Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0816(02)

    dFoilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 2022/C 309/07

    C/2022/5868

    IO C 309, 16.8.2022, p. 8–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 309/8


    dFoilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

    (2022/C 309/07)

    Tá an mionleasú sin formheasta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

    Is féidir an t-iarratas ar fhormheas an mhionleasaithe sin a fheiceáil sa bhunachar sonraí eAmbrosia de chuid an Choimisiúin.

    DOICIMÉAD AONAIR

    “PLÁTANO DE CANARIAS”

    Uimh. AE: PGI-ES-0867-AM01 – 10.1.2022

    STFC ( ) TGFC (X)

    1.   Ainm

    “Plátano de Canarias”

    2.   Ballstát nó tríú tír

    an Spáinn

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

    3.1.   Cineál táirge

    Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    Clúdaíonn an Tásc Geografach faoi Chosaint “Plátano de Canarias” bananaí de chineál Cavendish an speicis Musa acuminata Colla (AAA), a fhástar sna hOileáin Chanáracha lena n-ithe úr tar éis dóibh a bheith ullmhaithe agus pacáilte.

    Dath glas a bhíonn ar an gcraiceann nuair a bhaintear iad agus athraíonn sin go buí geal faoin am a itear iad, agus is imireacha bána marmair, uachtair nó buí a bhíonn ar an laíon.

    Mar sin féin, tá na flioscaí donna ar an gcraiceann ina ngné aitheanta anois agus tá siad ar cheann de na bealaí a n-aithníonn tomhaltóirí “Plátano de Canarias”.

    Tá na heinsímí ocsaíodáis polaifeanóil agus sárocsaíodáis an-ghníomhach i “Plátano de Canarias”, agus iad ag feidhmiú mar chatalaígh san ocsaídiú as a dtagann donnú an chraicinn. Is furasta an tréith seo a fheiceáil de réir mar a aibíonn na bananaí toisc go mbíonn floscaí donna le feiceáil ar an gcraiceann nó go mbíonn an planda níos soghabhalaí i leith ballbhrú. Is iad na flioscaí donna ar an gcraiceann gné idirdhealaitheach “Plátano de Canarias”, “cáil de bharr na bhflioscaí”.

    Tá cuma dhronuilleogach ar “Plátano de Canarias” agus í cuartha go maith, agus is cúinge í gar don ghas.

    Tá an grádú, atá éigeantach, bunaithe ar fhad agus ar thiús na dtorthaí agus is iad 14 cm agus 27 mm faoi seach na híosluachanna.

    Is iad seo a leanas na hairíonna ceimiceacha is tábhachtaí atá ag “Plátano de Canarias”:

    Stáirse faoi bhun 8.

    Siúcraí iomlána níos airde ná 10.

    Sloinntear an cion stáirse agus an cion iomlán siúcra araon i ngraim in aghaidh 100 gram de laíon aibí.

    Is gnéithe idirdhealaitheacha den táirge iad an cion íseal stáirse agus an cion ard siúcra iomlán.

    Tugtar achoimre thíos ar phríomhthréithe idirdhealaitheacha “Plátano de Canarias”:

    Blas milis dian mar gheall ar an gcion ard siúcra agus an cion íseal stáirse

    Dea-bholadh dian banana (impacto Plátano) a eascraíonn as cion ard-aicéatáite iseamile agus bútanóáite heicsile:

    Is aicéatáit 3-meitilbúitile nó aicéatáit iseamile í a thugann don táirge a dhea-bholadh dian banana (impacto a Plátano). De réir na staidéar atá ar fáil, is léir go bhfuil tiúchan an chomhdhúile sin níos airde in “Plátano de Canarias” ná mar atá i mbananaí a fhástar in áiteanna eile. Ar an gcaoi chéanna, tá comhdhúile eile in “Plátano de Canarias” atá nasctha leis an ngnáth-dhea-bholadh bananaí, amhail bútanóáit heicsile. Mar sin féin, ní féidir an chomhdhúil seo a bhrath i mbananaí ó áiteanna eile.

    Flioscaí dorcha tipiciúla ar an gcraiceann banana mar gheall ar leibhéil arda gníomhaíochta na n-einsímí ocsaíodáis polaifeanóil agus sárocsaíodáis, a ghníomhaíonn mar chatalaígh in imoibrithe ocsaídiúcháin agus arb iad is cúis le donnú.

    3.3.   Beatha (do tháirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (do tháirgí próiseáilte amháin)

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

    Ní mór “Plátano de Canarias” a fhás laistigh den limistéar geografach atá sainithe le haghaidh an Táisc Gheografaigh faoi Chosaint.

    Mar sin féin, féadfar bananaí a chumhdaítear le TGFC “Plátano de Canarias” a aibiú agus a phacáistiú lasmuigh den limistéar geografach sainithe.

