EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0004

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2023 maidir leis an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (COM(2021)0565 – C9-0041/2022 – 2021/0434(CNS))

IO C 214, 16.6.2023, p. 223–250 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 214, 16.6.2023, p. 202–229 (GA)

16.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/202


P9_TA(2023)0004

Rialacha chun cosc a chur ar mhí-úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2023 maidir leis an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (COM(2021)0565 – C9-0041/2022 – 2021/0434(CNS))

(An gnáthnós imeachta reachtach – comhairliúchán)

(2023/C 214/19)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0565),

ag féachaint d’Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0041/2022),

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0293/2022),

1.

ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.

á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;

4.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú 1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Tosaíochtaí polaitiúla san Aontas fós is ea cánachas cothrom agus éifeachtach sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac. Cé go ndearnadh dul chun cinn tábhachtach sa réimse seo le blianta beaga anuas, go háirithe le glacadh Threoir 2016/1164 ón gComhairle (10) a bhaineann le seachaint cánach a chomhrac agus le raon feidhme Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (11) maidir le comhar riaracháin a leathnú, tá gá le bearta breise chun dul i ngleic le cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach arna sainaithint go sonrach, cleachtais nach gcuimsítear ina n-iomláine le creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana féin. Go háirithe, is minic a chruthaíonn grúpaí ilnáisiúnta gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu, chun a ndliteanas cánach iomlán a laghdú, lena n-áirítear brabúis a aistriú ó Bhallstáit áirithe ina bhfuil an cháin ard agus ina ndéanann siad gníomhaíocht eacnamaíoch agus luach a chruthú dá ngnólacht. Leis an togra seo, comhlánaítear an dul chun cinn a baineadh amach sa trédhearcacht chorparáideach trí cheanglais a bhaineann le faisnéis úinéireachta tairbhiúla a tugadh isteach leis an gcreat frithsciúrtha airgid, ceanglais lena dtugtar aghaidh ar chásanna ina gcruthaítear gnóthais chun an fhíorúinéireacht a cheilt, bíodh sé sin úinéireacht na ngnóthas féin nó úinéireacht na sócmhainní a bhainistíonn siad agus ar leo iad, amhail réadmhaoin nó maoin ardluacha.

(1)

Tosaíochtaí polaitiúla san Aontas fós is ea cánachas cothrom agus éifeachtach sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac. Cé go ndearnadh dul chun cinn tábhachtach sa réimse seo le blianta beaga anuas, go háirithe le glacadh Threoir 2016/1164 ón gComhairle (10) a bhaineann le seachaint cánach a chomhrac agus le raon feidhme Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (11) maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais a leathnú, tá gá le bearta breise chun dul i ngleic le cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach arna sainaithint go sonrach, lena n-áirítear trí mhí-úsáid eintiteas caoch , cleachtais nach gcuimsítear ina n-iomláine le creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana féin. Ina leith sin, tuairiscíodh i bPáipéir Pandora an méid a tháinig chun solais maidir le cuideachtaí caocha a chruthú chun airgead a aistriú idir cuntais bhainc, cánacha a sheachaint agus coireanna airgeadais a dhéanamh, lena n-áirítear sciúradh airgid, agus dul timpeall ar smachtbhannaí an Aontais ar olagarcaí na Rúise . Go háirithe, is minic a chruthaíonn grúpaí ilnáisiúnta gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta eacnamaíoch acu, chun a ndliteanas cánach iomlán a laghdú, lena n-áirítear brabúis a aistriú ó Bhallstáit áirithe ina bhfuil an cháin ard agus ina ndéanann siad gníomhaíocht eacnamaíoch agus luach a chruthú dá ngnólacht. Leis an togra seo, comhlánaítear an dul chun cinn a baineadh amach sa trédhearcacht chorparáideach trí cheanglais a bhaineann le faisnéis úinéireachta tairbhiúla a tugadh isteach leis an gcreat frithsciúrtha airgid, ceanglais lena dtugtar aghaidh ar chásanna ina gcruthaítear gnóthais chun an fhíorúinéireacht a cheilt, bíodh sé sin úinéireacht na ngnóthas féin nó úinéireacht na sócmhainní a bhainistíonn siad agus ar leo iad, amhail réadmhaoin nó maoin ardluacha.

Leasú 2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)

Féadfaidh cúiseanna bailí a bheith ann cuideachtaí a úsáid a bhfuil tábhacht íosta eacnamaíoch acu. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach creat dlíthiúil comhréireach a ráthú lena gcosnaítear staid na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a úsáideann struchtúir dhleathacha chun infheistíochtaí a chur chun cinn, a chomhlíonann na dlíthe náisiúnta nó atá ag oibriú i margaí náisiúnta difriúla agus, san am céanna, reachtaíocht nithiúil a rith i dtéarmaí nithiúla maidir le mí-úsáid eintiteas caoch chun cáin a sheachaint . Tá cáilíocht agus iomláine sonraí riachtanach dá bhrí sin chun na sochair is mó ón Treoir a bhaint amach;

Leasú 3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1b)

Ós rud é nach bhfuil aon ionstraim idirnáisiúnta ann maidir le mí-úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach, tá lúb ar lár sna hiarrachtaí domhanda i dtaca le calaois chánach, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac. Ina theannta sin, cruthaíonn sé éagothroime iomaíochta i measc gnólachtaí. Léiríonn an easpa ionstraime sin an tábhacht atá leis na caighdeáin dhlíthiúla a leagtar síos sa Treoir seo. Tá sé ríthábhachtach a ráthú go mbeidh na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo comhréireach agus éifeachtach ó thaobh cánachais de agus go gcosnófar iomaíochas ghnóthais an Aontais dá mbarr.

Leasú 4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1c)

Fágann an mhí-úsáid a bhaintear as eintitis chaocha chun críoch cánach go laghdaítear an dliteanas cánach agus go bhfuil caillteanas cánach san Aontas. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go leagfaí síos leis an Treoir seo caighdeáin uaillmhianacha agus chomhréireacha chun íoscheanglais choiteanna maidir le tábhacht íosta a shainiú, chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise idir na húdaráis náisiúnta chánach agus chun an úsáid a bhaintear as eintitis chaocha a chuireann idirghabhálaithe áirithe chun cinn a dhíspreagadh.

Leasú 5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Aithnítear go bhféadfar gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu a bhunú i mBallstát agus é mar phríomhchuspóir aige sin buntáiste cánach a fháil, go háirithe trí bhonn cánach Ballstáit eile a chreimeadh. Cé gur fhorbair roinnt Ballstát creat reachtach nó creat riaracháin chun a mbonn cánach a chosaint ó scéimeanna den sórt sin, is minic a bhíonn éifeacht theoranta ag na rialacha ábhartha, óir ní bhíonn feidhm acu ach i gcríoch Ballstáit aonair agus ní chuimsítear go héifeachtach leo cásanna ina mbíonn níos mó ná Ballstát amháin i gceist. Thairis sin, na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an réimse seo, is mór an difear atá eatarthu ar fud an Aontais agus, san am céanna, tá Ballstáit áirithe ann nach bhfuil aon riail acu, chun dul i ngleic le mí-úsáid gnóthas nach bhfuil aon tábhacht acu nó a bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach.

(2)

Aithnítear go bhféadfar gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta leo a bhunú i mBallstát agus é mar phríomhchuspóir aige sin buntáiste cánach a fháil, go háirithe trí bhonn cánach Ballstáit eile a chreimeadh , rud a éascaíonn pleanáil ionsaitheach cánach. Cé gur fhorbair roinnt Ballstát creat reachtach nó creat riaracháin chun a mbonn cánach a chosaint ar scéimeanna den sórt sin, is minic a bhíonn éifeacht theoranta ag na rialacha ábhartha, óir ní bhíonn feidhm acu ach i gcríoch Ballstáit aonair agus ní chuimsítear go héifeachtach leo cásanna ina mbíonn níos mó ná Ballstát amháin i gceist. Thairis sin, na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an réimse seo, is mór an difear atá eatarthu ar fud an Aontais agus, san am céanna, tá Ballstáit áirithe ann nach bhfuil aon riail acu, chun dul i ngleic le mí-úsáid gnóthas nach bhfuil aon tábhacht acu nó a bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, cur chuige dlíthiúil uile-Aontais a chruthú chun creat a áirithiú chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú, agus na caighdeáin is airde inrochtaineachta, simplíochta agus trédhearcachta á n-urramú go hiomlán .

