Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC1018(02)

    Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 401/09

    PUB/2022/1036

    IO C 401, 18.10.2022, p. 23–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    18.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 401/23


    Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

    (2022/C 401/09)

    Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

    FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

    “Patrimonio”

    PDO-FR-A0157-AM01

    Dáta teachtaireachta: 8 Meán Fómhair 2022

    TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

    1.   Cleachtais maidir le fíonóireacht

    Leathnaíodh Caibidil I den tsonraíocht le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Patrimonio” ag Roinn VI, pointe 1, “Modhanna oiliúna”. Áirítear leis an athrú sin foráil agra-chomhshaoil lena gcuirtear toirmeasc ar fhiailnimheanna ceimiceacha a úsáid.

    Áiríodh an fhoráil sin freisin sa doiciméad aonair sa roinn maidir le “Cleachtais saothraithe”.

    2.   Sonraí teagmhála an chomhlachta cigireachta

    Leasaíodh Caibidil III den tsonraíocht le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Patrimonio” ag Roinn II, “Tagairtí don chomhlacht cigireachta”, chun seoladh INAO a nuashonrú:

    “Institut National de l’Origine et de la Qualité (INAO)

    TSA 30003 - 93555 MONTREUIL Cedex

    Fón +33 173303800

    Facs +33 17303804

    R-phost: info@inao.gouv.fr”

    Cuireadh an leasú sin leis an doiciméad aonair sa roinn maidir le “Sonraí teagmhála an chomhlachta cigireachta”.

    DOICIMÉAD AONAIR

    1.   Ainm(neacha)

    Patrimonio

    2.   Cineál táisc gheografaigh

    STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

    3.   Catagóirí na dTáirgí fíniúna

    1.

    Fíon

    4.   tuairisc ar an bhFíon nó ar na fíonta

    1.   Saintréithe anailíseacha na bhfíonta

    TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

    Is féidir fíonta socra dearga, rosé nó geala a bheith i gceist le fíonta ag a bhfuil an sonrúchán “Patrimonio”.

    Comhlíonann an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte na critéir a leanas: 11 % le haghaidh fíonta geala, 11.5 % le haghaidh fíonta rosé agus 12 % le haghaidh fíonta dearga.

    Tráth an phacáistithe, is é 0.4 gram in aghaidh an lítir uasmhéid aigéid mhalaigh fíonta dearga.

    Tar éis iad a choipeadh, tá méid siúcra coiptheach (glúcós agus fruchtós) sna fíonta nach mó ná na méideanna a leanas:

    Le haghaidh fíonta ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte nach mó ná 14 %: 4 g/l

    Le haghaidh fíonta ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte níos mó ná 14 %: 5 g/l

    Maidir leis na méideanna d’aigéadacht iomlán, aigéadacht so-ghalaithe agus méid iomlán dé-ocsaíde sulfair, is iad siúd na méideanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

     

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    2.   Tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta

    TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

    Seasann na fíonta dearga do 40 % den táirgeadh. Déantar iad ón gcineál Nielluccio N, arb ionann é agus 90 % ar a laghad de na fíonchaora sa mheascán cineáil agus sa mheascadh. Táirgeann sé fíonta tathagacha le tainniní struchtúrtha, rud a ráthaíonn cumas maith aosaithe. Bíonn dath domhain ar na fíonta: dearg geal, dath an rúibín nó dath an ghairnéid. Is minic a bhíonn neart alcóil nádúrtha ard de réir toirte acu, níos mó ná 13 %. Tugann dea-bholaithe na bhfíonta óga torthaí dearga le fios, amhail cuirín dubh nó sméar dhubh, le blasanna adhmadacha anseo agus ansiúd, ach le himeacht ama forbraíonn siad dea-bholaithe spíosraithe, agus imireacha tóstáilte agus balsamacha iontu freisin.

