Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0236

    Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (COM(2021)0206 – C9-0146/2021 – 2021/0106(COD))

    IO C, C/2024/506, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/506/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/506/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/506

    23.1.2024

    P9_TA(2023)0236

    An Gníomh um an Intleacht Shaorga

    Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (COM(2021)0206 – C9-0146/2021 – 2021/0106(COD)) (1)

    (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

    (C/2024/506)

    Leasú 1

    Togra le haghaidh rialacháin

    Lua 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

    Leasú 2

    Togra le haghaidh rialacháin

    Lua 4 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Ag féachaint don tuairim chomhpháirteach ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí agus ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

    Leasú 3

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (1)

    Is é is cuspóir don Rialachán seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais . Leis an Rialachán seo, déantar roinnt cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail a shaothrú, amhail ardleibhéal cosanta maidir le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, agus áirithítear leis saorghluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí IS-bhunaithe , rud a chuireann cosc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar fhorbairt, margú agus úsáid córas intleachta saorga, ach amháin i gcás údarú sainráite ag an Rialachán seo.

    (1)

    Is é is cuspóir don Rialachán seo glacadh na hintleachta saorga atá dírithe ar an duine agus iontaofa a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, do shábháilteacht, do chearta bunúsacha, don daonlathas agus don smacht reachta agus don chomhshaol ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas agus, ag an am céanna, tacú leis an nuálaíocht agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú . Leagtar síos leis an Rialachán seo creat dlíthiúil aonfhoirmeach go háirithe maidir le forbairt, cur ar an margadh, cur i mbun seirbhíse agus úsáid na hintleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais agus áirithítear leis saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí atá bunaithe ar an intleacht shaorga ar bhonn trasteorann , rud a chuireann cosc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar fhorbairt, ar mhargú agus ar úsáid córas intleachta saorga (córais IS) , mura rud é go n-údaraítear sin go sainráite leis an Rialachán seo. Is féidir le córais intleachta saorga tionchar a imirt freisin ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar an gcomhshaol. Tugtar aghaidh go sonrach ar na hábhair imní sin sna hearnálacha criticiúla agus sna cásanna úsáide a liostaítear sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Leasú 4

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (1a)

    Leis an Rialachán seo, ba cheart luachanna an Aontais a chaomhnú lena n-éascaítear dáileadh tairbhí na hintleachta saorga ar fud na sochaí, agus daoine aonair, cuideachtaí, an daonlathas agus an smacht reachta agus an comhshaol a chosaint ar rioscaí ag an am céanna agus borradh á chur faoin nuálaíocht agus faoin bhfostaíocht agus ceannaire a dhéanamh den Aontas sa réimse sin ag an am céanna

    Leasú 5

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (2)

    Is féidir córais intleachta saorga (córais IS) a úsáid go héasca in earnálacha éagsúla an gheilleagair agus na sochaí, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, agus a bheith i gcúrsaíocht ar fud an Aontais. Tá fiosruithe déanta ag Ballstáit áirithe cheana féin maidir le rialacha náisiúnta a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an intleacht shaorga sábháilte agus go bhforbraítear agus go n-úsáidtear í i gcomhréir le hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha. Ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus laghdú ar an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh oibreoirí a fhorbraíonn nó a úsáideann córais intleachta saorga, sin a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar rialacha náisiúnta éagsúla a bheith ann. Ba cheart, dá bhrí sin, ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú, agus dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar shaorghluaiseacht córas intleachta saorga laistigh den mhargadh inmheánach, mar aon leis na táirgí agus na seirbhísí a bhaineann leo, a chosc trí oibleagáidí aonfhoirmeacha le haghaidh oibreoirí a leagan síos agus trí chosaint aonfhoirmeach cúiseanna sáraitheacha a ráthú a bhaineann le leas an phobail agus cosaint daoine ar fud an mhargaidh inmheánaigh de réir Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sa mhéid go bhfuil rialacha sonracha sa Rialachán seo maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le srianta ar úsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, is iomchuí an Rialachán seo a bhunú ar Airteagal 16 de CFAE a mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha sin. I bhfianaise na rialacha sonracha sin agus iontaoibh Airteagal 16 de CFAE, is iomchuí dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

    (2)

    Is féidir córais intleachta saorga a úsáid go héasca in earnálacha éagsúla an gheilleagair agus na sochaí, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, agus a bheith i gcúrsaíocht ar fud an Aontais. Tá fiosruithe déanta ag Ballstáit áirithe cheana féin maidir le rialacha náisiúnta a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an intleacht shaorga iontaofa agus sábháilte agus go bhforbraítear agus go n-úsáidtear í i gcomhréir le hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha. Ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus laghdú ar an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh oibreoirí a fhorbraíonn nó a úsáideann córais intleachta saorga, sin a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar rialacha náisiúnta éagsúla a bheith ann. Ba cheart, dá bhrí sin, ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú ar fud an Aontais chun intleacht shaorga iontaofa a ghnóthú , agus dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar shaorghluaiseacht , nuálaíocht, imscaradh agus glacadh na gcóras intleachta saorga laistigh den mhargadh inmheánach, mar aon leis na táirgí agus na seirbhísí a bhaineann leo, a chosc trí oibleagáidí aonfhoirmeacha le haghaidh oibreoirí a leagan síos agus trí chosaint aonfhoirmeach cúiseanna sáraitheacha a ráthú a bhaineann le leas an phobail agus cosaint daoine ar fud an mhargaidh inmheánaigh de réir Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    Leasú 6

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (2a)

    Ós rud é gur minic a bhíonn an intleacht shaorga ag brath ar líon mór sonraí a phróiseáil, agus go mbíonn go leor córas agus feidhmchlár intleachta saorga ag brath ar phróiseáil sonraí pearsanta, is iomchuí an Rialachán seo a bhunú ar Airteagal 16 CFAE, lena gcumhdaítear an ceart go ndéanfar daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus lena bhforáiltear do rialacha a ghlacadh maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil.

    Leasú 7

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (2b)

    Déantar an ceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a choimirciú go háirithe le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus le Treoir 2016/680. Le Treoir 2002/58/CE, cosnaítear freisin an saol príobháideach agus rúndacht na cumarsáide, lena n-áirítear coinníollacha a chur ar fáil d’aon sonraí pearsanta nó neamhphearsanta a stóráiltear i dtrealamh teirminéil agus do rochtain ar threalamh teirminéil. Tugann na gníomhartha dlí sin an bunús do phróiseáil sonraí atá inbhuanaithe agus freagrach, lena n-áirítear i gcás ina n-áirítear le tacair sonraí meascán de shonraí pearsanta agus neamhphearsanta. Ní fhéachtar leis an Rialachán seo le difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais atá ann cheana lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta neamhspleách atá inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-ionstraimí sin. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na cearta bunúsacha chun saoil phríobháidigh agus chun cosaint sonraí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht agus a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’).

    Leasú 8

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (2c)

    Tá córais intleachta saorga san Aontas faoi réir reachtaíocht ábhartha maidir le sábháilteacht táirgí lena soláthraítear creat lena gcosnaítear tomhaltóirí ar tháirgí contúirteacha i gcoitinne agus ba cheart go leanfadh an reachtaíocht sin d’fheidhm a bheith aici. Tá an Rialachán seo gan dochar freisin do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2017/2394, Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus Treoir 2013/11/AE.

    Leasú 9

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (2d)

    I gcomhréir le hAirteagal 114(2) CFAE, comhlánaíonn an Rialachán seo cearta agus leasanna daoine fostaithe agus níor cheart go mbainfí an bonn díobh. Dá bhrí sin, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do dhlí an Aontais maidir leis an mbeartas sóisialta agus dlí agus cleachtas saothair náisiúnta, is é sin aon fhoráil dhlíthiúil agus chonarthach a bhaineann le dálaí fostaíochta, dálaí oibre, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus an caidreamh idir fostóirí agus oibrithe, lena n-áirítear faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht. Níor cheart don Rialachán seo difear ar bith a dhéanamh d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a athnaítear sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomh eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha chaidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Ná níor cheart dó difear a dhéanamh do chleachtais chomhbheartaithe, don cheart chun comhaontaithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Níor cheart dó, in aon chás, cosc a chur ar an gCoimisiún reachtaíocht shonrach a mholadh maidir le cearta agus saoirsí oibrithe a ndéanann córais intleachta saorga difear dóibh.

    Leasú 10

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2 e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (2e)

    Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do na forálacha arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar dhálaí oibre in obair ardáin a leagtar amach i dTreoir… [COD 2021/414/EC].

    Leasú 11

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2 f (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (2f)

    Ba cheart go gcuideodh an Rialachán seo le tacú le taighde agus nuálaíocht agus níor cheart go mbainfí an bonn de ghníomhaíocht taighde agus forbartha agus ba cheart go n-urramófaí leis saoirse an taighde eolaíoch. Is gá, dá bhrí sin, córais intleachta saorga a fhorbraítear agus a chuirtear i mbun seirbhíse go sonrach chun críche taighde agus forbartha eolaíche, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh óna raon feidhme agus chun a áirithiú nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear ar shlí eile do ghníomhaíocht taighde eolaíoch agus forbartha maidir le córais intleachta saorga. I ngach cás, ba cheart aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha a dhéanamh i gcomhréir leis an gCairt, le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

    Leasú 12

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (3)

    Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga, atá ag athrú go tapa agus lenar féidir cur le réimse leathan tairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha sa raon iomlán earnálacha agus gníomhaíochtaí sóisialta trí chéile . Trí fheabhas a chur ar an tuar , oibríochtaí optamúcháin agus leithdháileadh acmhainní agus réitigh dhigiteacha atá ar fáil le haghaidh daoine aonair agus eagraíochtaí a phearsantú, le húsáid na hintleachta saorga , féadfar príomhbhuntáistí iomaíocha a sholáthar do chuideachtaí agus tacú le torthaí atá chun tairbhe an chomhshaoil agus na sochaí , mar shampla , maidir le cúram sláinte, feirmeoireacht, oideachas agus oiliúint, bainistíocht bonneagair, fuinneamh, iompar agus lóistíocht, seirbhísí poiblí, slándáil, ceartas, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide .

    (3)

    Is éard atá san intleacht shaorga fine teicneolaíochtaí atá ag athrú go tapa agus atá in ann rannchuidiú, agus atá cheana féin ag rannchuidiú, le réimse leathan tairbhí eacnamaíocha , comhshaoil agus sochaíocha ar fud speictream iomlán na dtionscal agus na ngníomhaíochtaí sóisialta má fhorbraítear í i gcomhréir le prionsabail ghinearálta ábhartha i gcomhréir leis an gCairt agus leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe . Trí fheabhas a chur ar thuar , oibríochtaí agus leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú, agus réitigh dhigiteacha atá ar fáil do dhaoine aonair agus d’ eagraíochtaí a phearsantú, is féidir le húsáid na hintleachta saorga príomhbhuntáistí iomaíocha a sholáthar do chuideachtaí agus tacú le torthaí a rachaidh chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol , mar shampla i gcúram sláinte, feirmeoireacht, sábháilteacht bia, oideachas agus oiliúint, na meáin, spóirt, cultúr, bainistiú bonneagair, fuinneamh, iompar agus lóistíocht, bainistiú géarchéime, seirbhísí poiblí, slándáil, ceartas, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh, faireachán comhshaoil, bithéagsúlacht agus éiceachórais a chaomhnú agus a athbhunú agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin .

    Leasú 13

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (3a)

    Chun rannchuidiú le spriocanna na neodrachta carbóin a bhaint amach, ba cheart do chuideachtaí Eorpacha féachaint le leas a bhaint as gach dul chun cinn teicneolaíoch atá ar fáil agus ar féidir leis cabhrú chun an sprioc sin a bhaint amach. Is teicneolaíocht í an Intleacht Shaorga a d’fhéadfaí a úsáid chun próiseáil a dhéanamh ar an méid sonraí atá ag síormhéadú agus a chruthaítear le linn próisis thionsclaíocha, chomhshaoil, sláinte agus eile. Chun infheistíochtaí in uirlisí anailíse agus optamaithe atá bunaithe ar an intleacht shaorga a éascú, ba cheart don Rialachán seo timpeallacht intuartha chomhréireach a sholáthar le haghaidh réitigh thionsclaíocha ísealriosca.

    Leasú 14

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (4)

    Ag an am céanna, ag brath ar na himthosca maidir lena húsáid agus cur i bhfeidhm, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leis an intleacht shaorga agus d’fhéadfadh sí díobháil a dhéanamh do leasanna agus cearta an phobail atá faoi chosaint dhlí an Aontais. D’fhéadfadh an díobháil sin a bheith ábhartha nó neamhábhartha.

    (4)

    Ag an am céanna, ag brath ar na himthosca maidir lena húsáid agus cur i bhfeidhm, agus le leibhéal na forbartha teicneolaíche, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leis an intleacht shaorga agus d’fhéadfadh sí díobháil a dhéanamh do leasanna poiblí nó príobháideacha agus do chearta bunúsacha daoine nádúrtha atá faoi chosaint dhlí an Aontais. D’fhéadfadh díobháil den sórt sin a bheith ábhartha nó neamhábhartha , lena n-áirítear díobháil fhisiceach, shíceolaíoch, shochaíoch nó eacnamaíoch .

    Leasú 15

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (4a)

    I bhfianaise an mhórthionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga ar an tsochaí agus an gá le muinín a chothú, tá sé ríthábhachtach go bhforbrófaí an intleacht shaorga agus a creat rialála i gcomhréir le luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí, sa Chairt agus sa dlí idirnáisiúnta um chearta an duine. Mar réamh-riachtanas, ba cheart go mbeadh an intleacht shaorga ina teicneolaíocht atá dírithe ar an duine. Níor cheart dó ionad neamhspleáchas an duine a ghlacadh ná glacadh leis go gcaillfí saoirse an duine aonair agus ba cheart dó freastal go príomha ar riachtanais na sochaí agus ar an leas coiteann. Ba cheart coimircí a chur ar fáil chun a áirithiú go ndéanfar intleacht shaorga atá leabaithe go heiticiúil agus a urramaíonn luachanna an Aontais agus an Chairt a fhorbairt agus a úsáid.

    Leasú 16

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (5)

    Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga chun forbairt, úsáid agus glacadh na hintleachta saorga a chothú sa mhargadh inmheánach agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta maidir le leasanna poiblí a bhaint amach, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht agus cosaint na gceart bunúsach, mar a aithnítear agus a chosnaítear faoi dhlí an Aontais. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart rialacha a leagan síos lena rialaítear cur ar an margadh agus cur i mbun seirbhíse córas intleachta saorga áirithe, agus sa dóigh sin dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ligeann do na córais sin tairbhe a bhaint as prionsabal na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí. Trí na rialacha sin a leagan síos, tacaíonn an Rialachán seo le cuspóir an Aontais a bheith ina cheannródaí domhanda i bhforbairt na hintleachta saorga sláine iontaofa eiticiúil, mar a  shonraigh an Chomhairle Eorpach  (33), agus áirithítear leis go ndéantar prionsabail eiticiúla a chosaint, arna iarraidh sin go sonrach ag Parlaimint na hEorpa (34).

    (5)

    Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga chun forbairt, úsáid agus glacadh na hintleachta saorga a chothú sa mhargadh inmheánach agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta maidir le leasanna poiblí a bhaint amach, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht, cosaint na gceart bunúsach, an daonlathas agus an smacht reachta agus an comhshaol, mar a aithnítear agus a chosnaítear faoi dhlí an Aontais. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart rialacha a leagan síos lena rialaítear forbairt, cur ar an margadh agus cur i mbun seirbhíse agus úsáid córas intleachta saorga áirithe, agus sa dóigh sin dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ligeann do na córais sin tairbhe a bhaint as prionsabal na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí. Ba cheart na rialacha sin a bheith soiléir agus láidir maidir le cearta bunúsacha a chosaint, ba cheart dóibh tacú le réitigh nuálacha nua, agus ba cheart dóibh éiceachóras Eorpach de ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha, a chruthaíonn córais intleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais, a chumasú. Trí na rialacha sin a leagan síos chomh maith le bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus béim ar leith á leagan ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta , tacaíonn an Rialachán seo leis an gcuspóir intleacht shaorga dhéantar san Eoraip a chur chun cinn, leis an Aontas a bheith ina cheannaire domhanda i bhforbairt intleachta saorga atá slán, iontaofa agus eiticiúil, mar a  luaigh an Chomhairle Eorpach  (33), agus áirithítear leis cosaint na bprionsabal eiticiúil, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa go sonrach  (34).

    Leasú 17

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (5a)

    Thairis sin, chun forbairt córas intleachta saorga a chothú i gcomhréir le luachanna an Aontais, ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar na príomhbhearnaí agus na príomhbhacainní lena gcuirtear bac ar acmhainneacht an chlaochlaithe dhigitigh, lena n-áirítear ganntanas oibrithe atá oilte go digiteach, ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil, easpa infheistíochta agus easpa rochtana ar infheistíocht, agus bearnaí atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann idir cuideachtaí móra, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú go dtiocfaidh tairbhí na hintleachta saorga agus na nuálaíochta i dteicneolaíochtaí nua chun cinn ar fud réigiúin uile an Aontais agus go gcuirfear dóthain infheistíochta agus acmhainní ar fáil go háirithe do na réigiúin sin a d’fhéadfadh a bheith tite ar gcúl i roinnt táscairí digiteacha.

    Leasú 18

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (6)

    Ba cheart coincheap an chórais intleachta saorga a  shainmhíniú go soiléir chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus solúbthacht a sholáthar chun freastal ar fhorbairtí teicneolaíocha a bheidh ann amach anseo . Ba cheart an sainmhíniú a bheith bunaithe ar phríomh-shaintréithe feidhmiúla an bhogearra , go háirithe an cumas aschuir a ghiniúint maidir le tacar áirithe cuspóirí sainithe ag an duine, amhail inneachar , tuartha, moltaí nó cinntí a mbeadh tionchar acu ar an timpeallacht lena mbíonn an córas ag idirghníomhú, bíodh sé sin i ngné fhisiciúil nó dhigiteach. Is féidir córais intleachta saorga a dhearadh ionas go n-oibreoidh siad le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus is féidir iad a úsáid ar bhonn neamhspleách nó mar chomhpháirt táirge, gan beann ar cé acu a bhfuil an córas comhtháite go fisiciúil sa táirge (leabaithe) nó ag freastal ar fheidhm an táirge gan a bheith comhtháite ann (neamhleabaithe). Ba cheart an sainmhíniú ar an gcóras intleachta saorga a chomhlánú le liosta teicnící agus cuir chuige sonracha arna n-úsáid lena fhorbairt, ar liosta é ar cheart a choinneáil cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí margaidh agus teicneolaíocha trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún chun an liosta sin a leasú.

    (6)

    Ba cheart coincheap an chórais intleachta saorga sa Rialachán seo shainiú go soiléir agus a ailíniú go dlúth le hobair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta atá ag obair ar an intleacht shaorga chun deimhneacht dhlíthiúil , comhchuibhiú agus glacadh forleathan a áirithiú, agus solúbthacht á soláthar ag an am céanna chun freastal ar na forbairtí tapa teicneolaíocha sa réimse sin . Thairis sin, ba cheart í a bheith bunaithe ar phríomh-shaintréithe na hintleachta saorga , amhail a cumais foghlama, réasúnaíochta nó samhaltaithe, chun í a idirdhealú ó chórais bogearraí níos simplí nó ó chuir chuige ríomhchlárúcháin. Tá córais intleachta saorga ceaptha chun oibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais, rud a chiallaíonn go bhfuil ar a laghad méid áirithe neamhspleáchais gníomhaíochtaí acu ar rialuithe daonna agus méid áirithe neamhspleáchais cumais oibriú gan idirghabháil ón duine. Tagraíonn an téarma ‘meaisín-bhunaithe’ don fhíoras go mbíonn córais intleachta saorga ag feidhmiú ar mheaisíní. Leis an tagairt do chuspóirí sainráite nó intuigthe, cuirtear i bhfios go láidir gur féidir le córais intleachta saorga oibriú de réir cuspóirí sainráite arna sainiú ag an duine nó de réir cuspóirí intuigthe. Féadfaidh cuspóirí an chórais intleachta saorga a bheith éagsúil leis an gcuspóir atá beartaithe don chóras intleachta saorga i gcomhthéacs sonrach. Áirítear leis an tagairt do thuartha inneachar a mheastar sa Rialachán seo gur cineál tuartha é mar cheann de na haschuir fhéideartha arna dtáirgeadh ag córas intleachta saorga. Chun críocha an Rialacháin seo , ba cheart timpeallachtaí a thuiscint mar na comhthéacsanna ina n-oibríonn na córais intleachta saorga , cé go bhfreagraíonn aschuir arna nginiúint ag an gcóras intleachta saorga, a chiallaíonn tuartha, moltaí nó cinntí , do chuspóirí an chórais, ar bhonn ionchuir ón timpeallacht sin. Imríonn aschur den sórt sin tionchar breise ar an timpeallacht thuasluaite, fiú amháin mura bhfuil i gceist ach faisnéis nua a thabhairt isteach inti.

    Leasú 19

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 6 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (6a)

    Is minic a bhíonn acmhainneachtaí meaisínfhoghlama ag córais intleachta saorga a chuireann ar a gcumas tascanna nua a oiriúnú agus a dhéanamh go neamhspleách. Is éard atá i gceist leis an meaisínfhoghlaim ná an próiseas ríomha lena mbaintear an leas is fearr is féidir as paraiméadair de mhúnla ó shonraí, ar tógán matamaiticiúil é lena ngintear aschur bunaithe ar shonraí ionchuir. Áirítear le cur chuige na meaisínfhoghlama, mar shampla, foghlaim faoi mhaoirseacht, foghlaim neamh-mhaoirsithe agus foghlaim atreisithe, ag úsáid modhanna éagsúla lena n-áirítear an domhainfhoghlaim le líonraí néaracha. Is é is aidhm don Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar rioscaí nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn trí rialú a tharmligean chuig córais intleachta saorga, go háirithe chuig na córais intleachta saorga sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn tar éis a n-imscartha. Tá feidhm agus aschur go leor de na córais intleachta saorga sin bunaithe ar ghaolmhaireachtaí matamaiticiúla teibí atá deacair do dhaoine a thuiscint, agus atá deacair dóibh faireachán a dhéanamh orthu agus iad a rianú. Na saintréithe casta agus teimhneacha sin (eilimint an bhosca dhuibh) tá tionchar acu ar chuntasacht agus inmhínitheacht .D’fhéadfadh bearnaí dlíthiúla nach mór aghaidh a thabhairt orthu leis an Rialachán seo a bheith mar thoradh ar theicnící inchomparáide amhail cuir chuige eolasbhunaithe, meastachán Bayesach nó crainn chinnteoireachta, go háirithe nuair a úsáidtear iad in éineacht le cineálacha cur chuige meaisínfhoghlama i gcórais hibrideacha.

    Leasú 20

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 6 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (6b)

    Is féidir córais intleachta saorga a úsáid mar chóras bogearraí neamhspleách, a chomhtháthaítear i dtáirge fisiceach (leabaithe), a úsáidtear chun freastal ar fheidhmiúlacht táirge fhisiciúil gan a bheith comhtháite ann (neamhleabaithe) nó a úsáid mar chomhpháirt intleachta saorga de chóras níos mó. Mura bhfeidhmeodh an córas níos mó sin gan an chomhpháirt intleachta saorga atá i gceist, ba cheart an córas níos mó ar fad a mheas mar aon chóras intleachta saorga amháin faoin Rialachán seo.

    Leasú 21

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (7)

    Coincheap na sonraí bithmhéadracha a úsáidtear sa Rialachán seo , tá sé i gcomhréir le coincheap na sonraí bithmhéadracha mar a shainmhínítear in Airteagal 4 (14) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (35) , Airteagal 3(18) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (36) agus Airteagal 3(13) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ba cheart é a léiriú i gcomhréir leis an gcoincheap mar a shainmhínítear é sna hAirteagail sin  (37) .

    (7)

    coincheap na sonraí bithmhéadracha a úsáidtear sa Rialachán seo i gcomhréir le coincheap na sonraí bithmhéadracha mar a shainmhínítear in Airteagal 4 (14) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (35) agus ba cheart é a léirmhíniú i gcomhréir leis an gcoincheap sin. Is éard atá i gceist le sonraí bithmhéadrachtbhunaithe sonraí a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le comharthaí fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, amhail léiriú aghaidhe, gluaiseachtaí, minicíocht bíogtha, guth, bunbhuailtí nó siúl, ar sonraí iad a d’fhéadfadh sainaithint uathúil duine nádúrtha a cheadú nó a dheimhniú, nó a mhalairt.

    Leasú 22

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 7 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (7a)

    Ba cheart coincheap na sainaitheanta bithmhéadraí a úsáidtear sa Rialachán seo a shainmhíniú mar shainaithint uathoibrithe ghnéithe fisiciúla, fiseolaíocha, iompraíochta agus síceolaíocha an duine amhail aghaidh, gluaiseacht súl, gothaí gnúise, cruth coirp, guth, caint, siúl, iompar coirp, ráta croí, brú fola, boladh, bunbhuailtí, frithghníomhartha síceolaíocha (contúirt, anacair, brón, etc.) chun críche céannacht duine aonair a bhunú trí shonraí bithmhéadracha an duine sin a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha stóráilte daoine eile i mbunachar sonraí (sainaithint idir duine amháin agus go leor daoine), gan beann ar thoiliú an duine aonair a bheith tugtha nó gan a bheith.

    Leasú 23

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 7 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (7b)

    Ba cheart coincheap an chatagóirithe bhithmhéadraigh mar a úsáidtear sa Rialachán seo a shainmhíniú mar seo: coincheap lena sanntar daoine nádúrtha do chatagóirí sonracha nó lena dtugtar le fios a saintréithe agus a dtréithe amhail inscne, gnéas, aois, dath gruaige, dath na súl, tatúnna, tionscnamh eitneach nó sóisialta, sláinte, cumas meabhrach nó fisiceach, iompraíocht nó pearsantacht, saintréithe, teanga, reiligiún, nó ballraíocht de mhionlach náisiúnta nó de chlaonadh gnéasach nó polaitiúil ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó bithmhéadracht-bhunaithe, nó ar féidir iad a thuiscint ó na sonraí sin.

    Leasú 24

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 8

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (8)

    Ba cheart coincheap an chianchórais sainaitheanta bithmhéadraí mar a úsáidtear sa Rialachán seo a shainmhíniú ar bhonn feidhmiúil mar chóras intleachta saorga atá beartaithe chun daoine nádúrtha i gcéin a shainaithint trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha an duine agus na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha, agus gan réamheolas ar cé acu a mbeidh an duine spriocdhírithe i láthair nó nach mbeidh agus cé acu ar féidir é a shainaithint nó nach féidir, gan beann ar an teicneolaíocht, próisis nó cineálacha sonraí bithmhéadracha áirithe a úsáidtear. Agus na saintréithe éagsúla a bhaineann leo agus na bealaí ina n-úsáidtear iad á gcur san áireamh, chomh maith leis na rioscaí éagsúla lena mbaineann, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí‘iar-aimseartha’. I gcás na gcóras ‘fíor-ama’, déantar gabháil na sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint ar fad go meandrach, go meandrach nach mór nó in aon chás gan moill mhór. I dtaca leis sin, níor cheart aon fhéidearthacht a bheith ann dul timpeall ar rialacha an Rialacháin seo maidir le húsáid ‘fíor-ama’ na gcóras intleachta saorga atá i gceist trí fhoráil a dhéanamh maidir le mionmhoilleanna. Bíonn úsáid ábhair ‘bheo’ nó ‘neasbheo’ i gceist le córais ‘fíor-ama’, amhail píosa scannánaíochta, arna ghiniúint le ceamara nó le gaireas eile ag a bhfuil feidhmiúlacht chomhchosúil. I gcás na gcóras ‘iar-aimseartha’, i gcodarsnacht leis sin, tá na sonraí bithmhéadracha gafa cheana féin agus déantar an chomparáid agus an tsainaithint tar éis moill mhór. Is éard atá i gceist leis sin ábhar amhail pictiúir nó píosa scannánaíochta, arna nginiúint le ceamaraí teilifíse ciorcaid iata nó le gairis phríobháideacha, a gineadh roimh úsáid an chórais i leith na ndaoine nádúrtha lena mbaineann.

    (8)

    Ba cheart coincheap an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí mar a úsáidtear sa Rialachán seo a shainmhíniú ar bhonn feidhmiúil mar chóras intleachta saorga atá beartaithe chun daoine nádúrtha i gcéin a shainaithint trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha an duine agus na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha, agus gan réamheolas ar cé acu a mbeidh an duine spriocdhírithe i láthair nó nach mbeidh agus cé acu ar féidir é a shainaithint nó nach féidir, gan beann ar an teicneolaíocht, próisis nó cineálacha sonraí bithmhéadracha áirithe a úsáidtear , gan córais fíorúcháin a chur san áireamh ar córais iad nach ndéanann ach sonraí bithmheadracha duine aonair a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha an duine chéanna a bailíodh roimhe sin (duine le duine) . Agus na saintréithe éagsúla a bhaineann leo agus na bealaí ina n-úsáidtear iad á gcur san áireamh, chomh maith leis na rioscaí éagsúla lena mbaineann, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí‘iar-aimseartha’. I gcás na gcóras ‘fíor-ama’, déantar gabháil na sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint ar fad go meandrach, go meandrach nach mór nó in aon chás gan moill mhór. I dtaca leis sin, níor cheart aon fhéidearthacht a bheith ann dul timpeall ar rialacha an Rialacháin seo maidir le húsáid ‘fíor-ama’ na gcóras intleachta saorga atá i gceist trí fhoráil a dhéanamh maidir le mionmhoilleanna. Bíonn úsáid ábhair ‘bheo’ nó ‘neasbheo’ i gceist le córais ‘fíor-ama’, amhail píosa scannánaíochta, arna ghiniúint le ceamara nó le gaireas eile ag a bhfuil feidhmiúlacht chomhchosúil. I gcás na gcóras ‘iar-aimseartha’, i gcodarsnacht leis sin, tá na sonraí bithmhéadracha gafa cheana féin agus déantar an chomparáid agus an tsainaithint tar éis moill mhór. Is éard atá i gceist leis sin ábhar amhail pictiúir nó píosa scannánaíochta, arna nginiúint le ceamaraí teilifíse ciorcaid iata nó le gairis phríobháideacha, a gineadh roimh úsáid an chórais i leith na ndaoine nádúrtha lena mbaineann. Ós rud é go bhfuil coincheap na sainaitheanta bithmhéadraí neamhspleách ar thoiliú an duine aonair, beidh feidhm ag an sainmhíniú seo fiú nuair a chuirtear fógraí rabhaidh san áit a bhfuil faireachas á dhéanamh ar an gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí, agus nach ndéantar é a neamhniú de facto trí réamhchlárú.

    Leasú 25

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 8 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (8a)

    Le sainaithint daoine nádúrtha go cianda tuigtear go ndéantar idirdhealú idir córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí agus córais chóngaracha aonair fíorúcháin a úsáideann modhanna sainaitheanta bithmhéadraí, arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo a dheimhniú an dtabhar cead isteach nó nach dtabharfar do dhuine nádúrtha ar leith a chuireann é féin i láthair le go ndéanfaí é a shainaithint, amhail chun rochtain a fháil ar sheirbhís, ar fheiste nó ar áitreabh.

    Leasú 26

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 9

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (9)

    Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart coincheap an spáis a bhfuil rochtain ag an bpobal air a thuiscint mar aon áit fhisiciúil a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi, gan beann ar an áit a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an gcoincheap áiteanna de chineál príobháideach nach bhfuil rochtain shaor orthu ag tríú páirtithe, lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, ach amháin má tugadh cuireadh nó údarú sonrach do na páirtithe sin, amhail tithe, clubanna príobháideacha, oifigí, stórais agus monarchana. Ní chumhdaítear spásanna ar líne ach oiread, ós rud é nach spásanna fisiciúla iad. Cé go bhféadfadh coinníollacha áirithe a bheith i bhfeidhm chun spás ar leith a rochtain, amhail ticéid iontrála nó aoisteorainneacha, ní chiallaíonn sin, áfach, nach spás é a bhfuil rochtain ag an bpobal air de réir bhrí an Rialacháin seo. Dá réir sin, i dteannta spásanna poiblí amhail sráideanna, codanna ábhartha d’fhoirgnimh rialtais agus formhór an bhonneagair iompair, is spásanna iad pictiúrlanna, amharclanna, siopaí agus ionaid siopadóireachta a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu freisin de ghnáth. Cé acu atá spás a bhfuil rochtain ag an bpobal air nó nach bhfuil, áfach, ba cheart sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ag féachaint do shonraíochtaí an cháis aonair faoi chaibidil.

    (9)

    Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart coincheap an spáis a bhfuil rochtain ag an bpobal air a thuiscint mar aon áit fhisiciúil a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi, gan beann ar an áit a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí agus gan beann ar shrianta féideartha maidir le líon daoine . Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an gcoincheap áiteanna de chineál príobháideach nach bhfuil rochtain shaor orthu ag tríú páirtithe, lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, ach amháin má tugadh cuireadh nó údarú sonrach do na páirtithe sin, amhail tithe, clubanna príobháideacha, oifigí, stórais agus monarchana. Ní chumhdaítear spásanna ar líne ach oiread, ós rud é nach spásanna fisiciúla iad. Cé go bhféadfadh coinníollacha áirithe a bheith i bhfeidhm chun spás ar leith a rochtain, amhail ticéid iontrála nó aoisteorainneacha, ní chiallaíonn sin, áfach, nach spás é a bhfuil rochtain ag an bpobal air de réir bhrí an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, chomh maith le spásanna poiblí amhail sráideanna, codanna ábhartha d’fhoirgnimh rialtais agus formhór an bhonneagair iompair, spásanna amhail pictiúrlanna, amharclanna, tailte spóirt, scoileanna, ollscoileanna, codanna ábhartha d’ospidéil agus bainc, páirceanna siamsaíochta, féilte, siopaí agus ionaid siopadóireachta , bíonn rochtain ag an bpobal orthu de ghnáth. Cé acu atá spás a bhfuil rochtain ag an bpobal air nó nach bhfuil, áfach, ba cheart sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ag féachaint do shonraíochtaí an cháis aonair faoi chaibidil.

    Leasú 27

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 9 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (9a)

    Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur cheart do chórais intleachta saorga na hiarrachtaí is fearr a dhéanamh chun prionsabail ghinearálta a urramú lena mbunaítear creat ardleibhéil lena gcuirtear chun cinn cur chuige comhleanúnach duinelárnach i leith intleacht shaorga atá eiticiúil agus iontaofa i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe, lena n-áirítear cearta bunúsacha a chosaint, gníomhú agus formhaoirseacht dhaonna, stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht, príobháideachas agus rialachas sonraí, trédhearcacht, neamh-idirdhealú agus cothroime agus folláine na sochaí agus an chomhshaoil.

    Leasú 28

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 9 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (9b)

    Tagraíonn ‘litearthacht intleachta saorga’ do na scileanna, don eolas agus don tuiscint a chuireann ar chumas soláthraithe, úsáideoirí agus daoine dá ndéantar difear, agus a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach á gcur san áireamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo, córais intleachta saorga a imscaradh ar bhealach eolach, chomh maith le feasacht a fháil ar na deiseanna agus ar na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus an dochar a d’fhéadfadh sí a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, a rialú daonlathach a chur chun cinn. Níor cheart go mbeadh litearthacht intleachta saorga teoranta d’fhoghlaim faoi uirlisí agus teicneolaíochtaí, ach ba cheart go mbeadh sé mar aidhm léi freisin na coincheapa agus na scileanna is gá a thabhairt do sholáthraithe agus d’úsáideoirí chun comhlíonadh agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Dá bhrí sin, is gá go ndéanfadh an Coimisiún, na Ballstáit, mar aon leis na soláthraithe agus úsáideoirí na gcóras intleachta saorga, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir, forbairt leibhéil leordhóthanaigh de litearthacht na hintleachta saorga a chur chun cinn, i ngach cuid den tsochaí, do shaoránaigh idir shean agus óg, lena n-áirítear mná agus cailíní, agus go gcoinneofaí súil ghéar ar an dul chun cinn a dhéanfaí ina leith sin.

    Leasú 29

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 10

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (10)

    Chun cothrom na Féinne agus cosaint éifeachtach cearta agus saoirsí daoine aonair ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, gan beann ar iad a bheith bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír, agus maidir le húsáideoirí córas intleachta saorga atá bunaithe laistigh den Aontas.

    (10)

    Chun cothrom na Féinne agus cosaint éifeachtach cearta agus saoirsí daoine aonair ar fud an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, gan beann ar iad a bheith bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír, agus maidir le himscarthóirí córas intleachta saorga atá bunaithe laistigh den Aontas. Chun go mbeidh an tAontas dílis dá bhunluachanna, maidir le córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid do chleachtais a mheastar a bheith do-ghlactha leis an Rialachán seo, ba cheart a mheas freisin go bhfuil siad do-ghlactha lasmuigh den Aontas mar gheall ar a n-éifeacht thar a bheith díobhálach ar chearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt. Dá bhrí sin, is iomchuí toirmeasc a chur ar sholáthraithe a bhfuil cónaí orthu san Aontas na córais intleachta saorga sin a onnmhairiú chuig tríú tíortha.

    Leasú 30

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 11

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (11)

    I bhfianaise a nádúr digiteach, ba cheart córais intleachta saorga áirithe a theacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo fiú mura gcuirtear ar an margadh iad, nó mura gcuirtear i mbun seirbhíse iad nó mura n-úsáidtear san Aontas iad. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás oibreoir atá bunaithe san Aontas a dhéanann conradh maidir le seirbhísí áirithe le hoibreoir atá bunaithe lasmuigh den Aontas i ndáil le gníomhaíocht atá le déanamh ag córas intleachta saorga a cháileodh mar ghníomhaíocht ardriosca agus a mbeadh tionchar ag a héifeachtaí ar dhaoine nádúrtha atá lonnaithe san Aontas. Sna himthosca sin, maidir leis an gcóras intleachta saorga a úsáideann an oibreoir lasmuigh den Aontas, d’fhéadfadh sé sonraí a bhailítear san Aontas agus a aistrítear amach as an Aontas go dlíthiúil a phróiseáil, agus aschur an chórais intleachta saorga sin atá mar thoradh ar an bpróiseáil sin a sholáthar don oibreoir conarthach san Aontas, gan an córas intleachta saorga sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid san Aontas. Chun dul timpeall ar an Rialachán seo a chosc agus chun cosaint éifeachtach daoine nádúrtha atá lonnaithe san Aontas a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga atá bunaithe i dtríú tír, sa mhéid a  úsáidtear an t-aschur san Aontas a tháirgtear leis na córais sin. Mar sin féin, chun socruithe atá ann cheana a chur san áireamh chomh maith le riachtanais speisialta i gcás comhar le páirtithe eachtracha a ndéantar malartú faisnéise agus fianaise leo, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí tríú tír agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus iad ag gníomhú faoi chuimsiú comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal Eorpach le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó leis na Ballstáit. Tá comhaontuithe den sórt sin tugtha i gcrích go déthaobhach idir na Ballstáit agus tríú tíortha nó idir an tAontas Eorpach, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    (11)

    I bhfianaise a nádúr digiteach, ba cheart córais intleachta saorga áirithe a theacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo fiú mura gcuirtear ar an margadh iad, nó mura gcuirtear i mbun seirbhíse iad nó mura n-úsáidtear san Aontas iad. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás oibreoir atá bunaithe san Aontas a dhéanann conradh maidir le seirbhísí áirithe le hoibreoir atá bunaithe lasmuigh den Aontas i ndáil le gníomhaíocht atá le déanamh ag córas intleachta saorga a cháileodh mar ghníomhaíocht ardriosca agus a mbeadh tionchar ag a héifeachtaí ar dhaoine nádúrtha atá lonnaithe san Aontas. Sna himthosca sin, maidir leis an gcóras intleachta saorga a úsáideann an oibreoir lasmuigh den Aontas, d’fhéadfadh sé sonraí a bhailítear san Aontas agus a aistrítear amach as an Aontas go dlíthiúil a phróiseáil, agus aschur an chórais intleachta saorga sin atá mar thoradh ar an bpróiseáil sin a sholáthar don oibreoir conarthach san Aontas, gan an córas intleachta saorga sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid san Aontas. Chun dul timpeall ar an Rialachán seo a chosc agus chun cosaint éifeachtach daoine nádúrtha atá lonnaithe san Aontas a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe agus imscarthóirí córas intleachta saorga atá bunaithe i dtríú tír, sa mhéid atá sé beartaithe an t-aschur a tháirgtear leis na córais sin a úsáid san Aontas . Mar sin féin, chun socruithe atá ann cheana a chur san áireamh chomh maith le riachtanais speisialta i gcás comhar le páirtithe eachtracha a ndéantar malartú faisnéise agus fianaise leo, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí tríú tír agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus iad ag gníomhú faoi chuimsiú comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal Eorpach le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó leis na Ballstáit. Tá comhaontuithe den sórt sin tugtha i gcrích go déthaobhach idir na Ballstáit agus tríú tíortha nó idir an tAontas Eorpach, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Mar sin féin, ba cheart an eisceacht sin a bheith teoranta do thíortha iontaofa agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a roinneann luachanna an Aontais.

    Leasú 31

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 12

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (12)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le hinstitiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus iad ag gníomhú mar sholáthraí nó úsáideoir córais intleachta saorga. Ba cheart córais intleachta saorga a fhorbraítear nó a úsáidtear chun críoch míleata a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo i gcás ina dtagann an úsáid sin faoi chúram eisiach an Comhbheartais Eachtraigh agus Slándála a rialaítear faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do na forálacha maidir le dliteanas na soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha a leagtar amach i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [arna leasú leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].

    (12)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le hinstitiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus iad ag gníomhú mar sholáthraí nó imscarthóir córais intleachta saorga. Ba cheart córais intleachta saorga a fhorbraítear nó a úsáidtear chun críoch míleata a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo i gcás ina dtagann an úsáid sin faoi chúram eisiach an Comhbheartais Eachtraigh agus Slándála a rialaítear faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do na forálacha maidir le dliteanas na soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha a leagtar amach i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [arna leasú leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].

    Leasú 32

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 12 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (12a)

    Is féidir le bogearraí agus sonraí a roinntear go hoscailte agus ar féidir le húsáideoirí rochtain a fháil orthu, iad a úsáid, a mhodhnú agus a athdháileadh nó leaganacha modhnaithe díobh a rochtain, a úsáid, a mhodhnú agus a athdháileadh gan srian, rannchuidiú le taighde agus nuálaíocht sa mhargadh. Léirítear i dtaighde a rinne an Coimisiún freisin gur féidir le bogearraí foinse oscailte idir EUR 65 bhilliún agus EUR 95 bhilliún a chur le OTI an Aontais Eorpaigh agus gur féidir leo deiseanna suntasacha fáis a chur ar fáil do gheilleagar na hEorpa. Ceadaítear d’úsáideoirí bogearraí agus sonraí rith, a chóipeáil, a dháileadh, a staidéar, a athrú agus a fheabhsú, lena n-áirítear samhlacha trí cheadúnais saor in aisce agus foinsí oscailte. Chun forbairt agus imscaradh na hintleachta saorga a chothú, go háirithe ag FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, sa taighde acadúil ach ag daoine aonair freisin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na comhpháirteanna intleachta saorga saor in aisce agus foinse oscailte sin ach amháin a mhéid a chuireann soláthraí ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad mar chuid de chóras intleachta saorga ardriosca nó de chóras intleachta saorga a thagann faoi Theideal II nó IV den Rialachán seo.

    Leasú 33

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 12 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (12b)

    Níor cheart gurb ionann forbairt chomhoibríoch comhpháirteanna intleachta saorga atá saor in aisce agus foinse oscailte, ná iad a chur ar fáil i stórtha oscailte, agus cur ar an margadh nó cur i mbun seirbhíse. D’fhéadfaí a thuiscint gur gníomhaíocht tráchtála atá i gceist, laistigh den bhrí é a chur ar fáil ar an margadh, má dhéantar praghas a ghearradh, cé is moite d’idirbhearta idir micrifhiontair, ar chomhpháirt intleachta saorga atá saor in aisce agus foinse oscailte agus freisin trí phraghas a ghearradh ar sheirbhísí tacaíochta teicniúla, trí ardán bogearraí a sholáthar trína gcuireann an soláthraí luach airgid ar sheirbhísí eile, nó trí shonraí pearsanta a úsáid ar chúiseanna eile seachas chun slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí a fheabhsú go heisiach.

    Leasú 34

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 12 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (12c)

    Níor cheart sainordú a thabhairt faoin Rialachán seo, d’fhorbróirí comhpháirteanna intleachta saorga saor in aisce agus ar comhpháirteachha foinse oscailte iad, ceanglais atá dírithe ar shlabhra luacha intleachta saorga a chomhlíonadh agus, go háirithe, níor cheart iad a shainordú don soláthraí a d’úsáid an chomhpháirt intleachta saorga a bhí saor in aisce agus ar comhpháirt foinse oscailte í. Mar sin féin, ba cheart forbróirí comhpháirteanna intleachta saorga atá saor in aisce agus ar foinse oscailte iad a spreagadh chun cleachtais doiciméadachta a bhfuil glacadh forleathan leo a chur chun feidhme, amhail samhail agus cártaí sonraí, mar bhealach chun dlús a chur le comhroinnt faisnéise feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga, rud a fhágann gur féidir córais iontaofa intleachta saorga a chur chun cinn san Aontas.

    Leasú 35

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 13

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (13)

    Chun ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do leasanna poiblí maidir le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, ba cheart caighdeáin normatacha choiteanna a bhunú le haghaidh gach córas intleachta saorga ardriosca. Ba cheart na caighdeáin sin a bheith i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) agus ba cheart dóibh a bheith neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta trádála an Aontais.

    (13)

    Chun ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do leasanna poiblí maidir le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha agus maidir leis an daonlathas agus leis an smacht reachta agus an comhshaol , ba cheart caighdeáin normatacha choiteanna a bhunú le haghaidh gach córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart na caighdeáin sin a bheith comhsheasmhach leis an gCairt , leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leis an Dearbhú Comhpháirteach maidir le Cearta Digiteacha an Aontais agus le Treoirlínte Eitice don Intleacht Shaorga Iontaofa ( IS) de chuid an Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil um an Intleacht Shaorga, agus ba cheart iad a bheith neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le gealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais.

    Leasú 36

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 14

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (14)

    Chun tacar rialacha ceangailteacha atá comhréireach agus éifeachtach a thabhairt isteach maidir le córais intleachta saorga, ba cheart cur chuige rioscabhunaithe atá sainithe go soiléir a leanúint. Leis an gcur chuige sin, ba cheart cineál agus inneachar na rialacha sin a chur in oiriúint do dhéine agus raon feidhme na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le córais intleachta saorga. Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar chleachtais intleachta saorga áirithe , ceanglais a leagan síos maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí a leagan síos le haghaidh na n-oibreoirí ábhartha, agus oibleagáidí trédhearcachta a leagan síos maidir le córais intleachta saorga áirithe.

    (14)

    Chun tacar rialacha ceangailteacha atá comhréireach agus éifeachtach a thabhairt isteach maidir le córais intleachta saorga, ba cheart cur chuige rioscabhunaithe atá sainithe go soiléir a leanúint. Leis an gcur chuige sin, ba cheart cineál agus inneachar na rialacha sin a chur in oiriúint do dhéine agus raon feidhme na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le córais intleachta saorga. Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar chleachtais dho-ghlactha áirithe intleachta saorga, ceanglais a leagan síos maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí a leagan síos le haghaidh na n-oibreoirí ábhartha, agus oibleagáidí trédhearcachta a leagan síos maidir le córais intleachta saorga áirithe.

    Leasú 37

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 15

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (15)

    Cé is moite de na húsáidí tairbhiúla éagsúla a bhaineann leis an intleacht shaorga, d’fhéadfaí an teicneolaíocht sin a mhí-úsáid freisin agus uirlisí úra cumhachtacha a sholáthar le haghaidh cleachtais ionramhálacha dhúshaothraithe agus cleachtais smachta shóisialta. D’fhéadfadh cleachtais den chineál sin dochar ar leith a dhéanamh agus ba cheart iad a thoirmeasc toisc go dtagann siad salach ar luachanna an Aontais maidir le meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun cosaint sonraí, an ceart chun príobháideachais agus cearta an linbh.

    (15)

    Cé is moite de na húsáidí tairbhiúla éagsúla a bhaineann leis an intleacht shaorga, d’fhéadfaí an teicneolaíocht sin a mhí-úsáid freisin agus uirlisí úra cumhachtacha a sholáthar le haghaidh cleachtais ionramhálacha dhúshaothraithe agus cleachtais smachta shóisialta. D’fhéadfadh cleachtais den chineál sin a bheith díobhálach agus mí-úsáideach agus ba cheart iad a thoirmeasc toisc go dtagann siad salach ar luachanna an Aontais maidir le meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun cosaint sonraí, an ceart chun príobháideachais agus cearta an linbh.

    Leasú 38

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 16

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (16)

    Maidir le córais intleachta saorga áirithe a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó iad a úsáid, ar córais iad atá beartaithe chun iompraíocht an duine a shaobhadh, i gcás inar dócha go ndéanfaí díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch, ba cheart na córais sin a thoirmeasc. Úsáideann na córais intleachta saorga sin comhpháirteanna fothairseachúla nach bhfuil le brath ag an duine aonair nó saothraíonn na córais sin leochaileachtaí leanaí agus daoine mar gheall ar a  n-aois nó a  n-éagumais fhisiciúil nó mheabhrach . Déanann siad amhlaidh d’fhonn iompar an duine a shaobhadh go hábhartha agus ar bhealach lena ndéantar díobháil don duine sin nó do dhuine eile nó gur dócha go ndéanfar díobháil. Ní fhéadfaí an aidhm a thoimhdiú má saobhadh iompar an duine mar thoradh ar thosca atá neamhspleách ar an gcóras intleachta saorga agus nach bhfuil smacht ag an soláthraí ag an úsáideoir orthu. Maidir le taighde chun críoch dlisteanach i ndáil leis na córais intleachta saorga sin, níor cheart é a phlúchadh leis an toirmeasc, mura bhfuil baint ag an taighde sin le húsáid an chórais intleachta saorga i  gcaidreamh idir duine agus an meaisín lena gcuirtear daoine nádúrtha i mbaol agus má dhéantar an taighde sin i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla aitheanta i ndáil leis an taighde eolaíoch.

    (16)

    Maidir le córais intleachta saorga áirithe a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó iad a úsáid, ar córais iad arb é is aidhm leo dul i bhfeidhm go hábhartha ar iompraíocht an duine nó iompraíocht an duine a shaobhadh, i gcás inar dócha go ndéanfaí díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch, ba cheart na córais sin a thoirmeasc. Ba cheart a thuiscint leis an teorannú sin go n-áirítear néartheicneolaíochtaí le cúnamh ó chórais intleachta saorga a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar shonraí néaracha a bhailítear trí chomhéadain ríomhairí inchinne, nó chun iad a úsáid, nó chun tionchar a imirt orthu a mhéid a dhéanann siad saobhadh ábhartha ar iompar duine nádúrtha ar bhealach a dhéanann díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dóigh dó díobháil shuntasach a dhéanamh don duine sin nó do dhuine eile. Baineann córais intleachta saorga den sórt sin úsáid as comhpháirteanna fo-thairseachúil nach féidir le daoine aonair iad a bhrath a théann i dtír ar leochailteachtaí daoine aonair agus grúpaí sonracha daoine i ngeall ar a dtréithe pearsantachta aitheanta nó tuartha, mar gheall ar a  n-éagumas fisiceach meabhrach, ar staid shóisialta nó eacnamaíoch . Déanann siad amhlaidh agus é ar beartaithe leo iompraíocht an duine a shaobhadh go hábhartha nó a bheith mar thoradh air sin agus ar bhealach a dhéanann díobháil shuntasach, nó ar dóigh dó díobháil shuntasach a dhéanamh, don duine sin nó do dhuine eile nó do ghrúpaí daoine, lena n-áirítear díobháil a d’fhéadfaí a charnadh le himeacht ama . Ní fhéadfar a thoimhdiú go bhfuil rún ann an iompraíocht a shaobhadh eascraíonn an saobhadh as fachtóirí lasmuigh den chóras intleachta saorga nach bhfuil smacht ag an soláthraí ag an úsáideoir orthu , amhail fachtóirí nach bhféadfadh soláthraí ná imscarthóir an chórais intleachta saorga a thuar agus a mhaolú go réasúnta . I gcás ar bith, ní gá go mbeadh sé ar intinn ag an soláthraí ná ag an imscarthóir díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch a dhéanamh, fad is a eascraíonn an díobháil sin as na cleachtais ionramhála nó dhúshaothraithe atá cumasaithe ag intleacht shaorga. Tá na toirmisc ar chleachtais intleachta saorga den sórt sin comhlántach leis na forálacha i dTreoir 2005/29/CE, ar dá réir a thoirmisctear cleachtais tráchtála éagóracha, gan beann ar úsáid a bhaint as córais intleachta saorga nó ar bhealach eile. I gcás den sórt sin, níor cheart cleachtais tráchtála dhleathacha, mar shampla i réimse na fógraíochta, atá i gcomhréir le dlí an Aontais a mheas iontu féin mar chleachtais a sháraíonn toirmeasc. Níor cheart an toirmeasc a chur ar thaighde chun críoch dlisteanach i ndáil leis na córais intleachta saorga sin, más rud é nach ionann an taighde sin agus úsáid an chórais intleachta saorga i  gcaidrimh idir duine agus meaisín lena nochtar daoine nádúrtha do dhíobháil agus má dhéantar an taighde sin i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla aitheanta le haghaidh taighde eolaíoch agus ar bhonn toiliú feasach sonrach ó na daoine aonair a nochtar dóibh nó, i gcás inarb infheidhme, a gcaomhnóirí dlíthiúla .

    Leasú 39

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 16 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (16a)

    Córais intleachta saorga a dhéanann daoine nádúrtha a chatagóiriú trí iad a shannadh do chatagóirí sonracha, de réir saintréithe íogaire nó cosanta atá ar eolas nó atá intuigthe, tá na córais sin sách ionsáiteach, sáraíonn siad dínit an duine agus bíonn riosca mór idirdhealaithe ag baint leo. Áirítear ar na saintréithe sin inscne, féiniúlacht inscne, cine, tionscnamh eitneach, stádas imirce nó stádas saoránachta, claonadh polaitiúil, gnéaschlaonadh, reiligiún, míchumas nó aon fhorais eile ar a dtoirmisctear idirdhealú faoi Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE)2016/769. Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar chórais intleachta saorga den chineál sin.

    Leasú 40

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 17

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (17)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh torthaí idirdhealaitheacha agus eisiamh grúpaí áirithe ann de thoradh scóráil shóisialta daoine nádúrtha le haghaidh cuspóir ginearálta ag údaráis phoiblí nó thar a gceann , rud a sholáthraítear le córais intleachta saorga áirithe. D’fhéadfadh sé go sárófaí leo an ceart chun dínite agus an ceart chun neamh-idirdhealú agus luachanna maidir le comhionannas agus an ceartas. Déanann na córais intleachta saorga sin meastóireacht agus rangú ar iontaofacht daoine nádúrtha bunaithe ar iompraíocht shóisialta na ndaoine sin i gcomhthéacsanna éagsúla nó bunaithe ar shaintréithe pearsanta nó saintréithe pearsantachta aitheanta nó tuartha. De thoradh an scóir shóisialta arna fháil ó na córais intleachta saorga sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí go neamhfhabhrach nó go díobhálach le daoine nádúrtha nó grúpaí iomlána daoine nádúrtha i gcomhthéacsanna sóisialta nach bhfuil aon bhaint acu leis an gcomhthéacs inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach báire nó d’fhéadfadh sé go gcaithfí leo go díobhálach ar bhealach atá gan bonn cirt nó díréireach le tromchúis a n-iompraíochta sóisialta. Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar na córais intleachta saorga sin.

    (17)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh torthaí idirdhealaitheacha agus eisiamh grúpaí áirithe ann de thoradh scóráil shóisialta daoine nádúrtha le haghaidh cuspóir ginearálta, rud a sholáthraítear le córais intleachta saorga áirithe. Sáraítear leo an ceart chun dínite agus an ceart chun neamh-idirdhealú agus luachanna maidir le comhionannas agus an ceartas. Déanann córais intleachta saorga den sórt sin meastóireacht nó aicmiú ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí bunaithe ar iliomad pointí sonraí agus tarluithe ama a bhaineann lena n-iompraíocht shóisialta i gcomhthéacsanna éagsúla nó saintréithe pearsanta nó pearsantachta intuigthe nó tuartha. De thoradh an scóir shóisialta arna fháil ó na córais intleachta saorga sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí go neamhfhabhrach nó go díobhálach le daoine nádúrtha nó grúpaí iomlána daoine nádúrtha i gcomhthéacsanna sóisialta nach bhfuil aon bhaint acu leis an gcomhthéacs inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach báire nó d’fhéadfadh sé go gcaithfí leo go díobhálach ar bhealach atá gan bonn cirt nó díréireach le tromchúis a n-iompraíochta sóisialta. Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar na córais intleachta saorga sin.

    Leasú 41

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 18

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (18)

    Maidir le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ daoine nádúrtha i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, measfar í a bheith an-ionrach maidir le cearta agus saoirsí na ndaoine lena mbaineann, sa mhéid go bhfuil féidearthacht ann go ndéanfadh sé difear do shaol príobháideach cuid mhór den phobal, go nginfeadh sé mothúchán go bhfuiltear faoi fhaireachas leanúnach agus go ndéanfadh sé feidhmiú saoirse tionóla agus cearta bunúsacha eile a dhíspreagadh. Thairis sin, i bhfianaise neasacht an tionchair agus na ndeiseanna teoranta atá ann maidir le seiceálacha agus ceartuithe breise i ndáil le húsáid na gcóras sin a oibríonn i ‘bhfíor-am’, bíonn rioscaí níos mó ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine a mbaineann na gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí leo.

    (18)

    Tá úsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ daoine nádúrtha i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu go háirithe ag cur isteach ar chearta agus saoirsí na ndaoine lena mbaineann, agus ar deireadh is féidir léis an úsáid sin difear a dhéanamh do shaol príobháideach cuid mhór den phobal, d’fhéadfaí a mhothú go bhfuil faireachta leanúnach ar siúl orthu, agus d’fhéadfadh sé cumhachta neamhrialaithe a thabhairt do pháirtithe a úsáideann sainaithint bhithmhéadrach i spásanna atá inrochtana don phobal agus d’fhéadfaí léi feidhmiú na saoirse comhthionóil agus cearta bunúsacha eile atá i gcroílár an smachta reachta a dhíspreagadh go hindíreach . Maidir le míchruinnis theicniúla i gcórais intleachta saorga atá beartaithe le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine nádúrtha, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaithe. Tá sé sin ábhartha go háirithe a mhéid a bhaineann le haois, bunadh eitneach, gnéas nó míchumais. Thairis sin, i bhfianaise neasacht an tionchair agus na ndeiseanna teoranta atá ann maidir le seiceálacha agus ceartuithe breise i ndáil le húsáid na gcóras sin a oibríonn i ‘bhfíor-am’, bíonn rioscaí níos mó ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine a mbaineann na gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí leo. Ba cheart, dá bhrí sin, úsáid na gcóras sin in áiteanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a thoirmeasc. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart cosc a chur freisin ar chórais intleachta saorga a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar phíosaí scannánaíochta taifeadta de spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu trí chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘iardain’, ach amháin má tá údarú réamhbhreithiúnach ann lena úsáid i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí, nuair atá géarghá leis don chuardach spriocdhírithe atá nasctha le cion coiriúil tromchúiseach sonrach a tharla cheana féin, agus faoi réir údarú réamhbhreithiúnach amháin.

    Leasú 42

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 19

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (19)

    Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar úsáid na gcóras sin chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin maidir le trí chás atá liostaithe go cuimsitheach agus sainithe go cúng, cásanna lena bhfuil dianghá le húsáid na gcóras sin chun freastal ar leas substaintiúil maidir leis an bpobal, ina mheastar gur mó a dtábhacht ná na rioscaí. Baineann na cásanna sin le cuardach daoine a d’fhéadfadh a bheith ina n-íospartaigh coireachta, lena n-áirítear leanaí ar iarraidh; bagairtí áirithe ar bheatha nó sábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheoireachta; agus brath, logánú, sainaithint nó ionchúiseamh duine faoi dhrochamhras nó dhéantóirí na gcionta coiriúla dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle  (38) más cionta cóiriúla iad atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad agus mar a dhéantar sainmhíniú orthu i ndlí an Bhallstáit sin. An tairseach sin maidir leis an bpianbhreith choimeádta nó ordú coinneála i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rannchuidíonn sé chun a áirithiú gur cheart an cion a bheith tromchúiseach go leor le bonn cirt a thabhairt le húsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’. Thairis sin, ar an 32 chion chóiriúla a liostaítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle, is dócha, i gcleachtas, go mbeidh cuid acu níos ábhartha ná a chéile, ós rud é go mbeidh gá ar leibhéal éagsúla go hintuartha le hiontaoibh cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus go mbeadh sé comhréireach ar leibhéil éagsúla den chur chun cinn praiticiúil maidir le brath, logánú, sainaithint nó ionchúiseamh duine faoi dhrochamhras nó dhéantóirí na gcionta coiriúla éagsúla a liostaítear agus ag féachaint do na héagsúlachtaí dóchúla maidir le tromchúis, dóchúlacht agus leibhéal na díobhála nó na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

    scriosta

    Leasú 43

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 20

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (20)

    Chun a áirithiú go n-úsáidtear na córais sin ar bhealach freagrach comhréireach, tá sé tábhachtach freisin a shuí gur cheart eilimintí áirithe a chur i gcuntas i ngach ceann de na trí chás a liostaítear go cuimsitheach agus a shainítear go cúng, go háirithe a mhéid a bhaineann le nádúr an cháis ba chúis leis an iarraidh agus iarmhairtí na húsáide i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine uile lena mbaineann agus na coimircí agus na coinníollacha dá bhforáiltear leis an úsáid. Thairis sin, maidir le húsáid a bhaint as córais chian-sainaitheanta bhithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana go poiblí chun an dlí a fhorfheidhmiú, ba cheart í a bheith faoi réir teorainneacha iomchuí in am agus i spás, ag féachaint go háirithe don fhianaise nó do na táscairí maidir leis na bagairtí, na híospartaigh nó déantóir na coire. Ba cheart bunachar sonraí tagartha na ndaoine a bheith iomchuí lena úsáid i ngach ceann de na trí chás a luaitear thuas.

    scriosta

    Leasú 44

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 21

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (21)

    Ba cheart gach úsáid de chóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana go poiblí chun an dlí a fhorfheidhmiú, a bheith faoi réir údarú sonrach sainráite ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách Ballstáit. Ba cheart an t-údarú sin a fháil i bprionsabal roimh an úsáid, ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil bonn cirt cuí leo, is é sin, cásanna inar gá na córais atá i gceist a úsáid ionas go mbeidh sé dodhéanta go héifeachtúil agus go hoibiachtúil údarú a fháil sula dtosófar an úsáid. Sna cásanna práinneacha sin, ba cheart an úsáid a theorannú don íosmhéid iomlán is gá agus a bheith faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha iomchuí, de réir mar a chinntear leis an dlí náisiúnta agus a shonraítear i gcomhthéacs gach cás práinneach ar leith ag an údarás forfheidhmithe dlí féin. Ina theannta sin, ba cheart don údarás forfheidhmithe dlí féachaint le húdarú a fháil a luaithe is féidir sna cásanna sin, agus na cúiseanna nach rabhthas in ann é a iarraidh níos luaithe a thabhairt.

    scriosta

    Leasú 45

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 22

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (22)

    Thairis sin, is iomchuí a fhoráil, laistigh de chreat uileghabhálach an Rialacháin seo, nár cheart an úsáid sin ar chríoch Bhallstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith indéanta ach amháin i gcás gur chinn an Ballstát i dtrácht, agus sa mhéid gur chinn an Ballstát i dtrácht, foráil a dhéanamh go sainráite go bhféadfaí an úsáid sin a údarú ina rialacha mionsonraithe den dlí náisiúnta. Dá réir sin, fanfaidh na Ballstáit saor faoin Rialachán seo gan foráil a dhéanamh in aon chor maidir le féidearthacht den sórt sin nó gan foráil a dhéanamh maidir le féidearthacht den sórt sin ach amháin i leith cuid de na cuspóirí a bhfuil sé de chumas acu bonn cirt a thabhairt le húsáid údaraithe a shainaithnítear sa Rialachán seo.

    scriosta

    Leasú 46

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 23

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (23)

    Is gá go mbeadh próiseáil sonraí bithmhéadracha i gceist le córais intleachta saorga a úsáid chun daoine nádúrtha a chian-sainaithint ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana ag an bpobal chun an dlí a fhorghníomhú. Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha an Rialacháin seo a thoirmisceann an úsáid sin, faoi réir eisceachtaí áirithe, atá bunaithe ar Airteagal 16 CFAE, mar lex specialis i leith na rialacha maidir le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil, atá in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 lena rialáiltear an úsáid sin agus na sonraí bithmhéadracha a phróiseáil atá páirteach go hiomlán sa tslí sin. Dá bhrí sin, níor cheart go bhféadfaí an úsáid agus an phróiseáil sin a dhéanamh ach amháin a mhéid atá sé comhréireach leis an gcreat a leagtar síos leis an Rialachán seo, gan raon a bheith ann, lasmuigh den chreat sin, do na húdaráis inniúla, i gcás go ngníomhóidh siad chun an dlí a fhorfheidhmiú, chun na córais sin a úsáid agus na sonraí sin i dtaca leis a phróiseáil ar na forais a liostaítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680. Sa chomhthéacs seo, níl an Rialachán seo beartaithe chun an bunús dlí a chur ar fáil chun sonraí pearsanta a phróiseáil faoi Airteagal 8 de Threoir 2016/680. Níor cheart úsáid córas cian-sainaitheanta bhithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana go poiblí chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear ag údaráis inniúla, áfach, a chumhdach leis an gcreat sonrach maidir leis an úsáid sin chun an dlí a fhorfheidhmiú a leagtar síos leis an Rialachán seo. Níor cheart an úsáid sin chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí, mar sin, a bheith faoi réir cheanglas údarú faoin Rialachán seo agus na rialacha mionsonraithe is infheidhme an dlí náisiúnta lena dtabharfar éifeacht dó.

    scriosta

    Leasú 47

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 24

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (24)

    Ba cheart d’aon phróiseáil sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta eile a bhaineann le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh sainaithint bhithmhéadrach, ach amháin i ndáil le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana ag an bpobal chun an dlí a fhorfheidhmiú mar a rialáiltear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear i gcás go n-úsáideann údaráis inniúla na córais sin i spásanna atá inrochtana ag an bpobal chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí, leanúint de na ceanglais a chomhlíonadh atá mar thoradh ar Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme.

    (24)

    Ba cheart d’aon phróiseáil sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta eile a bhaineann le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh sainaithint bhithmhéadrach, seachas i dtaca le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana ag an bpobal chun an dlí a fhorfheidhmiú mar a rialáiltear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear cásanna ina n-úsáideann údaráis inniúla na córais sin i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí, leanúint de na ceanglais a chomhlíonadh atá mar thoradh ar Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme.

    Leasú 48

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 25

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (25)

    I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an limistéir saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh Éire faoi cheangal ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), (2) agus (3) den Rialachán seo arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 16 de CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, i gcás nach mbeidh Éire faoi cheangal ag na rialacha lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó i gcomhair póilíneachta lena gceanglaítear na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh de CFAE .

