Vælg de eksperimentelle funktioner, som du ønsker at prøve

Dette dokument er et uddrag fra EUR-Lex

Dokument 52022XC0408(03)

    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair 2022/C 154/08

    C/2022/2346

    IO C 154, 8.4.2022, s. 19–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 154/19


    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair

    (2022/C 154/08)

    Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

    DOICIMÉAD AONAIR

    “Hrušovský lepník”

    AE Uimh.: PGI-SK-02474 – 8.6.2018

    STFC ( ) TGFC (x)

    1.   Ainm(neacha) [STFC nó TGFC]

    “Hrušovský lepník”

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    An tSlóvaic

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

    3.1.   Cineál táirge

    Aicme 2.3. Arán, císte milis, cácaí, milseoga, brioscaí agus earraí eile báicéireachta

    3.2.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm in (1) ag tagairt dó

    Is pióg í Hrušovský lepník atá cruinn nó fillte ina dhá leath, 25-35 cm ar trastomhas. Tá sí déanta as taos géar aráin agus prátaí agus líonadh inti nó barrán uirthi, í bácáilte in oigheann cloiche.

    Cineálacha Hrušovský lepník:

    Hrušovský lepník saillte smeartha le him leáite, ola phlandúil nó saill ainmhíoch ina bhfuil líonadh gairleoige.

    Hrušovský lepník milis smeartha le him leáite, ola phlandúil nó saill ainmhíoch ina bhfuil líonadh suibhe (plumaí nó silíní).

    Hrušovský lepník ina bhfuil líonadh sauerkraut agus im leáite, ola phlandúil nó saill ainmhíoch smeartha ar a bharr.

    Hrušovský lepník ar a bhfuil barrán, agus im leáite, ola plandúil nó saill ainmhíoch smeartha ar a bharr agus barrán grutha agus prátaí breac le cainéal meilte agus siúcra, siúcra fanaile, siúcra fanailine nó siúcra cainéil air.

    Saintréithe:

    Dealramh: Pióg chruinn 25-35 cm ar trastomhas, nó fillte ina dhá leath

    Dath:

    bácáilte go hórga

    Dea-bholadh:

    dea-bholadh éadrom taois ghéir, adhmaid agus luatha, é blúire beag toiteach

    Blas:

    meascán tréan ach éadrom san am céanna de na comhábhair aonair, toisc iad a bheith bácáilte san oigheann, agus blas saintréitheach an líonta nó an bharráin

    Raimhre:

    taos dlúth bog mín atá ann, agus uigeacht fhíneálta ann, é tais, gan a bheith tur

    Meáchan an taois neamhchócaráilte: 350 – 450 g

    Tiús an taois tar éis bácála: 0,5 cm ar a laghad

    Úsáidtear na comhábhair seo a leanas chun an taos géar aráin agus prátaí a dhéanamh:

    Plúr cruithneachta, seagail nó speilte, prátaí bruite, salann, oibreán ardaithe. Úsáidtear tuairim is 100 g prátaí bruite brúite in aghaidh 1 kg plúr.

    Oibreán ardaithe: giosta aráin, uisce patuar, bainne, siúcra gránaithe.

    Úsáidtear na comhábhair seo a leanas chun an líonadh agus an barrán a dhéanamh:

    im, ola phlandúil nó saill ainmhíoch (muiceola, lachan, gé), gairleog, subh (plumaí, silíní), sauerkraut, oinniún, piobar dubh meilte, salann, geirdheascadh muiceola nó saill droma mhuiceola rósta dheataithe, prátaí bruite brúite, gruth, uibheacha, cainéal meilte, siúcra gránaithe, siúcra fanaile nó siúcra fanailine nó siúcra cainéil.

