EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0091

P9_TA(2023)0091 Cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (COM(2021)0093 – C9-0089/2021 – 2021/0050(COD)) P9_TC1-COD(2021)0050 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Márta 2023 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe

IO C 341, 27.9.2023, p. 15–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 341, 27.9.2023, p. 8–9 (GA)

27.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/8


P9_TA(2023)0091

Cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (COM(2021)0093 – C9-0089/2021 – 2021/0050(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 341/06)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0093),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 157(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9-0089/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Meitheamh 2021  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Nollaig 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0056/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 341, 24.8.2021, lch. 84.


P9_TC1-COD(2021)0050

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Márta 2023 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2023/970.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

Tugann an Coimisiún dá aire an comhréiteach ar thángthas air idir na comhreachtóirí maidir le tréimhse trasuímh trí bliana le haghaidh theacht i bhfeidhm na rialacha nua maidir le trédhearcacht pá. Ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl nár cheart breathnú ar an diall sin ón tréimhse trasuímh chaighdeánach dhá bhliain mar fhasach. Níl sé d’aidhm aige ach a áirithiú go mbeidh struchtúir phá neamh-idirdhealaitheacha i bhfeidhm ag fostóirí ionas go n-áiritheofar na rialacha nua a chur i bhfeidhm ina n-iomláine ar am an trasuímh.


Top