Leasú 6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Is gá creat comhchoiteann a leagan síos, chun athléimneacht na mBallstát a neartú in aghaidh cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach a bhaineann le húsáid gnóthas nach ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch fiú má tá siad bainteach le gníomhaíocht eacnamaíoch de réir cosúlachta agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon tábhacht acu nó nach bhfuil ach tábhacht íosta acu chun críoch cánach. Déantar sin chun a áirithiú nach mbainfear úsáid as gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu mar ionstraimí seachanta cánach nó mar ionstraimí imghabhála cánach. Ó tharla go bhféadfar na gnóthais sin a bhunú i mBallstát amháin ach go bhféadfar iad a úsáid agus é mar thoradh air sin bonn cánach Ballstáit eile a chreimeadh, tá sé ríthábhachtach tacar comhchoiteann rialacha a chomhaontú chun a chinneadh cad ba cheart a mheas mar thábhacht neamhdhóthanach chun críoch cánach sa mhargadh inmheánach agus chun iarmhairtí sonracha cánach a bhaineann le tábhacht neamhdhóthanach den sórt sin a léiriú. I gcás ina bhfaightear amach go bhfuil tábhacht neamhdhóthanach ag gnóthas faoin Treoir seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit leanúint de rialacha i gcoinne seachaint cánach agus imghabháil cánach a oibriú, ar choinníoll go bhfuil siad sin comhsheasmhach le dlí an Aontais.

(3)

Is gá creat comhchoiteann a leagan síos, chun athléimneacht na mBallstát a neartú in aghaidh cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach a bhaineann le húsáid gnóthas nach ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch fiú má tá siad bainteach le gníomhaíocht eacnamaíoch de réir cosúlachta agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon tábhacht acu nó nach bhfuil ach tábhacht íosta acu chun críoch cánach. Déantar sin chun a áirithiú nach mbainfear úsáid as gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu mar ionstraimí seachanta cánach nó mar ionstraimí imghabhála cánach. Ó tharla go bhféadfar na gnóthais sin a bhunú i mBallstát amháin ach go bhféadfar iad a úsáid agus é mar thoradh air sin bonn cánach Ballstáit eile a chreimeadh, tá sé ríthábhachtach tacar comhchoiteann rialacha a chomhaontú chun a chinneadh cad ba cheart a mheas mar thábhacht neamhdhóthanach chun críoch cánach sa mhargadh inmheánach agus chun iarmhairtí sonracha cánach a bhaineann le tábhacht neamhdhóthanach den sórt sin a léiriú. I gcás ina bhfaightear amach go bhfuil tábhacht dhóthanach ag gnóthas faoin Treoir seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit leanúint de rialacha níos déine maidir leis an tábhacht íosta agus rialacha eile i gcoinne seachaint cánach agus imghabháil cánach a oibriú, ar choinníoll go bhfuil siad sin comhsheasmhach le dlí an Aontais.

Leasú 7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

Chun aidhmeanna na Treorach seo a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht na riarachán cánach a mhéadú agus malartú faisnéise ar fud an Aontais a fheabhsú. Is gá do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a bhfuil rochtain acu uirthi a chomhroinnt, na córais a thacaíonn le malartú na faisnéise sin a chur chun feidhme agus, mar chéim dheiridh, na smachtbhannaí atá beartaithe a fhorfheidhmiú i gcoinne eintitis neamhchomhlíontacha. Chun tacú leis an Treoir seo, ba cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí sonracha laistigh den chlár Fiscalis a mholadh.

Leasú 8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

Chun cur chuige cuimsitheach a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le gach gnóthas san Aontas atá inchánach i mBallstát, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil nó ar a stádas dlíthiúil, ar choinníoll go bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát agus go bhfuil siad incháilithe chun deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a fháil sa Bhallstát sin.

(4)

Chun cur chuige cuimsitheach agus comhréireach a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le gach gnóthas san Aontas atá inchánach i mBallstát, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil nó ar a stádas dlíthiúil, ar choinníoll go bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát agus go bhfuil siad incháilithe chun deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a fháil sa Bhallstát sin. Maolaítear an raon feidhme leathan sin le sraith caighdeán maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch na ngnóthas a áirítear i raon feidhme na Treorach seo.

Leasú 9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh mar aon le comhréireacht agus éifeachtacht na rialacha a d’fhéadfadh a bheith ann a áirithiú, bheadh sé inmhianaithe a raon feidhme a theorannú do ghnóthais a bhfuil an baol ann go bhfaighfear amach fúthu nach bhfuil tábhacht íosta acu agus gur baineadh úsáid astu agus é mar phríomhchuspóir aige sin buntáiste cánach a fháil. Bheadh sé tábhachtach, dá bhrí sin, critéar tairsí a bhunú, i bhfoirm tacair de thrí choinníoll charnacha tháscacha, chun a chinneadh cad iad na gnóthais atá i mbaol suntasach mar a luadh thuas chun údar a thabhairt le iad a bheith faoi réir ceanglais tuairiscithe. Maidir le sainaithint gnóthas atá, de réir cosúlachta, ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá soghluaiste i dtéarmaí geografacha, ba cheart sin a chumasú sa chéad choinníoll, óir bíonn sé níos dúshlánaí an áit a ndéantar na gníomhaíochtaí sin a shainaithint de ghnáth. Is iondúil go dtagann sreafaí tábhachtacha ioncaim éighníomhaigh as gníomhaíochtaí den sórt sin. Dá bhrí sin, gnóthais arb é atá sa chuid is mó dá n-ioncam sreafaí ioncaim éighníomhaigh, chomhlíonfaidís an coinníoll sin. Ba cheart é a chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh aon ioncam ar feadh tréimhsí fada ama ag eintitis a shealbhaíonn sócmhainní le haghaidh úsáid phríobháideach, amhail réadmhaoin, luaimh, scairdeitleáin, saothair ealaíne , nó cothromas ina aonar, ach tairbhíonn siad de shochair chánach mhóra fós trí na sócmhainní sin a shealbhú. Ós rud é nach mbaineann riosca le cásanna intíre amháin maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus gurbh fhearr aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal intíre, ba cheart díriú ar ghnóthais atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trasteorann sa dara coinníoll. Ba cheart rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí trasteorann a bhunú ag féachaint, ar thaobh amháin, do chineál idirbhearta an ghnóthais, gnóthas intíre nó eachtrach, agus ar an taobh eile, dá réadmhaoin, i bhfianaise nach bhféadfaidh eintitis a shealbhaíonn sócmhainní le haghaidh úsáid phríobháideach, nach mbaineann le gnó , gabháil d’idirbhearta ar feadh tréimhse fhada ama. Ina theannta sin, sa tríú coinníoll, ba cheart a chur in iúl do na gnóthais sin nach bhfuil aon acmhainn dílse acu nó nach bhfuil acmhainní dílse leordhóthanacha acu príomhghníomhaíochtaí bainistíochta a fheidhmiú. I ndáil leis sin, gnóthais nach bhfuil acmhainní dílse leordhóthanacha acu, is gnách dóibh dul i muinín soláthraithe tríú páirtí seirbhísí riaracháin, bainistíochta, comhfhreagrais agus comhlíontachta dlíthiúla nó comhaontuithe ábhartha a dhéanamh le fiontair chomhlachaithe le haghaidh soláthar seirbhísí den sórt sin chun láithreacht dhlíthiúil agus chánach a bhunú agus a choinneáil ar bun. Maidir le seachfhoinsiú seirbhísí coimhdeacha áirithe, amhail seirbhísí leabharchoimeádta amháin , fad agus a fhanann príomhghníomhaíochtaí leis an ngnóthas, níor leor sin amháin do ghnóthas chun an coinníoll seo a chomhlíonadh. Cé go bhféadfadh sé go rialófaí na soláthraithe seirbhísí sin chun críoch neamhchánach eile, an riosca go gcumasaíonn siad bunú agus coinneáil ar bun gnóthas a mbaintear mí-úsáid astu le haghaidh cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach, ní féidir an riosca sin a mhaolú i gcónaí lena n-oibleagáidí chun na gcríoch eile sin.