    Cineálacha líonta agus barráin:

    Líonadh/an barrán gairleoige: gairleog brúite, salann, uisce

    Líonadh/an barrán suibhe: subh (plumaí, silíní)

    Líonadh/an barrán grutha agus prátaí: gruth, prátaí bruite brúite, uibheacha, siúcra gránaithe, agus cainéal meilte le siúcra gránaithe, siúcra cainéil, siúcra fanaile nó siúcra fanailine, le croitheadh air. Is é an cóimheas idir gruth agus prátaí 1:2. Is é meáchan amh an líonta/an bharráin 30 %-45 % de mheáchan an taois, rud a fhágann go gcuireann meáchan an líonta/an bharráin le meáchan an táirge.

    Barrán/líonadh cabáiste: ola phlandúil nó saill ainmhíoch, oinniún, siúcra gránaithe, sauerkraut, salann, piobar dubh meilte, geirdheascadh muiceola nó saill droma muiceola, í deataithe rósta. Is é meáchan amh an líonta/bharráin 15 %-25 % de mheáchan an taois, rud a fhágann go gcuireann meáchan an líonta/bharráin le meáchan an táirge.

    Úsáidtear an méid seo a leanas chun gach lepník a smearadh díreach tar éisbácála: im leáite nó ola phlandúil, nó saill ainmhíoch.

    3.3.   Beatha (maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

    Níl aon srianta ar bhunús na n-amhábhar.

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainaitheanta

    Tarlaíonn an próiseas táirgthe sna céimeanna seo a leanas:

    ullmhú an taois de láimh,

    ullmhú an líonta/an bharráin de láimh,

    bácáil in oigheann cloiche déanta as cloch chairéalaithe,

    smearadh le him leáite nó le hola phlandúil, nó le saill ainmhíoch,

    smearadh an bharráin ar bharr na pióige ina dhiaidh sin.

    3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    4.   Sainmhíniú gonta ar an limistéar geografach

    Is é an limistéar geografach Bardasacht Hrušov. Tá sráidbhaile Hrušov i réigiún Banská Bystrica ar imeall ard theas ardchlár Krupinská Planina in aice leis na bailte Veľký Krtíš, Krupina agus Šahy, áit a dtugtaí Contae Hont uirthi tráth dá raibh.

    5.   Baint leis an limistéar geografach

    Tá an nasc cúisíoch bunaithe ar shaineolas na dtáirgeoirí ón gceantar geografach, agus ar cháil agus ar thraidisiúin an Hrušovský lepník.

    Is iad na lonnaíochtaí feirme atá scaipthe go tearc saintréithe an limistéir gheografaigh shainithe. Chuir nádúr scoite an cheantair agus iargúltacht na sráidbhailte agus na bhfeirmeacha iallach ar mhuintir na háite a bheith neamhthuilleamaíoch. Rinne daoine iad féin gach rud a theastaigh uathu as ábhair nádúrtha. Thóg siad oighinn chloiche ón gcloch chairéalaithe, ina ndóidís adhmad a d’aimsídís ina dtimpeallacht (crann lócaiste, feá, dair, crann sleamhain). Rinne siad uirlisí le haghaidh a gcuid riachtanas bunúsach as na hábhair a bhí ar fáil, spadail adhmaid mar shampla chun an taos a chur san oigheann, sciatháin gé nó lachan chun an luaithreach a scuabadh, uirlis ar a dtugtar “ohrablo” (an t-ainm traidisiúnta ar chineál sluaiste a úsáidtear chun smóil a bhogadh thart san oigheann) chun teocht an oighinn a sheiceáil (nuair a chaitheann an ohrablo drithlí, tá an t-oigheann ar an teocht cheart) agus chun na haibhleoga a bhogadh i leataobh, agus scuab (crotal arbhair agus é ceangailte le sreang as maide níos faide) chun an oigheann a ghlanadh.

    Is de láimh amháin a ullmhaítear an taos agus an líonadh/an barrán chun Hrušovský lepník a dhéanamh. Rolltar an taos amach i gcruth cruinn chun go mbeidh sé dlúth tanaí mín tar éis bácála, agus struchtúr fíneálta ann. Braitheann méid na pióige ar mhéid an spadail, a n-úsáidtear iomlán a dhromchla.