    (25)

    I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an limistéir saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh Éire faoi cheangal ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (d), (2) agus (3) den Rialachán seo arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 16 de CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, i gcás nach mbeidh Éire faoi cheangal ag na rialacha lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó i gcomhair póilíneachta lena gceanglaítear na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh.

    Leasú 49

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 26

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (26)

    I gcomhréir le hAirteagal 2 agus 2a de Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), (2) agus (3) den Rialachán seo a glacadh ar bhonn Airteagal 16 de CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar an Danmhairg.

    (26)

    I gcomhréir le hAirteagal 2 agus 2a de Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), (2) agus (3) den Rialachán seo a glacadh ar bhonn Airteagal 16 de CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar an Danmhairg.

    Leasú 50

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 26 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (26a)

    Maidir le córais intleachta saorga a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí nó a úsáidtear thar a gceann chun tuartha, próifílí nó measúnuithe riosca a dhéanamh bunaithe ar phróifíliú daoine nádúrtha nó anailís sonraí bunaithe ar thréithe agus saintréithe pearsantachta, lena n-áirítear suíomh an duine, nó iompar coiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí daoine san am atá thart, chun a thuar go dtarlóidh cion coiriúil nó cion coiriúil ionchasach nó cion coiriúil féideartha nó go dtarlóidh an cion coiriúil nó na cionta sin arís, lena n-áirítear córais frithchalaoise, tá riosca ar leith ag baint leo go ndéanfar idirdhealú i gcoinne daoine áirithe nó grúpaí áirithe daoine, toisc go sáraíonn siad dínit an duine chomh maith le príomhphrionsabal dlíthiúil thoimhde na neamhchiontachta. Ba cheart, mar sin, toirmeasc a chur ar na córais intleachta saorga sin.

    Leasú 51

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 26 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (26b)

    Cuireann scríobadh neamh-idirdhealaitheach agus neamh-spriocdhírithe sonraí bithmhéadracha ó na meáin shóisialta nó ó scannánaíocht CCTV chun bunachair sonraí aghaidh-aitheanta a chruthú nó a leathnú le braistint ollfhaireachais agus is féidir go leanfadh mórsháruithe ar chearta bunúsacha as, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachais. Mar sin, ba cheart úsáid córas intleachta saorga chun na críche sin atá beartaithe a thoirmeasc.

    Leasú 52

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 26 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (26c)

    Tá imní mhór ann faoi bhunús eolaíoch na gcóras intleachta saorga arb é is aidhm dóibh mothúcháin, gnéithe fisiciúla nó fiseolaíocha amhail dreacha, gluaiseachtaí, minicíocht cuisle nó guth a bhrath. Athraíonn mothúcháin nó léirithe mothúcháin agus braistintí díobh go mór i measc cultúr agus cásanna, agus fiú laistigh de dhuine aonair amháin. I measc phríomheasnaimh na dteicneolaíochtaí sin, tá an iontaofacht theoranta (ní chuirtear catagóirí mothúcháin in iúl go hiontaofa trí shraith choitianta gluaiseachtaí fisiceacha nó fiseolaíocha, ná ní bhaineann siad go soiléir leo), an easpa sainiúlachta (níl nathanna fisiciúla nó fiseolaíocha ag teacht le catagóirí mothúcháin go foirfe) agus an inghinearálaitheacht theoranta (ní mheastar go leordhóthanach éifeachtaí an chomhthéacs agus an chultúir). Féadfaidh saincheisteanna iontaofachta agus mar sin, rioscaí móra mí-úsáide, teacht chun cinn go háirithe agus an córas á imscaradh i gcásanna fíorshaoil a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, bainistiú teorainneacha, ionad oibre agus institiúidí oideachais. Mar sin, ba cheart cur ar an margadh, cur i mbun seirbhíse nó úsáid córas intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid sna comhthéacsanna sin a thoirmeasc chun staid mhothúchánach daoine aonair a bhrath.

    Leasú 53

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 26 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (26d)

    Leis an Rialachán seo níor cheart difear a dhéanamh do chleachtais a thoirmisctear le reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear an dlí cosanta sonraí, an dlí neamh-idirdhealaitheach, an dlí maidir le cosaint tomhaltóirí agus dlí na hiomaíochta.

    Leasú 54

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 27

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (27)

    Níor cheart córais intleachta saorga ardriosca a chur ar mhargadh an Aontais a chur i mbun seirbhíse ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais shainordaitheacha áirithe. Leis na ceanglais sin, ba cheart a áirithiú, maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá ar fáil san Aontas nó a úsáidtear a n-aschur san Aontas ar shlite eile, nach mbeadh rioscaí do-ghlactha ag baint leo do leasanna tábhachtacha poiblí an Aontais mar atá aitheanta agus faoi chosaint ag dlí an Aontais. Ba cheart líon na gcóras intleachta saorga a shainaithnítear mar chórais ardriosca a theorannú dóibh siúd a bhfuil tionchar suntasach díobhálach acu ar an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha na ndaoine san Aontas agus leis an teorannú sin laghdaítear aon srian a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le trádáil idirnáisiúnta, más ann dó.

    (27)

    Níor cheart córais intleachta saorga ardriosca a chur ar mhargadh an Aontais, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais shainordaitheacha áirithe. Leis na ceanglais sin, ba cheart a áirithiú, maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá ar fáil san Aontas nó a úsáidtear a n-aschur san Aontas ar shlite eile, nach mbeadh rioscaí do-ghlactha ag baint leo do leasanna tábhachtacha poiblí an Aontais mar atá aitheanta agus faoi chosaint ag dlí an Aontais dlí, lena n-áirítear cearta bunúsacha, daonlathas, an riail nó an dlí nó an comhshaol . Chun ailíniú le reachtaíocht earnála a áirithiú agus dúbláil a sheachaint, ba cheart reachtaíocht earnála a chur i gcuntas sna ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca lena leagtar síos ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, amhail Rialachán (AE) 2017/745 maidir le Feistí Leighis agus Rialachán (AE) 2017/746 maidir le Feistí Diagnóiseacha In Vitro nó Treoir 2006/42/CE maidir le hInnealra. Ba cheart líon na gcóras intleachta saorga a shainaithnítear mar chórais ardriosca a theorannú dóibh siúd a bhfuil tionchar suntasach díobhálach acu ar an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha na ndaoine san Aontas agus leis an teorannú sin laghdaítear aon srian a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le trádáil idirnáisiúnta, más ann dó. I bhfianaise luas na forbartha teicneolaíche, chomh maith leis na hathruithe ionchasacha ar úsáid na gcóras intleachta saorga, ba cheart liosta na limistéar ardriosca agus na gcásanna úsáide in Iarscríbhinn III a bheith faoi réir athbhreithniú buan mar sin féin trí mheasúnú rialta a dhéanamh.

    Leasú 55

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 28

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (28)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh torthaí neamhfhabhracha ag córais intleachta saorga ar shláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe i gcás ina n-oibríonn na córais sin mar chomhpháirteanna táirgí. I gcomhréir le cuspóirí reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a éascú agus chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí atá sábháilte agus comhlíontach ar bhealach eile ar an margadh, tá sé tábhachtach go ndéanfar na rioscaí sábháilteachta a sheachaint nó a mhaolú go hiomchuí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar tháirge ina iomláine de thoradh a chomhpháirteanna digiteacha, lena n-áirítear córais intleachta saorga. Cuir i gcás, róbait uathrialaitheacha a bhfuil a n-uathriail ag dul i méid de réir a chéile, cé acu a bhfuil siad i gcomhthéacs monaraíochta nó cúnaimh phearsanta agus cúraim, ba cheart iad a bheith in ann oibriú agus a bhfeidhmeanna a dhéanamh go sábháilte i dtimpeallachtaí casta. Ar an gcuma chéanna, san earnáil sláinte, áit a bhfuil go leor i ngeall léi maidir le beatha agus sláinte, ba cheart córais diagnóisice agus córais a thacaíonn cinntí daonna, ar córais iad atá ag éirí níos sofaisticiúla, a bheith iontaofa agus cruinn. Tá ábharthacht ar leith ag baint le fairsinge tionchar díobhálach an chórais intleachta saorga ar na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag an gCairt, go háirithe agus córas intleachta saorga á aicmiú mar chóras ardriosca. Áirítear ar na cearta sin an ceart chun dínite daonna, an ceart maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart ar chosaint sonraí pearsanta, an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart chun saoirse comhthionóil agus comhlachais, an ceart chun neamh-idirdhealú, cearta cosanta tomhaltóirí, cearta oibrithe, cearta daoine faoi mhíchumas, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, an ceart chun toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta, an ceart chun dea-riaracháin. I dteanna na gceart sin, tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil cearta sonracha ag leanaí mar a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (a léirmhíníodh tuilleadh i mBarúil Ghinearálta Uimh. 25 ó UNCRC a mhéid a bhaineann leis an timpeallacht dhigiteach), ós rud é go gceanglaítear leis an dá cheann breithniú ar leochaileachtaí na leanaí agus an chosaint agus an cúram is gá a sholáthar ar mhaithe lena ndea-bhail. An ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol a chumhdaítear sa Chairt agus a chuirtear chun feidhme i mbeartais an Aontais, ba cheart é a chur san áireamh freisin agus measúnú á dhéanamh ar dhéine na díobhála ar féidir córas intleachta saorga a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil le sláinte agus sábháilteacht daoine.

    (28)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar neamhfhabhrach ag córais intleachta saorga ar shláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe i gcás ina n-oibríonn na córais sin mar chomhpháirteanna sábháilteachta táirgí. I gcomhréir le cuspóirí reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a éascú agus chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí atá sábháilte agus comhlíontach ar bhealach eile ar an margadh, tá sé tábhachtach go ndéanfar na rioscaí sábháilteachta a sheachaint nó a mhaolú go hiomchuí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar tháirge ina iomláine de thoradh a chomhpháirteanna digiteacha, lena n-áirítear córais intleachta saorga. Cuir i gcás, róbait uathrialaitheacha a bhfuil a n-uathriail ag dul i méid de réir a chéile, cé acu a bhfuil siad i gcomhthéacs monaraíochta nó cúnaimh phearsanta agus cúraim, ba cheart iad a bheith in ann oibriú agus a bhfeidhmeanna a dhéanamh go sábháilte i dtimpeallachtaí casta. Ar an gcuma chéanna, san earnáil sláinte, áit a bhfuil go leor i ngeall léi maidir le beatha agus sláinte, ba cheart córais diagnóisice agus córais a thacaíonn cinntí daonna, ar córais iad atá ag éirí níos sofaisticiúla, a bheith iontaofa agus cruinn.

    Leasú 56

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 28 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (28a)

    Tá ábharthacht ar leith ag baint le fairsinge thionchar díobhálach an chórais intleachta saorga ar na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag an gCairt, go háirithe agus córas intleachta saorga á aicmiú mar chóras ardriosca. Áirítear ar na cearta sin an ceart chun dínit an duine, maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, ar chosaint sonraí pearsanta, chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, chun saoirse comhthionóil agus comhlachais, agus neamh-idirdhealú, an ceart chun oideachais, cearta cosanta tomhaltóirí, cearta oibrithe, cearta daoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne, cearta maoine intleachtúla, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, an ceart na cosanta agus toimhde na neamhchiontachta, an ceart chun dea-riaracháin. I dteanna na gceart sin, tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil cearta sonracha ag leanaí mar a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (a léirmhíníodh tuilleadh i mBarúil Ghinearálta Uimh. 25 ó UNCRC maidir leis an timpeallacht dhigiteach), ós rud é go gceanglaítear leis an dá cheann breithniú ar leochaileachtaí na leanaí agus an chosaint agus an cúram is gá a sholáthar ar mhaithe lena ndea-bhail. Ba cheart an ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol a chumhdaítear sa Chairt agus a chuirtear chun feidhme i mbeartais an Aontais, a mheas freisin agus measúnú á dhéanamh ar dhéine na díobhála ar féidir le córas intleachta saorga a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil le sláinte agus sábháilteacht daoine nó leis an gcomhshaol.

    Leasú 57

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 29

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (29)

    Maidir le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40), Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), agus Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46), is iomchuí na gníomhartha sin a leasú chun a áirithiú, ar bhonn sainiúlachtaí teicniúla agus rialála gach earnála, agus gan cur isteach ar shásraí rialachais, measúnaithe comhréireachta agus forfheidhmithe atá ann cheana agus na húdaráis arna mbunú iontu, go gcuirfidh an Coimisiún i gcuntas na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos sa Rialachán seo agus aon ghníomh ábhartha tarmligthe nó cur chun feidhme á ghlacadh aige amach anseo ar bhonn na ngníomhartha sin.

    (29)

    Maidir le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40), Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), agus Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46), is iomchuí na gníomhartha sin a leasú chun a áirithiú, ar bhonn sainiúlachtaí teicniúla agus rialála gach earnála, agus gan cur isteach ar shásraí rialachais, measúnaithe comhréireachta , faireachas margaidh agus forfheidhmithe atá ann cheana agus na húdaráis arna mbunú iontu, go gcuirfidh an Coimisiún i gcuntas na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos sa Rialachán seo agus aon ghníomh ábhartha tarmligthe nó cur chun feidhme á ghlacadh aige amach anseo ar bhonn na ngníomhartha sin.

    Leasú 58

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 30

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (30)

    Maidir le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe an Aontais, is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo má chuirtear an nós imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar an táirge i gceist le comhlacht tríú páirtí um measúnú comhréireachta de bhun na reachtaíochta comhchuibhithe ábhartha sin de chuid an Aontais. Go sonrach, is éard atá i gceist leis na táirgí sin innealra, bréagáin, ardaitheoirí, trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, i dtrealamh raidió, i mbrú-threalamh, i dtrealamh le haghaidh árthaí áineas, i suiteálacha cábla-bhealaigh, i bhfearais a dhónn breoslaí gásacha, i bhfeistí leighis agus i bhfeistí leighis diagnóiseacha in vitro.

    (30)

    Maidir le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme dlí comhchuibhithe áirithe an Aontais atá liostaithe in Iarscríbhinn II , is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo má chuirtear an nós imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar an táirge i gceist le comhlacht tríú páirtí um measúnú comhréireachta chun comhlíonadh na gceanglas riachtanach sábháilteachta a áirithiú de bhun dhlí comhchuibhithe ábhartha sin an Aontais. Go sonrach, is éard atá i gceist leis na táirgí sin innealra, bréagáin, ardaitheoirí, trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, i dtrealamh raidió, i mbrú-threalamh, i dtrealamh le haghaidh árthaí áineas, i suiteálacha cábla-bhealaigh, i bhfearais a dhónn breoslaí gásacha, i bhfeistí leighis agus i bhfeistí leighis diagnóiseacha in vitro.

    Leasú 59

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 31

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (31)

    Maidir le haicmiú córas intleachta saorga mar chóras ardriosca de bhun an Rialacháin seo, níor cheart go gciallódh sin go measfar an táirge a bhfuil an córas intleachta saorga ann mar chomhpháirt sábháilteachta, nó an córas intleachta saorga féin mar tháirge, a bheith ‘ardriosca’ faoi na critéir a bhunaítear sa reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aici ar an táirge. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás Rialachán (AE) Uimh. 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47) agus Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), ina soláthraítear measúnú comhréireachta tríú páirtí le haghaidh táirgí meánriosca agus ardriosca.

    (31)

    Maidir le haicmiú córas intleachta saorga mar chóras ardriosca de bhun an Rialacháin seo, níor cheart go gciallódh sin go measfar an táirge a bhfuil an córas intleachta saorga ann mar chomhpháirt sábháilteachta, nó an córas intleachta saorga féin mar tháirge, a bheith ‘ardriosca’ faoi na critéir a bhunaítear i ndlí comhchuibhithe ábhartha an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir leis an táirge. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás Rialachán (AE) Uimh. 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47) agus Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), ina soláthraítear measúnú comhréireachta tríú páirtí le haghaidh táirgí meánriosca agus ardriosca.

    Leasú 60

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 32

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (32)

    A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga neamhspleácha, is é sin córais intleachta saorga ardriosca is moite de na córais is comhpháirteanna sábháilteachta iad , nó is táirgí iad féin, is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca más rud é, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh , go bhfuil ardriosca díobhála ag baint leo do shláinte , sábháilteacht nó cearta bunúsacha daoine, agus ag cur san áireamh déine na díobhála féideartha agus an dóchúlacht go dtarlódh an díobháil agus más rud é go n-úsáidtear iad i roinnt limistéir réamhshainithe shonracha a shonraítear sa Rialachán . Tá sainaithint na gcóras sin bunaithe ar an modheolaíocht chéanna agus na critéir chéanna atá beartaithe freisin maidir le haon leasú a dhéanfar amach anseo ar liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca.

    (32)

    Maidir le córais intleachta saorga neamhspleácha, a chiallaíonn córais intleachta saorga ardriosca seachas iad siúd is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí , nó is táirgí iad féin agus a liostaítear i gceann de na réimsí agus cásanna úsáide in Iarscríbhinn III , is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca más rud é, i bhfianaise a gcríche beartaithe, go bhfuil riosca suntasach díobhála ann do shláinte agus do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine agus , i gcás go n-úsáidtear an córas intleachta saorga mar chomhpháirt sábháilteachta de bhonneagar criticiúil, don chomhshaol. Ba cheart an riosca suntasach díobhála sin a shainaithint trí mheasúnú a dhéanamh, ar thaobh amháin, ar éifeacht an riosca sin i leith a leibhéal géire, déine, dóchúlacht go dtarlóidh sé agus ré i dteannta a chéile agus ar an taobh eile, an féidir leis an riosca difear a dhéanamh do dhuine aonair, d’iolrachas daoine nó do ghrúpa ar leith daoine . D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar an teaglaim sin, mar shampla, ardghéire ach dóchúlacht íseal go ndéanfadh sé difear do dhuine nádúrtha, nó ard-dóchúlacht go ndéanfaí difear do ghrúpa daoine a bhfuil déine íseal acu thar thréimhse fhada, ag brath ar an gcomhthéacs. Tá sainaithint na gcóras sin bunaithe ar an modheolaíocht chéanna agus na critéir chéanna atá beartaithe freisin maidir le haon leasú a dhéanfar amach anseo ar liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca.

    Leasú 61

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 32 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (32a)

    Ba cheart do sholáthraithe a dtagann a gcórais intleachta saorga faoi réim ceann de na réimsí agus cásanna úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn III a mheasann nach bhfuil riosca suntasach díobhála don tsláinte, don tsábháilteacht, do chearta bunúsacha ná don chomhshaol ag baint lena gcóras, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a chur ar an eolas trí fhógra réasúnaithe a chur isteach. D’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm achoimre aon leathanaigh ar an bhfaisnéis ábhartha maidir leis an gcóras intleachta saorga atá i gceist, lena n-áirítear a chuspóir beartaithe agus an fáth nach mbeadh riosca suntasach díobhála ann don tsláinte, don tsábháilteacht, do chearta bunúsacha ná don chomhshaol. Ba cheart don Choimisiún critéir a shonrú chun a chur ar chumas cuideachtaí measúnú a dhéanamh an mbeadh na rioscaí sin ag baint lena gcóras, chomh maith le teimpléad atá éasca le húsáid agus caighdeánaithe a fhorbairt don fhógra. Ba cheart do sholáthraithe an fógra a chur isteach a luaithe is féidir agus in aon chás sula gcuirfear an córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse, go hidéalach ag céim na forbartha, agus ba cheart go mbeidís saor chun é a chur ar an margadh tráth ar bith tar éis an fógra a thabhairt. Má mheasann an t-údarás, áfach, go raibh an córas intleachta saorga i gceist mí-aicmithe, ba cheart dó agóid a dhéanamh i gcoinne an fhógra laistigh de thréimhse trí mhí. Ba cheart an agóid a shuíomh agus míniú cuí a thabhairt ar an bhfáth a ndearnadh an córas intleachta saorga a aicmiú go mícheart. Ba cheart don soláthraí an ceart chun achomhairc a choinneáil trí argóintí breise a chur ar fáil. Más rud é, tar éis na dtrí mhí, nach raibh aon agóid i gcoinne an fhógra, d’fhéadfadh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta idirghabháil a dhéanamh fós má tá riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ar an leibhéal náisiúnta, mar atá i gcás aon chóras intleachta saorga eile atá ar an margadh. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid na hOifige intleachta saorga ina sonraítear na fógraí a fhaightear agus na cinntí a dhéantar.

    Leasú 62

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 33

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (33)

    Maidir le míchruinnis theicniúla i gcórais intleachta saorga atá beartaithe le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine nádúrtha, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaithe. Tá sé sin ábhartha go háirithe a mhéid a bhaineann le haois, bunadh eitneach, gnéas nó míchumais. Dá bhrí sin, ba cheart córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus ‘iar-aimseartha’ araon a aicmiú mar chórais ardriosca. I bhfianaise na rioscaí a bhaineann leo, ba cheart an dá chineál chóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí a bheith faoi réir ceanglais shonracha maidir le cumais logála agus formhaoirseacht dhaonna.

    scriosta

    Leasú 63

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 33 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (33a)

    Ós rud é gur catagóir speisialta sonraí pearsanta íogaire iad sonraí bithmhéadracha i gcomhréir le Rialachán 2016/679, is iomchuí roinnt cásanna úsáide criticiúla de chórais bhithmhéadracha agus bhithmhéadrachtbhunaithe a aicmiú mar chásanna úsáide ardriosca. Mar sin, ba cheart córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a shainaithint go bithmhéadrach agus córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tátail a dhéanamh faoi shaintréithe pearsanta daoine nádúrtha ar bhonn sonraí bithmhéadracha nó sonraí bithmhéadrachtbhunaithe, lena n-áirítear córais aitheantais mothúcháin, seachas na cinn sin a thoirmisctear faoin Rialachán seo, a aicmiú mar chórais ardriosca. Níor cheart go n-áireofaí leis sin córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach, lena n-áirítear fíordheimhniú, arb é an t-aon chuspóir atá leis a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann agus chun céannacht duine nádúrtha a dheimhniú d’aon toisc chun rochtain a fháil ar sheirbhís, ar fheiste nó ar áitreabh (fíorú aon le haon). Maidir le córais bhithmhéadracha agus bhithmhéadrachtbhunaithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais chun bearta cibearshlándála agus bearta cosanta sonraí pearsanta a chumasú, níor cheart a mheas go bhfuil riosca suntasach díobhála ag baint leo do shláinte, do shábháilteacht agus do chearta bunúsacha.

    Leasú 64

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 34

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (34)

    Maidir le bonneagar criticiúil a bhainistiú agus a oibriú, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar na córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar comhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú tráchta bóthair agus i soláthar uisce, gáis, téimh agus leictreachais , ós rud é go bhféadfadh a dteip nó a mífheidhmiú beatha agus sláinte daoine a chur i mbaol agus go bhféadfadh cur isteach suntasach a bheith ann i ngnáthchúrsa na ngníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha de bharr na gcóras sin.

    (34)

    Maidir le bonneagar criticiúil a bhainistiú agus a oibriú, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar na córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar comhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú soláthar uisce, gáis, téimh leictreachais agus bonneagar digiteach ríthábhachtach , ós rud é go bhféadfadh a dteip nó a mífheidhmiú slándáil agus sláine an bhonneagair ríthábhachtaigh sin a shárú nó beatha agus sláinte daoine a chur i mbaol agus go bhféadfadh cur isteach suntasach a bheith ann i ngnáthchúrsa na ngníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha de bharr na gcóras sin. Is é atá i gcomhpháirteanna sábháilteachta an bhonneagair chriticiúil, lena n-áirítear bonneagar criticiúil digiteach, córais a úsáidtear chun sláine fhisiceach an bhonneagair chriticiúil nó sláinte agus sábháilteacht daoine agus maoine a chosaint go díreach. D’fhéadfadh rioscaí do shláine fhisiciúil an bhonneagair chriticiúil a bheith mar thoradh ar chliseadh nó mífheidhmiú na gcomhpháirteanna sin agus, dá bhrí sin, do shláinte agus do shábháilteacht daoine agus maoine. Níor cheart comhpháirteanna atá beartaithe lena n-úsáid chun críoch cibearshlándála amháin a cháiliú mar chomhpháirteanna sábháilteachta. D’fhéadfaí a áireamh ar shamplaí de na comhpháirteanna sábháilteachta sin córais chun faireachán a dhéanamh ar bhrú uisce nó ar chórais rialaithe aláraim dóiteáin in ionaid néalríomhaireachta.

    Leasú 65

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 35

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (35)

    Córais intleachta saorga a úsáidtear san oideachas nó sa ghairmoiliúint, go sonrach na córais maidir le cinntí a dhéanamh faoi rochtain nó daoine a  chur chuig institiúidí oideachais agus gairmoiliúna nó meastóireacht a dhéanamh ar scrúduithe daoine mar chuid de réamhchoinníoll nó mar réamhchoinníoll ar a  n-oideachas , ba cheart iad a  mheas mar chórais ardriosca, ós rud é go bhféadfadh siad cúrsaí oideachais agus treo gairme duine a chinneadh agus dá bhrí sin difear a dhéanamh dá gcumas a slí bheatha a  bhaint amach . Má dheartar nó má úsáidtear iad go míchuí, d’fhéadfadh na córais sin an ceart chun oideachais agus oiliúna chomh maith leis an gceart nach ndéantar idirdhealú ina n-aghaidh a shárú agus d’fhéadfadh siad patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú.

    (35)

    Tá sé tábhachtach go ndéanfaí córais intleachta saorga a  imlonnú san oideachas chun cabhrú le nuachóiriú na gcóras oideachais ina n-iomláine, chun caighdeán an oideachais a mhéadú, as líne agus ar líne araon, agus chun dlús a chur leis an oideachas digiteach, rud a fhágfaidh go mbeidh sé ar fáil do phobal níos leithne. Maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear san oideachas nó sa ghairmoiliúint, go háirithe chun rochtain a chinneadh nó chun tionchar ábhartha a imirt ar chinntí maidir le ligean isteach nó daoine a  shannadh d’ institiúidí oideachais agus gairmoiliúna nó chun meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine ar thástálacha mar chuid dá n-oideachas nó mar réamhchoinníoll lena n-oideachas nó chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal oideachais agus oiliúna do dhuine aonair agus tionchar ábhartha imirt ar an leibhéal oideachais agus oiliúna a gheobhaidh daoine aonair nó a bheidh siad ábalta rochtain a fháil ar iompar toirmiscthe mac léinn le linn tástálacha nó faireachán a dhéanamh air agus é a bhrath , ba cheart iad a  aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go bhféadfaidh siad cúrsa oideachais agus gairmiúil saoil duine a chinneadh agus, dá bhrí sin, difear a dhéanamh dá gcumas a slí bheatha a  áirithiú . Má dheartar nó má úsáidtear iad go míchuí, is féidir an-chur isteach a bheith i gceist leis na córais sin agus féadfaidh siad an ceart chun oideachais agus oiliúna chomh maith leis an gceart nach ndéanfaí idirdhealú ina n-aghaidh a shárú agus patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú , mar shampla, in aghaidh na mban, aoisghrúpaí áirithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach áirithe nó gnéaschlaonta áirithe .

    Leasú 66

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 36

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (36)

    Córais intleachta saorga a úsáidtear i bhfostaíocht, bainistíocht fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht, go sonrach maidir le daoine a earcú agus a roghnú, maidir le cinntí a dhéanamh i dtaca le hardú céime agus foirceannadh agus maidir le sannadh cúraimí, monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca, ós rud é go bhféadfadh siad mórthionchar a  bheith acu ar ghairmréime agus slite beatha na ndaoine sin amach anseo. Maidir le caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart fostaithe agus daoine a sholáthraíonn seirbhísí trí ardáin dá dtagraítear i gClár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 a bheith rannpháirteach iontu. Níor cheart na daoine sin a mheas, i bprionsabal, mar úsáideoirí de réir bhrí an Rialacháin seo. Le linn an phróisis earcaíochta agus i dtaca le meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, nó ardú céime a thabhairt dóibh nó iad a choinneáil, d’fhéadfadh na córais sin patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú, mar shampla, in aghaidh na mban, aoisghrúpaí áirithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach áirithe nó gnéaschlaonta áirithe. Córais intleachta saorga a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht na ndaoine sin, d’fhéadfadh siad tionchar bheith acu ar a gcearta chun cosaint sonraí agus príobháideachais.

    (36)

    Ba cheart córais intleachta saorga a úsáidtear i bhfostaíocht, bainistíocht fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht, go sonrach chun daoine a earcú agus a roghnú, chun cinntí a dhéanamh nó tionchar ábhartha a imirt ar chinntí maidir le tionscnamh, ardú céime agus foirceannadh agus chun cúraimí a shannadh go pearsanta bunaithe ar iompar aonair , saintréithe pearsanta nó sonraí bithmhéadracha, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, iad a aicmiú mar chórais ardriosca, ós rud é go bhféadfaidís mórthionchar a  imirt ar ionchais ghairme, ar shlite beatha na ndaoine sin agus ar chearta na n-oibrithe amach anseo. Maidir le caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart fostaithe agus daoine a sholáthraíonn seirbhísí trí ardáin dá dtagraítear i gClár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 a bheith rannpháirteach iontu ar shlí dháiríre . Le linn an phróisis earcaíochta agus le linn meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, nó ardú céime a thabhairt dóibh nó iad a choinneáil, féadfaidh na córais sin patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú, mar shampla, in aghaidh na mban, aoisghrúpaí áirithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach áirithe nó gnéaschlaonadh áirithe. Féadfaidh córais intleachta saorga a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar iompraíocht na ndaoine sin, dochar dhéanamh do bhunbhrí a gcearta bunúsacha chun cosaint sonraí agus príobháideachais ina theannta sin . Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha níos sainiúla chun córais intleachta saorga a úsáid i gcomhthéacs na fostaíochta.

    Leasú 67

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 37

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (37)

    Réimse eile ar cheart aird ar leith a thabhairt air is ea rochtain ar sheirbhísí agus sochair áirithe fíor-riachtanacha príobháideacha agus poiblí agus tairbhiú díobh chun go mbeidh daoine in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí nó feabhas a chur ar a gcaighdeán maireachtála. Go sonrach, córais intleachta saorga a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha, ba cheart iad a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go gcinneann siad rochtain na ndaoine sin ar acmhainní airgeadais nó seirbhísí bunriachtanacha ar nós tithíochta, leictreachais agus seirbhísí teileachumarsáide. De thoradh na gcóras intleachta saorga a úsáidtear chun na críche sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh idirdhealú in aghaidh daoine nó grúpaí, agus go mbuanófar patrúin idirdhealaitheacha stairiúla, mar shampla, bunaithe ar bhunadh ciníoch nó eitneach, míchumais, aois, gnéaschlaonadh nó go gcothófar cineálacha nua tionchar idirdhealaithe. Mar gheall ar scála teoranta an tionchair agus na roghanna eile atá ar an margadh, is iomchuí córais intleachta saorga a  dhíolmhú chun críche measúnaithe acmhainneachta creidmheasa agus scórála creidmheasa nuair a chuireann soláthraithe ar mhionscála i mbun seirbhíse iad le haghaidh a n-úsáide féin. Daoine nádúrtha a  bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar shochair chúnaimh phoiblí nó ar sheirbhísí cúnaimh poiblí nó a fhaigheann na sochair nó na seirbhísí sin ó údaráis phoiblí, is iondúil a bhíonn siad ag brath ar na sochair agus seirbhísí sin agus is iondúil a bhíonn siad riocht soghonta i ndáil leis na húdaráis fhreagracha. Má úsáidtear córais intleachta saorga chun a chinneadh cé acu a dhéanfaidh na húdaráis na tairbhí agus seirbhísí sin a dhiúltú, a laghdú, a chúlghairm nó a aiséileamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar suntasach acu ar shlí bheatha na ndaoine agus go ndéanfaí a gcearta bunúsacha a shárú, amhail an ceart chun cosanta sóisialta, an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun dínite daonna nó an ceart chun leighis éifeachtaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, na córais sin a aicmiú mar chórais ardriosca. Mar sin féin, níor cheart don Rialachán seo bac a chur ar fhorbairt ná úsáid cur chuige nuálacha sa riarachán poiblí, ar riarachán é a bhainfeadh leas as úsáid níos forleithne a bhaint as córais intleachta saorga chomhlíontacha shábháilte, ar choinníoll nach mbeadh ardriosca ag baint leo do dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha. Ar deireadh, córais intleachta saorga a úsáidtear chun seirbhísí céad fhreagartha éigeandála a sheoladh nó tosaíocht a thabhairt maidir le seoladh na seirbhísí sin, ba cheart iad a aicmiú freisin mar chórais ardriosca, ós rud é go ndéanann siad cinntí i gcásanna criticiúla maidir le beatha agus sláinte daoine agus a maoin.

    (37)

    Réimse eile ar cheart aird ar leith a thabhairt air is ea rochtain ar sheirbhísí agus sochair áirithe fíor-riachtanacha príobháideacha agus poiblí , lena n-áirítear seirbhísí cúram sláinte, agus seirbhísí riachtanacha, lena n-áirítear thithíocht, leictreachas, téamh/fuarú agus idirlíon ach gan a bheith teoranta dóibh, chun go mbeidh daoine ábalta a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí nó feabhas a chur ar a gcaighdeán maireachtála. Go sonrach, ba cheart córais intleachta saorga a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha, a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go gcinneann siad rochtain na ndaoine sin ar acmhainní airgeadais nó seirbhísí bunriachtanacha ar nós tithíochta, leictreachais agus seirbhísí teileachumarsáide. De thoradh na gcóras intleachta saorga a úsáidtear chun na críche sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh idirdhealú in aghaidh daoine nó grúpaí, agus go mbuanófar patrúin idirdhealaitheacha stairiúla, mar shampla, bunaithe ar bhunadh ciníoch nó eitneach, míchumais, aois, gnéaschlaonadh nó go gcothófar cineálacha nua tionchar idirdhealaithe. Mar sin féin, níor cheart go measfaí córais intleachta saorga dá bhforáiltear le dlí an Aontais chun calaois bhrath le linn seirbhísí airgeadais a thairiscint mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo. Maidir le daoine nádúrtha a  chuireann isteach ar shochair chúnaimh agus seirbhísí cúnaimh phoiblí ó údaráis phoiblí nó a fhaigheann iad, lena n-áirítear seirbhísí cúraim sláinte agus seirbhísí riachtanacha, lena n-áirítear tithíocht, leictreachas, téamh/fuarú agus an t-idirlíon, ach gan a bheith teoranta dóibh, bíonn siad ag brath go hiondúil ar na sochair agus ar na seirbhísí sin agus i  staid leochaileach i ndáil leis na húdaráis fhreagracha. Má úsáidtear córais intleachta saorga chun a chinneadh cibé acu ba cheart do na húdaráis na tairbhí agus seirbhísí sin a dhiúltú, a laghdú, a chúlghairm nó a aiséileamh, féadfaidh tionchar suntasach a bheith acu acu ar shlí bheatha na ndaoine agus féadfaidh siad a gcearta bunúsacha a shárú, amhail an ceart chun cosanta sóisialta, chun neamh-idirdhealú, chun dínit an duine nó chun leighis éifeachtaigh. Ar an gcuma chéanna, féadfaidh tionchar suntasach a bheith ag córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid chun cinntí a dhéanamh nó tionchar ábhartha a imirt ar chinntí maidir le hincháilitheacht daoine nádúrtha d’árachas sláinte agus saoil ar shlí bheatha daoine ina theannta sin agus féadfaidh siad a gcearta bunúsacha a shárú amhail trí rochtain ar chúram sláinte a theorannú nó trí idirdhealú bunaithe ar shaintréithe pearsanta a bhuanú. Ba cheart, dá bhrí sin, na córais sin a aicmiú mar chórais ardriosca. Mar sin féin, níor cheart don Rialachán seo bac a chur ar fhorbairt ná úsáid cur chuige nuálacha sa riarachán poiblí, ar riarachán é a bhainfeadh leas as úsáid níos leithne as córais intleachta saorga chomhlíontacha shábháilte, ar choinníoll nach mbeadh ardriosca ag baint leo do dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha. Ar deireadh, ba cheart córais intleachta saorga a úsáidtear chun glaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha a mheas agus a aicmiú nó chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh nó tosaíocht a thabhairt do sheoladh na seirbhísí sin, a aicmiú freisin mar chórais ardriosca, ós rud é go ndéanann siad cinntí i gcásanna criticiúla maidir le beatha agus sláinte daoine agus a maoin.

    Leasú 68

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 37 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (37a)

    I bhfianaise ról agus fhreagracht na bpóilíní agus na n-údarás breithiúnach, agus thionchar na gcinntí a dhéanann siad chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, nach mór roinnt cásanna úsáide áirithe d’fheidhmchláir intleachta saorga i bhforfheidhmiú an dlí a aicmiú mar úsáid ardriosca i gcásanna ina bhféadfaí tionchar suntasach a imirt ar shaol nó ar chearta bunúsacha daoine aonair.

    Leasú 69

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 38

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (38)

    Gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí a bhaineann le húsáidí áirithe córas intleachta saorga , is iad saintréithe na ngníomhaíochtaí sin éagothroime cumhachta suntasach agus dá thoradh sin d’fhéadfadh sé go ndéanfaí faireachas ar dhuine nádúrtha, nó é a ghabháil nó saoirse a bhaint dó chomh maith le tionchair dhíobhálacha eile maidir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear sa Chairt. Go sonrach, mura gcuirtear oiliúint ar an gcóras intleachta saorga le sonraí ardcháilíochta, mura gcomhlíonann an córas ceanglais leormhaithe i dtéarmaí cruinnis nó stóinseachta, nó mura ndéantar é a dhearadh agus a thástáil go hiomchuí sula gcuirfear é ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile, d’fhéadfadh sé go ndíreofaí ar dhaoine i mbealach idirdhealaithe nó ar shlí eile atá mícheart nó éagórach. Thairis sin, d’ fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar fheidhmiú cearta nós imeachta bunúsacha , amhail an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa chomh maith le cearta na cosanta agus an ceart chun toimhde na neamhchiontachta, i gcás nach bhfuil na córais intleachta saorga sin trédhearcach, inmhínithe agus doiciméadaithe go leor. Dá bhrí sin, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar roinnt córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid i gcomhthéacs forfheidhmithe an dlí, comhthéacs ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, iontaofacht agus trédhearcacht chun tionchair dhíobhálacha a sheachaint, muinín an phobail a chaomhnú agus cuntasacht agus cúiteamh éifeachtach a áirithiú. I bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí i gceist agus na rioscaí a bhaineann leo, leis na córais intleachta saorga ardriosca sin, ba cheart, go háirithe, córais intleachta saorga a chumhdach atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh measúnuithe riosca aonair, brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath , chun ‘domhainbhrionnuithe’ a bhrath, chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht fianaise in imeachtaí coiriúla, chun tarlú nó atarlú cionta cóiriúla iarbhír nó féideartha a thuar bunaithe ar phróifíliú daoine nádúrtha, nó measúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí roimhe seo, le haghaidh próifíliú a dhéantar le linn na gcionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, chomh maith le hanailísíocht choireachta maidir le daoine nádúrtha. Córais intleachta saorga atá beartaithe go sonrach lena n-úsáid le haghaidh imeachtaí riaracháin ag na húdaráis chánach nó na húdaráis chustaim , níor cheart iad a mheas mar chórais intleachta saorga ardriosca a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

    (38)

    gníomhaíochtaí ag údaráis forfheidhmithe dlí a bhaineann le húsáidí áirithe córas intleachta saorga mar chomhartha sóirt ag éagothroime shuntasach cumhachta agus féadfaidh go leanfadh as go ndéanfaí faireachas ar dhuine nádúrtha, nó é a ghabháil nó saoirse a bhaint dó chomh maith le tionchair dhíobhálacha eile maidir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear sa Chairt. Go sonrach, mura gcuirtear oiliúint ar an gcóras intleachta saorga le sonraí ardcháilíochta, mura gcomhlíonann ceanglais leormhaithe i dtéarmaí a fheidhmíochta, a chruinnis a stóinseachta, nó mura ndéantar é a dhearadh agus a thástáil go hiomchuí sula gcuirfear é ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile, féadfaidh sé díriú ar dhaoine ar shlí idirdhealaithe nó ar shlí eile atá mícheart nó éagórach. Thairis sin, d’ fhéadfaí go gcuirfí bac ar chearta bunúsacha nós imeachta tábhachtacha a fheidhmiú , amhail an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa chomh maith le ceart na cosanta agus chun toimhde na neamhchiontachta, i gcás nach bhfuil na córais intleachta saorga sin trédhearcach, inmhínithe agus doiciméadaithe go leor. Dá bhrí sin, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar roinnt córas intleachta saorga atá beartaithe a úsáid i gcomhthéacs forfheidhmithe an dlí, ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, iontaofacht agus trédhearcacht chun tionchair dhíobhálacha a sheachaint, muinín an phobail a chaomhnú agus cuntasacht agus sásamh éifeachtach a áirithiú. I bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí i gceist agus na rioscaí a bhaineann leo, ba cheart a bheith ar áireamh sna córais intleachta saorga ardriosca sin, go háirithe, córais intleachta saorga atá beartaithe ag údaráis forfheidhmithe dlí , nó gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais a thacaíonn le húdaráis forghníomhaithe an dlí nó thar a gceann, a úsáid mar bhrathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó, a mhéid a cheadaítear a n-úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht fianaise in imeachtaí coiriúla, chun próifíliú a dhéantar le linn cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, chomh maith le hanailísíocht choireachta maidir le daoine nádúrtha. Níor cheart córais intleachta saorga atá beartaithe go sonrach lena n-úsáid le haghaidh imeachtaí riaracháin ag údaráis chánach nó chustaim a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca a úsáideann údaráis fhorfheidhmithe an dlí chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Níor cheart go mbeadh úsáid uirlisí intleachta saorga ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí ná ag údaráis bhreithiúnacha ina gné den neamhionannas, den bhriseadh sóisialta ná den eisiamh. Níor cheart neamhaird a dhéanamh den tionchar atá ag úsáid uirlisí intleachta saorga ar chearta cosanta daoine atá faoi dhrochamhras, go háirithe an deacracht le faisnéis fhiúntach a fháil maidir lena bhfeidhmiú agus an deacracht, dá bharr sin, le torthaí na n-uirlisí a cheistiú sa chúirt, go háirithe ag daoine aonair atá faoi imscrúdú;

    Leasú 70

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 39

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (39)

    Le córais intleachta saorga a úsáidtear i mbainistíocht imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear do dhaoine a bhíonn i riocht soghonta go minic agus a bhíonn ag brath ar thorthaí ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí inniúil. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, neamh-idirdhealaitheacht agus trédhearcacht na gcóras intleachta saorga a úsáidtear sna comhthéacsanna sin chun urramú chearta bunúsacha an duine a ndearnadh difear dóibh a ráthú, go háirithe maidir lena gcearta chun saorghluaiseachta, chun neamh-idirdhealú, chun an saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint, chun cosaint idirnáisiúnta a fháil agus chun dea-riaracháin. Is iomchuí, dá bhrí sin, aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag na húdaráis phoiblí inniúla a bhfuil cúraimí orthu i réimse na bainistíochta imirce, tearmainn agus rialaithe teorann mar bhrathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath; chun rioscaí áirithe a  mheasúnú a bhaineann le daoine nádúrtha ag teacht isteach i gcríoch Bhallstáit nó ag déanamh iarratas ar víosa nó ar thearmann; chun fírinneacht dhoiciméad ábhartha na ndaoine nádúrtha a dheimhniú; chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla i dtaca le scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin lena mbaineann maidir leis an gcuspóir incháilitheacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú. Maidir le córais intleachta saorga i réimse na bainistíochta imirce, tearmainn agus rialaithe teorann a chumhdaítear leis an Rialachán seo , ba cheart dóibh na ceanglais nós imeachta ábhartha a chomhlíonadh a leagtar síos le Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (49), le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (50) agus le haon reachtaíocht ábhartha eile.

    (39)

    Déanfar difear le córais intleachta saorga a úsáidtear i mbainistíocht imirce, tearmainn agus rialaithe teorann, do dhaoine a bhíonn i riocht soghonta go minic agus a bhíonn ag brath ar thorthaí ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí inniúil. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, neamh-idirdhealaitheacht agus trédhearcacht na gcóras intleachta saorga a úsáidtear sna comhthéacsanna sin chun urramú chearta bunúsacha an duine a ndearnadh difear dóibh a ráthú, go háirithe a gcearta chun saorghluaiseachta, chun neamh-idirdhealú, chun an saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint, chun cosaint idirnáisiúnta agus chun dea-riaracháin. Is iomchuí, dá bhrí sin, aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar gceann nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí an Aontais a bhfuil sé de chúram orthu cúraimí i réimsí an bhainistithe imirce, tearmainn agus rialaithe teorann a úsáid mar brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla a mhéid a cheadaítear a n-úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha, chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí áirithe a bhaineann le daoine nádúrtha a thagann isteach i gcríoch Ballstáit nó a dhéanann iarratas ar víosa nó ar thearmann; chun fírinneacht dhoiciméad ábhartha daoine nádúrtha a dheimhniú; chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla chun scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar fhírinneacht na fianaise i ndáil le hiarratais ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin ghaolmhara maidir leis an gcuspóir incháilitheacht daoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú ; chun faireachán nó faireachas a dhéanamh ar shonraí pearsanta, nó iad a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bainistithe teorann, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint; chun treochtaí a bhaineann le gluaiseachtaí imirce agus trasnuithe teorann a thuar . Ba cheart do chórais intleachta saorga i réimse na bainistíochta imirce, tearmainn agus rialaithe teorann a chumhdaítear leis an Rialachán seo na ceanglais nós imeachta ábhartha a chomhlíonadh a leagtar síos le Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (49), le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón (50) agus le haon reachtaíocht ábhartha eile. Níor cheart do na Ballstáit ná d’institiúidí, gníomhaireachtaí ná comhlachtaí an Aontais úsáid a bhaint, in imthosca ar bith, as córais intleachta saorga i mbainistiú imirce, tearmainn agus rialaithe teorann chun dul timpeall ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiún an 28 Iúil 1951 a bhaineann le Stádas Dídeanaithe arna leasú le Prótacal an 31 Eanáir 1967, ná níor cheart iad a úsáid chun prionsabal an neamh-refoulement a shárú ar shlí ar bith, nó bealaí dleathacha sábháilte éifeachtacha isteach i gcríoch an Aontais a dhiúltú, lena n-áirítear an ceart chun cosanta idirnáisiúnta.

    Leasú 71

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 40

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (40)

    Maidir le córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe lena n-úsáid chun próisis ceartais agus dhaonlathacha a riar, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca, mar gheall ar an tionchar suntasach a d’fhéadfaí a bheith acu ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar shaoirsí aonair agus ar an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa. Go sonrach , chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí claonta , earráidí agus doiléireachta a d’fhéadfadh a bheith ann , is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun cúnamh a thabhairt d’údaráis bhreithiúnachta maidir le taighde agus léirmhíniú fíoras agus an dlí agus maidir leis an dlí a chur i bhfeidhm ar thacar coincréiteach fíoras . Níor cheart an cháilíocht sin a leathnú, áfach, chun córais intleachta saorga a chumhdach atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí riaracháin atá coimhdeach amháin agus nach ndéanann difear do riaradh iarbhír an cheartais i gcásanna aonair, amhail anaithnidiú nó bréagainmniú cinntí breithiúnacha, doiciméad nó sonraí, cumarsáid idir pearsanra, cúraimí riaracháin nó leithdháileadh acmhainní.

    (40)

    Maidir le córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe lena n-úsáid chun próisis ceartais agus dhaonlathacha a riar, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca, mar gheall ar an tionchar suntasach a d’fhéadfaí a bheith acu ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar shaoirsí aonair agus ar an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa. Go háirithe , chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le claontacht , earráidí agus teimhneacht ionchasacha , is iomchuí cáiliú mar chórais intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach nó comhlacht riaracháin nó thar a gceann chun cúnamh a thabhairt d’údaráis bhreithiúnacha nó do chomhlachtaí riaracháin le linn taighde agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhíorais agus ar an dlí agus le linn an dlí a chur i bhfeidhm maidir le tacar nithiúil fíoras nó a úsáidtear ar bhealach comhchosúil i réiteach malartach díospóide . Is féidir le húsáid uirlisí na hintleachta saorga tacú le cumhacht cinnteoireachta na mbreithiúna nó le neamhspleáchas na mbreithiúna, ach níor cheart an úsáid sin a chur in ionad na cumhachta sin, ós rud é nach mór don chinnteoireacht deiridh leanúint de bheith ina gníomhaíocht agus ina cinneadh atá dírithe ar an duine. Níor cheart an cháilíocht sin a leathnú, áfach, chun córais intleachta saorga a chumhdach atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí riaracháin atá coimhdeach amháin agus nach ndéanann difear do riaradh iarbhír an cheartais i gcásanna aonair, amhail anaithnidiú nó bréagainmniú cinntí breithiúnacha, doiciméad nó sonraí, cumarsáid idir pearsanra, cúraimí riaracháin nó leithdháileadh acmhainní.

    Leasú 72

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 40 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (40a)

    Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le cur isteach seachtrach míchuí ar an gceart vótála a chumhdaítear in Airteagal 39 den Chairt, agus le héifeachtaí díréireacha ar phróisis dhaonlathacha, ar an daonlathas, agus ar an smacht reachta, ba cheart córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú vóta a chaitheamh i dtoghcháin nó reifrinn a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, cé is moite de chórais intleachta saorga nach bhfuil daoine nádúrtha neamhchosanta go díreach ar a n-aschur, amhail uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú agus a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.

    Leasú 73

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 40 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (40b)

    I bhfianaise mhéid na ndaoine nádúrtha a úsáideann na seirbhísí arna soláthar ag ardáin meán sóisialta atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne, is féidir ardáin ar líne den sórt sin a úsáid ar bhealach a imríonn tionchar mór ar shábháilteacht ar líne, ar thuairim agus dioscúrsa an phobail a mhúnlú, ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha agus ar ábhair imní shochaíocha. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbeidh córais intleachta saorga a úsáideann na hardáin ar líne sin ina gcórais mholtaí faoi réir an Rialacháin seo chun a áirithiú go gcomhlíonann na córais intleachta saorga na ceanglais a leagtar síos faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na ceanglais theicniúla maidir le rialachas sonraí, doiciméadacht theicniúil agus inrianaitheacht, trédhearcacht, formhaoirseacht dhaonna, cruinneas agus stóinseacht. Ba cheart go gcuirfeadh comhlíonadh an Rialacháin seo ar chumas na n-ardán an-mhór ar líne sin a n-oibleagáidí níos leithne maidir le measúnú riosca agus maolú riosca in Airteagail 34 agus 35 de Rialachán AE 2022/2065 a chomhlíonadh. Tá na hoibleagáidí sa Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065 agus ba cheart na hoibleagáidí a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlánú leo nuair a bheidh an t-ardán meán sóisialta ainmnithe mar ardán an-mhór ar líne. I bhfianaise thionchar uile-Eorpach na n-ardán meán sóisialta atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne, ba cheart do na húdaráis arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) 2022/2065 gníomhú mar údaráis forfheidhmithe chun an fhoráil seo a fhorfheidhmiú.

    Leasú 74

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 41

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (41)

    Ós rud é go dtugtar aicme ardriosca ar chóras intleachta saorga faoin Rialachán seo, níor cheart a léirmhíniú leis sin go léirítear gur gá úsáid an chórais a bheith dleathach faoi ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta atá comhoiriúnach le dlí an Aontais, amhail cosaint sonraí pearsanta , úsáid brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó córais eile chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath . Ba cheart leanúint den úsáid sin i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme atá mar thoradh ar an gCairt agus ar na gníomhartha is infheidhme de dhlí tánaisteach an Aontais agus den dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na ceanglais sin amháin. Níor cheart a thuiscint leis an Rialachán seo go bhforáiltear maidir leis an bhforas dlíthiúil le sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta, i gcás inarb ábhartha.

    (41)

    Ós rud é go n-aicmítear córas intleachta saorga mar chóras ardriosca intleachta saorga faoin Rialachán seo, níor cheart a léirmhíniú leis sin go léirítear gur gá úsáid an chórais a bheith dleathach nó neamhdhleathach faoi ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta atá comhoiriúnach le dlí an Aontais, amhail cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart leanúint den úsáid sin i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme atá mar thoradh ar an gCairt agus ar na gníomhartha is infheidhme de dhlí tánaisteach an Aontais agus den dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na ceanglais sin amháin.

    Leasú 75

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 41 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (41a)

    Tá feidhm cheana féin ag roinnt rialacha atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus idirnáisiúnta nó tá siad ábhartha maidir le córais intleachta saorga sa lá atá inniu ann, lena n-áirítear dlí príomha an Aontais (Conarthaí an Aontais Eorpaigh agus a Chairt um Chearta Bunúsacha), dlí tánaisteach an Aontais (amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, an Treoir maidir le Dliteanas i leith Táirgí, an Rialachán maidir le Saorshreabhadh Sonraí Neamhphearsanta, Treoracha frith-idirdhealaithe, dlí tomhaltóirí agus Treoracha maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair), conarthaí na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine agus coinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa (amhail an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine), agus an dlí náisiúnta, ach gan a bheith teoranta dóibh. Chomh maith le rialacha is infheidhme go cothrománach, is ann do rialacha éagsúla atá sonrach don réimse a bhfuil feidhm acu maidir le feidhmchláir áirithe intleachta saorga (amhail, mar shampla, an Rialachán maidir le Feistí Leighis in earnáil an chúraim sláinte).

    Leasú 76

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 42

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (42)

    Na rioscaí a bhaineann le córais ardriosca intleachta saorga a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear i mbun seirbhíse ar shlí eile, chun na rioscaí sin a mhaolú le haghaidh úsáideoirí agus daoine a ndéanfar difear dóibh, ba cheart feidhm a bheith ag roinnt ceanglais shainordaitheacha, agus an chríoch atá beartaithe d’úsáid an chórais á cur san áireamh agus de réir an chórais bainistíochta riosca atá le bunú ag an soláthraí.

    (42)

    Na rioscaí a bhaineann le córais ardriosca intleachta saorga a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear i mbun seirbhíse ar shlí eile, chun na rioscaí sin a mhaolú le haghaidh imscarthóirí agus daoine a ndéanfar difear dóibh, ba cheart feidhm a bheith ag roinnt ceanglais shainordaitheacha, agus an chríoch atá beartaithe d’úsáid an chórais agus mí-úsáid an chórais, ar mí-úsáid í atá intuartha le reásún, á gcur san áireamh agus de réir an chórais bainistíochta riosca atá le bunú ag an soláthraí. Ba cheart na ceanglais sin a bheith dírithe ar chuspóirí, oiriúnach don fheidhm, réasúnta agus éifeachtach, gan ualaí rialála míchuí ná costais rialála míchuí a chur ar oibreoirí.

    Leasú 77

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 43

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (43)

    Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ar chórais intleachta saorga ardriosca maidir le cáilíocht na dtacar sonraí a úsáidtear, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’ úsáideoirí , formhaoirseacht dhaonna agus stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil. Tá gá leis na ceanglais sin chun na rioscaí i dtaca leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a mhaolú go héifeachtach, de réir mar is infheidhme i bhfianaise na gcríche atá beartaithe don chóras, agus nach bhfuil aon bheart trádála is lú srianadh ar fáil go réasúnta, chun srianta trádála nach bhfuil bonn cirt leo a sheachaint.

    (43)

    Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ar chórais intleachta saorga ardriosca maidir le cáilíocht agus ábharthacht na dtacar sonraí a úsáidtear, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’ imscarthóirí , formhaoirseacht dhaonna agus stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil. Tá gá leis na ceanglais sin chun na rioscaí i dtaca leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha , chomh maith leis an gcomhshaol, an daonlathas agus an smacht reachta, a mhaolú go héifeachtach, de réir mar is infheidhme i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras nó i bhfianaise mhí-úsáid an chórais , ar mí-úsáid í atá intuartha le réasún, agus nach bhfuil aon bheart trádála is lú srianadh ar fáil go réasúnta, agus ar an gcaoi sin srianta trádála nach bhfuil bonn cirt leo a sheachaint.

    Leasú 78

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 44

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (44)

    sonraí ardcháilíochta fíor-riachtanach i dtaca le feidhmíocht roinnt mhaith córas intleachta saorga, go háirithe i gcásanna ina n-úsáidtear teicnící a bhaineann le hoiliúint a chur ar shamhlacha, d’fhonn a áirithiú go bhfeidhmíonn an córas intleachta saorga ardriosca go sábháilte agus de réir mar atá beartaithe dó agus nach mbeidh sé mar fhoinse d’idirdhealú, rud atá toirmiscthe faoi dhlí an Aontais. Le tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála ar ardcháilíocht, is gá cleachtais iomchuí rialachais sonraí agus bhainistíochta a chur chun feidhme. Ba cheart do thacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a bheith ábhartha go leor, ionadaíoch agus saor ó earráidí agus iomlán i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras. Ba cheart , freisin, na hairíonna staidrimh iomchuí a bheith acu, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na daoine nó na grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid orthu. Go sonrach, leis na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, sa mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, ba cheart na gnéithe, saintréithe nó eilimintí a chur san áireamh a bhaineann go sonrach leis an suíomh nó comhthéacs geografach agus bealach iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid. Chun cearta daoine eile a chosaint ar an idirdhealú a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh claonta sna córais intleachta saorga, ba cheart do na soláthraithe a bheith in ann catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil, mar ábhar a bhaineann le leas an phobail, chun monatóireacht, brath agus ceartú an chlaonta a áirithiú i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca.

    (44)

    ról ríthábhachtach ag rochtain ar shonraí ardcháilíochta maidir le struchtúr a sholáthar agus feidhmíocht roinnt mhaith córas intleachta saorga a áirithiú , go háirithe i gcásanna ina n-úsáidtear teicnící a bhaineann le hoiliúint a chur ar shamhlacha, d’fhonn a áirithiú go bhfeidhmíonn an córas intleachta saorga ardriosca go sábháilte agus de réir mar atá beartaithe dó agus nach mbeidh sé ina fhoinse d’idirdhealú, rud atá toirmiscthe faoi dhlí an Aontais. Le tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála ar ardcháilíocht, is gá cleachtais iomchuí rialachais sonraí agus bhainistíochta a chur chun feidhme. Ba cheart do thacair sonraí oiliúna, agus i gcás inarb infheidhme, tacair sonraí bailíochtaithe agus tástála , lena n-áirítear na lipéid, a bheith ábhartha go leor, ionadaíoch , grinnfhiosraithe go hiomchuí le haghaidh earráidí agus a bheith iomlán a oiread agus is féidir i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras. Ba cheart na hairíonna iomchuí staidrimh a bheith acu freisin , lena n-áirítear maidir leis na daoine nó na grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid ina leith, agus aird ar leith á tabhairt ar an maolú ar chlaontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann sna tacair sonraí, a bhféadfadh rioscaí do chearta bunúsacha nó torthaí idirdhealaitheacha a bheith mar thoradh orthu do na daoine a ndéanann na córas intleachta saorga ardriosca difear dóibh . Mar shampla, d’fhéadfadh claontachtaí a bheith ina ndlúthchuid de bhunthacair sonraí, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as sonraí stairiúla, a thugann forbróirí na n-algartam isteach nó a ghintear nuair a chuirtear na córais chun feidhme i bhfíordhálaí domhanda. Bíonn tionchar ag na claontachtaí bunúsacha sin, a bhfuil sé mar nós leo méadú de réir a chéile, ar thorthaí a sholáthraíonn córais intleachta saorga agus, ar an gcaoi sin, déantar idirdhealú atá ann cheana a bhuanú agus a mhéadú, go háirithe i gcás daoine ar de ghrúpaí áirithe leochaileacha nó eitneacha iad, nó pobail a ndéantar ciníochú orthu. Go sonrach, leis na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, sa mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, ba cheart na gnéithe, saintréithe nó eilimintí a chur san áireamh a bhaineann go sonrach leis an suíomh nó comhthéacs geografach , comhthéacsúil, iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid. Chun cearta daoine eile a chosaint ar an idirdhealú a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh na claontachta sna córais intleachta saorga, ba cheart do na soláthraithe , go heisceachtúil agus tar éis na coinníollacha uile is infheidhme leagtar síos faoin Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2016/679, Treoir (AE) 2016/680 agus Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm, a bheith in ann catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil freisin , mar ábhar a bhaineann le leas an phobail, chun a áirithiú go ndéantar claontacht dhiúltach a bhrath agus a cheartú i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart claontacht dhiúltach a thuiscint mar chlaontacht lena gcruthaítear éifeacht idirdhealaitheach dhíreach nó indíreach i gcoinne duine nádúrtha. Is féidir na ceanglais a bhaineann le rialachas sonraí a chomhlíonadh trí dhul ar iontaoibh tríú páirtithe a thairgeann seirbhísí comhlíontachta deimhnithe lena n-áirítear rialachas sonraí a fhíorú, sláine tacair sonraí, agus cleachtais oiliúna, bailíochtaithe agus tástála sonraí.

    Leasú 79

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 45

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (45)

    Maidir le forbairt na gcóras intleachta saorga, ba cheart d’úsáideoirí áirithe, amhail soláthraithe, comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus eintitis ábhartha eile, amhail moil nuálaíochta digití, saoráidí agus taighdeoirí tástála agus turgnamhaíochta, a bheith in ann tacair sonraí ardcháilíochta a rochtain agus a úsáid laistigh dá réimsí gníomhaíochtaí faoi seach a bhaineann leis an Rialachán seo. Beidh tábhacht ar leith ag baint le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha arna mbunú ag an gCoimisiún agus le héascú comhroinnte sonraí idir gnólachtaí agus leis an rialtas ar mhaithe le leas an phobail chun rochtain iontaofa, chuntasach agus neamh-idirdhealaithe a sholáthar ar shonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu. Mar shampla, i gcás sonraí sláinte, leis an spás Eorpach sonraí sláinte, éascófar rochtain neamh-idirdhealaithe ar shonraí sláinte agus oiliúint na n-algartam intleachta saorga maidir leis na tacair sonraí sin, ar bhealach slán tráthúil trédhearcach agus iontaofa a chosnaíonn an phríobháideacht, agus le rialachas iomchuí institiúideach. Údaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear údaráis earnála, a sholáthraíonn an rochtain ar shonraí nó a thacaíonn leis, féadfaidh siad tacú freisin leis an soláthar sonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu.

    (45)

    Maidir le forbairt na gcóras intleachta saorga agus measúnú orthu , ba cheart d’úsáideoirí áirithe, amhail soláthraithe, comhlachtaí faoina dtugtar fógra dóibh agus eintitis ábhartha eile, amhail moil nuálaíochta digití, saoráidí agus taighdeoirí tástála agus turgnamhaíochta, a bheith in ann tacair sonraí ardcháilíochta a rochtain agus a úsáid laistigh dá réimsí gníomhaíochtaí faoi seach a bhaineann leis an Rialachán seo. Beidh tábhacht ar leith ag baint le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha arna mbunú ag an gCoimisiún agus le héascú comhroinnte sonraí idir gnólachtaí agus leis an rialtas ar mhaithe le leas an phobail chun rochtain iontaofa, chuntasach agus neamh-idirdhealaithe a sholáthar ar shonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu. Mar shampla, i gcás sonraí sláinte, leis an spás Eorpach sonraí sláinte, éascófar rochtain neamh-idirdhealaithe ar shonraí sláinte agus oiliúint na n-algartam intleachta saorga maidir leis na tacair sonraí sin, ar bhealach slán tráthúil trédhearcach agus iontaofa a chosnaíonn an phríobháideacht, agus le rialachas iomchuí institiúideach. Údaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear údaráis earnála, a sholáthraíonn an rochtain ar shonraí nó a thacaíonn leis, féadfaidh siad tacú freisin leis an soláthar sonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu.

    Leasú 80

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 45 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (45a)

    Ní mór an ceart chun príobháideachta agus chun cosaint sonraí a ráthú ar feadh shaolré iomlán an chórais intleachta saorga. I ndáil leis an méid sin, tá prionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú, mar a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí iad, bunriachtanach nuair a bhaineann rioscaí suntasacha do chearta bunúsacha daoine aonair leis an bpróiseáil sonraí. Ba cheart do sholáthraithe agus d’úsáideoirí córais intleachta saorga bearta teicniúla agus eagraíochtúla úrscothacha a chur chun feidhme chun na cearta sin a chosaint. Ba cheart go n-áireofaí leis na bearta sin, ní hamháin anaithnidiú agus criptiú, ach freisin úsáid a bhaint as teicneolaíocht atá ar fáil níos mó agus níos mó lena gceadaítear algartaim a thabhairt chuig na sonraí agus lena bhféadfar léargais luachmhara a dhíorthú gan an tarchur idir páirtithe nó gan cóipeáil neamhriachtanach na n-amhshonraí nó na sonraí struchtúrtha iad féin.

    Leasú 81

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 46

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (46)

    Tá sé fíor-riachtanach faisnéis a bheith ann maidir leis an mbealach a fhorbraítear córais intleachta saorga agus an bealach a fheidhmíonn na córais ar feadh a saolré chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú. Chuige sin, is gá taifid a choimeád agus doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil, ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais ábhartha. Ba cheart a chur san áireamh, leis an bhfaisnéis sin, na saintréithe, cumais agus teorainneacha ginearálta maidir leis na córais, na halgartaim, na sonraí, na nósanna imeachta tástála agus bailíochtaithe arna n-úsáid chomh maith le doiciméadacht i dtaca leis an gcóras ábhartha bainistíochta riosca. Ba cheart an doiciméadacht theicniúil a  choimeád cothrom le dáta.

    (46)

    Tá sé fíor-riachtanach faisnéis intuigthe a bheith ann maidir leis an mbealach a fhorbraítear córais intleachta saorga agus an bealach a fheidhmíonn na córais ar feadh a saolré chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú. Chuige sin, is gá taifid a choimeád agus doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil, ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais ábhartha. Ba cheart a chur san áireamh, leis an bhfaisnéis sin, na saintréithe, cumais agus teorainneacha ginearálta maidir leis na córais, na halgartaim, na sonraí, na nósanna imeachta tástála agus bailíochtaithe arna n-úsáid chomh maith le doiciméadacht i dtaca leis an gcóras ábhartha bainistíochta riosca. Ba cheart an doiciméadacht theicniúil a  choinneáil cothrom le dáta go hiomchuí ar feadh shaolré an chórais intleachta saorga . Is féidir tionchar mór tábhachtach ar an gcomhshaol agus tomhaltas ard fuinnimh a bheith ag córais intleachta saorga le linn a saolré. Chun tionchar na gcóras intleachta saorga ar an gcomhshaol a thuiscint níos fearr, ba cheart faisnéis maidir le tomhaltas fuinnimh an chórais intleachta saorga a áireamh sa doiciméadacht theicniúil arna dréachtú ag soláthraithe, lena n-áirítear an tomhaltas le linn forbartha agus an tomhaltas ionchais le linn úsáide. Ba cheart reachtaíocht ábhartha an Aontais agus reachtaíocht ábhartha náisiúnta a chur san áireamh san fhaisnéis sin. Ba cheart an fhaisnéis thuairiscithe sin a bheith intuigthe, inchomparáide agus infhíoraithe agus chuige sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt maidir le modheolaíocht chomhchuibhithe chun an fhaisnéis sin a ríomh agus a thuairisciú. Chun a áirithiú go bhfuil doiciméadacht aonair indéanta, ba cheart na téarmaí agus na sainmhínithe a bhaineann leis an doiciméadacht is gá agus le haon doiciméadacht is gá i reachtaíocht ábhartha an Aontais a ailíniú a mhéid is féidir.