(5)

Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh mar aon le comhréireacht agus éifeachtacht na rialacha a d’fhéadfadh a bheith ann a áirithiú, bheadh sé inmhianaithe a raon feidhme a theorannú do ghnóthais a bhfuil an baol ann go bhfaighfear amach fúthu nach bhfuil tábhacht íosta acu agus gur baineadh úsáid astu go príomha chun buntáiste cánach a fháil . Bheadh sé tábhachtach, dá bhrí sin, critéar tairsí a bhunú, i bhfoirm tacair de thrí choinníoll charnacha tháscacha, chun a chinneadh cad iad na gnóthais atá i mbaol suntasach mar a luadh thuas chun údar a thabhairt le iad a bheith faoi réir ceanglais tuairiscithe. Ba cheart do na gnóthais féin an tástáil tairsí a dhéanamh i bhfoirm féinmheasúnú . Maidir le sainaithint gnóthas atá, de réir cosúlachta, ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá soghluaiste i dtéarmaí geografacha, ba cheart sin a chumasú sa chéad choinníoll, óir bíonn sé níos dúshlánaí an áit a ndéantar na gníomhaíochtaí sin a shainaithint de ghnáth. Is iondúil go dtagann sreafaí tábhachtacha ioncaim éighníomhaigh as gníomhaíochtaí den sórt sin. Dá bhrí sin, gnóthais arb é atá sa chuid is mó dá n-ioncam sreafaí ioncaim éighníomhaigh, chomhlíonfaidís an coinníoll sin. Ba cheart é a chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh aon ioncam ar feadh tréimhsí fada ama ag eintitis a shealbhaíonn sócmhainní le haghaidh úsáid phríobháideach, amhail réadmhaoin, luaimh, scairdeitleáin, ealaíon , nó cothromas ina aonar, ach tairbhíonn siad de shochair chánach mhóra fós trí na sócmhainní sin a shealbhú. Ós rud é nach mbaineann riosca le cásanna intíre amháin maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus gurbh fhearr aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal intíre, ba cheart díriú ar ghnóthais atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trasteorann sa dara coinníoll. Ba cheart rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí trasteorann a bhunú ag féachaint, ar thaobh amháin, do chineál idirbhearta an ghnóthais, gnóthas intíre nó eachtrach, agus ar an taobh eile, dá réadmhaoin, i bhfianaise nach bhféadfaidh eintitis a shealbhaíonn sócmhainní le haghaidh úsáid phríobháideach gabháil d’idirbhearta ar feadh tréimhse fhada ama. Ina theannta sin, sa tríú coinníoll, ba cheart a chur in iúl do na gnóthais sin nach bhfuil aon acmhainn dílse acu nó nach bhfuil acmhainní dílse leordhóthanacha acu príomhghníomhaíochtaí bainistíochta a fheidhmiú. I ndáil leis sin, gnóthais nach bhfuil acmhainní dílse leordhóthanacha acu, is gnách dóibh dul i muinín soláthraithe tríú páirtí seirbhísí riaracháin, bainistíochta, comhfhreagrais agus comhlíontachta dlíthiúla nó comhaontuithe ábhartha a dhéanamh le fiontair chomhlachaithe le haghaidh soláthar seirbhísí den sórt sin chun láithreacht dhlíthiúil agus chánach a bhunú agus a choinneáil ar bun. Maidir le seachfhoinsiú seirbhísí coimhdeacha áirithe, amhail seirbhísí leabharchoimeádta, fad agus a fhanann príomhghníomhaíochtaí leis an ngnóthas, níor leor sin amháin do ghnóthas chun an coinníoll seo a chomhlíonadh. Cé go bhféadfadh sé go rialófaí na soláthraithe seirbhísí sin chun críoch neamhchánach eile, an riosca go gcumasaíonn siad bunú agus coinneáil ar bun gnóthas a mbaintear mí-úsáid astu le haghaidh cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach, ní féidir an riosca sin a mhaolú i gcónaí lena n-oibleagáidí chun na gcríoch eile sin.

Leasú 10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Gnóthais a bhfuil a ngníomhaíochtaí faoi réir leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus, dá bhrí sin, nach mbaineann riosca leo nach mbeidh dóthain tábhachta acu chun críoch cánach, bheadh sé cothrom gnóthais den sórt sin a eisiamh ó na rialacha atá beartaithe. Maidir le cuideachtaí ag a bhfuil urrús inaistrithe a ligtear isteach chun a thrádála nó a liostaítear ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach mar aon le gnóthais airgeadais áirithe a rialaítear go mór san Aontas, go díreach nó go hindíreach, agus atá faoi réir ceanglais bhreise trédhearcachta agus maoirseacht bhreise, ba cheart iad sin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo ar an gcaoi chéanna. Gnóthais fíorshealbhaíochta atá lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil an fhochuideachta oibríochtúil agus a n-úinéir tairbhiúil nó a n-úinéirí tairbhiúla, ní dócha gurb é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil freisin. Tá sé sin amhlaidh ar an gcaoi chéanna i gcás gnóthais fhoshealbhaíochta atá lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil a n-eintiteas scairshealbhóra nó a máthairchuideachta deiridh. Ar an mbonn sin, ba cheart iad a eisiamh freisin. Maidir le gnóthais a théann i muinín líon leordhóthanach daoine, go lán-aimseartha agus go heisiach, chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh, níor cheart a mheas ar an gcaoi chéanna nach bhfuil tábhacht íosta acu. Cé nach bhfuil coinne réasúnta leis go gcomhlíonfaidh siad critéar na tairsí, ba cheart iad a eisiamh go sainráite chun críocha na deimhneachta dlíthiúla.

(6)

Gnóthais a bhfuil a ngníomhaíochtaí faoi réir leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus maoirseacht chánach , dá bhrí sin, nach mbaineann riosca leo nach mbeidh dóthain tábhachta acu chun críoch cánach, bheadh sé cothrom agus comhréireach gnóthais den sórt sin a eisiamh ó na rialacha atá beartaithe. Maidir le cuideachtaí ag a bhfuil urrús inaistrithe a ligtear isteach chun a thrádála nó a liostaítear ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach mar aon le gnóthais airgeadais áirithe a rialaítear go mór san Aontas, go díreach nó go hindíreach, agus atá faoi réir ceanglais bhreise trédhearcachta agus maoirseacht bhreise, ba cheart iad sin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo ar an gcaoi chéanna. Gnóthais fíorshealbhaíochta atá lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil an fhochuideachta oibríochtúil agus a n-úinéir tairbhiúil nó a n-úinéirí tairbhiúla, ní dócha gurb é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil freisin. Tá sé sin amhlaidh ar an gcaoi chéanna i gcás gnóthais fhoshealbhaíochta atá lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil a n-eintiteas scairshealbhóra nó a máthairchuideachta deiridh. Ar an mbonn sin, ba cheart iad a eisiamh freisin. Tá feidhm ag an eisiamh sin go sainráite maidir le gnóthais a rialaítear nó nach mbaineann mórán riosca leo nach mbeidh dóthain tábhachta acu. Ba cheart breathnú ar an eisiamh de réir eintitis agus níor cheart é a leathnú chun grúpa iomlán a chumhdach.

Leasú 11

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Chun cur chun feidhme na Treorach seo a éascú, maidir le gnóthais atá i mbaol go bhfaighfear amach nach bhfuil dóthain tábhachta acu agus a úsáidtear agus é mar phríomhchuspóir aige sin buntáiste cánach a fháil, ba cheart dóibh a dhearbhú, ina a dtuairisceán cánach bliantúil, go bhfuil an t-íosleibhéal acmhainní acu amhail daoine agus áitreabh sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach agus fianaise dhoiciméadach a sholáthar más amhlaidh atá. Cé go n-aithnítear go bhféadfadh sé go mbeadh gá le leibhéal difriúil acmhainní nó le cineál difriúil acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí difriúla, bheifí ag súil le híosleibhéal comhchoiteann acmhainní i ngach uile chás. Ba cheart gurb é is aidhm don mheasúnú sin tábhacht na ngnóthas chun críoch cánach a shainaithint agus, leis an measúnú sin, nach gceistítear an ról atá ag “soláthróir seirbhíse iontaobhais nó cuideachta”, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), maidir le sciúradh airgid, cionta preideacáide a bhaineann leis agus maoiniú sceimhlitheoireachta a shainaithint. Os a choinne sin, mura bhfuil íosleibhéal acmhainní ag gnóthas, féadfar a mheas go dtugtar le fios leis sin go bhfuil easpa tábhachta ann i gcás ina bhfuil gnóthas i mbaol cheana go bhfaighfear amach faoi nach bhfuil dóthain tábhachta aige chun críoch cánach. Chun an chomhoiriúnacht le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a áirithiú, ba cheart íosleibhéal comhchoiteann a bheith bunaithe ar chaighdeáin an Aontais agus ar na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil tábhacht ag baint léi i gcomhthéacs córas cánach fabhrach nó in éagmais cáin chorparáide (13), mar a fhorbraítear i gcomhthéacs an Fhóraim maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha. Is gá foráil a dhéanamh maidir le fianaise dhoiciméadach a chur isteach leis an tuairisceán cánach mar thaca le dearbhú an ghnóthais lena ndearbhaítear go bhfuil íosmhéid acmhainní acu. Tá gá leis freisin chun gur féidir leis an riarachán tuairim a fhoirmiú bunaithe ar na fíorais agus ar imthosca an ghnóthais agus a chinneadh an ndéanfaidh sé nós imeachta iniúchta a thionscnamh.

