Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0622(02)

    Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas a dhéanamh ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 240/08

    PUB/2022/350

    IO C 240, 22.6.2022, p. 22–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 240/22


    Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas a dhéanamh ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

    (2022/C 240/08)

    Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

    TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG ATHRÚ AN DOICIMÉID AONAIR

    “Etna”

    PDO-IT-A0780-AM02

    Dáta teachtaireachta: 25.3.2022

    TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

    1.   Faisnéis faoi chineálacha fíonta súilíneacha agus catagóirí faoi seach

    Tuairisc: sonraítear na cineálacha táirgí d’fhíonta súilíneacha atá ann cheana féin, agus idirdhealú á dhéanamh idir súilíneach geal agus súilíneach rosé, gach ceann díobh laistigh den dá chatagóir “fíon súilíneach” agus “fíon súilíneach ar ardchaighdeán”.

    Cúis: Déantar fíonta súilíneacha “Etna” geala agus rosé as fíonchaora dearga Nerello Mascalese agus úsáid á baint as an modh traidisiúnta amháin. I bhfianaise ard-cháilíocht na dtáirgí seo agus an méadú ar éileamh an mhargaidh, cinneadh an dá leagan de tháirgí fíona shúilínigh leis an STFC “Etna” a shainaithint ar bhealach níos soiléire agus níos mó faisnéise a chur ar fáil fúthu.

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 1 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 4 (Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta) den doiciméad aonair.

    2.   Teaglaim de chineálacha fíonchaoire tánaistí

    Tuairisc: maidir leis na cineálacha “Etna” Bianco agus “Etna” Bianco Superiore, scriosadh na cineálacha Minnella bianca agus Trebbiano ón liosta de chineálacha tánaisteacha, ach tá an tagairt d’úsáid na gcineálacha atá oiriúnach don réigiún Sicileach á coinneáil.

    Cúis: scriosadh ainmneacha an dá chineál seo ar mhaithe le soiléireacht, toisc go bhfuil siad sa chlár náisiúnta cheana féin agus aicmítear iad i measc na gcineálacha a bhfuil sé oiriúnach iad a fhás i réigiún na Sicile.

    Baineann an leasú le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    3.   Athrú ar theaglaim cineálacha fíonchaoire – fíon súilíneach “Etna”

    Tuairisc: maidir le fíon súilíneach “Etna” (rosé nó a ndéantar fíon geal de), méadaíodh an íosmhéid d’fhíonchaora Nerello Mascalese ó 60 % go dtí 80 %.

    Cúis: is é cuspóir an leasaithe seo ná go n-aithneofar an táirgeadh le húrnuacht chineálach fhíonchaora Nerello Mascalese.

    Baineann an leasú le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    4.   Athruithe riaracháin ar an réimse táirgthe fíonchaoire

    Tuairisc: cuireadh bardasacht Ragalna in ionad bhardasacht Paternò.

    Cúis: i ndiaidh athruithe ar na riaracháin phoiblí, táthar tar éis bardasacht Ragalna a bhunú mar bhardasacht uathrialach in ionad bhardasacht Paternò. Bhíodh an limistéar a fhreagraíonn don sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Etna” ina chuid de bhardasacht Paternò ach anois tá sé ina chuid de bhardasacht nuabhunaithe Ragalna.

    Níl sé i gceist leis an leasú cléireachais seo ar an bhfaisnéis riaracháin go mbeidh aon athrú ar theorainneacha an limistéir ina bhfuil na fíonchaora don sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Etna” á dtáirgeadh.

    Baineann an leasú cléireachais seo le nuashonrú ar Airteagal 3 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 6 (limistéar geografach críochaithe) den doiciméad aonair.

    5.   Líon íosta plandaí in aghaidh an heicteáir a chur isteach

    Tuairisc: maidir le plandú nua agus athphlandú, ní mór go bhfágfadh an spásáil gur féidir 4 600 fíniúin in aghaidh an heicteáir ar a laghad a chur.

    Cúis: meastar go bhfuil sé fíor-riachtanach seiceáil uimhriúil a dhéanamh ar leagan amach táirgiúil na bplanduithe nua i gcomhréir le riail a thugann le chéile an traidisiún fíonsaothrúcháin áitiúil agus cáilíocht na bhfíonghort.