    Leasú 82

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 46 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (46a)

    Ba cheart modhanna úrscothacha agus caighdeáin ábhartha is infheidhme a chur san áireamh sna córais intleachta saorga chun úsáid fuinnimh, úsáid acmhainní agus dramhaíl a laghdú, chomh maith lena n-éifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais a mhéadú. Is iad tomhaltas fuinnimh an chórais intleachta saorga i gcéim na forbartha, na hoiliúna agus an imscartha chomh maith le taifeadadh agus tuairisciú agus stóráil na sonraí sin gnéithe comhshaoil na gcóras intleachta saorga atá suntasach chun críocha an Rialacháin seo. Le dearadh na gcóras intleachta saorga, ba cheart go mbeifí in ann tomhaltas fuinnimh agus acmhainní a thomhas agus a logáil ag gach céim den fhorbairt, den oiliúint agus den imscaradh. Ní mór faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí na gcóras intleachta saorga a bheith láidir, trédhearcach, comhsheasmhach agus cruinn. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo agus éiceachóras cobhsaí dlíthiúil do sholáthraithe agus d’imscarthóirí sa Mhargadh Aonair a áirithiú, ba cheart don Choimisiún sonraíocht choiteann a fhorbairt don mhodheolaíocht chun an ceanglas tuairiscithe agus doiciméadachta maidir le tomhaltas fuinnimh agus acmhainní le linn na forbartha, na hoiliúna agus an imscartha a chomhlíonadh. Féadfaidh sonraíochtaí coiteanna den sórt sin maidir leis an modheolaíocht tomhais bonnlíne a fhorbairt ar féidir leis an gCoimisiún cinneadh níos fearr a dhéanamh i dtaobh an bhfuil gá le hidirghabhálacha rialála amach anseo, tar éis dó measúnú tionchair a dhéanamh ina gcuirtear an dlí atá ann cheana san áireamh.

    Leasú 83

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 46 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (46b)

    Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil an Aontais agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le moltaí agus treoirlínte agus, ar deireadh, spriocanna le haghaidh na hinbhuanaitheachta a bhunú. Chun na críche sin, tá an Coimisiún i dteideal modheolaíocht a fhorbairt chun rannchuidiú le hEochairtháscairí Feidhmíochta (KPInna) agus tagairt le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bheith ann. Ba cheart é a bheith mar sprioc ar an gcéad dul síos comparáid chothrom a chumasú idir roghanna cur chun feidhme intleachta saorga lena soláthraítear dreasachtaí chun úsáid teicneolaíochtaí intleachta saorga níos éifeachtúla a chur chun cinn lena dtugtar aghaidh ar ábhair imní maidir le fuinneamh agus acmhainní. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart go soláthrófaí leis an Rialachán seo an modh chun bailiú bonnlíne sonraí tuairiscithe a bhunú maidir leis na hastaíochtaí ón bhforbairt agus ón oiliúint agus maidir le himscaradh.

    Leasú 84

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 47 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (47a)

    Ba cheart na ceanglais sin maidir le trédhearcacht agus maidir le hinmhínitheacht chinnteoireacht na hintleachta saorga a bheith ina gcuidiú freisin chun cur i gcoinne éifeachtaí díspreagthacha na neamhshiméadrachta digití agus ‘patrúin dhorcha’, mar a thugtar orthu, lena ndírítear ar dhaoine aonair agus ar a dtoiliú feasach.

    Leasú 85

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 49

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (49)

    Ba cheart do chórais intleachta saorga ardriosca feidhmiú go comhsheasmhach ar feadh a saolré agus leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach i gcomhréir leis an úrscothacht a  nglactar léi i gcoitinne . Ba cheart an leibhéal cruinnis agus an mhéadracht chruinnis a chur in iúl do na húsáideoirí .

    (49)

    Ba cheart do chórais intleachta saorga ardriosca feidhmiú go comhsheasmhach ar feadh a saolré agus leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach i gcomhréir leis an úrscothacht ghnáthaitheanta. Ba cheart méadracht feidhmíochta agus leibhéal ionchasach a shainiú leis an bpríomhchuspóir chun rioscaí agus tionchar diúltach an chórais intleachta saorga a mhaolú . Ba cheart an leibhéal a  bhfuiltear ag dréim leis ó thaobh méadracht feidhmíochta de a chur in iúl do na himscarthóirí ar bhealach soiléir, trédhearcach, sothuigthe agus intuigthe . Ní féidir an dearbhú maidir le méadracht feidhmíochta a mheas mar dhearbhú ar na leibhéil a bheidh ann amach anseo, ach is gá modhanna ábhartha a chur i bhfeidhm chun leibhéil chomhsheasmhacha a áirithiú le linn úsáide. Cé gur ann d’eagraíochtaí um chaighdeánú chun caighdeáin a bhunú, tá gá le comhordú ar thagarmharcáil chun a bhunú conas ba cheart ceanglais chaighdeánaithe agus saintréithe na gcóras intleachta saorga sin a thomhas. Ba cheart don Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga údaráis náisiúnta agus idirnáisiúnta mhéadreolaíochta agus tagarmharcála a thabhairt le chéile agus treoir neamhcheangailteach a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe teicniúla faoi conas na leibhéil iomchuí chruinnis agus stóinseachta a thomhas.

    Leasú 86

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 50

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (50)

    Is ceanglas bunriachtanach é an stóinseacht theicniúil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart dóibh a bheith athléimneach in aghaidh rioscaí a bhaineann le teorainneacha an chórais (e.g. earráidí, lochtanna, eachtraí gan choinne) agus in aghaidh gníomhaíochtaí mailíseacha a d’fhéadfadh cur isteach ar shlándáil an chórais agus a d’fhéadfadh iompraíocht dhíobhálach nó iompraíocht neamh-inmhianaithe ar shlí eile a bheith ann mar thoradh orthu. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair ar an tsábháilteacht nó go mbeadh éifeachtaí diúltacha ar chearta bunúsacha mar thoradh ar mhainneachtain na rioscaí sin a chosaint, mar shampla, de bharr cinntí earráideacha nó aschuir mhíchearta nó chlaonta a ghin an córas intleachta saorga.

    (50)

    Is ceanglas bunriachtanach é an stóinseacht theicniúil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart dóibh a bheith athléimneach in aghaidh rioscaí a bhaineann le teorainneacha an chórais (e.g. earráidí, lochtanna, neamhréireachtaí, eachtraí gan choinne) agus in aghaidh gníomhaíochtaí mailíseacha a d’fhéadfadh cur isteach ar shlándáil an chórais intleachta saorga agus a d’fhéadfadh iompraíocht dhíobhálach nó iompraíocht neamh-inmhianaithe ar shlí eile a bheith ann mar thoradh orthu. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair ar an tsábháilteacht nó go mbeadh éifeachtaí diúltacha ar chearta bunúsacha mar thoradh ar mhainneachtain na rioscaí sin a chosaint, mar shampla, de bharr cinntí earráideacha nó aschuir mhíchearta nó chlaonta a ghin an córas intleachta saorga. Ba cheart d’úsáideoirí an chórais intleachta saorga bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh torthaí idirdhealaitheacha nó diúltacha d’fhoghrúpaí mionlaigh mar thoradh ar an gcomhbhabhtáil a d’fhéadfadh a bheith ann idir stóinseacht agus cruinneas.

    Leasú 87

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 51

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (51)

    Tá ról ríthábhachtach ag an gcibearshlándáil chun a áirithiú go bhfuil na córais intleachta saorga athléimneach in aghaidh iarrachtaí a dhéanfadh tríú páirtithe mailíseacha úsáid, iompraíocht nó feidhmíocht na gcóras a athrú nó cur isteach ar a n-airíonna slándála agus leochaileachtaí an chórais á saothrú acu. Féadfaidh cibirionsaithe in aghaidh córais intleachta saorga sócmhainní sonracha intleachta saorga a ghiaráil, amhail tacair sonraí oiliúna (e.g. nimhiú sonraí) nó samhlacha oilte (e.g. ionsaithe sáraíochta), nó leochaileachtaí i sócmhainní digiteacha an chórais nó ina bhonneagar foluiteach TFC a shaothrú. Chun leibhéal cibearshlándála atá i gcomhréir leis na rioscaí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca bearta oiriúnacha a dhéanamh, agus an bonneagar foluiteach TFC á cur san áireamh freisin de réir mar is iomchuí.

    (51)

    Tá ról ríthábhachtach ag an gcibearshlándáil chun a áirithiú go bhfuil na córais intleachta saorga athléimneach in aghaidh iarrachtaí a dhéanfadh tríú páirtithe mailíseacha úsáid, iompraíocht nó feidhmíocht na gcóras a athrú nó cur isteach ar a n-airíonna slándála agus leochaileachtaí an chórais á saothrú acu. Féadfaidh cibirionsaithe in aghaidh córais intleachta saorga sócmhainní sonracha intleachta saorga a ghiaráil, amhail tacair sonraí oiliúna (e.g. nimhiú sonraí) nó samhlacha oilte (e.g. ionsaithe sáraíochta nó ionsaithe ar rúndacht ), nó leochaileachtaí i sócmhainní digiteacha an chórais nó ina bhonneagar foluiteach TFC a shaothrú. Chun leibhéal cibearshlándála atá i gcomhréir leis na rioscaí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca , chomh maith leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, na húdaráis náisiúnta inniúla agus na húdaráis um fhaireachas margaidh bearta oiriúnacha a dhéanamh, agus an bonneagar foluiteach TFC á chur san áireamh freisin de réir mar is iomchuí. Ba cheart go mbeadh réitigh shlándála agus paistí slándála le haghaidh shaolré an táirge ag gabháil leis an intleacht shaorga ardriosca, nó i gcás nach bhfuiltear ag brath ar tháirge ar leith, ar feadh tréimhse nach mór don mhonaróir a lua.

    Leasú 88

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 53 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (53a)

    Mar shínitheoirí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), tá oibleagáid dlíthiúil ar an Aontas agus ar na Ballstáit daoine faoi mhíchumas a chosaint ar idirdhealú agus a gcomhionannas a chur chun cinn, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar theicneolaíochtaí agus córais faisnéise agus cumarsáide, agus chun a áirithiú go n-urramófar príobháideachas do dhaoine faoi mhíchumas. I bhfianaise thábhacht agus úsáid mhéadaitheach na gcóras intleachta saorga, le cur i bhfeidhm phrionsabail an deartha uilíoch maidir le gach teicneolaíocht agus seirbhís nua, ba cheart rochtain iomlán, chomhionann agus neamhshrianta a áirithiú do gach duine a bhféadfadh teicneolaíochtaí intleachta saorga difear a dhéanamh dóibh nó a úsáideann teicneolaíochtaí intleachta saorga, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar bhealach ina gcuirtear a ndínit bhunúsach agus a n-éagsúlacht bhunúsach san áireamh go hiomlán. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go n-áiritheoidh soláthraithe comhlíonadh iomlán na gceanglas inrochtaineachta, lena n-áirítear Treoir (AE) 2016/2102 agus Treoir (AE) 2019/882. Ba cheart do sholáthraithe comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú trí dhearadh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta is gá a chomhtháthú a mhéid is féidir i ndearadh an chórais intleachta saorga ardriosca.

    Leasú 89

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 54

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (54)

    Ba cheart don soláthraí córas bainistíochta cáilíochta fónta a bhunú, a áirithiú go gcomhlíontar an nós imeachta um measúnú comhréireachta is gá, an doiciméadacht ábhartha a tharraingt suas agus córas faireacháin iarmhargaidh stóinseach a bhunú. Féadfaidh na húdaráis phoiblí a  chur córais intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse le haghaidh a n-úsáide féin na rialacha maidir leis an gcóras bainistíochta cáilíochta a ghlacadh agus a chur chun feidhme mar chuid den chóras bainistíochta cáilíochta a glacadh ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, de réir mar is iomchuí, agus sainiúlachtaí na hearnála agus inniúlachtaí agus eagrú an údaráis phoiblí i gceist á gcur san áireamh.

    (54)

    Ba cheart don soláthraí córas bainistíochta cáilíochta fónta a bhunú, a áirithiú go gcomhlíontar an nós imeachta um measúnú comhréireachta is gá, an doiciméadacht ábhartha a tharraingt suas agus córas faireacháin iarmhargaidh stóinseach a bhunú. I gcás soláthraithe a bhfuil córais bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm acu cheana atá bunaithe ar chaighdeáin amhail ISO 9001 nó ar chaighdeáin ábhartha eile, níor cheart go mbeifí ag dréim le córas bainistíochta cáilíochta dúblálach ina iomláine ach go ndéanfaí na córais atá acu cheana a oiriúnú do ghnéithe áirithe atá nasctha le comhlíonadh cheanglais shonracha an Rialacháin seo. Ba cheart é sin a léiriú freisin i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú a dhéanfar amach anseo nó i dtreoir arna glacadh ag an gCoimisiún ina leith sin. Féadfaidh na húdaráis phoiblí a  chuir córais intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse le haghaidh a n-úsáide féin na rialacha maidir leis an gcóras bainistíochta cáilíochta a ghlacadh agus a chur chun feidhme mar chuid den chóras bainistíochta cáilíochta a glacadh ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, de réir mar is iomchuí, agus sainiúlachtaí na hearnála agus inniúlachtaí agus eagrú an údaráis phoiblí i gceist á gcur san áireamh.

    Leasú 90

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 56

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (56)

    Chun gur féidir an Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus chun cothrom na Féinne a chruthú le haghaidh oibreoirí, agus ag cur san áireamh na bhfoirmeacha éagsúla chun táirgí digiteacha a chur ar fáil, tá sé tábhachtach a áirithiú, i ngach cás, gur féidir le duine atá bunaithe san Aontas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do na húdaráis maidir le comhlíontacht an chórais intleachta saorga. Dá bhrí sin, sula gcuirfear a gcórais intleachta saorga ar fáil san Aontas, i gcás nach féidir an t-allmhaireoir a shainaithint, ainmneoidh soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas, trí shainordú i scríbhinn.

    (56)

    Chun gur féidir an Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus chun cothrom na Féinne a chruthú le haghaidh oibreoirí, agus ag cur san áireamh na bhfoirmeacha éagsúla chun táirgí digiteacha a chur ar fáil, tá sé tábhachtach a áirithiú, i ngach cás, gur féidir le duine atá bunaithe san Aontas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do na húdaráis maidir le comhlíontacht an chórais intleachta saorga. Dá bhrí sin, sula gcuirfear a gcórais intleachta saorga ar fáil san Aontas, ainmneoidh soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas, trí shainordú i scríbhinn.

    Leasú 91

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 58

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (58)

    I bhfianaise chineál na gcóras intleachta saorga agus na rioscaí maidir leis an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid na gcóras sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an ngá faireachán iomchuí ar fheidhmíocht córais intleachta saorga i suíomh fíorshaoil a áirithiú, is iomchuí freagrachtaí sonracha a shocrú le haghaidh úsáideoirí . Ba cheart, go háirithe, d’ úsáideoirí na córais intleachta saorga ardriosca a úsáid i gcomhréir leis na treoracha maidir le húsáid agus ba cheart a fhoráil maidir le hoibleagáidí eile a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras intleachta saorga agus a mhéid a bhaineann le coimeád taifead, de réir mar is iomchuí.

    (58)

    I bhfianaise chineál na gcóras intleachta saorga agus na rioscaí maidir leis an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid na gcóras sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an ngá faireachán iomchuí ar fheidhmíocht córais intleachta saorga i suíomh fíorshaoil a áirithiú, is iomchuí freagrachtaí sonracha a shocrú le haghaidh imscarthóirí . Ba cheart, go háirithe, d’ imscarthóirí na córais intleachta saorga ardriosca a úsáid i gcomhréir leis na treoracha maidir le húsáid agus ba cheart a fhoráil maidir le hoibleagáidí eile a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras intleachta saorga agus a mhéid a bhaineann le coimeád taifead, de réir mar is iomchuí.

    Leasú 92

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 58 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (58a)

    Cé gur féidir rioscaí a bhaineann le córais intleachta saorga a bheith ann mar thoradh ar an gcaoi a ndeartar córais den sórt sin, is féidir rioscaí a bheith ann freisin ón gcaoi a n-úsáidtear na córais intleachta saorga sin. Dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach ag imscarthóirí córas intleachta saorga ardriosca i dtaobh a áirithiú go gcosnaítear cearta bunúsacha, rud a chomhlánaíonn oibleagáidí an tsoláthraí agus an córas intleachta saorga á fhorbairt. Is iad na himscarthóirí is fearr chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca go nithiúil agus, dá bhrí sin, is féidir leo rioscaí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann nár tuaradh sa chéim forbartha a shainaithint, mar gheall ar eolas níos beaichte ar chomhthéacs na húsáide, ar na daoine nó ar na grúpaí daoine ar dócha go ndéanfar difear dóibh, lena n-áirítear grúpaí imeallaithe agus grúpaí leochaileacha. Ba cheart d’imscarthóirí struchtúir rialachais iomchuí a shainaithint sa chomhthéacs sonrach úsáide sin, amhail socruithe maidir le maoirseacht dhaonna, nósanna imeachta um láimhseáil gearán agus nósanna imeachta sásaimh, toisc go bhféadfadh roghanna sna struchtúir rialachais a bheith ríthábhachtach chun rioscaí do chearta bunúsacha a mhaolú i gcásanna úsáide nithiúla. Chun a áirithiú go héifeachtúil go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint, ba cheart d’imscarthóir na gcóras intleachta saorga ardriosca, dá bhrí sin, measúnú tionchair ar chearta bunúsacha a dhéanamh sula gcuirfear in úsáid é. Ba cheart plean mionsonraithe a bheith ag gabháil leis an measúnú tionchair ina mbeidh cur síos ar na bearta nó na huirlisí a chuideoidh leis na rioscaí do chearta bunúsacha arna sainaithint a mhaolú ón tráth a chuirfear in úsáid é ar a dhéanaí. Mura féidir an plean sin a shainaithint, ba cheart don imscarthóir staonadh ón gcóras a chur in úsáid. Agus an measúnú tionchair sin á dhéanamh aige, ba cheart don imscarthóir fógra a thabhairt don údarás maoirseachta náisiúnta agus, a mhéid is féidir, do na geallsealbhóirí ábhartha agus d’ionadaithe grúpaí daoine ar dócha go ndéanfaidh an córas intleachta saorga difear dóibh chun faisnéis ábhartha a bhailiú a mheastar a bheith riachtanach chun an measúnú tionchair a dhéanamh, agus moltar an achoimre ar a mheasúnú tionchair ar chearta bunúsacha a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin ar líne. Níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin maidir le FBManna a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu comhairliúchán den sórt sin a dhéanamh, i bhfianaise easpa acmhainní. Mar sin féin, ba cheart dóibh a ndícheall a dhéanamh freisin rannpháirt a thabhairt do na hionadaithe sin agus a measúnú tionchair ar chearta bunúsacha á dhéanamh acu. Ina theannta sin, i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann agus an ghá atá le formhaoirseacht dhaonlathach agus grinnscrúdú daonlathach, ba cheart ceangal a bheith ar imscarthóirí córas intleachta saorga ardriosca ar údaráis phoiblí nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad, chomh maith le himscarthóirí ar gnóthais iad atá ainmnithe mar gheatóir faoi Rialachán (AE) 2022/1925, úsáid aon chórais intleachta saorga ardriosca a chlárú i mbunachar sonraí poiblí. Féadfaidh imscarthóirí eile clárú go deonach.

    Leasú 93

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 59

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (59)

    Is iomchuí a bheartú gur cheart d’ úsáideoir an chórais intleachta saorga a bheith ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina údarás poiblí, ina ghníomhaireacht nó comhlacht eile faoina n-údarás a n-oibrítear an córas intleachta saorga ach amháin i gcás ina ndéantar an úsáid le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil.

    (59)

    Is iomchuí a bheartú gur cheart d’ imscarthóir an chórais intleachta saorga a bheith ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina údarás poiblí, ina ghníomhaireacht nó comhlacht eile faoina n-údarás a n-oibrítear an córas intleachta saorga ach amháin i gcás ina ndéantar an úsáid le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil.

    Leasú 94

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 60

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (60)

    I bhfianaise chastacht luachshlabhra na hintleachta saorga, maidir le tríú páirtithe ábhartha, eadhon na páirtithe a bhfuil baint acu le bogearraí, uirlisí agus comhpháirteanna bogearraí , samhlacha agus sonraí réamhoilte , nó soláthraithe seirbhísí líonra a dhíol nó a sholáthar, ba cheart dóibh dul i gcomhar, de réir mar is iomchuí, le soláthraithe agus úsáideoirí chun a  gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus leis na húdaráis inniúla bhunaítear faoin Rialachán seo a chumasú.

    (60)

    Laistigh den luachshlabhra intleachta saorga, is minic a sholáthraíonn eintitis iomadúla uirlisí agus seirbhísí ach freisin comhpháirteanna nó próisis a ionchorpraíonn an soláthraí ansin isteach sa chóras intleachta saorga, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le bailiú sonraí agus réamhphróiseáil, oiliúint samhla, athoiliúint samhla, tástáil agus meastóireacht samhla, comhtháthú le bogearraí, nó gnéithe eile d’fhorbairt samhla. Is féidir leis na heintitis lena mbaineann a dtairiscint a chur ar fáil go díreach nó go hindíreach ó thaobh na tráchtála de, trí chomhéadain, amhail Comhéadain Feidhmchláir (API), agus a dháileadh faoi cheadúnais shaor in aisce agus foinse oscailte ach freisin níos mó agus níos mó trí ardáin intleachta saorga um lucht saothair, athdhíol paraiméadar oilte, fearais DFÉ chun samhlacha a thógáil nó tairisicint a dhéanamh íoc as rochtain ar shamhail a fhónann d’ailtireacht chun samhlacha a fhorbairt agus oiliúint a chur orthu. I bhfianaise na castachta sin de luachshlabhra na hintleachta saorga, maidir le tríú páirtithe ábhartha uile , go háirithe iad siúd a bhfuil baint acu le huirlisí bogearraí, comhpháirteanna, samhlacha réamhoilte nó sonraí atá ionchorpraithe sa chóras intleachta saorga , nó soláthraithe seirbhísí líonra a  fhorbairt, a dhíol nó a sholáthar ar bhonn tráchtála , ba cheart dóibh , gan a gcearta maoine intleachtúla nó a rúin trádála féin a chur i mbaol, an fhaisnéis, an oiliúint nó an saineolas is gá a chur ar fáil agus dul i gcomhar, de réir mar is iomchuí, le soláthraithe chun a  rialú ar gach gné ábhartha den chóras intleachta saorga a thagann faoin Rialachán seo a chumasú. Chun rialachas costéifeachtach luachshlabhra intleachta saorga a lamháil, déanfaidh gach tríú páirtí a sholáthraíonn uirlis, seirbhís, comhpháirt nó próiseas a ionchorpróidh an soláthraí níos déanaí sa chóras intleachta saorga an leibhéal rialaithe a nochtadh go sainráite.

    Leasú 95

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 60 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (60a)

    I gcás ina bhfuil seasamh margála níos láidre ag páirtí amháin, tá riosca ann go bhféadfadh an páirtí sin an seasamh sin a ghiaráil chun aimhleasa an pháirtí chonarthaigh eile agus é i mbun caibidlíochta maidir le soláthar uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próiseas a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcóras intleachta saorga ardriosca nó maidir leis na leigheasanna le haghaidh sárú nó foirceannadh oibleagáidí gaolmhara. Déanann míchothromaíochtaí conarthacha den sórt sin dochar go háirithe do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide chomh maith le gnólachtaí nuathionscanta, ach amháin má tá siad faoi úinéireacht fiontair nó ar fochonradh ag fiontar atá in ann an fochonraitheoir a chúiteamh go hiomchuí, ós rud é nach bhfuil cumas fóinteach acu coinníollacha an chomhaontaithe chonarthaigh a chaibidliú, agus féadfaidh sé nach bhfuil aon rogha eile acu ach glacadh le téarmaí conarthacha nach bhfuil rogha mhalartach orthu. Dá bhrí sin, maidir le téarmaí éagóracha conartha lena rialaítear soláthar uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próiseas a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcóras intleachta saorga ardriosca nó na leigheasanna ar shárú nó ar fhoirceannadh oibleagáidí gaolmhara, níor cheart iad a bheith ceangailteach ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga nó mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta den sórt sin nuair a forchuireadh iad go haontaobhach orthu.

    Leasú 96

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 60 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (60b)

    Leis na rialacha maidir le téarmaí conarthacha, ba cheart prionsabal na saoirse conarthaí a chur san áireamh mar choincheap fíor-riachtanach den chaidreamh gnólacht le gnólacht. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh gach téarma conarthach faoi réir measúnú éagóra, ach díreach na téarmaí sin a fhorchuirtear go haontaobhach ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta. Baineann sin le cásanna nach bhfuil rogha mhalartach ann i gcás ina soláthraíonn páirtí amháin téarma conarthach áirithe agus nach bhfuil ar chumas an mhicrifhiontair, an fhiontair bhig nó mheánmhéide ná an ghnólachta nuathionscanta tionchar a imirt ar ábhar an téarma sin d’ainneoin iarracht caibidlíocht a dhéanamh ina leith. I gcás téarma conarthach a dhéanann páirtí amháin a sholáthar agus a nglacann an micrifhiontar, an fiontar beag nó meánmhéide nó gnólacht nuathionscanta leis, nó i gcás téarma a ndéantar caibidlíocht ina leith agus a chomhaontaítear ina dhiaidh sin ar bhealach leasaithe idir na páirtithe conarthacha, níor cheart an téarma sin a mheas mar théarma atá forchurtha go haontaobhach.

    Leasú 97

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 60 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (60c)

    Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha i ndáil le téarmaí conarthacha éagóracha ach amháin maidir leis na gnéithe sin de chonradh a bhaineann le soláthar uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próiseas a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcóras intleachta saorga ardriosca nó maidir leis na leigheasanna ar shárú nó ar fhoirceannadh oibleagáidí gaolmhara. Níor cheart codanna eile den chonradh céanna, nach mbaineann leis na heilimintí sin, a bheith faoi réir an mheasúnaithe éagóra a leagtar síos sa Rialachán seo.

    Leasú 98

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 60 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (60d)

    Níor cheart feidhm a bheith ag na critéir chun téarmaí éagóracha conarthacha a shainaithint ach amháin maidir le téarmaí conarthacha iomarcacha, i gcás ina mbaintear mí-úsáid as suíomh margála níos láidre. Tromlach mór na dtéarmaí conarthacha atá níos fabhraí do pháirtí amháin ó thaobh na tráchtála de ná do pháirtí eile, lena n-áirítear téarmaí ar gnách iad a bheith i gconarthaí gnólacht le gnólacht, is gnáthléiriú iad ar phrionsabal na saoirse conarthaí agus tá feidhm acu fós. Mura n-áirítear téarma conarthach sa liosta téarmaí a mheastar a bheith éagórach i gcónaí, beidh feidhm ag an bhforáil maidir le héagothroime ghinearálta. Maidir leis sin, ba cheart na téarmaí a liostaítear mar théarmaí éagóracha a bheith ina slat tomhais chun an fhoráil maidir le héagothroime ghinearálta a léirmhíniú.

    Leasú 99

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 60 e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (60e)

    Is forbairt nua iad bunsamhlacha fondúireachta, ina bhforbraítear samhlacha intleachta saorga ó algartaim arna gceapadh chun optamú a dhéanamh ar mhaithe le ginearáltacht agus solúbthacht aschuir. Is minic a chuirtear oiliúint ar na samhlacha sin maidir le raon leathan foinsí sonraí agus méideanna móra sonraí chun réimse leathan cúraimí iartheachtacha a bhaint amach, lena n-áirítear cúraimí nach ndearnadh iad a fhorbairt ná oiliúint a chur orthu go sonrach ina leith. Is féidir leis an bunsamhail a bheith aonmhódach nó ilmhódach, oilte trí mhodhanna éagsúla amhail foghlaim faoi mhaoirseacht nó foghlaim threisithe. Is féidir le córais intleachta saorga a bhfuil críoch shonrach beartaithe dóibh nó córais intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith ina gcur chun feidhme bunsamhla, rud a chiallaíonn gur féidir gach bunsamhail a athúsáid i gcórais intleachta saorga iartheachtacha iomadúla nó i gcórais intleachta saorga ilchuspóireacha. Tá tábhacht mhéadaitheach ag na samhlacha sin do go leor feidhmeanna agus córais iartheachtacha.

    Leasú 100

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 60 f (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (60f)

    I gcás bunsamhlacha a sholáthraítear mar sheirbhís amhail trí rochtain API, ba cheart síneadh ama a chur leis an gcomhar le soláthraithe iartheachtacha le linn na tréimhse a gcuirtear an tseirbhís sin ar fáil agus a dtacaítear léi, chun maolú riosca iomchuí a chumasú, ach amháin má aistríonn soláthraí na bunsamhla an tsamhail oiliúna chomh maith le faisnéis chuimsitheach agus iomchuí maidir leis na tacair sonraí agus próiseas forbartha an chórais nó má chuireann sé srian ar an tseirbhís, amhail rochtain API, sa chaoi is go mbeidh an soláthraí iartheachtach in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán gan tuilleadh tacaíochta a fháil ó sholáthraí bunaidh na bunsamhla.

    Leasú 101

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 60 g (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (60g)

    I bhfianaise chineál agus chastacht an luachshlabhra do chóras intleachta saorga, tá sé ríthábhachtach ról na ngníomhaithe a rannchuidíonn le forbairt na gcóras intleachta saorga a shoiléiriú. Tá éiginnteacht shuntasach ann maidir leis an gcaoi a bhforbróidh bunsamhlacha, ó thaobh tíopeolaíocht samhlacha agus féinrialachais araon. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach staid dhlíthiúil na soláthraithe bunsamhlacha a shoiléiriú. In éineacht lena gcastacht agus tionchar gan choinne, easpa rialaithe sholáthraí iartheachtach na hintleachta saorga ar fhorbairt na bunsamhla agus éagothroime iarmhartach na cumhachta, agus chun comhroinnt chothrom freagrachtaí feadh luachshlabhra na hintleachta saorga a áirithiú, ba cheart samhlacha den sórt sin a bheith faoi réir ceanglais agus oibleagáidí comhréireacha agus níos sonraí faoin Rialachán seo, eadhon ba cheart, leis na bunsamhlacha, rioscaí agus dochar a d’fhéadfadh a bheith ann a mheasúnú agus a mhaolú trí dhearadh, tástáil agus anailís iomchuí a dhéanamh, bearta rialachais sonraí a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar chlaontachtaí, agus ceanglais deartha theicniúla a chomhlíonadh chun leibhéil iomchuí feidhmíochta, intuarthachta, léirmhínitheachta, incheartaitheachta, sábháilteachta agus cibearshlándála a áirithiú agus caighdeáin chomhshaoil a chomhlíonadh. Ba cheart caighdeáin a bheith ag gabháil leis na hoibleagáidí sin. Chomh maith leis sin, ba cheart oibleagáidí faisnéise a bheith ar na bunsamhlacha agus doiciméadacht theicniúil uile is gá a ullmhú chun go mbeidh soláthraithe iartheachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann in ann a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart, le bunsamhlacha giniúnacha, trédhearcacht a áirithiú maidir leis an bhfíric gur córas intleachta saorga, seachas daoine, a ghineann an t-ábhar. Ní hionann na ceanglais agus na hoibleagáidí sonracha sin agus a mheas gur córais intleachta saorga ardriosca iad bunsamhlacha, ach ba cheart a ráthú leo go mbainfear amach cuspóirí an Rialacháin seo chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta bunúsacha, do shláinte agus sábháilteacht, don chomhshaol, don daonlathas agus don smacht reachta. Maidir le samhlacha réamhoilte arna bhforbairt le haghaidh tacar feidhmchlár atá níos cúinge, níos teoranta agus nach bhfuil chomh ginearálta céanna, ar samhlacha iad nach féidir a oiriúnú do raon leathan cúraimí amhail córais intleachta saorga ilfheidhmeacha shimplí, níor cheart a mheas gur bunsamhlacha iad chun críocha an Rialacháin seo, mar gheall ar a léirmhínitheacht níos mó, rud a fhágann nach bhfuil a n-iompraíocht chomh dothuartha céanna.

    Leasú 102

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 60 h (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (60h)

    I bhfianaise chineál na mbunsamhlacha, tá easpa saineolais ar mheasúnú comhréireachta ann agus tá modhanna iniúchóireachta tríú páirtí fós á bhforbairt. Dá bhrí sin, tá bealaí nua á bhforbairt ag an earnáil féin chun measúnú a dhéanamh ar bhunsamhlacha a chomhlíonann, i bpáirt, cuspóir na hiniúchóireachta (amhail meastóireacht samhla, modh na foirne deirge nó teicnící fíoraithe agus bailíochtaithe meaisínfhoghlama). Ba cheart na measúnuithe inmheánacha sin le haghaidh bunsamhlacha a bheith infheidhme go forleathan (e.g. neamhspleách ar bhealaí dáileacháin, ar mhódúlacht, ar mhodhanna forbartha), chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann go sonrach le samhlacha den sórt sin, agus cleachtais tionscail úrscothacha á gcur san áireamh, agus díriú ar thuiscint agus rialú teicniúil leordhóthanach ar an tsamhail a fhorbairt, ar rioscaí atá intuartha le réasún a bhainistiú, agus ar anailís agus tástáil fhorleathan a dhéanamh ar an tsamhail trí bhearta iomchuí, amhail trí rannpháirtíocht meastóirí neamhspleácha. Ós rud é gur forbairt nua a bhíonn athrú go tapa i réimse na hintleachta saorga iad bunsamhlacha, is iomchuí don Choimisiún agus don Oifig um Intleacht Shaorga faireachán a dhéanamh ar chreat reachtach agus rialachais na samhlacha sin agus go háirithe creat reachtach agus rialachais na gcóras intleachta saorga giniúnaí bunaithe ar na samhlacha sin, agus measúnú tréimhsiúil a dhéanamh air, rud a spreagann ceisteanna suntasacha a bhaineann le hábhar a ghiniúint de shárú ar dhlí an Aontais, rialacha cóipchirt, agus mí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart a shoiléiriú gur cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear Treoracha 2001/29/CE, 2004/48/CE agus (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Leasú 103

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 61

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (61)

    Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gcaighdeánú chun réitigh theicniúla a sholáthar do sholáthraithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (54), ba cheart é a bheith ina mhodh ag soláthraithe chun comhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a léiriú. D’fhéadfadh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna a ghlacadh i réimsí nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe cheana féin nó i gcás nach leor iad .

    (61)

    Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gcaighdeánú chun réitigh theicniúla a sholáthar do sholáthraithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (54), ba cheart é a bheith ina mhodh ag soláthraithe chun comhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a léiriú. Chun éifeachtacht caighdeán mar uirlis bheartais don Aontas a áirithiú agus aird á tabhairt ar thábhacht na gcaighdeán ar mhaithe le comhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a áirithiú agus ar mhaithe le hiomaíochas gnóthas, is gá ionadaíocht chothrom ar leasanna a áirithiú trí rannpháirt a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha uile i bhforbairt caighdeán . Ba cheart an próiseas caighdeánaithe a bheith trédhearcach ó thaobh daoine dlítheanacha agus nádúrtha atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe.

    Leasú 104

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 61 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (61a)

    Chun comhlíonadh a éascú, ba cheart don Choimisiún na chéad iarrataí ar chaighdeánú a eisiúint dhá mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart go bhfeidhmeodh sé sin chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin infheistíocht agus nuálaíocht san intleacht shaorga a chur chun cinn, chomh maith le hiomaíochas agus fás mhargadh an Aontais, agus feabhas á chur ag an am céanna ar rialachas il-gheallsealbhóra a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí Eorpacha ábhartha uile, amhail an Oifig um Intleacht Shaorga, eagraíochtaí agus comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú nó grúpaí saineolaithe arna mbunú faoi dhlí earnálach ábhartha an Aontais, mar aon le tionscal, FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, an tsochaí shibhialta, taighdeoirí agus comhpháirtithe sóisialta, agus ba cheart go n-éascódh sé ar deireadh comhar domhanda maidir le caighdeánú i réimse na hintleachta saorga ar bhealach atá comhsheasmhach le luachanna an Aontais. Agus an iarraidh ar chaighdeánú á hullmhú aige, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis an bhFóram Comhairleach um Intleacht Shaorga chun saineolas ábhartha a bhailiú.

    Leasú 105

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 61 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (61b)

    Nuair a bheartaítear córais intleachta saorga a úsáid san ionad oibre, ba cheart caighdeáin chomhchuibhithe a theorannú do shonraíochtaí agus nósanna imeachta teicniúla.

    Leasú 106

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 61 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (61c)

    Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh faoi choinníollacha áirithe, nuair nach bhfuil aon chaighdeán comhchuibhithe ábhartha ann nó chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní shonracha maidir le cearta bunúsacha. Tríd an bpróiseas dréachtaithe ar fad, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle go rialta leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus lena fóram comhairleach, leis na heagraíochtaí agus comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú nó le grúpaí saineolaithe arna mbunú faoi dhlí earnálach ábhartha an Aontais chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha, amhail an tionsclaíocht, FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, an tsochaí shibhialta, taighdeoirí agus comhpháirtithe sóisialta.

    Leasú 107

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 61 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (61d)

    Agus sonraíochtaí coiteanna á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh an intleacht shaorga a ailíniú le comhpháirtithe domhanda atá ar aon intinn leis, rud atá ríthábhachtach chun nuálaíocht agus comhpháirtíochtaí trasteorann a chothú laistigh de réimse na hintleachta saorga, ós rud é go bhfuil an-tábhacht ag baint le comhordú le comhpháirtithe i gcomhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú, ar comhlachtaí iad a bhfuil ar aon intinn leis.

    Leasú 108

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 62

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (62)

    Chun ardleibhéal iontaofachta a áirithiú i gcórais intleachta saorga ardriosca, ba cheart na córais sin a bheith faoi réir measúnú comhréireachta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad.

    (62)

    Chun ardleibhéal iontaofachta a áirithiú i gcórais intleachta saorga ardriosca, ba cheart na córais sin a bheith faoi réir measúnú comhréireachta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad. Chun muinín sa slabhra luacha a mhéadú agus chun cinnteacht a thabhairt do ghnólachtaí faoi fheidhmíocht a gcóras, féadfaidh tríú páirtithe a sholáthraíonn comhpháirteanna intleachta saorga iarratas a dhéanamh, dá ndeoin féin, ar mheasúnuithe comhréireachta tríú páirtí.

    Leasú 109

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 64

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (64)

    I bhfianaise thaithí fhairsing na ndeimhneoirí réamh-mhargaidh gairmiúla i réimse na sábháilteachta táirgí agus chineál éagsúil na rioscaí lena mbaineann, is iomchuí, ar a laghad le linn na chéad chéime de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, an raon feidhme a theorannú maidir le cur i bhfeidhm measúnaithe comhréireachta tríú páirtithe le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca cé is moite dóibh siúd a bhaineann leis na táirgí. Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart don soláthraí measúnú comhréireachta na gcóras sin a dhéanamh faoina fhreagracht féin, ach amháin i gcás córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine, lenar cheart a fhoráil maidir le rannpháirtíocht comhlacht a dtugtar fógra dóibh sa mheasúnú comhréireachta, sa mhéid nach mbeidh toirmeasc orthu.

    (64)

    I bhfianaise chastacht na gcóras intleachta saorga ardriosca agus na rioscaí a bhaineann leo, tá sé bunriachtanach acmhainneacht níos leordhóthanaí a fhorbairt chun measúnú comhréireachta tríú páirtí a chur i bhfeidhm le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca. Mar sin féin, i bhfianaise thaithí reatha na ndeimhneoirí réamh-mhargaidh gairmiúla i réimse na sábháilteachta táirgí agus chineál éagsúil na rioscaí lena mbaineann, is iomchuí, ar a laghad le linn na chéad chéime de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, an raon feidhme a theorannú maidir le cur i bhfeidhm measúnaithe comhréireachta tríú páirtí le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca cé is moite dóibh siúd a bhaineann leis na táirgí. Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart don soláthraí measúnú comhréireachta na gcóras sin a dhéanamh faoina fhreagracht féin, ach amháin i gcás córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine, nó córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tátail a dhéanamh faoi shaintréithe pearsanta daoine nádúrtha ar bhonn sonraí bithmhéadracha nó sonraí bithmhéadrachtbhunaithe, lena n-áirítear córais aitheantais mothúcháin lenar cheart a fhoráil maidir le rannpháirtíocht comhlacht faoina dtugtar fógra sa mheasúnú comhréireachta, sa mhéid nach mbeidh toirmeasc orthu.

    Leasú 110

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 65

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (65)

    Chun measúnuithe comhréireachta tríú páirtithe a dhéanamh le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine , ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a ainmniú faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad le tacar ceanglas, go sonrach maidir leis an neamhspleáchas, an inniúlacht agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann .

    (65)

    Chun measúnuithe comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh nuair a cheanglaítear sin , ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmniú faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad le tacar ceanglas, go sonrach maidir leis an neamhspleáchas, an inniúlacht , an easpa coinbhleachtaí leasa agus íoscheanglais chibearshlándála . Ba cheart do na Ballstáit a mholadh go n-ainmneofaí líon leordhóthanach comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ionas go mbeidh an deimhniú indéanta go tráthúil. Ba cheart na nósanna imeachta maidir le measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, ainmniú na gcomhlachtaí sin agus fógra a thabhairt ina leith a chur chun feidhme ar bhealach chomh haonfhoirmeach agus is féidir sna Ballstáit, d’fhonn bacainní ar theorainneacha riaracháin a bhaint agus a áirithiú go mbainfear acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh amach.

    Leasú 111

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 65 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (65a)

    I gcomhréir le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil, is leor uasmhéadú a dhéanamh ar ghlacadh le torthaí tástála arna gcur ar fáil ag comhlachtaí inniúla um measúnú comhréireachta, neamhspleách ar an gcríoch ina bhfuil siad bunaithe, i gcás inar gá chun comhréireacht le ceanglais infheidhme an Rialacháin a léiriú. Ba cheart don Choimisiún féachaint go gníomhach ar ionstraimí idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann chun na críche sin agus go háirithe bunú féideartha comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach a shaothrú le tíortha atá ar leibhéal inchomparáide forbartha teicniúla, agus a bhfuil cur chuige comhoiriúnach acu maidir leis an intleacht shaorga agus measúnú comhréireachta.

    Leasú 112

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 66

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (66)

    I gcomhréir le coincheap comhbhunaithe an mhodhnaithe shubstaintiúil, le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, is iomchuí go ndéanfaí measúnú comhréireachta nua ar chóras intleachta saorga aon uair a tharlaíonn athrú a d’ fhéadfaí difear a dhéanamh do chomhlíontacht an chórais leis an Rialachán seo nó nuair a athraítear an chríoch atá beartaithe don chóras. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse (i.e. déanann siad oiriúnú uathoibríoch ar an mbealach a dhéantar feidhmeanna), is iomchuí rialacha a sholáthar lena leagtar amach nár cheart a mheas gur modhnuithe substaintiúla iad na hathruithe a dhéantar ar an algartam agus a fheidhmíocht a rinne an soláthraí a réamhchinneadh agus a ndearnadh measúnú orthu ag an measúnú comhréireachta.

    (66)

    I gcomhréir le coincheap comhbhunaithe an mhodhnaithe shubstaintiúil le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, is iomchuí go ndéanfaí measúnú comhréireachta nua ar chóras intleachta saorga ardriosca aon uair a tharlaíonn athrú neamhbheartaithe théann thar athruithe rialaithe nó réamhchinntithe ag an soláthraí lena n-áirítear foghlaim leanúnach agus a d’ fhéadfadh riosca do-ghlactha nua a chruthú agus a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis an Rialachán seo nó nuair a athraítear an chríoch atá beartaithe don chóras. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse (i.e. déanann siad oiriúnú uathoibríoch ar an mbealach a dhéantar feidhmeanna), is rialacha a sholáthar lena leagtar amach nár cheart a mheas gur modhnuithe substaintiúla iad na hathruithe a dhéantar ar an algartam agus a fheidhmíocht a rinne an soláthraí a réamhchinneadh agus a ndearnadh measúnú orthu ag an measúnú comhréireachta. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna maidir le nuashonruithe ar an gcóras intleachta saorga ar chúiseanna slándála i gcoitinne agus chun cosaint a thabhairt i gcoinne bagairtí athraitheacha cúblála ar an gcóras, ar choinníoll nach ionann iad agus modhnú substaintiúil.

    Leasú 113

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 67

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (67)

    Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar chórais intleachta saorga ardriosca chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo sa dóigh is gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart do na Ballstáit constaicí éagóracha a chruthú maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu, a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

    (67)

    Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar chórais intleachta saorga ardriosca chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo sa dóigh is gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca fhisiciúla, ba cheart marcáil CE fisiciúil a ghreamú orthu, agus féadfar é a chomhlánú le marcáil dhigiteach CE. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dhigiteacha amháin, ba cheart marcáil dhigiteach CE a úsáid. Níor cheart do na Ballstáit constaicí éagóracha a chruthú maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu, a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

    Leasú 114

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 68

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (68)

    Faoi choinníollacha áirithe, d’fhéadfadh rochtain thapa ar theicneolaíochtaí nuálacha a bheith ríthábhachtach do shláinte agus sábháilteacht na ndaoine agus na sochaí ina hiomláine. Dá bhrí sin, is iomchuí i gcás cúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó le cosaint beatha nó sláinte daoine nádúrtha agus cosaint maoine tionsclaíche agus tráchtálaí , go bhféadfadh na Ballstáit údarú a thabhairt maidir le córais intleachta saorga nach ndearnadh measúnú comhréireachta orthu a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

    (68)

    Faoi choinníollacha áirithe, d’fhéadfadh rochtain thapa ar theicneolaíochtaí nuálacha a bheith ríthábhachtach do shláinte agus sábháilteacht daoine, don chomhshaol agus athrú aeráide agus don sochaí ina hiomláine. Dá bhrí sin, is iomchuí i gcás cúiseanna eisceachtúla a bhaineann le cosaint beatha nó sláinte daoine nádúrtha , cosaint an chomhshaoil agus cosaint bonneagair chriticiúil , go bhféadfadh na Ballstáit údarú a thabhairt maidir le córais intleachta saorga nach ndearnadh measúnú comhréireachta orthu a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

    Leasú 115

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 69

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (69)

    Chun obair an Choimisiúin agus na mBallstát i réimse na hintleachta saorga a éascú chomh maith leis an trédhearcacht i leith an phobail a mhéadú, ba cheart é a bheith de cheangal ar sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca, cé is moite dóibh siúd a bhaineann le táirgí a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe an Aontais, a gcóras intleachta saorga ardriosca a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais, bunachar sonraí atá le bunú agus le bainistiú ag an gCoimisiún. Ba cheart an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir ar an mbunachar sonraí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55). Chun feidhmiúlacht iomlán an bhunachair sonraí a áirithiú, nuair atá sé in úsáid, ba cheart mionsaothrú na sonraíochtaí feidhmiúla ag an gCoimisiún agus ag tuarascáil neamhspleách iniúchóireachta a áireamh mar chuid den nós imeachta chun an bunachar sonraí a shocrú.

    (69)

    Chun obair an Choimisiúin agus na mBallstát i réimse na hintleachta saorga a éascú chomh maith leis an trédhearcacht i leith an phobail a mhéadú, ba cheart é a bheith de cheangal ar sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca, cé is moite dóibh siúd a bhaineann le táirgí a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe an Aontais, a gcóras intleachta saorga ardriosca agus bunsamhlacha a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais, bunachar sonraí atá le bunú agus le bainistiú ag an gCoimisiún. Ba cheart an bunachar sonraí sin a bheith inrochtana don phobal agus gan srian, intuigthe go héasca agus inléite ag meaisín. Ba cheart an bunachar sonraí a bheith soláimhsithe agus éasca nascleanúint a dhéanamh air, agus ba cheart feidhmiúlachtaí cuardaigh ar a laghad a chur ar chumas an phobail i gcoitinne an bunachar sonraí a chuardach le haghaidh córais ardriosca shonracha, suíomhanna, catagóirí riosca faoi Iarscríbhinn IV agus eochairfhocail. Ba cheart d’imscarthóirí ar údaráis phoiblí nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad nó imscarthóirí atá ag gníomhú thar a gceann agus imscarthóirí ar gnóthais iad atá ainmnithe mar gheatóir faoi Rialachán (AE) 2022/1925 clárú freisin i mbunachar sonraí an Aontais sula gcuirfidh siad córas intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse nó sula n-úsáidfidh siad é den chéad uair agus tar éis gach modhnaithe shubstaintiúil. Ba cheart go mbeadh imscarthóirí eile i dteideal é sin a dhéanamh go deonach. Déanfar aon mhodhnú substaintiúil ar chórais intleachta saorga ardriosca a chlárú freisin i mbunachar sonraí an Aontais. Ba cheart an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir ar an mbunachar sonraí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55). Chun feidhmiúlacht iomlán an bhunachair sonraí a áirithiú, nuair atá sé in úsáid, ba cheart mionsaothrú na sonraíochtaí feidhmiúla ag an gCoimisiún agus ag tuarascáil neamhspleách iniúchóireachta a áireamh mar chuid den nós imeachta chun an bunachar sonraí a shocrú. Ba cheart don Choimisiún rioscaí cibearshlándála agus rioscaí a bhaineann le guaiseacha a chur san áireamh agus a chúraimí mar rialaitheoir sonraí á ndéanamh aige ar bhunachar sonraí an Aontais. Chun infhaighteacht agus úsáid an bhunachair sonraí ag an bpobal a uasmhéadú, ba cheart go gcomhlíonfadh an bunachar sonraí, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil tríd, na ceanglais faoi Threoir 2019/882.

    Leasú 116

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 71

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (71)

    Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga atá ag forbairt go tapa agus lena bhfuil cineálacha nua formhaoirseachta rialála agus spás sábháilte le haghaidh turgnamhaíochta ag teastáil, ach lena n-áirithítear nuálaíocht fhreagrach agus comhtháthú coimircí iomchuí agus bearta maolaithe riosca. Chun creat dlíthiúil atá fabhrach don nuálaíocht, stóinseach don todhchaí agus athléimneach in aghaidh suaite a áirithiú, ba cheart na húdaráis inniúla náisiúnta ó Bhallstát amháin nó níos mó a spreagadh boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú chun forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga nuálach faoi fhormhaoirseacht rialála dhian a éascú sula gcuirfear na córais sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile.

    (71)

    Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga atá ag forbairt go tapa agus lena bhfuil formhaoirseacht rialála agus spás rialaithe sábháilte le haghaidh turgnamhaíochta ag teastáil, ach lena n-áirithítear nuálaíocht fhreagrach agus comhtháthú coimircí iomchuí agus bearta maolaithe riosca. Chun creat dlíthiúil a chuireann an nuálaíocht chun cinn, atá stóinseach don todhchaí, agus athléimneach in aghaidh suaite a áirithiú, ba cheart na Ballstát a spreagadh chun bosca gainimh rialála intleachta saorga amháin ar laghad a bhunú chun forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga nuálach faoi fhormhaoirseacht rialála dhian a éascú sula gcuirfear na córais sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile. Go deimhin, is inmhianaithe boscaí gainimh rialála a bhunú, a bhfuil a mbunú faoi rogha na mBallstát faoi láthair, mar chéad chéim eile a bheidh éigeantach le critéir bhunaithe. D’fhéadfaí an bosca gainimh éigeantach sin a bhunú i gcomhpháirt le Ballstát amháin eile nó le roinnt Ballstát eile, chomh fada agus a chlúdódh an bosca gainimh sin leibhéal náisiúnta faoi seach na mBallstát lena mbaineann. Féadfar boscaí gainimh breise a bhunú freisin ar leibhéil éagsúla, lena n-áirítear ar fud na mBallstát, chun comhar agus sineirgí trasteorann a éascú. Cé is moite den bhosca gainimh éigeantach ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann boscaí gainimh fíorúla nó hibrideacha a bhunú freisin. Ba chóir go mbeadh gach bosca gainimh rialála in ann freastal ar tháirgí fisiceacha agus fíorúla araon. Ba cheart d’údaráis bhunaithe a áirithiú freisin go mbeidh na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna ag na boscaí gainimh rialála chun go bhfeidhmeoidh siad.

    Leasú 117

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 72

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (72)

    Ba cheart cuspóirí na mboscaí gainimh rialála a  bheith chun nuálaíocht intleachta saorga a  chothú trí thimpeallacht rialaithe turgnamhaíochta agus tástála a bhunú ag an gcéim forbartha agus ag an gcéim réamh-mhargaidh d’fhonn comhlíontacht na gcóras intleacht saorga leis an Rialachán seo agus reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais agus na mBallstát a  áirithiú; chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú le haghaidh nuálaithe agus formhaoirseacht agus tuiscint na n-údarás inniúla ar na deiseanna, na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus tionchair na húsáide intleachta saorga a fheabhsú , agus chun dlús a chur le rochtain ar an margadh, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le bacainní le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta . Chun chur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus barainneacht scála a áirithiú, is iomchuí rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir leis na boscaí gainimh rialála a chur chun feidhme agus creat a bhunú maidir le comhar idir na húdaráis ábhartha atá rannpháirteach i maoirseacht na mboscaí gainimh. Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina bhunús dlí le sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch eile a úsáid chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail faoi chuimsiú an bhosca gainimh rialála, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679, agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus gan dochar d’Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2016/680. Ba cheart do rannpháirtithe an bhosca gainimh rialála coimircí iomchuí a áirithiú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear trína dtreoir a leanúint agus trí ghníomhú go tapa agus de mheon macánta chun aon ardriosca a mhaolú maidir le sábháilteacht nó cearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na forbartha agus na turgnamhaíochta sa bhosca gainimh. Ba cheart iompar na rannpháirtithe sa bhosca gainimh a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ag na húdaráis inniúla an ngearrfar fíneáil riaracháin faoi Airteagal 83(2) de Rialachán 2016/679 agus Airteagal 57 de Threoir 2016/680.

    (72)

    Ba cheart gurb iad seo a leanas cuspóirí na mboscaí gainimh rialála : le haghaidh na n-údarás bunaithe chun dtuiscint ar fhorbairtí teicniúla a mhéadú, modhanna maoirseachta a fheabhsú agus treoir a thabhairt d’ fhorbróirí agus do sholáthraithe córas intleachta saorga chun comhlíonadh rialála bhaint amach leis an Rialachán seo nó, i gcás inarb ábhartha, le reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát , chomh maith leis an gCairt um Chearta Bunúsacha; chun go bhféadfaidh na soláthraithe ionchasacha tástáil agus forbairt réiteach nuálach bhaineann le córais intleachta saorga a cheadú agus a éascú sa chéim réamh-mhargaithe chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú , chun tuilleadh foghlama rialála a cheadú trí údaráis a bhunú i dtimpeallacht rialaithe chun treoir níos fearr a fhorbairt agus chun feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil amach anseo a shainaithint tríd an ngnáthnós imeachta reachtach. Má shainaithnítear aon rioscaí suntasacha le linn fhorbairt agus thástáil córas intleachta saorga den chineál sin , ba cheart go mbeadh maolú láithreach ann agus , ina éagmais sin, cuirfear an próiseas forbartha agus tástála ar fionraí go dtí go ndéanfar an maolú sin . Chun chur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus barainneacht scála a áirithiú, is iomchuí rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir leis na boscaí gainimh rialála a chur chun feidhme agus creat a bhunú maidir le comhar idir na húdaráis ábhartha atá rannpháirteach i maoirseacht na mboscaí gainimh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh boscaí gainimh rialála ar fáil go forleathan ar fud an Aontais, agus ba cheart go leanfadh an rannpháirtíocht de bheith deonach. Tá sé tábhachtach go háirithe a áirithiú gur féidir le FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta rochtain a fháil go héasca ar na boscaí gainimh sin, agus go mbeidh siad rannpháirteach go gníomhach i bhforbairt agus i dtástáil córas nuálach intleachta saorga , chun go mbeidh siad in ann rannchuidiú lena bhfios gnó agus lena dtaithí.

    Leasú 118

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 72 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (72a)

    Níor cheart don Rialachán seo a bheith ina bhunús dlí le sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch eile a úsáid chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail faoi chuimsiú an bhosca gainimh rialála ach amháin faoi choinníollacha sonraithe i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679, agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus gan dochar d’Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2016/680. Ba cheart do sholáthraithe ionchasacha sa bhosca gainimh rialála coimircí iomchuí a áirithiú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear trína dtreoir a leanúint agus trí ghníomhú go tapa agus de mheon macánta chun aon ardriosca a mhaolú maidir le sábháilteacht, sláinte agus an chomhshaol agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na forbartha agus na turgnamhaíochta sa bhosca gainimh. Ba cheart iompar na soláthraithe ionchasacha sa bhosca gainimh a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ag na húdaráis inniúla maidir lena rannpháirtíocht sa bhosca gainimh a chur ar fionraí go sealadach nó go buan an ngearrfar fíneáil riaracháin faoi Airteagal 83(2) de Rialachán 2016/679 agus Airteagal 57 de Threoir 2016/680.

    Leasú 119

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 72 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (72b)

    Chun a áirithiú go mbeidh torthaí a rachaidh chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol mar thoradh ar an Intleacht Shaorga, ba cheart do na Ballstáit tacú le taighde agus forbairt intleachta saorga agus iad a chur chun cinn chun tacú le torthaí a rachaidh chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol trí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh, lena n-áirítear cistiú poiblí agus cistiú ón Aontas, agus trí rochtain tosaíochta a thabhairt ar bhoscaí gainimh rialála do thionscadail atá faoi stiúir na sochaí sibhialta. Ba cheart tionscadail den sórt sin a bheith bunaithe ar phrionsabal an chomhair idirdhisciplíneaigh idir forbróirí intleachta saorga, saineolaithe ar neamhionannas agus neamh-idirdhealú, inrochtaineacht, cearta tomhaltóirí, comhshaoil agus digiteacha, chomh maith le hacadóirí

    Leasú 120

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 73

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (73)

    Chun an nuálaíocht a chur chun cinn agus a chosaint, tá sé tábhachtach leasanna na soláthraithe ar mhionscála agus úsáideoirí córas intleachta saorga a chur san áireamh go háirithe. I bhfianaise an chuspóra sin, ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh a fhorbairt atá dírithe ar na hoibreoirí sin, lena n-áirítear maidir le hardú feasachta agus cumarsáid faisnéise. Thairis sin, cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais na soláthraithe ar mhionscála san áireamh agus táillí measúnaithe comhréireachta á socrú ag na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh. D’fhéadfadh costais suntasach a bheith i gceist le costais aistriúcháin a bhaineann le doiciméadacht shainordaitheach agus cumarsáid leis na húdaráis, le haghaidh soláthraithe agus oibreoirí eile, eadhon iad siúd ar mhionscála . Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, más féidir, maidir leis na teangacha a chinnfidh siad agus a ghlacfaidh siad le doiciméadacht ábhartha na soláthraithe agus cumarsáid leis na soláthraithe inti, gur teanga í ceann amháin de na teangacha sin a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi.

    (73)

    Chun an nuálaíocht a chur chun cinn agus a chosaint, tá sé tábhachtach leasanna na soláthraithe ar mionscála agus úsáideoirí córas intleachta saorga a chur san áireamh go háirithe. I bhfianaise an chuspóra sin, ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh a fhorbairt atá dírithe ar na hoibreoirí sin, lena n-áirítear maidir le litearthacht intleachta saorga, le hardú feasachta agus cumarsáid faisnéise. Úsáidfidh na Ballstáit na bealaí atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, bealaí tiomnaithe nua a bhunú le haghaidh cumarsáid le FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus úsáideoirí agus nuálaithe eile chun treoir a thabhairt agus chun freagairt d’fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. D’fhéadfaí a bheith san áireamh sna bealaí sin atá ann cheana Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí de chuid ENISA, Gníomhaireachtaí Náisiúnta Cosanta Sonraí, an t-ardán um intleacht shaorga ar éileamh, na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus ionstraimí ábhartha eile arna maoiniú ag cláir AE agus na Saoráidí Tástála agus Turgnaimh arna mbunú ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, ach gan a bheith teoranta dóibh. I gcás inarb iomchuí, oibreoidh na bealaí sin le chéile chun sineirgí a chruthú agus aonchineálacht a áirithiú ina dtreoir do ghnólachtaí nuathionscanta, do FBManna agus d’úsáideoirí. Thairis sin, cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais na soláthraithe ar mionscála san áireamh agus táillí measúnaithe comhréireachta á socrú ag na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú rialta ar na costais deimhniúcháin agus chomhlíontachta do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin thrédhearcacha le FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus úsáideoirí agus oibriú leis na Ballstáit chun na costais sin a ísliú. Mar shampla, d’fhéadfadh costais shuntasacha a bheith i gceist le costais aistriúcháin a bhaineann le doiciméadacht shainordaitheach agus cumarsáid leis na húdaráis, le haghaidh soláthraithe agus oibreoirí eile, go háirithe iad siúd ar mionscála . Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, más féidir, maidir leis na teangacha a chinnfidh siad agus a ghlacfaidh siad le doiciméadacht ábhartha na soláthraithe agus cumarsáid leis na soláthraithe inti, gur teanga í ceann amháin de na teangacha sin a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi. Fiontair mheánmhéide a d’athraigh le déanaí ón gcatagóir bheag go dtí an chatagóir mheánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE (Airteagal 16), ba cheart rochtain a bheith acu ar na tionscnaimh sin agus ar treoir a bheith acu ar feadh tréimhse ama a mheasann na Ballstáit a bheith iomchuí, toisc go bhféadfadh sé go mbeadh easpa acmhainní dlíthiúla agus oiliúna ag na fiontair mheánmhéide nua sin ó am go ham chun tuiscint agus comhlíonadh ceart na bhforálacha a áirithiú.

    Leasú 121

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 74

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (74)

    Chun na rioscaí maidir le cur chun feidhme mar thoradh ar easpa eolais agus saineolais sa mhargadh a íoslaghdú agus chun comhlíontacht na soláthraithe agus na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a éascú, ba cheart don Ardán um Intleacht Shaorga ar éileamh, do na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus do na Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta arna mbunú ag an gCoimisiún agus na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais rannchuidiú le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Laistigh dá misean agus réimsí inniúlachta faoi seach, féadfaidh siad tacaíocht theicniúil agus eolaíoch go háirithe a thabhairt do sholáthraithe agus comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh.

    (74)

    Chun na rioscaí maidir le cur chun feidhme mar thoradh ar easpa eolais agus saineolais sa mhargadh a íoslaghdú agus chun comhlíontacht na soláthraithe agus na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a éascú, ba cheart don Ardán um Intleacht Shaorga ar éileamh, do na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus do na Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta arna mbunú ag an gCoimisiún agus na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais rannchuidiú le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Laistigh dá misean agus réimsí inniúlachta faoi seach, féadfaidh siad tacaíocht theicniúil agus eolaíoch go háirithe a thabhairt do sholáthraithe agus comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh.

    Leasú 122

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 76

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (76)

    Chun cur chun feidhme rianúil éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo a  éascú , ba cheart Bord Eorpach um Intleacht Shaorga a bhunú. Ba cheart don Bhord a bheith freagrach as roinnt cúraimí comhairleacha, lena n-áirítear tuairimí, moltaí, comhairle nó treoir a thabhairt maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann cheana i dtaca leis na ceanglais bhunaítear sa Rialachán seo agus comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le ceisteanna áirithe a bhaineann leis an intleacht shaorga.

    (76)

    Chun ilroinnt a sheachaint, chun feidhmiú barrmhaith an mhargaidh aonair a áirithiú, cur chun feidhme éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo a  áirithiú , chun ardleibhéal iontaofachta agus cosanta sláinte agus sábháilteachta, cearta bunúsacha, an chomhshaoil, an daonlathais agus an smachta reachta ar fud an Aontais a bhaint amach maidir le córais intleachta saorga, chun tacú go gníomhach le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo, agus chun glacadh na hintleachta saorga a mhéadú ar fud an Aontais, ba cheart Oifig Faisnéise Saorga de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú. Ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith ag an Oifig um Intleacht Shaorga, ba cheart di gníomhú go hiomlán neamhspleách, ba cheart go mbeadh sí freagrach as roinnt cúraimí comhairleacha agus comhordúcháin , lena n-áirítear tuairimí, moltaí, comhairle nó treoir a thabhairt maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus ba cheart í a chistiú go leordhóthanach agus foireann leordhóthanach a bheith aici. Ba cheart do na Ballstáit treoir straitéiseach agus rialú straitéiseach na hOifige im Intleachta Shaorga a sholáthar trí bhord bainistíochta na hOifige um Intleacht Shaorga , in éineacht leis an gCoimisiún, MECS, FRA agus ENISA. Ba cheart stiúrthóir feidhmiúcháin a bheith freagrach as gníomhaíochtaí rúnaíocht na hoifige intleachta saorga a bhainistiú agus as ionadaíocht a dhéanamh ar an Oifig um Intleacht Shaorga. Ba cheart do gheallsealbhóirí páirt fhoirmiúil a ghlacadh in obair na hOifige um Intleacht Shaorga trí fhóram comhairleach lenar cheart ionadaíocht éagsúil agus chothrom na ngeallsealbhóirí a áirithiú agus ba cheart dóibh comhairle a chur ar an Oifig um Intleacht Shaorga maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo. I gcás inar léir nach leor bunú na hOifige um Intleacht Shaorga chun cur i bhfeidhm iomlán comhsheasmhach an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais a áirithiú chomh maith le bearta éifeachtúla forfheidhmithe trasteorann, ba cheart cruthú gníomhaireachta intleachta saorga a mheas .

    Leasú 123

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 77

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (77)

    Tá ról lárnach ag na Ballstáit ó thaobh an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ina thaobh sin, ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Chun éifeachtúlacht eagraíochta na mBallstát a fheabhsú agus chun pointe aonair teagmhála a shocrú i leith an phobail agus comhpháirtithe eile ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart údarás náisiúnta amháin a ainmniú i ngach Ballstát mar údarás maoirseachta náisiúnta.

    (77)

    Ba cheart do gach Ballstát údarás maoirseachta náisiúnta a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart dó ionadaíocht a dhéanamh freisin ar a Bhallstát ar bhord bainistíochta na hOifige um Intleacht Shaorga. Chun éifeachtúlacht eagraíochta na mBallstát a fheabhsú agus chun pointe aonair teagmhála a shocrú i leith an phobail agus comhpháirtithe eile ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais . Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo , gníomhóidh gach údarás maoirseachta náisiúnta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách .

    Leasú 124

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 77 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (77a)

    Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh rannchuidiú lena chur i bhfeidhm comhsheasmhach ar fud an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta comhoibriú lena chéile, leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, leis an gCoimisiún, agus leis an Oifig um Intleacht Shaorga.

    Leasú 125

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 77 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (77b)

    Ba cheart go mbeadh comhalta nó foireann gach údaráis mhaoirseachta náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, faoi réir dualgas rúndachta gairmiúla, le linn agus i ndiaidh a dtéarma oifige, maidir le haon fhaisnéis rúnda a dtagann siad uirthi le linn dóibh bheith ag comhlíonadh a ndualgas nó ag feidhmiú a gcumhachtaí. Le linn a dtéarma oifige, ba cheart feidhm a bheith ag an dualgas rúndachta gairmiúla sin go háirithe maidir le rúin trádála agus maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a bheith á dtuairisciú ag daoine nádúrtha.

    Leasú 126

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 78

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (78)

    Chun a áirithiú gur féidir le soláthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca taithí a chur san áireamh maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca chun feabhas a chur ar a gcórais agus ar an bpróiseas deartha agus forbartha nó gur féidir leo aon bheart ceartaitheach a dhéanamh go tráthúil, ba cheart do gach soláthraí córas faireacháin iarmhargaidh a bheith i bhfeidhm aige. Tá an córas sin ríthábhachtach freisin chun a áirithiú gur féidir dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtúla agus níos tráthúla le rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as córais intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe freisin córas a bheith i bhfeidhm acu chun tuairisciú do na húdaráis ábhartha maidir le haon teagmhas tromchúiseach nó aon sárú ar dhlí náisiúnta nó dlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, atá mar thoradh ar úsáid a gcóras intleachta saorga.

