plean gníomhaíochta mionsonraithe, lena n-áirítear gur glacadh Cairt EUAN maidir le hÉagsúlacht agus Cuimsiú agus gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear bearta tras-earnála; ag tabhairt dá haire go gcuimsíonn na bearta sin comhoibriú le hinstitiúidí eile, lena n-áiritheofar gairmréim chothrom agus chothromasach, agus bearta spriocdhírithe maidir le grúpaí sonracha;

    Soláthar

    14.

    ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thug an Chúirt barúil go ndeirtear sa chonradh cíosa maidir le háitreabh an Údaráis go gcaithfidh an tiarna talún toiliú a thabhairt roimh ré sular féidir aon athruithe a dhéanamh ar an réadmhaoin agus sular féidir trealamh breise a shuiteáil; ag tabhairt dá haire thairis sin gur luaigh an Chúirt, maidir leis an gcoinníoll sin, gur trí chonraitheoirí arna n-ainmniú ag an tiarna talún, amháin, a fhéadfar na hoibreacha gaolmhara uile a dhéanamh; á chur in iúl gur saoth léi gur thug na srianta conarthacha sin ar an Údarás na hoibreacha athchóirithe a dhámhachtain go díreach ar chonraitheoirí arna n-ainmniú ag an tiarna talún, gan nós imeachta soláthair iomchuí; ag tabhairt dá haire gur ann don chonclúid ón gCúirt go raibh na méideanna a bhain leis an gclásal conartha sin (íocadh EUR 288 125 in 2021) neamhrialta ar an ábhar sin; á iarraidh ar an Údarás géilleadh dá oibleagáidí faoi na rialacha is infheidhme nuair a bheidh a nósanna imeachta soláthair á lainseáil aige amach anseo;

    15.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá an nós imeachta soláthair, chun iomaíocht chóir idir tairgeoirí a áirithiú agus chun earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus urraim á tabhairt do phrionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don bharúil ón gCúirt go bhfuil laigí an tsoláthair phoiblí ag méadú agus go bhfuil siad fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta i bhformhór na ngníomhaireachtaí; á iarraidh ar an Údarás na huirlisí teicneolaíochta faisnéise ríomhsholáthair arna bhforbairt ag an gCoimisiún Eorpach a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún na nósanna imeachta agus na teimpléid a shoiléiriú agus a nuashonrú sna treoirlínte soláthair;

    Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

    16.

    ag tabhairt dá haire de réir Rialacha Nós Imeachta an Údaráis maidir leis an mbord maoirseoirí (BoS) in 2021, nach bhféadfaidh comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a raibh coinbhleacht leasa acu páirt a ghlacadh sa phlé a dhéanann an Bord ar an ábhar sin ná vóta a chaitheamh ina leith, ach go bhfanfaidís sa chruinniú mar sin féin; ag teacht leis an mbarúil ón gCúirt go gcruthódh comhaltaí Boird Maoirseoirí a bhfuil coinbhleacht leasa acu agus atá i láthair ag cruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, riosca do neamhspleáchas an Bhoird; ag cur sonrú, thairis sin, i dtorthaí na Cúirte maidir leis an dá mheasúnóir a cheap an bord bainistíochta chun tuarascálacha bliantúla feidhmíochta an chathaoirligh agus an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chur le chéile, go mbeadh an ról sin acu i gcónaí, fiú i gcásanna ina bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist; á chur in iúl gur geal léi gur athbhreithnigh an Bord Maoirseoirí a Rialacha Nós Imeachta i mí Iúil 2022 lena gcuirtear breathnóireacht na Cúirte chun feidhme maidir le comhaltaí easaontacha den Bhord Maoirseoirí a bheith i láthair le linn pléití agus vótála; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur fhormheas bord bainistíochta an Údaráis cinneadh athbhreithnithe i mí na Nollag 2022 maidir le breithmheas an chathaoirligh agus an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, i gcomhréir le barúlacha na Cúirte;

    17.

    ag tabhairt dá haire gur mheasúnaigh tuarascáil na Cúirte cás amháin de choinbhleacht leasa féideartha idir 2019 agus 2021 i dtaca le ball foirne sinsearach a ghlac post nua lasmuigh den Údarás; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don bharúil ón gCúirt nach ndeachaigh an tÚdarás i gcomhairle leis an gComhchoiste sa chás sin, rud a bhí ina shárú ar Airteagal 16 de Rialachán Uimh. 31 (CEE ), 11 (CEFA) (2) (an ‘Rialachán Foirne’) agus Airteagal 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Foirne; ag tabhairt dá haire, áfach, an t-athbhreithniú ar riail eitice an Údaráis do chomhaltaí foirne arna glacadh i mí na Nollag 2022, trína bhféadfar comhchoistí éagsúla faoi Airteagal 9 den Rialachán Foirne a bhunú, lena n-áirítear do bhainisteoirí sinsearacha;

    18.