(8)

Chun cur chun feidhme na Treorach seo a éascú, maidir le gnóthais a áirítear i raon feidhme na Treorach agus atá i mbaol go bhfaighfear amach nach bhfuil dóthain tábhachta acu agus a úsáidtear agus é mar phríomhchuspóir aige sin buntáiste cánach a fháil, ba cheart dóibh a dhearbhú, ina a dtuairisceán cánach bliantúil, go bhfuil an t-íosleibhéal acmhainní acu , eadhon, daoine agus áitreabh sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach agus fianaise dhoiciméadach a sholáthar más amhlaidh atá. Ba cheart a chur san áireamh sa cheanglas a bhaineann le háitribh i mBallstát, leitheadúlacht na cianoibre atá ag dul i méid, ar ina leith a dhéanann fiontair dhlisteanacha a n-áitreabh a laghdú agus ar ina leith a bhogann siad ó áitribh eisiacha a choinneáil . Cé go n-aithnítear go bhféadfadh sé go mbeadh gá le leibhéal difriúil acmhainní nó le cineál difriúil acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí difriúla, bheifí ag súil le híosleibhéal comhchoiteann acmhainní i ngach uile chás. Ba cheart gurb é is aidhm don mheasúnú sin tábhacht na ngnóthas chun críoch cánach a shainaithint agus, leis an measúnú sin, nach gceistítear an ról atá ag “soláthróir seirbhíse iontaobhais nó cuideachta”, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), maidir le sciúradh airgid, cionta preideacáide a bhaineann leis agus maoiniú sceimhlitheoireachta a shainaithint. Os a choinne sin, mura bhfuil íosleibhéal acmhainní ag gnóthas, féadfar a mheas go dtugtar le fios leis sin go bhfuil easpa tábhachta ann i gcás ina bhfuil gnóthas i mbaol cheana go bhfaighfear amach faoi nach bhfuil dóthain tábhachta aige chun críoch cánach. Chun an chomhoiriúnacht le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a áirithiú, ba cheart íosleibhéal comhchoiteann a bheith bunaithe ar chaighdeáin an Aontais agus ar na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil tábhacht ag baint léi i gcomhthéacs córas cánach fabhrach nó in éagmais cáin chorparáide (13), mar a fhorbraítear i gcomhthéacs an Fhóraim maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha. Is gá foráil a dhéanamh maidir le fianaise dhoiciméadach a chur isteach leis an tuairisceán cánach mar thaca le dearbhú an ghnóthais lena ndearbhaítear go bhfuil íosmhéid acmhainní acu. Tá gá leis freisin chun gur féidir leis an riarachán tuairim a fhoirmiú bunaithe ar na fíorais agus ar imthosca an ghnóthais agus a chinneadh an ndéanfaidh sé nós imeachta iniúchta a thionscnamh.

Leasú 12

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Chun an deimhneacht chánach a áirithiú, tá sé ríthábhachtach rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le hábhar dearbhuithe gnóthas. Gnóthais a chomhlíonann critéar na tairsí agus atá faoi réir ceanglais tuairiscithe dá réir sin, ba cheart glacadh leis nach bhfuil dóthain tábhachta acu chun críoch cánach má dhearbhaíonn siad freisin nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na heilimintí acu, ar eilimintí iad arb ionann iad go léir a bheith ag gnóthas agus íosleibhéal tábhachta a bheith aige, nó mura soláthraíonn siad an fhianaise thacaíochta is gá. Gnóthais a dhearbhaíonn go bhfuil eilimintí uile an íosleibhéil tábhachta acu agus a sholáthraíonn an doiciméadacht thacaíochta is gá, ba cheart, ina ionad sin, glacadh leis go bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach agus níor cheart dóibh aon oibleagáid ná iarmhairt bhreise a thabhú faoin Treoir seo. Mar sin féin, ba cheart é sin a bheith gan dochar d’aon dlí is infheidhme agus do cheart an riaracháin iniúchadh a dhéanamh, lena n-áirítear ar bhonn na doiciméadachta tacaíochta , agus teacht ar chonclúid dhifriúil, b’fhéidir.

(9)

Chun an deimhneacht agus an chobhsaíocht chánach a áirithiú, tá sé ríthábhachtach rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le hábhar dearbhuithe gnóthas. Gnóthais a chomhlíonann critéar na tairsí agus atá faoi réir ceanglais tuairiscithe dá réir sin, ba cheart glacadh leis nach bhfuil dóthain tábhachta acu chun críoch cánach má dhearbhaíonn siad freisin nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na heilimintí acu, ar eilimintí iad arb ionann iad go léir a bheith ag gnóthas agus íosleibhéal tábhachta a bheith aige, nó mura soláthraíonn siad an fhianaise thacaíochta is gá. Gnóthais a dhearbhaíonn go bhfuil eilimintí uile an íosleibhéil tábhachta acu agus a sholáthraíonn an doiciméadacht thacaíochta is gá, ba cheart, ina ionad sin, glacadh leis go bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach agus níor cheart dóibh aon oibleagáid ná iarmhairt bhreise a thabhú faoin Treoir seo. Mar sin féin, ba cheart é sin a bheith gan dochar d’aon dlí is infheidhme agus do cheart an riaracháin iniúchadh a dhéanamh, lena n-áirítear ar bhonn na doiciméadachta tacaíochta. Chun go mbeidh na Ballstáit in ann acmhainní a riarachán cánach a leithdháileadh go héifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tréimhse a chinneadh ar lena linn a thoimhdítear go bhfuil tábhacht íosta ag an ngnóthas, ar choinníoll nach dtiocfaidh aon athrú ar imthosca fíorasacha agus dlíthiúla an ghnóthais le linn na tréimhse sin.

Leasú 13

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Maidir le cé acu atá gnóthas ag déanamh gníomhaíochtaí eacnamaíocha iarbhír chun críoch cánach nó is ann dó go príomha chun críoch seachanta cánach nó chun críoch imghabhála cánach, aithnítear gur ceist í sin, sa deireadh, a bhaineann le fíorais agus le himthosca. Ba cheart measúnú a dhéanamh air sin ar bhonn cás ar chás i leith gach gnóthais shonraigh. Dá bhrí sin, maidir le gnóthais a ghlactar leis nach bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach, ba cheart iad a bheith i dteideal a mhalairt a chruthú, lena n-áirítear a chruthú nach ann dóibh go príomha ar mhaithe le cuspóirí cánach, agus toimhde den sórt sin a fhrisnéis. Tar éis dóibh a n-oibleagáidí tuairiscithe faoin Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart dóibh faisnéis bhreise a sholáthar do riarachán an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach. Cé go bhféadfaidh siad aon fhaisnéis bhreise a mheasann siad a bheith iomchuí a sholáthar, tá sé fíor-riachtanach ceanglais chomhchoiteanna a shocrú maidir le cad is fianaise bhreise iomchuí ann agus, dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis sin a iarraidh i ngach cás. I gcás ina measann an Ballstát, bunaithe ar an bhfianaise bhreise sin, go ndearna gnóthas toimhde maidir le heaspa tábhachta a fhrisnéis ar bhealach sásúil, ba cheart é a bheith ar a gcumas dó cinneadh a eisiúint chun a dheimhniú go bhfuil tábhacht íosta ag an ngnóthas chun críoch cánach i gcomhréir leis an Treoir seo. Féadfaidh an cinneadh sin a bheith bailí ar feadh na tréimhse nach n-athraíonn imthosca fíorasacha agus dlíthiúla an ghnóthais lena linn agus suas le 6 bliana ón tráth a eisítear an cinneadh. Leis sin, beifear in ann teorainn a chur leis na hacmhainní a leithdháiltear ar chásanna a dtugtar fianaise ina leith lena léirítear nach eintiteas caoch atá iontu chun críocha na Treorach.

(10)

Maidir leis an meastóireacht ar cé acu atá gnóthas ag déanamh gníomhaíochtaí eacnamaíocha iarbhír atá ábhartha chun críoch cánach nó is ann dó go príomha chun críoch seachanta cánach nó chun críoch imghabhála cánach, aithnítear gur ceist í sin, sa deireadh, a bhaineann le fíorais agus le himthosca. Ba cheart measúnú a dhéanamh air sin ar bhonn cás ar chás i leith gach gnóthais shonraigh. Dá bhrí sin, maidir le gnóthais a ghlactar leis nach bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach, ba cheart iad a bheith i dteideal a mhalairt a chruthú, lena n-áirítear a chruthú nach ann dóibh go príomha ar mhaithe le cuspóirí cánach, agus toimhde den sórt sin a fhrisnéis. Tar éis dóibh a n-oibleagáidí tuairiscithe faoin Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart dóibh an fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar do riarachán an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach. Cé go bhféadfaidh siad aon fhaisnéis bhreise a mheasann siad a bheith iomchuí a sholáthar, tá sé fíor-riachtanach ceanglais chomhchoiteanna a shocrú maidir le cad is fianaise bhreise iomchuí ann agus, dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis sin a iarraidh i ngach cás. I gcás ina measann an Ballstát, bunaithe ar an bhfianaise bhreise sin, go ndearna gnóthas toimhde maidir le heaspa tábhachta a fhrisnéis ar bhealach sásúil, ba cheart é a bheith ar a gcumas dó cinneadh a eisiúint chun a dheimhniú go bhfuil tábhacht íosta ag an ngnóthas chun críoch cánach i gcomhréir leis an Treoir seo. Féadfaidh an cinneadh sin a bheith bailí ar feadh na tréimhse nach n-athraíonn imthosca fíorasacha agus dlíthiúla an ghnóthais lena linn agus suas le 5 bliana ón tráth a eisítear an cinneadh. Leis sin, beifear in ann teorainn a chur leis na hacmhainní a leithdháiltear ar chásanna a dtugtar fianaise ina leith lena léirítear nach eintiteas caoch atá iontu chun críocha na Treorach.