    (78)

    Chun a áirithiú gur féidir le soláthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca taithí a chur san áireamh maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca chun feabhas a chur ar a gcórais agus ar an bpróiseas deartha agus forbartha nó gur féidir leo aon bheart ceartaitheach a dhéanamh go tráthúil, ba cheart do gach soláthraí córas faireacháin iarmhargaidh a bheith i bhfeidhm aige. Tá an córas sin ríthábhachtach freisin chun a áirithiú gur féidir dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtúla agus níos tráthúla le rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as córais intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ nó ag forbairt tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe freisin córas a bheith i bhfeidhm acu chun tuairisciú do na húdaráis ábhartha maidir le haon teagmhas tromchúiseach nó aon sárú ar dhlí náisiúnta nó dlí an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a chosnaíonn cearta bunúsacha agus cearta tomhaltóirí , atá mar thoradh ar úsáid a gcóras intleachta saorga agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh . Ba cheart d’imscarthóirí tuairisciú do na húdaráis ábhartha aon teagmhais thromchúiseacha nó aon sáruithe tromchúiseacha ar an dlí náisiúnta agus ar dhlí an Aontais a eascraíonn as úsáid a gcórais intleachta saorga nuair a bhíonn siad ar an eolas faoi theagmhais thromchúiseacha nó sáruithe tromchúiseacha den sórt sin.

    Leasú 127

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 79

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (79)

    Chun a áirithiú go ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú go hiomchuí agus go héifeachtach, ar reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais í, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíontacht táirgí, ina iomláine, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás inar gá le haghaidh a sainordaithe, ba cheart d’údaráis náisiúnta phoiblí nó comhlachtaí náisiúnta poiblí, a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais, rochtain a bheith acu ar aon doiciméadacht a chruthaítear faoin Rialachán seo.

    (79)

    Chun a áirithiú go ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú go hiomchuí agus go héifeachtach, ar reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais í, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíontacht táirgí, ina iomláine, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh le haghaidh córais intleachta saorga a chumhdaítear leis an Rialachán seo cé is moite de chórais intleachta saorga a chumhdaítear le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Maidir le córais intleachta saorga a chumhdaítear le gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II, ba cheart do na húdaráis inniúla faoi na gníomhartha dlí sin leanúint de bheith ina bpríomhúdarás. Ba cheart d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus d’údaráis inniúla sna gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II oibriú le chéile nuair is gá. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na húdaráis inniúla sna gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II foireann inniúil a chur chuig an údarás maoirseachta náisiúnta chun cabhrú lena gcúraimí a chomhlíonadh. Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart na cumhachtaí agus na hoibleagáidí céanna a bheith ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus atá ag na húdaráis um fhaireachas margaidh faoi Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás inar gá le haghaidh a sainordaithe, ba cheart d’údaráis náisiúnta phoiblí nó comhlachtaí náisiúnta poiblí, a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais, rochtain a bheith acu ar aon doiciméadacht a chruthaítear faoin Rialachán seo. Tar éis gach bealach réasúnach eile a bheith ídithe chun measúnú/fíorú a dhéanamh ar an gcomhréireacht agus ar iarraidh réasúnaithe, ba cheart rochtain a thabhairt don údarás maoirseachta náisiúnta ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, ar shamhail oilte agus oiliúna an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear a pharaiméadair eiseamláireacha ábhartha agus a dtimpeallacht forghníomhaithe/reáchtála. I gcás córais bogearraí níos simplí a thagann faoin Rialachán seo agus nach bhfuil bunaithe ar shamhlacha oilte, agus i gcás inar ídíodh gach bealach eile chun comhréireacht a fhíorú, féadfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta rochtain a bheith aige ar an gcód foinseach go heisceachtúil, ar iarraidh réasúnaithe. I gcás inar tugadh rochtain don údarás maoirseachta náisiúnta ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart an rochtain sin a bhaint amach trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí, lena n-áirítear rochtain ar an láthair agus in imthosca eisceachtúla, cianrochtain. Ba cheart don údarás maoirseachta náisiúnta déileáil le haon fhaisnéis, lena n-áirítear cód foinseach, bogearraí agus sonraí mar is infheidhme, a fhaightear mar fhaisnéis rúnda agus dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint maoine intleachtúla agus rúin trádála a urramú. Ba cheart don údarás maoirseachta náisiúnta aon fhaisnéis a fuarthas ar chríochnú an imscrúdaithe a scriosadh.

    Leasú 128

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 80

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (80)

    Le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, cumhdaítear rialachas inmheánach agus rialacha agus ceanglais i dtaca le bainistíocht riosca is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais a rialaítear le linn sholáthar na seirbhísí sin, lena n-áirítear nuair a bhaineann siad úsáid as córais intleachta saorga. Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhleanúnach na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun rialacha agus ceanglais ábhartha reachtaíocht sheirbhísí airgeadais an Aontais a áirithiú, ba cheart na húdaráis atá freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú na reachtaíochta seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i gcás inarb infheidhme, a ainmniú mar údaráis inniúla chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a mhaoirsiú, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a sholáthraíonn nó a úsáideann institiúidí airgeadais rialáilte faoi mhaoirseacht. Chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú idir an Rialachán seo agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa a rialaítear faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56), is iomchuí freisin an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus cuid d’oibleagáidí nós imeachta na soláthraithe maidir le bainistiú riosca, faireachán iarmhargaidh agus doiciméadacht a chomhtháthú sna hoibleagáidí agus nósanna imeachta atá ann cheana faoi Threoir 2013/36/AE. Chun forluí a sheachaint, ba cheart maoluithe teoranta a bheartú i ndáil le córas bainistíochta cáilíochta na soláthraithe agus an oibleagáid maidir le faireachán a chuirtear ar úsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca sa mhéid go bhfuil feidhm acu ar institiúidí creidmheasa a rialaítear faoi Threoir 2013/36/AE.

    (80)

    Le dlí an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, cumhdaítear rialachas inmheánach agus rialacha agus ceanglais i dtaca le bainistíocht riosca is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais a rialaítear le linn sholáthar na seirbhísí sin, lena n-áirítear nuair a bhaineann siad úsáid as córais intleachta saorga. Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhleanúnach na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun rialacha agus ceanglais ábhartha dlí sheirbhísí airgeadais an Aontais a áirithiú, ba cheart na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú dlí na seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i gcás inarb infheidhme, a ainmniú mar údaráis inniúla chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a mhaoirsiú, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a sholáthraíonn nó a úsáideann institiúidí airgeadais rialáilte faoi mhaoirseacht. Chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú idir an Rialachán seo agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa a rialaítear faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56), is iomchuí freisin an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus cuid d’oibleagáidí nós imeachta na soláthraithe maidir le bainistiú riosca, faireachán iarmhargaidh agus doiciméadacht a chomhtháthú sna hoibleagáidí agus nósanna imeachta atá ann cheana faoi Threoir 2013/36/AE. Chun forluí a sheachaint, ba cheart maoluithe teoranta a bheartú i ndáil le córas bainistíochta cáilíochta na soláthraithe agus an oibleagáid maidir le faireachán a chuirtear ar imscarthóirí córas intleachta saorga ardriosca sa mhéid go bhfuil feidhm acu ar institiúidí creidmheasa a rialaítear faoi Threoir 2013/36/AE.

    Leasú 129

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 80 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (80a)

    I bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo, eadhon leibhéal coibhéiseach cosanta a áirithiú don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha daoine nádúrtha, cosaint an smachta reachta agus an daonlathais a áirithiú, agus é á chur san áireamh nach bhféadfar maolú rioscaí an chórais intleachta saorga i gcoinne na gceart sin a bhaint amach go leordhóthanach ar an leibhéal náisiúnta nó go bhféadfadh sé a bheith faoi réir léirmhínithe éagsúla a bhféadfadh leibhéal neamhchothrom cosanta do dhaoine nádúrtha a bheith mar thoradh air ar deireadh agus ilroinnt an mhargaidh a chruthú, ba cheart na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a chumhachtú chun imscrúduithe comhpháirteacha a dhéanamh nó chun brath ar nós imeachta coimirce an Aontais dá bhforáiltear sa Rialachán seo le haghaidh forfheidhmiú éifeachtach. Ba cheart imscrúduithe comhpháirteacha a thionscnamh i gcás ina mbeidh cúiseanna leordhóthanacha ag an údarás maoirseachta náisiúnta lena chreidiúint gurb ionann sárú ar an Rialachán seo agus sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, nó i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga nó leis an mbunsamhail a dhéanann difear, nó ar dócha go ndéanfaidh sé difear, do 45 mhilliún duine ar a laghad i níos mó ná Ballstát amháin.

    Leasú 130

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 82

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (82)

    Maidir le córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí nach meastar a bheith ina n-ardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo agus sa chaoi sin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, tá sé tábhachtach go mbeidh siad sábháilte, mar sin féin, nuair a chuirtear iad ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin, beidh feidhm ag Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57) mar líontán sábhála.

    (82)

    Maidir le córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí nach meastar a bheith ina n-ardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo agus sa chaoi sin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh, tá sé tábhachtach go mbeidh siad sábháilte, mar sin féin, nuair a chuirtear iad ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin, beidh feidhm ag Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57) mar líontán sábhála.

    Leasú 131

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 83

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (83)

    Chun comhar iontaofa cuiditheach a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht faisnéise agus sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu a  urramú .

    (83)

    Chun comhar iontaofa cuiditheach a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo díriú ar thrédhearcacht agus oscailteacht agus rúndacht faisnéise agus sonraí a fhaightear á n-urramú acu agus a gcúraimí á ndéanamh acu trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla chur i bhfeidhm chun slándáil agus rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí a chosaint, lena n-áirítear le haghaidh cearta maoine intleachtúla agus leasanna slándála poiblí agus náisiúnta . I gcás ina mbeidh sárú ar chearta maoine intleachtúla mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin, na n-údarás inniúil náisiúnta agus na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra de bhun an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta agus leigheasanna leordhóthanacha chun forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a áirithiú agus Treoir 2004/48/CE á cur i bhfeidhm.

    Leasú 132

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 84

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (84)

    Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtúla chomhréireacha agus athchomhairleacha ar shárú na bhforálacha sin a leagan síos. I gcás sáruithe sonracha áirithe, ba cheart do na Ballstáit na corrlaigh agus na critéir leagtar amach sa Rialachán seo a chur san áireamh. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha a ghearradh ar institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    (84)

    Ba cheart comhlíonadh an Rialacháin seo a bheith in-fhorfheidhmithe trí bhíthin fíneálacha a ghearrfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta agus imeachtaí á gcur i gcrích aige faoin nós imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtúla chomhréireacha agus athchomhairleacha ar shárú na bhforálacha sin a leagan síos. Chun pionóis riaracháin as sárú ar an Rialachán seo a neartú agus a chomhchuibhiú, ba cheart na huasteorainneacha le haghaidh fíneálacha riaracháin a shocrú i gcás sáruithe sonracha áirithe a leagan síos;. Agus méid na bhfíneálacha á mheasúnú , ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta, i ngach cás aonair, imthosca ábhartha uile an cháis shonraigh a chur san áireamh , agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar mhéid an tsoláthraí, go háirithe más FBM nó gnólacht nuathionscanta é an soláthraí . Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha a ghearradh ar institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart do na pionóis ná na costais dlíthíochta faoin Rialachán seo a bheith faoi réir clásail chonarthacha ná aon socruithe eile.

    Leasú 133

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 84 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (84a)

    Ós rud é gur féidir le córais intleachta saorga an bonn a bhaint go dian de chearta agus saoirsí daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus grúpaí daoine nádúrtha, tá sé ríthábhachtach go mbeidh rochtain fhiúntach ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha nó grúpaí daoine nádúrtha ar shásraí tuairiscithe agus sásaimh agus go mbeidh siad i dteideal rochtain a fháil ar leigheasanna comhréireacha agus éifeachtacha. Ba cheart dóibh a bheith in ann sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú dá n-údarás maoirseachta náisiúnta agus ba cheart go mbeadh sé de cheart acu gearán a dhéanamh i gcoinne soláthraithe nó imscarthóirí na gcóras intleachta saorga. I gcás inarb infheidhme, ba cheart d’imscarthóirí sásraí inmheánacha um ghearáin a sholáthar a bheidh le húsáid ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha nó ag grúpaí daoine nádúrtha. Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, ba cheart an ceart a bheith freisin ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus ag grúpaí daoine nádúrtha leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i ndáil le cinneadh atá ceangailteach ó thaobh dlí ó údarás maoirseachta náisiúnta maidir leo nó, i gcás nach láimhseálann an t-údarás maoirseachta náisiúnta gearán, nach gcuireann sé an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn nó réamhthoradh an ghearáin nó nach gcomhlíonann sé an oibleagáid atá air teacht ar chinneadh críochnaitheach, i ndáil leis an ngearán.

    Leasú 134

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 84 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (84b)

    Ba cheart daoine dá ndéantar difear a chur ar an eolas i gcónaí go bhfuil siad faoi réir úsáid córais intleachta saorga ardriosca, nuair a úsáideann imscarthóirí córas intleachta saorga ardriosca chun cabhrú le cinnteoireacht nó chun cinntí a dhéanamh a bhaineann le daoine nádúrtha. Is féidir leis an bhfaisnéis sin bonn a sholáthar do na daoine dá ndéantar difear chun a gceart chun míniú a fheidhmiú faoin Rialachán seo.Nuair a thugann imscarthóirí míniú do dhaoine dá ndéantar difear faoin Rialachán seo, ba cheart dóibh leibhéal saineolais agus eolais an ghnáth-thomhaltóra nó an duine aonair a chur san áireamh.

    Leasú 135

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 84 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (84c)

    Tá feidhm iomlán ag dlí an Aontais maidir le cosaint do lucht sceite eolais (Treoir (AE) 2019/1937) maidir le lucht acadúil, dearthóirí, forbróirí, rannchuiditheoirí tionscadail, iniúchóirí, bainisteoirí táirgí, innealtóirí agus oibreoirí eacnamaíocha a fhaigheann faisnéis faoi sháruithe ar dhlí an Aontais ag soláthraí córais intleachta saorga nó a chórais intleachta saorga.

    Leasú 136

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 85

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (85)

    Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na teicnící agus cuir chuige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a leasú chun córais intleachta saorga a shainiú, ba cheart feidhm a bheith ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II, na córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III, na forálacha maidir le doiciméadacht theicniúil a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ábhar an dearbhaithe comhréireachta de chuid an AE in Iarscríbhinn V, na forálacha maidir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta in Iarscríbhinní VI agus VII agus na forálacha lena mbunaítear na córais intleachta saorga ardriosca ar cheart feidhm ina leith a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar mheasúnú an chórais bainistíochta cáilíochta agus measúnú na doiciméadachta teicniúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (58). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (85)

    Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II, na córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III, na forálacha maidir le doiciméadacht theicniúil a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ábhar an dearbhaithe comhréireachta de chuid an Aontais in Iarscríbhinn V, na forálacha maidir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta in Iarscríbhinní VI agus VII agus na forálacha lena mbunaítear na córais intleachta saorga ardriosca ar cheart feidhm ina leith a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar mheasúnú an chórais bainistíochta cáilíochta agus measúnú na doiciméadachta teicniúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (58). Ba cheart go mbeadh roghnú cothrom geallsealbhóirí rannpháirteach sna comhairliúcháin sin, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí, an tsochaí shibhialta, comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar na daoine dá ndéantar difear, ionadaithe gnólachtaí ó earnálacha éagsúla, chomh maith le taighdeoirí agus eolaithe. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    Leasú 137

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 85 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (85a)

    I bhfianaise na mearfhorbairtí teicneolaíochta agus an tsaineolais theicniúil is gá maidir le measúnú a dhéanamh ar chórais intleachta saorga ardriosca, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe na córais intleachta saorga atá toirmiscthe, na hoibleagáidí trédhearcachta agus liosta na limistéar ardriosca agus na gcásanna úsáide, gach bliain ar a laghad, agus dul i gcomhairle leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis na geallsealbhóirí ábhartha.

    Leasú 138

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 87 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (87a)

    Ós rud é go bhfuil teorainn le faisnéis iontaofa maidir le húsáid acmhainní agus fuinnimh, táirgeadh dramhaíola agus tionchar comhshaoil eile na gcóras intleachta saorga agus na teicneolaíochta TFC gaolmhaire, lena n-áirítear bogearraí, crua-earraí agus go háirithe lárionaid sonraí, ba cheart don Choimisiún modheolaíocht leormhaith a thabhairt isteach chun tionchar comhshaoil agus éifeachtacht an Rialacháin seo a thomhas i bhfianaise chuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais.

    Leasú 139

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 89

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (89)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug siad tuairim uathu an […]’.

    (89)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug siad tuairim uathu an 18 Meitheamh 2021.

    Leasú 140

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 – mír 1 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1.

    Is é is cuspóir don Rialachán seo glacadh na hintleachta saorga atá duinelárnach agus iontaofa a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, do shábháilteacht, do chearta bunúsacha, don daonlathas agus don smacht reachta, agus don chomhshaol ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna don nuálaíocht;

    Leasú 141

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 – mír 1 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    rialacha trédhearcachta comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha chun idirghníomhú le daoine nádúrtha, maidir le córais aitheanta mothúcháin agus córais chatagóirithe bhithmhéadraigh, agus córais intleachta saorga a úsáidtear chun ábhar íomhá, fuaime nó físe a ghiniúint nó a láimhsiú ;

    (d)

    rialacha trédhearcachta comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga áirithe ;

    Leasú 142

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 – mír 1 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    rialacha maidir le faireachán agus faireachas a dhéanamh ar an margadh.

    (e)

    rialacha maidir le faireachán margaidh, faireachas margaidh, rialachas agus forfheidhmiú;

    Leasú 143

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 – mír 1 – pointe e a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ea)

    bearta chun tacú leis an nuálaíocht, agus béim ar leith á leagan ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear boscaí gainimh rialála a chur ar bun agus bearta spriocdhírithe chun an t-ualach rialála ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta a laghdú;

    Leasú 144

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 – mír 1 – pointe e b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (eb)

    rialacha maidir le bunú agus feidhmiú Oifig an Aontais um an Intleacht Shaorga (Oifig um Intleacht Shaorga).

    Leasú 145

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    úsáideoirí córas intleachta saorga atá lonnaithe laistigh den Aontas;

    (b)

    imscarthóirí córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu nó atá lonnaithe laistigh den Aontas;

    Leasú 146

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás gur san Aontas a úsáidtear an t-aschur a tháirgtear leis an gcóras;

    (c)

    soláthraithe agus imscarthóirí córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu nó atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás ina bhfuil feidhm ag dlí Ballstáit de bhua dlí poiblí idirnáisiúnta nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe an t-aschur a tháirgtear leis an gcóras a úsáid san Aontas ;

    Leasú 147

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe c a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ca)

    soláthraithe a chuireann ar an margadh nó a chuireann i mbun seirbhíse na córais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5 lasmuigh den Aontas i gcás ina bhfuil soláthraí nó dáileoir na gcóras sin lonnaithe laistigh den Aontas;

    Leasú 148

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe c b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (cb)

    allmhaireoirí agus dáileoirí córas intleachta saorga chomh maith le hionadaithe údaraithe soláthraithe córas intleachta saorga, i gcás ina bhfuil na hallmhaireoirí, na dáileoirí nó na hionadaithe údaraithe sin bunaithe nó lonnaithe san Aontas;

    Leasú 149

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe c c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (cc)

    daoine dá ndéantar difear mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8ú) atá lonnaithe san Aontas agus a ndéantar dochar dá sláinte, dá sábháilteacht nó dá gcearta bunúsacha trí úsáid a bhaint as córas intleachta saorga a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse laistigh den Aontas.

    Leasú 150

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme na ngníomhartha seo a leanas , ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 84 den Rialachán seo maidir leo:

    2.   Córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin agus a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta comhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn II – Roinn B , ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 84 den Rialachán seo maidir leo;

    Leasú 151

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    Rialachán (CE) 300/2008;

    scriosta

    Leasú 152

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    Rialachán (AE) Uimh. 167/2013;

    scriosta

    Leasú 153

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;

    scriosta

    Leasú 154

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    Treoir 2014/90/AE;

    scriosta

    Leasú 155

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    Treoir (AE) 2016/797;

    scriosta

    Leasú 156

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – pointe f

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (f)

    Rialachán (AE) 2018/858;

    scriosta

    Leasú 157

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – pointe g

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (g)

    Rialachán (AE) 2018/1139;

    scriosta

    Leasú 158

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – pointe h

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (h)

    Rialachán (AE) 2019/2144.

    scriosta

    Leasú 159

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí i dtríú tír ná le heagraíochtaí idirnáisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun mhír 1, i gcás ina n-úsáideann na húdaráis nó na heagraíochtaí sin córais intleachta saorga faoi chuimsiú comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó le Ballstát amháin nó níos mó.

    4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí i dtríú tír ná le heagraíochtaí idirnáisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun mhír 1, i gcás ina n-úsáideann na húdaráis nó na heagraíochtaí sin córais intleachta saorga faoi chuimsiú comhair nó comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó le Ballstát amháin nó níos mó agus i gcás ina bhfuil siad faoi réir cinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE)2016/680 nó Airteagal 45 de Rialachán 2016/679 (cinneadh leordhóthanachta) nó i gcás ina bhfuil siad mar chuid de chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena gcuirtear coimircí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le príobháideachas agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint;

    Leasú 160

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5a.     Tá feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, príobháideachas agus rúndacht chumarsáide maidir le próisis sonraí pearsanta i ndáil leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoracha 2002/58/CE agus (AE) 2016/680, gan dochar do na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 10(5) agus Airteagal 54 den Rialachán seo.;

    Leasú 161

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 5 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5b.     Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí;

    Leasú 162

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 5 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5c.     Leis an rialachán seo, ní chuirfear bac ar na Ballstáit ná ar an Aontas dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir lena gcearta a chosaint i ndáil le húsáid córas intleachta saorga ag fostóirí, ná cur i bhfeidhm comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a spreagadh nó a cheadú.

    Leasú 163

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 5 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5d.     Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí taighde, tástála agus forbartha maidir le córas intleachta saorga sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse, ar choinníoll go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin agus cearta bunúsacha agus dlí an Aontais is infheidhme á n-urramú. Ní chumhdófar an tástáil i bhfíordhálaí domhanda leis an díolúine seo.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 lena soiléirítear cur i bhfeidhm na míre seo chun an díolúine sin a shonrú chun mí-úsáid atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc. Soláthróidh an Oifig um Intleacht Shaorga treoir maidir le rialachas an taighde agus na forbartha de bhun Airteagal 56, agus é mar aidhm aici freisin comhordú a dhéanamh ar a cur i bhfeidhm ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta;

    Leasú 164

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 5 e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5e.     Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhpháirteanna intleachta saorga a sholáthraítear faoi shaorcheadúnais agus ceadúnais foinse oscailte ach amháin a mhéid a chuireann soláthraí ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad mar chuid de chóras intleachta saorga ardriosca nó de chóras intleachta saorga a thagann faoi Theideal II nó IV. Ní bheidh feidhm ag an díolúine seo maidir le bunsamhlacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3.

    Leasú 165

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (1)

    ciallaíonn ‘córas intleachta saorga’ (córas IS) bogearraí a fhorbraítear de réir ceann amháin nó níos mó de na teicnící agus cur chuige a liostaítear in Iarscríbhinn I, bogearraí is féidir aschuir a ghiniúint amhail ábhar, tuartha, moltaí nó cinntí a  imríonn tionchar ar na timpeallachtaí lena n-idirghníomhaíonn siad, le haghaidh sraith áirithe cuspóirí arna sainiú ag an duine ;

    (1)

    ciallaíonn ‘córas intleachta saorga’ (córas IS) córas meaisínbhunaithe atá deartha chun oibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus lenar féidir, le haghaidh cuspóirí sainráite nó intuigthe, aschuir a ghiniúint amhail tuartha, moltaí nó cinntí, a  mbíonn tionchar acu ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúla ;

    Leasú 166

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (1a)

    ciallaíonn ‘riosca’ an meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sin;

    Leasú 167

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (1b)

    ciallaíonn ‘riosca suntasach’ riosca atá suntasach mar thoradh ar theaglaim de dhéine, tréine, dóchúlacht go dtarlóidh sé, agus fad a éifeachtaí, agus cumas an riosca sin difear a dhéanamh do dhuine aonair, iolracht daoine nó difear a dhéanamh do ghrúpa áirithe daoine;

    Leasú 168

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (1c)

    ciallaíonn ‘bunsamhail’ samhail de chóras intleachta saorga atá oilte ar shonraí leathana ar scála, atá ceaptha le haghaidh aschur i gcoitinne, agus ar féidir í a chur in oiriúint do raon leathan cúraimí sainiúla;

    Leasú 169

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (1d)

    ciallaíonn ‘córas intleachta saorga ilchuspóireach’ córas intleachta saorga is féidir a úsáid agus a chur in oiriúint do raon leathan feidhmeanna nach ndearnadh é a dhearadh d’aon ghnó agus go sonrach ina leith;

    Leasú 170

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (1e)

    ciallaíonn ‘rití oiliúna móra’ an próiseas táirgthe de shamhail chumhachtach intleachta saorga lena n-éilítear acmhainní ríomhaireachta os cionn tairseach an-ard;

    Leasú 171

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (3)

    ciallaíonn ‘soláthraí ar mhionscála’ soláthraí is micrifhiontar nó fiontar beag de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún  (61) ;

    scriosta

    Leasú 172

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (4)

    ciallaíonn ‘ úsáideoir ’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige faoina údarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil;

    (4)

    ciallaíonn ‘ imscarthóir ’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige faoina údarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil;

    Leasú 173

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (8)

    ciallaíonn ‘oibreoir’ an soláthraí, an t-úsáideoir , an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir;

    (8)

    ciallaíonn ‘oibreoir’ an soláthraí, an t-imscarthóir , an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir;

    Leasú 174

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (8a)

    ciallaíonn ‘duine dá ndéantar difear’ aon duine nádúrtha nó grúpa daoine atá faoi réir córas intleachta saorga nó a ndéanann an córas sin difear dóibh ar bhealach eile;

    Leasú 175

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 11

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (11)

    ciallaíonn ‘cur i mbun seirbhíse’ córas intleachta saorga a sholáthar go díreach don úsáideoir lena úsáid den chéad uair nó dá úsáid féin ar mhargadh an Aontais chun na críche atá beartaithe dó;

    (11)

    ciallaíonn ‘cur i mbun seirbhíse’ córas intleachta saorga a sholáthar go díreach don imscarthóir lena úsáid den chéad uair nó dá úsáid féin ar mhargadh an Aontais chun na críche atá beartaithe dó;

    Leasú 176

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 13

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (13)

    ciallaíonn ‘mí-úsáid atá measartha intuartha’ úsáid córais intleachta saorga ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó ach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar iompraíocht an duine atá measartha intuartha nó mar thoradh ar idirghníomhaíocht le córais eile;

    (13)

    ciallaíonn ‘mí-úsáid atá intuartha le réasún ’ úsáid córais intleachta saorga ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó mar a léirítear i dtreoracha úsáide arna mbunú ag an soláthraí, ach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar iompraíocht an duine atá intuartha le réasún nó mar thoradh ar idirghníomhaíocht le córais eile , lena n-áirítear córais intleachta saorga ;

    Leasú 177

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 14

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (14)

    ciallaíonn ‘comhpháirt sábháilteachta de tháirge nó de chóras’ comhpháirt de tháirge nó de chóras a chomhlíonann feidhm sábháilteachta don táirge sin nó don chóras sin nó a gcuireann a teip nó a mífheidhmiú sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol;

    (14)

    ciallaíonn ‘comhpháirt sábháilteachta de tháirge nó de chóras’ , i gcomhréir le dlí comhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II, comhpháirt de tháirge nó de chóras a chomhlíonann feidhm sábháilteachta don táirge sin nó don chóras sin, nó a gcuireann a teip nó a mífheidhmiú sláinte agus sábháilteacht daoine i mbaol;

    Leasú 178

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (15)

    ciallaíonn ‘treoracha úsáide’ an fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí chun an t-úsáideoir a chur ar an eolas faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga áirithe agus an úsáid cheart atá beartaithe dó, lena n-áirítear an suíomh geografach agus bealach iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas IS ardriosca a úsáid;

    (15)

    ciallaíonn ‘treoracha úsáide’ an fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí chun an t-imscarthóir a chur ar an eolas faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga áirithe agus an úsáid cheart atá beartaithe dó, chomh maith le faisnéis faoi aon réamhchúraimí atá le glacadh; lena n-áirítear an suíomh sonrach geografach, iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid;

    Leasú 179

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 16

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (16)

    ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a aisghairm’ aon bheart arb é is aidhm dó córas intleachta saorga a cuireadh ar fáil d’ úsáideoirí a thabhairt ar ais don soláthraí;

    (16)

    ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a aisghairm’ aon bheart arb é is aidhm dó córas intleachta saorga atá curtha ar fáil d’ imscarthóirí a thabhairt ar ais don soláthraí;

    Leasú 180

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 20

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (20)

    ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas chun a  fhíorú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i  dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo maidir le córas intleachta saorga;

    (20)

    ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas chun a  léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i  dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo maidir le córas intleachta saorga;

    Leasú 181

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 22

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (22)

    ciallaíonn ‘comhlacht a dtugtar fógra dó’ comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile an Aontais;

    (22)

    ciallaíonn ‘comhlacht a dtugtar fógra dó’ comhlacht um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dó i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile an Aontais;

    Leasú 182

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 23

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (23)

    ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar an gcóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse , athrú lena ndéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras IS agus a ndearnadh measúnú air ina leith;

    (23)

    ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú nó sraith modhnuithe ar an gcóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse nach bhfuil tuartha ná beartaithe sa mheasúnú riosca tosaigh arna dhéanamh ag an soláthraí agus dá thoradh sin a ndéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus a ndearnadh measúnú air ina leith;

    Leasú 183

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 24

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (24)

    ciallaíonn ‘marcáil comhréireachta CE’ (marcáil CE) marcáil lena léiríonn an soláthraí go bhfuil córas IS i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo agus le haon reachtaíocht infheidhme eile de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú (‘reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais’) agus lena ndéantar foráil maidir lena ghreamú;

    (24)

    ciallaíonn ‘marcáil comhréireachta CE’ (marcáil CE) marcáil fhisiceach nó dhigiteach lena léiríonn an soláthraí go bhfuil táirge ina bhfuil córas nó táirge intleachta saorga a bhfuil córas intleachta saorga leabaithe ann i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo agus le haon reachtaíocht infheidhme eile de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú (‘reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais’) agus lena ndéantar foráil maidir lena ghreamú;

    Leasú 184

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 29

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (29)

    ciallaíonn ‘sonraí oiliúna’ sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a  oiriúnú, lena n-áirítear ualaí an líonra néaraigh ;

    (29)

    ciallaíonn ‘sonraí oiliúna’ sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a  choigeartú ;

    Leasú 185

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 30

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (30)

    ciallaíonn ‘sonraí bailíochtaithe’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga oilte agus chun a pharaiméadair neamh-infhoghlamtha agus a phróiseas foghlama a choigeartú, i measc nithe eile, d’fhonn ró-oiriúnú a chosc; is féidir leis an tacar sonraí bailíochtaithe a bheith ina thacar sonraí ar leithligh nó ina chuid den tacar sonraí oiliúna , bíodh sin mar scoilt sheasta nó mar scoilt athraitheach;

    (30)

    ciallaíonn ‘sonraí bailíochtaithe’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga oilte agus chun a pharaiméadair neamh-infhoghlamtha agus a phróiseas foghlama a choigeartú, i measc nithe eile, d’fhonn tearc-oiriúnú nó ró-oiriúnú a chosc; is tacar sonraí ar leithligh nó cuid den tacar sonraí oiliúna é an tacar sonraí bailíochtaithe, bíodh sin mar scoilt sheasta nó mar scoilt athraitheach;

    Leasú 186

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 33

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (33)

    ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha ;

    (33)

    ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí bithmhéadracha mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (14) de Rialachán (AE) 2016/679 ;

    Leasú 187

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 33 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (33a)

    ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadrachtbhunaithe’ sonraí a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le comharthaí fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha.

    Leasú 188

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 33 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (33b)

    ciallaíonn ‘sainaithint bhithmhéadrach’ aitheantas uathoibrithe a thabhairt do ghnéithe fisiciúla, fiseolaíocha, iompraíochta agus síceolaíocha daonna chun críche céannacht duine aonair a bhunú trí shonraí bithmhéadracha an duine sin a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha stóráilte daoine aonair i mbunachar sonraí (sainaithint aon le mórán);

    Leasú 189

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 33 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (33c)

    ciallaíonn ‘fíorú bithmhéadrach’ fíorú uathoibrithe ar chéannacht daoine nádúrtha trí shonraí bithmhéadracha duine aonair a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha a soláthraíodh roimhe sin (fíorú aon le haon, lena n-áirítear fíordheimhniú);

    Leasú 190

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 33 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (33d)

    ciallaíonn ‘catagóirí speisialta de shonraí pearsanta’ catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE)2016/679;

    Leasú 191

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 34

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (34)

    ciallaíonn ‘córas aitheanta mothúcháin’ córas intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó chun mothúcháin nó rúin a tharraingt as a gcuid sonraí bithmhéadracha ;

    (34)

    ciallaíonn ‘córas aitheantais mothúcháin’ córas intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin , smaointe, staid intinne nó rúin daoine aonair nó grúpaí a shainaithint nó a thuiscint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha agus a sonraí bithmhéadrachtbhunaithe ;

    Leasú 192

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 35

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (35)

    ciallaíonn ‘ córas catagóirithe bhithmhéadraigh’ córas intleachta saorga chun críche daoine nádúrtha a shannadh do chatagóirí sonracha, amhail inscne, aois, dath gruaige, dath súile, tatúnna, bunús eitneach nó treoshuíomh gnéasach nó polaitiúil, ar bhonn a sonraí bithmhéadracha;

    (35)

    ciallaíonn ‘ catagóiriú bithmhéadrach’ daoine nádúrtha a shannadh do chatagóirí sonracha, nó a saintréithe agus a dtréithe a thuiscint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó a sonraí bithmhéadrachtbhunaithe, nó ar féidir iad a thuiscint ó na sonraí sin ;

    Leasú 193

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 36

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (36)

    ciallaíonn ‘ cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama ’ córas intleachta saorga chun críche daoine nádúrtha a shainaithint go cianda trí shonraí bithmhéadracha an duine a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha, agus gan eolas roimh ré a bheith ag úsáideoir an chórais intleachta saorga an mbeidh an duine i láthair agus an bhféadfar é a shainaithint;

    (36)

    ciallaíonn ‘ córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí’ córas intleachta saorga chun críche daoine nádúrtha a shainaithint go cianda trí shonraí bithmhéadracha an duine a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha, agus gan eolas roimh ré a bheith ag imscarthóir an chórais intleachta saorga an mbeidh an duine i láthair agus an bhféadfar é a shainaithint , seachas córais fíorúcháin ;

    Leasú 194

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 37

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (37)

    ciallaíonn ‘ cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama’ cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí lena ndéantar an ghabháil sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint gan moill shuntasach. Is éard atá i gceist leis sin, ní hamháin sainaithint ar an toirt, ach moilleanna gearra teoranta freisin chun teacht timpeall a sheachaint.

    (37)

    ciallaíonn ‘ córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama’ córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí lena ndéantar an ghabháil sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint gan moill shuntasach. Is éard atá i gceist leis sin, ní hamháin sainaithint ar an toirt, ach moilleanna teoranta freisin chun teacht timpeall a sheachaint;

    Leasú 195

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 39

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (39)

    ciallaíonn ‘spás atá inrochtana don phobal’ aon áit fhisiciúil ar a bhfuil rochtain ag an bpobal, gan beann ar choinníollacha áirithe maidir le rochtain a bheith i bhfeidhm;

    (39)

    ciallaíonn ‘spás atá inrochtana don phobal’ aon áit fhisiciúil faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach ar a bhfuil rochtain ag an bpobal, gan beann ar choinníollacha áirithe maidir le rochtain a bheith i bhfeidhm , agus gan beann ar na srianta a d’fhéadfadh a bheith ann i leith an lín daoine ;

    Leasú 196

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 41

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (41)

    ciallaíonn ‘forfheidhmiú an dlí’ gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí don tsláinte phoiblí agus bagairtí don tsláinte phoiblí a chosc;

    (41)

    ciallaíonn ‘forfheidhmiú an dlí’ gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí nó a dhéantar thar a gceann chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;

    Leasú 197

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 42

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (42)

    ciallaíonn ‘údarás maoirseachta náisiúnta’ an t-údarás dá sannann Ballstát an fhreagracht as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, as comhordú na ngníomhaíochtaí a chuirtear ar iontaoibh an Bhallstáit sin, gníomhú mar phointe teagmhála aonair don Choimisiún, agus ionadaíocht a dhéanamh ar an mBallstát ar an mBord Eorpach um Intleacht Shaorga;

    (42)

    ciallaíonn ‘údarás maoirseachta náisiúnta’ údarás poiblí (Leasú 69) dá sannann Ballstát an fhreagracht as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, as comhordú na ngníomhaíochtaí a chuirtear ar iontaoibh an Bhallstáit sin, as gníomhú mar phointe teagmhála aonair don Choimisiún, agus as ionadaíocht a dhéanamh ar an mBallstát ar Bhord Bainistíochta na hOifige um Intleacht Shaorga;

    Leasú 198

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 43

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (43)

    ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ an t-údarás maoirseachta náisiúnta, an t-údarás a thugann fógra agus an t-údarás um fhaireachas margaidh ;

    (43)

    ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ aon cheann de na húdaráis náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo ;

    Leasú 199

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (44)

    ciallaíonn ‘teagmhas tromchúiseach’ aon teagmhas arb é an toradh atá air, an toradh d’fhéadfaí a bheith air cheana nó a d’fhéadfaí a bheith air amach anseo, go díreach nó go hindíreach, aon cheann acu seo a leanas:

    (44)

    ciallaíonn ‘teagmhas tromchúiseach’ aon teagmhas nó mífheidhmiú a bhaineann le córas intleachta saorga arb é an toradh atá air, an toradh a d’fhéadfaí a bheith air cheana nó a d’fhéadfaí a bheith air amach anseo, go díreach nó go hindíreach, aon cheann acu seo a leanas:

    (a)

    bás duine nó damáiste tromchúiseach do shláinte duine, do mhaoin nó don chomhshaol,

    (a)

    bás duine nó damáiste tromchúiseach do shláinte duine,

    (b)

    suaitheadh tromchúiseach ar bhainistíocht agus ar oibriú bonneagair chriticiúil;

    (b)

    suaitheadh tromchúiseach ar bhainistíocht agus ar oibriú bonneagair chriticiúil;

     

    (ba)

    sárú ar chearta bunúsacha a chosnaítear faoi dhlí an Aontais;

     

    (bb)

    damáiste tromchúiseach do mhaoin nó don chomhshaol;

    Leasú 200

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44a)

    ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1) de Rialachán (AE) 2016/679;

    Leasú 201

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44b)

    ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta;

    Leasú 202

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44c)

    ciallaíonn ‘próifíliú’ uathphróiseáil sonraí pearsanta d’aon chineál mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679; nó i gcás údaráis forfheidhmithe dlí – i bpointe 4 d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/680 nó, i gcás institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725;

    Leasú 203

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44d)

    ciallaíonn ‘domhainbhrionnú’ ábhar fuaime, íomhá nó físe ionramháilte nó sintéiseach a dhealraíonn, go bréagach, go bhfuil sé barántúil nó fírinneach, agus ina bhfuil daoine a dhealraíonn a bheith ag rá agus ag déanamh rudaí nach bhfuil ráite nó déanta acu agus a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teicnící intleachta saorga, lena n-áirítear meaisínfhoghlaim agus domhainfhoghlaim;

    Leasú 204

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44e)

    ciallaíonn ‘sárú forleathan’ aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna daoine aonair agus:

     

    (a)

    lena ndearnadh díobháil, nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair a bhfuil cónaí orthu in dhá Bhallstát ar a laghad seachas an Ballstát:

     

     

    (i)

    inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh;

     

     

    (ii)

    ina bhfuil an soláthraí lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe bunaithe; nó,

     

     

    (iii)

    ina bhfuil an t-imscarthóir bunaithe, nuair is é an t- imscarthóir a dhéanann an sárú;

     

    (b)

    lena ndearnadh díobháil, lena ndéantar díobháil nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leis, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus a tharlaíonn i gcomhthráth, arna ndéanamh ag an oibreoir céanna, i dtrí Bhallstát ar a laghad;

    Leasú 205

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 f (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44f)

    ciallaíonn ‘sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais’ sárú forleathan lena ndearnadh díobháil, nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad, agus an dá thrian sin cothrom le dhá thrian de dhaonra an Aontais, ar a laghad;

    Leasú 206

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 g (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44g)

    ciallaíonn ‘bosca gainimh rialála’ timpeallacht rialaithe arna bunú ag údarás poiblí lena n-éascaítear forbairt, tástáil agus bailíochtú sábháilte córas nuálach intleachta saorga ar feadh tréimhse teoranta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad de bhun plean sonrach faoi mhaoirseacht rialála;

    Leasú 207

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 h (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44h)

    ciallaíonn ‘bonneagar criticiúil’ sócmhainn, saoráid, trealamh, líonra nó córas, nó cuid de shócmhainn, saoráid, trealamh, líonra nó córas, atá riachtanach chun seirbhís riachtanach a sholáthar de réir bhrí Airteagal 2(4) de Threoir (AE) 2022/2557;

    Leasú 208

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 k (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44k)

    ciallaíonn ‘scóráil shóisialta’ meastóireacht nó aicmiú a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta, ar a stádas socheacnamaíoch nó ar shaintréithe pearsanta nó pearsantachta aitheanta nó tuartha;

    Leasú 209

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 l (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44l)

    ciallaíonn ‘iompraíocht shóisialta’ an chaoi a n-idirghníomhaíonn duine nádúrtha le daoine nádúrtha nó leis an tsochaí agus a mbíonn tionchar ag an duine nádúrtha sin orthu nó uirthi;

    Leasú 210

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 m (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44m)

    ciallaíonn ‘úrscothacht’ céim forbartha an chumais theicniúil ag am áirithe maidir le táirgí, próisis agus seirbhísí, bunaithe ar thorthaí comhdhlúite ábhartha na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na taithí;

    Leasú 211

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 44 n (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (44n)

    ciallaíonn ‘tástáil i bhfíordhálaí domhanda’ tástáil shealadach ar chóras intleachta saorga chun na críche atá beartaithe dó i bhfíordhálaí domhanda lasmuigh de shaotharlann nó de thimpeallacht ionsamhlaithe eile;

    Leasú 212

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Airteagal 4

    scriosta

    Leasuithe ar Iarscríbhinn I

     

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun liosta na dteicnící agus na gcineálacha cur chuige a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasú, d’fhonn an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta maidir le forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha ar bhonn saintréithe atá cosúil leis na teicnící agus na cineálacha cur chuige a liostaítear san iarscríbhinn sin.

     

    Leasú 213

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 4a

     

    Prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le gach córas intleachta saorga

     

    1.     Déanfaidh na hoibreoirí uile a thagann faoin Rialachán seo a ndícheall córais intleachta saorga nó bunsamhlacha intleachta saorga a fhorbairt agus a úsáid i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta seo a leanas lena mbunaítear creat ardleibhéil lena gcuirtear cur chuige comhleanúnach Eorpach atá dírithe ar an duine chun cinn maidir leis an Intleacht Shaorga eiticiúil agus iontaofa, atá i gcomhréir go hiomlán leis an gCairt chomh maith leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe:

     

    a)

    ciallaíonn ‘gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna’ go bhforbrófar agus go n-úsáidfear córais intleachta saorga mar uirlis a fhónann do dhaoine, a urramaíonn dínit an duine agus neamhspleáchas pearsanta, agus a fheidhmíonn ar bhealach ar féidir le daoine í a rialú agus a mhaoirsiú go hiomchuí;

     

    b)

    ciallaíonn ‘stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht’ go bhforbrófar agus go n-úsáidfear córais intleachta saorga ar bhealach chun díobháil neamhbheartaithe agus gan choinne a íoslaghdú chomh maith le bheith láidir i gcás fadhbanna neamhbheartaithe agus a bheith athléimneach i gcoinne iarrachtaí úsáid nó feidhmíocht an chórais intleachta saorga a athrú sa chaoi go mbeadh tríú páirtithe mailíseacha in ann iad a úsáid go neamhdhleathach;

     

    c)

    ciallaíonn ‘príobháideachas agus rialachas sonraí’ go bhforbrófar agus go n-úsáidfear córais intleachta saorga i gcomhréir leis na rialacha príobháideachais agus cosanta sonraí atá ann cheana, agus próiseáil á déanamh ar shonraí a chomhlíonann ardchaighdeáin ó thaobh cáilíochta agus sláine de;

     

    d)

    ciallaíonn ‘trédhearcacht’ go bhforbrófar agus go n-úsáidfear córais intleachta saorga ar bhealach lenar féidir inrianaitheacht agus inmhínitheacht iomchuí a dhéanamh, agus daoine á gcur ar an eolas ag an am céanna go ndéanann siad cumarsáid nó idirghníomhú le córas intleachta saorga, chomh maith le húsáideoirí á gcur ar an eolas go cuí faoi chumais agus teorainneacha an chórais intleachta saorga sin agus daoine dá ndéantar difear á gcur ar eolas faoina gcearta;

     

    e)

    ciallaíonn ‘éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime’ go bhforbrófar agus go n-úsáidfear córais intleachta saorga ar bhealach ina n-áireofar gníomhaithe éagsúla agus ina gcuirfear rochtain chomhionann, comhionannas inscne agus éagsúlacht chultúrtha chun cinn, agus tionchair idirdhealaitheacha agus claontachtaí éagóracha a thoirmisctear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta á seachaint ag an am céanna;

     

    f)

    ciallaíonn ‘dea-bhail shóisialta agus chomhshaoil’ go bhforbrófar agus go n-úsáidfear córais intleachta saorga ar bhealach atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar bhealach a rachaidh chun tairbhe do gach duine, agus faireachán agus measúnú á ndéanamh ag an am céanna ar na tionchair fhadtéarmacha ar an duine aonair, ar an tsochaí agus ar an daonlathas.

     

    2.     Tá mír 1 gan dochar d’oibleagáidí a bhunaítear le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta atá ann cheana. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca, cuireann soláthraithe nó imscarthóirí na prionsabail ghinearálta i bhfeidhm agus comhlíonann siad iad trí bhíthin na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 8 go 15, agus na n-oibleagáidí ábhartha a leagtar síos i gCaibidil 3 de Theideal III den Rialachán seo. Maidir le bunsamhlacha, cuireann soláthraithe na prionsabail ghinearálta i bhfeidhm agus comhlíonann siad iad trí bhíthin na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 28 go 28b. Maidir leis na córais intleachta saorga uile, is féidir cur i bhfeidhm na bprionsabal dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, de réir mar is infheidhme, trí fhorálacha Airteagal 28, Airteagal 52, nó trí chaighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí teicniúla, agus cóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 69 a chur i bhfeidhm, gan oibleagáidí nua a chruthú faoin Rialachán seo.

     

    3.     Déanfaidh an Coimisiún agus an Oifig um Intleacht Shaorga na prionsabail threoracha sin a ionchorprú in iarrataí ar chaighdeánú chomh maith le moltaí ina mbeidh treoir theicniúil chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe agus d’ imscarthóirí maidir le conas córais intleachta saorga a fhorbairt agus a úsáid. Cuirfidh Eagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san áireamh mar chuspóirí atá bunaithe ar thorthaí agus na caighdeáin chomhchuibhithe iomchuí á bhforbairt le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 40(2b).

    Leasú 214

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 4 b

     

    Litearthacht intleachta saorga

     

    1.     Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit bearta a chur chun cinn chun leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga a fhorbairt ar fud earnálacha agus riachtanais éagsúla grúpaí soláthraithe, imscarthóirí agus daoine lena mbaineann, ar daoine iad dá ndéantar difear, á gcur san áireamh, lena n-áirítear trí oideachas agus oiliúint, cláir um sciliú agus athsciliú agus cothromaíocht chuí inscne agus aoise á háirithiú, d’fhonn lamháil do rialú daonlathach ar chórais intleachta saorga.

     

    2.     Déanfaidh soláthraithe agus imscarthóirí na gcóras intleachta saorga bearta chun leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga a áirithiú i measc a bhfoirne agus daoine eile a bhíonn ag déileáil le hoibriú agus úsáid córas intleachta saorga thar a gceann, agus a gcuid eolais theicniúil, a gcuid taithí, a gcuid oideachais agus a gcuid oiliúna agus an comhthéacs ina mbeidh na córais intleachta saorga le húsáid á gcur san áireamh, agus aird á tabhairt ar na daoine nó na grúpaí daoine a n-úsáidfear na córais intleachta saorga orthu.

     

    3.     Is éard a bheidh i gceist leis na bearta litearthachta sin, go háirithe, ná teagasc na gcoincheap agus na scileanna bunúsacha maidir le córais intleachta saorga agus an chaoi a bhfeidhmíonn siad, lena n-áirítear na cineálacha éagsúla táirgí agus úsáidí, na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann leo.

     

    4.     Is leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga ann ná leibhéal a chuireann, de réir mar is gá, le cumas soláthraithe agus imscarthóirí comhlíonadh agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú.

    Leasú 215

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é  a gcuirtear teicnící fothairseachúla in úsáid nach bhfuil fios ag an duine orthu chun iompar an duine a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don duine sin do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

    (a)

    córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é  lena n-imscartar teicnící fothairseachúla nach bhfuil fios ag an duine orthu nó teicnící ionramhála nó meabhlacha d’aon ghnó, agus é mar chuspóir leis sin nó mar thoradh air sin iompraíocht duine nó grúpa daoine a shaobhadh go hábhartha trí chumas an duine a lagú go suntasach i dtaobh cinneadh feasach a dhéanamh, rud a chuirfeadh faoi deara don duine cinneadh a dhéanamh nach ndéanfadh an duine sin murach sin ar mhodh is cúis le díobháil suntasach don duine sin, do dhuine eile nó do ghrúpa daoine , nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

     

    Maidir leis an toirmeasc ar chóras intleachta saorga lena n-imscartar teicnící fothairseachúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun críoch teiripeach formheasta ar bhonn toiliú feasach sonrach ó na daoine aonair a nochtar dóibh nó, i gcás inarb infheidhme, óna gcaomhnóir dlíthiúil;

    Leasú 216

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag grúpa sonrach daoine i ngeall ar a n-aois, ar a míchumas fisiciúil nó meabhrach, d’fhonn iompar duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

    (b)

    córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag duine nó ag grúpa sonrach daoine , lena n-áirítear saintréithe tréithe pearsantachta aitheanta nó tuartha an duine sin nó an ghrúpa sin nó saintréithe staid eacnamaíoch nó shóisialta aitheanta nó tuartha an duine sin nó an ghrúpa sin, a n-aois, ar gcumas fisiciúil nó meabhrach, agus é mar chuspóir leis sin nó mar thoradh air sin iompraíocht an duine sin nó duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil suntasach don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

    Leasú 217

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    córais catagóirithe bhithmhéadraigh a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córais iad lena ndéantar daoine nádúrtha a chatagóiriú de réir airíonna nó saintréithe íogaire nó cosanta nó bunaithe ar thátal na n-airíonna nó na saintréithe sin. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin maidir le córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun críoch teiripeach formheasta ar bhonn toiliú feasach sonrach ó na daoine aonair a nochtar dóibh nó, i gcás inarb infheidhme, óna gcaomhnóir dlíthiúil;

    Leasú 218

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe c – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    maidir le córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid ag údaráis phoiblí nó é sin thar a gceann chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht daoine nádúrtha nó chun é a aicmiú thar thréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta ar eolas nó tuartha, agus an scór sóisialta as a dtiocfaidh ceachtar díobh seo a leanas nó an dá cheann díobh seo a leanas:

    (c)

    córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse a úsáid chun meastóireacht nó aicmiú scórála sóisialta a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí díobh thar tréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta aitheanta, bunaithe ar thátal nó tuartha, agus an scór sóisialta as a dtiocfaidh ceachtar díobh seo a leanas nó an dá cheann díobh seo a leanas:

    Leasú 219

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe c – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (i)

    cóir dhíobhálach nó neamhfhabhrach a dhéanamh le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí iomlána díobh i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach;

    (i)

    cóir dhíobhálach nó neamhfhabhrach a dhéanamh le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí iomlána díobh i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach;

    Leasú 220

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe d – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    úsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid agus atá géarghá le húsáid den sórt sin le haghaidh ceann de na cuspóirí seo a leanas:

    (d)

    úsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal;

    Leasú 221

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe d – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (i)

    cuardach spriocdhírithe ar íospartaigh shonracha coireachta a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear leanaí ar iarraidh;

    scriosta

    Leasú 222

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe d – pointe ii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ii)

    garbhagairt shonrach shubstaintiúil láithreach ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc;

    scriosta

    Leasú 223

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe d – pointe iii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iii)

    déantóir ciona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB  (62) ón gComhairle, nó duine atá faoi dhrochamhras ina leith, a bhrath, a logánú, a shainaithint nó a ionchúiseamh, ar cion is inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad agus mar a shainmhínítear i ndlí an Bhallstáit sin.

    scriosta

    Leasú 224

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe d a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (da)

    córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid chun measúnuithe riosca a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí díobh d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion nó go ndéanfaidh sé cion athuair nó chun tarlú nó atarlú ciona chóiriúil nó riaracháin iarbhír nó fhéideartha a thuar bunaithe ar phróifíliú duine nádúrtha nó ar mheasúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta daoine nádúrtha nó grúpaí nádúrtha, lena n-áirítear suíomh an duine, nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí nádúrtha roimhe seo;

    Leasú 225

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe d b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (db)

    córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córais iad lena gcruthaítear nó lena leathnaítear bunachair sonraí aghaidh-aitheanta trí íomhánna den aghaidh a chnuaschóipeáil gan spriocdhíriú ón idirlíon nó ó thaifid TCI;

    Leasú 226

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe d c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (dc)

    córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid chun tátal a bhaint as mothúcháin duine nádúrtha i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, an bhainistithe teorainneacha, san ionad oibre agus in institiúidí oideachais.

    Leasú 227

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 – pointe d d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (dd)

    córais intleachta saorga a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid chun anailís a dhéanamh ar an méid a taifeadadh de spásanna atá inrochtana don phobal trí chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí iaraimseartha, mura rud é go bhfuil siad faoi réir údarú réamhbhreithiúnach i gcomhréir le dlí an Aontais agus go bhfuil géarghá leo don chuardach spriocdhírithe atá nasctha le cion coiriúil tromchúiseach sonrach mar a shainmhínítear in Airteagal 83(1) CFAE a rinneadh cheana chun críoch fhorfheidhmiú an dlí.

    Leasú 228

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do na toirmisc a bhfuil feidhm leo i gcás ina sáraíonn cleachtas intleachta saorga dlí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, neamh-idirdhealú, cosaint tomhaltóirí nó iomaíocht;

    Leasú 229

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.     Maidir le cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ a úsáid i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 pointe d), cuirfear san áireamh na heilimintí seo a leanas:

    scriosta

    (a)

    staid an cháis a d’fhágfadh go bhféadfaí é a úsáid, go háirithe i gcás nach n-úsáidtear an córas, a thromchúisí a bheadh an díobháil agus dóchúlacht agus scála na díobhála sin;

     

    (b)

    iarmhairtí úsáid an chórais do chearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann, go háirithe a thromchúisí a bheadh na hiarmhairtí sin agus dóchúlacht agus scála na n-iarmhairtí sin.

     

    Ina theannta sin, maidir le cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 pointe d), comhlíonfar na coimircí agus na coinníollacha is gá agus is comhréireach i ndáil leis an úsáid sin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ama, geografacha agus pearsanta.

     

    Leasú 230

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.     A mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (d) agus mír 2, maidir le gach úsáid aonair a bhaintear den chianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ chun críoch fhorfheidhmiú an dlí i spásanna atá inrochtana don phobal, beidh an úsáid sin faoi réir údarú roimh ré arna dheonú ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an úsáid le baint as an gcóras, údarú arna eisiúint ar iarraidh réasúnaithe agus i gcomhréir le rialacha mionsonraithe an dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 4. Mar sin féin, i gcás práinne a bhfuil bonn cirt leis, féadfar tús a chur le húsáid an chórais gan údarú agus ní fhéadfar an t-údarú a iarraidh ach le linn nó i ndiaidh na húsáide.

    scriosta

    Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil breithiúnach nó riaracháin an t-údarú ach amháin i gcás inar deimhin leis, bunaithe ar fhianaise oibiachtúil nó ar thásca soiléire arna gcur faoina bhráid, gur gá an cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ atá i gceist a úsáid agus gur comhréireach é a úsáid chun ceann de na cuspóirí a shonraítear i mír 1, pointe (d), a bhaint amach, faoi mar a shainaithnítear san iarraidh. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás inniúil breithiúnach nó riaracháin na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh.

     

    Leasú 231

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.     Féadfaidh Ballstát a chinneadh foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ a údarú go hiomlán nó i bpáirt i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a liostaítear i míreanna 1, pointe (d), 2 agus 3. Leagfaidh an Ballstát sin síos ina dhlí náisiúnta na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 3 a iarraidh, a eisiúint agus a fheidhmiú mar aon le maoirseacht a bhaineann leis na húdaruithe sin. Maidir leis na cuspóirí a liostaítear i mír 1, pointe (d), lena n-áirítear na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (iii) de, sonrófar sna rialacha sin freisin cé acu cuspóirí sin agus cé acu cionta sin a fhéadfar na húdaráis inniúla a údarú ina leith chun na córais sin a úsáid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí.

    scriosta

    Leasú 232

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    tá an córas intleachta saorga ceaptha lena úsáid mar chomhpháirt sábháilteachta de tháirge, nó is táirge é féin a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II;

    (a)

    tá an córas intleachta saorga ceaptha lena úsáid mar chomhpháirt sábháilteachta de tháirge, nó is táirge é  an córas intleachta saorga féin, a chumhdaítear le dlí an Aontais um chomhchuibhiú a liostaítear in Iarscríbhinn II;

    Leasú 233

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    maidir leis an táirge sin ar comhpháirt sábháilteachta de an córas intleachta saorga, nó an córas intleachta saorga ar táirge sábháilteachta é , ceanglaítear measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar an táirge sin d’fhonn é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II.

    (b)

    maidir leis an táirge sin arb é a chomhpháirt sábháilteachta de bhun phointe (a) an córas intleachta saorga, nó is táirge é an córas intleachta saorga féin , ceanglaítear measúnú comhréireachta tríú páirtí a  bhaineann le rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht a dhéanamh ar an táirge sin d’fhonn é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse de bhun dhlí an Aontais um chomhchuibhiú a liostaítear in Iarscríbhinn II;

    Leasú 234

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   I dteannta na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i mír 1, measfar na córais intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith ina gcórais ardriosca freisin .

    2.   I dteannta na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i mír 1, measfar na córais intleachta saorga a thagann faoi cheann amháin nó níos mó de na réimsí criticiúla agus na cásanna úsáide dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith ina gcórais ardriosca má tá riosca suntasach díobhála ag baint leo do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine nádúrtha . I gcás ina dtagann córas intleachta saorga faoi Iarscríbhinn III pointe 2, measfar gur córas ardriosca é má tá riosca suntasach díobhála ag baint leis don chomhshaol.

     

    Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus le geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte a sholáthar ina sonrófar go soiléir na himthosca ina mbeadh riosca suntasach díobhála ag baint le haschur na gcóras intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine nádúrtha nó na cásanna nach mbeadh.

    Leasú 235

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     I gcás ina measann soláthraithe a thagann faoi cheann amháin nó níos mó de na réimsí criticiúla agus na cásanna úsáide dá dtagraítear in Iarscríbhinn III nach bhfuil riosca suntasach, mar a thuairiscítear i mír 2, ag baint lena gcóras intleachta saorga, cuirfidh siad fógra réasúnaithe faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta náisiúnta nach bhfuil siad faoi réir cheanglais Theideal III Caibidil 2 den Rialachán seo. I gcás ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga a úsáid in dhá Bhallstát nó níos mó, cuirfear an fógra sin faoi bhráid na hOifige um Intleacht Shaorga. Gan dochar d’Airteagal 65, déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta athbhreithniú ar an bhfógra agus tabharfaidh sé freagra air, go díreach nó tríd an Oifig um Intleacht Shaorga, laistigh de thrí mhí má mheasann siad go ndearnadh an córas intleachta saorga a aicmiú go mícheart.

    Leasú 236

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 2 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2b.     Maidir le soláthraithe a dhéanann a gcóras intleachta saorga a aicmiú go mícheart mar chóras nach bhfuil faoi réir cheanglais Theideal III Caibidil 2 den Rialachán seo agus a chuireann ar an margadh é roimh an spriocdháta le haghaidh agóid ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta, beidh siad faoi réir fíneálacha de bhun Airteagal 71.

    Leasú 237

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 2 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2c.     Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta tuarascáil bhliantúil faoi bhráid na hOifige um Intleacht Shaorga ina sonrófar líon na bhfógraí a fuarthas, na réimsí ardriosca gaolmhara atá i gceist agus na cinntí a rinneadh maidir le fógraí a fuarthas.

    Leasú 238

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an liosta in Iarscríbhinn III a  thabhairt cothrom le dáta trí chórais intleachta saorga ardriosca a chur leis i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun Iarscríbhinn III a  leasú trí réimsí nó cásanna úsáide córas intleachta saorga ardriosca a chur leis nó a mhodhnú i gcás ina bhfuil riosca suntasach díobhála ag baint leo don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó go mbeidh drochthionchar acu ar chearta bunúsacha, ar an gcomhshaol nó ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, agus go bhfuil an riosca sin, i ndáil lena dhéine agus leis an dóchúlacht go dtarlódh sé, cothrom leis an riosca nó níos mó ná an riosca díobhála atá ag baint leis na córais intleachta saorga ardriosca dtagraítear cheana in Iarscríbhinn III nó go mbeidh drochthionchar acu.

    Leasú 239

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    go bhfuil na córais intleachta saorga ceaptha lena n-úsáid in aon cheann de na réimsí a liostaítear i bpointí 1 go 8 d’Iarscríbhinn III;

    scriosta

    Leasú 240

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    go bhfuil baol ann mar gheall ar na córais intleachta saorga go ndéanfar díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó go n-imreofar drochthionchar ar chearta bunúsacha, atá cothrom leis an mbaol atá ann mar gheall ar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, nó níos mó ná sin, i ndáil lena thromchúisí agus a dhóchúla atá an díobháil sin nó an drochthionchar sin.

    scriosta

    Leasú 241

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun cásanna úsáide de chórais intleachta saorga ardriosca a bhaint den liosta in Iarscríbhinn III mura mbeidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 a thuilleadh;

    Leasú 242

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Nuair a dhéantar measúnú chun críocha mhír 1 an bhfuil baol ann mar gheall ar chóras intleachta saorga go ndéanfar díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht nó go n-imreofar drochthionchar ar chearta bunúsacha , atá cothrom leis an mbaol atá ann mar gheall ar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, nó níos mó ná sin, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

    2.    Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chóras intleachta saorga chun críocha mhíreanna 1 agus 1a , cuirfidh na critéir seo a leanas san áireamh:

    Leasú 243

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    inniúlachtaí agus feidhmiúlachtaí ginearálta an chórais intleachta saorga, neamhspleách ar an gcríoch atá beartaithe dó;

    Leasú 244

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    cineál agus méid na sonraí a phróiseálann agus a úsáideann an córas intleachta saorga;

    Leasú 245

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe b b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bb)

    a mhéid a ghníomhaíonn an córas intleachta saorga go neamhspleách;

    Leasú 246

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    a mhéid a bhfuil díobháil déanta cheana leis an gcóras intleachta saorga , díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht nó ar imríodh drochthionchar cheana ar na cearta bunúsacha mar gheall ar úsáid córais intleachta saorga nó a mhéid atá an úsáid sin ina cúis le húdair imní thromchúiseacha maidir le teacht ann don díobháil nó drochthionchar sin, faoi mar a léirítear i dtuairiscí nó i líomhaintí doiciméadaithe arna gcur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta;

    (c)

    a mhéid a bhfuil díobháil déanta cheana leis an gcóras intleachta saorga don tsláinte agus don tsábháilteacht , a raibh drochthionchar aige ar chearta bunúsacha, ar an gcomhshaol, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta nó a mhéid atá úsáid an chórais sin ina cúis le húdair imní thromchúiseacha maidir leis an dóchúlacht go ndéanfaí an díobháil sin go mbeadh an drochthionchar sin aige , faoi mar a léirítear , mar shampla, i dtuairiscí nó i líomhaintí doiciméadaithe arna gcur faoi bhráid na n-údarás maoirseachta náisiúnta , an Choimisiúin, na hOifige um Intleacht Shaorga, faoi bhráid MECS, nó faoi bhráid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha ;

    Leasú 247

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    méid na díobhála nó an drochthionchair sin a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ó thaobh dhéine na díobhála sin agus ó thaobh chumas na díobhála sin difear a dhéanamh d’iolrachas daoine;

    (d)

    méid na díobhála nó an drochthionchair sin a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ó thaobh dhéine na díobhála sin agus ó thaobh chumas na díobhála sin difear a dhéanamh d’iolrachas daoine nó difear díréireach a dhéanamh do ghrúpa áirithe daoine ;

    Leasú 248

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    maidir le daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu, a mhéid atá na daoine sin ag brath ar an toradh a tháirgtear le córas intleachta saorga, go háirithe toisc nach féidir le réasún gan a bheith páirteach sa toradh sin ar chúiseanna praiticiúla nó dlíthiúla;

    (e)

    maidir le daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu, a mhéid atá na daoine sin ag brath ar an aschur a tháirgtear lena mbaineann córas intleachta saorga, agus nach bhfuil san aschur sin ach aschur sa bhreis i leith na gníomhaíochta nó an chinnidh ábhartha atá le déanamh, go háirithe toisc nach féidir le réasún gan a bheith páirteach san aschur sin ar chúiseanna praiticiúla nó dlíthiúla;

    Leasú 249

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe e a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ea)

    an mhí-úsáid agus an úsáid mhailíseach a d’fhéadfaí a bhaint as an gcóras intleachta saorga agus as an teicneolaíocht atá mar thaca leis;

    Leasú 250

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe f

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (f)

    maidir le daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu , a mhéid atá na daoine sin i staid leochaileach i ndáil le húsáid an chórais intleachta saorga, go háirithe mar gheall ar éagothroime cumhachta , eolais, imthosca eacnamaíocha nó sóisialta, nó aoise ;

    (f)

    a mhéid atá éagothroime cumhachta ann nó atá na daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu i staid leochaileach i ndáil le húsáideoir córais intleachta saorga, go háirithe mar gheall ar stádas , údarás, eolas, imthosca eacnamaíocha nó sóisialta, nó aois ;

    Leasú 251

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe g

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (g)

    a mhéid is féidir an toradh a  thagann as córas intleachta saorga a mhalartú go héasca, sa chaoi nach measfar torthaí a bhfuil tionchar acu ar shláinte nó ar shábháilteacht daoine a bheith inmhalartaithe go héasca;

    (g)

    a mhéid is féidir an toradh a  tháirgtear lena mbaineann córas intleachta saorga a mhalartú nó a réiteach go héasca, sa chaoi nach measfar torthaí a bhfuil drochthionchar acu ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht, ar chearta bunúsacha daoine, ar an gcomhshaol, nó ar an daonlathas agus ar an smacht reachta a bheith inmhalartaithe go héasca;

    Leasú 252

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe g a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ga)

    a mhéid atá réitigh agus sásraí teicniúla éifeachtacha ar fáil agus a úsáidtear iad ar mhaithe le rialú, iontaofacht agus ceartú an chórais intleachta saorga;

    Leasú 253

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe g b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (gb)

    a mhéid a rachadh imscaradh an chórais intleachta saorga chun tairbhe do dhaoine aonair, do ghrúpaí nó don tsochaí i gcoitinne, lena n-áirítear feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí, agus an dóchúlacht go mbeadh an tairbhe sin ann;

    Leasú 254

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe g c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (gc)

    méid na formhaoirseachta daonna agus an fhéidearthacht go mbeadh duine in ann idirghabháil a dhéanamh chun cinneadh nó moltaí a chur ar neamhní, ar cinneadh nó moltaí iad a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh;

    Leasú 255

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 – pointe h

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (i )

    bearta éifeachtacha sásaimh i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le córas intleachta saorga agus éilimh ar dhamáistí a eisiamh uathu;

    ( h)

    i ndáil le dlí an Aontais atá ann faoi láthair, a mhéid a dhéantar foráil maidir leis an méid a leanas:

     

     

    (i)

    bearta éifeachtacha sásaimh i ndáil leis an damáiste arna dhéanamh ag córas intleachta saorga agus éilimh ar dhamáistí díreacha nó indíreacha a eisiamh uathu;

     

     

    (ii)

    bearta éifeachtacha chun na rioscaí sin a chosc nó a mhaolú go suntasach.