    Is iondúil go mbíonn na fíonta rosé mar thoradh ar mheascadh sciliúil cineálacha fíonchaor arb ionann Nielluccio N agus 75 % ar a laghad díobh, agus lena n-áirítear freisin na cineálacha Sciaccarello N, Grenache N agus Vermentino B. Is fíonta socra tirime iad le dath bándearg láidir orthu, agus iad cothrom le saintréithe aramatacha acu a thugann sú craobh agus spíonán le fios. Is iondúil go n-óltar iad agus iad óg, bíonn siad ar comhchiall le húire.

    Is fíonta socra agus tirime iad na fíonta geala. Déantar iad ón gcineál Vermentino B agus ón gcineál sin amháin, agus is iondúil go dtugann sé saibhreas aramatach iontach dóibh. Na dea-bholaithe torthaíocha a thugann bláthanna bána, sceach gheal agus giolcach le fios, bíonn siad suntasach go háirithe agus na fíonta óg.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

     

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    5.   Cleachtais fíonóireachta

    5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

    1.   

     

    Cleachtas saothraithe

    Is é 4 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

    Níor cheart spásáil idir na línte fíniúna a bheith níos mó ná 2.80 méadar, agus ba cheart spásáil idir plandaí sa líne chéanna a bheith 0.80 méadar ar a laghad.

    Déantar prúnáil mheasctha ar na fíniúnacha (ag úsáid an mhodh cuachphrúnála nó cordon de Royat), agus 10 bachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda i gceist.

    Toirmisctear úsáid fiailnimheanna ceimiceacha.

    Toirmisctear uisciú.

    2.   

     

    Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

    Toirmisctear saibhriú go hiomlán.

    Toirmisctear úsáid sliseanna adhmaid.

    Toirmisctear úsáid fioghuail fíoneolaíochta.

    Leis na cleachtais fíonóireachta a ndéantar dá réir, ní mór rialacha an Aontais agus an Chóid Tuaithe agus Iascaireachta Muirí a chomhlíonadh, mar aon leis na forálacha thuas.

    5.2.   Uastáirgeacht

    1.   

     

    55 heictilítear in aghaidh an heicteáir

    6.   Limistéar geografach críochaithe

    Buaintear na fíonchaora, déantar na fíonta agus déantar iad a thabhairt chun cineáil i gcríoch na mbardas a leanas i roinn Haute-Corse: Barbaggio, Farinole, Oletta, Patrimonio, Poggio-d’Oletta, Saint-Florent agus Santo-Pietro-di-Tenda.

    7.   Cineál/cineálacha fíniúna

    Grenache N

    Nielluccio N – Nielluciu

    Sciaccarello N

    Vermentino B – Rolle

    8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

    8.1.   Tuairisc ar na tosca nádúrtha agus daonna is ábhartha don nasc

    Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

    Suite ag bun Cap Corse, ag breathnú amach thar Mhurascaill Saint-Florent, cuimsítear leis an limistéar geografach amfaitéatar mór nádúrtha a osclaíonn amach ina mhachaire, ina chnoic agus ina ghleannta. Ó thoir, i dtreo Bastia, agus ó dheas, i dtreo Fhásach Agriates, bíonn dlúthlíonra aibhneacha cósta beaga agus líne dromanna mórthimpeall an limistéir.

    Síneann an limistéar thar sheacht mbardas i roinn Haute-Corse, lena gcumhdaítear réigiún Nebbiu, a chiallaíonn “ceo” sa Chorsaicis.