    á chur in iúl gur geal léi go ndéantar CVanna Comhaltaí den Bhord Maoirseoirí agus de Bhord Bainistíochta an Údaráis, resumé Chathaoirleach agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis agus resumé gearr ar chinn roinne an Údaráis a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Údaráis, i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla an Údaráis; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Údaráis na cruinnithe a bhí ag an bhfoireann le brústocairí;

    19.

    ag moladh an Údaráis go háirithe as a bheith i measc na naoi ngníomhaireacht a thug isteach a rialacha inmheánacha féin chun déileáil leis an easpa forálacha i reachtaíocht an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí chomhaltaí bhoird ghníomhaireachtaí, agus mar sin ag dul thar na híoscheanglais dhlíthiúla agus iad ag láimhseáil cásanna féidearthachta ‘dorais imrothlaigh’;

    20.

    á áitiú nach mór sraitheanna córasacha rialacha a bhunú maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasanna agus brústocaireacht neamhdhleathach; á iarraidh ar an Údarás bearta inmheánacha frithéilliúcháin a chur i bhfeidhm freisin; á iarraidh ar an Údarás tuairisciú don údarás um urscaoileadh ar an dul chun cinn atá déanta ina leith;

    21.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha ar bun maidir le sceithireacht sheachtrach agus inmheánach; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur chruthaigh an tÚdarás leathanach poiblí sonrach ar a shuíomh gréasáin, lena n-áirítear bosca ríomhphoist feidhmiúil a bhfuil cearta rochtana srianta ag gabháil leis chun cosaint sceithirí a áirithiú de bhun Airteagal 17a de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh forbairt bhreise ar rialacha an Údaráis agus go ndearnadh treoirlínte maidir le sceithireacht a leagan síos;

    Rialú inmheánach

    22.

    á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tÚdarás na moltaí criticiúla uile agus an-tábhachtach uile ó Sheirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin a chur chun feidhme agus go bhfuil súil ghéar á coinneáil aige ar chur chun feidhme na moltaí atá fágtha trí phleananna gníomhaíochta dílsithe, agus laistigh de na spriocdhátaí a comhaontaíodh;

    23.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás an measúnú bliantúil ar a Chreat Rialaithe Inmheánaigh agus gur tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na comhpháirteanna agus na prionsabail uile curtha chun feidhme agus ag feidhmiú de réir mar a beartaíodh, agus go bhfuil feabhsuithe ag teastáil i réimsí amhail leanúnachas gnó, bainistiú próiseas, oiliúint agus feasacht; á chur in iúl gur geal léi an scrúdú córasach a dhéanann an tÚdarás ar na torthaí agus táscairí rialaithe, agus na barúlacha atá eisithe ag IAS, ag an gCoiste um Rialú Cáilíochta, ag gnólachtaí iniúchóireachta agus ag an gCúirt agus na moltaí atá déanta acu;

    24.

    ag moladh na mbeart a rinne an tÚdarás in 2021chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí maidir le cur chun feidhme cumhachtaí agus cúraimí nua, saincheisteanna a bhaineann le foireann oilte leis na hinniúlachtaí a cheanglaítear a mhealladh agus bagairtí cibearshlándála; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ráite ag an Údarás gur thug sé isteach feabhsuithe ar a phróiseas bainistithe riosca in 2021 chun na próisis phleanála agus tuairiscithe, gníomhaíochtaí faireacháin ráithiúla agus cuíchóiriú na gclárlann rioscaí uile a chomhtháthú ar bhealach níos fearr; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tÚdarás anailís in 2021 ar thorthaí a straitéisí frith-chalaoise roimhe sin, ar thorthaí iad a chuidigh chun Straitéis Frith-Chalaoise 2022-2024 reatha an Údaráis a shainiú;

    25.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás measúnú in 2021 den chéad uair riamh ar éifeachtúlacht costais a chuid rialuithe maidir le gníomhaíochtaí ex-ante agus ex-post, bainistiú buiséid, pleanáil, meastóireacht, bearta frithchalaoise, cosaint sonraí, eitic, bainistiú riosca agus rialú inmheánach; ag tabhairt dá haire thairis sin go raibh costais dhíreacha ar na rialuithe sin in 2021 arbh ionann agus 1,98% de bhuiséad iomlán an Údaráis do 2021 agus gur leithdháileadh coibhéis lánaimseartha 7,47 orthu; á chur in iúl go molann sí an tÚdarás as cost-éifeachtúlacht a chuid rialuithe a bheith ina ndíol suntais;

    An digiteáil & an t-aistriú glas

    26.

    ag tabhairt dá haire gur chomhoibrigh an tÚdarás le comhairleoirí seachtracha chun tionscadail éagsúla teicneolaíochta faisnéise a chur chun feidhme; ag moladh an Údaráis as aighneacht a dhéanamh maidir le Straitéis Néalríomhaireachta nua agus as an ullmhúchán don mhór-aistriú teicniúil in 2022 agus 2023;

    27.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a mbeidh conarthaí fadtréimhseacha acu, chun imirce daoine oilte a sheachaint mar aon le neamhéifeachtúlachtaí agus rioscaí móra féideartha agus laigí i leith cibirionsaithe;

    28.

    ag spreagadh an Údaráis oibriú i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE (CERT-EU) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí; á mholadh go ndéantar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a nuashonraítear go rialta a thairiscint do gach ball foirne, lena n-áirítear an lucht bainistíochta; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá bheartas cibearshlándála a fhorbairt, agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh ar an dul chun cinn atá déanta ina leith;

    29.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás na cistí a coiglíodh de bharr bhearta coisctheacha COVID-19 a infheistiú i dteicneolaíochtaí agus i ndigiteáil próiseas, amhail, ach gan a bheith teoranta do, chur chun feidhme na gClárlann PEPP (Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach) agus forbairt ar réiteach nua Intleachta Gnó (BI 2.0);

    30.