    3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Ní mór ainm agus lógó TGFC “Plátano de Canarias” a phriontáil go soiléir ar an bpacáistíocht, mar aon le lógó an Aontais Eorpaigh, agus aon fhaisnéis eile a éilítear go ginearálta faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm.

    Seo a leanas lógó TGFC “Plátano de Canarias”:

    Image 1

    Pantone 295 (gorm), ar chúlra an ubhchrutha.

    Pantone 347 (glas) ar na duilleoga banana agus imlíne an bhanana.

    Pantone 109 (buí) ar an mbanana.

    4.   Sainiú gonta ar an limistéar geografach

    Is é oileánra na nOileán Canárach limistéar geografach táirgthe na mbananaí a chumhdaítear le TGFC “Plátano de Canarias” agus cuimsíonn sé an talamh talmhaíochta go léir atá suite faoi bhun 500 méadar os cionn leibhéal na farraige.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    a)   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh:

    Tá oileánra na nOileán Canárach suite amach ó chósta thiar thuaidh na hAfraice, idir 27o 37’ agus 29o 25’ ó thuaidh. De bharr an tsuímh seo, in éineacht leis na trádghaotha agus leis an sruth fionnuar Canárach, tá aeráid ann a aicmítear mar aeráid fhothrópaiceach thais agus bíonn an teocht séimh agus an bháisteach íseal.

    Is meánteochtaí cothroma aonfhoirmeacha a bhíonn ann i rith na bliana go léir. Ar an gcósta, tá an meán thart ar 20 °C, ach ag airdí níos airde tagann laghdú suntasach ar an teocht agus is mó é an luaineacht laethúil.

    Tá na teochtaí séimhe agus na gaotha fliucha a shéideann thar na hoileáin ina gcúis le forbairt mhall an phlanda agus leis an am aibithe níos faide, agus bíonn tionchar suntasach acu ar shaintréithe idirdhealaitheacha “Plátano de Canarias”.

    b)   Sainiúlacht an táirge:

    Is éard atá i mbananaí TGFC “Plátano de Canarias” bananaí TGFC a bhfuil cuma dhronuilleogach orthu, iad cuartha go maith, 14 cm ar a laghad ar fhad, tiús íosta 27 mm orthu, blas milis dian orthu agus flioscaí donna ar an gcraiceann.

    Is iad na flioscaí sin an ghné aitheantais agus an phríomhthréith lena n-aithníonn tomhaltóirí “Plátano de Canarias”.

    Go teicniúil, is í gníomhaíocht einsímí sonracha áirithe is cúis leis na flioscaí ar an gcraiceann, go háirithe ocsaíodáis polaifeanóil agus sárocsaíodáis.

    Sa staidéar tacaíochta a ghabhann leis an bhfeidhmchlár TGFC “Plátano de Canarias”, déantar na sonraí maidir leis na paraiméadair sin le haghaidh “Plátano de Canarias” a chur i gcomparáid leis na sonraí maidir le bananaí a fhástar in áiteanna eile, agus is léir go bhfuil i bhfad níos mó flioscaí ar bhananaí “Plátano de Canarias” ná mar atá ar bhananaí eile sa mhéid is gur gné idirdhealaitheach anois iad.

    Scrúdaítear sa staidéar céanna sainiúlacht an táirge ó thaobh cothaithe de, agus tá difríochtaí suntasacha léirithe ag anailís chuimsitheach idir cothaithigh in “Plátano de Canarias” agus i mbananaí a fhástar in áiteanna eile ar fud an domhain: Is lú an cion stáirse agus is mó an cion siúcraí intuaslagtha in “Plátano de Canarias”, rud a chuireann lena mhilseacht. Tá níos mó potaisiam agus fosfair agus níos lú sóidiam agus cailciam ann freisin ná mar atá i mbananaí a fhástar in áiteanna eile. Deimhnítear leis na difríochtaí tábhachtacha sin gur táirge difriúil é “Plátano de Canarias” i gcomparáid le bananaí a fhástar in áiteanna eile ar domhan. (Forster et al. 2002).

    c)   Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht, clú agus cáil an ainm “Plátano de Canarias”:

    Is iad cáilíocht, clú agus cáil an ainm na forais le hiarratas a dhéanamh ar “Plátano de Canarias” a chlárú mar Thásc Geografach Faoi Chosaint. Mar sin féin, is trí mheascán de thosca stairiúla, nádúrtha agus daonna a tharla gurb ann don “Plátano de Canarias” tipiciúil.

    Tá oileánra na nOileán Canárach suite amach ó chósta thiar thuaidh na hAfraice, idir 27o 37’ agus 29o 25’ ó thuaidh. Tá tionchar cinntitheach ag an suíomh seo ar shaintréithe na haeráide, a aicmítear mar aeráid fhothrópaic thais agus bíonn an teocht séimh agus an bháisteach íseal.