    Is mór an rilíf, a léiríonn na scoilteanna talún a chroith an réigiún sa ré thánaisteach (Mhéiseasóch). Tá an fostratam geolaíoch comhdhéanta de shiostaí geala ó ghrinneall na farraige, cumhdaithe le sil-leagain dríodair ó thiar, agus sil-leagain chriostalta ó thoir. Leis an staid gheolaíoch seo, cruthaíodh tírdhreach de chnoic chruinne aolchloiche agus aonchlaonas ag rith ó Poggio-d’Oletta go Farinole. Cuirtear an chuid is mó de na fíonghoirt sa limistéar íseal a cruthaíodh leis an aonchlaonas, ar a dtugtar “Conca d’Oro”, a chiallaíonn “conc saibhir”, atá suite na deicheanna méadar os cionn na farraige agus bíonn topagrafaíocht chasta i gceist leis. Cuirtear fíonghoirt freisin ar thaobhanna cnoc nó, ar scála níos lú, ar an machaire farraige dea-dhraenáilte, mar shampla siar ó thuaidh ó bhardas Patrimonio.

    Fíniúnacha den chuid is mó atá sna limistéir saothraithe, agus is talamh dlúth tom é an cumhdach fásra sna limistéir neamhshaothraithe, go minic dofheicthe, le paistí de chrainn olóige fhiáine agus coillearnacha de dhair thoilm sna loig.

    Tagann uathúlacht chríoch “Patrimonio” ó chastacht na n-ithreacha sa limistéar íseal seo, a bhfuil difríochtaí suntasacha eatarthu de réir bardais, airde agus cóngaracht don fharraige. Den chuid is mó, is créanna agus aolchloch iad na hithreacha ó thiar, agus tá cion ard cloiche agus siosta acu i dtreo Poggio-d’Oletta ó thoir.

    Tairbhíonn aeráid na Meánmhara den éifeacht mhaolaithe atá bainteach le cóngaracht don fharraige ar an amfaitéatar nádúrtha seo a thugann aghaidh ar an ngrian ag dul faoi. Is gaotha séasúracha iad an Maestrale, siar ó thuaidh, agus an Libecciu, siar ó dheas, a mbíonn tionchar láidir acu ar an bhfásra. Tá na difríochtaí sa teocht measartha.

    Téann an fíonsaothrú Corsacach siar go dtí na cianaoiseanna. Thug na Gréagaigh an fhíniúin isteach sé chéad bliain roimh Chríost. D’fhorbair na Rómánaigh an trádáil fíona lasmuigh den oileán níos déanaí.

    Le titim Impireacht na Róimhe, d’éirigh onnmhairí fíona níos annaimhe. Ní dhearnadh an fíonsaothrú a athbheochan go dtí an 11ú céad, le muintir Pisa, go príomha chun fíon Comaoinigh a tháirgeadh.

    Sa 15ú céad, faoi riail Genova, bhí tús áite ag an bhfíonsaothrú, agus go háirithe ag “Patrimonio”. Ag deireadh an 18ú céad, luchtaíodh fíonta ó réigiún Nebbiu ar bháid seoil ag Saint-Florent agus tógadh iad timpeall Cap Corse lena ndíluchtú ag Bastia. Blaiseadh ann iad agus, dá n-éireodh leo sa triail, d’údarófaí iad lena n-onnmhairiú faoin ainm “vini navigati”: “fíonta a seoladh”.

    I measc na chéad daoine a roghnaigh cáilíocht a fhorbairt, rinne táirgeoirí “Patrimonio” iarratas ar dtús ar aitheantas mar shonrúchán tionscnaimh cláraithe in 1942. Mar gheall ar na srianta rialála agus staid ar leith an oileáin, níor síníodh an fhoraithne aitheantais go dtí earrach 1968.

    In 2008, chumhdaigh fíonghoirt “Patrimonio” achar dromchla 410 heicteár, ag táirgeadh 14 200 heictilítear a rinneadh in 32 fíonlann aonair.

    8.2.   Idirghníomhaíochtaí cúisíocha

    Tá an réigiún beag ach bríomhar saibhir seo dea-chosanta ó na gaotha le nochtadh iontach ar an ngrian ag dul faoi. Táirgtear roinnt de na fíonta is cáiliúla sa Chorsaic ann, agus ba é an chéad sonrúchán tionscnaimh cláraithe a aithníodh ar an oileán.