    Leasú 256

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chóras intleachta saorga chun críocha mhíreanna 1 nó 1a, rachaidh sé i gcomhairle leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus, i gcás inarb ábhartha, le hionadaithe grúpaí a bhfuil tionchar ag córas intleachta saorga orthu, leis an tionscal, le saineolaithe neamhspleácha, leis na comhpháirtithe sóisialta, agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Eagróidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí freisin ina leith sin agus cuirfidh sé torthaí na gcomhairliúchán sin agus torthaí an mheasúnaithe deiridh ar fáil don phobal;

    Leasú 257

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2b.     Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta nó Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún athmheasúnú agus athaicmiú a dhéanamh ar chatagóiriú riosca córais intleachta saorga i gcomhréir le míreanna 1 agus 1a. Tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna lena chinneadh agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.

    Leasú 258

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Agus na ceanglais arna mbunú sa Chaibidil seo á gcomhlíonadh, tabharfar aird chuí ar threoirlínte arna bhforbairt de bhun Airteagal 82b agus ar an úrscothacht ghnáthaitheanta, lena n-áirítear mar a léirítear í sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 nó sna sonraíochtaí sin a leagtar amach cheana féin i ndlí an Aontais um chomhchuibhiú;

    Leasú 259

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   An chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca agus don chóras bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9, cuirfear san áireamh iad agus comhlíontacht leis na ceanglais sin á háirithiú .

    2.   An chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca , an mhí-úsáid atá intuartha le réasún agus an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9, cuirfear san áireamh iad agus comhlíonadh na gceanglas sin á áirithiú .

    Leasú 260

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Fad a thugtar aghaidh ar cheanglais Theideal III, Chaibidlí 2 agus 3 nó Theideal VIII, Caibidlí 1, 2 agus 3 le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca le dlí an Aontais um chomhchuibhiú a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn II, measfar go mbeidh ceanglais nó oibleagáidí na gCaibidlí sin den Rialachán seo comhlíonta, fad a bheidh an chomhpháirt intleachta saorga san áireamh iontu. Maidir le ceanglais Chaibidlí 2 agus 3 de Theideal III nó Teideal VIII, Caibidlí 1, 2 agus 3 maidir le córais intleachta saorga ardriosca nach dtugtar aghaidh orthu le dlí comhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn II, déanfar iad a ionchorprú sa dlí sin um chomhchuibhiú de chuid an Aontais, i gcás inarb infheidhme. Déanfar an measúnú comhréireachta ábhartha mar chuid de na nósanna imeachta a leagtar amach faoi dhlí an Aontais um chomhchuibhiú a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn II.

    Leasú 261

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Bunófar córas bainistíochta riosca, cuirfear chur chun feidhme é, déanfar é a dhoiciméadú agus a choimeád ar bun i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca.

    1.   Bunófar córas bainistíochta riosca, cuirfear chun feidhme é, déanfar é a dhoiciméadú agus a choimeád ar bun i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca , ar feadh shaolré iomlán an chórais intleachta saorga . Is féidir an córas bainistíochta riosca, nó cuid de, a chomhtháthú i nósanna imeachta bainistíochta riosca atá ann cheana a bhaineann le dlí earnálach ábhartha an Aontais sa mhéid go gcomhlíonann sé ceanglais an Airteagail seo.

    Leasú 262

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Is é a bheidh sa chóras bainistíochta riosca próiseas atriallach leanúnach a bheidh á reáchtáil i rith shaolré an chórais intleachta saorga ardriosca, próiseas lena n-éileofar nuashonrú rialta córasach . Is éard a chuimseofar ann an méid seo a leanas:

    2.   Is é a bheidh sa chóras bainistíochta riosca próiseas atriallach leanúnach a bheidh á reáchtáil i rith shaolré iomlán an chórais intleachta saorga ardriosca, próiseas lena n-éileofar athbhreithniú agus nuashonrú rialta ar an bpróiseas bainistíochta riosca, chun a éifeachtacht leanúnach a áirithiú, agus chun doiciméadú a dhéanamh ar aon chinneadh suntasach agus aon ghníomhaíocht shuntasach a dhéantar faoi réir an Airteagail seo . Is éard a chuimseofar ann an méid seo a leanas:

    Leasú 263

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 2 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    sainaithint agus anailís ar na rioscaí ar eolas agus intuartha a  bhaineann le gach córas intleachta saorga ardriosca;

    (a)

    sainaithint , meastachán agus meastóireacht ar na rioscaí aitheanta agus intuartha le réasún d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine nádúrtha, dá gcearta bunúsacha lena n-áirítear rochtain chomhionann agus comhionannas deiseanna, don daonlathas agus don smacht reachta nó don chomhshaol nuair a úsáidtear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó agus faoi dhálaí mí-úsáide atá intuartha le réasún ;

    Leasú 264

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 2 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    meastachán agus meastóireacht ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó agus faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha;

    scriosta

    Leasú 265

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 2 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    meastóireacht ar rioscaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar anailís ar shonraí arna mbailiú ón gcóras faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 61;

    (c)

    meastóireacht ar rioscaí suntasacha atá ag teacht chun cinn mar a thuairiscítear i bpointe (a) agus a shainaithnítear bunaithe ar an anailís ar shonraí arna mbailiú ón gcóras faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 61;

    Leasú 266

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 2 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    bearta bainistíochta riosca oiriúnacha a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha sna míreanna seo a leanas.

    (d)

    bearta bainistíochta riosca atá iomchuí agus spriocdhírithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint de bhun phointí a agus b den mhír seo i gcomhréir leis na forálacha sna míreanna seo a leanas.

    Leasú 267

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Leis na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) tabharfar aird chuí ar na héifeachtaí agus ar na hidirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm comhpháirteach na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil 2. Cuirfear san áireamh leo staid na teicneolaíochta a nglactar léi i gcoitinne, lena n-áirítear mar a léirítear i gcaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i sonraíochtaí coiteanna.

    3.   Leis na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) tabharfar aird chuí ar na héifeachtaí agus ar na hidirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm comhpháirteach na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil 2 , d’fhonn rioscaí a mhaolú ar bhealach éifeachtach agus cur chun feidhme iomchuí agus comhréireach na gceanglas á áirithiú ag an am céanna .

    Leasú 268

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Fágfaidh na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) go measfar go bhfuil aon riosca iarmharach a bhaineann le gach guais ar leith agus riosca iarmharach foriomlán na gcóras intleachta saorga ardriosca inghlactha, ar choinníoll go n-úsáidtear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha. Cuirfear na rioscaí iarmharacha sin in iúl don úsáideoir .

    4.   Fágfaidh na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) go measfar le réasún go bhfuil riosca iarmharach ábhartha a bhaineann le gach guais ar leith agus riosca iarmharach foriomlán na gcóras intleachta saorga ardriosca inghlactha, ar choinníoll go n-úsáidtear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá intuartha le réasún . Cuirfear na rioscaí iarmharacha sin agus na breithiúnais réasúnaithe a rinneadh in iúl don imscarthóir .

     

    Agus na bearta bainistíochta riosca is iomchuí á sainaithint, áiritheofar an méid seo a leanas:

    Leasú 269

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    díothú nó laghdú rioscaí a mhéid is féidir trí dhearadh agus forbairt leormhaith;

    (a)

    díothú nó laghdú rioscaí sainaitheanta a mhéid is indéanta go teicniúil trí dhearadh agus forbairt leormhaith an chórais intleachta saorga ardriosca, ina mbeidh saineolaithe agus geallsealbhóirí seachtracha páirteach i gcás inarb ábhartha ;

    Leasú 270

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 4 – fomhír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme bearta maolaithe agus rialaithe leormhaithe maidir le rioscaí nach féidir a dhíothú;

    (b)

    i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme beart maolaithe agus rialaithe leormhaith lena dtabharfar aghaidh ar rioscaí suntasacha nach féidir a dhíothú;

    Leasú 271

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 4 – fomhír 1 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    soláthar faisnéise leormhaithe de bhun Airteagal 13, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na rioscaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) den Airteagal seo, agus, i gcás inarb iomchuí, oiliúint a chur ar úsáideoirí .

    (c)

    soláthar na faisnéise is gá de bhun Airteagal 13, agus, i gcás inarb iomchuí, oiliúint a chur ar imscarthóirí .

    Leasú 272

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 4 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Agus na rioscaí a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca á ndíothú nó á laghdú, tabharfar aird chuí ar an eolas teicniúil, ar an taithí, ar an oideachas agus ar an oiliúint a  mbeidh an t-úsáideoir agus an timpeallacht ina bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ann .

    Agus na rioscaí a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca á ndíothú nó á laghdú, tabharfaidh soláthraithe aird chuí ar an eolas teicniúil, ar an taithí, ar an oideachas agus ar an oiliúint a  d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón imscarthóir, lena n-áirítear i ndáil leis an gcomhthéacs úsáide intuartha .

    Leasú 273

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a thástáil chun críocha shainaithint na mbearta bainistíochta riosca is iomchuí. Áiritheofar leis an tástáil go bhfeidhmeoidh córais intleachta saorga ardriosca go comhsheasmhach don chríoch atá beartaithe dóibh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo.

    5.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a thástáil chun na bearta bainistíochta riosca is iomchuí agus is spriocdhírithe a shainaithint agus aon bheart den sórt sin a mheas i bhfianaise na tairbhe a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcóras agus spriocanna beartaithe an chórais . Áiritheofar leis an tástáil go bhfeidhmeoidh córais intleachta saorga ardriosca go comhsheasmhach don chríoch atá beartaithe dóibh agus go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo.

    Leasú 274

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.   Beidh nósanna imeachta tástála oiriúnach chun an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga a bhaint amach agus ní gá dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin .

    6.   Beidh nósanna imeachta tástála oiriúnach chun an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga a bhaint amach.

    Leasú 275

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7.   Déanfar an tástáil ar na córais intleachta saorga ardriosca , de réir mar is iomchuí, tráth ar bith le linn an phróisis forbartha, agus in aon chás, sula gcuirfear ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. Déanfar tástáil in aghaidh méadrachtaí a shaineofar roimh ré agus tairseach dóchúil a bheidh iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.

    7.   Déanfar an tástáil ar na córais intleachta saorga ardriosca sula gcuirfear ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. Déanfar tástáil in aghaidh méadracht a shaineofar roimh ré agus tairseacha dóchúlaíocha a bheidh iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca nó do mhí-úsáid an chórais, ar mí-úsáid í atá intuartha le réasún .

    Leasú 276

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 8

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    8.   Agus an córas bainistíochta riosca a dtugtar tuairisc air i mír 1 go mír 7 á chur chun feidhme, tabharfar aird ar leith ar cibé an dócha go mbeidh rochtain ag leanaí ar an gcóras intleachta saorga ardriosca nó an mbeidh tionchar aige orthu .

    8.   Agus an córas bainistíochta riosca a dtugtar tuairisc air i mír 1 go 7 á chur chun feidhme, tabharfaidh soláthraithe aird ar leith i dtaobh an dócha go mbeidh drochthionchar ag an gcóras intleachta saorga ardriosca ar ghrúpaí leochaileacha daoine leanaí .

    Leasú 277

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 9

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    9.   Maidir le hinstitiúidí creidmheasa arna rialú ag Treoir 2013/36/AE, beidh na gnéithe a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 go mír 8 mar chuid de na nósanna imeachta bainistíochta riosca arna mbunú ag na hinstitiúidí sin de bhun Airteagal 74 den Treoir sin .

    9.   Maidir le soláthraithe agus córais intleachta saorga a chumhdaítear cheana le dlí an Aontais lena gceanglaítear orthu bainistíocht shonrach riosca a bhunú, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa arna rialú le Treoir 2013/36/AE, beidh na gnéithe a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 go 8 mar chuid de na nósanna imeachta bainistíochta riosca arna mbunú leis an dlí sin de chuid an Aontais, nó déanfar iad a chomhcheangal leo .

    Leasú 278

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann úsáid as teicnící lena mbaineann oiliúint samhlacha le sonraí, déanfar iad a fhorbairt ar bhonn tacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a chomhlíonann na critéir cháilíochta dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 .

    1.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann úsáid as teicnící lena mbaineann oiliúint samhlacha le sonraí, déanfar iad a fhorbairt ar bhonn tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a chomhlíonann na critéir cháilíochta dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 a mhéid is indéanta go teicniúil de réir dheighleog shonrach an mhargaidh nó raon feidhme an chur i bhfeidhm .

     

    Déanfar teicnící nach n-éilíonn sonraí ionchuir lipéadaithe, amhail foghlaim gan mhaoirseacht agus foghlaim atreisithe, a fhorbairt ar bhonn tacair sonraí amhail le haghaidh tástála agus fíoraithe a chomhlíonann na critéir cháilíochta dá dtagraítear i míreanna 2 go 5.

    Leasú 279

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Beidh tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála faoi réir cleachtais iomchuí rialachais sonraí agus bainistíochta . Bainfidh na cleachtais sin go háirithe leis an méid seo a leanas,

    2.   Beidh tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála faoi réir rialachas sonraí atá iomchuí do chomhthéacs na húsáide agus don chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga . Bainfidh na bearta sin go háirithe leis an méid seo a leanas,

    Leasú 280

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    trédhearcacht maidir le bunchuspóir an bhailithe sonraí;

    Leasú 281

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    bailiú sonraí;

    (b)

    próisis bailithe sonraí;

    Leasú 282

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    oibríochtaí próiseála ullmhúcháin i gcomhair sonraí ábhartha , amhail anótáil, lipéadú, glanadh, saibhriú agus comhiomlánú;

    (c)

    oibríochtaí próiseála ullmhúcháin i gcomhair sonraí, amhail anótáil, lipéadú, glanadh, nuashonrú, saibhriú agus comhiomlánú;

    Leasú 283

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    toimhdí ábhartha a fhoirmliú, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil na sonraí ceaptha a thomhas agus ionadaíocht a dhéanamh uirthi;

    (d)

    toimhdí a fhoirmliú, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil na sonraí ceaptha a thomhas agus ionadaíocht a dhéanamh uirthi;

    Leasú 284

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    measúnú roimh ré ar infhaighteacht, ar chainníocht agus ar oiriúnacht na dtacar sonraí a bhfuil gá leo;

    (e)

    measúnú ar infhaighteacht, ar chainníocht agus ar oiriúnacht na dtacar sonraí a bhfuil gá leo;

    Leasú 285

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2 – pointe f

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (f)

    iniúchadh i bhfianaise claonta a d’fhéadfadh a bheith ann;

    (f)

    iniúchadh i bhfianaise claonta a d’fhéadfadh difear dhéanamh do shláinte agus do shábháilteacht daoine, tionchar diúltach a bheith acu ar chearta bunúsacha nó idirdhealú a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais a bheith mar thoradh air, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag aschuir sonraí ar ionchuir le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo (‘lúbanna aischothaithe’) agus bearta iomchuí chun claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, a chosc agus a mhaolú ;

    Leasú 286

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2 – pointe f a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (fa)

    bearta iomchuí chun claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, a chosc agus a mhaolú;

    Leasú 287

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2 – pointe g

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (g)

    aon bhearnaí nó easnaimh sonraí a  d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, agus conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na bearnaí agus na heasnaimh sin.

    (g)

    bearnaí nó easnaimh ábhartha sonraí a shainaithint lena gcoisctear comhlíonadh an Rialacháin seo , agus conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na bearnaí agus na heasnaimh sin;

    Leasú 288

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Maidir leis na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, beidh siad ábhartha ionadaíoch, saor ó earráidí agus iomlán . Beidh na hairíonna staidrimh iomchuí acu, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí, a mhéid a bhaineann leis na daoine nó na grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid orthu. Féadfar saintréithe na dtacar sonraí sin a chomhlíonadh ar leibhéal na dtacar aonair sonraí nó ar mheascán díobh sin.

    3.   Maidir le tacair sonraí oiliúna, agus i gcás ina n-úsáidtear iad, tacair sonraí bailíochtaithe agus tástála, lena n-áirítear na lipéid, beidh siad ábhartha agus ionadaíoch go leor , déanfar seiceáil iomchuí orthu le haghaidh earráidí agus beidh siad chomh hiomlán agus is féidir i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh . Beidh na hairíonna staidrimh iomchuí acu, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mhéid a bhaineann leis na daoine nó na grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid ina leith. Déanfar saintréithe na dtacar sonraí sin a chomhlíonadh ar leibhéal na dtacar aonair sonraí nó ar mheascán díobh sin.

    Leasú 289

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.    Maidir leis na tacair sonraí oiliúna , bailíochtaithe agus tástála, a mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, cuirfear san áireamh na saintréithe nó eilimintí a bhaineann go sonrach leis an suíomh geografach, iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid.

    4.    Cuirfear san áireamh sna tacair sonraí, a mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh nó mhí-úsáid an chórais intleachta saorga , ar mí-úsáid í atá intuartha le réasún, na saintréithe nó gnéithe a bhaineann go sonrach leis an suíomh geografach, comhthéacsúil, iompraíochta nó feidhmiúil ar leith ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid.

    Leasú 290

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Sa mhéid a bhfuil géarghá leis chun faireachán, brath agus ceartú claontachta a áirithiú i ndáil leis na córais intleachta saorga ardriosca, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 a phróiseáil, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear srianta teicniúla ar bhearta slándála úrscothacha agus ar bhearta cosanta príobháideachais a athúsáid agus a úsáid, amhail bréagainmniú nó criptiú i gcás ina bhféadfadh anaithnidiú difear suntasach a dhéanamh don chuspóir atá leis na córais sin.

    5.   Sa mhéid a bhfuil géarghá leis chun brath agus ceartú claontachta diúltaí a áirithiú i ndáil leis na córais intleachta saorga ardriosca, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 a phróiseáil go heisceachtúil , faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear srianta teicniúla ar bhearta slándála úrscothacha agus ar bhearta cosanta príobháideachais a athúsáid agus a úsáid . Go háirithe , beidh feidhm ag na coinníollacha uile seo a leanas chun go ndéanfar an phróiseáil sin:

    (a)

    ní féidir brath agus ceartú claontachta a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí sintéiseacha nó sonraí anaithnidithe a phróiseáil;

     

    (b)

    beidh na sonraí faoi ainm bréige;

     

    (c)

    déanfaidh an soláthraí bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a phróiseálfar chun críche na míre seo slán, cosanta agus faoi réir coimircí oiriúnacha agus nach mbeidh rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil oibleagáidí rúndachta iomchuí acu ar na sonraí sin;

     

    (d)

    ní bheidh na sonraí a phróiseálfar chun críche na míre seo le tarchur ná le haistriú ná ní bheidh rochtain ar bhealach eile ag páirtithe eile orthu;

     

    (e)

    déanfar na sonraí a phróiseálfar chun críche na míre seo a chosaint trí bhíthin bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus scriosfar iad a luaithe a cheartófar an chlaontacht nó a luaithe a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta;

     

    (f)

    beidh bearta éifeachtacha agus iomchuí i bhfeidhm chun infhaighteacht, slándáil agus athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí próiseála a áirithiú in aghaidh teagmhais theicniúla nó fhisiciúla;

     

    (g)

    beidh bearta éifeachtacha agus iomchuí i bhfeidhm chun slándáil fhisiciúil na suíomhanna ina stórálfar agus ina bpróiseálfar na sonraí a áirithiú, chomh maith le rialachas agus bainistíocht inmheánach TF agus shlándáil TF agus deimhniú próiseas agus táirgí a áirithiú;

     

    Maidir le soláthraithe a rachaidh ar iontaoibh na forála sin, déanfaidh siad doiciméadacht a tharraingt suas ina míneofar cén fáth a raibh gá le catagóirí speisialta de shonraí pearsanta a phróiseáil chun claontachtaí a bhrath agus a cheartú.

    Leasú 291

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 6 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    6a.     I gcás nach féidir leis an soláthraí na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a chomhlíonadh toisc nach bhfuil rochtain ag an soláthraí sin ar na sonraí agus toisc gur ag an imscarthóir amháin atá na sonraí, féadfar, ar bhonn conartha, an t-imscarthóir a dhéanamh freagrach as aon sárú ar an Airteagal seo.

    Leasú 292

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ar bhealach ina léireofar go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo agus cuirfear an fhaisnéis go léir is gá ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí náisiúnta a dtugtar fógraí dóibh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na gcóras intleachta saorga ardriosca leis na ceanglas sin. Beidh, ar a laghad, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV inti.

    Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ar bhealach ina léireofar go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo agus soláthrófar inti an fhaisnéis is gá d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus do chomhlachtaí náisiúnta faoina dtugtar fógra chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais sin. Beidh, ar a laghad, na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV inti nó, i gcás FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, aon doiciméadacht choibhéiseach inti a chomhlíonann na cuspóirí céanna, faoi réir fhormheas an údaráis náisiúnta inniúil .

    Leasú 293

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 11 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Maidir le córas intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirge, a bhfuil feidhm ag na gníomhartha dlí a liostaítear i  Roinn A d’Iarscríbhinn II maidir leis, i gcás ina gcuirtear ar an margadh é nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é, déanfar doiciméadacht theicniúil aonair amháin a tharraingt suas ina mbeidh an fhaisnéis go léir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na gníomhartha dlí sin.

    2.   Maidir le córas intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirge, a bhfuil feidhm ag na gníomhartha dlí a liostaítear i  Roinn A d’Iarscríbhinn II maidir leis, i gcás ina gcuirtear ar an margadh é nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é, déanfar doiciméadacht theicniúil aonair amháin a tharraingt suas ina mbeidh an fhaisnéis go léir a leagtar amach i mír 1chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na gníomhartha dlí sin.

    Leasú 294

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 11 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     Maidir le soláthraithe ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, déanfaidh siad an doiciméadacht theicniúil a choimeád ar bun mar chuid den doiciméadacht a bhaineann le rialachas inmheánach, socruithe, próisis agus sásraí de bhun Airteagal 74 den Treoir sin.

    Leasú 295

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt agus inniúlacht acu maidir le himeachtaí (‘logaí’) a thaifeadadh go huathoibríoch fad atá na córais intleachta saorga ardriosca ag oibriú. Beidh na hacmhainní logála sin i gcomhréir le caighdeáin aitheanta nó le sonraíochtaí coiteanna.

    1.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt agus inniúlacht acu maidir le himeachtaí (‘logaí’) a thaifeadadh go huathoibríoch fad atá na córais intleachta saorga ardriosca ag oibriú. Beidh na hacmhainní logála sin i gcomhréir leis na caighdeáin úrscothacha agus aitheanta nó le sonraíochtaí coiteanna.

    Leasú 296

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Áiritheofar leis na hacmhainní logála leibhéal inrianaitheachta d’fheidhmiú an chórais intleachta saorga feadh a shaolré a bheidh oiriúnach don chuspóir atá beartaithe don chóras.

    2.    Chun leibhéal inrianaitheachta a áirithiú maidir le feidhmiú an chórais intleachta saorga feadh a shaolré iomláine a bheidh oiriúnach don chríoch atá beartaithe don chóras , éascófar leis na hacmhainní logála an faireachán ar oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 29(4) chomh maith leis an bhfaireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 61 . Go háirithe, beifear in ann imeachtaí a thaifeadadh leo, ar imeachtaí iad a bheidh ábhartha chun cásanna a shainaithint a bhféadfadh an méid seo a leanas a bheith mar thoradh orthu:

     

    (a)

    go mbeadh riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 65(1); nó

     

    (b)

    go mbeadh modhnú substaintiúil ar an gcóras intleachta saorga.

    Leasú 297

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt leis na hacmhainní logála lenar féidir tomhaltas fuinnimh a thaifeadadh agus úsáid acmhainní agus an tionchar atá ag an gcóras intleachta saorga ardriosca ar an gcomhshaol a thomhas nó a ríomh le linn gach céime de shaolré an chórais.

    Leasú 298

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.     Go sonrach, trí na hacmhainní logála beifear in ann faireachán a dhéanamh ar oibriú an chórais intleachta saorga ardriosca maidir le staideanna a d’fhéadfadh bheith ann ina mbeadh baol ann de réir bhrí Airteagal 65(1), nó ina mbeadh modhnú substaintiúil ann, mar gheall ar an gcóras intleachta saorga, agus éascófar an faireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 61.

    scriosta

    Leasú 299

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Trédhearcacht agus soláthar na faisnéise d’úsáideoirí

    Trédhearcacht agus soláthar na faisnéise

    Leasú 300

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfar córais ardriosca intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh a bhfeidhmiú trédhearcach go leor chun go mbeidh úsáideoirí in ann aschur an chórais a  léirmhíniú agus é a úsáid mar is iomchuí . Áiritheofar cineál agus méid iomchuí trédhearcachta d’fhonn comhlíontacht an úsáideora agus an tsoláthraí lena n-oibleagáidí ábhartha a leagtar amach i gCaibidil 3 den Teideal seo.

    1.   Déanfar córais ardriosca intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh a bhfeidhmiú trédhearcach go leor chun go mbeidh soláthraithe agus úsáideoirí in ann feidhmiú an chórais a  thuiscint go réasúnta . Áiritheofar trédhearcacht iomchuí i gcomhréir le críoch bheartaithe an chórais intleachta saorga, d’fhonn go ndéanfaidh an soláthraí agus an úsáideoir comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha a leagtar amach i gCaibidil 3 den Teideal seo a bhaint amach .

     

    Ar an gcaoi sin, ciallóidh trédhearcacht, tráth a chuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh, go n-úsáidfear gach modh teicniúil atá ar fáil i gcomhréir leis an úrscothacht ghnáthaitheanta chun a áirithiú go mbeidh aschur an chórais intleachta saorga inmhínithe ag an soláthraí agus ag an úsáideoir. Cuirfear ar chumas an úsáideora an córas intleachta saorga a thuiscint agus a úsáid go hiomchuí trí fhios a bheith aige go ginearálta conas a oibríonn an córas intleachta saorga agus na sonraí a phróiseálann sé, rud a chuirfidh ar chumas an úsáideora na cinntí a dhéanann an córas intleachta saorga a mhíniú don duine dá ndéantar difear de bhun Airteagal 68(c).

    Leasú 301

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Beidh treoracha úsáide ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca i bhformáid dhigiteach iomchuí nó ar bhealach eile lena n-áireofar faisnéis ghonta, iomlán, cheart agus shoiléir a bheidh ábhartha, inrochtana agus sothuigthe d’úsáideoirí.

    2.   Beidh treoracha intuigthe úsáide ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca i bhformáid dhigiteach iomchuí nó cuirfear ar fáil ar bhealach eile iad trí mheán marthanach lena n-áireofar faisnéis ghonta, cheart, shoiléir agus iomlán a mhéid is féidir lena gcuideofar leis an gcóras intleachta saorga a oibriú agus a chothabháil , chomh maith le tacú le cinnteoireacht eolach úsáideoirí, agus a bheidh réasúnta ábhartha, inrochtana agus sothuigthe d’úsáideoirí.

    Leasú 302

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.    Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i  mír 2 , sonrófar an méid seo a leanas::

    3.    Chun na torthaí dá dtagraítear i  mír 1 a bhaint amach , sonrófar an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 :

    Leasú 303

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    céannacht agus sonraí teagmhála an oibreora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí údaraithe an oibreora ;

    (a)

    céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaithe údaraithe an tsoláthraí ;

    Leasú 304

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    i gcás nach ionann iad agus céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí, céannacht agus sonraí teagmhála an eintitis a rinne an measúnú comhréireachta agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí údaraithe an eintitis;

    Leasú 305

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe b – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    saintréithe, inniúlachtaí agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (b)

    saintréithe, inniúlachtaí agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear , i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas:

    Leasú 306

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe b – pointe ii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ii)

    an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 15, a ndearnadh an córas intleachta saorga ardriosca a thástáil agus a bhailíochtú ina leith agus ar féidir a bheith ag súil leis, agus aon imthosca atá ar eolas agus intuartha a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a mheastar a bheith ann;

    (ii)

    an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 15, a ndearnadh an córas intleachta saorga ardriosca a thástáil agus a bhailíochtú ina leith agus ar féidir a bheith ag súil leis, agus aon imthosca atá ar eolas agus intuartha go soiléir a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a mheastar a bheith ann;

    Leasú 307

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe b – pointe iii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iii)

    aon imthosca atá ar eolas nó intuartha, a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh air don tsláinte agus don tsábháilteacht, do chearta bunúsacha;

    (iii)

    aon imthosca atá ar eolas nó intuartha go soiléir , a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá intuartha le réasún , a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh air don tsláinte agus don tsábháilteacht, do chearta bunúsacha , nó don chomhshaol, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, samplaí léiritheacha de theorainneacha den sórt sin agus de chásanna nár cheart an córas a úsáid ina leith ;

    Leasú 308

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe b – pointe ii a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (iiia)

    a mhéid is féidir leis an gcóras intleachta saorga míniú a thabhairt ar na cinntí a dhéanann sé;

    Leasú 309

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe b – pointe v

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (v)

    nuair is iomchuí, sonraíochtaí le haghaidh na sonraí ionchuir, nó le haghaidh aon fhaisnéis ábhartha eile i dtéarmaí na dtacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála arna n-úsáid, agus an chríoch atá beartaithe don chóras intleacht shaorga á cur san áireamh.

    (v)

    faisnéis ábhartha faoi ghníomhaíochtaí úsáideora a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmíocht an chórais, lena n-áirítear cineál nó cáilíocht na sonraí ionchuir, nó aon fhaisnéis ábhartha eile i dtéarmaí na dtacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála arna n-úsáid, agus an chríoch atá beartaithe don chóras intleacht shaorga á cur san áireamh.

    Leasú 310

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    saolré ionchasach an chórais intleachta saorga ardriosca agus aon bhearta cothabhála agus cúraim is gá chun feidhmiú cuí an chórais intleachta saorga sin a áirithiú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le nuashonruithe bogearraí.

    (e)

    aon bhearta cothabhála agus cúraim is gá chun feidhmiú cuí an chórais intleachta saorga sin a áirithiú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le nuashonruithe bogearraí , trína shaolré ionchasach .

    Leasú 311

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe e a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ea)

    tuairisc ar na sásraí a áirítear sa chóras intleachta saorga lenar féidir le húsáideoirí na logaí a bhailiú, a stóráil agus a léirmhíniú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 12(1).

    Leasú 312

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 – pointe e b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (eb)

    Cuirfear an fhaisnéis ar fáil ar a laghad i dteanga na tíre ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga.

    Leasú 313

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     Chun na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na soláthraithe agus na húsáideoirí go mbeidh leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga ann i gcomhréir le hAirteagal 4b.

    Leasú 314

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt le huirlisí iomchuí comhéadain duine le meaisín ar bhealach lenar féidir le daoine nádúrtha iad a mhaoirsiú go héifeachtach le linn na tréimhse ina bhfuil an córas intleachta saorga in úsáid.

    1.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach, lena n-áirítear le huirlisí iomchuí comhéadain duine le meaisín , go ndéanfaidh daoine nádúrtha iad a mhaoirsiú go héifeachtach ar shlí atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis na córais sin. Maidir leis na daoine nádúrtha atá i gceannas ar fhormhaoirseacht dhaonna a áirithiú, beidh leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga acu i gcomhréir le hAirteagal 4b agus beidh an tacaíocht agus an t-údarás is gá acu chun an fheidhm sin a fheidhmiú, le linn na tréimhse ina bhfuil an córas intleachta saorga in úsáid agus chun gur féidir imscrúdú críochnúil a dhéanamh tar éis teagmhais .

    Leasú 315

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Beidh sé d’aidhm ag an bhformhaoirseacht dhaonna na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht do chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chosc nó a íoslaghdú nuair a úsáidtear córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi choinníollacha mí-úsáide atá measartha intuartha, go háirithe nuair a leanann na rioscaí sin de bheith ann d’ainneoin chur i bhfeidhm na gceanglas eile a leagtar amach sa Chaibidil seo.

    2.   Beidh sé d’aidhm ag an bhformhaoirseacht dhaonna na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht, do chearta bunúsacha nó don chomhshaol a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chosc nó a íoslaghdú nuair a úsáidtear córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi choinníollacha mí-úsáide atá intuartha le réasún , go háirithe nuair a leanann na rioscaí sin de bheith ann d’ainneoin chur i bhfeidhm na gceanglas eile a leagtar amach sa Chaibidil seo agus nuair a bhíonn éifeachtaí dlíthiúla nó suntasacha ar shlí eile ag cinntí atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe ag córais intleachta saorga amháin ar na daoine nó ar na grúpaí daoine a bhfuil an córas le húsáid ina leith .

    Leasú 316

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Áiritheofar formhaoirseacht dhaonna trí cheann amháin nó trí gach ceann de na bearta seo a leanas:

    3.    Cuirfear san áireamh san fhormhaoirseacht dhaonna rioscaí sonracha, leibhéal an uathoibrithe, agus comhthéacs an chórais intleachta saorga agus áiritheofar í trí cheann amháin nó trí gach ceann de na cineálacha beart seo a leanas:

    Leasú 317

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.    Trí na bearta dá dtagraítear i mír 3, maidir leis na daoine aonair a mbeidh formhaoirseacht dhaonna sannta dóibh, beidh siad in ann an méid seo a leanas a dhéanamh de réir mar is iomchuí sna himthosca :

    4.    Chun míreanna 1 go 3 a chur chun feidhme, déanfar an córas intleachta saorga ardriosca a sholáthar don úsáideoir sa chaoi go mbeidh daoine nádúrtha a mbeidh formhaoirseacht dhaonna sannta dóibh, de réir mar is iomchuí agus comhréireach leis na himthosca, a chumasú an méid seo a leanas a dhéanamh:

    Leasú 318

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    tuiscint iomlán a fháil ar inniúlachtaí agus ar theorainneacha an chórais intleachta saorga ardriosca agus a bheith in ann faireachán cuí a dhéanamh ar oibriú an chórais sin, sa chaoi go mbeifear in ann aimhrialtachtaí, mífheidhmithe agus feidhmíocht gan choinne a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu a luaithe is féidir;

    (a)

    a bheith eolach agus tuiscint leordhóthanach a fháil ar inniúlachtaí agus ar theorainneacha ábhartha an chórais intleachta saorga ardriosca agus a bheith in ann faireachán cuí a dhéanamh ar oibriú an chórais sin, sa chaoi go mbeifear in ann aimhrialtachtaí, mífheidhmithe agus feidhmíocht gan choinne a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu a luaithe is féidir;

    Leasú 319

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais intleachta saorga ardriosca nó an córas a idirbhriseadh trí chnaipe ‘stad’ nó trí nós imeachta eile den chineál sin.

    (e)

    a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais intleachta saorga ardriosca nó an córas a idirbhriseadh trí chnaipe ‘stad’ nó trí nós imeachta eile den chineál sin lenar féidir leis an gcóras teacht chun stad ar bhealach sábháilte, ach amháin más rud é go gcuirfeadh cur isteach an duine leis na rioscaí nó go mbeadh drochthionchar aige ar fheidhmíocht an chórais, agus aird á tabhairt ar úrscothacht ghnáthaitheanta .

    Leasú 320

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn III, beidh na bearta dá dtagraítear i mír 3 de chineál a áiritheoidh, ina theannta sin, nach ndéanfaidh an t-úsáideoir aon ghníomh ná cinneadh ar bhonn an tsainaitheantais a dhéanfar leis an gcóras mura mbeidh sé sin fíoraithe agus dearbhaithe ag beirt daoine nádúrtha ar a laghad.

    5.   Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn III, beidh na bearta dá dtagraítear i mír 3 de chineál a áiritheoidh, ina theannta sin, nach ndéanfaidh an t-úsáideoir aon ghníomh ná cinneadh ar bhonn an tsainaitheantais a dhéanfar leis an gcóras mura mbeidh sé sin fíoraithe agus dearbhaithe ag beirt daoine nádúrtha ar a laghad ag a bhfuil an inniúlacht, oiliúint agus údarás is gá .

    Leasú 321

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go mbainfidh siad amach, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála, agus go bhfeidhmeoidh siad go comhsheasmhach ar feadh a saolré.

    1.   Déanfar córais ardriosca IS a dhearadh agus a fhorbairt de réir phrionsabal na slándála trí dhearadh agus mar réamhshocrú. I bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, ba cheart dóibh leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta , sábháilteachta agus cibearshlándála a bhaint amach agus ba cheart dóibh feidhmiú go comhsheasmhach ar na bealaí sin ar feadh a saolré. Áireofar i gcomhlíonadh na gceanglas sin cur chun feidhme beart úrscothach, i gcomhréir leis an gcuid shonrach den mhargadh nó leis an raon feidhme.

    Leasú 322

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe teicniúla maidir leis an mbealach leis na leibhéil iomchuí chruinnis agus stóinseachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a thomhas, déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga údaráis náisiúnta agus idirnáisiúnta mhéadreolaíochta agus tagarmharcála a thabhairt le chéile agus soláthróidh sé treoir neamhcheangailteach ar an ábhar mar a leagtar amach in Airteagal 56, mír 2, pointe (a).

    Leasú 323

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1b.     Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh maidir leis an gcibearshlándáil, beidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) rannpháirteach in éineacht leis an mBord Eorpach um Intleacht Shaorga mar a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 2 d’Airteagal 56.

    Leasú 324

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Sna treoracha úsáide a ghabhann le córais intleachta saorga ardriosca dearbhófar a leibhéil chruinnis agus a méadrachtaí cruinnis ábhartha.

    2.   Sna treoracha úsáide a ghabhann le córais intleachta saorga ardriosca dearbhófar a leibhéil chruinnis agus a méadrachtaí cruinnis ábhartha. Beidh an teanga a úsáidfear soiléir, saor ó mhíthuiscintí nó ó ráitis mhíthreoracha.

    Leasú 325

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 3 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Beidh córais intleachta saorga ardriosca athléimneach a mhéid a bhaineann le hearráidí, fabhtanna nó neamhréireachtaí a d’fhéadfadh tarlú sa chóras nó sa timpeallacht ina n-oibríonn an córas, go háirithe mar gheall ar a n-idirghníomhú le daoine nádúrtha nó córais eile.

    Déanfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú go mbeidh córais intleachta saorga ardriosca chomh seasmhach agus is féidir maidir le hearráidí, lochtanna nó neamhréireachtaí a d’fhéadfadh tarlú sa chóras nó sa timpeallacht ina n-oibríonn an córas, go háirithe mar gheall ar a n-idirghníomhú le daoine nádúrtha nó le córais eile.

    Leasú 326

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 3 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Féadfar stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a bhaint amach trí réitigh iomarcaíochta teicniúla, lena bhféadfaí pleananna cúltaca nó pleananna atá slán i gcás teipe a áireamh.

    Féadfaidh an soláthraí iomchuí le hionchur ón úsáideoir, i gcás inar gá stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a bhaint amach trí réitigh iomarcaíochta teicniúla, lena bhféadfaí pleananna cúltaca nó pleananna atá slán i gcás teipe a áireamh.

    Leasú 327

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 3 – fomhír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, déanfar iad a fhorbairt ar bhealach lena n-áiritheofar go dtabharfar aghaidh go cuí, le bearta maolaithe iomchuí, ar aschuir a d’fhéadfadh a bheith claonta mar thoradh ar aschuir a úsáidtear mar ionchur le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo (‘lúbanna aischothaithe’).

    Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, déanfar iad a fhorbairt ar bhealach lena n-áiritheofar go dtabharfar aghaidh go cuí, le bearta maolaithe iomchuí, ar aschuir a d’fhéadfadh a bheith claonta agus a imríonn tionchar ar aschuir a úsáidtear mar ionchur le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo (‘lúbanna aischothaithe’) agus ionramháil mhailíseach ar ionchuir a úsáidtear san fhoghlaim le linn oibríochta .

    Leasú 328

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 4 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Beidh córais intleachta saorga ardriosca athléimneach maidir le hiarrachtaí tríú páirtithe a n-úsáid nó a bhfeidhmíocht a athrú trí theacht i dtír ar leochaileachtaí an chórais.

    Beidh córais intleachta saorga ardriosca athléimneach maidir le hiarrachtaí tríú páirtithe neamhúdaraithe a n-úsáid , a n-iompraíocht, a n-aschuir nó a bhfeidhmíocht a athrú trí theacht i dtír ar leochaileachtaí an chórais.

    Leasú 329

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 4 – fomhír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Maidir leis na réitigh theicniúla chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga, i gcás inarb iomchuí, áireofar sna réitigh sin bearta chun ionsaithe atá dírithe ar an tacar sonraí oiliúna a ionramháil (‘nimhiú sonraí’), ionchuir atá ceaptha ionas go ndéanfadh an tsamhail botún mar gheall orthu (‘samplaí sáraíochta’), nó lochtanna na samhla, a  chosc agus a rialú .

    Maidir leis na réitigh theicniúla chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga, áireofar iontu sin, i gcás inarb iomchuí, bearta chun ionsaithe atá ag iarraidh ionramháil a dhéanamh ar an tacar sonraí oiliúna (‘nimhiú sonraí’) a chosc , a bhrath, freagairt orthu, a réiteach agus rialú lena n-aghaidh, nó comhpháirteanna réamhoilte a úsáidtear san oiliúint (‘nimhiú samhla’), ionchuir atá ceaptha ionas go ndéanfadh an tsamhail botún mar gheall orthu (‘samplaí sáraíochta’ nó ‘imghabháil samhla’ ), ionsaithe rúndachta nó lochtanna samhla, a  bhféadfadh cinnteoireacht dhíobhálach a bheith mar thoradh orthu .

    Leasú 330

    Togra le haghaidh rialacháin

    Teideal III – Caibidil 3 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    OIBLEAGÁIDÍ SHOLÁTHRAITHE AGUS ÚSÁIDEOIRÍ NA gCÓRAS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA mar aon le páirtithe eile

    OIBLEAGÁIDÍ SHOLÁTHRAITHE AGUS IMSCARTHÓIRÍ NA gCÓRAS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA MAR AON LE PÁIRTITHE EILE

    Leasú 331

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Oibleagáidí sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca

    Oibleagáidí sholáthraithe agus imscarthóirí na gcóras intleachta saorga ardriosca mar aon le páirtithe eile

    Leasú 332

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    a áirithiú go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo;

    (a)

    a áirithiú go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo , sula gcuirfear ar an margadh iad nó i mbun seirbhíse ;

    Leasú 333

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus a seoladh agus a bhfaisnéis teagmhála a lua ar an gcóras intleachta saorga ardriosca nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an doiciméadacht a ghabhann leis, de réir mar is iomchuí;

    Leasú 334

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe a b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ab)

    a áirithiú, maidir le daoine nádúrtha a sanntar maoirseacht dhaonna ar chórais intleachta saorga ardriosca dóibh, go gcuirfear iad ar an eolas go sonrach faoin riosca a bhaineann le claontacht uathoibrithe nó claontacht deimhniúcháin;

    Leasú 335

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe a c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ac)

    sonraíochtaí a sholáthar le haghaidh na sonraí ionchuir, nó aon fhaisnéis ábhartha eile i dtéarmaí na dtacar sonraí a úsáidtear, lena n-áirítear a dteorannú agus a dtoimhdí, agus an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus a mhí-úsáidí intuartha agus intuartha le réasún á gcur san áireamh;

    Leasú 336

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    doiciméadacht theicniúil an chórais intleachta saorga ardriosca a tharraingt suas;

    (c)

    doiciméadacht theicniúil an chórais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 11 a tharraingt suas agus a choinneáil ;

    Leasú 337

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    logaí arna nginiúint go huathoibríoch ag a chóras intleachta saorga ardriosca a choimeád nuair atá siad faoina rialú;

    (d)

    logaí arna nginiúint go huathoibríoch ag a chóras intleachta saorga ardriosca a choimeád nuair atá siad faoina rialú , ar logaí iad a bhfuil gá leo chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus a léiriú, i gcomhréir le hAirteagal 20 ;

    Leasú 338

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar a chóras intleachta saorga ardriosca sula gcuirfear ar an margadh é nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é;

    (e)

    a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar a chóras intleachta saorga ardriosca sula gcuirfear ar an margadh é nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é , i gcomhréir le hAirteagal 43 ;

    Leasú 339

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe e a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ea)

    dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le Airteagal 48;

    Leasú 340

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe e b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (eb)

    an mharcáil CE a ghreamú den chóras intleachta saorga ardriosca chun comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 49;

    Leasú 341

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe g

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (g)

    na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh mura bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo ;

    (g)

    na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 21 agus faisnéis a sholáthar ina leith sin ;

    Leasú 342

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe h

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (h)

    údaráis inniúla an Bhallstáit inar chuir sé an córas intleachta saorga ar fáil, nó inar chuir siad é i mbun seirbhíse, agus i gcás inarb iomchuí, an comhlacht a dtugtar fógra dó, a chur ar an eolas faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh;

    scriosta

    Leasú 343

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (i)

    an mharcáil CE a ghreamú dá chóras intleachta saorga ardriosca chun comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 49;

    scriosta

    Leasú 344

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe j

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (j)

    arna iarraidh sin d’ údarás inniúil náisiúnta, comhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo a léiriú.

    (j)

    ar iarraidh réasúnaithe ó údarás maoirseachta náisiúnta, comhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo a léiriú.

    Leasú 345

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe j a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ja)

    a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais inrochtaineachta.

    Leasú 346

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca córas bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Déanfar an córas sin a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus in ord, i bhfoirm beartais , nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn, agus beidh , ar laghad, na gnéithe seo a leanas san áireamh leis sin :

    1.    Tá córas bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca lena n-áirithítear comhlíonadh an Rialacháin seo. Déanfar é a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus ordúil i bhfoirm beartas , nósanna imeachta treoracha i scríbhinn, agus is féidir é a ionchorprú i gcóras bainistíochta cáilíochta atá ann cheana faoi ghníomhartha reachtacha earnála an Aontais. Beidh na gnéithe seo a leanas i gceist leis:

    Leasú 347

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    straitéis maidir le comhlíonadh rialála, lena n-áirítear comhlíonadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na nósanna imeachta chun modhnuithe ar na córais intleachta saorga a bhainistiú;

    scriosta

    Leasú 348

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear caighdeáin, atá le cur i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm ina n-iomláine, na modhanna atá le húsáid chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo;

    (e)

    sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear caighdeáin, atá le cur i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm ina n-iomláine nó nach gcumhdófar na ceanglais ábhartha uile leo , na modhanna atá le húsáid chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo;

    Leasú 349

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe f

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (f)

    córais agus nósanna imeachta um bainistíocht sonraí, lena n-áirítear bailiú sonraí, anailísíocht sonraí, lipéadú sonraí, stóráil sonraí, scagadh sonraí, mianadóireacht sonraí, comhiomlánú sonraí, coinneáil sonraí agus aon oibríocht eile maidir leis na sonraí a fheidhmítear roimh chórais ardriosca intleachta saorga a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse agus chun na gcríoch sin;

    (f)

    córais agus nósanna imeachta um bainistíocht sonraí, lena n-áirítear fáil sonraí, bailiú sonraí, anailísíocht sonraí, lipéadú sonraí, stóráil sonraí, scagadh sonraí, mianadóireacht sonraí, comhiomlánú sonraí, coinneáil sonraí agus aon oibríocht eile maidir leis na sonraí a fheidhmítear roimh chórais ardriosca intleachta saorga a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse agus chun na gcríoch sin;

    Leasú 350

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe j

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (j)

    cumarsáid le húdaráis inniúla náisiúnta , le húdaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis earnála, a láimhseáil , trí rochtain a thabhairt ar shonraí nó trí thacú léi, le comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh, le hoibreoirí eile, le custaiméirí nó le páirtithe leasmhara eile ;

    (j)

    cumarsáid le húdaráis inniúla ábhartha , lena n-áirítear údaráis earnála, a láimhseáil;

    Leasú 351

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Beidh cur chun feidhme na ngnéithe dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le méid eagraíocht an tsoláthraí.

    2.   Beidh cur chun feidhme na ngnéithe dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le méid eagraíocht an tsoláthraí. Urramóidh soláthraithe i ngach cás an déine agus an leibhéal cosanta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a gcórais intleachta saorga an Rialachán seo.

    Leasú 352

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    An oibleagáid maidir le doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

    scriosta

    Leasú 353

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.     Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11 a tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

    scriosta

    Leasú 354

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.     Maidir le soláthraithe ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, déanfaidh siad an doiciméadacht theicniúil a choimeád ar bun mar chuid den doiciméadacht a bhaineann le rialachas inmheánach, socruithe, próisis agus sásraí de bhun Airteagal 74 den Treoir sin.

    scriosta

    Leasú 355

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 19

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Airteagal 19

    scriosta

    Measúnú comhréireachta

     

    1.     Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar a gcórais i gcomhréir le hAirteagal 43 sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. I gcás inar léiríodh comhlíontacht na gcóras intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo tar éis an mheasúnaithe comhréireachta sin, tarraingeoidh na soláthraithe suas dearbhú comhréireachta AE i gcomhréir le hAirteagal 48 agus déanfaidh siad an mharcáil comhréireachta CE a ghreamú de i gcomhréir le hAirteagal 49.

     

    2.     Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a chuireann soláthraithe ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus ar institiúidí creidmheasa iad na soláthraithe sin a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, déanfar an measúnú comhréireachta mar chuid den nós imeachta dá dtagraítear in Airteagail 97 go 101 den Treoir sin.

     

    Leasú 356

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 20 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca, coimeádfaidh siad na logaí a ghintear go huathoibríoch lena gcóras intleachta saorga ardriosca, sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú de bhua socrú conarthach leis an úsáideoir nó ar shlí eile de réir an dlí. Coimeádfar na logaí ar feadh tréimhse is iomchuí i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca agus i bhfianaise na n-oibleagáidí dlí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta .

    1.   Maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca, coimeádfaidh siad na logaí a ghintear go huathoibríoch lena gcóras intleachta saorga ardriosca, sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú . Gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta is infheidhme, coinneofar na logaí ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad. Beidh an tréimhse choinneála i gcomhréir le caighdeáin tionscail agus iomchuí maidir leis an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.

    Leasú 357

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 21 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Soláthraithe córas intleachta saorga a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i mbun seirbhíse i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a astarraingt nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh siad na dáileoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe agus na hallmhaireoirí, ar an eolas faoin gcóras intleachta saorga ardriosca dá réir sin.

    Soláthraithe córas intleachta saorga a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i mbun seirbhíse i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a aistarraing, chun é a dhíchumasú nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

     

    Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír, cuirfidh soláthraithe iad seo a leanas ar an eolas láithreach:

     

    a.

    na dáileoirí;

     

    b.

    na hallmhaireoirí;

     

    c.

    údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an córas intleachta saorga ar fáil nó inar chuir siad i mbun seirbhíse é; agus

     

    d.

    i gcás inar féidir, an t-imscarthóir.

    Leasú 358

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 21 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Cuirfidh na soláthraithe an t-ionadaí údaraithe ar an eolas freisin, i gcás inar ceapadh ceann i gcomhréir le hAirteagal 25, agus cuirfear an comhlacht faoina dtugtar fógra ar an eolas freisin más rud é go raibh gá measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 43. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh siad imscrúdú freisin ar na cúiseanna i gcomhar leis an imscarthóir.

    Leasú 359

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 22 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I gcás ina bhfuil riosca ag baint le córas intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 65(1) agus gurb eol do sholáthraí an chórais an riosca sin, cuirfidh an soláthraí sin údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir sé an córas ar fáil ar an eolas, mar aon leis an gcomhlacht a dtugtar fógra a d’eisigh deimhniú don chóras intleachta, i gcás inarb iomchuí, go háirithe maidir leis an neamhchomhlíonadh agus maidir le haon bheart ceartaitheach a rinneadh.

    I gcás ina bhfuil riosca ag baint le córas intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 65(1) agus go dtagann soláthraí an chórais ar an eolas faoin riosca sin, cuirfidh an soláthraí sin údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát inar chuir sé an córas ar fáil ar an eolas faoi , mar aon leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra a d’eisigh deimhniú don chóras intleachta, i gcás inarb iomchuí, go háirithe maidir le cineál an neamhchomhlíonta agus aon bheart ceartaitheach ábhartha a rinneadh.

    Leasú 360

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 22 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír, cuirfidh soláthraithe an chórais intleachta saorga ardriosca iad seo a leanas ar an eolas láithreach:

     

    a)

    na dáileoirí;

     

    b)

    na hallmhaireoirí;

     

    c)

    údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an córas intleachta saorga ar fáil nó inar chuir siad i mbun seirbhíse é; agus

     

    (d)

    i gcás inar féidir, na himscarthóirí.

    Leasú 361

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 22 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Cuirfidh na soláthraithe an t-ionadaí údaraithe ar an eolas freisin, i gcás inar ceapadh ceann i gcomhréir le hAirteagal 25.

    Leasú 362

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 23 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Comhar le húdaráis inniúla

    Comhar le húdaráis inniúla , leis an Oifig agus leis an gCoimisiún

    Leasú 363

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 23 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca, arna iarraidh sin d’ údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh siad an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá ar fáil don údarás sin chun a léiriú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i  gCaibidil 2 den Teideal seo, i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó údaráis inniúla náisiúnta, tabharfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca rochtain don údarás sin ar na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca, sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú de bhua socrú conarthach leis an úsáideoir nó ar shlí eile de réir an dlí.

    Déanfaidh soláthraithe agus, i gcás inarb infheidhme, imscarthóirí na gcóras intleachta saorga ardriosca, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta nó i gcás inarb infheidhme , ón Oifig um Intleacht Shaorga don Bhord nó ón gCoimisiún, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i  gCaibidil 2 den Teideal seo a chur ar fáil dóibh i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

    Leasú 364

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 23 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás inniúil náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, ón gCoimisiún, ó sholáthraithe agus, i gcás inarb infheidhme, ó imscarthóirí, tabharfaidh siad rochtain freisin don údarás inniúil náisiúnta iarrthach nó don Choimisiún, de réir mar is infheidhme, ar na logaí arna nginiúint go huathoibríoch ag an gcóras intleachta saorga ardriosca, sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú.

    Leasú 365

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 23 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Aon fhaisnéis a gheobhaidh údarás inniúil náisiúnta nó an Coimisiún de bhun fhorálacha an Airteagail seo, measfar gur rún trádála í agus caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 70.

    Leasú 366

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Sula gcuirfí a gcórais intleachta saorga ar fáil san Aontas, i gcás nach féidir an t-allmhaireoir a shainaithint, ainmneoidh soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas, trí shainordú i scríbhinn.

    1.   Sula gcuirfí a gcórais intleachta saorga ar fáil san Aontas, ainmneoidh soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas, trí shainordú i scríbhinn.

    Leasú 367

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Beidh cónaí ar an ionadaí údaraithe i gceann de na Ballstáit ina bhfuil na gníomhaíochtaí de bhun Airteagal 2, mír 1(cb) ar siúl nó beidh sé bunaithe ann.

    Leasú 368

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1b.     Tabharfaidh an soláthraí na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá dá ionadaí údaraithe chun a chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

    Leasú 369

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Leis an sainordú, tabharfar de chumhacht don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

    2.   Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna iarraidh sin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais a chinnfidh an t-údarás náisiúnta inniúil. Chun críocha an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht, leis an sainordú, don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

    Leasú 370

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    cóip den dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil a  choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta agus na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 63(7) ;

    (a)

    a áirithiú gur dréachtaíodh dearbhú comhréireachta AE agus go ndearnadh an doiciméadacht theicniúil a  tharraingt suas agus go bhfuil nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta curtha i gcrích ag an soláthraí ;

    Leasú 371

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    cóip de dhearbhú comhréireachta AE, an doiciméadacht theicniúil agus, más infheidhme, an deimhniú a d’eisigh an comhlacht faoina dtugtar fógra a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta agus do na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 63(7);

    Leasú 372

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    ar iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur ar fáil d’údarás inniúil náisiúnta chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, lena n-áirítear rochtain ar na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí de bhua socrú conarthach leis an úsáideoir nó ar shlí eile de réir an dlí ;

    (b)

    ar iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur ar fáil d’údarás inniúil náisiúnta chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, lena n-áirítear rochtain ar na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí;

    Leasú 373

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    comhoibriú le húdaráis náisiúnta inniúla , ar iarraidh réasúnaithe, maidir le haon bheart a dhéanfaidh na húdaráis sin i ndáil leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sin.

    (c)

    comhoibriú le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ar iarraidh réasúnaithe, maidir le haon bheart a dhéanfaidh an t-údarás chun na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a laghdú agus a mhaolú;

    Leasú 374

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – pointe c a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ca)

    i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáidí clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51 a chomhlíonadh nó, más é an soláthraí féin a dhéanann an clárú, a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VIII ceart.

    Leasú 375

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Tabharfar sainordú, go háirithe, don údarás maoirseachta náisiúnta nó do na húdaráis inniúla náisiúnta aghaidh a thabhairt ar an ionadaí údaraithe, de bhreis ar an soláthraí nó ina ionad, maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

    Leasú 376

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2b.     Foirceannfaidh an t-ionadaí údaraithe an sainordú má mheasann sé, nó má tá cúis aige lena mheas, go bhfuil an soláthraí ag gníomhú ar neamhréir lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. I gcás den sórt sin, cuirfidh sé údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra, ar an eolas láithreach faoi fhoirceannadh an tsainordaithe agus faoi na cúiseanna atá leis.

    Leasú 377

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Sula gcuirfear córas intleachta saorga ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí córais den sórt sin an méid seo a leanas:

    1.   Sula gcuirfear córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí an chórais sin go bhfuil córas den sórt sin i gcomhréir leis an Rialachán seo tríd an méid seo a leanas a áirithiú :

    Leasú 378

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    gur chuir soláthraí an chórais intleachta saorga sin an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta i bhfeidhm

    (a)

    go ndearna soláthraí an chórais intleachta saorga sin an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 43

    Leasú 379

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    gur tharraing an soláthraí suas an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV ;

    (b)

    gur tharraing an soláthraí suas an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Iarscríbhinn IV ;

    Leasú 380

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 1 – pointe c a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ca)

    i gcás inarb infheidhme, go mbeidh ionadaí údaraithe ceaptha ag an soláthraí i gcomhréir le hAirteagal 25(1).

    Leasú 381

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   I gcás ina measann allmhaireoir, nó a bhfuil cúis aige a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní chuirfidh sé an córas ar an margadh go dtí go mbeidh an córas intleachta saorga sin tugtha chun comhréireachta. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 65(1), cuirfidh an t-allmhaireoir soláthraí an chórais intleachta saorga agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.

    2.   I gcás ina measann allmhaireoir, nó a bhfuil cúis aige a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó gur córas góchumtha é, nó go bhfuil doiciméadacht fhalsaithe ag gabháil leis, ní chuirfidh sé an córas ar an margadh go dtí go mbeidh an córas intleachta saorga sin tugtha chun comhréireachta. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 65(1), cuirfidh an t-allmhaireoir soláthraí an chórais intleachta saorga agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.

    Leasú 382

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Déanfaidh allmhaireoirí a léiriú sa chóras intleachta saorga, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála , nó i gcás nach bhféadfar é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó sa doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras.

    3.   Déanfaidh allmhaireoirí a léiriú sa chóras intleachta saorga, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála agus ar an bpacáistíocht nó sa doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras , i gcás inarb infheidhme .

    Leasú 383

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Ar iarraidh réasúnaithe cuirfidh allmhaireoirí ar fáil d’údaráis inniúla an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, i dteanga is éasca don údarás inniúil náisiúnta sin a thuiscint, lena n-áirítear rochtain ar na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí de bhua socrú conarthach leis an úsáideoir nó ar shlí eile de réir an dlí. Comhoibreoidh siad leis na húdaráis sin freisin maidir le haon bheart a dhéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta i ndáil leis an gcóras sin.

    5.   Ar iarraidh réasúnaithe cuirfidh allmhaireoirí ar fáil d’údaráis inniúla an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, i dteanga is éasca dóibh a thuiscint, lena n-áirítear rochtain ar na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí i gcomhréir le Airteagal 20.

    Leasú 384

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5a.     Comhoibreoidh allmhaireoirí leis na húdaráis inniúla náisiúnta maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin chun na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a laghdú agus a mhaolú.

    Leasú 385

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Sula gcuirfidh dáileoirí córas intleachta saorga ardriosca ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad go bhfuil an mharcáil comhréireachta CE is gá sa chóras, go bhfuil an doiciméadacht agus na treoracha úsáide is gá ag gabháil leis, agus gur chomhlíon an soláthraí agus an t-allmhaireoir, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

    1.   Sula gcuirfidh dáileoirí córas intleachta saorga ardriosca ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad go bhfuil an mharcáil comhréireachta CE is gá sa chóras, go bhfuil an doiciméadacht agus na treoracha úsáide is gá ag gabháil leis, agus gur chomhlíon an soláthraí agus an t-allmhaireoir, de réir mar is infheidhme, a  gcuid oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo in Airteagail 16 agus 26 faoi seach .

    Leasú 386

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   I gcás ina measann dáileoir, nó a bhfuil cúis aige a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, ní chuirfidh sé an córas intleachta saorga ardriosca sin ar an margadh go dtí go mbeidh an córas sin tugtha chun comhréireachta leis na ceanglais sin. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras de réir bhrí Airteagal 65 (1), cuirfidh an dáileoir soláthraí nó allmhaireoir an chórais , de réir mar is infheidhme, ar an eolas faoi sin.

    2.   I gcás ina measann dáileoir, nó a bhfuil cúis aige a mheas, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, ní chuirfidh sé an córas intleachta saorga ardriosca sin ar an margadh go dtí go mbeidh an córas sin tugtha chun comhréireachta leis na ceanglais sin. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an gcóras de réir bhrí Airteagal 65 (1), cuirfidh an dáileoir an soláthraí nó an t-allmhaireoir den chóras , an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha, de réir mar is infheidhme, ar an eolas faoi sin.

    Leasú 387

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Dáileoir a mheasann, nó a bhfuil cúis aige a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir sé ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, déanfaidh sé na bearta ceartaitheacha is gá chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, chun é a astarraingt nó chun é a aisghairm, nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an soláthraí, an t-allmhaireoir nó aon oibreoir ábhartha, de réir mar is iomchuí, na bearta ceartaitheacha sin. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 65(1), cuirfidh an dáileoir údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir sé an táirge ar fáil ar an eolas maidir leis sin, agus tabharfaidh sé tuairisc, go háirithe, ar an neamhchomhlíonadh agus ar aon bheart ceartaitheach a rinneadh.

    4.   Dáileoir a mheasann, nó a bhfuil cúis aige a mheas, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir sé ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, déanfaidh sé na bearta ceartaitheacha is gá chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, chun é a astarraingt nó chun é a aisghairm, nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an soláthraí, an t-allmhaireoir nó aon oibreoir ábhartha, de réir mar is iomchuí, na bearta ceartaitheacha sin. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 65(1), cuirfidh an dáileoir an soláthraí nó an t-allmhaireoir den chóras agus údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir sé an táirge ar fáil ar an eolas láithreach maidir leis sin, agus tabharfaidh sé tuairisc, go háirithe, ar an neamhchomhlíonadh agus ar aon bheart ceartaitheach a rinneadh.

    Leasú 388

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh dáileoirí córas intleachta saorga ardriosca an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá ar fáil don údarás sin chun a léiriú go gcomhlíonann córas ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo. Comhoibreoidh dáileoirí leis an údarás inniúil náisiúnta sin freisin maidir le haon bheart a dhéanfaidh an t-údarás sin.

    5.   Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh dáileoirí an chórais intleachta saorga ardriosca an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile atá ina seilbh nó ar fáil dóibh ar fáil don údarás sin , i gcomhréir le hoibleagáidí dáileoirí mar a leagtar amach i mír 1, atá riachtanach chun a léiriú go gcomhlíonann córas ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo.

    Leasú 389

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5a.     Comhoibreoidh dáileoirí leis na húdaráis inniúla náisiúnta maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin chun na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a laghdú agus a mhaolú.

    Leasú 390

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Oibleagáidí dáileoirí, allmhaireoirí, úsáideoirí nó aon tríú páirtí

    Freagrachtaí feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga atá ag soláthraithe, dáileoirí, allmhaireoirí, imscarthóirí nó tríú páirtitheeile

    Leasú 391

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Measfar gur soláthraí é aon dáileoir, allmhaireoir, úsáideoir nó aon tríú páirtí eile chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí faoi Airteagal 16, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    1.   Measfar gur soláthraí córas intleachta saorga ardriosca é aon dáileoir, allmhaireoir, imscarthóir nó aon tríú páirtí eile chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí faoi Airteagal 16, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    Leasú 392

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    cuireann sé córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc ;

    (a)

    cuireann sé a ainm nó a thrádmharc ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana ;

    Leasú 393

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    modhnaíonn sé an chríoch a beartaíodh do chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana;

    (b)

    déanann sé modhnú substaintiúil ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana agus ar bhealach go leanfaidh sé de bheith ina chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6 ;

    Leasú 394

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 –mír 1 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    déanann sé modhnú substaintiúil ar chóras intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, nach bhfuil aicmithe mar chóras ardriosca agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana ar bhealach a fhágann go mbeidh an córas intleachta saorga ina chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6

    Leasú 395

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Sna himthosca dá dtagraítear i mír 1, pointe ( b ) nó ( c ), ní mheasfar a thuilleadh gur soláthraí chun críocha an Rialacháin seo é an soláthraí a chuir an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh ar dtús nó i mbun seirbhíse ar dtús.

    2.   Sna himthosca dá dtagraítear i mír 1, pointe ( a ) nó ( ba ), ní mheasfar a thuilleadh gur soláthraí an chórais intleachta saorga áirithe sin chun críocha an Rialacháin seo é an soláthraí a chuir an córas intleachta saorga ar an margadh ar dtús nó i mbun seirbhíse ar dtús. Soláthróidh an t-iarsholáthraí sin don soláthraí nua an doiciméadacht theicniúil agus an fhaisnéis ábhartha uile eile a bhfuiltear ag súil leo go réasúnta faoi chumais an chórais intleachta saorga, rochtain theicniúil nó cúnamh eile bunaithe ar an úrscothacht ghnáthaitheanta is gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

     

    Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le soláthraithe bunsamhlacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3 nuair a dhéantar an bhunsamhail a chomhtháthú go díreach i gcóras intleachta saorga ardriosca.

    Leasú 396

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Déanfaidh soláthraí córais intleachta saorga ardriosca agus an tríú páirtí a sholáthraíonn uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear sa chóras intleachta saorga ardriosca, trí chomhaontú i scríbhinn, an fhaisnéis, na cumais, an rochtain theicniúil, agus/nó an cúnamh eile a shonrú, bunaithe ar an úrscothacht ghnáthaitheanta, a cheanglaítear ar an tríú páirtí a sholáthar chun a chur ar chumas sholáthraí an chórais intleachta saorga ardriosca na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán.

