Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1816

    Rún (AE) 2023/1816 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

    IO L 242, 29.9.2023, p. 37–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1816/oj

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 242/37


    RÚN (AE) 2023/1816 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

    an 10 Bealtaine 2023

    ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle,

    ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0085/2023),

    A.

    de bhrí, faoi Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle;

    B.

    de bhrí, de bhun Airteagal 15(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach bhfuil an Chomhairle Eorpach chun feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú;

    C.

    de bhrí, faoi Airteagal 317 CFAE, go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;

    D.

    de bhrí, faoi Airteagal 235(4) agus Airteagal 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle (‘GSC’) cúnamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (an ‘Chomhairle’), agus de bhrí go bhfuil an tArd-Rúnaí iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais;

    E.

    de bhrí, le beagnach fiche bliain, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún leis gur cheart leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais maidir lena chaiteachas riaracháin;

    F.

    de bhrí, de réir Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais, go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;

    G.

    de bhrí, ó 2009 i leith, de bharr an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh, gur dhiúltaigh an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle;

    H.

    de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme;

    I.

    de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar fhaighteoirí de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar chaiteachas cistí poiblí;

    J.

    de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí;

    K.

    de bhrí gur tugadh le fios leis an moladh ón Ombudsman Eorpach (‘an tOmbudsman’) i bhfiosrúchán straitéiseach IO/2/2017/TE maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle gur dhrochriarachán a bhí i gcleachtais na Comhairle maidir le trédhearcacht an phróisis reachtaigh agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu chun cur ar chumas na saoránach próiseas reachtach an Aontais a leanúint;

    1.

    ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad na Comhairle faoi cheannteideal 7 CAI, ‘riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 10,7 billiún san iomlán in 2021; ag tabhairt dá haire gurb ionann buiséad na Comhairle agus thart ar 5,6 % den bhuiséad riaracháin iomlán i gceannteideal 7 CAI;

    2.

    ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021, a sampla d’idirbhearta faoi Riarachán ó 48 in 2020 go 60 in 2021;

    3.

    ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt go léirítear leis an obair a rinneadh in imeacht roinnt mhaith blianta gur le caiteachas foriomlán ar riosca íseal a bhaineann ceannteideal 7 CAI;

    4.

    ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di gur thug an Chúirt dá haire ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021, nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an gComhairle;

    Staid na himeartha maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh

    5.

    á chur in iúl gur oth léi go mór, don bhliain airgeadais 2020, go raibh ar an bParlaimint diultú d’urscaoileadh don Chomhairle arís eile toisc go ndiúltaíonn an Chomhairle comhoibriú leis an bParlaimint maidir le nós imeachta urscaoilte atá críochnúil, ordúil agus eolasach a áirithiú;

    6.

    ag cur béim ar shainchumas na Parlaiminte urscaoileadh a dheonú de bhun Airteagal 319 CFAE chomh maith leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte i gcomhréir leis an léirmhíniú agus leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, eadhon, an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú chun trédhearcacht a chothabháil agus chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú i leith cháiníocóirí an Aontais;

    7.

    á chur i bhfios go láidir go luaitear in Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, go measann sé go bhfuil sé dothuigthe go gcreideann an Chomhairle gurb iomchuí urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún chun buiséad na Comhairle a chur chun feidhme;

    8.

    ag cur béim ar an gcleachtas seanbhunaithe agus urramaithe atá á leanúint ag an bParlaimint le nach mór fiche bliain a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais; á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséid institiúidí eile AE; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart go leanfadh an Pharlaimint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid de chuid an Aontais i ndáil lena gcaiteachas riaracháin;

    9.

    á chur i bhfáth go bhfuil sé dodhéanta don Pharlaimint a dualgais a chomhlíonadh i gceart agus cinneadh feasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú le cúrsaí mar atá, nuair nach féidir léi ach tuarascálacha na Cúirte agus an Ombudsman a sheiceáil, chomh maith leis an bhfaisnéis ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ach nach bhfaigheann sí freagraí i scríbhinn nó ó bhéal ón gComhairle le linn an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh, i.e. go ndiúltaíonn an Chomhairle comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh;

    10.