    Baineann an leasú le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    6.   Cineálacha rosé agus rosé shúilínigh agus fíona ghil – íosneart alcóil nádúrtha de réir thoirt na bhfíonchaor

    Tuairisc: maidir le cineálacha rosé agus fíonta súilíneacha, tá laghdú de leath-phointe céatadáin ar an íosneart alcóil a éilítear i dtaca le fíonchaora tráth na buainte: maidir le rosé, ó 12 go 11,5, agus maidir le fíonta súilíneacha, ó 10 go 9,5.

    Cúis: is gá don dá chineál fíona seo a bheith in ann oibriú le cion ard aigéid, agus dá bhrí sin ba cheart na fíonchaora is luaithe a bhuaint bunaithe ar aibíocht theicneolaíoch fhoirfe chun fíonta éadroma den chéad rogha a bhaint amach.

    Baineann an leasú le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    7.   Buidéalú sa limistéar geografach críochaithe – nuashonrú ar an tagairt don reachtaíocht

    Tuairisc: Déantar tagairt d’Airteagal 35(3) de Dhlí Uimh. 238/2016 a bhaineann le ceadanna aonair do bhuidéil fíona a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Etna” orthu lasmuigh den limistéar táirgthe críochaithe.

    Cúis: is nuashonrú cléireachais é seo ar an tagairt don reachtaíocht atá i bhfeidhm.

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 5 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 9 (Coinníollacha breise – Buidéalú sa limistéar geografach críochaithe) den doiciméad aonair.

    8.   “Etna” Rosato, athruithe ar dhath na bparaiméadar, íosneart alcóil iomlán de réir toirte, eastóscán íosta saor ó shiúcra

    Tuairisc: Athraíodh an scáil bhándearg chun ruainnín oráiste a chur léi agus tá an tagairt do dhath dearg ar dhath an rúibín scriosta amach; laghdaíodh an t-íosneart alcóil iomlán de réir toirte ó 12,50 % go 12 %; laghdaíodh luach an eastóscáin thirim ó 20 go 18 g/l.

    Cúis: is féidir athrú ar scáil an datha a fheiceáil le haosú agus níl aon chúis dath dearg ar dhath an rúibín a chur isteach anois óir is féidir na fíonta rosé a tháirgeadh le fordhathanna níos éadroime trí úsáid a bhaint as na teicnící nua a úsáidtear chun fíon a dhéanamh. Ar chúinsí tráchtála-theicniúla ag céim an tomhaltais agus ag teacht leis an méid a sainíodh cheana féin maidir le neart alcóil na bhfíonchaor tráth na buainte, laghdaíodh an t-íosneart alcóil nádúrtha de réir toirte go 12 % agus luach an eastóscáin thirim go 18 g/l.

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 4 (Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta) den doiciméad aonair.

    9.   “Etna” Bianco Superiore – faisnéis ar íosmhéid aigéadachta iomláine

    Tuairisc: maidir leis an gcineál fíona “Etna” Bianco Superiore, ní chuirtear ach an t-íosluach 5,5 g/l ar fáil don pharaiméadar fisiciceimiceach d’aigéadacht iomlán.

    Cúis: scriosadh an réimse luachanna ó 5,5 go 7 g/l, a bhí ina earráid i leaganacha roimhe seo. Agus an leasú cléireachais seo á dhéanamh, is é an t-íosluach de 5,5 g/l an t-aon cheann dá dtagraítear.

    Is leasú cléireachais é seo a bhaineann le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 4 (Tuairisc ar na fíonta) den doiciméad aonair.

    10.   Saintréithe a bhaineann le tomhaltas cineálacha fíonta súilíneacha geala agus rosé á gcur san áireamh

    Tuairisc: Leagadh amach ar leithligh na saintréithe a bhaineann le tomhaltas cineálacha fíonta súilíneacha geala agus rosé. Roimhe sin bhídís grúpáilte le chéile sa chatagóir chéanna, “fíon súilíneach”.

    Cúis: Tá fíonta súilíneacha ina gcuid thábhachtach d’aitheantas an tsonrúcháin “Etna”, maidir leis an dá chineál: geal agus rosé; dá bhrí sin sainaithníodh na saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha den dá leagan den táirge fíona shúilínigh (geal agus rosé) ar bhealach ní ba chruinne.