Leasú 14

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir seo cosc a chur leis an tseachaint chánach agus leis an imghabháil chánach ar dócha go mbeidh borradh fúthu de bharr gníomhaíochtaí a dhéanann gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu, agus chun an deimhneacht chánach a áirithiú agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh maidir le féidearthacht go mbeidh díolúintí ann do ghnóthais a chomhlíonann critéar na tairsí ach nach bhfuil aon tionchar buntáisteach iarbhír ag a n-idirstaid ar staid chánach fhoriomlán ghrúpa an ghnóthais nó ar staid chánach fhoriomlán an úinéara thairbhiúil nó na n-úinéirí tairbhiúla. Chuige sin, ba cheart gnóthais den sórt sin a bheith i dteideal iarraidh ar riarachán an Bhallstáit, ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach, cinneadh a eisiúint lena ndíolmhaítear iad ón tús ó na rialacha atá beartaithe a chomhlíonadh ina n-iomláine. Níor cheart ach teorainn ama a chur leis an díolúine sin, chun gur féidir leis an riarachán a dheimhniú go tráthrialta go bhfuil na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla lena dtugtar údar leis an gcinneadh maidir le díolúine fós bailí. An tráth céanna, le fad sínithe a d’fhéadfaí a chur leis an gcinneadh sin, beifear in ann teorainn a chur leis na hacmhainní a leithdháiltear ar chásanna ba cheart a bheith díolmhaithe ó raon feidhme na Treorach.

(11)

Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir seo cosc a chur leis an tseachaint cánach agus leis an imghabháil cánach de bharr gníomhaíochtaí a dhéanann gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu, agus chun an deimhneacht chánach a áirithiú agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh maidir le féidearthacht go mbeidh díolúintí ann do ghnóthais a chomhlíonann critéar na tairsí ach nach bhfuil aon tionchar buntáisteach iarbhír ag a n-idirstaid ar staid chánach fhoriomlán ghrúpa an ghnóthais nó ar staid chánach fhoriomlán an úinéara thairbhiúil nó na n-úinéirí tairbhiúla. Chuige sin, ba cheart gnóthais den sórt sin a bheith i dteideal a iarraidh ar riarachán an Bhallstáit, ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach, cinneadh a eisiúint lena ndíolmhaítear iad ón tús ó na rialacha atá beartaithe a chomhlíonadh ina n-iomláine gan ceangal a chur ar an ngnóthas an tástáil tábhachta a dhéanamh, más féidir leis a chruthú go bhfuil easpa sochar cánach ann don eintiteas lena mbaineann . Níor cheart ach teorainn ama a chur leis an díolúine sin, chun gur féidir leis an riarachán a dheimhniú go tráthrialta go bhfuil na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla lena dtugtar údar leis an gcinneadh maidir le díolúine fós bailí. An tráth céanna, le fad sínithe a d’fhéadfaí a chur leis an gcinneadh sin, beifear in ann teorainn a chur leis na hacmhainní a leithdháiltear ar chásanna ba cheart a bheith díolmhaithe ó raon feidhme na Treorach.

Leasú 15

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Chun éifeachtacht an chreata atá beartaithe a áirithiú, is gá iarmhairtí cánach iomchuí a bhunú le haghaidh gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach. Gnóthais a chomhlíonann critéar na tairsí agus a ghlactar leis nach bhfuil tábhacht acu chun críoch cánach agus, ina theannta sin, nach soláthraíonn fianaise lena léirítear a mhalairt ná fianaise lena léirítear nach é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil, níor cheart iad a bheith in ann tairbhiú de fhorálacha comhaontuithe agus coinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur, ar comhaontuithe agus coinbhinsiúin iad a bhfuil an Ballstát ina bhfuil cónaí ar na gnóthais sin chun críoch cánach ina pháirtí iontu agus de fhorálacha comhaontuithe eile, lena n-áirítear forálacha i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le hinfheistíochtaí a chur chun cinn agus a chosaint, a bhfuil cuspóir coibhéiseach nó éifeacht choibhéiseach acu. Níor cheart na gnóthais sin a bheith in ann tairbhiú de Threoir 2011/96/AE ón gComhairle (14) agus de Threoir 2003/49/CE ón gComhairle (15). Chuige sin, níor cheart na gnóthais sin a bheith i dteideal deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a fháil, óir is é is cuspóir don deimhniú sin na sochair sin a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an ngnóthas chun críoch cánach eisiúint deimhnithe cónaitheachta chun críoch cánach a dhiúltú. De rogha air sin, ba cheart é a bheith ar a chumas don Bhallstát sin an deimhniú sin a eisiúint agus, san am céanna, a thabhairt le fios, trí bhíthin foláirimh, nár cheart don ghnóthas é a úsáid chun sochair chánach a fháil mar a luaitear thuas . Leis an diúltú deimhnithe cónaitheachta chun críoch cánach sin nó, de rogha air sin, an eisiúint deimhnithe speisialta cónaitheachta chun críoch cánach , níor cheart rialacha náisiúnta Bhallstát an ghnóthais a chur i leataobh maidir leis an gcónaitheacht chun críoch cánach agus oibleagáidí ábhartha a bhaineann léi sin. Ina ionad sin, ba é ba chuspóir dó a chur in iúl do na Ballstáit eile, agus do thríú tíortha, nár cheart aon fhaoiseamh ná aisíocaíocht a dheonú maidir le hidirbhearta a bhaineann leis an ngnóthas sin bunaithe ar aon chonradh le Ballstát an ghnóthais nó le treoracha an Aontais, más infheidhme.

(13)

Chun éifeachtacht an chreata atá beartaithe a áirithiú, is gá iarmhairtí cánach iomchuí a bhunú le haghaidh gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach. Gnóthais a chomhlíonann critéar na tairsí agus a ghlactar leis nach bhfuil tábhacht acu chun críoch cánach agus, ina theannta sin, nach soláthraíonn fianaise lena léirítear a mhalairt ná fianaise lena léirítear nach é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil, níor cheart iad a bheith in ann tairbhiú de fhorálacha comhaontuithe agus coinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur, ar comhaontuithe agus coinbhinsiúin iad a bhfuil an Ballstát ina bhfuil cónaí ar na gnóthais sin chun críoch cánach ina pháirtí iontu agus de fhorálacha comhaontuithe eile, lena n-áirítear forálacha i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le hinfheistíochtaí a chur chun cinn agus a chosaint, a bhfuil cuspóir coibhéiseach nó éifeacht choibhéiseach acu. Níor cheart na gnóthais sin a bheith in ann tairbhiú de Threoir 2011/96/AE ón gComhairle (14) agus de Threoir 2003/49/CE ón gComhairle (15). Chuige sin, níor cheart na gnóthais sin a bheith i dteideal deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a fháil, óir is é is cuspóir don deimhniú sin na sochair sin a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an ngnóthas chun críoch cánach diúltú deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a eisiúint agus ba cheart dó ráiteas a eisiúint lena léirítear na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh . Leis an diúltú deimhnithe cónaitheachta chun críoch cánach sin, níor cheart rialacha náisiúnta Bhallstát an ghnóthais a chur i leataobh maidir leis an gcónaitheacht chun críoch cánach agus oibleagáidí ábhartha a bhaineann léi sin. Ina ionad sin, ba é ba chuspóir dó a chur in iúl do na Ballstáit eile, agus do thríú tíortha, nár cheart aon fhaoiseamh ná aisíocaíocht a dheonú maidir le hidirbhearta a bhaineann leis an ngnóthas sin bunaithe ar aon chonradh le Ballstát an ghnóthais nó le treoracha an Aontais, más infheidhme.

Leasú 16

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na hiarmhairtí cánach sin a chur in iúl ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe déthaobhacha cánach atá ann cheana agus a tugadh i gcrích idir na Ballstáit agus tríú tíortha.

Leasú 17

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin.

(15)

Ós rud é gur leagtar síos i dTreoir 2011/16/AE maidir le Comhar Riaracháin (DAC) na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh comhar idir na Ballstáit maidir le malartú faisnéise idir riaracháin chánach na mBallstát, go háirithe an t-uathmhalartú faisnéise chun críocha cánach, ba cheart an Treoir seo a leasú dá réir sin lena gceadaítear do na Ballstáit an fhaisnéis a fhaightear faoi chuimsiú na Treorach seo a mhalartú go huathoibríoch .