    Fuarthas na hamhábhair chun lepník a dhéanamh go háitiúil ar dtús, mar thoradh ar iargúltacht na sráidbhailte agus na n-áitreabh feirme. Ar na saolta seo tá an-bhéim ar an taos agus an líonadh/an barrán a bheith déanta de láimh agus ar an táirge a bheith bácáilte in oigheann cloiche.

    Bácáiltear Hrušovský lepník in oigheann cloiche ag teocht os cionn 300°C. Téitear an t-oigheann le crua-adhmad (crann lócaiste, feá, dair, crann sleamhain). Tá an teocht cheart sroichte san oigheann má ghineann an chloch spréacha nuair a rácáiltear í. Nuair atá an t-adhmad dóite, coiglítear na sméaróidí go cúl an oighinn agus glantar an luaithreach sa chuid eile den oigheann le scuab fhliuch. Bácáiltear pióga aonair Hrušovský lepník taobh le taobh agus bogtar thart le ráca iad ionas go gcócarálann siad mar is ceart ar gach taobh. Bácáiltear Hrušovský lepník gan barrán gan líonadh san oigheann ar feadh tuairim is 5 nóiméad, agus ar feadh tuairim is 7-10 nóiméad má tá barrán air nó líonadh ann.

    Ós rud é go ndéantar an taos agus an líonadh/an barrán de láimh agus go mbácáiltear in oigheann cloiche ag teocht ard iad, ní thriomaíonn an taos amach – fanann sé bog mín tais, agus dea-bholadh éadrom taois ghéir, adhmaid agus luatha as, a chumascann le chéile le linn bácála. Comhlánaítear blas sainiúil an táirge leis an líonadh/mbarrán, atá milis nó saillte.

    Forbraíodh scileanna na ndaoine ón limistéar geografach sainithe a tháirgeann “Hrušovský lepník” ar bhonn an eolais agus na taithí a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin, rud a léirítear i gcáilíocht an táirge deiridh. Ullmhú an oibreáin ardaithe, an taois, an líonta agus an bharráin agus an t-am a thógann sé an t-oigheann cloiche a théamh go dtí an teocht cheart, chomh maith le húsáid uirlisí traidisiúnta mar sciatháin gé nó lachan, ráca agus scuab, cuireann siad sin go léir leis an dea-bholadh agus leis an mblas is dual do Hrušovský lepník.

    Tá an-tóir agus an-lorg ar an táirge i ngeall ar a chuid cáilíochtaí eisceachtúla de bharr a bheith ullmhaithe de láimh agus an bealach a mbácáiltear é. Tugann eagraithe imeachtaí agus taispeántais bia cuireadh do na táirgeoirí chun ullmhúchán barántúil thaos, líonadh agus bharrán an táirge agus an caoi ina bhácáiltear é a léiriúle linn a gcuid imeachtaí. Déantar Hrušovský lepník a ullmhú agus a tháirgeadh sa limistéar geografach sainithe ina bhfuil a chuid fréamhacha.

    Léiriú ar cháil agus ar thraidisiún 300 bliain Hrušovský lepník is ea an deimhniú a bronnadh air in 2014 chun an lipéad “táirge réigiúnach HONT” a úsáid, mar tháirge réigiúnach uathúil a dhéantar le modhanna traidisiúnta, a lán díobh de láimh.

    Bíonn Hrušov ina óstach tráthrialta don fhéile tíre “Hontianska paráda” ón bhliain 1996. Is ceiliúradh í an fhéile ar mhodhanna feirmeoireachta atá dearmadta le fada, ar bhácáil aráin agus ar Hrušovský lepník https://sk.m.wikipedia.org/wiki/Hontianska_par %C3% A1da.

    Tá tagairtí do cháil an táirge le fáil ar chláir theilifíse freisin, mar shampla “Nebíčko v papuľke” (Neamh i do bhéal) agus “Slovensko v obrazoch” (Pictiúirí den tSlóvaic).

