EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0088

P9_TA(2023)0088 Ardán comhoibrithe na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán comhair chun tacú le feidhmiú na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (COM(2021)0756 – C9-0448/2021 – 2021/0391(COD)) P9_TC1-COD(20201)0391 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Márta 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726

IO C 341, 27.9.2023, p. 12–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 341, 27.9.2023, p. 5–5 (GA)

27.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/5


P9_TA(2023)0088

Ardán comhoibrithe na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán comhair chun tacú le feidhmiú na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (COM(2021)0756 – C9-0448/2021 – 2021/0391(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 341/03)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0756),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0448/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0245/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(20201)0391

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Márta 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/969.)


Top