Leasú 18

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

Chun an éifeachtacht a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos in aghaidh na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a shárú. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun an deimhneacht chánach agus íosleibhéal comhordaithe ar fud na mBallstát uile a áirithiú, is gá íosphionós airgid a shocrú, agus staid gach gnóthais shonraigh á cur san áireamh freisin. Braitheann na rialacha atá beartaithe ar fhéinmheasúnú a dhéanfaidh na gnóthais a mhéid a bhaineann le cé acu a chomhlíonann siad nó nach gcomhlíonann siad critéar na tairsí. Chun éifeachtacht na bhforálacha a bhaint amach, lena ndreasófar comhlíontacht leordhóthanach ar fud an Aontais, agus é á chur san áireamh go bhféadfar gnóthas caoch i mBallstát amháin a úsáid chun bonn cánach Ballstáit eile a chreimeadh, tá sé tábhachtach go mbeidh sé de cheart ag aon Bhallstát iarraidh ar Bhallstát eile iniúchtaí cánach a dhéanamh ar ghnóthais a bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh siad tábhacht íosta mar a shainmhínítear sa Treoir seo. Dá réir sin, chun an éifeachtacht a dhaingniú, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh oibleagáid ar an mBallstát iarrtha an t-iniúchadh sin a dhéanamh agus faisnéis maidir le toradh an iniúchta sin a roinnt, fiú i gcás nach dtagtar ar eintiteas “caoch”.

(16)

Chun an éifeachtacht a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos in aghaidh na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a shárú. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun an deimhneacht chánach agus íosleibhéal comhordaithe ar fud na mBallstát uile a áirithiú, is gá íosphionós airgid a shocrú, agus staid gach gnóthais shonraigh á cur san áireamh freisin. Braitheann na rialacha atá beartaithe ar fhéinmheasúnú a dhéanfaidh na gnóthais chun a chinneadh cé acu a chomhlíonann siad nó nach gcomhlíonann siad critéar na tairsí. Chun éifeachtacht na bhforálacha a bhaint amach, lena ndreasófar comhlíontacht leordhóthanach ar fud an Aontais, agus é á chur san áireamh go bhféadfar gnóthas caoch i mBallstát amháin a úsáid chun bonn cánach Ballstáit eile a chreimeadh, tá sé tábhachtach go mbeidh sé de cheart ag aon Bhallstát iarraidh ar Bhallstát eile comh iniúchtaí cánach a dhéanamh ar ghnóthais a bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh siad tábhacht íosta mar a shainmhínítear sa Treoir seo. Fágann na comhiniúchtaí gur féidir saineolas a roinnt agus, ar an gcaoi sin, gur féidir na fíricí a shuí go hiomlán agus glacadh thorthaí na hiniúchóireachta a chur chun cinn. Le Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle  (16) , cruthaíodh creat aonfhoirmeach le haghaidh comhiniúchtaí agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a úsáid i gcásanna iomchuí.

Leasú 19

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na rialacha nua atá beartaithe, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil. Ba cheart tuarascáil an Choimisiúin a fhoilsiú.

(18)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na rialacha nua atá beartaithe , chomh maith lena dtionchar ar ioncam cánach sna Ballstáit agus ar acmhainneacht na riarachán cánach, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil. Ba cheart an tuarascáil ón gCoimisiún a fhoilsiú agus, más iomchuí, athbhreithniú d’fhonn éifeachtacht na Treorach seo a mhéadú a bheith ag gabháil léi agus togra reachtach lena leasaítear an Treoir seo a bheith ag gabháil léi .

Leasú 20

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

ciallaíonn “úinéir tairbhiúil” úinéir tairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(5)

ciallaíonn “úinéir tairbhiúil” úinéir tairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 22, de [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh rialachán maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta – COM(2021)0420;

Leasú 21

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

ciallaíonn “sochar cánach” laghdú ar dhliteanais éigeantacha gnóthais i leith rialtas an chónaitheora chun críocha cánach.

Leasú 22

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais a chomhlíonann na critéir seo a leanas tuairisciú d’údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 7:

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais a chomhlíonann na critéir charnacha seo a leanas tuairisciú d’údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 7:

Leasú 23

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

is ioncam ábhartha atá in 75 % de na hioncaim a d’fhabhraigh don ghnóthas sa dá bhliain chánach roimhe sin;

(a)

is ioncam ábhartha atá in 65 % de na hioncaim a d’fhabhraigh don ghnóthas sa dá bhliain chánach roimhe sin;

Leasú 24

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

bhí níos mó ná 60 % de luach shócmhainní an ghnóthais de réir na leabhar a thagann faoi réim raon feidhme Airteagal 4, pointí (e) agus (f), lonnaithe lasmuigh de Bhallstát an ghnóthais sa dá bhliain chánach roimhe sin;

(i)

bhí níos mó ná 55 % de luach shócmhainní an ghnóthais de réir na leabhar a thagann faoi réim raon feidhme Airteagal 4, pointí (e) agus (f), lonnaithe lasmuigh de Bhallstát an ghnóthais sa dá bhliain chánach roimhe sin;

Leasú 25

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)

tuilltear nó íoctar ar a laghad 60 % d’ioncam ábhartha an ghnóthais trí idirbhearta trasteorann;

(ii)

tuilltear nó íoctar níos mó ná 55 % d’ioncam ábhartha an ghnóthais trí idirbhearta trasteorann;

Leasú 26

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

sa dá bhliain chánach roimhe sin, rinne an gnóthas an riarachán oibríochtaí ó lá go lá agus an chinnteoireacht maidir le feidhmeanna móra a sheachfhoinsiú.

(c)

sa dá bhliain chánach roimhe sin, rinne an gnóthas an riarachán oibríochtaí ó lá go lá agus an chinnteoireacht maidir le feidhmeanna móra a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí .

Leasú 27

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   De mhaolú ar mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na gnóthais a thagann faoi aon cheann de na catagóirí seo a leanas faoi réir cheanglais Airteagal 7:

2.   De mhaolú ar mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na gnóthais seo a leanas faoi réir cheanglais Airteagal 7:

Leasú 28

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

gnóthais ag a bhfuil ar a laghad cúigear fostaithe dílse coibhéiseacha lánaimseartha nó cúigear ball foirne a dhéanann na gníomhaíochtaí as a ngintear an t-ioncam ábhartha, agus na gníomhaíochtaí sin amháin;

scriosta

Leasú 29

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

tá a áitreabh féin ag an ngnóthas sa Bhallstát, áitreabh le haghaidh a úsáide féin amháin;

(a)

tá a áitreabh féin ag an ngnóthas sa Bhallstát, áitreabh le haghaidh a úsáide féin amháin nó áitreabh a roinntear le heintitis den ghrúpa céanna ;

Leasú 30

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

tá ar a laghad cuntas bainc gníomhach amháin dá chuid féin san Aontas ag an ngnóthas;

(b)

tá ar a laghad cuntas bainc gníomhach amháin dá chuid féin san Aontas ag an ngnóthas nó cuntas ríomh-airgid amháin ar a laghad ag an ngnóthas san Aontas trína bhfaightear an t-ioncam ábhartha ;

Leasú 31

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 – pointe c – pointe i – pointe 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

tá sé nó siad cáilithe agus údaraithe chun cinntí a dhéanamh i ndáil leis na gníomhaíochtaí as a ngintear ioncam ábhartha le haghaidh an ghnóthais nó i ndáil le sócmhainní an ghnóthais;

(2)

tá sé nó siad údaraithe chun cinntí a dhéanamh i ndáil leis na gníomhaíochtaí as a ngintear ioncam ábhartha le haghaidh an ghnóthais nó i ndáil le sócmhainní an ghnóthais;

Leasú 32

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 – pointe c – pointe i – pointe 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

úsáideann sé nó siad go gníomhach agus go neamhspleách an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (2) go tráthrialta;

scriosta

Leasú 33

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 – pointe c – pointe i – pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

ní fostaí nó fostaithe de chuid eintitis é nó iad, eintiteas nach fiontar comhlachaithe é agus ní dhéanann sé nó siad feidhm an stiúrthóra nó a choibhéis in eintitis eile nach fiontair chomhlachaithe iad;

scriosta

Leasú 34

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 – pointe c – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)

tá cónaí ar thromlach fhostaithe coibhéiseacha lánaimseartha an ghnóthais chun críoch cánach i mBallstát an ghnóthais, nó cóngarach go leor don Bhallstát sin a mhéid a bhíonn tionchar ag an achar sin ar fheidhmiú cuí a gcuid dualgas; agus tá na fostaithe sin cáilithe chun na gníomhaíochtaí as a ngintear ioncam le haghaidh an ghnóthais a dhéanamh.

(ii)

tá gnáthchónaí ar thromlach fhostaithe coibhéiseacha lánaimseartha an ghnóthais mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 i mBallstát an ghnóthais, nó tá siad cóngarach go leor don Bhallstát sin a mhéid a bhíonn tionchar ag an achar sin ar fheidhmiú cuí a gcuid dualgas; agus tá na fostaithe sin cáilithe chun na gníomhaíochtaí as a ngintear ioncam le haghaidh an ghnóthais a dhéanamh.