    Luadh ceardaíocht thraidisiúnta Shlóvacach in eagrán den nuachtán Živnostenské noviny ón mbliain 2015. Dúradh go bhféadfadh cuairteoirí Hrušovský lepník a bhlaiseadh le linn léiriúcháin ar na ceirdeanna sin, mar shampla ag an imeacht “Dni majstrov ÚĽUV 2015” (Laethanta na gCeardaithe ÚĽUV [Lárionad Táirgthe Ealaín na nDaoine] 2015).

    Ullmhaítear Hrušovský lepník de réir oidis stairiúla ón limistéar geografach sainithe. Bhí daoine in ann a slí beatha faoi leith a chaomhnú trí cur fúthú sna ceantair iargúlta seo. Deir an tOllamh J. Botík an méid seo a leanas san fhoilseachán HONT Tradície ľudovej kultúry [Traidisiúin chultúr na ndaoine in HONT]: “An chéad lá riamh d’fhuintí an taos gan coipeadh agus bhácáiltí in oigheann ag teocht íseal é don bhéile Oíche Nollag.” Bhíodh cur amach ar an gcineál sin aráin agus bhácáiltí go rialta é ar fud réigiún Hont go luath san fhichiú haois, go háirithe sula raibh bácáil aráin ann go forleathan.

    Tagann an t-ainm “Hrušovský lepník” ó ainm an tsráidbhaile Hrušov, a bhfuil baint stairiúil aige le bácáil pióg lepník. Is é an dara cuid den ainm, “lepník” (nó “ľepňik” roimh chaighdeánú na Slóvaicise scríofa) an téarma a úsáidtear sa chanúint áitiúil ar chineál pióige cruinne a bhácáiltear in oigheann cloiche. Tá an t-ainm seo in úsáid go leanúnach sa cheantar ón gcéad leath den ochtú haois déag. I bhfocail an Ollaimh J. Botík: “Is minic a smearadh mná tí ó theaghlaigh cheardaíochta sa sráidbhaile prátaí bruite, subh, gruth nó cáis bryndza ar phióga lepník a d’fhuintí as taos aráin. Lean siad leo ag tabhairt ‘ľepňik’ ar an gcineál sin pióige. Thug na coilínigh Shlóvacacha a d’athlonnaigh go dtí an Machaire Mór an t-arán sean-aimseartha seo leo [... ]”.

    Ba bhia searmanais é Hrušovský lepník sna chéad scór bliain den fhichiú haois. Ba é an císte ba mhó dá n-ití. Bhácáiltí in oigheann cloiche don bhéile ar Oíche Nollag é agus d’itheadh gach ball den teaghlach, chomh maith le peataí uile an teaghlaigh, píosa de. Chuirtí ar an mbord é freisin le linn an Charghais, le linn gníomhaíochtaí traidisiúnta amhail “páračky” (cleití gé a phróiseáil) agus “priadky” (snáth a shníomh), agus um Cháisc. Níos déanaí, bhácáiltí uair sa tseachtain é sula mbácáiltí an t-arán. Bhácáiltí arán i gcónaí ar an Satharn, ionas go mbeadh sé úr don Domhnach, agus choinnítí soláthar seachtaine de. Bhácáiltí gach teaghlach idir a ceithre agus a sé de bhollóig ag brath ar mhéid an teaghlaigh. Bhácáiltí Hrušovský lepník i lonnaíochtaí iargúlta feirme Hrušov, áit a ndéantar iad fós inniu.

    Is minic a chaomhnaítear traidisiúin i gceantair iargúlta nó in áitribh feirme. Ba shólaiste é Hrušovský lepník na blianta fada ó shin agus is sólaiste i gcónaí é.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

    https://www.indprop.gov.sk/swift_data/source/pdf/specifikacie_op_oz/Hrusovsky%20lepnik.pdf


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    Op