     

    Déanfaidh an Coimisiún téarmaí conarthacha eiseamláireacha neamhcheangailteacha a fhorbairt agus a mholadh idir soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca agus tríú páirtithe a sholáthraíonn uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcórais intleachta saorga ardriosca, chun cabhrú leis an dá pháirtí conarthaí a dhréachtú agus a chaibidliú ag a mbeidh cearta agus oibleagáidí conarthacha cothroma, a bheidh i gcomhréir le leibhéal rialaithe gach páirtí. Nuair a bheidh téarmaí conarthacha eiseamláireacha neamhcheangailteacha á bhforbairt, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ceanglais chonarthacha a d’fhéadfadh a bheith infheidhme in earnálacha sonracha nó i gcásanna gnó sonracha. Foilseofar na téarmaí conarthacha neamhcheangailteacha agus beidh siad ar fáil saor in aisce i bhformáid leictreonach sho-úsáidte ar shuíomh gréasáin na hOifige um Intleacht Shaorga.

    Leasú 397

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – mír 2 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2b.     Chun críocha an Airteagail seo, déanfar rúin trádála a chaomhnú agus ní nochtfar iad ach amháin ar choinníoll go ndéanfar gach beart sonrach is gá de bhun Threoir (AE) 2016/943 roimh ré chun a rúndacht a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe. I gcás inar gá, is féidir socruithe teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chomhaontú chun cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a chosaint.

    Leasú 398

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 28a

     

    Téarmaí éagóracha conarthacha a fhorchuirtear go haontaobhach ar FBM nó ar ghnólacht nuathionscanta

     

    1.     Téarma conarthach a bhaineann le soláthar uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcóras intleachta saorga ardriosca nó na leigheasanna ar shárú nó ar fhoirceannadh oibleagáidí gaolmhara arna bhforchur go haontaobhach ag fiontar ar FBM nó ar ghnólacht nuathionscanta, ní bheidh sé ina cheangal ar an bhfiontar deiridh sin má tá sé éagórach.

     

    2.     Ní mheasfar téarma conarthach a bheith éagórach i gcás ina n-eascraíonn sé as dlí an Aontais is infheidhme.

     

    3.     Tá téarma conarthach éagórach má tá sé den chineál sin go gcuireann sé isteach go hoibiachtúil ar chumas an pháirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach a leas tráchtála dlisteanach a chosaint san fhaisnéis atá i gceist nó má imíonn a úsáid go mór ó dhea-chleachtas tráchtála i soláthar uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcóras intleachta saorga ardriosca, atá contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil nó má chruthaítear éagothroime shuntasach idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe sa chonradh. Tá téarma conarthach éagórach freisin má tá sé d’éifeacht aige go n-aistreofaí na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 71 nó costais dlíthíochta ghaolmhara thar pháirtithe sa chonradh, dá dtagraítear in Airteagal 71(8).

     

    4.     Tá téarma conarthach éagórach chun críoch an Airteagail seo más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

     

    (a)

    dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach maidir le gníomhartha intinneacha nó le mórfhaillí a eisiamh nó a theorannú;

     

    (b)

    maidir leis an bpáirtí ar a ndearnadh an téarma a fhorchur go haontaobhach i gcás neamhchomhlíonadh oibleagáidí conarthacha, na leigheasanna atá ar fáil don pháirtí sin a eisiamh nó maidir le dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, an dliteanas sin a eisiamh;

     

    (c)

    an ceart eisiach a thabhairt don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun a chinneadh an bhfuil an doiciméadacht theicniúil agus an fhaisnéis a sholáthraítear comhréireach leis an gconradh nó chun aon téarma den chonradh a léirmhíniú.

     

    5.     Measfar téarma conarthach a bheith forchurtha go haontaobhach de réir bhrí an Airteagail seo más rud é gur sholáthair páirtí conarthach amháin é agus nach raibh an páirtí conarthach eile in ann tionchar a imirt ar a inneachar in ainneoin iarracht a dhéanamh é a chaibidliú. An páirtí conarthach a sholáthair téarma conarthach, beidh sé de dhualgas air a chruthú nach ndearnadh an téarma sin a fhorchur go haontaobhach.

     

    6.     I gcás inar féidir an téarma conarthach éagórach a dhealú ón gcuid eile de théarmaí an chonartha, beidh na téarmaí atá fágtha ceangailteach i gcónaí. Ní dhéanfaidh an páirtí a sholáthair an téarma faoi chonspóid argóint gur téarma éagórach é an téarma.

     

    7.     Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gach conradh nua a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh gnólachtaí athbhreithniú ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana atá faoi réir an Rialacháin seo faoin…[trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

     

    8.     I bhfianaise a thapúla a thagann nuálaíochtaí ar am margadh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar liosta na dtéarmaí conarthacha éagóracha laistigh d’Airteagal 28a agus tabharfar cothrom le dáta é do chleachtais ghnó nua más gá.

    Leasú 399

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 28 b

     

    Oibleagáidí soláthraí bunsamhla

     

    1.     Áiritheoidh soláthraí bunsamhla, sula gcuirfear ar fáil ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse í, go mbeidh an tsamhail i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo, is cuma cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear í mar shamhail neamhspleách nó leabaithe i gcóras intleachta saorga nó i dtáirge, nó a sholáthraítear faoi cheadúnais shaor in aisce agus foinse oscailte, mar sheirbhís, mar aon le bealaí dáileacháin eile.

     

    2.     Chun críche mhír 1, déanfaidh soláthraí bunsamhla an méid seo a leanas:

     

    (a)

    a léiriú trí dhearadh, trí thástáil agus trí anailís iomchuí go ndéanfar rioscaí atá intuartha le réasún don tsláinte, don tsábháilteacht, do chearta bunúsacha, don chomhshaol agus don daonlathas agus don smacht reachta a shainaithint, a laghdú agus a mhaolú roimh ré agus le linn na forbartha trí mhodhanna iomchuí amhail rannpháirtíocht saineolaithe neamhspleácha, chomh maith le rioscaí neamh-inmhaolaithe atá fágtha tar éis forbartha a dhoiciméadú;

     

    (b)

    gan ach tacair sonraí a phróiseáil agus a ionchorprú, ar tacair sonraí iad atá faoi réir bearta iomchuí rialachais sonraí le haghaidh bunsamhlacha, go háirithe bearta chun scrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht na bhfoinsí sonraí agus ar na claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar mhaolú iomchuí;

     

    (c)

    an bhunsamhail a dhearadh agus a fhorbairt chun leibhéil iomchuí feidhmíochta, intuarthachta, léirmhínitheachta, incheartaitheachta, sábháilteachta agus cibearshlándála a bhaint amach le linn a saolré, arna measúnú trí mhodhanna iomchuí amhail meastóireacht samhla le rannpháirtíocht saineolaithe neamhspleácha, anailís dhoiciméadaithe, agus tástáil fhorleathan le linn coincheapú, dearadh agus forbairt;

     

    (d)

    an bhunsamhail a dhearadh agus a fhorbairt, agus úsáid á baint as na caighdeáin is infheidhme chun úsáid fuinnimh, úsáid acmhainní agus dramhaíl a laghdú, chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais a mhéadú, gan dochar do dhlí ábhartha an Aontais agus don dlí ábhartha náisiúnta atá ann cheana. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin sula bhfoilseofar na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 40. Dearfar bunsamhlacha le cumais lenar féidir tomhaltas fuinnimh agus acmhainní a thomhas agus a logáil, agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, an tionchar eile ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh a bheith ag imscaradh agus úsáid na gcóras thar a saolré iomlán;

     

    (e)

    doiciméadacht theicniúil chuimsitheach agus treoracha úsáide intuigthe a tharraingt suas, chun a chur ar chumas na soláthraithe iartheachtacha a n-oibleagáidí de bhun Airteagail 16 agus 28(1) a chomhlíonadh;

     

    (f)

    córas bainistíochta cáilíochta a bhunú chun comhlíonadh an Airteagail seo a áirithiú agus a dhoiciméadú, leis an bhféidearthacht trialacha a dhéanamh maidir le comhlíonadh an cheanglais seo,

     

    (g)

    an bhunsamhail sin a chlárú sa bhunachar sonraí AE dá dtagraítear in Airteagal 60, i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, pointe C.

     

    Agus na ceanglais sin á gcomhlíonadh, cuirfear an úrscothacht ghnáthaitheanta san áireamh, lena n-áirítear mar a léirítear i gcaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i sonraíochtaí comhchoiteanna, chomh maith leis na modhanna measúnaithe agus tomhais is déanaí, a léirítear go háirithe sa treoir tagarmharcála agus sna cumais tagarmharcála dá dtagraítear in Airteagal 58a;

     

    3.     Déanfaidh soláthraithe bunsamhlacha, ar feadh tréimhse a chríochnóidh 10 mbliana tar éis a mbunsamhlacha a bheith curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís, an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i mír 2(e) a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta

     

    4.     Ina theannta sin, soláthraithe bunmhúnlaí a úsáidtear i gcórais intleachta saorga a bhfuil sé beartaithe go sonrach leo, le leibhéil éagsúla neamhspleáchais, ábhar amhail téacs, íomhánna, fuaime nó físeán casta (‘intleacht shaorga ghiniúnach’) a ghiniúint agus soláthraithe a dhéanann speisialtóireacht ar bhunsamhalacha i gcóras intleachta saorga giniúnaí, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

     

    a)

    na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 52(1) a chomhlíonadh,

     

    b)

    oiliúint a dhéanamh maidir leis an mbunsamhail, agus i gcás inarb infheidhme, an bhunsamhail a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach lena n-áiritheofar coimircí leormhaithe i gcoinne ábhar a ghiniúint de shárú ar dhlí an Aontais i gcomhréir leis an úrscothacht ghnáthaitheanta, agus gan dochar do chearta bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh,

     

    c)

    achoimre atá mionsonraithe go leor ar úsáid sonraí oiliúna atá faoi chosaint faoi dhlí an chóipchirt a dhoiciméadú agus a chur ar fáil go poiblí, gan dochar do reachtaíocht an Aontais nó don reachtaíocht náisiúnta, nó do reachtaíocht an Aontais maidir le cóipcheart.

    Leasú 400

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Bainfidh úsáideoirí córas intleachta saorga úsáid as na córais sin i gcomhréir leis na treoracha úsáide a ghabhann leo, de bhun mhíreanna 2 agus 5.

    1.    Déanfaidh imscarthóirí córas intleachta saorga ardriosca bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú go n-úsáidfidh siad na córais sin i gcomhréir leis na treoracha úsáide a ghabhann leo, de bhun mhíreanna 2 agus 5 den Airteagal seo .

    Leasú 401

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     A mhéid a fheidhmíonn imscarthóirí rialú ar an gcóras intleachta saorga ardriosca, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

     

    (i)

    formhaoirseacht dhaonna a chur chun feidhme de réir na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo;

     

    (ii)

    a áirithiú, maidir leis na daoine nádúrtha a sanntar dóibh formhaoirseacht dhaonna a dhéanamh ar an intleacht shaorga ardriosca inniúil, go mbeidh siad inniúil, cáilithe agus oilte go cuí, agus go mbeidh na hacmhainní is gá acu chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar an gcóras intleachta saorga i gcomhréir le hAirteagal 14;

     

    (iii)

    a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar bhearta ábhartha iomchuí stóinseachta agus cibearshlándála maidir le héifeachtacht agus go ndéanfar iad a choigeartú nó a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

    Leasú 402

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Tá na hoibleagáidí i  mír 1 gan dochar d’oibleagáidí eile úsáideoirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta agus do rogha an úsáideora a acmhainní féin agus a ghníomhaíochtaí féin a eagrú chun na bearta formhaoirseachta daonna arna gcur in iúl ag an soláthraí a chur chun feidhme.

    2.   Tá na hoibleagáidí i  míreanna 1 agus 1a gan dochar d’oibleagáidí eile imscarthóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta agus do rogha an imscarthóra a acmhainní féin agus a ghníomhaíochtaí féin a eagrú chun na bearta formhaoirseachta daonna arna gcur in iúl ag an soláthraí a chur chun feidhme.

    Leasú 403

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Gan dochar do mhír 1, sa mhéid go bhfeidhmíonn an t-úsáideoir smacht ar na sonraí ionchuir, áiritheoidh an t-úsáideoir sin go mbeidh na sonraí ionchuir ábhartha i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.

    3.   Gan dochar do mhír 1 agus 1a , sa mhéid go bhfeidhmíonn an t-imscarthóir smacht ar na sonraí ionchuir, áiritheoidh an t-imscarthóir sin go mbeidh na sonraí ionchuir ábhartha agus ionadaíoch go leordhóthanach i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.

    Leasú 404

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Déanfaidh úsáideoirí faireachán ar oibriú an chórais intleachta saorga ardriosca ar bhonn na dtreoracha úsáide. Nuair a bheidh cúiseanna acu chun a mheas go bhféadfadh riosca a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 65(1) mar thoradh ar an úsáid i gcomhréir leis na treoracha úsáide, cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir ar an eolas agus cuirfidh siad úsáid an chórais ar fionraí. Cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir ar an eolas freisin nuair a shainaithníonn siad aon teagmhas tromchúiseach nó aon mhífheidhmiú de réir bhrí Airteagal 62 agus nuair a idirbhriseann siad úsáid an chórais intleachta saorga. Mura féidir leis an úsáideoir teagmháil a dhéanamh leis an tsoláthraí, beidh feidhm ag Airteagal 62 mutatis mutandis.

    4.   Déanfaidh imscarthóirí faireachán ar oibriú an chórais intleachta saorga ardriosca ar bhonn na dtreoracha úsáide agus, i gcás inarb ábhartha, cuirfidh siad na soláthróirí ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 61 . Nuair a bheidh cúiseanna acu chun a mheas go bhféadfadh riosca a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 65(1) mar thoradh ar an úsáid i gcomhréir leis na treoracha úsáide, cuirfidh siad , gan mhoill mhíchuí, an soláthraí nó an dáileoir agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ábhartha ar an eolas láithreach agus cuirfidh siad úsáid an chórais ar fionraí. Cuirfidh siad freisin an soláthraí ar an eolas láithreach agus ar dtús agus ansin an t-allmhareoir nó an dáileoir agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ábhartha nuair a shainaithníonn siad aon teagmhas tromchúiseach nó aon mhífheidhmiú de réir bhrí Airteagal 62 agus nuair a idirbhriseann siad úsáid an chórais intleachta saorga. Mura féidir leis an t-imscarthóir teagmháil a dhéanamh leis an tsoláthraí, beidh feidhm ag Airteagal 62 mutatis mutandis.

    Leasú 405

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 4 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I gcás úsáideoirí ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid faireacháin a leagtar amach sa chéad fhomhír trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun Airteagal 74 den Treoir sin a chomhlíonadh.

    I gcás imscarthóirí ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid faireacháin a leagtar amach sa chéad fhomhír trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun Airteagal 74 den Treoir sin a chomhlíonadh.

    Leasú 406

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 5 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Maidir le húsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca, coimeádfaidh siad na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sin sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú. Coimeádfar na logaí ar feadh tréimhse is iomchuí i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca agus i bhfianaise na n-oibleagáidí dlí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta .

    5.   Maidir le himscárthóirí córas intleachta saorga ardriosca, coimeádfaidh siad na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sin sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú agus a mhéid is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus a léiriú, le haghaidh iniúchtaí ex post ar aon mhífheidhm, teagmhais nó mí-úsáidí a bhaineann leis an gcóras agus a d’fhéadfadh a intuartha le réasún, nó chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú ceart an chórais ar feadh a shaolré . Gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta is infheidhme, coinneofar na logaí ar feadh tréimhse sé mhí ar a laghad. Beidh an tréimhse choinneála i gcomhréir le caighdeáin tionscail agus iomchuí maidir leis an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.

    Leasú 407

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Maidir le húsáideoirí ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE , coimeádfaidh siad ar bun na logaí mar chuid den doiciméadacht theicniúil a bhaineann le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun Airteagal 74 den Treoir sin.

    Maidir le himscarthóirí ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE , coimeádfaidh siad ar bun na logaí mar chuid den doiciméadacht theicniúil a bhaineann le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun Airteagal 74 den Treoir sin.

    Leasú 408

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5a.     Roimh dóibh córas intleachta saorga ardriosca a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid san ionad oibre, rachaidh imscarthóirí i gcomhairle le hionadaithe na n-oibrithe d’fhonn teacht ar chomhaontú i gcomhréir le Treoir 2002/14/CE agus cuirfidh siad na fostaithe lena mbaineann ar an eolas go mbeidh siad faoi réir an chórais.

    Leasú 409

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 5 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5b.     Imscarthóirí córas intleachta saorga ardriosca ar údaráis phoiblí nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais iad, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51.

    Leasú 410

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.   Bainfidh úsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca úsáid as an bhfaisnéis arna soláthar faoi Airteagal 13 chun a n-oibleagáid measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh faoi Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680, i gcás inarb infheidhme .

    6.    I gcás inarb infheidhme, bainfidh imscarthóirí córas intleachta saorga ardriosca úsáid as an bhfaisnéis arna soláthar faoi Airteagal 13 chun a n-oibleagáid measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh faoi Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680, agus foilseofar achoimre air sin, ag féachaint don úsáid shonrach agus don chomhthéacs sonrach ina bhfuil sé beartaithe go n-oibreoidh an córas intleachta saorga . Féadfaidh imscarthóirí filleadh go páirteach ar na measúnuithe tionchair sin ar chosaint sonraí chun cuid de na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh, sa mhéid go gcomhlíonann an measúnú tionchair ar chosaint sonraí na hoibleagáidí sin.

    Leasú 411

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 6 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    6a.     Maidir le imscarthóirí na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, a dhéanann cinntí nó a chabhraíonn le cinntí a dhéanamh maidir le daoine nádúrtha, déanfaidh siad, gan dochar d’Airteagal 52, na daoine nádúrtha a chur ar an eolas go bhfuil siad faoi réir úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca. Áireofar san fhaisnéis sin an chríoch atá beartaithe di agus an cineál cinntí a dhéanfaidh sí. Cuirfidh an t-imscarthóir an duine nádúrtha ar an eolas freisin maidir leis an gceart atá aige míniú a fháil dá dtagraítear in Airteagal 68c.

    Leasú 412

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 6 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    6b.     Oibreoidh imscarthóirí i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin i ndáil leis an gcóras intleachta saorga ardriosca chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

    Leasú 413

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 29a

     

    Measúnú tionchair ar chearta bunúsacha le haghaidh chórais intleachta saorga ardriosca

     

    Sula gcuirfear córas intleachta saorga ardriosca mar a shainmhínítear in Airteagal 6(2) in úsáid, cé is moite de chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid i réimse 2 d’Iarscríbhinn III, déanfaidh imscarthóirí measúnú ar thionchar na gcóras i gcomhthéacs sonrach na húsáide. Beidh na gnéithe seo a leanas, ar a laghad, i gceist léi:

     

    (a)

    achoimre shoiléir ar an gcríoch a beartaíodh chun a n-úsáidfear an córas;

     

    (b)

    achoimre shoiléir ar an raon feidhme geografach agus ama atá beartaithe maidir le húsáid an chórais;

     

    (c)

    catagóirí daoine nádúrtha agus grúpaí ar dóigh go ndéanfaidh úsáid an chórais difear dóibh;

     

    (d)

    fíorú go bhfuil úsáid an chórais i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta maidir le cearta bunúsacha;

     

    (e)

    an tionchar atá intuartha le reásún ar chearta bunúsacha chun an córas intleachta saorga ardriosca a chur in úsáid;

     

    (f)

    rioscaí sonracha díobhála ar dóigh dóibh tionchar a imirt ar dhaoine imeallaithe nó ar ghrúpaí leochaileacha;

     

    (g)

    an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid an chórais ar an gcomhshaol a thuar le réasún;

     

    (h)

    plean mionsonraithe maidir leis an gcaoi a maolófar na díobhálacha agus an tionchar diúltach ar chearta bunúsacha a sainaithníodh.

     

    (j)

    an córas rialachais a chuirfidh an t-imscarthóir i bhfeidhm, lena n-áirítear maoirseacht dhaonna, láimhseáil gearán agus sásamh.

     

    2.     Mura féidir plean mionsonraithe a shainaithint chun na rioscaí a leagtar amach le linn an mheasúnaithe a leagtar amach i mír 1 a mhaolú, staonfaidh an t-imscarthóir ón gcóras intleachta saorga ardriosca a chur in úsáid agus cuirfidh sé an soláthraí agus an t-údarás maoirseachta náisiúnta ar an eolas gan moill mhíchuí. Cuirfidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta, de bhun Airteagail 65 agus 67, an fhaisnéis sin san áireamh agus imscrúdú á dhéanamh acu ar chórais a bhfuil riosca ag baint leo ar an leibhéal náisiúnta.

     

    3.     Tá feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach faoi mhír 1 maidir le céadúsáid an chórais intleachta saorga ardriosca. Féadfaidh an t-imscarthóir, i gcásanna comhchosúla, tarraingt siar ó mheasúnú tionchair ar chearta bunúsacha a rinneadh roimhe sin nó ar mheasúnú a rinne soláthraithe cheana. Más rud é, le linn úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca, go measann an t-imscarthóir nach bhfuil na critéir a liostaítear i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh sé measúnú tionchair nua ar chearta bunúsacha.

     

    4.     Le linn an mheasúnaithe tionchair, tabharfaidh an t-imscarthóirí, cé is moite de FBManna, fógra don údarás maoirseachta náisiúnta agus do na geallsealbhóirí ábhartha agus, a mhéid is féidir, beidh ionadaithe na ndaoine nó na ngrúpaí daoine ar dócha go ndéanfaidh an córas intleachta saorga ardriosca difear dóibh, mar a shainaithnítear i mír 1, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta dóibh seo a leanas: comhlachtaí comhionannais, gníomhaireachtaí cosanta tomhaltóirí, comhpháirtithe sóisialta agus gníomhaireachtaí cosanta sonraí, d’fhonn ionchur a fháil sa mheasúnú tionchair. Ceadóidh an t-imscarthóir tréimhse sé seachtaine do chomhlachtaí freagra a thabhairt. Féadfaidh FBManna na forálacha a leagtar síos sa mhír seo a chur i bhfeidhm go deonach.

     

    Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 47(1), féadfar údaráis phoiblí a dhíolmhú ó na hoibleagáidí sin.

     

    5.     Foilseoidh an t-imscarthóir ar údarás poiblí nó gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 51(1d) (b) é achoimre ar thorthaí an mheasúnaithe tionchair mar chuid den chlárú úsáide de bhun a n-oibleagáide faoi Airteagal 51(2).

     

    6.     I gcás ina bhfuil ceangal ar an imscarthóir cheana measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh faoi Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680, déanfar an measúnú tionchair ar chearta bunúsacha dá dtagraítear i mír 1 in éineacht leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí. Foilseofar an measúnú tionchair ar chosaint sonraí mar aguisín.

    Leasú 414

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás a thugann fógra nó cuirfidh sé é ar bun, beidh an t-údarás sin freagrach as na nósanna imeachta is a gá a chur ar bun agus a dhéanamh leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu.

    1.   Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás a thugann fógra nó cuirfidh sé é ar bun, beidh an t-údarás sin freagrach as na nósanna imeachta is a gá a chur ar bun agus a dhéanamh leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu. Forbrófar na nósanna imeachta sin i gcomhar idir údaráis na mBallstát uile a thugann fógra.

    Leasú 415

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7.   Beidh líon leordhóthanach de phearsanra inniúil ag na húdaráis a thugann fógra le húsáid chun a gcúraimí a fheidhmiú i gceart.

    7.   Beidh líon leordhóthanach de phearsanra inniúil ag na húdaráis a thugann fógra le húsáid chun a gcúraimí a fheidhmiú i gceart. I gcás inarb infheidhme, beidh an saineolas is gá ag pearsanra inniúil, amhail méid i réimse iomchuí dlí, maidir le maoirseacht ar chearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    Leasú 416

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 8

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    8.   Áiritheoidh na húdaráis a thugann fógra go ndéanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach, agus go seachnófar ualaí nach bhfuil gá leo ar sholáthraithe agus go ndéanfaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an córas intleachta saorga atá i gceist.

    8.   Áiritheoidh na húdaráis a thugann fógra go ndéanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach agus tráthúil , agus go seachnófar ualaí nach bhfuil gá leo ar sholáthraithe agus go ndéanfaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an córas intleachta saorga atá i gceist. Tabharfar aird ar leith ar ualaí riaracháin agus costais chomhlíonta a íoslaghdú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún.

    Leasú 417

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 32 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir leis na húdaráis a thugann fógra, féadfaidh siad fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 comhlíonta acu, agus do na comhlachtaí sin amháin.

    1.   Maidir leis na húdaráis a thugann fógra, déanfaidh siad fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 comhlíonta acu, agus do na comhlachtaí sin amháin.

    Leasú 418

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 32 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Na húdaráis a thugann fógra, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

    2.   Na húdaráis a thugann fógra, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún maidir le gach comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1 .

    Leasú 419

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 32 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Beidh san fhógra sonraí iomlána na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, an modúil nó modúil um measúnú comhréireachta agus na teicneolaíochtaí intleachta saorga lena mbaineann.

    3.   Beidh san fhógra dá dtagraítear i mír 2 tuairisc iomlán ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar na teicneolaíochtaí córas intleachta saorga lena mbaineann agus ar fhianú ábhartha na hinniúlachta .

    Leasú 420

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 32 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Ní fhéadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann na gníomhaíochtaí a dhéanann comhlacht a dtugtar fógra dó a dhéanamh ach i gcás nach ndéanfaidh an Coimisiún na Ballstáit eile agóid laistigh d’aon mhí ón uair a thugtar an fógra .

    4.   Ní fhéadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a fheidhmiú ach amháin mura ndéanann an Coimisiún na Ballstáit eile aon agóidí ina choinne laistigh de 2 sheachtain ó thráth bailíochtaithe an fhógra i gcás deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 31(2) a bheith ann nó laistigh de dhá mhí ó thráth déanta an fhógra i gcás fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 31(3) a bheith san fhógra .

    Leasú 421

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 32 – mír 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4a.     Má dhéantar agóidí, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit ábhartha agus leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta. I bhfianaise an mhéid sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an údarú nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an gcomhlacht ábhartha um measúnú comhréireachta.

    Leasú 422

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 32 – mír 4 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4b.     Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta.

    Leasú 423

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 33 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Comhlíonfaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh na ceanglais maidir le heagrúcháin, bainistíocht cáilíochta, acmhainní agus próisis is gá chun na cúraimí sin a chomhlíonadh.

    2.   Comhlíonfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na ceanglais eagraíochtúla, bainistíochta cáilíochta, acmhainní agus próisis is gá chun a  gcúraimí a chomhlíonadh chomh maith leis na híoscheanglais chibearshlándála a leagtar amach le haghaidh eintitis riaracháin phoiblí a shainaithnítear mar oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha de bhun Threoir (AE 2022/2555) .

    Leasú 424

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 33 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Beidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh neamhspleách ar sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca a ndéanann siad gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta ina leith. Beidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh neamhspleách freisin ar aon oibreoir eile a bhfuil leas eacnamaíoch aige sa chóras intleachta saorga ardriosca a ndéantar measúnú air, agus ar aon iomaitheoir de chuid an tsoláthraí chomh maith.

    4.   Beidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh neamhspleách ar sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca a ndéanann siad gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta ina leith. Beidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh neamhspleách freisin ar aon oibreoir eile a bhfuil leas eacnamaíoch aige sa chóras intleachta saorga ardriosca a ndéantar measúnú air, agus ar aon iomaitheoir de chuid an tsoláthraí chomh maith. Ní choisctear, leis sin, córais intleachta saorga a ndearnadh measúnú orthu a úsáid má tá gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná na córais sin a úsáid chun críoch pearsanta.

    Leasú 425

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 33 – mír 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4a.     Is iad fostaithe comhlachtaí faoina dtugtar fógra nár sholáthair aon seirbhís eile a bhaineann leis an ábhar a ndearnadh measúnú air seachas an measúnú comhréireachta a dhéanfaidh measúnú comhréireachta de bhun mhír 1 do sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca ná d’aon duine dlítheanach atá bainteach leis an soláthraí sin sa tréimhse 12 mhí roimh an measúnú agus gheall siad gan na seirbhísí sin a sholáthar dóibh sa tréimhse 12 mhí tar éis an mheasúnaithe a chur i gcrích.

    Leasú 426

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 33 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.   Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh lena áirithiú go n-urramóidh foirne, coistí, fochuideachtaí agus fochonraitheoirí na gcomhlachtaí sin agus aon chomhlacht comhlachais nó foireann de chuid comhlachtaí seachtracha rúndacht na faisnéise a thagann ina seilbh le linn fheidhmiú na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh na faisnéise sin de réir an dlí. Beidh sé de cheangal ar fhoireann an chomhlachta a dtugtar fógra dó rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a gheofar le linn a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ach amháin i ndáil le húdaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina gcuirtear a gcuid gníomhaíochtaí i gcrích.

    6.   Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh lena áirithiú go n-urramóidh foirne, coistí, fochuideachtaí agus fochonraitheoirí na gcomhlachtaí sin agus aon chomhlacht comhlachais nó foireann de chuid comhlachtaí seachtracha rúndacht na faisnéise a thagann ina seilbh le linn fheidhmiú na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh na faisnéise sin de réir an dlí. Beidh sé de cheangal ar fhoireann an chomhlachta a dtugtar fógra dó rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a gheofar le linn a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ach amháin i ndáil le húdaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina gcuirtear a gcuid gníomhaíochtaí i gcrích. Aon fhaisnéis agus doiciméadacht a fhaightear ag na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh de bhun fhorálacha an Airteagail seo, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 70.

    Leasú 427

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 34 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón soláthraí.

    3.   Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón soláthraí. Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra liosta dá bhfochuideachtaí ar fáil don phobal.

    Leasú 428

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 34 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Déanfaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, maille leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoin Rialachán seo, a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.

    4.   Déanfaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh na doiciméid ábhartha a bhaineann le fíorú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, maille leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoin Rialachán seo, a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.

    Leasú 429

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 35 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Uimhir aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh faoin Rialachán seo

    Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí dtugtar fógra

    Leasú 430

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 36 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   I gcás ina bhfuil amhras ar údarás a thugann fógra nó gur cuireadh in iúl dó nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht a dtugtar fógra dó, nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí a thuilleadh, déanfaidh an t-údarás sin an t-ábhar a imscrúdú gan mhoill agus a dhúthracht a chaitheamh leis. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh sé an comhlacht a dtugtar fógra dóibh lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hagóidí a rinneadh agus tabharfaidh sé an deis dó a thuairimí a chur in iúl. Má thagann an t-údarás a thugann fógra ar an gconclúid nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcomhlacht a dtugtar fógra dó atá faoi imscrúdú nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí, déanfaidh an t-údarás sin an fógra a shrianadh, cuirfidh sé ar fionraí é nó déanfaidh sé é a aistarraingt, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

    1.   I gcás ina bhfuil amhras ar údarás a thugann fógra nó gur cuireadh in iúl dó nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht a dtugtar fógra dó, nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí a thuilleadh, déanfaidh an t-údarás sin an t-ábhar a imscrúdú gan mhoill agus a dhúthracht a chaitheamh leis. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh sé an comhlacht a dtugtar fógra dóibh lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hagóidí a rinneadh agus tabharfaidh sé an deis dó a thuairimí a chur in iúl. Má thagann an t-údarás a thugann fógra ar an gconclúid nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí, déanfaidh an t-údarás sin an fógra a shrianadh, cuirfidh sé ar fionraí é nó déanfaidh sé é a aistarraingt, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

    Leasú 431

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 36 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   I gcás fógra a bheith srianta, curtha ar fionraí nó aistarraingthe, nó i gcás deireadh a bheith le gníomhaíocht an chomhlachta a dtugtar fógra , déanfaidh an t-údarás a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go dtabharfaidh comhlacht eile a dtugtar fógra ar láimh comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinneofar na comhaid sin ar fáil do na húdaráis a thugann fógra a bheidh freagrach arna n-iarraidh sin dóibh.

    2.   I gcás fógra a bheith srianta, curtha ar fionraí nó aistarraingthe, nó i gcás deireadh a bheith le gníomhaíocht an chomhlachta faoina dtugtar fógra, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go dtabharfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra ar láimh comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinneofar na comhaid sin ar fáil do na húdaráis a thugann fógra agus don údarás um fhaireachas margaidh a bheidh freagrach arna n-iarraidh sin dóibh.

    Leasú 432

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 37 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, imscrúdú ar gach cás ina bhfuil cúiseanna amhrais ann an gcomhlíonann comhlacht a dtugtar fógra dó na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 .

    1.    Imscrúdóidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gach cás a bhfuil amhras air ina leith, nó gcuirtear amhras ina leith in iúl dó, maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir leis an gcaoi a bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil sé faoina réir .

    Leasú 433

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 37 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra gach faisnéis ar fáil don Choimisiún, má iarrtar sin, maidir leis an bhfógra a thug an comhlacht a dtugtar fógra lena mbaineann.

    2.   Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra gach faisnéis ar fáil don Choimisiún, má iarrtar sin, maidir leis an bhfógra a thug an comhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann nó maidir le cothabháil a inniúlachta .

    Leasú 434

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 37 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Áiritheoidh an Coimisiún gur ar mhodh rúin a dhéileálfar leis an bhfaisnéis rúnda uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe de bhua an Airteagail seo.

    3.   Áiritheoidh an Coimisiún gur ar mhodh rúin a dhéileálfar leis an bhfaisnéis íogair uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe de bhua an Airteagail seo.

    Leasú 435

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 37 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht a dtugtar fógra dó na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 , nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe lena n-iarrfar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a  aistarraingt más gá. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

    4.   I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógrana ceanglais maidir lena fhógra , nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a  fhionraí nó a tharraingt siar, más gá sin . Má theipeann ar an mBallstát na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an t-ainmniú a chur ar fionraí, a shrianadh nó a tharraingt siar. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

    Leasú 436

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 38 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú eolais agus dea-chleachtais a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát a bhíonn freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

    Leasú 437

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 40 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Córas intleachta saorga ardriosca atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i  gCaibidil 2 den Teideal seo, sa mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin sin.

    Córas intleachta saorga ardriosca agus bunsamhlacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) 1025/2012 , measfar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i  gCaibidil 2 den Teideal seo nó Airteagal 28b , sa mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin sin.

    Leasú 438

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 40 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Eiseoidh an Coimisiún iarrataí ar chaighdeánú lena gcumhdófar ceanglais uile an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 tráth nach déanaí ná [dhá mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Agus iarraidh ar chaighdeánú á hullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Oifig an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis an bhFóram Comhairleach;

    Leasú 439

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 40 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Agus iarraidh ar chaighdeánú á heisiúint aige chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, sonróidh an Coimisiún nach mór caighdeáin a bheith comhsheasmhach, lena n-áirítear leis an dlí earnálach a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus é mar aidhm leo a áirithiú go gcomhlíonann córais intleachta saorga nó bunsamhlacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís san Aontas na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo;

    Leasú 440

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 40 – mír 1 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Cuirfidh na gníomhaithe atá rannpháirteach sa phróiseas caighdeánaithe na prionsabail ghinearálta maidir le hintleacht shaorga iontaofa a leagtar amach in Airteagal 4(a) san áireamh, féachfaidh siad le hinfheistíocht agus nuálaíocht san intleacht shaorga a chur chun cinn chomh maith le hiomaíochas agus fás mhargadh an Aontais, agus rannchuideoidh siad le comhar domhanda maidir le caighdeánú a neartú agus caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana i réimse na hintleachta atá comhsheasmhach le luachanna, cearta bunúsacha agus leasanna an Aontais á gcur san áireamh, agus ionadaíocht chothrom ar leasanna agus rannpháirtíocht éifeachtach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a áirithiú i gcomhréir le hAirteagail 5, 6, agus 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

    Leasú 441

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 41 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.     I gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40 nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún nach leor na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó gur gá aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha imní maidir le sábháilteacht nó le cearta bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

    scriosta

    Leasú 442

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 41 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2) agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis an bhFóram Comhairleach um Intleacht Shaorga, sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo nó in Airteagal 28b i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

     

    (a)

    ní bheidh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe foilsithe cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha, ach amháin más caighdeán atá ann cheana nach mór athbhreithniú a dhéanamh air é an caighdeán comhchuibhithe atá i dtrácht;

     

    (b)

    beidh iarrtha ag an gCoimisiún ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú do na buncheanglais a leagtar amach i gCaibidil 2;

     

    (c)

    nach nglacfaidh aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh dá dtagraítear i bpointe (b); nó má bhíonn moill mhíchuí ar chaighdeán comhchuibhithe iomchuí a bhunú; nó nach gcomhlíonfaidh an caighdeán a sholáthraítear ceanglais dhlí ábhartha an Aontais, nó nach gcomhlíonfaidh sé iarraidh an Choimisiúin.

    Leasú 443

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 41 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1b.     I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní shonracha maidir le cearta bunúsacha, i sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1d tabharfar aghaidh freisin ar na hábhair shonracha imní sin maidir le cearta bunúsacha.

    Leasú 444

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 41 – mír 1 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1c.     Forbróidh an Coimisiún sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh na modheolaíochta chun an ceanglas tuairiscithe agus doiciméadachta maidir le tomhaltas fuinnimh agus acmhainní le linn fhorbairt, oiliúint agus imscaradh an chórais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh.

    Leasú 445

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 41 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Agus na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i  mír 1 á n-ullmhú aige, gheobhaidh an Coimisiún na tuairimí ó chomhlachtaí ábhartha nó grúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi dhlí earnála ábhartha an Aontais.

    2.    Le linn an phróisis iomláin lena ndréachtaítear na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i  mír 1d agus i mír 1b, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle go rialta leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis an bhFóram Comhairleach, leis na heagraíochtaí agus comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú le grúpaí saineolaithe arna mbunú faoi dhlí earnálach ábhartha an Aontais mar aon le geallsealbhóirí ábhartha eile . Comhlíonfaidh an Coimisiún na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 40 (1c) agus tabharfaidh sé údar cuí leis an bhfáth ar chinn sé dul i muinín sonraíochtaí coiteanna.

     

    I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh de bhun mhír 1a den Airteagal seo, sainaithneoidh sé go soiléir freisin na cearta bunúsacha sonracha nach mór aghaidh a thabhairt orthu.

     

    Agus sonraíochtaí comhchoiteanna á nglacadh aige de bhun mhír 1d agus mhír 1b den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim arna heisiúint ag an Oifig um Intleacht Shaorga dá dtagraítear in Airteagal 56e(b) den Rialachán seo. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan tuairim na hOifige intleachta saorga a leanúint, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe don Oifig intleachta saorga.

    Leasú 446

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 41 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i  mír 1 , measfar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i  gCaibidil 2 den Teideal seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin.

    3.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i  mír 1a agus 1b , measfar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i  gCaibidil 2 den Teideal seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin.

    Leasú 447

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 41 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún gníomhartha dá dtagraítear i mír 1a agus 1b, nó codanna díobh, lena gcumhdaítear na ceanglais céanna a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo.

    Leasú 448

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 41 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   I gcás nach gcomhlíonann soláthraithe na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i  mír 1 , léireoidh siad go cuí gur ghlac siad réitigh theicniúla atá coibhéiseach ar a laghad leo.

    4.   I gcás nach gcomhlíonann soláthraithe chórais intleachta saorga ardriosca na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i  mír 1 , léireoidh siad go cuí gur ghlac siad réitigh theicniúla lena gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear i gCaibidil II go leibhéal atá coibhéiseach leo ar a laghad;

    Leasú 449

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 42 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Agus an chríoch atá beartaithe dóibh á cur san áireamh, maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá oilte agus tástáilte ar shonraí a bhaineann leis an suíomh sonrach geografach, iompraíochta agus feidhmiúil ina mbeartaítear iad a úsáid, measfar na córais sin a bheith i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 10(4).

    1.   Agus an chríoch atá beartaithe dóibh á cur san áireamh, maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá oilte agus tástáilte ar shonraí a bhaineann leis an suíomh sonrach geografach, iompraíochta , comhthéacsúil agus feidhmiúil ina mbeartaítear iad a úsáid, measfar na córais sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais faoi seach a leagtar amach in Airteagal 10(4).

    Leasú 450

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 43 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III, más rud é, agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, gur chuir an soláthraí i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41, leanfaidh an soláthraí ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:

    1.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III, más rud é, agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, gur chuir an soláthraí i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41, roghnóidh an soláthraí ceann de na nósanna imeachta seo a leanas;

    Leasú 451

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 43 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI;

    (a)

    an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI;

    Leasú 452

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 43 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil, i gcomhar le comhlacht a dtugtar fógra , dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

    (b)

    an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta ar an doiciméadacht theicniúil, i gcomhar le comhlacht faoina dtugtar fógra, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

    Leasú 453

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 43 – mír 1 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Más rud é, agus é á léiriú aige go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i  gCaibidil 2 den Teideal seo, nár chuir an soláthraí i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, nó nár chuir sé i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe sin ach i bpáirt, nó i gcás nach ann do na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus nach bhfuil na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 ar fáil, leanfaidh an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

    Agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i  gCaibidil 2 den Teideal seo, leanfaidh an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII sna cásanna seo a leanas:

     

    (a)

    i gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, ar foilsíodh a n-uimhir thagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, lena gcumhdaítear na ceanglais sábháilteachta ábhartha uile don chóras intleachta saorga, agus nach bhfuil na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 ar fáil;

     

    (b)

    i gcás inarb ann do na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointe (a) ach nár chuir an soláthraí na sonraíochtaí sin i bhfeidhm nó nár chuir sé i bhfeidhm iad ach go páirteach;

     

    (c)

    i gcás inar foilsíodh ceann amháin nó níos mó de na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointe (a) maille le srian agus ar an gcuid sin amháin den chaighdeán a cuireadh srian air;

     

    (d)

    nuair a mheasann an soláthraí go bhfuil gá le fíorú tríú páirtí mar gheall ar chineál, dearadh, tógáil nó cuspóir an chórais intleachta saorga, gan beann ar a leibhéal riosca.

    Leasú 454

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 43 – mír 1 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Chun críoch an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, féadfaidh an soláthraí aon cheann de na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a roghnú. Nuair a bheidh sé beartaithe an córas a chur i mbun seirbhíse ag údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais, gníomhóidh an t-údarás um fhaireachas margaidh dá dtagraítear in Airteagal 63(5) nó (6), de réir mar is infheidhme, mar chomhlacht a dtugtar fógra dó.

    Chun críoch an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a chur i gcrích , féadfaidh an soláthraí aon cheann de na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a roghnú. Nuair a bheidh sé beartaithe an córas a chur i mbun seirbhíse ag údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais, gníomhóidh an t-údarás um fhaireachas margaidh dá dtagraítear in Airteagal 63(5) nó (6), de réir mar is infheidhme, mar chomhlacht a dtugtar fógra dó.

    Leasú 455

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 43 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Cuirfear nós imeachta nua um measúnú comhréireachta i bhfeidhm maidir le córais intleachta saorga ardriosca aon uair a dhéanfar modhnú substaintiúil orthu, gan beann ar an mbeartaítear an córas modhnaithe a dháileadh a thuilleadh nó an leanann an t-úsáideoir reatha d’úsáid a bhaint as.

    4.   Cuirfear nós imeachta nua um measúnú comhréireachta i bhfeidhm maidir le córais intleachta saorga ardriosca , ar córais iad a bhí faoi réir nós imeachta um measúnú comhréireachta cheana, aon uair a dhéanfar modhnú substaintiúil orthu, gan beann ar an mbeartaítear an córas modhnaithe a dháileadh a thuilleadh nó an leanann an t-imscarthóir reatha d’úsáid a bhaint as.

    Leasú 456

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 43 – mír 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4a.     Cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha FBManna san áireamh agus táillí an mheasúnaithe comhréireachta tríú páirtí faoin Airteagal seo á socrú, agus na táillí sin á laghdú i gcomhréir lena méid agus sciar an mhargaidh;

    Leasú 457

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 43 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn VII a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn gnéithe de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a thabhairt isteach a mbeidh gá leo i bhfianaise an dul chun cinn teicniúil.

    5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn VII a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn gnéithe de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a thabhairt isteach a mbeidh gá leo i bhfianaise an dul chun cinn teicniúil. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis na geallsealbhóirí lena mbaineann;

    Leasú 458

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 43 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun míreanna 1 agus 2 a leasú d’fhonn na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 go pointe 8 d’Iarscríbhinn III a chur faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII nó codanna de. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin, agus éifeachtacht an nós imeachta um measúnú comhréireachta á cur san áireamh aige bunaithe ar an rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI maidir leis na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht, agus do chosaint na gceart bunúsach a thugtar leis na córais sin, a chosc nó a íoslaghdú chomh maith le hinfhaighteacht inniúlachtaí leordhóthanacha na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh.

    6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun míreanna 1 agus 2 a leasú d’fhonn na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 go pointe 8 d’Iarscríbhinn III a chur faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII nó codanna de. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin, agus éifeachtacht an nós imeachta um measúnú comhréireachta á cur san áireamh aige bunaithe ar an rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI maidir leis na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht, agus do chosaint na gceart bunúsach a thugtar leis na córais sin, a chosc nó a íoslaghdú chomh maith le hinfhaighteacht inniúlachtaí leordhóthanacha na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis na geallsealbhóirí lena mbaineann;

    Leasú 459

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 44 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir le deimhnithe a eiseoidh na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, déanfar iad a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a shocróidh an Ballstát ina bhfuil an comhlacht a dtugtar fógra dó bunaithe nó i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais atá inghlactha don chomhlacht a dtugtar fógra dó.

    1.   Maidir le deimhnithe a eiseoidh na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, déanfar iad a tharraingt suas i dteanga oifigiúil amháin nó i roinnt teangacha oifigiúla de chuid an Aontais a shocróidh an Ballstát ina bhfuil an comhlacht a dtugtar fógra dó bunaithe nó i dteanga oifigiúil amháin nó i roinnt teangacha oifigiúla de chuid an Aontais atá inghlactha don chomhlacht a dtugtar fógra dó;

    Leasú 460

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 44 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Beidh deimhnithe bailí feadh na tréimhse a luaitear orthu, tréimhse nach faide ná cúig bliana . Ar iarratas ón soláthraí, féadfar bailíocht an deimhnithe a shíneadh ar feadh tréimhsí breise, nach mbeidh aon cheann acu níos faide ná cúig bliana, bunaithe ar athmheasúnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme.

    2.   Beidh deimhnithe bailí feadh na tréimhse a luaitear orthu, tréimhse nach faide ná ceithre bliana . Ar iarratas ón soláthraí, féadfar bailíocht an deimhnithe a shíneadh ar feadh tréimhsí breise, nach mbeidh aon cheann acu níos faide ná ceithre bliana, bunaithe ar athmheasúnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme;

    Leasú 461

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 44 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Má chinneann comhlacht a dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 2 den Teideal seo á gcomhlíonadh ag córas intleachta saorga a thuilleadh, déanfaidh sé an deimhniú a eisíodh a chur ar fionraí, a aistarraingt nó cuirfidh sé aon srian air, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, ach amháin má dhéantar comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú le beart ceartaitheach iomchuí a dhéanfaidh an soláthraí laistigh de spriocdháta a leagtar síos ag an gcomhlacht a dtugtar fógra . Tabharfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó na cúiseanna lena chinneadh.

    3.   Má chinneann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 2 den Teideal seo á gcomhlíonadh ag córas intleachta saorga a thuilleadh, déanfaidh sé an deimhniú a eisíodh a chur ar fionraí, a aistarraingt nó cuirfidh sé aon srian air, ach amháin má dhéantar comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú le beart ceartaitheach iomchuí a dhéanfaidh an soláthraí laistigh de spriocdháta a leagtar síos ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra. Tabharfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó na cúiseanna lena chinneadh.

    Leasú 462

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 45 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nós imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh ar fáil do pháirtithe a bhfuil leas dlisteanach acu sa chinneadh sin.

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nós imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh , lena n-áirítear maidir le deimhnithe comhréireachta arna n-eisiúint, ar fáil do pháirtithe a bhfuil leas dlisteanach acu sa chinneadh sin.

    Leasú 463

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 46 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Soláthróidh gach comhlacht a dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, arna n-iarraidh sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile a dtugtar fógra dóibh a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na teicneolaíochta intleachta saorga céanna .

    3.   Soláthróidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, arna n-iarraidh sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta.

    Leasú 464

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 47 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   De mhaolú ar Airteagal 43, féadfaidh aon údarás um fhaireachas margaidh a údarú córais intleachta saorga ardriosca shonracha a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ar chúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó le cosaint beatha agus sláinte daoine, le cosaint an chomhshaoil agus le príomhshócmhainní tionsclaíocha agus bonneagair a chosaint . Is ar feadh tréimhse teoranta ama a bheidh an t-údarú sin, fad a bheidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is gá á gcur i gcrích, agus tiocfaidh deireadh leis a luaithe a bheidh na nósanna imeachta sin curtha i gcrích. Tabharfar faoi na nósanna imeachta sin gan moill mhíchuí.

    1.   De mhaolú ar Airteagal 43, féadfaidh údarás maoirseachta náisiúnta iarraidh ar údarás breithiúnach a údarú córais intleachta saorga ardriosca shonracha a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ar chúiseanna eisceachtúla a bhaineann le cosaint beatha agus sláinte daoine, le cosaint an chomhshaoil agus le cosaint bonneagair chriticiúil . Is ar feadh tréimhse teoranta ama a bheidh an t-údarú sin, fad a bheidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is gá á gcur i gcrích, agus tiocfaidh deireadh leis a luaithe a bheidh na nósanna imeachta sin curtha i gcrích. Tabharfar faoi na nósanna imeachta sin gan moill mhíchuí;

    Leasú 465

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 47 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Ní eiseofar an t-údarú dá dtagraítear i  mír 1 ach amháin má chinneann an t-údarás um fhaireachas margaidh go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais Chaibidil 2 den Teideal seo. Tabharfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon údarú arna eisiúint de bhun mhír 1.

    2.   Ní eiseofar an t-údarú dá dtagraítear i  mír 1 ach amháin má chinneann an t-údarás maoirseachta náisiúnta agus an t-údarás breithiúnach go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais Chaibidil 2 den Teideal seo. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an Coimisiún, an Oifig um Intleacht Shaorga, agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon iarraidh a dhéanfar agus faoi aon údarú a eiseofar ina dhiaidh sin de bhun mhír 1;

    Leasú 466

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 47 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Más rud é, laistigh de 15 lá tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i  mír 2 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le húdarú arna eisiúint ag údarás um fhaireachas margaidh mBallstát i gcomhréir le mír 1 , measfar bonn cirt a bheith leis an údarú sin.

    3.   Más rud é, laistigh de 15 lá tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i  mír 2 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir leis an iarraidh ón údarás maoirseachta náisiúnta ar údarú arna eisiúint ag údarás maoirseachta náisiúnta de chuid Ballstáit i gcomhréir le mír 1 , measfar bonn cirt a bheith leis an údarú sin;

    Leasú 467

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 47 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Más rud é, laistigh de 15 lá féilire tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i  mír 2 a fháil, go ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne údarú arna eisiúint ag údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát eile, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an t-údarú contrártha le dlí an Aontais nó le conclúid na mBallstát maidir le comhlíontacht an chórais dá dtagraítear i  mír 2 a bheith gan bhunús, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát ábhartha gan mhoill; rachfar i gcomhairle leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí lena mbaineann agus beidh an deis acu a dtuairimí a chur in iúl. I bhfianaise an mhéid sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an údarú nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an oibreoir nó chuig na hoibreoirí lena mbaineann.

    4.   Más rud é, laistigh de 15 lá féilire tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i  mír 2 a fháil, go ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne iarraidh arna heisiúint ag údarás maoirseachta náisiúnta Ballstáit eile, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an t-údarú contrártha le dlí an Aontais nó le conclúid na mBallstát maidir le comhlíontacht an chórais dá dtagraítear i  mír 2 a bheith gan bhunús, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát ábhartha agus leis an Oifig um Intleacht Shaorga, gan mhoill; rachfar i gcomhairle leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí lena mbaineann agus beidh an deis acu a dtuairimí a chur in iúl. I bhfianaise an mhéid sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an údarú nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an oibreoir nó chuig na hoibreoirí lena mbaineann;

    Leasú 468

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 47 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an údarú, déanfaidh údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit lena mbaineann é a aistarraingt.

    5.   Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an údarú, déanfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann é a aistarraingt.

    Leasú 469

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 48 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfaidh an soláthraí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i scríbhinn le haghaidh gach córais intleachta saorga agus coimeádfaidh sé é ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an córas intleachta saorga dá bhfuil sé tarraingthe suas. Tabharfar cóip den dearbhú comhréireachta AE do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha arna iarraidh sin.

    1.   Déanfaidh an soláthraí dearbhú comhréireachta AE , atá i scríbhinn agus inléite ag meaisín, fisiceach nó leictreonach, a tharraingt suas le haghaidh gach córais intleachta saorga ardriosca agus coimeádfaidh sé don údarás maoirseachta náisiúnta agus do na húdaráis inniúla náisiúnta é ar feadh 10 mbliana tar éis an chórais intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta AE a chur faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta agus na n-údarás inniúil náisiúnta ábhartha arna iarraidh sin.

    Leasú 470

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 48 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Sonrófar i ndearbhú comhréireachta AE go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca atá i gceist na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo. Beidh i ndearbhú comhréireachta AE an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus aistreofar é go dtí teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla de chuid an Aontais a éileoidh an Ballstát nó na Ballstáit ina gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar fáil.

    2.   Sonrófar i ndearbhú comhréireachta AE go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca atá i gceist na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo. Beidh i ndearbhú comhréireachta AE an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus aistreofar é go dtí teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla de chuid an Aontais a éileoidh an Ballstát nó na Ballstáit ina gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó ar fáil;

    Leasú 471

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 48 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   I gcás ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe Aontais eile lena n-éilítear dearbhú comhréireachta AE freisin, déanfar dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le gach reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca. Áireofar sa dearbhú an fhaisnéis uile is gá chun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a shainaithint lena mbaineann an dearbhú.

    3.   I gcás ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe Aontais eile lena n-éilítear dearbhú comhréireachta AE freisin, féadfar dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le gach reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca. Áireofar sa dearbhú an fhaisnéis uile is gá chun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a shainaithint lena mbaineann an dearbhú.

    Leasú 472

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 48 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun críche ábhar dhearbhú comhréireachta AE a leagtar amach in Iarscríbhinn V a thabhairt cothrom le dáta agus chun eilimintí is gá i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil a thabhairt isteach.

    5.    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an Oifig um Intleacht Shaorga, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun críche ábhar dhearbhú comhréireachta AE a leagtar amach in Iarscríbhinn V a thabhairt cothrom le dáta agus chun eilimintí is gá i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil a thabhairt isteach;

    Leasú 473

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 49 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach inléite doscriosta maidir le córais intleachta saorga ardriosca. Mura bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá léi mar gheall ar chineál an chórais intleachta saorga ardriosca, greamófar í den phacáistíocht nó den doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras, de réir mar is iomchuí.

    1.   Déanfar marcáil fhisiciúil CE a ghreamú go feiceálach , go soléite agus go doscriosta le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca sula gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh . Mura bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá léi mar gheall ar chineál an chórais intleachta saorga ardriosca, greamófar í den phacáistíocht nó den doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras, de réir mar is iomchuí. Féadfar picteagram nó marcáil ar bith eile lena dtaispeántar riosca nó úsáid ar leith a chur i ndiaidh na marcála CE.

    Leasú 474

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 49 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dhigiteacha amháin, ní úsáidfear marcáil dhigiteach CE, ach amháin más féidir é a rochtain go héasca tríd an gcomhéadan óna bhfuil rochtain ar an gcóras intleachta saorga nó trí chód meaisín-inléite nó trí mhodh leictreonach eile atá inrochtana go héasca.

    Leasú 475

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 49 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   I gcás inarb infheidhme, i ndiaidh na marcála CE, beidh uimhir aitheantais an chomhlachta a dtugtar fógra dó atá freagrach as na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 43. Cuirfear an uimhir aitheantais in iúl freisin ar aon ábhar fógraíochta ar a luaitear go bhfuil na ceanglais maidir le marcáil CE á gcomhlíonadh ag an gcóras intleachta saorga.

    3.   I gcás inarb infheidhme, i ndiaidh na marcála CE, beidh uimhir aitheantais an chomhlachta a dtugtar fógra dó atá freagrach as na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 43. Greamóidh an comhlacht féin faoina dtugtar fógra nó ionadaí údaraithe an tsoláthraí nó ionadaí údaraithe an tsoláthraí uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra. Cuirfear an uimhir aitheantais in iúl freisin ar aon ábhar fógraíochta ar a luaitear go bhfuil na ceanglais maidir le marcáil CE á gcomhlíonadh ag an gcóras intleachta saorga;

    Leasú 476

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 49 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     I gcásanna ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca faoi réir dlí eile de chuid an Aontais lena bhforáiltear freisin maidir leis marcáil CE a ghreamú, léireoidh marcáil CE go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais an dlí eile sin freisin.

    Leasú 477

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 50 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfaidh an soláthraí, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, na nithe seo a leanas a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta:

    Déanfaidh an soláthraí, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, an méid seo a leanas a choimeád ar fáil don údarás maoirseachta náisiúnta agus do na húdaráis inniúla náisiúnta:

    Leasú 478

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 51 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Maidir le córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2), sula gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é, cláróidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe, an córas sin i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 60.

    Maidir le córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2), sula gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é, cláróidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe, an córas sin i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 60 , i gcomhréir le hAirteagal 60(2);

    Leasú 479

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 51 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Roimh dóibh córas intleachta saorga ardriosca a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 6(2), cláróidh na catagóirí imscarthóirí seo a leanas úsáid an chórais intleachta saorga sin i mbunachar sonraí AE dá dtagraítear in Airteagal 60:

     

    a)

    imscarthóirí ar údaráis phoiblí iad nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó imscarthóirí atá ag gníomhú thar a gceann;

     

    b)

    imscarthóirí ar gnóthais iad atá ainmnithe mar gheatóir faoi Rialachán (AE) 2022/1925.

    Leasú 480

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 51 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Beidh imscarthóirí nach dtagann faoi fhomhír 1a i dteideal úsáid córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a chlárú go deonach i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 60.

    Leasú 481

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 51 – mír 1 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Ní mór iontráil chlárúcháin nuashonraithe a chomhlánú láithreach tar éis gach modhnú substaintiúil.

    Leasú 482

    Togra le haghaidh rialacháin

    Teideal IV

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA AR CHÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ÁIRITHE

    OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA

    Leasú 483

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 52 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Oibleagáidí trédhearcachta ar chórais intleachta saorga áirithe

    Oibleagáidí trédhearcachta

    Leasú 484

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 52 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha idirghníomhú le daoine nádúrtha, áiritheoidh soláthraithe go ndéanfar na córais sin a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach a chuirfidh daoine nádúrtha ar an eolas go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga, ach amháin más léir sin ó na himthosca agus ó chomhthéacs na húsáide. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga arna n-údarú leis an dlí cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ach amháin má bhíonn na córais sin ar fáil don phobal chun cion coiriúil a thuairisciú.

    1.   Maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha idirghníomhú le daoine nádúrtha, áiritheoidh soláthraithe go ndéanfar na córais sin a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is gur féidir leis an gcóras intleachta saorga, an soláthraí féin nó an t-úsáideoir an duine nádúrtha atá nochta do chóras intleachta saorga a chur ar an eolas ar bhealach tráthúil, soiléir agus intuigthe go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga, ach amháin más léir sin ó na himthosca agus ó chomhthéacs na húsáide.

     

    I gcás inarb iomchuí agus ábhartha, áireofar san fhaisnéis sin freisin na feidhmeanna atá cumasaithe ag an intleacht shaorga, má tá formhaoirseacht dhaonna ann, agus an té atá freagrach as an bpróiseas cinnteoireachta, chomh maith leis na cearta agus na próisis atá ann cheana, de réir dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena lamháiltear do dhaoine nádúrtha nó dá n-ionadaithe agóid a dhéanamh in aghaidh chur i bhfeidhm na gcóras sin maidir leo agus sásamh breithiúnach a lorg i gcoinne cinntí arna ndéanamh ag córais intleachta saorga nó i gcoinne dochar a rinne siad, lena n-áirítear a gceart míniú a lorg. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga arna n-údarú leis an dlí cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ach amháin má bhíonn na córais sin ar fáil don phobal chun cion coiriúil a thuairisciú.

    Leasú 485

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 52 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Cuirfidh úsáideoirí córais aitheanta mothúcháin nó córais catagóirithe bhithmhéadraigh daoine a nochtar an córas dóibh ar an eolas faoi oibriú an chórais. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach, ar córais iad a cheadaítear de réir an dlí chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc agus a imscrúdú.

    2.    Déanfaidh úsáideoirí córais aitheantais mothúcháin nó córais catagóirithe bhithmhéadraigh , nach bhfuil toirmeasc air de bhun Airteagal 5, daoine a nochtar an córas dóibh a chur ar an eolas faoi oibriú an chórais ar bhealach tráthúil, soiléir agus intuigthe agus gheobhaidh siad a dtoiliú sula bpróiseálfar a gcuid sonraí bithmhéadracha agus a gcuid sonraí pearsanta eile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, Rialachán (AE) 2016/1725 agus Treoir (AE) 2016/280, de réir mar is infheidhme . Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i leith córais intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach, ar córais iad a cheadaítear de réir an dlí chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc agus a imscrúdú.

    Leasú 486

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 52 – mír 3 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Maidir le húsáideoirí córais intleachta saorga a ghineann nó a chúblálann inneachar íomhá, fuaime nó físe atá cosúil go suntasach le daoine, nithe, áiteanna nó eintitis nó teagmhais eile atá ann cheana agus a bhfeicfear do dhuine go bhfuil sé barántúil nó fírinneach ach go bhfuil sé bréagach (‘domhainbhrionnú’), nochtfaidh na húsáideoirí sin gur gineadh nó gur cúbláladh an t-ábhar go saorga.

    3.   Maidir le húsáideoirí córais intleachta saorga a ghineann nó a chúblálann téacs, inneachar fuaime nó amhairc a bhfuil an chuma air go bhfuil sé barántúil nó fírinneach agus go léirítear ann daoine a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad ag rá rud nó ag déanamh rud nach ndúirt siad nó nach ndearna siad, gan toiliú a fháil uathu (‘domhainbhrionnú’), nochtfaidh na húsáideoirí sin ar bhealach iomchuí, tráthúil, soiléir agus infheicthe gur gineadh nó gur cúbláladh an t-inneachar go saorga , agus, nuair is féidir, nochtfar ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a ghin nó a chúbláil é . Ciallóidh nochtadh an t-inneachar a lipéadú ar bhealach a thugann le fios go bhfuil an t-inneachar neamhbharántúil agus go bhfuil sé le feiceáil go soiléir ag faighteoir an inneachair sin. Chun an t-inneachar a lipéadú, déanfaidh úsáideoirí an úrscothacht ghnáthaitheanta agus na caighdeáin agus na sonraíochtaí comhchuibhithe ábhartha a chur san áireamh.

    Leasú 487

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 52 – mír 3 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina n-údaraítear an úsáid le dlí chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó i gcás inar gá sin maidir le feidhmiú an chirt chun saoirse tuairimí a nochtadh agus feidhmiú an chirt maidir saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí tríú páirtithe.

    3a.    Ní bheidh feidhm ag mír 3 i gcás ina n-údaraítear le dlí úsáid córais intleachta saorga a ghineann nó a chúblálann téacs, inneachar fuaime nó amhairc nó más gá é chun an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart maidir le saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí a  fheidhmiú, ar cearta iad a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus atá faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí tríú páirtithe. I gcás ina bhfuil an t-inneachar ina chuid de chineamatagrafaíocht ar léir í a bheith cruthaitheach, aorach, ealaíonta nó ficseanúil, ina chuid d’fhíschluichí agus ina chuid de shaothar nó clár analógach, tá na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach i mír 3 teoranta don inneachar ginte nó cúbláilte sin atá ann a nochtadh ar bhealach iomchuí, soiléir agus infheicthe nach gcuireann bac ar thaispeáint an tsaothair ná ar na cóipchearta is infheidhme a nochtadh, i gcás inarb ábhartha. Ní chuirfidh sé cosc ach oiread ar údaráis forfheidhmithe dlí úsáid a bhaint as córais intleachta saorga atá beartaithe chun domhainbhrionnuithe a bhrath agus cionta coiriúla a bhaineann lena n-úsáid a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh

    Leasú 488

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 52 – mír 3 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3b.     Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go mír 3 a thabhairt do na daoine nádúrtha ar a dhéanaí tráth a dhéanfar an chéad idirghníomhaíocht nó an chéad nochtadh. Beidh sí inrochtana do dhaoine leochaileacha, amhail daoine faoi mhíchumas nó leanaí, in éineacht, i gcás inarb ábhartha agus iomchuí, le nósanna imeachta idirghabhála nó nósanna imeachta chun inneachar a mharcáil don duine nádúrtha atá nochta agus aird á tabhairt ar an úrscothacht ghnáthaitheanta agus ar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus ar na sonraíochtaí comhchoiteanna.

    Leasú 489

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Maidir le gach bosca gainimh rialála IS arna mbunú ag údarás inniúil Ballstáit amháin nó níos mó nó ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, soláthróidh sé timpeallacht rialaithe lena n-éascaítear forbairt, tástáil agus bailíochtú córas nuálach intleachta saorga ar feadh tréimhse teoranta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad de bhun plean sonrach. Déanfar é sin faoi mhaoirseacht dhíreach agus faoi threoir dhíreach na n-údarás inniúil d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo agus, i gcás inarb ábhartha, reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus na mBallstát a ndéantar maoirseacht orthu laistigh den bhosca gainimh.

    1.    Déanfaidh na Ballstáit bosca gainimh rialála IS amháin ar a laghad a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, a bheidh oibríochtúil ar a dhéanaí an lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Is féidir an bosca gainimh sin a bhunú freisin i gcomhpháirt le Ballstát amháin eile nó le roinnt Ballstát eile;

    Leasú 490

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Féadfar boscaí gainimh rialála IS sa bhreis a bhunú freisin ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil nó i gcomhpháirt le Ballstáit eile;

    Leasú 491

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1b.     Féadfaidh an Coimisiún agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, as a stuaim féin, i gcomhpháirt nó i gcomhar le Ballstát amháin nó níos mó, boscaí gainimh rialála IS a bhunú ar leibhéal an Aontais;

    Leasú 492

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 1 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1c.     Leithdháilfidh na húdaráis bhunaitheacha acmhainní leordhóthanacha chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh go héifeachtach agus go tráthúil;

    Leasú 493

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 1 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1d.     Déanfaidh boscaí gainimh rialála IS, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 53a, foráil maidir le timpeallacht rialaithe lena gcothófar nuálaíocht agus lena n-éascófar forbairt, tástáil agus bailíochtú na gcóras nuálach intleachta saorga ar feadh tréimhse theoranta sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad de bhun plean sonrach arna chomhaontú idir na soláthraithe ionchasacha agus an t-údarás bunaitheach;

    Leasú 494

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 1 e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1e.     Beidh sé d’aidhm le bunú boscaí gainimh rialála IS rannchuidiú a dhéanamh leis na cuspóirí seo a leanas:

     

    a)

    go dtabharfaidh na húdaráis inniúla treoir do sholáthraithe ionchasacha na gcóras intleachta saorga chun comhlíontacht rialála a bhaint amach leis an Rialachán seo nó, i gcás inarb ábhartha, le reachtaíocht eile is infheidhme an Aontais agus na mBallstát;

     

    b)

    go ndéanfaidh na soláthraithe ionchasacha an tástáil agus an fhorbairt ar réitigh nuálacha a bhaineann le córais intleachta saorga a cheadú agus a éascú;

     

    c)

    foghlaim rialála i dtimpeallacht rialaithe.