    á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé léirithe ag an gComhairle le breis agus deich mbliana nach bhfuil aon toilteanas polaitiúil aici comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta urscaoilte bhliantúil; á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar diúltach buan ag an dearcadh sin ar an dá institiúid trí íomhá an Aontais ina iomláine a chur i mbaol, rud a chuir míchlú ar bhainistiú agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais agus ar mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach; á chur in iúl gur oth léi go mór an diúltú leanúnach ón gComhairle páirt a ghlacadh i gcomhar dílis faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh;

    11.

    á chur i bhfáth, cé gur gá feabhas a chur ar an staid reatha trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr faoi chuimsiú na gConarthaí, go bhféadfadh athbhreithniú ar na Conarthaí an nós imeachta um urscaoileadh a dhéanamh níos soiléire agus níos trédhearcaí trí inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais ar bhonn aonair;

    12.

    á mheabhrú go dtacaíonn cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; á éileamh, dá bhrí sin, go dtabharfaí lánurraim do shaincheart na Parlaiminte agus dá ról mar ráthóir ar phrionsabal na cuntasachta daonlathaí; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí a ghlac an Pharlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh;

    13.

    á iarraidh ar an gComhairle tús a chur arís le caibidlíocht leis an bParlaimint a luaithe is féidir chun teacht ar réiteach i gcreat reatha an nós imeachta um urscaoileadh más spéis leis an gComhairle a léiriú do shaoránaigh an Aontais go bhfuil sí dáiríre faoin rialú agus trédhearcacht bhuiséadach a dhéanamh go cuí agus san am céanna róil na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach sa nós imeachta um urscaoileadh á urramú;

    14.

    ag tabhairt dá haire, in ainneoin nach bhfuil an Chomhairle toilteanach comhoibriú ar an nós imeachta um urscaoileadh, go leagann an Pharlaimint béim mar sin féin ar roinnt tosaíochtaí polaitiúla agus go leagann sí amach roinnt barúlacha maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais na Comhairle agus barúlacha eile atá ábhartha don nós imeachta um urscaoileadh sa tuarascáil seo;

    15.

    ag tabhairt dá haire, agus an tuarascáil sin á cur i gcrích aici, go raibh ar an bParlaimint oibriú le faisnéis a chuir an Chomhairle ar fáil trína suíomh gréasáin ós rud é gur roghnaigh an Chomhairle, mar a bhí amhlaidh sna blianta roimhe sin, gan freagra a thabhairt ar an gceistneoir a seoladh chuig Ardrúnaíocht na Comhairle agus a roghnaigh gan glacadh le cuireadh chun teacht agus ceisteanna ó ionadaithe ar shaoránaigh an Aontais a fhreagairt, ar ionadaithe iad a thoghtar go daonlathach, mar atá á dhéanamh ag gach institiúid eile mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh;

    Tosaíochtaí polaitiúla

    16.

    á mheabhrú, de bhun Airteagal 286(2) CFAE, go ndeanann an Chomhairle comhaltaí na Cúirt a cheapadh tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint; á chur in iúl gurb oth léi gur mhainnigh an Chomhairle arís agus arís eile moltaí na Parlaiminte a chur san áireamh i ról comhairleach na Parlaiminte maidir le comhaltaí na Cúirte a cheapadh, ach leanann sí ag ceapadh chomhaltaí na Cúirte, ar comhaltaí iad ar dhiúltaigh an Pharlaimint dóibh;

    17.

    á chur in iúl gur oth léi ar bhonn ginearálta go gcuireann an Chomhairle a sainchumas i bhfeidhm sna nósanna imeachta ainmniúcháin agus ceapacháin do go leor institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais gan tuairimí na bpáirtithe leasmhara nó moltaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a chur san áireamh; á áitiú gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar shaincheart na Comhairle d’fhonn rannpháirtíocht na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí lena mbaineann a ráthú agus a neartú agus dlisteanacht na ndaoine a cheaptar a mhéadú;

    18.