    á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an tÚdarás amhail 1 Iúil 2021 treoirlínte maidir le slándáil agus rialachas na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide d’fhonn athléimneacht dhigiteach a thógáil le haghaidh na rannpháirtithe uile sa chóras airgeadais;

    31.

    á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an tÚdarás, i gcomhréir leis an moladh ón gCúirt, ag déanamh an Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS), ar beartaíodh deimhniú ar bhonn táscach di le haghaidh 2022, a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur cruthaíodh clárlann gnéithe comhshaoil ina mionsonraítear príomhiarmhairtí comhshaoil an Údaráis, plean gníomhaíochta an Údaráis ina bhfuil thart ar 140 gníomhaíocht agus gur bunaíodh a chóras bainistíochta comhshaoil; ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun laghdú ar iarmhairt chomhshaoil a oibríochtaí riaracháin lena n-áirítear laghdú ar úsáid pháipéir, sreafaí oibre leictreonacha á gcur chun feidhme nó tacaíocht le haghaidh rannpháirtíocht fhíorúil in ócáidí;

    32.

    á chur in iúl gur geal léi go ndeachaigh an tÚdarás le nós imeachta idir-institiúideach soláthair le haghaidh fritháireamh carbóin, agus go bhfuil beartaithe aige fritháireamh a dhéanamh amhail ó 2022 ar thart ar 250-300 tonna d’astaíochtaí carbóin a bhaineann le gníomhaíochtaí eagraíochtúla amhail taisteal gnó riachtanach; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go bhfuil an tÚdarás tiomanta dá líon cruinnithe agus misean ar an láthair a laghdú 35% amhail ó 2022;

    Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

    33.

    ag tabhairt dá haire go raibh Clár Bliantúil Oibre an-trom ann in 2021 ina raibh obair díthosaíochta ó 2020 mar thoradh ar thionchar COVID-19 ar obair an Údaráis; ag spreagadh na Gníomhaireachta na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le taistil a foirne a chur i bhfeidhm, chun aitheantas níos fearr a thabhairt do na cruinnithe agus na tascanna a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla, go cianda ná go pearsanta amach anseo;

    34.

    ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an tÚdarás gur lean sé de bhearta difriúla a chur i bhfeidhm maidir le foireann, cuairteoirí agus comhaltaí den bhord bainistíochta chun scaipeadh víreas COVID-19 a mhoilliú agus chun leanúnachas gnó a áirithiú; ag tabhairt dá haire go háirithe gur lean foireann uile an Údaráis, na gcomhlachtaí rialaithe agus na meithleacha oibre de bheith ag obair ó chian amháin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, cosúil leis an mbliain roimpi ar bhealach, gur thuairiscigh an tÚdarás coigilteas thart ar EUR 1 150 000, go príomha mar thoradh ar fhionraí an taistil foirne agus cruinnithe foirne, cruinnithe an bhoird bainistíochta agus an Bhoird Maoirseoirí a bheith á reáchtáil ar bhonn cianda amháin;

    Barúlacha eile

    35.

    ag moladh an chomhoibrithe a rinne an tÚdarás le gníomhaireachtaí eile i réimse na teicneolaíochta faisnéise, an obair ar thionscadail chomhpháirteacha a dhíríonn ar thuairisciú rialála digiteach a chruthú agus a thógáil agus ardán chun faisnéis maidir le measúnuithe oiriúnachta agus cuibhis a mhalartú, i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go raibh an tÚdarás rannpháirteach in 2021 sna comhsheisiúin mhaoirseachta le haghaidh Comhairleoirí Rúnda, tionscnamh de chuid EU-OSHA;

    36.

    ag cur sonrú in iarrachtaí an Údaráis a infheictheacht phoiblí a mhéadú trí ghéarú ar a láithreacht sna meáin shóisialta, ag preasócáidí, in agallaimh le hasraonta meáin, i gcruinnithe le cumainn tomhaltóirí agus acadóirí nó rannpháirtíocht mar chainteoirí ag ócáidí arna n-eagrú ag tríú páirtithe; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá ghníomhaíochtaí i dtreo infheictheacht phoiblí agus for-rochtain níos mó, agus géarú orthu;

    37.

    ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) uaithi ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

    (1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 141.

    (2)  Rialachán Uimh. 31 (CEE) 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO P 45, 14.6.1962, lch. 1385/62).

    (3)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

    (4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


    Top