    Leasú 495

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 1 f (nua))

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1f.     Déanfaidh na húdaráis bhunaitheacha treoir agus maoirseacht a chur ar fáil laistigh den bhosca gainimh d’fhonn rioscaí a shainaithint, go háirithe do chearta bunúsacha, don daonlathas agus don smacht reachta, don tsláinte agus don tsábháilteacht agus don chomhshaol, d’fhonn bearta maolaithe a thástáil agus a léiriú i gcás rioscaí sainaitheanta, mar aon lena n-éifeachtacht agus comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo agus, i gcás inarb ábhartha, reachtaíocht eile an Aontais agus na mBallstát a áirithiú;

    Leasú 496

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 1 f (nua))

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1g.     Déanfaidh na húdaráis bhunaitheacha treoir agus maoirseacht a chur ar fáil do sholáthraithe ionchasacha bosca gainimh a fhorbraíonn córais intleachta saorga ardriosca maidir le conas na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ionas go bhféadfaidh na córais intleachta saorga an bosca gainimh a fhágáil i gcás ina dtoimhdítear comhréireacht a bheith ann le ceanglais shonracha an Rialacháin seo a ndearnadh measúnú orthu laistigh den bhosca gainimh. A mhéid a chomhlíonann an córas intleachta saorga na ceanglais agus an bosca gainimh á fhágáil aige, toimhdeofar go bhfuil sé i gcomhréir leis an rialachán seo. Ina leith sin, déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh nó comhlachtaí faoina dtugtar fógra, de réir mar is infheidhme, na tuarascálacha imeachta arna gcruthú ag an údarás bunaitheach a chur san áireamh i gcomhthéacs nósanna imeachta um measúnú comhréireachta nó seiceálacha faireachais margaidh;

    Leasú 497

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Maidir lena mhéid a bhaineann na córais intleachta saorga nuálacha le próiseáil sonraí pearsanta nó go dtagann siad ar shlí eile faoi shainchúram maoirseachta údarás náisiúnta eile nó údarás inniúil eile a sholáthraíonn rochtain ar shonraí nó a thacaíonn léi, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh baint ag na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí agus ag na húdaráis náisiúnta eile sin le hoibriú an bhosca gainimh rialála IS.

    2.    Áiritheoidh na húdaráis bhunaitheacha, a mhéid a bhaineann na córais intleachta saorga nuálacha le próiseáil sonraí pearsanta nó a thagann ar shlí eile faoi shainchúram maoirseachta údarás náisiúnta eile nó údarás inniúil eile a sholáthraíonn rochtain ar shonraí pearsanta nó a thacaíonn léi, go mbeidh na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí , nó i gcásanna dá dtagraítear i mír 1b, MECS, agus na húdaráis náisiúnta eile sin bainteach le hoibriú an bhosca gainimh rialála IS agus go mbeidh baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar na gnéithe sin go feadh méid iomlán a gcúraimí agus a gcumhachtaí faoi seach;

    Leasú 498

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Ní dhéanfaidh boscaí gainimh rialála IS difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás inniúil. Má shainaithnítear aon riosca suntasach don tsláinte agus don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha le linn fhorbairt agus thástáil na gcóras sin, beidh maolú láithreach ann agus, ina éagmais sin, cuirfear an próiseas forbartha agus tástála ar fionraí go dtí go ndéanfar an maolú sin.

    3.   Ní dhéanfaidh boscaí gainimh rialála IS difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás inniúil , lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil . Beidh maolú láithreach agus leormhaith mar thoradh ar aon rioscaí suntasacha do chearta bunúsacha, don daonlathas agus don smacht reachta, don tsláinte agus don tsábháilteacht nó don chomhshaol a shainaithnítear le linn fhorbairt agus thástáil na gcóras intleachta saorga sin. Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla an próiseas tástála , nó rannpháirtíocht sa bhosca gainimh a chur ar fionraí go sealadach nó go buan mura féidir maolú éifeachtach a dhéanamh agus an oifig um intleacht shaorga a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin;

    Leasú 499

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.    Beidh rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála IS faoi dhliteanas i gcónaí faoi reachtaíocht dliteanais is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát i leith aon dochair a dhéantar do thríú páirtithe mar thoradh ar an tástáil a dhéanfar sa bhosca gainimh.

    4.    Leanfaidh soláthraithe ionchasacha sa bhosca gainimh rialála IS de bheith faoi dhliteanas faoi reachtaíocht dliteanais is infheidhme an Aontais agus na mBallstát maidir le haon díobháil a dhéantar do thríú páirtithe mar thoradh ar an tástáil a dhéanfar sa bhosca gainimh. Mar sin féin, ar choinníoll go n-urramóidh an soláthraí ionchasach nó na soláthraithe ionchasacha an plean sonrach dá dtagraítear i mír 1c agus na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann lena rannpháirtíocht agus go leanfaidh siad de mheon macánta an treoir a thug na húdaráis bhunaitheacha, ní fhorchuirfidh na húdaráis aon fhíneálacha riaracháin i leith sáruithe ar an Rialachán seo;

    Leasú 500

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát bhfuil boscaí gainimh rialála IS bunaithe acu a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um an Intleacht Shaorga . Cuirfidh siad tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Bhoird agus an Choimisiúin maidir le torthaí chur chun feidhme na scéime sin, lena n-áirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena gcur ar bun agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus reachtaíocht eile an Aontais a ndéantar maoirseacht uirthi laistigh den bhosca gainimh.

    5.   Déanfaidh na húdaráis bhunaitheacha ngníomhaíochtaí a chomhordú agus comhoibreoidh siad le chéile faoi chuimsiú na hoifige um intleacht shaorga;

    Leasú 501

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5a.     Cuirfidh na húdaráis bhunaitheacha an Oifig um Intleacht Shaorga ar an eolas faoi bhosca gainimh a bhunú agus féadfaidh siad tacaíocht agus treoir a iarraidh ina leith. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga liosta de na boscaí gainimh atá beartaithe agus atá ann cheana ar fáil go poiblí agus coinneofar cothrom le dáta é chun níos mó idirghníomhaíochta sna boscaí gainimh rialála agus sa chomhar trasnáisiúnta a spreagadh;

    Leasú 502

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 5 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5b.     Cuirfidh na húdaráis bhunaitheacha tuarascálacha bliantúla faoi bhráid na hoifige um intleacht shaorga agus, mura rud é gurb é an Coimisiún an t-aon údarás bunaitheach amháin, faoi bhráid an Choimisiúin, a thosóidh bliain amháin tar éis bhunú an bhosca gainimh agus ansin gach bliain go dtí go bhfoirceannfar é mar aon le tuarascáil chríochnaitheach. Sna tuarascálacha sin, cuirfear faisnéis ar fáil maidir le dul chun cinn agus torthaí chur chun feidhme na mboscaí gainimh sin, lena n-áirítear dea-chleachtais, teagmhais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena gcur ar bun agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur i bhfeidhm agus athbhreithniú féideartha an Rialacháin seo agus dhlí eile an Aontais a ndéantar maoirseacht orthu laistigh den bhosca gainimh. Cuirfear na tuarascálacha bliantúla sin nó achomaireachtaí díobh ar fáil don phobal, ar líne;

    Leasú 503

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.    Leagfar amach i ngníomhartha cur chun feidhme rialacha mionsonraithe agus coinníollacha oibríochta na mboscaí gainimh rialála IS, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm, roghnú, rannpháirtíocht agus imeacht as an mbosca gainimh, agus cearta agus oibleagáidí na rannpháirtithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

    6.    Forbróidh an Coimisiún comhéadan aonair tiomnaithe ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le boscaí gainimh, mar aon le pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais chun idirghníomhú leis na boscaí gainimh rialála agus chun deis a thabhairt do gheallsealbhóirí fiosrúcháin a dhéanamh leis na húdaráis inniúla, agus treoir neamhcheangailteach a lorg maidir le comhréireacht táirgí, seirbhísí agus samhlacha gnó nuálacha lena neadaítear teicneolaíochtaí intleachta saorga;

     

    Déanfaidh an Coimisiún comhordú réamhghníomhach leis na húdaráis náisiúnta agus áitiúla, i gcás inarb ábhartha;

    Leasú 504

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 – mír 6 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    6a.     Chun críche mhír 1 agus mhír 1a, beidh ról comhlántach ag an gCoimisiún, lena gcuirfear ar a gcumas do na mBallstát cur lena gcuid saineolais agus, ar an taobh eile, cuidiú agus acmhainní teicniúla a thabhairt do na Ballstáit sin a lorgaíonn treoir maidir leis na boscaí gainimh rialála sin a chur ar bun agus a reáchtáil;

    Leasú 505

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 53 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 53a

     

    Módúlachtaí agus feidhmiú boscaí gainimh rialála IS

     

    1.     Chun ilroinnt ar fud an Aontais a sheachaint, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an oifig um intleacht shaorga, gníomh tarmligthe ina sonrófar na módúlachtaí maidir le bunú, forbairt, cur chun feidhme, feidhmiú agus maoirseacht na mboscaí gainimh rialála IS, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm, roghnú, rannpháirtíocht agus imeacht as an mbosca gainimh, agus cearta agus oibleagáidí na rannpháirtithe bunaithe ar na forálacha a leagtar amach san Airteagal seo;

     

    2.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 73, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus áiritheoidh sé an méid seo a leanas:

     

    a)

    go mbeidh boscaí gainimh rialála ar oscailt d’aon soláthraí ionchasach a chuireann córas intleachta saorga i bhfeidhm agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin. Go mbeidh na critéir chun rochtain a fháil ar an mbosca gainimh rialála trédhearcach agus cothrom agus go gcuirfidh na húdaráis bhunaitheacha iarratasóirí ar an eolas faoina gcinneadh laistigh de 3 mhí ón iarratas a fháil;

     

    b)

    go gceadófar leis na boscaí gainimh rialála rochtain leathan agus chomhionann agus go gcoinneofar suas leis an éileamh ar rannpháirtíocht;

     

    c)

    go mbeidh an rochtain ar bhoscaí gainimh rialála IS saor in aisce do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta gan dochar do chostais eisceachtúla a d’fhéadfadh údaráis bhunaitheacha a ghnóthú ar bhealach cothrom agus comhréireach;

     

    d)

    go ndéanfaidh boscaí gainimh rialála éascú ar rannpháirtíocht gníomhaithe ábhartha eile san éiceachóras intleachta saorga, amhail comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eagraíochtaí um chaighdeánú (FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, fiontair, nuálaithe, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, saotharlanna taighde agus turgnamhaíochta agus moil nuálaíochta digití, ionaid barr feabhais, taighdeoirí aonair), chun comhar leis an earnáil phoiblí agus phríobháideach a cheadú agus a éascú;

     

    e)

    go ligfear do sholáthraithe ionchasacha oibleagáidí um measúnú comhréireachta an Rialacháin seo nó cur i bhfeidhm deonach na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 69 a chomhlíonadh i dtimpeallacht rialaithe;

     

    f)

    go mbeidh nósanna imeachta, próisis agus ceanglais riaracháin maidir le cur i bhfeidhm, roghnú, rannpháirtíocht agus imeacht as an mbosca gainimh simplí, sothuigthe, curtha in iúl go soiléir chun rannpháirtíocht FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil acmhainneachtaí teoranta dlíthiúla agus riaracháin acu a éascú agus go ndéanfar iad a chuíchóiriú ar fud an Aontais, chun ilroinnt a sheachaint agus go mbeidh rannpháirtíocht i mbosca gainimh rialála arna bhunú ag Ballstát, ag an gCoimisiún, nó ag MECS aitheanta go frithpháirteach agus go haonfhoirmeach agus go mbeidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu ar fud an Aontais;

     

    g)

    go mbeidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála IS teoranta do thréimhse atá iomchuí do chastacht agus do scála an tionscadail.

     

    h)

    Éascóidh na boscaí gainimh an fhorbairt ar uirlisí agus bonneagair le haghaidh tástáil, tagarmharcáil agus measúnú a dhéanamh ar ghnéithe de chórais intleachta saorga atá ábhartha do bhoscaí gainimh agus míniú a thabhairt ina leith, amhail cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil chomh maith le rioscaí do chearta bunúsacha, don chomhshaol agus don tsochaí i gcoitinne a íoslaghdú

     

    3.     Déanfar rochtain a éascú do sholáthraithe ionchasacha sna boscaí gainimh, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, ar sheirbhísí réamh-imscartha amhail treoir maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar sheirbhísí eile breisluacha amhail cabhair le doiciméid chaighdeánaithe agus le deimhniú agus comhairliúchán, agus ar thionscnaimh eile an Mhargaidh Aonair Dhigitigh amhail Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta, Moil Dhigiteacha, Ionaid Barr Feabhais, agus cumais tagarmharcála an Aontais;

    Leasú 506

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Próiseáil bhreise sonraí pearsanta chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail sa bhosca gainimh rialála IS

    Próiseáil bhreise sonraí chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail sa bhosca gainimh rialála IS

    Leasú 507

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir le sonraí pearsanta a bhailítear go dleathach chun críoch eile, déanfar iad a phróiseáil sa bhosca gainimh rialála chun córais intleachta saorga nuálacha áirithe a fhorbairt agus a thástáil sa bhosca gainimh faoi na coinníollacha seo a leanas:

    1.   Maidir le sonraí pearsanta a bhailítear go dleathach chun críoch eile, ní féadfar iad a phróiseáil sa bhosca gainimh rialála ach amháin chun córais intleachta saorga nuálacha áirithe a fhorbairt agus a thástáil sa bhosca gainimh nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    Leasú 508

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – mír 1 – pointe a – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    go bhforbrófar na córais intleachta saorga nuálacha chun leas mór an phobail a choimirciú i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

    (a)

    go bhforbrófar na córais intleachta saorga chun leas mór an phobail a choimirciú i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

     

     

    (ii)

    sábháilteacht phoiblí agus sláinte phoiblí, lena n-áirítear galair a bhrath, a dhiagnóisiú, a chosc, a rialú agus a chóireáil;

     

     

    (iii)

    ardleibhéal cosanta agus feabhsaithe ar cháilíocht an chomhshaoil, cosaint na bithéagsúlachta, truailliú chomh maith le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;

     

     

    (iiia)

    sábháilteacht agus athléimneacht na gcóras, an bhonneagair agus na ngréasán iompair criticiúil.

    Leasú 509

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – mír 1 – pointe a – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (i)

    cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin; faoi rialú agus freagracht na n-údarás inniúil. Beidh an phróiseáil bunaithe ar dhlí an Bhallstáit nó ar dhlí an Aontais;

    scriosta

    Leasú 510

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – mír 1 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    go bhfuil sásraí faireacháin éifeachtacha ann chun a  aithint an bhféadfadh aon ardriosca do chearta bunúsacha na n-ábhar sonraí teacht chun cinn le linn thástáil an bhosca gainimh chomh maith leis an sásra freagartha chun na rioscaí sin a mhaolú go pras agus, i gcás inar gá, deireadh a chur leis an bpróiseáil;

    (c)

    go bhfuil sásraí faireacháin éifeachtacha ann chun a  shainaithint an bhféadfadh aon ardriosca do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí , dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, teacht chun cinn le linn thurgnamh na mboscaí gainimh chomh maith le sásra freagartha chun na rioscaí sin a mhaolú go mear agus, i gcás inar gá, chun deireadh a chur leis an bpróiseáil;

    Leasú 511

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – mír 1 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    go bhfuil aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs an bhosca gainimh i dtimpeallacht próiseála sonraí atá scartha ó thaobh feidhme , leithlisithe agus cosanta faoi rialú na rannpháirtithe agus nach bhfuil rochtain ach ag daoine údaraithe ar na sonraí sin;

    (d)

    go bhfuil aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs an bhosca gainimh i dtimpeallacht próiseála sonraí atá leithleach, aonraithe agus cosanta ó thaobh feidhme de faoi rialú an tsoláthraí ionchasaigh agus nach bhfuil rochtain ach ag daoine údaraithe ar na sonraí sin;

    Leasú 512

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – mír 1 – pointe f

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (f)

    nach mbeidh bearta ná cinntí a  théann i gcion ar na hábhair sonraí ina dtoradh ar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimh;

    (f)

    nach mbeidh bearta ná cinntí a  dhéanann difear do na hábhair sonraí mar thoradh ar aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimh ná nach ndéanfar difear do chur i bhfeidhm a gceart a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta ;

    Leasú 513

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – mír 1 – pointe g

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (g)

    go scriosfar aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhthéacs an bhosca gainimh nuair a bheidh deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh nó nuair a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta;

    (g)

    go ndéanfar aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhthéacs an bhosca gainimh a  chosaint trí bhíthin bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla agus go scriosfar iad a luaithe a bheidh deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh nó nuair a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta;

    Leasú 514

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – mír 1 – pointe h

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (h)

    go gcoinneofar logaí próiseála na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimh ar feadh tréimhse rannpháirtíochta sa bhosca gainimh agus ar feadh tréimhse 1 bhliain amháin tar éis a fhoirceannta, chun críche na n-oibleagáidí cuntasachta agus doiciméadachta faoin Airteagal seo, nó faoi reachtaíocht ábhartha infheidhme eile an Aontais nó na mBallstát a chomhlíonadh, agus chun na críche sin amháin agus fad is gá sin ;

    (h)

    go gcoinneofar logaí próiseála na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimh ar feadh thréimhse na rannpháirtíochta sa bhosca gainimh;

    Leasú 515

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 – mír 1 – pointe j

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (j)

    go bhfoilseofar ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil achoimre ghearr ar an tionscadal intleachta saorga a forbraíodh sa bhosca gainimh, a chuspóirí agus na torthaí a bhfuil coinne leo.

    (j)

    go bhfoilseofar ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil achoimre ghearr ar an gcóras intleachta saorga a forbraíodh sa bhosca gainimh, a chuspóirí , hipitéisí, agus na torthaí a bhfuil coinne leo;

    Leasú 516

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 54 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 54a

     

    Taighde agus forbairt na hintleachta saorga a chur chun cinn chun tacú le torthaí a rachaidh chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol

     

    1.     Déanfaidh na Ballstáit taighde agus forbairt ar réitigh intleachta saorga a thacaíonn le torthaí atá chun tairbhe na sochaí agus an chomhshaoil a chur chun cinn, lena n-áirítear réitigh atá bunaithe ar intleacht shaorga a fhorbairt, ach gan a bheith teoranta dóibh sin, chun inrochtaineacht a mhéadú do dhaoine faoi mhíchumas, chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí socheacnamaíocha, agus chun spriocanna inbhuanaitheachta agus comhshaoil a bhaint amach, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

     

    (a)

    rochtain tosaíochta ar bhoscaí gainimh rialála IS a sholáthar do thionscadail ábhartha a mhéid a chomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta;

     

    (b)

    cistiú poiblí a chur in áirithe, lena n-áirítear ó chistí ábhartha an Aontais, ar mhaithe le taighde agus forbairt na hintleachta saorga chun tacú le torthaí a rachaidh chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol

     

    (c)

    gníomhaíochtaí sonracha múscailte feasachta a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, infhaighteacht agus nósanna imeachta um iarratais le haghaidh cistiú tiomnaithe, atá saincheaptha do riachtanais na dtionscadal sin;

     

    (d)

    i gcás inarb iomchuí, bealaí inrochtana tiomnaithe a bhunú, lena n-áirítear laistigh de na boscaí gainimh, le haghaidh cumarsáid le tionscadail chun treoir a chur ar fáil agus chun freagra a thabhairt ar cheisteanna faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo.

     

    Tacóidh na Ballstáit leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí sóisialta chun na tionscadail sin a stiúradh nó chun bheith rannpháirteach iontu;

    Leasú 517

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 55 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Bearta maidir le soláthraithe agus úsáideoirí ar mionscála

    Bearta le haghaidh FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus úsáideoirí

    Leasú 518

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 55 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    rochtain tosaíochta a sholáthar do sholáthraithe ar mhionscála agus do ghnólachtaí nuathionscanta ar bhoscaí gainimh rialála IS sa mhéid go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta;

    (a)

    rochtain tosaíochta a sholáthar do FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta , arna mbunú san Aontas, ar bhoscaí gainimh rialála IS sa mhéid go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta;

    Leasú 519

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 55 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    gníomhaíochtaí sonracha ardaithe feasachta a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo , gníomhaíochtaí atá curtha in oiriúint do riachtanais na soláthraithe agus n-úsáideoirí ar mhionscála ;

    (b)

    gníomhaíochtaí sonracha múscailte feasachta agus forbartha scileanna digiteacha feabhsaithe a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo atá saincheaptha do riachtanais FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus úsáideoirí ;

    Leasú 520

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 55 – mír 1 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    i gcás inarb iomchuí, bealach tiomnaithe a bhunú le haghaidh cumarsáide le soláthraithe agus úsáideoirí ar mhionscála agus le nuálaithe eile chun treoir a thabhairt agus chun freagairt d’fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

    (c)

    úsáid a bhaint as bealaí tiomnaithe atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, bealaí tiomnaithe nua a bhunú le haghaidh cumarsáid le FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí agus nuálaithe eile chun treoir a thabhairt agus chun freagairt d’fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

    Leasú 521

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 55 – mír 1 – pointe c a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ca)

    rannpháirtíocht FBManna agus geallsealbhóirí ábhartha eile sa phróiseas forbartha um chaighdeánú a chothú;

    Leasú 522

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 55 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha na soláthraithe ar mhionscála san áireamh agus táillí an mheasúnaithe comhréireachta faoi Airteagal 43 á socrú, agus na táillí sin á laghdú i gcomhréir lena méid agus méid an mhargaidh.

    2.   Cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus úsáideoirí san áireamh agus táillí an mheasúnaithe comhréireachta faoi Airteagal 43 á socrú, lena laghdaítear na táillí sin i gcomhréir leis an gcéim forbartha, lena méid , le méid an mhargaidh agus éileamh an mhargaidh . Déanfaidh an Coimisiún measúnú rialta ar na costais deimhniúcháin agus chomhlíontachta do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin thrédhearcacha le FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus úsáideoirí agus oibreoidh sé leis na Ballstáit chun na costais sin a ísliú i gcás inar féidir. Tuairisceoidh an Coimisiún ar na torthaí sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle mar chuid den tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo dá bhforáiltear in Airteagal 84(2).

    Leasú 523

    Togra le haghaidh rialacháin

    Caibidil 56 – ROINN 1 – Teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Teideal

     

    ROINN 1: Forálacha ginearálta maidir leis an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga

    Leasú 524

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 56 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    An Bord Eorpach um Intleacht Shaorga a bhunú

    An Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga a bhunú

    Leasú 525

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 56 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Bunaítear ‘ Bord Eorpach um Intleacht Shaorga’ (an ‘ Bord ’).

    1.   Bunaítear leis seo an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga’(an ‘ Oifig um Intleacht Shaorga ’). Comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais a bheidh san Oifig um Intleacht Shaorga. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

    Leasú 526

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 56 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Cuirfidh an Bord comhairle agus cúnamh ar fáil don Choimisiún chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    2.    Beidh rúnaíocht ag an Oifig um Intleacht Shaorga, agus déanfar í a chistiú go leordhóthanach agus beidh foireann leordhóthanach aici chun a cúraimí a chur i gcrích de bhun an Rialacháin seo.

    Leasú 527

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 56 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Is sa Bhruiséil a bheidh suíomh na hOifige um Intleacht Shaorga.

    Leasú 528

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 56 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 56a

    Struchtúr

    Beidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta na hOifige um Intleacht Shaorga comhdhéanta mar a leanas:

    (a)

    bord bainistíochta, lena n-áirítear cathaoirleach

    (b)

    rúnaíocht a bheidh á bainistiú ag stiúrthóir feidhmiúcháin;

    (c)

    fóram comhairleach.

    Leasú 529

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 56 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 56b

     

    Cúraimí na hOifige um Intleacht Shaorga

     

    Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na cúraimí seo a leanas:

     

    (a)

    tacú leis na Ballstáit, le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, leis an gCoimisiún agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais, agus comhairle a chur orthu agus comhoibriú leo maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

     

    (b)

    faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach comhsheasmhach an Rialacháin seo agus é a áirithiú, gan dochar do chúraimí na n-údarás maoirseachta náisiúnta;

     

    (c)

    rannchuidiú leis an gcomhordú idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta atá freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm,

     

    (d)

    fónamh mar idirghabhálaí i bpléití maidir le heasaontais thromchúiseacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir údaráis inniúla maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin,

     

    (e)

    imscrúduithe comhpháirteacha a chomhordú, de bhun Airteagal 66a;

     

    (f)

    rannchuidiú leis an gcomhar éifeachtach le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta,

     

    (g)

    saineolas agus dea-chleachtais na mBallstát a bhailiú agus a chomhroinnt agus cuidiú le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát agus leis an gCoimisiún an saineolas eagraíochtúil agus teicniúil is gá a fhorbairt chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí éascú a dhéanamh ar chruthú agus ar chothabháil díorma saineolaithe de chuid an Aontais,

     

    (h)

    scrúdú a dhéanamh, ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin dá bord bainistíochta nó don Choimisiún, ar cheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus tuairimí, moltaí nó rannchuidithe i scríbhinn a eisiúint, lena n-áirítear tuairimí maidir leis an méid seo a leanas:

     

     

    (i)

    sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann cheana;

     

     

    (ii)

    treoirlínte an Choimisiúin;

     

     

    (iii)

    cóid iompair agus cur i bhfeidhm na gcód sin, i ndlúthchomhar leis an tionscal agus le geallsealbhóirí ábhartha eile;

     

     

    (iv)

    an t-athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán, na gníomhartha tarmligthe a ullmhú, agus ailíniú féideartha an Rialacháin seo leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II;

     

     

    (v)

    treochtaí, amhail iomaíochas domhanda na hEorpa san intleacht shaorga, glacadh na hintleachta saorga san Aontas, forbairt scileanna digiteacha, agus bagairtí córasacha atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an intleacht shaorga;

     

     

    (vi)

    treoraíocht maidir leis an gcaoi a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo i leith tíopeolaíocht shíorathraitheach slabhraí luacha IS, go háirithe maidir leis na himpleachtaí a eascraíonn as sin ó thaobh cuntasachta de na n-eintiteas uile lena mbaineann;

     

    (i)

    tuarascáil bhliantúil a eisiúint:

     

     

    (i)

    ina mbeidh meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, athbhreithniú ar thuarascálacha teagmhas tromchúiseach amhail dá dtagraítear in Airteagal 62 agus feidhmiú an bhunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 60 agus

     

     

    (ii)

    moltaí don Choimisiún maidir le cleachtais thoirmiscthe, córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, na cóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 69, agus cur i bhfeidhm na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4a a chatagóiriú;

     

    (j)

    cúnamh a thabhairt do na húdaráis boscaí gainimh rialála a bhunú agus a fhorbairt agus comhar a éascú i measc boscaí gainimh rialála;

     

    (k)

    cruinnithe a eagrú le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí rialachais an Aontais a mbaineann a gcúraimí leis an intleacht shaorga agus le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

     

    (l)

    comhairliúcháin ráithiúla a eagrú leis an bhfóram comhairleach, agus, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin phoiblí le geallsealbhóirí eile a eagrú, agus torthaí na gcomhairliúchán sin a phoibliú ar a suíomh gréasáin;

     

    (m)

    feasacht agus tuiscint i measc an phobail a chur chun cinn maidir leis na tairbhí, na rioscaí, na coimircí agus na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le húsáid córas intleachta saorga;

     

    (n)

    an fhorbairt ar chritéir chomhchoiteanna agus comhthuiscint idir oibreoirí margaidh agus údaráis inniúla ar na coincheapa ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú;

     

    (o)

    faireachán a dhéanamh ar bhunsamhlacha agus idirphlé rialta a eagrú le forbróirí bunsamhlacha maidir lena gcomhlíonadh chomh maith le córais intleachta saorga a bhaineann úsáid as na samhlacha intleachta saorga sin;

     

    (p)

    treoir léirmhínitheach a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a bhfuil feidhm ag an Acht um Intleacht Shaorga i leith tíopeolaíocht shíorathraitheach shlabhraí luacha IS, agus maidir leis na himpleachtaí a bheidh ann dá bharr ó thaobh cuntasachta na n-eintiteas uile lena mbaineann de faoi na cásanna éagsúla atá bunaithe ar an úrscothacht ghnáthaitheanta, lena n-áirítear mar a léirítear sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha;

     

    (q)

    formhaoirseacht agus faireachán ar leith a sholáthar agus idirphlé rialta a institiúidiú le soláthraithe na mbunsamhlacha maidir le comhlíonadh na mbunsamhlacha agus na gcóras intleachta saorga a bhaineann úsáid as na samhlacha intleachta saorga sin le hAirteagal 28b den Rialachán seo, agus maidir le dea-chleachtais an tionscail le haghaidh féinrialachais. Beidh aon chruinniú den sórt sin oscailte d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta, do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis um fhaireachas margaidh freastal ar an gcruinniú sin agus a bheith rannpháirteach ann;

     

    (r)

    treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil maidir leis na tairseacha a cháilíonn an oiliúint a chuirtear ar bhunsamhail mar rith mór oiliúna, cásanna aitheanta de rití móra oiliúna a thaifeadadh agus monatóireacht a dhéanamh orthu, agus tuarascáil bhliantúil a eisiúint maidir le staid na himeartha i bhforbairt, leathadh, agus úsáid bunsamhlacha in éineacht le roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna a bhaineann go sonrach le bunsamhlacha.

     

    (s)

    litearthacht intleachta saorga a chur chun cinn de bhun Airteagal 4b.

    Leasú 530

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 56 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 56c

     

    Cuntasacht, neamhspleáchas, agus trédhearcacht

     

    1.     Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga an méid seo a leanas:

     

    (a)

    beidh sí cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhréir leis an Rialachán seo;

     

    (b)

    gníomhóidh sí go neamhspleách i gcomhlíonadh a cúraimí nó i bhfeidhmiú a cumhachtaí; agus

     

    (c)

    áiritheoidh sí ardleibhéal trédhearcachta a mhéid a bhaineann lena gníomhaíochtaí agus forbróidh sí dea-chleachtais riaracháin ina leith sin.

     

    Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 i leith doiciméid atá i seilbh na hOifige um Intleacht Shaorga.

    Leasú 531

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal – 57 a (nua) – ROINN 2 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Teideal

     

    ROINN 2: An Bord Bainistíochta

    Leasú 532

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 57 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal – 57a

     

    Comhdhéanamh an bhoird bainistíochta

     

    1.     Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an mbord bainistíochta:

     

    (a)

    ionadaí amháin ó údarás maoirseachta náisiúnta gach Ballstáit;

     

    (b)

    ionadaí amháin ón gCoimisiún;

     

    (c)

    ionadaí amháin ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

     

    (d)

    ionadaí amháin ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA);

     

    (e)

    ionadaí amháin ón nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (FRA).

     

    Beidh vóta amháin ag gach ionadaí ó údarás maoirseachta náisiúnta. Ní bheidh cearta vótála ag ionadaithe an Choimisiúin, MECS, ENISA agus FRA. Beidh comhalta ionaid ag gach comhalta. Agus comhaltaí agus comhaltaí ionaid an bhoird bainistíochta á gceapadh, cuirfear san áireamh an gá atá le cothromaíocht inscne. Poibleofar comhaltaí an bhoird bainistíochta agus a gcomhaltaí ionaid.

     

    2.     Ní bheidh seasaimh choinbhleachta ná leasanna tráchtála ag comhaltaí agus comhaltaí ionaid an bhoird bainistíochta maidir le haon topaic a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

     

    3.     Leagfar síos sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal – 57b, pointe (a) na rialacha maidir le cruinnithe agus vótáil an bhoird bainistíochta agus maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus a chur as oifig.

    Leasú 533

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal – 57 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal – 57b

     

    Feidhmeanna an bhoird bainistíochta

     

    1.     Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mbord bainistíochta:

     

    (a)

    cinntí straitéiseacha a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí na hOifige um Intleacht Shaorga agus a rialacha nós imeachta a ghlacadh le tromlach dhá thrian dá comhaltaí;

     

    (b)

    a rialacha nós imeachta a chur chun feidhme;

     

    (c)

    doiciméad clársceidealaithe aonair na hOifige um Intleacht Shaorga a ghlacadh mar aon leis an tuarascáil phoiblí bhliantúil agus iad araon a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig an gCúirt Iniúchóirí;

     

    (d)

    buiséad na hOifige um Intleacht Shaorga a ghlacadh;

     

    (e)

    an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, téarma oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin a fhadú nó a chiorrú nó é nó í a chur as oifig;

     

    (f)

    cinneadh a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha na hOifige um Intleacht Shaorga a bhunú agus, i gcás inar gá, modhnú a dhéanamh ar na struchtúir inmheánacha sin is gá chun cúraimí na hOifige um Intleacht Shaorga a chomhlíonadh;

    Leasú 534

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal – 57 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal – 57c

    Cathaoirleach an bhoird bainistíochta

    1.     Toghfaidh an bord bainistíochta cathaoirleach agus beirt leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí a bhfuil vóta acu trí thromlach simplí.

    2.     Mairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus na Leas-Chathaoirleach 4 bliana. Féadfar téarmaí an Chathaoirligh agus na Leas-Chathaoirleach a athnuachan aon uair amháin.

    Leasú 535

    Togra le haghaidh rialacháin

    Caibidil 57 – ROINN 3 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Struchtúr an Bhoird

    An Rúnaíocht

    Leasú 536

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 57 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Is éard a bheidh sa Bhord na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta , a  ndéanfaidh ceann an údaráis sin nó oifigeach ardleibhéil coibhéiseach de chuid an údaráis sin ionadaíocht orthu, agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Féadfar cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta eile le freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo.

    1.    Déanfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin gníomhaíochtaí na rúnaíochta a bhainistiú. Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cuntasach don bhord bainistíochta. Gan dochar do chumhachtaí faoi seach an bhoird bainistíochta agus institiúidí an Aontais , ní dhéanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin treoracha iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

    Leasú 537

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 57 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Glacfaidh an Bord chuid rialacha nós imeachta féin trí thromlach simplí a chomhaltaí, tar éis thoiliú an Choimisiúin. Beidh sna rialacha nós imeachta freisin gnéithe oibríochtúla a bhaineann le forghníomhú chúraimí an Bhoird mar a liostaítear iad in Airteagal 58. Féadfaidh an Bord foghrúpaí a bhunú de réir mar is cuí chun ceisteanna sonracha a imscrúdú.

    2.    Freastalóidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ar éisteachtaí maidir le haon ábhar a bhaineann le gníomhaíochtaí na hOifige um Intleacht Shaorga agus tuairisceoidh sé nó sí maidir le comhlíonadh dhualgais an stiúrthóra feidhmiúcháin nuair a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air nó uirthi déanamh amhlaidh.

    Leasú 538

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 57 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord. Tionólfaidh an Coimisiún na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus lena rialacha nós imeachta. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht riaracháin agus anailíseach ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo.

    3.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ionadaíocht ar an Oifig um Intleacht Shaorga, lena n-áirítear i bhfóraim idirnáisiúnta le haghaidh comhar maidir leis an intleacht shaorga;

    Leasú 539

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 57 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.    Féadfaidh an Bord cuireadh thabhairt do shaineolaithe seachtracha agus do bhreathnóirí freastal ar a chruinnithe agus malartú a dhéanamh le tríú páirtithe leasmhara chun iad a chur ar an eolas maidir lena gcuid gníomhaíochtaí a mhéid is iomchuí. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún malartuithe a éascú idir an Bord agus comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais.

    4.    Soláthróidh an rúnaíocht don bhord bainistíochta agus don fhóram comhairleach an tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochta is gá chun cúraimí na hOifige um Intleacht Shaorga chomhlíonadh, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

     

    (a)

    Na cinntí, na cláir agus na gníomhaíochtaí arna nglacadh ag an mbord bainistíochta a chur chun feidhme;

     

    (b)

    an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair, an dréachtbhuiséad, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí maidir leis an Oifig um Intleacht Shaorga, na dréacht-tuairimí agus dréachtsheasaimh na hOifige um Intleacht Shaorga a ullmhú gach bliain, agus iad a chur faoi bhráid an bhoird bainistíochta.

     

    (c)

    Comhordú a dhéanamh le fóraim idirnáisiúnta um chomhar maidir leis an intleacht shaorga;

    Leasú 540

    Togra le haghaidh rialacháin

    Caibidil 58 – ROINN 4 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Cúraimí an Bhoird

    An Fóram Comhairleach

    Leasú 541

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Le linn dó comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún i gcomhthéacs Airteagal 56(2), déanfaidh an Bord an méid seo a leanas go háirithe:

    Cuirfidh an fóram comhairleach ionchur ó gheallsealbhóirí ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga in ábhair a bhaineann leis an Rialachán seo, go háirithe maidir leis na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 56b pointe (l).

    Leasú 542

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 2 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Beidh ballraíocht an fhóraim chomhairligh ina léiriú ar roghnú cothrom na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear tionscal, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, an tsochaí shibhialta, na comhpháirtithe sóisialta agus an saol acadúil. Déanfar ballraíocht an fhóraim chomhairligh a chothromú maidir le leasanna tráchtála agus neamhthráchtála agus, laistigh den chatagóir leasanna tráchtála, maidir le FBManna agus gnóthais eile.

    Leasú 543

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 3 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Ceapfaidh an bord bainistíochta comhaltaí an fhóraim chomhairligh i gcomhréir leis an nós imeachta roghnúcháin arna bhunú i rialacha nós imeachta na hOifige um Intleacht Shaorga agus an gá atá le trédhearcacht á chur san áireamh agus i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2;

    Leasú 544

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 4 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Mairfidh téarma oifige chomhaltaí an fhóraim chomhairligh 2 bhliain, agus féadfar síneadh nach faide ná 4 bliana a chur leis.

    Leasú 545

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 5 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Beidh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC), agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) ina gcomhaltaí buana den Fhóram Comhairleach. Beidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ina chomhalta buan, gan cearta vótála.

    Leasú 546

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 6 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Déanfaidh an fóram comhairleach a rialacha nós imeachta a tharraingt suas. Toghfaidh sé beirt chomhchathaoirleach as measc a chomhaltaí, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2. Mairfidh téarma oifige na gcomhchathaoirleach 2 bhliain agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.

    Leasú 547

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 7 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Tionólfaidh an fóram comhairleach cruinnithe 4 huaire sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh an fóram comhairleach cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do gheallsealbhóirí eile chuig a chruinnithe. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freastal, ex officio, ar chruinnithe an fhóraim chomhairligh.

    Leasú 548

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 8 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Agus a ról mar a leagtar amach i mír 1 á chomhlíonadh aige, féadfaidh an fóram comhairleach tuairimí, moltaí agus aighneachtaí i scríbhinn a ullmhú.

    Leasú 549

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 9 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Féadfaidh an fóram comhairleach foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú de réir mar is iomchuí chun ceisteanna sonracha a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a scrúdú.

    Leasú 550

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 – mír 10 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Déanfaidh an fóram comhairleach tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

    Leasú 551

    Togra le haghaidh rialacháin

    Caibidil 58 a – ROINN 5 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Na hÚdaráis Eorpacha maidir le tagarmharcáil

    Leasú 552

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 58 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 58a

    Tagarmharcáil

    Déanfaidh na húdaráis Eorpacha maidir le tagarmharcáil dá dtagraítear in Airteagal 15 (1a) agus an Oifig um Intleacht Shaorga, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, treoir agus cumais chostéifeachtacha a fhorbairt go comhpháirteach chun gnéithe de chórais intleachta saorga agus de chomhpháirteanna intleachta saorga a thomhas agus a thagarmharcáil, agus go háirithe bunsamhlacha atá ábhartha maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú an Rialacháin seo bunaithe ar an úrscothacht ghnáthaitheanta, lena n-áirítear mar a léirítear sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha.

    Leasú 553

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Ainmniú údarás inniúil náisiúnta

    Ainmniú údarás maoirseachta náisiúnta

    Leasú 554

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát údaráis inniúla náisiúnta chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. Eagrófar údarás inniúil náisiúnta sa chaoi go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a  gcuid gníomhaíochtaí agus cúraimí .

    1.    Déanfaidh gach Ballstát údarás maoirseachta náisiúnta amháin a ainmniú, a eagrófar ionas go ndéanfar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a  ghníomhaíochtaí agus a chúraimí a choimirciú faoin . ..[3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Leasú 555

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Ainmneoidh gach Ballstát údarás maoirseachta náisiúnta as measc na n-údarás inniúil náisiúnta . Gníomhóidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta mar údarás a thugann fógra agus údarás um fhaireachas margaidh ach amháin má tá cúiseanna eagraíochtúla agus riaracháin ag Ballstát le níos mó ná údarás amháin a ainmniú .

    2.    Áiritheoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca, a bhaineann le táirgí a bhfuil feidhm ag gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II ina leith, leanfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi na gníomhartha dlíthiúla sin de bheith i gceannas ar na nósanna imeachta riaracháin. Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le gnéithe a chumhdaítear go heisiach leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla sin faoi cheangal ag na bearta a bhaineann leis na gnéithe sin arna n-eisiúint ag an údarás maoirseachta náisiúnta arna ainmniú faoin Rialachán seo . Gníomhóidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta mar údarás um fhaireachas margaidh.

    Leasú 556

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.    Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina n-ainmniú nó a n-ainmnithe agus, i gcás inarb infheidhme, faoi na cúiseanna le níos mó ná údarás amháin a ainmniú .

    3.    Faoin… [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit an t-údarás maoirseachta náisiúnta agus faisnéis maidir leis an gcaoi ar féidir teagmháil a dhéanamh leis a chur ar fáil go poiblí agus a chur in iúl don Oifig um Intleachta Shaorga agus don Choimisiún. Gníomhóidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta mar phointe teagmhála aonair don Rialachán seo agus ba cheart go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leis trí mhodhanna cumarsáide leictreonaí .

    Leasú 557

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha d’údaráis inniúla náisiúnta chun a  gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Go sonrach, beidh líon leordhóthanach foirne ag na húdaráis inniúla náisiúnta a mbeidh fáil buan orthu agus a n-áireofar ar a n-inniúlachtaí agus ar a saineolas tuiscint dhomhain ar theicneolaíochtaí na hintleachta saorga, sonraí agus ríomhaireacht sonraí, cearta bunúsacha, rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht agus ar eolas faoi na caighdeáin agus na ceanglais dlí atá ann faoi láthair.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna agus bonneagair leordhóthanacha don údarás maoirseachta náisiúnta chun a  chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtúil . Go sonrach, beidh líon leordhóthanach foirne ag an údarás maoirseachta náisiúnta a mbeidh fáil buan orthu agus a n-áireofar ar a n-inniúlachtaí agus ar a saineolas tuiscint dhomhain ar theicneolaíochtaí na hintleachta saorga, sonraí agus ríomhaireacht sonraí, cosaint sonraí pearsanta, an chibearshlándáil, dlí na hiomaíochta, cearta bunúsacha, rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht agus ar eolas faoi na caighdeáin agus na ceanglais dlí atá ann faoi láthair. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar bhonn bliantúil agus, má mheastar gur gá, nuashonróidh siad na ceanglais inniúlachta agus acmhainní dá dtagraítear sa mhír seo.

    Leasú 558

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4a.     Feidhmeoidh gach údarás maoirseachta náisiúnta a gcumhachtaí agus comhlíonfaidh siad a ndualgais go neamhspleách, go neamhchlaonta agus go neamhfhabhrach. I gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoin Rialachán seo, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh comhaltaí gach údaráis maoirseachta náisiúnta treoracha ó aon chomhlacht agus staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais.

    Leasú 559

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 4 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4b.     Comhlíonfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na híoscheanglais chibearshlándála a leagtar amach le haghaidh eintitis riaracháin phoiblí a shainaithnítear mar oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha de bhun Threoir (AE) 2022/2555.

    Leasú 560

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 4 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4c.     Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh aige, gníomhóidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 70.

    Leasú 561

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le stádas acmhainní airgeadais agus daonna na n-údarás inniúil náisiúnta trí mheasúnú ar a leordhóthanacht. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBord lena plé agus le haghaidh moltaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

    5.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le stádas acmhainní airgeadais agus daonna an údaráis maoirseachta náisiúnta trí mheasúnú ar a leordhóthanacht. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an Oifig um Intleacht Shaorga lena plé agus le haghaidh moltaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

    Leasú 562

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.     Éascóidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis inniúla náisiúnta.

    scriosta

    Leasú 563

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7.   Féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta treoir agus comhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear treoir agus comhairle a  thabhairt do sholáthraithe ar mhionscála. Nuair atá sé beartaithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta treoir agus comhairle a  thabhairt maidir le córas intleachta saorga i réimsí a chumhdaítear le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta faoin reachtaíocht sin, de réir mar is iomchuí. Thairis sin féadfaidh na Ballstáit pointe teagmhála lárnach amháin a bhunú le haghaidh cumarsáide le hoibreoirí.

    7.   Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta treoir agus comhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n -áirítear do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, agus an Oifig um Intleacht Shaorga nó treoir agus comhairle an Choimisiúin á gcur san áireamh. Aon uair bheartaíonn an t-údarás maoirseachta náisiúnta treoir agus comhairle a  chur ar fáil maidir le córas intleachta saorga i réimsí a chumhdaítear le dlí eile an Aontais, dréachtófar an treoir i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta inniúla faoi dhlí sin an Aontais , de réir mar is iomchuí.

    Leasú 564

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 – mír 8

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    8.   Nuair a thagann institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar an t-údarás inniúil chun maoirseacht a dhéanamh orthu.

    8.   Nuair a thagann institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar an t-údarás inniúil chun maoirseacht agus comhordú a dhéanamh orthu.

    Leasú 565

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 59 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 59a

     

    Sásra comhair idir údaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcásanna a bhaineann le dhá Bhallstát nó níos mó

     

    1.     Comhlíonfaidh gach údarás maoirseachta náisiúnta na cúraimí agus na cumhachtaí a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.

     

    2.     I gcás ina bhfuil baint ag dhá údarás maoirseachta náisiúnta nó níos mó leis, measfar gurb é údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit inar tharla an sárú an príomhúdarás maoirseachta.

     

    3.     Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta ábhartha agus malartóidh siad an fhaisnéis ábhartha uile le chéile in am trátha. Comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun teacht ar chomhthoil.

    Leasú 566

    Togra le haghaidh rialacháin

    Teideal VII

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    VII BUNACHAR SONRAÍ AN AONTAIS LE hAGHAIDH CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA NEAMHSPLEÁCHA

    BUNACHAR SONRAÍ AN AONTAIS LE hAGHAIDH CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA

    Leasú 567

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 60 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Bunachar sonraí an Aontais le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca neamhspleácha

    Bunachar sonraí an Aontais le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca

    Leasú 568

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 60 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   I gcomhar leis na Ballstáit cuirfidh an Coimisiún bunachar sonraí an Aontais ar bun, agus déanfaidh sé é a chothabháil, ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i  mír 2 maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2) atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 51.

    1.    Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, bunachar sonraí poiblí de chuid an Aontais a chur ar bun agus a chothabháil ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i  míreanna 2 agus 2a maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 51.

    Leasú 569

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 60 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Cuirfidh soláthraithe na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn VIII isteach i mbunachar sonraí an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus riaracháin ar fáil dóibh.

    2.    Déanfaidh na soláthraithe na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn VIII , Roinn A, a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais.

    Leasú 570

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 60 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Maidir leis na sonraí a liostaítear i Roinn B, d’Iarscríbhinn VIII, déanfaidh na himlonnóirí atá nó a ghníomhaíonn thar ceann údarás poiblí nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais agus imlonnóirí ar gnóthais iad dá dtagraítear in Airteagal 51(1a) agus (1b) iad a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais.

    Leasú 571

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 60 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Beidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis i mbunachar sonraí an Aontais.

    3.   Beidh an fhaisnéis atá i mbunachar sonraí an Aontais ar fáil saor in aisce don phobal, soláimhsithe agus inrochtana, so-seolta agus inléite ag meaisín ina mbeidh sonraí digiteacha struchtúrtha atá bunaithe ar phrótacal caighdeánaithe .

    Leasú 572

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 60 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Ní bheidh sonraí pearsanta i mbunachar sonraí an Aontais ach amháin a mhéid is gá chun faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar san fhaisnéis sin ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha atá freagrach as an gcóras a chlárú agus a  mbeidh an t-údarás dlíthiúil acu ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an tsoláthraí .

    4.   Ní bheidh sonraí pearsanta i mbunachar sonraí an Aontais ach amháin a mhéid is gá chun faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar san fhaisnéis sin ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha atá freagrach as an gcóras a chlárú agus a  bhfuil an t-údarás dlíthiúil acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar an soláthraí nó ar an imlonnóir ar údarás poiblí é nó ar institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais é nó ar imlonnóir é atá ag gníomhú thar a gceann nó imlonnóir ar gnóthas é dá dtagraítear in Airteagal 51(1a)(b) agus (1b) .

    Leasú 573

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 60 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Is é an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir ar bhunachar sonraí an Aontais. Áiritheoidh sé freisin go mbeidh tacaíocht theicniúil agus riaracháin leormhaith ag soláthraithe .

    5.   Is é an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir ar bhunachar sonraí an Aontais. Áiritheoidh sé freisin do sholáthraithe agus d’imlonnóirí tacaíocht theicniúil agus riaracháin leormhaith.

     

    Comhlíonfaidh an bunachar sonraí ceanglais inrochtaineachta Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.

    Leasú 574

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 61 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Maidir le sonraí ábhartha arna soláthar ag úsáideoirí nó arna mbailiú trí fhoinsí eile maidir le feidhmiú córas intleachta saorga ardriosca ar feadh a saolré, leis an gcóras faireacháin iarmhargaidh déanfar na sonraí a bhailiú, a dhoiciméadú agus a anailísiú go gníomhach agus go córasach agus tríd an gcóras sin is féidir le an soláthraí measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leanúnach na gcóras intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2.

    2.   Maidir le sonraí ábhartha arna soláthar ag imlonnóirí nó arna mbailiú trí fhoinsí eile maidir le feidhmiú córas intleachta saorga ardriosca ar feadh a saolré, leis an gcóras faireacháin iarmhargaidh déanfar na sonraí a bhailiú, a dhoiciméadú agus a anailísiú go gníomhach agus go córasach agus tríd an gcóras sin is féidir leis an soláthraí measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leanúnach na gcóras intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2. I gcás inarb ábhartha, áireofar san fhaireachán iarmhargaidh anailís ar an idirghníomhaíocht le timpeallacht eile córas intleachta saorga, lena n-áirítear gléasanna agus bogearraí eile, agus na rialacha is infheidhme ó réimsí amhail cosaint sonraí, cearta maoine intleachtúla agus dlí na hiomaíochta á gcur san áireamh.

    Leasú 575

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 61 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Beidh an córas faireacháin iarmhargaidh bunaithe ar phlean faireacháin iarmhargaidh. Beidh an plean faireacháin iarmhargaidh mar chuid den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha mionsonraithe lena mbunófar teimpléad don phlean faireacháin iarmhargaidh agus liosta na n-eilimintí atá le cur san áireamh sa phlean.

    3.   Beidh an córas faireacháin iarmhargaidh bunaithe ar phlean faireacháin iarmhargaidh. Beidh an plean faireacháin iarmhargaidh mar chuid den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha mionsonraithe lena mbunófar teimpléad don phlean faireacháin iarmhargaidh agus liosta na n-eilimintí atá le háireamh sa phlean faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] .

    Leasú 576

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 62 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Teagmhais thromchúiseacha agus mífheidhmiú a thuairisciú

    Teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú

    Leasú 577

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 62 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus i dtaca le haon teagmhas tromchúiseach nó aon mhífheidhmiú maidir leis na córais sin ar sárú é ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha chun cearta bunúsacha a  chosaint, tuairisceoidh an soláthraí sin d’ údaráis um fhaireachas margaidh sa Bhallstát inar tharla an teagmhas nó an sárú sin.

    1.    Déanfaidh soláthraithe agus, i gcás ina mbeidh teagmhas tromchúiseach sainaitheanta ag imlonnóirí, imlonnóirí córas intleachta saorga ardriosca atá curtha ar mhargadh an Aontais , aon teagmhas tromchúiseach de na córais sin arb ionann é agus sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá beartaithe chun cosaint a dhéanamh ar chearta bunúsacha a  thuairisciú d’ údarás maoirseachta náisiúnta na mBallstát inar tharla an teagmhas nó an sárú sin.

    Leasú 578

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 62 – mír 1 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfar an fógra sin láithreach tar éis don soláthraí nasc cúisíoch a bhunú idir an córas intleachta saorga agus an teagmhas nó an mífheidhmiú nó dóchúlacht réasúnta a bhunú maidir le nasc den sórt sin, agus, in aon chás, déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis do na soláthraithe fáil amach faoin teagmhas tromchúiseach nó faoin mífheidhmiú .

    Déanfar an fógra sin a thabhairt gan mhoill mhíchuí tar éis don soláthraí , nó, i gcás inarb infheidhme an t-imlonnóir, nasc cúisíoch a bhunú idir an córas intleachta saorga agus an teagmhas nó an dóchúlacht réasúnta go mbeidh an nasc sin ann , agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis don soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, don imlonnóir teacht ar an eolas faoin teagmhas tromchúiseach.

    Leasú 579

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 62 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Ar nasc cúisíoch a bhunú idir an córas intleachta saorga agus an teagmhas tromchúiseach nó an dóchúlacht réasúnach go mbeidh nasc den sórt sin ann, déanfaidh soláthraithe gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí de bhun Airteagal 21.

    Leasú 580

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 62 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Ar fhógra a fháil maidir le sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, cuirfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh na húdaráis phoiblí náisiúnta nó na comhlachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 64 (3) ar an eolas. Forbróidh an Coimisiún treoir thiomnaithe chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 a éascú. Eiseofar an treoir sin 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a dhéanaí .

    2.   Ar fhógra a fháil maidir le sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta na húdaráis phoiblí náisiúnta nó na comhlachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 64 (3) ar an eolas. Forbróidh an Coimisiún treoir thiomnaithe chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 a éascú. Eiseofar an treoir sin faoin [teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus déanfar measúnú rialta uirthi .

    Leasú 581

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 62 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta na bearta iomchuí laistigh de 7 lá ón dáta a fuair sé an fógra dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina ndéanfar an sárú nó inar dócha go dtarlóidh sé i mBallstáit eile, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta fógra don Oifig um Intleacht Shaorga agus d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta ábhartha na mBallstát sin.

    Leasú 582

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 62 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Maidir le córais ardriosca intleachta saorga dá dtagraítear i bpointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a chuireann institiúidí creidmheasa ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE agus maidir le córais ardriosca intleachta saorga ardriosca ar comhpháirteanna sábháilteachta feistí iad, nó ar feistí iad féin, a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745 agus le Rialachán (AE) 2017/746, beidh an fógrafaoi theagmhais thromchúiseacha nó faoi mhífheidhmiú teoranta dóibh ar sárú iad ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha chun cearta bunúsacha a chosaint .

    3.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a chuireann soláthraithe ar an margadh nó i mbun seirbhíse atá faoi réir ionstraimí reachtacha de chuid an Aontais lena leagtar síos oibleagáidí tuairiscithe atá coibhéiseach leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, aistreofar fógra faoi theagmhais thromchúiseacha ar sárú iad ar chearta bunúsacha faoi dhlí an Aontais chuig an údarás maoirseachta náisiúnta .

    Leasú 583

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 62 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     Tabharfaidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta fógra don Oifig um Intleacht Shaorga gach bliain maidir leis na teagmhais thromchúiseacha a thuairiscítear dóibh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    Leasú 584

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 63 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le córais intleachta saorga a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Mar sin féin, chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach:

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le córais intleachta saorga agus bunsamhlacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Mar sin féin, chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach:

    Leasú 585

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 63 –mír 1 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    gníomhóidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta mar údaráis um faireachas margaidh faoin Rialachán seo agus beidh na cumhachtaí agus na hoibleagáidí céanna acu agus atá ag na húdaráis um fhaireachas margaidh faoi Rialachán (AE) 2019/1020.

    Leasú 586

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 63 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Tuairisceoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta don Choimisiún ar bhonn rialta maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí ábhartha i ndáil le faireachas margaidh . Tuairisceoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta, gan mhoill, don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis arna sainaithint le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le rialacha iomaíochta.

    2.   Tuairisceoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta torthaí na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh ábhartha don Choimisiún agus don Oifig um Intleacht Shaorga gach bliain . Tuairisceoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta, gan mhoill, don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis arna sainaithint le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le rialacha iomaíochta.

    Leasú 587

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 63 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     Chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta an méid seo a leanas a dhéanamh:

     

    (a)

    cigireachtaí ar an láthair agus cianchigireachtaí gan réamhfhógra a dhéanamh ar chórais intleachta saorga ardriosca;

     

    (b)

    samplaí a fháil a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear trí chianchigireachtaí, chun na córais intleachta saorga a aisiompú agus chun fianaise a fháil chun neamhchomhlíonadh a shainaithint.

    Leasú 588

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 63 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Maidir le córais intleachta saorga a  liostaítear i bpointe 1(a) sa mhéid a úsáidtear na córais sin chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, i bpointí 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, chun críocha an Rialacháin seo, ainmneoidh na Ballstáit mar údaráis um fhaireachas margaidh na húdaráis mhaoirseachta inniúla um chosaint sonraí faoi Threoir (AE) 2016/680 , nó Rialachán 2016/679 nó na húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí, na n-údarás inimirce nó na n-údarás tearmainn a chuireann na córais sin i mbun seirbhíse nó a bhaineann úsáid astu .

    5.   Maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ainmneoidh na Ballstáit mar údaráis um faireachas margaidh chun críocha an Rialacháin seo na húdaráis mhaoirseachta inniúla um chosaint sonraí faoi Threoir (AE) 2016/680.

    Leasú 589

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 63 – mír 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7.    Éascóidh na Ballstáit an comhordú idir údaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear faoin Rialachán seo agus údaráis nó comhlachtaí náisiúnta ábhartha eile a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III .

    7.    Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna n-ainmniú faoin Rialachán seo comhordú le húdaráis nó comhlachtaí náisiúnta ábhartha eile a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí comhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II nó i ndlí eile de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III .

    Leasú 590

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 64 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   I gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí, tabharfar rochtain iomlán d’údaráis um fhaireachas margaidh ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a úsáideann an soláthraí, lena n-áirítear trí chomhéadain feidhmchlár (API) nó trí mhodhanna agus uirlisí iomchuí eile lenar féidir rochtain cianda a thabhairt .

    1.   I gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí, agus arna iarraidh sin go réasúnaithe dóibh, tabharfar rochtain iomlán don údarás maoirseachta náisiúnta ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála arna n-úsáid ag an soláthraí, nó , i gcás inarb ábhartha, ag an imscarthóir, atá ábhartha agus a bhfuil géarghá leo chun críche a hiarrata trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí.

    Leasú 591

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 64 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i  dTeideal III, Caibidil 2 agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar chód foinseach an chórais intleachta saorga.

    2.   I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i  dTeideal III, Caibidil 2, tar éis gach bealach réasúnta eile chun comhréireacht a fhíorú, lena n-áirítear mír 1, a bheith ídithe agus tar éis a chruthú nach bhfuil sé leordhóthanach, agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain don údarás maoirseachta náisiúnta ar shamhlacha oiliúna agus oilte an chórais intleachta saorga , lena n-áirítear a pharaiméadair ábhartha . Déileálfar leis an bhfaisnéis uile i gcomhréir le hAirteagal 70 mar fhaisnéis rúnda agus beidh sí faoi réir dhlí an Aontais atá ann cheana maidir le maoin intleachtúil agus rúin trádála a chosaint agus scriosfar í nuair a bheidh an t-imscrúdú ar iarradh an fhaisnéis ina leith curtha i gcrích.

    Leasú 592

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 64 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Tá míreanna 1 agus 2 gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020.

    Leasú 593

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 64 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Maidir le húdaráis phoiblí náisiúnta nó comhlachtaí náisiúnta a dhéanann maoirseacht nó forfheidhmiú ar urramú na n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha i ndáil le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, beidh sé de chumhacht acu aon doiciméadacht arna cruthú nó arna coimeád ar bun faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi nuair atá gá leis sin chun na hinniúlachtaí faoina sainordú a chomhlíonadh laistigh de theorainneacha a ndlínse. Cuirfidh an t-údarás poiblí nó an comhlacht poiblí ábhartha an t-údarás um fhaireachas margaidh sa Bhallstát lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh den sórt sin.

    3.   Maidir le húdaráis phoiblí náisiúnta nó comhlachtaí náisiúnta a dhéanann maoirseacht nó forfheidhmiú ar urramú na n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha i ndáil le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, beidh sé de chumhacht acu aon doiciméadacht arna cruthú nó arna coimeád ar bun faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi nuair atá gá leis sin chun na hinniúlachtaí faoina sainordú a chomhlíonadh laistigh de theorainneacha a ndlínse. Cuirfidh an t-údarás poiblí nó an comhlacht poiblí ábhartha an t-údarás maoirseachta náisiúnta sa Bhallstát lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh den sórt sin.

    Leasú 594

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 64 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Faoi 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh gach Ballstát na húdaráis phoiblí nó na comhlachtaí poiblí dá dtagraítear i mír 3 a shainaithint agus cuirfidh sé liosta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an údaráis maoirseachta náisiúnta. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin liosta sin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile go léir agus coinneoidh siad an liosta cothrom le dáta.

    4.   Faoi 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh gach Ballstát na húdaráis phoiblí nó na comhlachtaí poiblí dá dtagraítear i mír 3 a shainaithint agus cuirfidh sé liosta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an údaráis maoirseachta náisiúnta. Tabharfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta fógra faoin liosta don Choimisiún , don Oifig um Intleacht Shaorga, agus do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta eile go léir agus coinneoidh siad an liosta cothrom le dáta. Foilseoidh an Coimisiún ar shuíomh gréasáin tiomnaithe liosta na n-údarás inniúil uile arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    Leasú 595

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 64 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   I gcás nach leor an doiciméadacht dá dtagraítear i  mír 3 chun a  fháil amach ar tharla sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, féadfaidh an t-údarás poiblí nó an comhlacht dá dtagraítear i  mír 3 iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis um fhaireachas margaidh chun tástáil an chórais intleachta saorga ardriosca a eagrú trí mhodhanna teicniúla. Eagróidh an t-údarás um fhaireachas margaidh an tástáil trí dhlúthbhaint leis an údarás poiblí iarrthach nó leis an gcomhlacht poiblí iarrthach laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis na hiarrata.

    5.   I gcás nach leor an doiciméadacht dá dtagraítear i  mír 3 chun a  chinneadh ar tharla sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, féadfaidh an t-údarás poiblí nó an comhlacht dá dtagraítear i  mír 3 iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis um fhaireachas margaidh chun tástáil an chórais intleachta saorga ardriosca a eagrú trí mhodhanna teicniúla. Eagróidh an t-údarás um fhaireachas margaidh an tástáil trí dhlúthbhaint leis an údarás poiblí iarrthach nó leis an gcomhlacht poiblí iarrthach laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis na hiarrata.

    Leasú 596

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir le córais intleachta saorga a bhfuil riosca ag baint leo, tuigfear iad a  bheith mar tháirge a bhfuil riosca ag baint leis mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 19 de Rialachán (AE) 2019/1020 a mhéid a bhaineann le rioscaí don tsláinte nó don tsábháilteacht nó do chosaint cearta bunúsacha daoine .

    1.   Maidir le córais intleachta saorga a bhfuil riosca ag baint leo, tuigfear gur córas intleachta saorga iad a  d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tsláinte agus don tsábháilteacht, do chearta bunúsacha daoine i gcoitinne, lena n-áirítear san ionad oibre, do chosaint tomhaltóirí, don chomhshaol, don tslándáil phoiblí, don daonlathas nó don smacht reachta agus do leasanna poiblí eile, a chosnaítear leis an dlí comhchuibhithe is infheidhme de chuid an Aontais, ar leibhéal a théann thar an méid a mheastar a bheith réasúnta agus inghlactha i ndáil leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi ghnáthdhálaí úsáide an chórais nó faoi dhálaí úsáide atá intuartha le réasún, lena n-áirítear fad na húsáide agus, i gcás inarb infheidhme, a chur i mbun seirbhíse, a shuiteáil agus a riachtanais cothabhála .

    Leasú 597

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   I gcás ina mbeidh cúiseanna leormhaithe ag an údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát lena mheas go bhfuil riosca dá dtagraítear i  mír 1 ag baint le córas intleachta saorga, déanfaidh siad meastóireacht ar an gcóras intleachta saorga lena mbaineann maidir le comhlíonadh na gceanglas agus na n-oibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Nuair a bhíonn rioscaí ann do chosaint na gceart bunúsach , cuirfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh na húdaráis nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 64 (3) ar an eolas freisin . De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus leis na húdaráis nó comhlachtaí poiblí náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 64 (3).

    2.   I gcás ina mbeidh cúiseanna leormhaithe ag an údarás maoirseachta náisiúnta i mBallstát lena mheas go bhfuil riosca dá dtagraítear i  mír 1 ag baint le córas intleachta saorga, déanfaidh siad meastóireacht ar an gcóras intleachta saorga lena mbaineann maidir le comhlíonadh na gceanglas agus na n-oibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Nuair is ann do rioscaí do chearta bunúsacha , cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta na húdaráis nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 64 (3) ar an eolas láithreach agus comhoibreoidh sé go hiomlán leo . I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ann lena mheas go mbaineann córas intleachta saorga leas as leochaileachtaí grúpaí leochaileacha nó go sáraíonn sé a gcearta d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe, beidh sé de dhualgas ar an údarás maoirseachta náisiúnta imscrúdú a dhéanamh ar spriocanna deartha, ionchuir sonraí, roghnú samhlacha, cur chun feidhme agus torthaí an chórais intleachta saorga. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí ábhartha leis na húdaráis maoirseachta náisiúnta agus leis na húdaráis nó comhlachtaí poiblí náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 64 (3).

    Leasú 598

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 2 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh sé gan mhoill ar an soláthraí gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an córas intleachta saorga a thabhairt chun comhréireachta, nó chun é a aistarraingt ón margadh, nó chun é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhéadfaidh sé a fhorordú.

    Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta, nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás poiblí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 64(3), nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh sé gan mhoill ar an soláthraí gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an córas intleachta saorga a thabhairt chun comhréireachta, nó chun é a aistarraingt ón margadh, nó chun é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhéadfaidh sé a fhorordú , agus in aon chás tráth nach déanaí ná cúig lá oibre dhéag nó dá bhforáiltear i ndlí ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú de réir mar is infheidhme .

    Leasú 599

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 2 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Cuirfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha a dtugtar fógra dó ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír.

    Cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an comhlacht ábhartha a dtugtar fógra dó ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír.

    Leasú 600

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   I gcás ina measann an t-údarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir a dhéanamh.

    3.   I gcás ina measfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún , an Oifig um Intleacht Shaorga agus údarás maoirseachta náisiúnta na mBallstát eile ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir a dhéanamh.

    Leasú 601

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   I gcás nach ndéanfaidh soláthraí córais intleachta saorga beart ceartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an t-údarás um faireachas margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun an córas intleachta saorga a thoirmeasc nó a shrianadh ó bheith á chur ar fáil ar an margadh náisiúnta sin, chun an táirge a aistarraingt ón margadh nó chun é a aisghairm. Cuirfidh t-údarás sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi na bearta sin.