    á chur i bhfios go bhfuil neamhchothromaíocht thromchúiseach inscne sa Chúirt agus nach raibh ach 8 gcomhalta ar mná iad ann i gcomparáid le 18 gcomhalta fireanna ag deireadh 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil deacrachtaí ann a bhaineann le cothromaíocht inscne a bhaint amach sa Chúirt mar gheall ar an nós imeachta ainmniúcháin atá ann faoi láthair; á iarraidh an athuair ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an nós imeachta ainmniúcháin agus é mar aidhm aici dul i ngleic leis an bhfadhb sin trí ghníomhaíochtaí nithiúla, amhail é a dhéanamh éigeantach do na Ballstáit beirt iarrthóirí ar a laghad a bhfuil inscne éagsúil acu a chur i láthair;

    19.

    á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil neamhaird tugtha ag an gComhairle go dtí seo ar rún ón bParlaimint an 17 Nollaig 2020 maidir leis an ngá atá le cumraíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle i ndáil le comhionannas inscne (1) agus á áitiú, dá mbeadh fóram institiúideach tiomnaithe ann, go ndéanfaí comhionannas inscne a chomhtháthú ar bhealach níos láidre i mbeartais agus i straitéisí an Aontais agus go n-áiritheofaí comhordú agus dul chun cinn riachtanach sna príomhchomhaid a bhaineann le comhionannas inscne;

    20.

    ag meabhrú mholtaí an Ombudsman maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017/TE agus ag tacú leo; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an próiseas cinnteoireachta sa Chomhairle fós i bhfad ó bheith go hiomlán trédhearcach, rud a dhéanann difear do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach agus a chuireann, dá réir sin, clú an Aontais ina iomláine i mbaol; ag tathant ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman agus rialuithe ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme gan moill mhíchuí; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil tábhacht ag baint leis an mbreithiúnas a thug an Chúirt Ghinearálta le déanaí i gCás T-163/21 De Capitani v an Chomhairle (2) maidir le trédhearcacht i bpróiseas reachtach an Aontais, ina luaitear nach doiciméid de chineál teicniúil iad na doiciméid a tháirgeann an Chomhairle ina meithleacha ach doiciméid reachtacha agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid; á thabhairt chun suntais go soiléiríonn an Chúirt gur cheart don Chomhairle, agus rochtain ar dhoiciméid den sórt sin á diúltú aici, mínithe nithiúla beachta a chur ar fáil, agus go ndiúltaíonn sí go hiomlán do thagairtí ón gComhairle do rioscaí doiléire mar chúis leordhóthanach; ag tacú go láidir le tuairim na Cúirte nach mbainfeadh rochtain ar dhoiciméid reachtacha an bonn ar bhealach ar bith den phróiseas cinnteoireachta, in ainneoin na n-éileamh sin ón gComhairle, agus nach bhfreagródh sé ach d’oibleagáid chuntasacht phoiblí na gcomhreachtóirí agus na mBallstát, atá cumhdaithe in aon chóras atá bunaithe ar dhlisteanacht dhaonlathach;

    21.

    á chreidiúint go bhfuil bac á chur ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais mar thoradh ar úsáid a bheith á baint as vótáil d’aon toil sa Chomhairle maidir le réimsí beartais áirithe agus go bhféadfadh na Ballstáit dúmhál a dhéanamh air chun críoch polaitiúil intíre, go háirithe iad siúd nach n-urramaíonn an smacht reachta; á iarraidh ar an gComhairle na nósanna imeachta vótála trí thromlach cáilithe a chur i bhfeidhm nuair a dhéanann na Conarthaí foráil ina leith agus breithniú a dhéanamh ar an athbhreithniú ar na Conarthaí i leith na nósanna imeachta vótála; á chreidiúint gur céim ríthábhachtach i dtreo ceapadh beartais níos éifeachtúla é an t-aistriú ginearálaithe chuig nós imeachta vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle;

    22.