    Aeráid na Meánmhara, an topagrafaíocht íseal a cruthaíodh leis an aonchlaonas, agus an ithir aolchloiche, is gnéithe iad sin uile a ligeann do Nielluccio N a bheith ar an gcineál fíonchaoire is tábhachtaí i bhfíonghoirt “Patrimonio”. Tá sé tábhachtach i réimse Bacchus mar is é fuil Jove, “sanguis jovis” é, ar fuil saibhir é a bhfuil dath domhain uirthi mar thoradh ar aolchloch “Patrimonio”.

    Mar shiombail d’oidhreacht fhás fíniúna na Corsaice, is ionann tábhacht Nielluccio N in “Patrimonio” agus tábhacht Sciaccarello N in “Ajaccio”.

    Tá na cnoic scaipthe i gcroílár an limistéir gheografaigh, ag soláthar foscadh ón ngaoth do na fíniúnacha a úsáideann a nduilleoga ar fad chun solas gréine te a fháil, nach mbíonn mórán tionchar ag athruithe gaoth loiscneach an tsamhraidh orthu.

    Tá an limistéar dáileachta críochaithe go soiléir le haghaidh bhuain na bhfíonchaor leis na dáileachtaí is fearr. Tá siad cosanta ag na fánaí, ag tairbhiú de na treoíochtaí agus tionchair mhuirí is fearr, arb iad ithreacha cré agus aolchloiche is mó atá le fáil iontu, nó le paistí níos lú a forbraíodh ar shiosta aolchloiche nó lonrach.

    Sna dálaí sin, is gá plandaí agus a n-acmhainneacht táirgthe a bhainistiú go han-mhaith trí bhíthin treoraíocht fíniúnacha, prúnáil mheasctha agus táirgeacht íseal. Tá na dálaí áitiúla soiléir i saibhreas aramatach na bhfíonta, i struchtúr galánta tainniní na bhfíonta dearga agus i bhflaithiúlacht na bhfíonta rosé.

    Ag tairbhiú den timpeallacht nádúrtha, bíonn láithreacht na bhfíonghort mar thoradh ar shaineolas na saothróirí fíniúna áitiúla thar aon rud eile. Bhí an t-eolas acu na suíomhanna is fearr a roghnú, cineálacha fíniúnacha traidisiúnta a choinneáil agus fíonta a tháirgeadh a bhí in ann a mhaireachtáil le himeacht ama, ag cosaint a bhféiniúlacht a bhfuil aithne mhaith ag tomhaltóirí eolasacha orthu.

    Roinntear na fíonghoirt ina réadmhaoine beaga. Leis na scileanna a fuarthas ann thar na glúnta, is féidir fíonta uaisle a chur in iúl, ar léirithe ionracha iad de na saintréithe ar leith a bhaineann le cineálacha fíonchaoire iontacha na Corsaice.

    Tharla ceiliúradh 30 bliain an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe “Patrimonio” an 11 Samhain 1998. Ó shin i leith, bunaíodh traidisiún de “A San Martino” nó “La Saint-Martin”, féasta naomhphátrún na saothraithe fíniúna agus roinnt fíona. Deis bhliantúil le haghaidh cóisir a bhíonn i gceist nuair a osclaítear bairille bliana na fíona nua, arna óstáil ag cuideachta Bacais.

    9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

    Creat dlíthiúil

    Reachtaíocht náisiúnta

    Cineál an choinníll bhreise

    Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll

    Cuimsítear sa limistéar díreach in aice láimhe, arna shainiú ag an maolú ar na fíonta a dhéanamh agus a aibiú, críoch bhardas Olmeta-di-Tuda i roinn Haute-Corse.

    Nasc chuig an tSonraíocht táirge

    https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-ef16a4b1-5277-4772-9bf6-0d315936c90c


    (1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


    Top