    Mar gheall ar shuíomh na nOileán Canárach san Aigéan Atlantach, i lár an bhanda fothrópaicigh agus thiar ó mhór-roinn na hAfraice, is sonrach saintréithe a n-aeráide. Tagann aeráid an limistéir ina bhfuil an t-oileánra lonnaithe as idirghníomhú dhá thacar tosca a oibríonn go neamhspleách ar a chéile. Ar thaobh amháin, tá dinimic atmaisféarach fothrópaiceach, agus ar an taobh eile, tá rilíf ghéar ag formhór na n-oileán, tá siad faoi thionchar srutha farraige fhionnuair agus suite in aice le mórchríoch talún.

    Tá na hOileáin Chanáracha ar an teorainn gheografach agus ar an teorainn clíomeolaíochta le haghaidh fás bananaí, toisc go dteastaíonn teocht te 25-27 °C ón bplanda agus go ndéantar difear don phlanda ag 16 °C agus ag 14 °C stopann sé ag fás.

    Is le carnadh na laethanta a bhíonn an teocht os cionn 14 °C a shainítear an timthriall crann bananaí, agus is é sin an fáth go mbíonn tionchar ag teochtaí séimhe na nOileán Canárach agus na gaotha fliucha a shéideann thar an oileánra ar fhorbairt mhall an phlanda i gcomparáid le barra bananaí sna trópaicí.

    An tréimhse fáis agus an tréimhse aibithe níos faide (suas le 3 mhí breise ar an bplanda), is é sin is cúis leis na saintréithe idirdhealaitheacha a bhaineann le “Plátano de Canarias”, stáirse íseal agus cion ard siúcra, arb é siúcrós an chuid is mó de.

    Is leis na dálaí seo a chinntear an ghníomhaíocht einsíme, mar a bhíonn leibhéil arda gníomhaíochta catalaíoch a dhéanann na torthaí a dhonnú. Bíonn flioscaí donna ar an gcraiceann arb é atá iontu gné idirdhealaitheach “Plátano de Canarias”, “cáil de bharr na bhfloscaí”.

    Tá tionchar mór ag tosca comhshaoil ar shaintréithe na dtorthaí, mar shampla solas, teocht, uisce, ithir, taise choibhneasta, gaoth, etc. agus déanann na hathróga seo go léir difear d’fhorbairt fhiseolaíoch an phlanda, rud a fhágann go mbíonn na saintréithe sonracha a thuairiscítear thuas ann.

    De bharr shuíomh geografach na nOileán Canárach i ndáil leis an margadh mórthíre bíonn an tréimhse iompair an-ghearr, i gcomparáid le bananaí ó chodanna eile den domhan, rud a fhágann gur féidir na torthaí a ghearradh nó a bhuaint ag céim aibíochta níos airde agus dá bhrí sin bíonn saintréithe orgánaileipteacha níos fearr acu agus is táirge ar chaighdeán níos fearr a shroicheann an tomhaltóir.

    Rinneadh clú agus cáil “Plátano de Canarias” a dheimhniú le go leor tagairtí stairiúla sa phreas, sa litríocht, etc. agus tá roinnt samplaí ón bpreas leagtha amach thíos:

    Nuachtán La Vanguardia, Dé Céadaoin 25 Bealtaine 1921, leathanach 11

    “...iarrtar ar an Rialtas tionchar a imirt ar údaráis na Gearmáine, ionas go n-údaróidh siad allmhairiú Plátano de Canarias isteach sa Ghearmáin, allmhairiú ar cuireadh toirmeasc air na míonna ó shin...”.

    Nuachtán La Vanguardia, Dé Máirt an 24 Meitheamh 1930, leathanach 32

    “Gheall an tUasal Matos, a thuigeann cé chomh tábhachtach is atá táirgeadh bananaí do na hOileáin Chanáracha, a áirithiú go ndéanfadh a Aireacht a dícheall tacú leis an iarracht sin”.

    Nuachtán La Vanguardia, Dé Máirt an 21 Samhain 1970, leathanach 8

    “Tá feachtais chur chun cinn Plátano de Canarias ag tosú arís”.

    Sampla eile de chlú agus cáil “Plátano de Canarias” is ea na conclúidí a baineadh as Estudio del Mercado del Plátano en España y Portugal [staidéar ar an margadh bananaí sa Spáinn agus sa Phortaingéil] a rinne an Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia in 2002, inar thángthas ar an tátal gur féidir a rá go catagóireach go dtaitníonn bananaí le tromlach glan tomhaltóirí, gan beann ar ghnéas, aois, aicme shóisialta agus áit chónaithe, agus go gceanglaíonn siad go pras spontáineach iad leis na hOileáin Chanáracha.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

    https://www.gobiernodecanarias.org/cmsgobcan/export/sites/agp/icca/galerias/doc/calidad/PLIEGO-DE-CONDICIONES-MODIFICADO-1.pdf


    (1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.


    Top