    á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an ról méadaitheach atá ag an gComhairle Eorpach i gcomhaid reachtacha in ainneoin nach bhfuil feidhm reachtach ná feidhm feidhmiúcháin aici agus nach gcuireann sí na caighdeáin trédhearcachta chéanna i bhfeidhm agus atá ag an gComhairle, rud a chiallaíonn nach bhfuil sí á tabhairt chun cuntais;

    23.

    á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil rannpháirtíocht Bhuanionadaithe na mBallstát sa Chlár Trédhearcachta go hiomlán deonach agus á áitiú gur cheart do na Buanionadaíochtaí uile páirt ghníomhach a ghlacadh sa Chlár Trédhearcachta roimh Uachtaránacht a mBallstáit ar an gComhairle, lena linn agus ina dhiaidh sin; á chreidiúint gur cheart na rialacha eitice atá ann cheana maidir le coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha agus trédhearcacht brústocaireachta a neartú agus a chomhchuibhiú; ag moladh don Chomhairle leas iomlán a bhaint as an gClár Trédhearcachta thar na teorainneacha atá aici faoi láthair agus á iarraidh ar an gComhairle diúltú bualadh le brústocairí neamhchláraithe;

    24.

    á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an seasamh sin ag an gComhairle maidir leis an gClár Trédhearcachta, lena ndiúltaítear d’aon neartú ar na bearta a mheas agus lena ndiúltaítear d’aon mholadh maidir le feabhsúchán;

    25.

    á athdhearbhú go bhfuil imní mhór uirthi maidir le coinbhleachtaí leasa deimhnithe ionadaithe de chuid na mBallstát atá rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta bheartais agus bhuiséid; á chreidiúint nár cheart ligean d’ionadaithe de chuid na mBallstát a bhaineann tairbhe dhíreach as fóirdheontais an Aontais trí na gnólachtaí ar leo féin iad páirt a ghlacadh i bpléití nó vótálacha beartais nó buiséadacha a bhaineann leis na fóirdheontais sin;

    26.

    á iarraidh an athuair ar uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle diúltú d’aon urraíocht chorparáideach rannchuidiú lena speansais a chumhdach; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir na hacmhainní airgeadais ó bhuiséid náisiúnta i measc na mBallstát agus gur cheart go mbeadh deis chomhionann ag gach Ballstát, gan beann ar a mhéid ná an buiséad a bhfuil fáil aige air, Uachtaránacht rathúil ar an gComhairle a eagrú, ach á chreidiúint go ndéanann glacadh le hurraíocht chorparáideach damáiste do chlú toisc go bhféadfadh sé coinbhleachtaí leasa a chruthú; á iarraidh an athuair ar an gComhairle forálacha buiséadacha a dhéanamh maidir le hUachtaránachtaí na Comhairle chun caighdeáin leormhaithe agus aonfhoirmeacha éifeachtúlachta agus éifeachtachta na hoibre sa Chomhairle a áirithiú go ginearálta; á chur in iúl gur cúis díomá di gur eisigh an Chomhairle an treoir neamhcheangailteach maidir le hurraíochtaí corparáideacha agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart í a athbhreithniú;

    Bainistiú buiséadach agus airgeadais

    27.

    ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 594 386 954 le haghaidh 2021 an buiséad don Chomhairle, arb ionann é agus méadú imeallach 0,6 % i gcomparáid le 2020, atá níos ísle ná an méadú ó 2019 go 2020 (1,5 %);

    28.

    á athdhearbhú gur oth léi nár roinneadh buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle ina dhá bhuiséad atá deighilte go soiléir mar a mhol an Pharlaimint i rúin urscaoilte roimhe seo chun trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, go háirithe maidir leis an gComhairle Eorpach i gcás nach féidir faisnéis iontaofa a fháil faoina costais sin faoi láthair;

    29.

    ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn Ardrúnaíocht na Comhairle sraith tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó chodanna éagsúla den Ardrúnaíocht ach go bhfuil sé deacair forléargas cuimsitheach a fháil ar ghníomhaíochtaí Ardrúnaíocht na Comhairle ós rud é nach bhfuil aon tuarascáil amháin ann lena ndéantar achoimre agus cur i láthair ar fhorléargas comhleanúnach ar ghníomhaíochtaí na Comhairle;

    30.

    ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil dearbhuithe urrúis ó oifigigh údarúcháin trí tharmligean na Comhairle (AODanna) sna tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta, ina luaitear gur úsáideadh acmhainní chun na críche a beartaíodh dóibh agus i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus go dtugtar leis na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh i bhfeidhm na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart;

    31.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an Chomhairle 43 aistriú buiséid in 2021, gach ceann ar bhonn Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais agus a raibh baint ag dhá cheann acu leis an údarás buiséadach a chur ar an eolas;

    Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

    32.

    á chur in iúl gur geal léi go raibh Ardrúnaíocht na Comhairle in ann a áirithiú go bhféadfaí leanúint den chinnteoireacht sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle in ainneoin na staide eisceachtúla leanúnaí arb í paindéim COVID-19 is cúis léi;

    33.

    ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Chomhairle 4 581 chruinniú san iomlán in 2021, arb ionann é agus méadú suntasach 30 % i gcomparáid le 2020 inar eagraíodh 3 520 cruinniú; ag tabhairt dá haire go dtagann an chuid is mó den mhéadú ó líon suntasach níos airde de chruinnithe na meithle, a mhéadaigh le 48 % ó 2 790 go 4 135;

    34.

    ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go gcuireann an Chomhairle achoimre ar fáil don údarás um urscaoileadh ar líon agus ar chineálacha na n-iniúchtaí inmheánacha a rinneadh in Ardrúnaíocht na Comhairle, sintéis ar na moltaí a rinneadh agus ar an ngníomhaíocht a rinneadh i leith na moltaí sin; ag tabhairt dá haire go ndearnadh ocht n-iniúchadh inmheánacha in 2021;

    35.

    ag tabhairt dá haire go gcumhdaíonn na hiniúchtaí inmheánacha pleanáil agus tuairisciú bliantúil na n-oifigeach údarúcháin trí tharmligean (AODanna); ag tabhairt dá haire go n-áirítear sna príomh-mholtaí ó na hiniúchtaí inmheánacha gur cheart do stiúrthóireacht airgeadais na Comhairle treoir a thabhairt do na AODanna maidir leis an measúnú ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht a gcórais rialaithe inmheánaigh a dhoiciméadú chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán Airteagal 74(9) den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl gur geal léi nár cuireadh iallach, leis an iniúchadh ar dheasc chabhrach airgeadais na Comhairle, ar iniúchóir inmheánach na Comhairle aon mholadh a eisiúint a mbeadh ardtosaíocht ag baint leis;

    36.

    ag tabhairt dá haire go léirítear san iniúchadh inmheánach ar chosaint sonraí, ar an iomlán, go dtugann an córas rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm dearbhuithe réasúnacha maidir leis na próisis atá ceaptha chun ligean do sheirbhísí Ardrúnaíocht na Comhairle sonraí a phróiseáil leis an ardleibhéal cosanta is gá; ag tabhairt dá haire, áfach, gur eisigh iniúchóir inmheánach na Comhairle moltaí lena ndírítear ar róil agus freagrachtaí a shoiléiriú, ar ról na ndaoine teagmhála maidir le cosaint sonraí a fheabhsú agus ar chinntí breise cur chun feidhme a ghlacadh maidir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (‘EUDPR’) a chur chun feidhme in Ardrúnaíocht na Comhairle; ag réiteach riaráiste na bhfógraí a rinneadh faoin seanrialachán, ar gá na fógraí sin a chlaochlú ina dtaifid faoi EUDPR, ina gcuirtear in iúl go soiléir na cineálacha gníomhaíochtaí a dteastaíonn taifead cosanta sonraí ina leith agus lena mbunaítear plean chun riaráiste na bhfógraí leagáide atá ann cheana a ionsú; agus an beartas néalríomhaireachta a athbhreithniú;