Leasú 35

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 – pointe g a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ga)

forléargas ar struchtúr an ghnóthais agus na bhfiontar comhlachaithe agus ar aon socruithe suntasacha seachfhoinsithe, lena n-áirítear an réasúnaíocht taobh thiar den struchtúr, ar a ndéantar cur síos i gcomhthéacs formáid chaighdeánaithe;

Leasú 36

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 – pointe g b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(gb)

tuarascáil achomair ar an bhfianaise dhoiciméadach a tíolacadh faoin mír seo, ina mbeidh an méid seo a leanas go háirithe:

tuairisc ghairid ar chineál ghníomhaíochtaí an ghnóthais;

líon na bhfostaithe ag obair ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha;

méid an bhrabúis nó an chaillteanais roimh chánacha agus ina ndiaidh.

Leasú 37

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Maidir le gnóthas a dhearbhaíonn go gcomhlíonann siad na táscairí uile maidir le tábhacht íosta a leagtar amach in Airteagal 7(1) agus a sholáthraíonn an fhianaise dhoiciméadach thacaíochta atá sásúil i gcomhréir le hAirteagal 7(2), glacfar leis go bhfuil tábhacht íosta aige le haghaidh na bliana cánach.

1.   Maidir le gnóthas a dhearbhaíonn go gcomhlíonann siad na táscairí uile maidir le tábhacht íosta a leagtar amach in Airteagal 7(1) agus a sholáthraíonn an fhianaise dhoiciméadach thacaíochta is gá i gcomhréir le hAirteagal 7(2), glacfar leis go bhfuil tábhacht íosta aige le haghaidh na bliana cánach.

Leasú 38

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Maidir le gnóthas a dhearbhaíonn nach gcomhlíonann siad táscaire amháin nó níos mó a leagtar amach in Airteagal 7(1) nó nach soláthraíonn fianaise dhoiciméadach thacaíochta atá sásúil i gcomhréir le hAirteagal 7(2), glacfar leis nach bhfuil tábhacht íosta aige le haghaidh na bliana cánach.

2.   Maidir le gnóthas a dhearbhaíonn nach gcomhlíonann siad táscaire amháin nó níos mó a leagtar amach in Airteagal 7(1) nó nach soláthraíonn an fhianaise dhoiciméadach thacaíochta is gá i gcomhréir le hAirteagal 7(2), glacfar leis nach bhfuil tábhacht íosta leis le haghaidh na bliana cánach.

Leasú 39

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun gur féidir le gnóthais a dtoimhdítear ina leith nach bhfuil tábhacht íosta acu faoi Airteagal 8(2) an toimhde sin a fhrisnéis trí aon fhianaise thacaíochta bhreise a sholáthar maidir leis na gníomhaíochtaí gnó a dhéanann siad chun ioncam ábhartha a ghiniúint.

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir le gnóthais a dtoimhdítear ina leith nach bhfuil tábhacht íosta acu faoi Airteagal 8(2) an toimhde sin a fhrisnéis, gan moill mhíchuí agus costais riaracháin iomarcacha, trí aon fhianaise thacaíochta bhreise a sholáthar maidir leis na gníomhaíochtaí gnó a dhéanann siad chun ioncam ábhartha a ghiniúint.

Leasú 40

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

doiciméad lenar féidir an réasúnaíocht thráchtála atá le bunú an ghnóthais a fhionnadh;

(a)

doiciméad lenar féidir an réasúnaíocht ghnó atá le bunú an ghnóthais sa Bhallstát ina ndéantar an ghníomhaíocht a fhionnadh;

Leasú 41

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

faisnéis maidir le próifíl na bhfostaithe, lena n-áirítear an leibhéal taithí atá acu, a gcumhacht chinnteoireachta san eagraíocht fhoriomlán, ról agus suíomh sa chairt eagrúcháin, an cineál conartha fostaíochta atá acu, a gcáilíochtaí agus fad a bhfostaíochta;

(b)

faisnéis maidir le próifíl na bhfostaithe lánaimseartha, páirtaimseartha agus na saorfhostaithe , eadhon an leibhéal taithí atá acu, a gcumhacht chinnteoireachta san eagraíocht fhoriomlán, ról agus suíomh sa chairt eagrúcháin, an cineál conartha fostaíochta atá acu, a gcáilíochtaí agus fad a bhfostaíochta, agus leibhéil arda cosanta sonraí agus príobháideachais a chosaint ;

Leasú 42

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Breithneoidh an Ballstát iarraidh ar an toimhde a fhrisnéis laistigh de thréimhse 9 mí ón iarraidh a thíolacadh agus measfar go bhfuil glactha leis in éagmais freagra ón mBallstát tar éis don tréimhse 9 mí sin dul in éag.

Leasú 43

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh Ballstát na bearta iomchuí chun cead a thabhairt do ghnóthas a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) díolúine a iarraidh óna oibleagáidí faoin Treoir seo mura laghdaítear dliteanas cánach a úinéara thairbhiúil nó a úinéirí tairbhiúla nó dliteanas cánach an ghrúpa, ina iomláine, ar ball de an gnóthas, de bharr an gnóthas a bheith ann.

1.   Déanfaidh Ballstát na bearta is gá chun cead a thabhairt do ghnóthas a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) díolúine a iarraidh, gan moill mhíchuí agus costais riaracháin iomarcacha, óna oibleagáidí faoin Treoir seo mura laghdaítear dliteanas cánach a úinéara thairbhiúil nó a úinéirí tairbhiúla nó dliteanas cánach an ghrúpa, ina iomláine, ar ball de an gnóthas, de bharr an gnóthas a bheith ann.

Leasú 44

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Féadfaidh Ballstát díolúine a dheonú ar feadh bliain chánach amháin má sholáthraíonn an gnóthas fianaise leordhóthanach agus oibiachtúil lena léirítear nach dtagann buntáiste cánach as a idirstaid le haghaidh a úinéara thairbhiúil nó a úinéirí tairbhiúla nó an ghrúpa ina iomláine, de réir mar a bheidh. Áireofar san fhianaise sin faisnéis maidir le struchtúr an ghrúpa agus a ghníomhaíochtaí. Leis an bhfianaise sin, maidir le suim na cánach foriomláine atá dlite ag an úinéir tairbhiúil nó ag na húinéirí tairbhiúla nó ag an ngrúpa ina iomláine, de réir mar a bheidh, ag féachaint d’idirstaid an ghnóthais, beifear in ann comparáid a dhéanamh idir an tsuim sin agus an tsuim a bheadh dlite faoi na coinníollacha céanna in éagmais an ghnóthais.

2.   Féadfaidh Ballstát díolúine a dheonú ar feadh bliain chánach amháin má sholáthraíonn an gnóthas fianaise leordhóthanach agus oibiachtúil lena léirítear nach dtagann buntáiste cánach as a idirstaid le haghaidh a úinéara thairbhiúil nó a úinéirí tairbhiúla nó an ghrúpa ina iomláine, de réir mar a bheidh. Áireofar san fhianaise sin faisnéis maidir le struchtúr an ghrúpa agus a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear liosta dá fhostaithe atá ag obair ar bhonn coibhéis lánaimseartha . Leis an bhfianaise sin, maidir le suim na cánach foriomláine atá dlite ag an úinéir tairbhiúil nó ag na húinéirí tairbhiúla nó ag an ngrúpa ina iomláine, de réir mar a bheidh, ag féachaint d’idirstaid an ghnóthais, beifear in ann comparáid a dhéanamh idir an tsuim sin agus an tsuim a bheadh dlite faoi na coinníollacha céanna in éagmais an ghnóthais.

Leasú 45

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Breithneoidh Ballstát an iarraidh ar dhíolúine laistigh de thréimhse 9 mí ón iarraidh a thíolacadh agus measfar go bhfuil glactha léi in éagmais freagra ón mBallstát tar éis don tréimhse 9 mí sin dul in éag.

Leasú 46

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach bhfuil tábhacht íosta chun críoch cánach ag gnóthas sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air chun críoch cánach, déanfaidh an Ballstát sin aon cheann de na cinntí seo a leanas:

I gcás nach bhfuil tábhacht íosta chun críoch cánach le gnóthas sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air chun críoch cánach, diúltóidh an Ballstát sin aon iarraidh ar dheimhniú cónaitheachta chun críoch cánach don ghnóthas lena úsáid lasmuigh de dhlínse an Bhallstáit sin .