    5.   I gcás nach ndéanfaidh soláthraí córais intleachta saorga beart ceartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta gach beart sealadach is iomchuí chun an córas intleachta saorga a thoirmeasc nó a shrianadh ó bheith á chur ar fáil ar an margadh náisiúnta sin nó á chur i mbun seirbhíse , chun an córas intleachta saorga a aistarraingt ón margadh nó chun é a aisghairm. Cuirfidh an t-údarás sin an Coimisiún , an Oifig um Intleacht Shaorga agus údarás maoirseachta náisiúnta na mBallstát eile ar an eolas láithreach faoi na bearta sin.

    Leasú 602

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 6 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.   San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an córas intleachta saorga neamhchomhlíontach a shainaithint, áit tionscnaimh an chórais intleachta saorga, an cineál neamhchomhlíontachta agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir ábhartha. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cibé ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:

    6.   San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an córas intleachta saorga neamh-chomhlíontach a shainaithint, áit tionscnaimh an chórais intleachta saorga agus an slabhra luacha , an cineál neamh-chomhlíonta agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir ábhartha. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta le fios go háirithe ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:

    Leasú 603

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 6 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    nár chomhlíon córas intleachta saorga na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 ;

    (a)

    má mhainníonn an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh ;

    Leasú 604

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 –mír 6 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5;

    Leasú 605

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 6 – pointe b b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bb)

    neamhchomhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach in Airteagal 52;

    Leasú 606

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7.   Maidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstát nach iad an t-údarás um fhaireachas margaidh sa Bhallstáit atá ag tionscnamh an nós imeachta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise atá acu a bhaineann le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga atá i gceist, agus, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a bhfuil fógra tugtha faoi, faoina n-agóidí.

    7.   Maidir le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát nach iad údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit iad atá ag tionscnamh an nós imeachta, cuirfidh siad an Coimisiún , an Oifig um Intleacht Shaorga, an Bord agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise atá acu a bhaineann le neamh-chomhlíonadh an chórais intleachta saorga atá i gceist, agus, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a bhfuil fógra tugtha faoi, faoina n-agóidí.

    Leasú 607

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 8

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    8.   Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát déanta ag Ballstát ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin. Tá an méid sin gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020.

    8.   Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le beart sealadach a ghlac údarás maoirseachta náisiúnta Ballstáit eile déanta ag údarás maoirseachta náisiúnta Ballstát ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin. Tá an méid sin gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020. Laghdófar an tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo go tríocha lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5.

    Leasú 608

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 9

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    9.   Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh i ngach Ballstát go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí i leith an táirge lena mbaineann, amhail an táirge a aistarraingt óna margadh gan mhoill.

    9.   Áiritheoidh na húdaráis maoirseachta náisiúnta i ngach Ballstát go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí i leith an chórais intleachta saorga lena mbaineann, amhail an córas intleachta saorga a aistarraingt óna margadh gan mhoill.

    Leasú 609

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 65 – mír 9 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    9a.     Tabharfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta tuairisc bhliantúil don Oifig um Intleacht Shaorga maidir le húsáid cleachtas toirmiscthe a tharla le linn na bliana sin agus maidir leis na bearta a rinneadh chun na rioscaí a dhíothú nó a mhaolú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    Leasú 610

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 66 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 65 (5) a fháil, go ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne beart a rinne Ballstát eile, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an beart contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta sin . Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil, laistigh de 9 mí ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 65 (5) a fháil agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

    1.   Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 65 (5) a fháil, nó laistigh de 30 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar chleachtais na hintleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, go ndéanfaidh údarás maoirseachta náisiúnta Ballstáit agóidí i gcoinne beart a rinne údarás maoirseachta náisiúnta eile, nó má mheasann an Coimisiún go bhfuil an beart contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill le húdarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit ábhartha agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil laistigh de thrí mhí, nó laistigh de 60 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, ag tosú leis an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 65 (5) agus tabharfaidh fógra faoi chinneadh den sórt sin d’údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún gach údarás maoirseachta náisiúnta eile ar an eolas freisin faoi chinneadh den sórt sin.

    Leasú 611

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 66 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    I gcás ina meastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an córas intleachta saorga neamhchomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

    2.    Má mheastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta uile arna n-ainmniú faoin Rialachán seo na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an córas intleachta saorga neamhchomhlíontach siar óna margadh gan mhoill, agus cuirfidh siad an Coimisiún agus an Oifig um Intleacht Shaorga ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

    Leasú 612

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 66 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 66a

    Imscrúduithe comhpháirteacha

    I gcás ina bhfuil cúiseanna ag údarás maoirseachta náisiúnta a bheith in amhras gurb ionann sárú a dhéanann soláthraí nó imscarthóir ar chóras intleachta saorga ardriosca nó bunsamhail ar an Rialachán seo agus sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, nó go ndéanann sé difear do 45 mhilliún duine aonair ar a laghad, nó gur dócha go ndéanfaidh sé difear do 45 mhilliún duine aonair ar a laghad, i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta sin an Oifig um Intleacht Shaorga ar an eolas agus féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát ina ndearnadh an sárú sin tús a chur le himscrúdú comhpháirteach. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga comhordú lárnach ar fáil don imscrúdú comhpháirteach. Fanfaidh na cumhachtaí imscrúdaithe faoi inniúlacht na n-údarás maoirseachta náisiúnta.

    Leasú 613

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 67 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Más rud é, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 65 , go gcinnfidh údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit , cé go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil riosca ag baint leis do shláinte nó do shábháilteacht daoine, do chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cearta bunúsacha nó gnéithe eile de leas an phobail a chosaint, éileoidh sé ar an oibreoir ábhartha gach beart iomchuí a  ghlacadh chun a áirithiú nach mbeidh riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirfear ar an margadh é  nó nuair a chuirfear i mbun seirbhíse é, chun an córas intleachta saorga a aistarraingt nó a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca, de réir mar a fhéadfaidh sé a fhorordú .

    1.   Más rud é, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 65 , i gcomhar iomlán leis an údarás poiblí náisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 64(3), go gcinnfidh údarás maoirseachta náisiúnta Ballstáit , cé go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis an Rialachán seo, go mbaineann riosca tromchúiseach le córas intleachta saorga do shláinte nó do shábháilteacht daoine, do chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá beartaithe chun cearta bunúsacha a chosaint, nó an comhshaol nó an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint nó do ghnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí, ceanglóidh sé ar an oibreoir ábhartha gach beart iomchuí a  dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an gcóras intleachta saorga lena mbaineann a thuilleadh, nuair a chuirfear ar an margadh nó i seirbhís é.

    Leasú 614

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 67 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Áiritheoidh an soláthraí nó na hoibreoirí ábhartha eile go ndéanfar beart ceartaitheach maidir leis na córais intleachta saorga ar fad lena mbaineann a chuir sé ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais laistigh den amlíne arna leagan síos ag údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i  mír 1 .

    2.   Áiritheoidh an soláthraí nó na hoibreoirí ábhartha eile go ndéanfar beart ceartaitheach maidir leis na córais intleachta saorga ar fad lena mbaineann a chuir sé ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais laistigh den amlíne arna leagan síos ag údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i  mír 1 .

    Leasú 615

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 67 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     I gcás ina mainníonn an soláthraí nó oibreoirí ábhartha eile gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh dá dtagraítear i mír 2 agus go leanann an córas intleachta saorga de bheith ina riosca dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta a cheangal ar an oibreoir ábhartha an córas intleachta saorga a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach ama, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann.

    Leasú 616

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 67 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí an córas intleachta saorga lena mbaineann, áit tionscnamh agus slabhra soláthair an chórais intleachta saorga, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.

    3.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an Coimisiún , an Oifig um Intleacht Shaorga agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí an córas intleachta saorga lena mbaineann, áit tionscnamh agus slabhra soláthair an chórais intleachta saorga, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.

    Leasú 617

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 67 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch/na hoibreoirí ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá údar maith leis an mbeart nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

    4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Oifig Intleacht Shaorga gan mhoill, i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann agus leis an oibreoir ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga an bhfuil bonn cirt leis an mbeart nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

    Leasú 618

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 67 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.    Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit .

    5.    Déanfaidh anCoimisiún, i gcomhairle leis an Oifig um Intleacht Shaorga, a chinneadh a chur in iúl láithreach d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát lena mbaineann agus do na hoibreoirí ábhartha . Cuirfidh sé an cinneadh in iúl freisin do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta eile go léir.

    Leasú 619

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 67 – mír 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5 a.     Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun cabhrú leis na húdaráis inniúla náisiúnta fadhbanna comhchosúla a thagann chun cinn i gcórais intleachta saorga eile a shainaithint agus a cheartú, i gcás inar gá.

    Leasú 620

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   I gcás ina ndéanann údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát aon cheann de na cinntí seo a leanas, éileoidh sé ar an oibreoir ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

    1.   I gcás ina ndéanann údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát aon cheann de na cinntí seo a leanas, éileoidh sé ar an oibreoir ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

    Leasú 621

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    gur sárú é ar Airteagal 49 an mharcáil chomhréireachta a ghreamú;

    (a)

    gur sárú é ar Airteagal 49 an mharcáil CE a ghreamú;

    Leasú 622

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    nár greamaíodh an mharcáil chomhréireachta ;

    (b)

    nár greamaíodh an mharcáil CE ;

    Leasú 623

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 – mír 1 – pointe e a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (e a)

    níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil;

    Leasú 624

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 – mír 1 – pointe e b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (e b)

    ní dhearnadh an clárú i mbunachar sonraí an Aontais Eorpaigh.

    Leasú 625

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 – mír 1 – pointe e c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (e c)

    i gcás inarb infheidhme, nár ceapadh an t-ionadaí údaraithe.

    Leasú 626

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann gach beart iomchuí chun an córas intleachta saorga a shrianadh nó a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar é a aisghairm nó a aistarraingt ón margadh.

    2.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh údarás náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann gach beart iomchuí agus comhréireach chun an córas intleachta saorga a shrianadh nó a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar é a aisghairm nó a aistarraingt ón margadh , gan mhoill . Cuirfidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann an Oifig um Intleachta Shaorga ar an eolas láithreach faoin neamhchomhlíonadh agus faoi na bearta a rinneadh.

    Leasú 627

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 – Caibidil 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3 a.

    Leigheasanna

    Leasú 628

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 68a

     

    An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta náisiúnta

     

    1.     Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha nó ag gach grúpa daoine nádúrtha gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta náisiúnta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu, ina bhfuil siad ag obair nó san áit ar tharla an sárú a líomhnaítear, má mheasann siad go bhfuil an córas intleachta saorga a bhaineann leo ag sárú an Rialacháin seo.

     

    2.     Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn agus toradh an ghearáin, lena n-áirítear an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 78.

    Leasú 629

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 68 b

     

    An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta náisiúnta

     

    1.     Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a bhaineann leo a dhéanann údarás maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí.

     

    2.     Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás nach láimhseálann an t-údarás maoirseachta náisiúnta atá inniúil de bhun Airteagal 59 gearán nó nach gcuireann sé an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas laistigh de thrí mhí maidir le dul chun cinn nó toradh an ghearáin arna thaisceadh de bhun Airteagal 68a.

     

    3.     Tionscnófar imeachtaí i gcoinne údarás maoirseachta os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil an t-údarás maoirseachta náisiúnta bunaithe.

     

    4.     I gcás imeachtaí a thionscnaítear i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta náisiúnta ar thug an Coimisiún tuairim nó cinneadh uaidh roimhe sa nós imeachta coimirce Aontais, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an cinneadh nó an tuairim sin ar aghaidh chuig an gCúirt.

    Leasú 630

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 68 c

     

    Ceart chun míniú a fháil ar chinnteoireacht aonair

     

    1.     Aon duine a ndéantar difear dó atá faoi réir cinneadh arna dhéanamh ag an imscarthóir ar bhonn an aschuir ó chóras intleachta saorga ardriosca a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aige nó éifeachtaí comhchosúla eile nó a dhéanann difear don duine sin ar bhealach a mheasann siad sé díobhálach a bheith aige ar a shláinte, a shábháilteacht, a chearta bunúsacha, a fholláine shocheacnamaíoch nó aon cheann eile de na cearta a eascraíonn as na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh sé de cheart aige míniú soiléir agus fóinteach a iarraidh ar an imscarthóir de bhun Airteagal 13(1) maidir le ról an chórais intleachta saorga sa nós imeachta cinnteoireachta, príomhpharaiméadair an chinnidh a rinneadh, agus na sonraí ionchuir gaolmhara.

     

    2.     Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le húsáid córas intleachta saorga dá dtagann eisceachtaí ón oibleagáid faoi mhír 1, nó srianta ar an oibleagáid sin, ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta a mhéid a urramaíonn eisceacht nó srianta den sórt sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus gur beart riachtanach comhréireach é i sochaí dhaonlathach.

     

    3.     Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’Airteagail 13, 14, 15 agus 22 de Rialachán 2016/679.

    Leasú 631

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 68 d

     

    Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

     

    Cuirtear an pointe seo a leanas isteach san Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (CE) Uimh. 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) :

     

    ‘(67A)

    Rialachán xxxx/xxxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (IO L …)]’.

    Leasú 632

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 68 e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 68 e

    Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú

    Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú ar sháruithe ar an Rialachán seo agus maidir le cosaint na ndaoine a dhéanann na sáruithe sin a thuairisciú.

    Leasú 633

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 69 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú agus atá ceaptha chun cur i bhfeidhm deonach na gceanglas a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chothú maidir le córais intleachta saorga, seachas córais intleachta saorga ardriosca, ar bhonn sonraíochtaí teicniúla agus réiteach atá iomchuí chun comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú i bhfianaise chuspóir beartaithe na gcóras.

    1.    Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún , an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit tarraingt suas na gcód iompair atá ceaptha , lena n-áirítear i gcás ina ndréachtaítear iad chun a léiriú conas a urramaíonn córais intleachta saorga na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 4a agus ar féidir a mheas, ar an gcaoi sin, go bhfuil siad iontaofa, chun cur i bhfeidhm deonach na gceanglas a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chothú maidir le córais intleachta saorga, seachas córais intleachta saorga ardriosca, ar bhonn sonraíochtaí teicniúla agus réiteach atá iomchuí chun comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú i bhfianaise chuspóir beartaithe na gcóras.

    Leasú 634

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 69 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú chun cur i bhfeidhm deonach na gceanglas maidir le córais intleachta saorga a chothú, ceanglais a bhaineann mar shampla le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara i ndearadh agus i bhforbairt na gcóras intleachta saorga agus éagsúlacht na bhfoirne forbartha ar bhonn cuspóirí soiléire agus príomhtháscairí feidhmíochta chun gnóthú na gcuspóirí sin a thomhas.

    2.    Maidir le cóid iompair atá beartaithe chun comhlíonadh deonach na bprionsabal atá mar bhonn taca ag córais intleachta saorga iontaofa a chothú, déanfar an méid seo a leanas leo go háirithe:

     

    (a)

    díriú ar leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga a bhaint amach i measc a mball foirne agus daoine eile a bhíonn ag déileáil le hoibriú agus úsáid córas intleachta saorga chun na prionsabail sin a urramú;

     

    (b)

    measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh a gcórais intleachta saorga difear a dhéanamh do dhaoine leochaileacha nó do ghrúpaí daoine, lena n-áirítear leanaí, daoine scothaosta, imircigh agus daoine faoi mhíchumas nó i dtaobh an bhféadfaí bearta a chur i bhfeidhm chun inrochtaineacht a mhéadú, nó chun tacú ar shlí eile leis na daoine sin nó leis na grúpaí daoine sin;

     

    (c)

    machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag úsáid a gcóras intleachta saorga ar an éagsúlacht, ar an gcothromaíocht inscne agus ar an gcomhionannas inscne nó a bhféadfadh an úsáid sin cur leo;

     

    (d)

    aird a thabhairt i dtaobh an féidir a gcórais intleachta saorga a úsáid ar bhealach a d’fhéadfadh, go díreach nó go hindíreach, claontachtaí nó neamhionannais atá ann cheana a threisiú go hiarmharach nó go suntasach;

     

    (e)

    machnamh a dhéanamh ar an ngá agus ar a ábhartha atá sé foirne forbartha éagsúla a bheith i bhfeidhm d’fhonn dearadh cuimsitheach ar a gcórais a áirithiú;

     

    (f)

    a mheas go cúramach an bhféadfadh tionchar sochaíoch diúltach a bheith ag a gcórais, go háirithe maidir le hinstitiúidí polaitiúla agus próisis dhaonlathacha;

     

    (g)

    meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le córais intleachta saorga rannchuidiú le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus go háirithe le gealltanais an Aontais faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoin Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha.

    Leasú 635

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 69 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Féadfaidh soláthraithe aonair córas intleachta saorga, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, nó iad araon, cóid iompair a tharraingt suas, lena n-áirítear i  dteannta rannpháirtíocht úsáideoirí agus aon pháirtí leasmhar agus a  eagraíocht ionadaíoch . Féadfar córas intleachta saorga amháin nó níos mó a chumhdach le cóid iompair, agus aird á tabhairt ar chosúlacht chuspóir beartaithe na gcóras ábhartha.

    3.   Féadfaidh soláthraithe aonair córas intleachta saorga, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, nó iad araon, cóid iompair a tharraingt suas, lena n-áirítear i  gcomhar le húsáideoirí agus aon pháirtí leasmhar , lena n-áirítear taighdeoirí eolaíocha, agus a  gcuid eagraíochtaí ionadaíocha, go háirithe ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí . Féadfar córas intleachta saorga amháin nó níos mó a chumhdach le cóid iompair, agus aird á tabhairt ar chosúlacht chuspóir beartaithe na gcóras ábhartha. Ainmneoidh soláthraithe a ghlacann cóid iompair duine nádúrtha amháin ar a laghad a bheidh freagrach as faireachán inmheánach.

    Leasú 636

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 69 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Cuirfidh an Coimisiún agus an Bord leasanna agus riachtanais shonracha na soláthraithe ar mhionscála agus na ngnólachtaí nuathionscanta san áireamh nuair atá tarraingt suas cód iompair á spreagadh agus á éascú acu.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún agus an Oifig um Intleacht Shaorga leasanna agus riachtanais shonracha na FBManna agus na ngnólachtaí nuathionscanta san áireamh nuair atá tarraingt suas cód iompair á spreagadh agus á éascú acu.

    Leasú 637

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 70 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Maidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta agus na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh atá bainteach le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo , urramóidh siad rúndacht na faisnéise agus na sonraí a  gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa chaoi is go gcosnófar an méid seo a leanas go háirithe:

    1.    Urramóidh an Coimisiún, na húdaráis inniúla náisiúnta agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra , an Oifig um Intleacht Shaorga agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhfuil baint aige le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht na faisnéise agus na sonraí a  fhaightear agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu sa chaoi go gcosnófar, go háirithe;

    Leasú 638

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 70 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2016/943 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach.

    (a)

    cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda gnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, i gcomhréir le forálacha Threoir 2004/48/CE agus Threoir 2016/943/CE, lena n-áirítear cód foinseach, seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2016/943 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach;

    Leasú 639

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 70 –mír 1 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (b a)

    leas an phobail agus leas náisiúnta;

    Leasú 640

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 70 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1 a.     Déanfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun mhír 1 íoslaghdú a dhéanamh ar chainníocht na sonraí a iarrtar a nochtadh chuig sonraí iad atá fíor-riachtanach chomh fada agus a bhaineann leis an riosca a bhraitear agus don mheasúnú ar an riosca sin. Scriosfaidh siad na sonraí a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh chun na críche ar iarradh iad. Cuirfidh siad bearta cibearshlándála, teicniúla agus eagraíochtúla leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm chun slándáil agus rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu a chosaint;

    Leasú 641

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 70 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Gan dochar do mhír 1 , maidir le faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus idir údaráis inniúla náisiúnta agus an Coimisiún, ní nochtfar an fhaisnéis sin gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás inniúil náisiúnta tionscnaimh agus leis an úsáideoir nuair a úsáideann údaráis forfheidhmithe an dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, nuair a chuirfeadh nochtadh den sórt sin leasanna slándála poiblí agus leasanna slándála náisiúnta i mbaol.

    2.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 1a , maidir le faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus idir údaráis náisiúnta inniúla agus an Coimisiún, ní nochtfar an fhaisnéis sin gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás náisiúnta inniúil tionscnaimh agus leis an imscarthóir nuair a úsáideann údaráis forfheidhmithe an dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, nuair a chuirfeadh nochtadh den sórt sin leasanna slándála poiblí leasanna slándála náisiúnta i mbaol.

    Leasú 642

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 70 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Ní dhéanfaidh míreanna 1 agus 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann, chun faisnéis a chur ar fáil faoi dhlí coiriúil na mBallstát.

    3.   Ní dhéanfaidh míreanna 1 , 1a agus 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann, chun faisnéis a chur ar fáil faoi dhlí coiriúil na mBallstát.

    Leasú 643

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 70 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.    I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leormhaith imréitigh slándála .

    4.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit , i gcás ina bhfuil fíorghá leis agus i gcomhréir le forálacha ábhartha comhaontuithe idirnáisiúnta agus trádála, faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leordhóthanach rúndachta .

    Leasú 644

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Pionóis agus fíneálacha

    Pionóis

    Leasú 645

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   I gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad mar is cuí agus go héifeachtach. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh siad san áireamh go sonrach leas agus inmharthanacht eacnamaíoch na soláthraithe ar mhionscála agus na ngnólachtaí nuathionscanta.

    1.   I gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis, a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo ag aon oibreoir , agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme agus a ailíniú go cuí agus go héifeachtach leis na treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún agus ag an Oifig um Intleacht Shaorga de bhun Airteagal 82b . Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh siad san áireamh leasanna FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta agus a n-inmharthanacht eacnamaíoch;

    Leasú 646

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra , gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

    2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Oifig um Intleacht Shaorga faoi na rialacha agus na bearta sin faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo seo] agus tabharfaidh siad fógra dóibh , gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

    Leasú 647

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Beidh na sáruithe seo a leanas faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 30 000 000 nó, más cuideachta é an ciontóir, faoi réir fíneála suas le 6 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

    3.   Beidh neamhchomhlíonadh an toirmisc ar chleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5 faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 40 000 000 nó, más cuideachta é an ciontóir, faoi réir fíneála suas le 7 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

    Leasú 648

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 3 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5;

    scriosta

    Leasú 649

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 3 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10.

    scriosta

    Leasú 650

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3 a.     Maidir le neamhchomhlíonadh an chórais intleachta saorga le haon cheanglas a leagtar síos in Airteagail 10 agus 13, beidh an neamhchomhlíonadh sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 20 000 000 nó, más cuideachta é an ciontóir, faoi réir fíneála suas le 4 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

    Leasú 651

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Maidir le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga le haon cheanglas nó oibleagáid faoin Rialachán seo, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 10 , beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 20 000 000 nó, más cuideachta é an ciontóir, faoi réir fíneála suas le 4 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

    4.   Maidir le neamhchomhlíonadh an chórais intleachta saorga nó an bhunsamhail le haon cheanglas nó oibleagáid faoin Rialachán seo, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 , 10 agus 13 , beidh an neamhchomhlíonadh sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 10 000 000 nó, más cuideachta é an ciontóir, faoi réir fíneála suas le 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

    Leasú 652

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus d’údaráis inniúla náisiúnta mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 10 000 000 , nó, más cuideachta an é ciontóir, faoi réir fíneála suas le 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

    5.   Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis inniúla náisiúnta mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 5 000 000 , nó, más cuideachta an é ciontóir, faoi réir fíneála suas le 1 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

    Leasú 653

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

    6.    Féadfar fíneálacha a fhorchur de bhreis ar bhearta neamhairgeadaíochta nó ina n-ionad, amhail orduithe nó rabhaidh. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

    Leasú 654

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí;

    (a)

    cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí , agus cuspóir an chórais intleachta saorga á chur san áireamh, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh ;

    Leasú 655

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    ar chuir údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna as an sárú céanna.

    (b)

    ar chuir údaráis mhaoirseachta náisiúnta eile de chuid Ballstáit amháin nó níos mó fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana maidir leis an oibreoir céanna as an sárú céanna;

    Leasú 656

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    méid agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige;

    (c)

    méid agus láimhdeachas bliantúil an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige;

    Leasú 657

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe c a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c a)

    aon ghníomhaíocht a rinne an t-oibreoir chun an dochar nó an damáiste a tharla do na daoine dá ndéantar difear a mhaolú;

    Leasú 658

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe c b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c b)

    cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

    Leasú 659

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe c c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c c)

    a mhéid comhair a bhí ann leis an údarás inniúil náisiúnta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

    Leasú 660

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe c d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c d)

    méid na freagrachta atá ar an oibreoir agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir siad chun feidhme á gcur san áireamh;

    Leasú 661

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe c e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c e)

    an bealach ina bhfuair na húdaráis inniúla náisiúnta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an t-oibreoir an sárú in iúl, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

    Leasú 662

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe c f (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c f)

    comhlíonadh cód iompair formheasta nó sásraí deimhniúcháin formheasta;

    Leasú 663

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe c g (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c g)

    aon sáruithe ábhartha a rinne an t-oibreoir roimhe seo;

    Leasú 664

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 6 – pointe c h (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c h)

    aon fhachtóir géaraitheach nó maolaithe eile is infheidhme maidir le cúinsí an cháis.

    Leasú 665

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7.   Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a  ghearradh ar údaráis agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.

    7.   Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos maidir le fíneálacha riaracháin a  ghearrfar ar údaráis agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin;

    Leasú 666

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 8 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    8 a.     Ní fhéadfaidh na pionóis dá dtagraítear san Airteagal seo ná na costais dlíthíochta a bhaineann leo agus na héilimh slánaíochta a bheith ina n-ábhar do chlásail chonarthacha ná d’aon chineál eile comhaontuithe maidir le comhroinnt ualaigh idir na soláthróirí agus na dáileoirí, na hallmhaireoirí, na húsáideoirí nó aon tríú páirtithe eile.

    Leasú 667

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 8 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    8 b.     Tuairisceoidh na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta, ar bhonn bliantúil, don Oifig um Intleacht Shaorga faoi na fíneálacha a d’eisigh siad le linn na bliana sin, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    Leasú 668

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 71 – mír 8 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    8 c.     Beidh feidhmiú a gcumhachtaí ag na húdaráis inniúla faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.

    Leasú 669

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí;

    (a)

    cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí; ag cur san áireamh cuspóir an chórais intleachta saorga lena mbaineann chomh maith le líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh, agus aon sárú ábhartha roimhe sin;

    Leasú 670

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 1 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (a a)

    aon ghníomhaíocht a rinne institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht an Aontais chun an damáiste a bhain do dhaoine ndéantar difear a mhaolú;

    Leasú 671

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 1 – pointe a b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (a b)

    leibhéal freagrachta na hinstitiúide, na gníomhaireachta nó an chomhlachta de chuid an Aontais, agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna gcur chun feidhme acu á gcur san áireamh;

    Leasú 672

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    an comhoibriú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú, lena n-áirítear aon cheann de na bearta a d’ordaigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimhe sin i gcoinne institiúid, ghníomhaireacht nó chomhlacht an Aontais lena mbaineann a chomhlíonadh, maidir leis an ábhar céanna;

    (b)

    an méid comhair leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú, lena n-áirítear aon cheann de na bearta a d’ordaigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimhe sin i gcoinne institiúid, ghníomhaireacht nó chomhlacht an Aontais lena mbaineann a chomhlíonadh, maidir leis an ábhar céanna;

    Leasú 673

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 1 – pointe c a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c a)

    an bealach ina bhfuair an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí eolas faoin sárú, go háirithe cibé acu a chuir an institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais an sárú in iúl nó nár chuir, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

    Leasú 674

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 1 – pointe c b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c b)

    maidir le buiséad bliantúil an chomhalta;

    Leasú 675

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Beidh na sáruithe seo a leanas faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 500 000 :

    2.    Maidir le neamhchomhlíonadh aon toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíonadh sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 1 500 .

    Leasú 676

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 2 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5;

    scriosta

    Leasú 677

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2 a.     beidh neamhchomhlíonadh an chórais intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10 faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 1 000 000 .

    Leasú 678

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Maidir le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga le haon cheanglas nó oibleagáid faoin Rialachán seo, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 10, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 250 000 .

    3.   Maidir le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga le haon cheanglas nó oibleagáid faoin Rialachán seo, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 10, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 750 000 .

    Leasú 679

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.    Beidh cistí a bhailítear trí fhíneálacha a ghearradh faoin Airteagal seo ina ioncam de chuid bhuiséad ginearálta an Aontais.

    6.    Rannchuideoidh cistí arna mbailiú trí fhíneálacha a ghearradh faoin Airteagal seo le buiséad ginearálta an Aontais. Ní dhéanfaidh na fíneálacha difear d’oibriú éifeachtach na hinstitiúide, an chomhlachta nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais ar gearradh fíneáil uirthi.

    Leasú 680

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 72 – mír 6 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    6 a.     Tabharfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fógra d’oifig na hintleachta saorga gach bliain faoi na fíneálacha arna ngearradh aige de bhun an Airteagail seo.

    Leasú 681

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 73 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 7 (1), Airteagal 11(3), Airteagal 43 (5) agus (6) agus Airteagal 48(5) don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ó [theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] .

    2.    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 7 (1), in Airteagal 11(3), in Airteagal 43 (5) agus (6) agus in Airteagal 48(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] . Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    Leasú 682

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 73 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3 a.     Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leis na hinstitiúidí ábhartha, leis an Oifig, leis an bhFóram Comhairleach, agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

     

    A luaithe a chinnfidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a dhréachtú, tabharfaidh sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoin méid sin. Leis an bhfógra sin, ní chuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún an gníomh sin a ghlacadh.

    Leasú 683

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 81 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 81a

     

    Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1020

     

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 mar a leanas:

     

    in Airteagal 14(4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

     

    ‘(l).

    an chumhacht chun na cumhachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo a chur chun feidhme go cianda, i gcás inarb infheidhme;’

    Leasú 684

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 82 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 82a

    Rialáil Níos Fearr

    agus ceanglais an Rialacháin seo de bhun na Leasuithe in Airteagail 75, 76, 77, 78, 79, 80, 81 agus 82 á gcur i gcuntas, déanfaidh an Coimisiún anailís agus rachaidh sé i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha chun bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le forluí idir an reachtaíocht earnálach atá ann cheana agus forálacha an Rialacháin seo a chinneadh.

    Leasú 685

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 82 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 82 b

     

    Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le chur chun feidhme an Rialacháin seo

     

    1.     Forbróidh an Coimisiún, i gcomhairle le hoifig na hintleachta saorga, treoirlínte maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

     

    (a)

    cur i bhfeidhm na gceanglas dá dtagraítear in Airteagail 8-15 agus Airteagail 28 go 28b;

     

    (b)

    na cleachtais a bhfuil toirmeasc orthu dá dtagraítear in Airteagal 5;

     

    (c)

    cur chun feidhme praiticiúil na bhforálacha a bhaineann le modhnú substaintiúil;

     

    (d)

    na himthosca praiticiúla, maidir le haschur córais intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, ina mbeadh riosca suntasach díobhála do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 6, mír 2, lena n-áirítear samplaí i ndáil leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III;

     

    (e)

    cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 52;

     

    (f)

    forbairt na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 69;

     

    (g)

    an gaol idir an Rialachán seo agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear maidir le comhsheasmhacht sa chaoi ina bhforfheidhmítear iad.

     

    (h)

    cur chun feidhme praiticiúil Airteagal 12, Airteagal 28b maidir leis an tionchar a bhíonn ag bunsamhlacha ar an gcomhshaol agus Iarscríbhinn IV 3(b), go háirithe na modhanna tomhais agus logála chun gur féidir le ríomh agus tuairisciú thionchar na gcóras ar an gcomhshaol oibleagáidí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear lorg carbóin agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus modhanna úrscothacha agus barainneachtaí scála á gcur i gcuntas.

     

    Agus treoirlínte mar sin á n-eisiúint aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar riachtanais FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, údaráis phoiblí áitiúla agus na hearnálacha is dóchúla a ndéanfaidh an Rialachán seo difear dóibh.

     

    2.     Arna iarraidh sin do na Ballstáit nó d’Oifig na hintleachta saorga, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a bheidh glactha cheana féin a thabhairt cothrom le dáta nuair a mheasfar gur gá sin.

    Leasú 686

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 83 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na córais intleachta saorga ar comhpháirteanna iad de na córais TF mhórscála arna mbunú leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn IX agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse roimh [12 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 85(2)], mura rud é go mbeidh athrú suntasach ar dhearadh an chórais intleachta saorga nó na gcóras intleachta saorga lena mbaineann, nó ar an gcríoch atá beartaithe dóibh .

    1.    Oibreoirí na gcóras intleachta saorga ar comhpháirteanna iad de na córais mhórscála TF arna mbunú leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn IX agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse roimh … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh siad na bearta is gá chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh faoin . .. [ceithre bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Leasú 687

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 83 – mír 1 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Cuirfear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo san áireamh, i gcás inarb infheidhme, sa mheastóireacht ar gach córas mórscála TF a bhunaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn IX agus atá le cur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sna gníomhartha sin faoi seach.

    Cuirfear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo san áireamh, i gcás inarb infheidhme, sa mheastóireacht ar gach córas mórscála TF a bhunaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn IX agus atá le cur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sna gníomhartha sin faoi seach agus nuair a dhéantar na gníomhartha dlí sin a ionadú nó a leasú .

    Leasú 688

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 83 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca, seachas na córais dá dtagraítear i mír 1, a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 85(2)], más rud é, ón dáta sin ar aghaidh, go mbeidh na córais sin faoi réir athruithe suntasacha maidir lena ndearadh nó leis an gcríoch atá beartaithe dóibh .

    2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí na gcóras intleachta saorga ardriosca, seachas na córais dá dtagraítear i mír 1, a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 85(2)], más rud é, ón dáta sin ar aghaidh, go mbeidh na córais sin faoi réir modhnuithe substaintiúila mar a shainítear in Airteagal 3(23). I gcás córais intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí, déanfaidh soláthraithe agus imscarthóirí na gcóras sin na bearta is gá chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] .

    Leasú 689

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar an liosta atá in Iarscríbhinn III uair sa bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo .

    1.    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an Oifig intleachta saorga, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar an liosta in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear na ceannteidil limistéir atá ann cheana a leathnú nó ceannteidil limistéir nua a chur isteach san Iarscríbhinn sin . an liosta de chleachtais intleachta saorga toirmiscthe in Airteagal 5, agus liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta in Airteagal 52 uair sa bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tar éis moladh a fháil ón Oifig .

     

    Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    Leasú 690

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Faoin [trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dtagraítear in Airteagal 85(2)], agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

    2.   Faoin … [dhá bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dtagraítear in Airteagal 85(2)], agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún , i dteannta na hoifige intleachta saorga, tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

    Leasú 691

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 3 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    stádas acmhainní airgeadais agus daonna na n-údarás inniúil náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh go héifeachtach;

    (a)

    stádas acmhainní airgeadais , teicniúla agus daonna na n-údarás inniúil náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh go héifeachtach;

    Leasú 692

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 3 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    leibhéal forbartha na gcaighdeán comhchuibhithe agus na sonraíochtaí coiteanna don intleacht shaorga;

    Leasú 693

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 3 – pointe b b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bb)

    leibhéil na n-infheistíochtaí i dtaighde, i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm córas intleachta saorga ar fud an Aontais;

    Leasú 694

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 3 – pointe b c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bc)

    iomaíochas earnáil chomhiomlánaithe intleachta saorga na hEorpa i gcomparáid le hearnálacha intleachta saorga i dtríú tíortha;

    Leasú 695

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 3 – pointe b d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bd)

    tionchar an Rialacháin maidir le húsáid acmhainní agus fuinnimh, chomh maith le táirgeadh dramhaíola agus tionchar eile ar an gcomhshaol;

    Leasú 696

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 b – mír 3 – pointe b e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (be)

    cur chun feidhme an phlean chomhordaithe maidir leis an intleacht shaorga, agus na leibhéil éagsúla dul chun cinn i measc na mBallstát á gcur i gcuntas agus na bacainní atá ann cheana ar nuálaíocht in intleacht shaorga a shainaithint;

    Leasú 697

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 3 – pointe b f (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bf)

    nuashonrú ar na ceanglais shonracha maidir le hinbhuanaitheacht na gcóras intleachta saorga agus na mbunsamhlacha, ag cur leis an gceanglas tuairiscithe agus doiciméadachta in Iarscríbhinn IV agus in Airteagal 28b;

    Leasú 698

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 3 – pointe b g (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bg)

    an córas dlí lena rialaítear bunsamhlacha;

    Leasú 699

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 3 – pointe b h (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bh)

    liosta na dtéarmaí conarthacha éagóracha laistigh d’Airteagal 28a agus cleachtais ghnó nua á gcur i gcuntas más gá;

    Leasú 700

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     Faoin … [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 85(2)] déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú na hoifige intleachta saorga, ar tugadh cumhachtaí agus inniúlachtaí leordhóthanacha don oifig chun a cúraimí a chomhlíonadh agus an mbeadh sé ábhartha agus riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go cuí chun an Oifig agus a hinniúlachtaí forfheidhmiúcháin a uasghrádú agus chun a hacmhainní a mhéadú. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

    Leasú 701

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Laistigh de [thrí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 85 (2)] agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar agus ar éifeachtacht na gcód iompair chun cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i  dTeideal III, Caibidil 2 a chothú, mar aon le ceanglais bhreise eile maidir le córais intleachta saorga, más féidir, seachas córais intleachta saorga ardriosca.

    4.   Laistigh de … [bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 85 (2)] agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar agus ar éifeachtacht na gcód iompair chun cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i  dTeideal III, Caibidil 2 a chothú, mar aon le ceanglais bhreise eile maidir le córais intleachta saorga, más féidir, seachas córais intleachta saorga ardriosca.

    Leasú 702

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Chun críoch mhíreanna 1 go 4, cuirfidh an Bord , na Ballstáit agus na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis ar fáil don Choimisiún ar iarraidh sin dó.

    5.   Chun críche mhíreanna 1 go 4, cuirfidh Oifig na hintleachta saorga , na Ballstáit agus na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis ar fáil don Choimisiún ar iarraidh sin dó gan moill mhíchuí .

    Leasú 703

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.   I gcur i gcrích na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seasaimh agus na cinntí ón mBord, ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile chomh maith.

    6.   I gcur i gcrích na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seasaimh agus na cinntí ó Oifig intleachta saorga Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile chomh maith agus rachaidh sé i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha . Cuirfear toradh an chomhairliúcháin sin i gceangal leis an tuarascáil;

    Leasú 704

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7.   Más gá, tíolacfaidh an Coimisiún tograí iomchuí d’fhonn an Rialachán seo a leasú, ag cur san áireamh go háirithe forbairtí maidir leis an teicneolaíocht agus i bhfianaise staid an dul chun cinn sa tsochaí faisnéise.

    7.    déanfaidh an Coimisiún, más gá, tograí iomchuí a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú, agus aird á tabhairt go háirithe ar fhorbairtí sa teicneolaíocht, aréifeacht na gcóras intleachta saorga ar shláinte agus ar shábháilteacht, ar chearta bunúsacha, ar an gcomhshaol, ar chomhionannas, agus ar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, don daonlathas agus don smacht reachta agus i bhfianaise staid an dul chun cinn sa tsochaí faisnéise.

    Leasú 705

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 7 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    7a.     Chun na meastóireachtaí agus na hathbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo a threorú, gabhfaidh an Oifig uirthi féin modheolaíocht oibiachtúil agus rannpháirteach a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal riosca bunaithe ar na critéir a leagtar amach sna hairteagail ábhartha agus córais nua a áireamh sna nithe seo a leanas: an liosta in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear na ceannteidil limistéir atá ann cheana a leathnú nó ceannteidil nua limistéir a chur leis san Iarscríbhinn sin; liosta na gcleachtas toirmiscthe a leagtar síos in Airteagal 5; agus liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta de bhun Airteagal 52.

    Leasú 706

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 7 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    7b.     Maidir le haon leasú ar an Rialachán seo de bhun mhír 7 den Airteagal seo, nó gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha a bheidh ann amach anseo, a bhaineann le reachtaíocht earnála a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn II, cuirfear san áireamh ann sainiúlachtaí rialála gach earnála, mar aon le rialachas atá ann cheana, measúnú comhréireachta agus sásraí forfheidhmithe agus údaráis arna mbunú ann.

    Leasú 707

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 84 – mír 7 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    7c.     Faoin… [cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus tuairisceoidh sé é do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na chéad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin á gcur i gcuntas. Ar bhonn na dtorthaí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an fhorfheidhmithe agus an gá atá le gníomhaireacht de chuid an Aontais aon easnaimh shainaitheanta a réiteach.

    Leasú 708

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn I

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    TEICNÍCÍ AGUS CUIR CHUIGE INTLEACHTA SAORGA dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 1

    scriosta

    (a)

    Cuir chuige meaisínfhoghlama, lena n-áirítear foghlaim faoi mhaoirseacht, foghlaim neamh-mhaoirsithe agus foghlaim trí atreisiúcháin, trí réimse modhanna lena n-áirítear an domhainfhoghlaim;

     

    (b)

    Cuir chuige loighicbhunaithe agus eolasbhunaithe, lena n-áirítear léiriú ar eolas, ríomhchlárú ionduchtach (loighciúil), bunachair eolais, innill infeiris agus asbhainte, córais réasúnaíochta agus shaineolacha (siombalach);

     

    (c)

    Cuir chuige staidrimh, meastachán Bayes, modhanna cuardaigh agus optamúcháin.

     

    Leasú 709

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Is iad na córais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6 (2) na córais intleachta saorga a liostaítear in aon cheann de na réimsí seo a leanas :

    Na córais intleachta saorga dá dtagraítear go sonrach faoi phointí 1 go 8a, seasann siad do chásanna úsáide criticiúla agus meastar gur córais intleachta saorga ardriosca iad gach ceann acu de bhun Airteagal 6 (2) , ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach san Airteagal sin :

    Leasú 710

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.

    Sainaithint bhithmhéadrach agus catagóiriú daoine nádúrtha:

    1.

    Córais bhithmhéadracha agus bhithmhéadrachtbhunaithe

    Leasú 711

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ agus ‘iar-aimseartha’ daoine nádúrtha;

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh sainaithint bhithmhéadrach daoine nádúrtha , cé is moite díobh siúd a luaitear in Airteagal 5 ;

    Leasú 712

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 1 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tátal a bhaint as saintréithe pearsanta daoine nádúrtha ar bhonn sonraí bithmhéadracha nó sonraí bithmhéadrachtbhunaithe, lena n-áirítear córais aitheanta mothúcháin, cé is moite díobh siúd a luaitear in Airteagal 5;

     

    Ní áireofar i bpointe 1 córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach agus arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann.

    Leasú 713

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 2 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i  mbainistíocht agus in oibriú tráchta bóthair agus i soláthar uisce, gáis, téimh agus leictreachais .

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i  mbainistiú agus in oibriú tráchta de bhóthar, d’iarnród agus d’ aerthrácht ach amháin má rialaítear iad sa dlí comhchuibhithe nó sa dlí earnálach .

    Leasú 714

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 2 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistiú agus oibriú an tsoláthair uisce, gáis, téimh, leictreachais agus bonneagair chriticiúil dhigitigh;

    Leasú 715

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 3 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a shannadh orthu;

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a shannadh orthu nó chun tionchar ábhartha a imirt ar chinntí maidir le cead isteach ;

    Leasú 716

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 3 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar mhic léinn in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna agus chun measúnú a dhéanamh ar rannpháirtithe i scrúduithe a bhfuil gá coitianta leo chun cead isteach in institiúidí oideachais a fháil.

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar mhic léinn in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna agus chun measúnú a dhéanamh ar rannpháirtithe i scrúduithe a bhfuil gá coitianta leo chun cead isteach sna hinstitiúidí sin a fháil.

    Leasú 717

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 1 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí oideachais do dhuine aonair agus chun tionchar ábhartha a imirt ar an leibhéal oideachais agus gairmoiliúna a gheobhaidh daoine aonair nó a bheidh siad in ann a rochtain;

    Leasú 718

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 3 – pointe b b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bb)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iompraíocht thoirmiscthe mac léinn le linn tástálacha i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna/laistigh díobh agus an iompraíocht sin a bhrath;

    Leasú 719

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 4 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun folúntais a fhógairt , scagthástáil nó scagadh a dhéanamh ar iarratais agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí le linn agallaimh nó scrúduithe;

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun fógraí spriocdhírithe a bhaineann le poist a chur isteach , scagthástáil nó scagadh a dhéanamh ar iarratais agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí le linn agallamh nó scrúduithe;

    Leasú 720

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 4 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    Intleacht shaorga atá beartaithe lena húsáid chun cinntí a dhéanamh maidir le caidrimh chonarthacha a chur chun cinn agus a  fhoirceannadh, ar caidrimh chonarthacha iad a bhaineann leis an obair, chun tascanna a leithdháileadh agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar iompraíocht daoine i gcaidrimh den sórt sin.

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun cinntí a dhéanamh chun tionchar ábhartha a imirt ar chinntí a dhéanann difear do thionscnamh, cur chun cinn agus foirceannadh caidreamh conarthach a bhaineann leis an obair, leithdháileadh cúraimí bunaithe ar iompraíocht aonair nó tréithe nó saintréithe pearsanta, nó chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht daoine sna caidrimh sin;

    Leasú 721

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 5 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí nó thar ceann údaráis phoiblí chun meastóireacht a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí cúnaimh phoiblí, agus chun sochair agus seirbhísí den sórt sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, nó a aiséileamh;

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí nó thar a gceann chun meastóireacht a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí cúnaimh phoiblí, lena n-áirítear seirbhísí cúraim sláinte agus seirbhísí bunriachtanacha, lena n-áirítear tithíocht, leictreachas, téamh/fuarú agus idirlíon ach gan a bheith teoranta dóibh sin, chomh maith le sochair agus seirbhísí den sórt sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, a mhéadú nó a aiséileamh;

    Leasú 722

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 5 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú, cé is moite de chórais intleachta saorga a  chuireann soláthraithe ar mhionscála i mbun seirbhíse le haghaidh a n-úsáide féin ;

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú, cé is moite de chórais intleachta saorga a  úsáidtear chun calaois airgeadais a bhrath ;

    Leasú 723

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 1 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    Córais intleachta saorga a bheartaítear a úsáid chun cinntí a dhéanamh nó lena n-imrítear tionchar ábhartha ar chinntí maidir le hincháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sláinte agus árachas saoil;

    Leasú 724

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 5 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó chun tosaíocht a bhunú agus seirbhísí céadfhreagartha éigeandála á seoladh , lena n-áirítear ag comhraiceoirí dóiteáin agus cúnamh leighis.

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe chun meastóireacht agus aicmiú a dhéanamh ar ghlaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha nó atá le húsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó chun tosaíocht a bhunú i seoladh na seirbhísí sin , lena n-áirítear seirbhísí arna seoladh ag póilíní agus lucht forfheidhmithe an dlí, comhraiceoirí dóiteáin agus cabhair leighis , chomh maith le córais triáise othar i réimse an chúraim sláinte éigeandála;

    Leasú 725

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 6 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí chun measúnuithe riosca aonair a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion nó go ndéanfaidh sé cion athuair nó ar an riosca d’íospartaigh ionchasacha cionta coiriúla;

    scriosta

    Leasú 726

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 6 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí mar bhrathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath ;

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí mar pholagraif agus uirlisí comhchosúla , a mhéid a cheadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha ;

    Leasú 727

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 6 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí chun domhainbhrionnuithe dá dtagraítear in Airteagal 52(3) a bhrath;

    scriosta

    Leasú 728

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 6 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht na fianaise le linn cionta coiriúla a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

    (d)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht fianaise le linn cionta coiriúla a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

    Leasú 729

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 6 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí chun tarlú nó atarlú ciona choiriúil iarbhír nó fhéideartha a thuar bunaithe ar phróifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 nó chun measúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí san am atá thart;

    scriosta

    Leasú 730

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 6 – pointe f

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (f)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3 (4) de Threoir (AE) 2016/680 le linn cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

    (f)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3 (4) de Threoir (AE) 2016/680 le linn cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó, i gcás gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) 2018/1725 ;

    Leasú 731

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 6 – pointe g

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (g)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh anailísíocht choireachta maidir le daoine nádúrtha, lena gceadaítear d’údaráis forfheidhmithe dlí tacair sonraí móra casta gaolmhara agus neamhghaolmhara, tacair atá ar fáil i bhfoinsí sonraí éagsúla nó i bhformáidí sonraí éagsúla, a chuardach chun patrúin anaithnide a shainaithint nó chun gaolmhaireachtaí folaithe a aimsiú sna sonraí.

    (g)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh anailísíocht choireachta maidir le daoine nádúrtha, lena gceadaítear d’údaráis forfheidhmithe dlí tacair sonraí móra casta gaolmhara agus neamhghaolmhara, tacair atá ar fáil i bhfoinsí sonraí éagsúla nó i bhformáidí sonraí éagsúla, a chuardach chun patrúin anaithnide a shainaithint nó chun gaolmhaireachtaí folaithe a aimsiú sna sonraí.

    Leasú 732

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 7 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla mar bhrathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath ;

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais mar pholagraif agus uirlisí comhchosúla , a mhéid a cheadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha ;

    Leasú 733

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 7 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis inniúla phoiblí chun measúnú a dhéanamh ar riosca, lena n-áirítear riosca slándála, riosca imirce folaithí, nó riosca sláinte, riosca a bhaineann le duine nádúrtha a bhfuil sé beartaithe aige teacht isteach nó atá tar éis teacht isteach i gcríoch Bhallstáit;

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráisphoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar riosca, lena n-áirítear riosca slándála, riosca imirce folaithí, nó riosca sláinte, riosca a bhaineann le duine nádúrtha a bhfuil sé beartaithe aige teacht isteach nó atá tar éis teacht isteach i gcríoch Bhallstáit;

    Leasú 734

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 7 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla chun barántúlacht doiciméad taistil agus doiciméadachta tacaíochta daoine nádúrtha a fhíorú agus chun doiciméid neamhbharántúla a bhrath trína ngnéithe slándála a sheiceáil;

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun barántúlacht doiciméad taistil agus doiciméadachta tacaíochta daoine nádúrtha a fhíorú agus chun doiciméid neamhbharántúla a bhrath trína ngnéithe slándála a sheiceáil;

    Leasú 735

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 7 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe chun cúnamh a thabhairt d’ údaráis phoiblí inniúla i dtaca le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin lena mbaineann maidir le hincháilitheacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú.

    (d)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun cabhrú le húdaráis phoiblí inniúla scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar fhírinneacht na fianaise i ndáil le hiarratais ar thearmann, ar víosaí agus ar cheadanna cónaithe agus gearáin ghaolmhara maidir le hincháilitheacht na ndaoine nádúrtha atá ag déanamh iarratais ar stádas;

    Leasú 736

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 7 – pointe d a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (da)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais i mbainistiú imirce, tearmainn agus rialaithe teorann chun faireachán a dhéanamh ar shonraí, iad a fhoraire nó iad a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bainistithe teorann, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint;

    Leasú 737

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 7 – pointe d b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (db)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag gníomhaireachtaí, oifigí nó comhlachtaí de chuid an Aontais i mbainistiú imirce, tearmainn agus rialaithe teorann chun treochtaí a bhaineann le gluaiseacht imirce agus trasnú teorann a thuar;

    Leasú 738

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 8 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe cuidiú le húdarás breithiúnach maidir le taighde agus léirmhíniú fíoras agus an dlí agus maidir leis an dlí a chur i bhfeidhm ar thacar coincréiteach fíoras .

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach nó ag comhlacht riaracháin nó thar a gceann chun cabhrú le húdarás breithiúnach nó comhlacht riaracháin taighde agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhíorais agus ar an dlí agus an dlí a chur i bhfeidhm maidir le tacar nithiúil fíoras nó a úsáidtear ar bhealach comhchosúil i réiteach malartach díospóide .

    Leasú 739

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 8 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú a vóta i dtoghcháin nó reifrinn. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga nach bhfuil a n-aschur neamhchosanta go díreach ar dhaoine nádúrtha, amhail uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú agus a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.

    Leasú 740

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn III – mír 1 – pointe 1 – pointe a b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ab)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag ardáin na meán sóisialta atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 33 de Rialachán AE 2022/2065, ina gcórais mholtóra chun a mholadh d’fhaighteoir an ábhair arna ghiniúint ag úsáideoirí na seirbhíse atá ar fáil ar an ardán.

    Leasú 741

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    an chríoch atá beartaithe, an duine/na daoine atá ag forbairt an chórais, dáta agus leagan an chórais ;

    (a)

    an chríoch atá beartaithe , ainm an tsoláthraí agus an leagan den chóras lena léirítear an gaol a bhí aige le leaganacha roimhe seo agus, i gcás inarb infheidhme, le leaganacha níos déanaí, maidir le comharbas na n-athbhreithnithe ;

    Leasú 742

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe a a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    cineál na sonraí, ar dócha go ndéanfaidh an córas iad a phróiseáil nó a bheartaítear iad a phróiseáil agus, i gcás sonraí pearsanta, na catagóirí daoine nádúrtha agus grúpaí ar dócha go ndéanfar difear dóibh nó a bheartaítear difear a dhéanamh dóibh;

    Leasú 743

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    an chaoi a n-idirghníomhaíonn an córas intleachta saorga nó an chaoi ar féidir é a úsáid chun idirghníomhú le crua-earraí nó bogearraí nach cuid iad den chóras intleachta saorga é féin, i gcás inarb infheidhme;

    (b)

    conas is féidir leis an gcóras intleachta saorga idirghníomhú conas is féidir é a úsáid chun idirghníomhú le crua-earraí nó bogearraí , lena n-áirítear córais eile intleachta saorga, nach cuid den chóras intleachta saorga é féin, i gcás inarb infheidhme;

    Leasú 744

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    na leaganacha de bhogearraí nó dochtearraí ábhartha agus aon cheanglas a bhaineann le leagan nuashonraithe ;

    (c)

    na leaganacha de bhogearraí nó de dhochtearra ábhartha agus , i gcás inarb infheidhme, faisnéis don imscarthóir maidir le haon cheanglas a bhaineann le nuashonrú leaganacha ;

    Leasú 745

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    an tuairisc ar na foirmeacha uile ina gcuirtear an córas intleachta saorga ar an margadh nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é ;

    (d)

    an tuairisc ar chumraíochtaí agus ar athraitheacha éagsúla an chórais intleachta saorga atá beartaithe lena gcur ar an margadh nó lena gcur i mbun seirbhíse;

    Leasú 746

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe f a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (fa)

    an tuairisc ar chomhéadan an imscarthóra;

    Leasú 747

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe g

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (g)

    treoracha úsáide don úsáideoir agus, i gcás inarb infheidhme, treoracha suiteála;

    (g)

    treoracha úsáide don imscarthóir i gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus (3) chomh maith le 14(4)(e) agus , i gcás inarb infheidhme, treoracha suiteála;;

    Leasú 748

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe g a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ga)

    tuairisc mhionsonraithe shothuigthe ar phríomhsprioc nó ar phríomhspriocanna optamaithe an chórais;

    Leasú 749

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe g a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (gb)

    tuairisc mhionsonraithe shothuigthe ar aschur ionchasach an chórais agus ar cháilíocht ionchasach aschur an chórais;

    Leasú 750

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe g c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (gc)

    treoracha mionsonraithe agus sothuigthe chun aschur an chórais a léirmhíniú;

    Leasú 751

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe g c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (gd)

    samplaí de chásanna nár cheart an córas a úsáid ina leith.

    Leasú 752

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 2 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    sonraíochtaí deartha an chórais, eadhon loighic ghinearálta an chórais intleachta saorga agus na n-algartam ; na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh, maidir le daoine nó grúpaí daoine chomh maith a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith; na príomhroghanna aicmithe; an rud a bhfuil sé beartaithe an córas a dhearadh lena optamú agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil; na cinntí faoi aon chomhbhabhtáil a d’fhéadfadh a bheith déanta maidir leis na réitigh theicniúla arna nglacadh chun na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chomhlíonadh;

    (b)

    tuairisc ar an ailtireacht, ar na sonraíochtaí dearaidh, ar na halgartaim agus ar na struchtúir sonraí lena n-áirítear dianscaoileadh a chomhpháirteanna agus a chomhéadain, an chaoi a mbaineann siad le chéile agus an chaoi a ndéanann siad foráil maidir le próiseáil fhoriomlán nó loighic fhoriomlán an chórais intleachta saorga; na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh, maidir le daoine nó grúpaí daoine chomh maith a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith; na príomhroghanna aicmithe; an rud a bhfuil sé beartaithe an córas a dhearadh lena optamú agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil; na cinntí faoi aon chomhbhabhtáil a d’fhéadfadh a bheith déanta maidir leis na réitigh theicniúla arna nglacadh chun na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chomhlíonadh;

    Leasú 753

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 2 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    tuairisc ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán; na hacmhainní ríomhaireachta a úsáidtear chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, chun oiliúint a chur air, é a thástáil agus a bhailíochtú;

    (c)

    scriosta

    Leasú 754

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 2 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    measúnú ar na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear measúnú ar na bearta teicniúla atá riachtanach chun léirmhíniú na n-úsáideoirí ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú, i gcomhréir le hAirteagail 13 (3)(d);

    (e)

    measúnú ar na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear measúnú ar na bearta teicniúla atá riachtanach chun léirmhíniú na n-imscarthóirí ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú, i gcomhréir le hAirteagail 13 (3)(d);

    Leasú 755

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe g

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (g)

    na nósanna imeachta bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear faisnéis faoi na sonraí bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh agus a bpríomh-shaintréithe; an mhéadracht a úsáidtear chun cruinneas, stóinseacht, cibearshlándáil agus comhlíonadh ceanglas ábhartha eile a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a thomhas, chomh maith le tionchair a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach; logaí tástála agus na tuarascálacha tástála uile arna ndátú agus arna síniú ag na daoine freagracha, lena n-áirítear maidir le hathruithe réamhshocraithe dá dtagraítear faoi phointe (f).

    (g)

    na nósanna imeachta bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear faisnéis faoi na sonraí bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh agus a bpríomh-shaintréithe; an mhéadracht a úsáidtear chun cruinneas, stóinseacht, cibearshlándáil agus comhlíonadh ceanglas ábhartha eile a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a thomhas, chomh maith le tionchair a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach; logaí tástála agus na tuarascálacha tástála uile arna ndátú agus arna síniú ag na daoine freagracha, lena n-áirítear maidir le hathruithe réamhshocraithe dá dtagraítear faoi phointe (f).

    Leasú 756

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 – pointe g a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ga)

    bearta cibearshlándála curtha i bhfeidhm.

    Leasú 757

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.

    Faisnéis mhionsonraithe maidir le faireachán, feidhmiú agus rialú an chórais intleachta saorga, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: a inniúlachtaí agus a theorainneacha maidir le feidhmíocht, lena n-áirítear na céimeanna cruinnis le haghaidh daoine sonracha nó grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith agus an leibhéal foriomlán cruinnis i ndáil leis an gcríoch atá beartaithe dó; na torthaí neamhbheartaithe intuartha agus na foinsí riosca don tsláinte agus sábháilteacht, do chearta bunúsacha agus d’idirdhealú i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga; na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14 , lena n-áirítear na bearta teicniúla a cuireadh i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú; sonraíochtaí maidir le sonraí ionchuir, de réir mar is iomchuí;

    3.

    Faisnéis mhionsonraithe maidir le faireachán, feidhmiú agus rialú an chórais intleachta saorga, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: a inniúlachtaí agus a theorainneacha maidir le feidhmíocht, lena n-áirítear na céimeanna cruinnis le haghaidh daoine sonracha nó grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith agus an leibhéal foriomlán cruinnis i ndáil leis an gcríoch atá beartaithe dó; na torthaí neamhbheartaithe intuartha agus na foinsí riosca don tsláinte agus sábháilteacht, do chearta bunúsacha agus d’idirdhealú i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga; na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14 , lena n-áirítear na bearta teicniúla a cuireadh i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-imscarthóirí ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú; sonraíochtaí maidir le sonraí ionchuir, de réir mar is iomchuí;

    Leasú 758

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.

    Tuairisc ar oiriúnacht na méadrachta feidhmíochta don chóras intleachta saorga sonrach;

    Leasú 759

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3b.

    Faisnéis faoi thomhaltas fuinnimh an chórais intleachta saorga le linn na céime forbartha agus an tomhaltas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis le linn úsáide, agus, i gcás inarb infheidhme, dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta á gcur i gcuntas;

    Leasú 760

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.

    Tuairisc ar aon athrú a dhéantar ar an gcóras le linn a shaolré;

    5.

    Tuairisc ar aon athruithe ábhartha arna ndéanadh ag an soláthróirí ar an gcóras le linn a shaolré;

    Leasú 761

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.

    Liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe den sórt sin i bhfeidhm, tuairisc mhionsonraithe ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na caighdeáin agus na sonraíochta teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm;

    6.

    Liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe den sórt sin i bhfeidhm, tuairisc mhionsonraithe ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de chaighdeáin ábhartha eile nó de na sonraíochtaí coiteanna a cuireadh i bhfeidhm;

    Leasú 762

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4a.

    I gcás ina mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le córas intleachta saorga, ráiteas go bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680.

    Leasú 763

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn V – mír 1 – pointe 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7.

    Ionad agus dáta eisiúna an dearbhaithe, ainm agus feidhm an duine a shínigh é chomh maith le tásc don duine ar thar a cheann a shínigh an duine sin , síniú .

    7.

    Ionad agus dáta eisiúna an dearbhaithe, síniú, ainm agus feidhm an duine a shínigh chomh maith le tásc don duine ar thar a cheann a shínigh an duine sin.

    Leasú 764

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – mír 4 – pointe 4.5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.5.

    I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i  dTeideal III, Caibidil 2 agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain don chomhlacht a dtugtar fógra dó ar chód foinseach an chórais intleachta saorga.

    4.5.

    I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i  dTeideal III, Caibidil 2, tar éis gach bealach réasúnta eile chun comhréireacht a fhíorú a bheith ídithe agus tar éis a chruthú nach bhfuil sé leordhóthanach, agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain don chomhlacht a dtugtar fógra dó ar shamhlacha oiliúna agus oilte an chórais intleachta saorga , lena n-áirítear a pharaiméadair ábhartha . Beidh rochtain den sórt sin faoi réir dhlí an Aontais atá ann cheana maidir le maoin intleachtúil agus rúin trádála a chosaint. Déanfaidh siad bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun cosaint maoine intleachtúla agus rún ceirde a áirithiú.

    Leasú 765

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 51 .

    Roinn A - Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 51 (1) .

    Leasú 766

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – pointe 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4 a.

    Ainm trádála bunsamhla agus aon tagairt bhreise gan débhrí lenar féidir sainaithint agus inrianaitheacht a dhéanamh

    Leasú 767

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – pointe 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.

    Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;

    5.

    Tuairisc shimplí agus shothuigthe ar

     

    a.

    an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;

     

    b.

    na comhpháirteanna agus na feidhmeanna a dtacaítear leo trí intleacht shaorga;

     

    c.

    míniú bunúsach ar loighic an chórais intleachta saorga

    Leasú 768

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – pointe 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5a.

    i gcás inarb infheidhme, catagóirí agus cineál na sonraí ar dócha go ndéanfaidh an córas intleachta saorga iad a phróiseáil nó na sonraí sin a thuar.

    Leasú 769

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – pointe 11

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    11.

    Treoracha leictreonacha úsáide; ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca i réimsí amhail forfheidhmiú an dlí agus imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, pointí 1, 6 agus 7.

    scriosta

    Leasú 770

    Togra le haghaidh rialacháin

    IARSCRÍBHINN VIII — ROINN B (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    ROINN B – Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 51 (1a) (a) agus (1b).

     

    1.

    ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an imscarthóra;

     

    2.

    ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine a chuireann faisnéis isteach thar ceann an imscarthóra;

     

    3.

    trádainm ardriosca an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan débhrí lena n-éascaítear sainaithint agus inrianaitheacht an chórais intleachta saorga a úsáidtear;

     

    4.

    a) tuairisc shimplí shothuigthe ar úsáid bheartaithe an chórais intleachta saorga, lena n-áirítear na torthaí sonracha a lorgaítear trí úsáid an chórais, raon feidhme geografach agus ama an chur i bhfeidhm

     

    b.

    I gcás inarb infheidhme, catagóirí agus cineál na sonraí atá le próiseáil ag an gcóras intleachta saorga;

     

    c.

    Socruithe maidir le maoirseacht agus rialachas daonna

     

    d.

    I gcás inarb ábhartha, na comhlachtaí nó na daoine nádúrtha atá freagrach as cinntí arna ndéanamh nó arna dtacú ag an gcóras intleachta saorga;

     

    5.

    achoimre ar thorthaí an mheasúnaithe tionchair ar chearta bunúsacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 29a

     

    6.

    URL iontráil an chórais intleachta saorga i mbunachar sonraí AE ag a sholáthraí

     

    7.

    Achoimre ar an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680 mar a shonraítear i mír 6 d’Airteagal 29 den Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme.

    Leasú 771

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – Roinn C (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Roinn C – Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coimeádfar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le bunsamhlacha atá le clárú i gcomhréir le hAirteagal 28b (e).

     

    1.

    Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;

     

    2.

    I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;

     

    3.

    Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaithe údaraithe, i gcás inarb infheidhme;

     

    4.

    Trádainm agus aon tagairt bhreise gan débhrí lenar féidir an bhunsamhail a shainaithint

     

    5.

    Tuairisc ar na foinsí sonraí a úsáideadh chun an tsamhail bhunúsach a fhorbairt

     

    6.

    Tuairisc ar chumais agus ar theorainneacha na bunsamhla, lena n-áirítear na rioscaí atá intuartha le réasún agus na bearta a rinneadh chun iad a mhaolú chomh maith le rioscaí neamh-idirdhealaitheacha atá fós ann mar aon le míniú ar an gcúis nach féidir iad a mhaolú

     

    7.

    Tuairisc ar na hacmhainní oiliúna arna n-úsáid ag an mbunsamhail lena n-áirítear an chumhacht ríomhaireachta is gá, am oiliúna, agus faisnéis ábhartha eile a bhaineann le méid agus cumhacht shamhail 8. Tuairisc ar fheidhmíocht na samhla, lena n-áirítear maidir le tagarmharcanna poiblí nó tagarmharcanna úrscothacha an tionscail

     

    8.

    Tuairisc ar thorthaí na tástála ábhartha inmheánacha agus seachtracha agus barrfheabhsú na samhla

     

    9.

    Na Ballstáit ina gcuirtear nó inar cuireadh an bhunsamhail ar an margadh, i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas;

     

    10.

    URL chun tuilleadh eolais a fháil (roghnach).

    (1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0188/2023).

    (33)  An Chomhairle Eorpach, Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020), – Conclúidí, EUCO 13/20, 2020, lch. 6.

    (34)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara 2020/2012(INL).

    (33)  An Chomhairle Eorpach, Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020), – Conclúidí, EUCO 13/20, 2020, lch. 6.

    (34)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara 2020/2012(INL).

    (35)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (36)   Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

    (37)   37 Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, IO L 119, 4.5.2016, lch. 89.

    (35)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (38)   Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

    (39)  Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).

    (40)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

    (41)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

    (42)  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).

    (43)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

    (44)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

    (45)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

    (46)  Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ón gCoimisiún agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).

    (39)  Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).

    (40)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

    (41)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

    (42)  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).

    (43)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

    (44)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

    (45)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

    (46)  Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ón gCoimisiún agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).

    (47)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

    (48)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

    (47)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

    (48)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

    (49)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

    (50)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

    (49)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

    (50)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

    (54)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

    (54)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

    (55)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (55)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (56)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (56)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (57)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

    (57)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

    (58)   IO L 123 , 12.5.2016, lch. 1.

    (58)   IO L 123 , 12.5.2016, lch. 1.

    (61)   Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

    (62)   Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

    (1a)   Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/506/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top