    37.

    ag tabhairt dá haire gur lig an t-iniúchadh ar earcaíocht d’iniúchóir inmheánach na Comhairle moltaí a eisiúint d’Ardrúnaíocht na Comhairle maidir le táscaire/táscairí a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú phríomhchuspóir an bheartais earcaíochta a chuirfidh ‘an fhoireann is fearr ar fáil d’Ardrúnaíocht na Comhairle chun a riachtanais a chomhlíonadh’; á chur in iúl gur díol sásaimh di nár cuireadh iallach ar an iniúchóir inmheánach aon mholadh a bhfuil ardtosaíocht ag baint leis a eisiúint leis an iniúchadh ar an ngnáthnós imeachta reachtach;

    38.

    ag tabhairt dá haire gur lig an t-iniúchadh ar an tslándáil oibríochtúil d’iniúchóir inmheánach na Comhairle teacht ar an gconclúid, ar an iomlán, go dtugann an córas rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm dearbhuithe réasúnta maidir leis na cuspóirí arna mbunú don tslándáil oibríochtúil a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, áfach, gur eisigh an t-iniúchóir inmheánach moltaí maidir le doiciméadacht maidir le hobair leantach ar rialuithe cáilíochta agus tástálacha treáite, feabhas a chur ar an tslándáil fhisiciúil, treoracha a thabhairt cothrom le dáta don fhoireann slándála agus measúnú riosca nua a dhéanamh ar an líonra slándála TF;

    39.

    ag tabhairt dá haire, leis an iniúchadh ar líonra uathoibrithe oifige Ardrúnaíocht na Comhairle, gur eisigh iniúchóir inmheánach na Comhairle moltaí maidir le soiléiriú sainorduithe, leithdháileadh gníomhaíochtaí measúnaithe leochaileachta ar fheistí líonraí agus aistriú córas íogair chuig suíomhanna líonra atá níos cosanta;

    40.

    ag tabhairt dá haire go raibh an t-iniúchadh ar an líonra a thacaíonn le córais bainistithe foirgneamh Ardrúnaíocht na Comhairle ina spreagadh d’iniúchóir inmheánach na Comhairle moltaí a eisiúint d’fhonn straitéis a shainiú maidir le todhchaí na gcóras bainistithe foirgneamh agus maidir le leibhéal rannpháirtíochta na seirbhísí digiteacha i ngníomhaíochtaí oibríochtúla gaolmhara; ag teacht ar chomhaontú maidir le tacar íosta ceanglas slándála faisnéise a bheidh le háireamh i gconarthaí le tríú páirtithe chun an riosca a eascraíonn as rochtain soláthraithe seachtracha ar chórais Ardrúnaíocht na Comhairle a bhainistiú; agus ag déanamh measúnú ar aistriú córas TF bainistithe foirgneamh chuig lárionaid sonraí na seirbhísí digiteacha chun bagairtí fisiciúla agus comhshaoil ar shaoráidí próiseála faisnéise reatha a mhaolú;

    41.

    ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil sciar coibhneasta na ríomhshonraisc ag méadú go leanúnach ó 1 % in 2014 go 74 % in 2020 agus 89 % in 2021 mar chuid de dhigitiú Ardrúnaíocht na Comhairle;

    Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne

    42.

    ag tabhairt dá haire gur socraíodh líon na bpost i bplean bunaíochta na Comhairle in 2021 ag 3 029; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, go bhfoilsíonn an Chomhairle sonraí an-teoranta maidir le comhdhéanamh a foirne; ag tabhairt dá haire, de réir na faisnéise a cuireadh ar fáil ar a suíomh gréasáin, an 16 Eanáir 2022, go raibh 3 119 gcomhalta foirne fostaithe ag Ardrúnaíocht na Comhairle agus ba mhná iad 1 791 (57 %) agus ba fhir iad 1 328 (43 %) díobh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 50 ball foirne a chatagóiriú mar bhainistíocht shinsearach agus ba mhná iad 19 (38 %) agus ba fhir iad 31 (62 %) díobh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 82 ball foirne a chatagóiriú mar bhainistíocht shinsearach agus ba mhná iad 36 (44 %) agus ba fhir iad 46 (56 %) díobh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 1 459 ball foirne a chatagóiriú mar bhainistíocht shinsearach agus ba mhná iad 806 (55 %) agus ba fhir iad 653 (45 %) díobh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 1 412 bhall foirne a chatagóiriú mar bhainistíocht shinsearach agus ba mhná iad 889 (63 %) agus ba fhir iad 523 (37 %) díobh;

    43.

    á chur in iúl gur oth léi go bhfuil éagothroime inscne i bpoist ardbhainistíochta in Ardrúnaíocht na Comhairle; á iarraidh ar an gComhairle go ndéanfaí bearta nithiúla a ghlacadh láithreach chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal den ordlathas;

    44.

    á chur in iúl gurb oth léi an easpa faisnéise maidir le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta inscne na Comhairle agus maidir leis na bearta a rinneadh chun comhdheiseanna a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas atá fostaithe ag an gComhairle; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a chur ar fáil don údarás buiséadach maidir le cothromaíocht inscne, dáileadh geografach agus míchumais a ball foirne agus maidir leis na beartais inmheánacha lena mbaineann; ag tabhairt dá haire go bhfuil ionadaíocht ag gach ceann de na 27 mBallstát ar an bhfoireann ach go bhfuil an chothromaíocht gheografach fós fo-optamach (agus roinnt Ballstát faoi ró-ionadaíocht);

    Creat eitice agus trédhearcacht

    45.

    á chur in iúl gurb oth léi, in ainneoin roinnt iarrataí ón bParlaimint, nár tugadh an cód iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gcomhréir le cód iompair na Parlaiminte agus an Choimisiúin, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí a bheidh le formheas tar éis d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí an post a fhágáil;

    46.

    á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuair sí faisnéis faoin gcód iompair is infheidhme maidir le gach ball foirne na Comhairle; á athdhearbhú go rannchuidíonn iompar eiticiúil le bainistíocht fhónta airgeadais agus go méadaíonn sé muinín an phobail agus, mar a chuir an Chúirt i bhfios go láidir ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019, go bhfuil deis ann feabhas a chur ar chreataí eiticiúla institiúidí an Aontais, rud atá ríthábhachtach toisc go dtarraingíonn aon iompar mí-eiticiúil ón bhfoireann agus ó na ardleibhéil speise i measc an phobail agus go laghdaíonn sé muinín san Aontas;

    47.

    á mheabhrú gur eisigh an Chúirt moladh i dTuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 thuasluaite maidir le creat eitice na Comhairle a fheabhsú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil comhchreat eitice an Aontais ann lena rialaítear obair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle mar a shainaithin an Chúirt;

    48.

    ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn Ardrúnaíocht na Comhairle tuarascáil bhliantúil ina bhfuil faisnéis maidir le gníomhaíochtaí gairme iaroifigigh shinsearacha Ardrúnaíocht na Comhairle tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil (Airteagal 16, an tríú mír agus an ceathrú mír, de na Rialacháin Foirne); ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ó 2022, gur dhearbhaigh beirt oifigeach sinsearach go raibh sé ar intinn acu dul i mbun gníomhaíochtaí gairme le seacht n-iarraidh san iomlán; ag tabhairt dá haire nach bhfuarthas go dtagann aon cheann de na hiarrataí faoi raon feidhme Airteagal 16;

    Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí

    49.

    ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 47 116 000 buiséad na Comhairle do chórais ríomhaireachta agus teileachumarsáid in 2021, arb ionann é agus méadú 5,9 % i gcomparáid le 2020;

    50.

    á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú 107 % ar líon na gcruinnithe físchomhdhála agus na gcruinnithe hibrideacha ó 1 380 in 2020 go 2 859 in 2021

    51.

    á iarraidh ar an gComhairle féachaint ar bhealaí chun teicneolaíochtaí foinse oscailte a úsáid chomh forleathan agus is féidir agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le córais den sórt sin a úsáid;

    Foirgnimh

    52.

    ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 57 151 000 buiséad na Comhairle do chórais ríomhaireachta agus teileachumarsáid in 2021, arb ionann é agus méadú 0,9 % i gcomparáid le 2020;

    53.

    ag tabhairt dá haire go ndearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil a mbeartas tógála cobhsaí agus gur cuireadh i gcrích an aidhm a bhí acu ó 2004 freastal ar a gníomhaíochtaí uile agus ar ghníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil i bhfoirgnimh ar léi iad, nuair a tógadh Foirgneamh Europa in 2016;

    Comhshaol agus inbhuanaitheacht

    54.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil sé deacair faisnéis nuashonraithe a fháil faoi aon tionscnaimh ón gComhairle maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an inbhuanaitheacht; á mholadh don Chomhairle tuairisciú córasach a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil agus inbhuanaitheachta dá cuid oibre mar chuid dá tuairisciú bliantúil;

    55.

    á iarraidh ar an gComhairle córais a bhunú, mura bhfuil siad bunaithe cheana féin, chun baill foirne a spreagadh chun úsáid a bhaint as iompar poiblí nó as iompar eile ar astaíochtaí ísle amhail rothair, chun lorg carbóin na Comhairle a laghdú;

    56.

    ag tabhairt dá haire go luaitear sa ráiteas airgeadais ón gComhairle go raibh 2 589,2 Deimhniú Fuinnimh Ghlais ag an gComhairle ag deireadh 2021, bunaithe ar an bhfuinneamh a tháirgeann painéil ghréine atá suite ar dhíon fhoirgnimh na Comhairle; á iarraidh ar an gComhairle tuairisc a thabhairt ar dhíol na ndeimhnithe sin ar an margadh oscailte agus ar úsáid bheartaithe an ioncaim a ghintear;

    Comhar idirinstitiúideach

    57.

    á iarraidh ar an gComhairle obair leantach a dhéanamh ar rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí (4);

    58.

    á iarraidh ar an gComhairle na hoibleagáidí a leagtar amach i gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (5);

    Cumarsáid

    59.

    ag tabhairt dá haire gur bhliain nach bhfacthas riamh a bhí in 2021 agus go raibh níos mó ná 20 milliún cuairt ar shuíomh gréasáin na Comhairle, arb ionann é agus méadú 23 % i gcomparáid le 2020, agus gur tháinig méadú 3 % ar líon na leantóirí ar Facebook, de bhrí gur tháinig méadú 11 % agus 29 % ar líon na leantóirí ar Twitter agus Instagram faoi seach;

    60.

    á mholadh don Chomhairle dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí d’fhonn úsáid a bhaint as an dá ardán meán sóisialta foinse oscailte, EU-Voice agus EU-Video, a seoladh mar threoirthionscadal poiblí chun úsáid líonraí sóisialta foinse oscailte saor in aisce a chur chun cinn; á mholadh don Chomhairle roghanna malartacha ar líonraí sóisialta díláraithe a úsáid ar ardáin ar líne atá an-mhór, amhail Mastodon.

    (1)   IO C 445, 29.10.2021, lch. 150.

    (2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 25 Eanáir 2023, De Capitani v an Chomhairle, T-163/21, ECLI:EU:T:2023:15.

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (4)   IO C 493, 27.12.2022, lch. 130

    (5)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.


    Top