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 4 (Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta) den doiciméad aonair.

    11.   Lipéadú agus cur i láthair – úsáid an aonaid gheografaigh níos leithne “Sicilia”

    Tuairisc: is féidir tagairt don aonad geografach níos leithne “Sicilia” a áireamh ar an lipéad agus nuair a chuirtear fíonta leis an STFC “Etna” i láthair.

    Cúis: cuireann úsáid an ainm gheografaigh níos leithne “Sicilia” níos mo faisnéise ar fáil do thomhaltóirí i dtaca le suíomh gheografach an STFC “Etna” sa chóras réigiúnach fíonsaothrúcháin, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm faoi láthair.

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 7 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 9 (Coinníollacha breise – Forálacha breise a bhaineann le lipéadú) den doiciméad aonair.

    12.   Pacáistíocht agus córais dúnta – foclaíocht a athrú agus soiléiriú

    Tuairisc: laghdaíodh uastoilleadh ainmniúil na gcoimeádán gloine ó 5 go 3 lítear, ach amháin i gcás Bordeaux, Burgúine agus bhuidéil na Réine, ina bhfuil toilleadh suas go 18 lítear ceadaithe.

    Cúis: nuair a bhaintear an teorainn 5 lítear, cuirtear deireadh leis an bhféidearthacht “carbáigh” a úsáid agus nuair a thugtar le fios go bhfuil teorainn suas go 18 lítear ann, spreagtar úsáid formáidí móra.

    Tuairisc: maidir le fíonta súilíneacha ceadaítear gach ceann de na córais dúnta dá bhforáiltear sa reachtaíocht, ach amháin ábhair phlaisteacha.

    Cúis: leagtar amach go sainráite sa leasú seo rún na dtáirgeoirí nár cheart go gceadófaí ábhair phlaisteacha le haghaidh fíonta súilíneacha.

    Tuairisc: baineadh an ceanglas maidir le húsáid corc caighdeánach i gcás gach cineáil, ach amháin “Etna” Rosso Riserva agus “Etna” Bianco Superiore.

    Cúis: maidir leis na fíonta lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh cláraithe (DOC) “Etna”, soiléirítear sa leasú seo, go gceadaítear na dúntáin uile dá bhforáiltear sa dlí, ach amháin i gcás “Etna” Rosso Riserva agus “Etna” Bianco Superiore. Cruthaíonn sé sin féidearthacht i dtaobh dúntáin nua-aimseartha a fhaightear go comónta i dtíortha eile ina dtáirgtear fíon a chuimsítear faoin sonrúchán seo.

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 9 (Coinníollacha breise) den doiciméad aonair.

    DOICIMÉAD AONAIR

    1.   Ainm an táirge

    Etna

    2.   Cineál an táisc gheografaigh:

    STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

    3.   Catagóirí táirgí fíniúna

    1.

    Fíon

    4.

    Fíon súilíneach

    5.

    Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

    4.   TUAIRISC AR AN bhfíon NÓ AR NA FÍONTA

    1.   “Etna” bianco

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Dath: buí ar dhath na tuí, le hiarracht bheag d’ór uaireanta;

    Boladh: fíneáilte, suaithinseach;

    Blas: tirim, úr, comhchuí;

    Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 11,50 %;

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    5,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    2.   “Etna” bianco superiore

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Dath: Buí fíoréadrom ar dhath na tuí, le himireacha glasa éadroma;

    Boladh: fíneáilte, suaithinseach;

    Blas: tirim, úr, comhchuí, bog;

    Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 12,00 %;

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    5,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    3.   “Etna” rosso

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Dath: dath dearg ar dhath an rúibín le hiarracht den ghairnéad faoi mar a aosaíonn siad;

    Boladh: dian, suaithinseach;

    Blas: tirim, te, láidir, iomlán, comhchuí;

    Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 12,50 %;

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 20,0 g/l.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    5,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    4.   “Etna” rosso riserva

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Dath: dath dearg ar dhath an rúibín le hiarracht den ghairnéad faoi mar a aosaíonn siad;

    Boladh: dian, suaithinseach;

    Blas: tirim, te, láidir, iomlán, comhchuí;

    Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 13,00 %;

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 20,0 g/l.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    5.   “Etna” rosato

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Dath: bándearg ina mbíonn éagsúlacht déine agus le hiarracht d’oráiste

    Boladh: dian, suaithinseach;

    Blas: tirim, comhchuí;

    Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 12,00 %;

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    5,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    6.   “Etna” spumante bianco

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Cúr: mín agus buan;

    Dath: buí ar dhath na tuí le déine éagsúil;

    Boladh: dian agus suaithinseach, uaireanta le nótaí citris in éineacht le ruainnín giosta éadroim;

    Blas: iomlán, comhchuí, buan; ó “brut” go ríthirim;

    Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 11,00 %;

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    5,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    7.   “Etna” spumante rosato nó rosè

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Cúr: mín agus buan;

    Dath: bándearg ina mbíonn éagsúlacht déine agus le hiarracht d’oráiste;

    Boladh: dian agus suaithinseach, uaireanta le nótaí bláthacha spíosracha in éineacht le ruainnín giosta éadroim;

    Blas: iomlán, comhchuí, buan; ó “brut” go ríthirim;

    Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 11,00 %;

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    5,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    5.   Cleachtais fíonóireachta

    5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

    1.   Cineálacha súilíneacha – coipeadh tánaisteach sa bhuidéal

    Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

    Ní mór cineálacha súilíneacha a tháirgeadh go heisiach trí choipeadh tánaisteach nádúrtha sa bhuidéal agus trína luí ar na moirt ar feadh 18 mí ar a laghad.

    2.   Cineálacha súilíneacha – fíonóireacht

    Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

    Ní mór cineálacha súilíneacha a dhéanamh:

    i gcás an chineáil rosé, trí “rosé” a dhéanamh ó fhíonchaora dearga nó trí fhíon a dhéanamh ó theaglaim d’fhíonchaora dearga agus bána a brúdh ar leithligh;

    i gcás an chineáil ghil, trí fhíon geal a dhéanamh ó fhíonchaora dearga.

    3.   Cineál Rosso Riserva

    Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

    Féadfar an téarma “Riserva” a chur ar fhíonta dearga sa chás go dtugtar chun cineáil iad ar feadh 4 bliana ar a laghad laistigh de limistéar an táirgthe, lena n-áirítear 12 mhí i soithí adhmaid, agus sa chás sin amháin. Tosóidh an tréimhse chun fíon a thabhairt chun cineáil ar an 1 Samhain den bhliain ina mbuaintear na fíonchaora.

    5.2.   Uastáirgeacht

    1.

    “Etna” bianco, bianco superiore, bianco spumante, rosso, rosato, rosato spumante.

    9 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

    2.

    “Etna” rosso riserva

    8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

    6.   Limistéar geografach críochaithe

    Is i gcúige Catania atá an limistéar táirgeachta d’fhíonchaora atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Etna” orthu, lena n-áirítear talamh i gcuid de na bardasachtaí seo a leanas: Biancavilla, S. Maria di Licodia, Ragalna, Belpasso, Nicolosi, Pedara, Trecastagni, Viagrande, Aci S. Antonio, Acireale, S. Venerina, Giarre, Mascali, Zafferana, Milo, S. Alfio, Piedimonte, Linguaglossa, Castiglione, Randazzo.

    7.   Cineálacha fíonchaoire

    Carricante B.

    Catarratto bianco comune B. – Catarratto

    Catarratto bianco lucido B. – Catarratto

    Nerello cappuccio N.

    Nerello cappuccio N. – Nerello mantellato

    Nerello mascalese N.

    8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

    Etna

    Tá an sonrúchán tionscnaimh cláraithe (DOC) “Etna” i gcúige Catania: 20 bardasacht ar na fánaí is ísle d’Etna, ina n-áirithítear táirgeadh ar ardchaighdeán de thoradh na hithreach agus na haeráide athraithí. Ba é “Etna” an chéad sonrúchán tionscnaimh cláraithe a aithníodh sa tSicil. Bíonn an ithir bolcánach agus an aeráid measartha. Fástar na cineálacha fíonchaoire Nerello Mascalese agus Carricante ag airdí móra i limistéar an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe “Etna”. In áiteanna ina bhfuil na fánaí géar, fástar na fíonghoirt ar léibhinn a mbíonn ballaí cloiche tirime timpeall orthu. Bíonn bolaithe deasa, comhchuí agus galánta ar na fíonta go léir. Mar thoradh ar chomhdhéanamh na hithreach bolcánaí agus an cion mianrach, bíonn seilfré fhada ag na fíonta. Is é seo an limistéir den tSicil is deireanaí ina n-éiríonn na fíonchaora aibí, agus maireann an séasúr buainte ó mhí Mheán Fómhair go deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