Leasú 47

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

iarraidh ar dheimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a dhiúltú don ghnóthas lena úsáid lasmuigh de dhlínse an Bhallstáit sin;

scriosta

Leasú 48

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a dheonú lena leagtar síos nach bhfuil an gnóthas i dteideal sochair comhaontuithe agus coinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil, agus sochair comhaontuithe idirnáisiúnta ag a bhfuil cuspóir comhchosúil nó éifeacht chomhchosúil agus sochair Airteagail 4, 5 agus 6 de Threoir 2011/96/AE agus Airteagal 1 de Threoir 2003/49/CE.

scriosta

Leasú 49

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Agus iarraidh ar an deimhniú sin á diúltú, eiseoidh an Ballstát ráiteas oifigiúil ina dtabharfar údar cuí leis an gcinneadh agus lena leagfar síos nach bhfuil an gnóthas i dteideal na mbuntáistí a ghabhann le comhaontuithe agus coinbhinsiúin ina ndéantar foráil maidir le deireadh a chur le cánachas dúbailte ioncaim agus, i gcás inarb infheidhme, le cánachas dúbailte caipitil, nó na mbuntáistí a ghabhann le comhaontuithe idirnáisiúnta ag a bhfuil cuspóir nó éifeacht chomhchosúil agus a ghabhann le hAirteagail 4, 5 agus 6 de Threoir 2011/96/AE agus Airteagal 1 de Threoir 2003/49/CE.

Leasú 50

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

I gcomhar leis na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na hiarmhairtí cánach sin curtha in iúl go soiléir, i ndáil le comhaontuithe déthaobhacha cánach atá ann cheana le tríú tíortha ionas go bhfaighidh siad an fhaisnéis maidir leis na cuideachtaí caocha toimhdithe.

Leasú 51

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8ad – mír 4 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir CBL an ghnóthais ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 6 de Threoir [Oifig na bhFoilseachán];

(b)

i gcás easpa TIN, uimhir CBL, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an ghnóthais ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 6 de Threoir [Oifig na bhFoilseachán].

Leasú 52

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8ad – mír 4 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g)

achoimre ar an bhfianaise arna soláthar ag an ngnóthas i gcomhréir le hAirteagal 7(2).

(g)

achoimre ar an dearbhú, agus i gcás inarb iomchuí, ar an bhfianaise arna soláthar ag an ngnóthas i gcomhréir le hAirteagal 7(2).

Leasú 53

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8ad – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.     I gcás ina sainaithníonn údarás inniúil Ballstáit, i gcomhréir le míreanna 1, 2 nó 3, Ballstáit eile a bhféadfadh tuairisciú an ghnóthais difear a dhéanamh dóibh, beidh foláireamh sonrach san áireamh sa teachtaireacht sin dá dtagraítear sna míreanna sin do na Ballstáit sin a mheastar lena mbaineann.

Leasú 54

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar leis na pionóis sin pionós riaracháin airgid 5 % ar a laghad de láimhdeachas an ghnóthais sa bhliain chánach ábhartha, mura gcomhlíonann an gnóthas ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 6 an ceanglas sin le haghaidh bliain chánach laistigh den sprioc-am a leagadh síos má dhéanann an gnóthas sin dearbhú bréagach sa tuairisceán cánach faoi Airteagal 7.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar leis na pionóis sin pionós riaracháin airgid 2 % ar a laghad d’ioncam an ghnóthais sa bhliain chánach ábhartha, mura gcomhlíonann an gnóthas ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 6 an ceanglas sin le haghaidh bliain chánach laistigh den sprioc-am a leagadh síos agus pionós riaracháin airgid 4 % ar a laghad d’ioncam an ghnóthais má dhéanann an gnóthas ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 6 dearbhú bréagach sa tuairisceán cánach faoi Airteagal 7. I gcás gnóthas a bhfuil ioncam nialasach nó ioncam íseal aige, a shainmhínítear mar ghnóthas atá faoi thairseach arna cinneadh ag an údarás náisiúnta cánach agus nach dtiteann faoi thairseach íosta arna leagan síos ag an gCoimisiún i ngníomh cur chun feidhme, ba cheart an pionós a bhunú ar shócmhainní iomlána an ghnóthais.

Leasú 55

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18a.

Leasú 56

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Iarraidh ar iniúchtaí cánach

Iarraidh ar comh iniúchtaí cánach

Leasú 57

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina bhfuil cúis ag an údarás inniúil i mBallstát amháin lena chreidiúint nár chomhlíon gnóthas a bhfuil cónaí air chun críoch cánach i mBallstát eile a oibleagáidí faoin Treoir seo, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an ngnóthas chun críoch cánach iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit eile iniúchadh cánach a dhéanamh ar an ngnóthas.

I gcás ina bhfuil cúis ag an údarás inniúil i mBallstát amháin a chreidiúint nár chomhlíon gnóthas a bhfuil cónaí air chun críoch cánach i mBallstát eile a oibleagáidí faoin Treoir seo, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an ngnóthas chun críoch cánach , agus na cúiseanna sin á sonrú aige , a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit eile comh iniúchadh cánach a dhéanamh ar an ngnóthas de réir na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12a de Threoir (AE) 2021/51417 ón gComhairle  (17) .

Leasú 58

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tionscnóidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha é laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh agus déanfaidh sé an t-iniúchadh cánach , i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear iniúchtaí cánach sa Bhallstát iarrtha.

Más rud é nach féidir leis an údarás inniúil iarrthach comhiniúchadh cánach a dhéanamh ar chúiseanna dlíthiúla, tionscnóidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha iniúchadh náisiúnta laistigh d’aon mhí amháin ó dháta fála na hiarrata agus déanfaidh sé an t-iniúchadh sin i gcomhréir leis na rialacha maidir le hiniúchtaí cánach sa Bhallstát iarrtha.

Leasú 59

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

an líon iniúchtaí ar ghnóthais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(1),

(f)

an líon iniúchtaí ar ghnóthais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(1), arna miondealú ina gcomhiniúchtaí agus ina n-iniúchtaí rialta,

Leasú 60

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tuarascálacha

Athbhreithniú

Leasú 61

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Faoin 31 Nollaig 2028 , cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo.

1.    Faoi … [5 bliana tar éis dháta thrasuí na Treorach seo] , cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú na Treorach seo. I gcás inarb iomchuí, beidh athbhreithniú ag gabháil leis an tuarascáil d’fhonn éifeachtacht na Treorach seo a feabhsú, mar aon le togra reachtach lena leasaítear an Treoir seo .

Leasú 62

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Déanfar athbhreithniú agus measúnú sa tuarascáil ar thionchar na Treorach seo ar ioncaim chánach sna Ballstáit, ar acmhainneachtaí riaracháin cánach agus go háirithe, an bhfuil gá leis an Treoir seo a leasú . Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin i dtaobh an mbeadh sé iomchuí táscaire maidir le tábhacht bunaithe ar bhrabús réamhchánach in aghaidh an fhostaí a chur isteach in Airteagal 7 agus go leathnófaí an oibleagáid táscairí maidir le tábhacht íosta chun críocha cánach a leagtar amach san Airteagal sin a thuairisciú do ghnóthais airgeadais rialáilte agus, más gá, athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine a dheonaítear dóibh in Airteagal 6 (2b).

Leasú 63

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Agus an tuarascáil á tarraingt suas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a chuir na Ballstáit in iúl de bhun Airteagal 15 .

2.   Agus an tuarascáil á tarraingt suas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a chuir na Ballstáit in iúl de bhun Airteagal 16 .

Leasú 64

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 18a

Nós imeachta coiste

1.     Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.     I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.


(10)  Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).

(11)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).

(11)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(13)  Ardrúnaíocht na Comhairle, 9637/18 FISC 241 ECOFIN 555, Cód Iompair (Cánachas Gnó), Treoir maidir le léirmhíniú ar an tríú critéar; Tionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, Cleachtais Chánach Dhíobhálacha a Chomhrac ar Bhealach níos Éifeachtaí, agus Trédhearcacht agus Tábhacht Eacnamaíoch á gCur san Áireamh, Gníomhaíocht 5: Tuarascáil Chríochnaitheach.

(12)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(13)  Ardrúnaíocht na Comhairle, 9637/18 FISC 241 ECOFIN 555, Cód Iompair (Cánachas Gnó), Treoir maidir le léirmhíniú ar an tríú critéar; Tionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, Cleachtais Chánach Dhíobhálacha a Chomhrac ar Bhealach níos Éifeachtaí, agus Trédhearcacht agus Tábhacht Eacnamaíoch á gCur san Áireamh, Gníomhaíocht 5: Tuarascáil Chríochnaitheach.

(14)  Treoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar mháthairchuideachtaí agus fochuideachtaí Ballstát éagsúil (IO L 345, 29.12.2011, lch. 8).

(15)  Treoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (IO L 157, 26.6.2003, lch. 49).

(14)  Treoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar mháthairchuideachtaí agus fochuideachtaí Ballstát éagsúil (IO L 345, 29.12.2011, lch. 8).

(15)  Treoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (IO L 157, 26.6.2003, lch. 49).

(16)   Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1).

(17)   Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1).


Top