    9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

    Oibríochtaí fíonóireachta sa limistéar geografach sainithe

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht an Aontais

    An cineál coinníll breise:

    Maolú ar an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Chomh maith le laistigh den limistéar táirgthe críochaithe, is féidir na hoibríochtaí a bhaineann le fíon a dhéanamh, le coipeadh tánaisteach chun fíon súilíneach a dhéanamh, agus le teacht chun cineáil agus aibíocht shainordaitheach sa bhuidéal, a dhéanamh áit ar bith sna bardasachtaí; ní hamháin sa chuid den limistéar críochaithe atá san áireamh go sonrach, ach ar chríoch na mbardasachtaí atá ar theorainn an limistéir chríochaithe freisin.

    Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht an Aontais

    An cineál coinníll breise:

    Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    I gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 2019/33 ón gCoimisiún, ní mór oibríochtaí buidéalaithe le haghaidh fíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Etna” orthu a dhéanamh laistigh den limistéar fíonóireachta d’fhonn cáilíocht agus cáil a chosaint, agus d’fhonn an tionscnamh agus rialuithe éifeachtacha a áirithiú. Mar sin féin, chun cearta réamhbhunaithe oibreoirí a dhéanann buidéalú lasmuigh den limistéar táirgthe críochaithe go traidisiúnta a chosaint, féadfar ceadúnais aonair a dheonú faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 35(3) de Dhlí Uimh. 238/2016.

    Lipéadú agus cur i láthair

    Creat dlíthiúil:

    Sa reachtaíocht náisiúnta

    An cineál coinníll breise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Féadfaidh fíonta a chumhdaítear leis an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Etna” téarmaí geografacha breise a bheith orthu a thagraíonn d’aonaid riaracháin nó do cheantair ina bhfástar na fíonchaora, bunaithe ar an liosta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tsonraíocht táirge.

    Faisnéis ar bhliain an fhíona

    Creat dlíthiúil:

    Sa reachtaíocht náisiúnta

    An cineál coinníll breise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Ní mór go luafar bliain an fhíona ar gach fíon a chumhdaítear leis an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Etna”, seachas fíonta súilíneacha nach mbaineann le bliain fíona aonair.

    Lipéadú agus cur i láthair

    Creat dlíthiúil:

    Sa reachtaíocht náisiúnta

    An cineál coinníll breise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Féadfar an t-aonad geografach níos leithne “Sicilia” a úsáid ar an lipéadú agus nuair atá fíonta “Etna” á gcur i láthair i gcomhréir le hAirteagal 30 de Dhlí 238/2016 agus Airteagal 7(4) den tsonraíocht táirge maidir leis an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Sicilia”.

    Pacáistiú agus córais dúnta

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht an Aontais

    An cineál coinníll breise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Ní scaoilfear fíonta an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe “Etna” chun tomhaltais ach amháin i gcoimeádáin ghloine ina bhfuil toilleadh ainmniúil de suas go 3 lítear. Ní áirítear leis an srian sin buidéil ghloine thraidisiúnta Bordeaux agus Burgúine ná buidéil na Réine, ar féidir leo toirt uasta 18 lítear a bheith acu.

    Ceadaítear na córais dúnta uile dá bhforáiltear sa reachtaíocht atá i bhfeidhm maidir le fíonta súilíneacha, ach amháin ábhair phlaisteacha.

    Ceadaítear na dúntáin uile dá bhforáiltear faoin reachtaíocht is infheidhme, ach amháin cineálacha Rosso Riserva agus Bianco Superiore ina bhfuil úsáid corc caighdeánach sainordaitheach.

    Nasc chuig an tsonraíocht táirge

    https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/17936


    (1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


    Top